|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/21 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Márta 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) Milis Energy SpA v Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-306/19), Go Sun Srl agus Malby Energy 4 Srl v Ministero dello Sviluppo economico, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Autorità di Regolazione per Energia, Reti e Ambiente agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-512/19), Fototre Srl v Ministero dello Sviluppo economico, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-595/19), agus Interporto di Trieste SpA (C-608/20), Soelia SpA (C-609/20) agus Cosilt – Consorzio per lo sviluppo economico locale di Tolmezzo (C-610/20 agus C-611/20) /Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA
(Cásanna uamtha C-306/19, C-512/19, C-595/19 agus C-608/20 go C-611/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Comhshaol - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 16 agus 17 - Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanach a chosaint - an Conradh um Chairt Fuinnimh - Airteagal 10 - Infheidhmeacht - Treoir 2009/28/CE - Airteagal 3(3)(a) - Úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn - Tairgeadh leictreachas ó shuiteálacha fótavoltacha gréine - Athrú ar scéim tacaíochta)
(2022/C 237/26)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
(Cás C-306/19)
Iarratasóir: Milis Energy SpA
Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA
(Cás C-512/19)
Iarratasóir: Go Sun Srl, Malby Energy 4 Srl
Cosantóirí: Ministero dello Sviluppo economico, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Autorità di Regolazione per Energia, Reti e Ambiente agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA
(Cás C-595/19)
Iarratasóir: Fototre Srl
Cosantóirí: Ministero dello Sviluppo economico, Presidenza del Consiglio dei Ministri agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA
(Cásanna C-608/20, C-609/20, C-610/20 agus C-611/20)
Iarratasóirí: Interporto di Trieste SpA (C-608/20), Soelia SpA (C-609/20) agus Cosilt – Consorzio per lo sviluppo economico locale di Tolmezzo (C-610/20 agus C-611/20)
Cosantóirí: Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA,
An chuid oibríochtúil
Faoi réir fíorúchán atá le cur i gcrích ag an gcúirt a rinne an tarchur agus na fachtóirí ábhartha á gcur san áireamh, ní mór Airteagal 3(3)(a) de Threoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/EC agus 2003/30/CE, chomh maith le hAirteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léamh i bhfianaise prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanach a chosaint, a léirmhíniú nach gcuirtear cosc lena bhforáiltear laghdú nó moilliú ar íocaíochtaí dreasachtaí do fhuinnimh a tháirgeadh ag suiteálacha fótavoltacha gréine a tugadh roimhe ag cinntí riaracháin agus deimhnithe le comhaontuithe speisialta arna thabhairt i gcrích idir oibreoirí na suiteálacha sin agus cuideachta phoiblí, áit a mbaineann an reachtaíocht sin le dreasachtaí a bhfuil foráil déanta dóibh cheana ach nach bhfuil dlite fós.