23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/14


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 21 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Bruxelles – an Bheilg) – DA v Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa) agus Páirtithe Eile agus FC agus Páirtithe Eile v Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa) agus Páirtithe Eile

(Cás C-333/19) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Státchabhair - Airteagail 107 agus 108 CFAE - Conradh déthaobhach infheistíochta - Clásal eadrána - An Rómáin - Dámhachtain eadrána lena ndeonaítear íocaíocht damáistí - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena ndearbhaítear gur státchabhair í an íocaíocht sin atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go ndéanfaí í a aisghabháil - Dámhachtain eadrána a fhorghníomhú os comhair cúirte de chuid Ballstáit seachas an Ballstát ar a ndírítear an cinneadh - Sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh - Airteagal 19 CAE - Airteagail 267 agus 344 CFAE - Neamhspleáchas dhlí an Aontais Eorpaigh)

(2023/C 24/18)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel de Bruxelles

Páirtithe

Iarratasóirí: DA agus FC, European Food SA, Starmill SRL, Multipack SRL

Cosantóirí: Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa), an Rómáin, an Coimisiún Eorpach, an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol), FC, European Food SA, Starmill SRL, Multipack SRL agus Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa), an Rómáin, an Coimisiún Eorpach, an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol)

An chuid oibríochtúil

Ní mór dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 267 agus 344 CFAE de, a léiriú amhail go gceanglaítear ar chúirt de chuid Ballstáit ar tugadh os a comhair forghníomhú na dámhachtana eadrána a bhí mar ábhar do Chinneadh (AE) 2015/1470 ón gCoimisiún an 30 Márta 2015 maidir le Státchabhair SA.38517 (2014/C) (e.g. 2014/NN) arna cur chun feidhme ag an Rómáin – Dámhachtain eadrána i gcás Micula v Romania an 11 Nollaig 2013, an dámhachtain sin a chur ar leataobh agus, dá bhrí sin, nach féidir léi in aon chás dul ar aghaidh lena forghníomhú chun a chumasú dá tairbhithe íocaíocht na ndamáistí a dhámh sí dóibh a fháil.


(1)  IO C 220, 1.7.2019.