4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/2


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile

(Cás C-573/19) (1)

(Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Comhshaol - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) i limistéir agus ceirtleáin Iodálacha ar leith - Airteagal 23(1) - Iarscríbhinn XV - Tréimhse sáraithe “is giorra is féidir” - Bearta iomchuí)

(2022/C 257/02)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus E. Manhaeve, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. Palatiello agus P. Pucciariello, avvocati dello Stato)

An chuid oibríochtúil

1)

Rinne Poblacht na hIodáile, toisc nár áirithigh sí nár sáraíodh, ar bhealach córasach agus leanúnach, an teorainnluach bliantúil a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2),

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2018, a chuirtear san áireamh, sna limistéir IT0118 (ceirtleán Turin), IT0306 (ceirtleán Milano), IT0307 (ceirtleán Bergamo), IT0308 (ceirtleán Brescia), IT0711 (bardas Genova), IT0906 (ceirtleán Flórans) agus IT1215 (ceirtleán na Róimhe);

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2017, a chuirtear san áireamh, i limistéar IT0309 (limistéar A – machaire uirbithe go mór);

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2012 agus ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2018, a chuirtear san áireamh, i limistéar IT1912 (ceirtleán Catania),

ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2012 agus ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2017, a chuirtear san áireamh, i limistéar IT1914 (limistéir thionsclaíocha),

mainneachtain ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(1) i gcomhar le hIarscríbhinn XI de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip a chomhlíonadh, agus toisc nár ghlac sí, ón 11 Meitheamh 2010, bearta iomchuí chun a áirithiú go n-urramófaí an teorainnluach bliantúil a leagadh síos le haghaidh NO2 sna limistéir sin go léir agus, go háirithe, toisc nár áirithigh sí go bhforáladh leis na pleananna maidir le cáilíocht an aeir do bhearta iomchuí chun go mbeadh an tréimhse sáraithe den teorainnluach sin chomh gearr is gur féidir, go ndearna sí mainneachtain ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 23(1) den Treoir sin, arna léamh ina aonar agus i gcomhar le Cuid A d’Iarscríbhinn XV den Treoir sin.

2)

Ordaítear do Phoblacht na hIodáile na costais a íoc.


(1)  IO C 305, 09.09.2019