BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra)

an 13 Meán Fómhair 2023 ( *1 )

(An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Toirmeasc ar earraí agus seirbhísí ar leith a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú – An ceart chun éisteacht a fháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – Míchruinneas ábhartha na bhfíoras – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Dlí idirnáisiúnta poiblí)

I gCás T-65/18 RENV,

Poblacht Bholavarach Veiniséala, arna hionadú ag F. Di Gianni, P. Palchetti, C. Favilli agus A. Scalini, Dlíodóirí,

iarratasóir,

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag M. Bishop agus A. Antoniadis, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. van der Woude, Uachtarán, S. Papasavvas, D. Spielmann, A. Marcoulli, R. da Silva Passos, M. Jaeger, S. Frimodt Nielsen, H. Kanninen, S. Gervasoni, N. Półtorak, I. Reine (Rapóirtéir), T. Pynnä, E. Tichy-Fisslberger, W. Valasidis agus S. Verschuur, Breithiúna,

Cláraitheoir: I. Kurme, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

ag féachaint do bhreithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Veiniséala v an Chomhairle (Tionchar ar thríú Stát) (C-872/19 P, EU:C:2021:507),

i ndiaidh éisteacht an 3 Márta 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena caingean, atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht Bholavarach Veiniséala go gcuirfear ar neamhní, ar dtús, Airteagail 2, 3, 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO 2017 L 295, lch. 21, “an Rialachán atá faoi chonspóid”), ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1653 ón gComhairle an 6 Samhain 2018 lena gcuirtear an Rialachán atá faoi chonspóid chun feidhme (IO 2018 L 276, lch. 1), a mhéid a bhaineann sé léi, agus, ar an tríú dul síos, Cinneadh (CBES) 2018/1656 ón gComhairle an 6 Samhain 2018 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO 2018 L 276, lch. 10), a mhéid a bhaineann sé léi.

Cúlra na díospóide

2

An 13 Samhain 2017, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO 2017 L 295, lch. 60). Ar an gcéad dul síos, áirítear sa chinneadh sin, go bunúsach, toirmeasc ar airm, trealamh míleata nó aon trealamh eile a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach chomh maith le trealamh teicneolaíochta nó trealamh a bhaineann le bogearraí faireachais a onnmhairiú chuig Veiniséala nó an tír sin a bheith mar cheannscríbe le honnmhairiú den sórt sin. Ar an dara dul síos, áirítear sa chinneadh sin toirmeasc ar sheirbhísí airgeadais, teicniúla nó de chineál ar bith eile a bhaineann leis an trealamh nó na teicneolaíochtaí sin a sholáthar do Veiniséala. Ar an tríú dul síos, foráiltear léi don fhéidearthacht bearta a leagan síos maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine, eintiteas agus comhlachtaí a reo. Ar dháta a ghlactha, níor luadh ainm aon duine ná eintiteas i gCinneadh 2017/2074.

3

De réir théarmaí aithris 1, glacadh Cinneadh 2017/2074 mar gheall gur cúis mhór imní a bhí sa mheath leanúnach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine i Veiniséala don Aontas Eorpach.

4

An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle an Rialachán atá faoi chonspóid freisin, ar bhonn Airteagal 215 CFAE agus Chinneadh 2017/2074.

5

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 2 den Rialachán atá faoi chonspóid:

“1.   Beidh toirmeasc ar:

a)

chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus na teicneolaíochtaí atá ar liosta comhchoiteann míleata an [Aontais] (‘an liosta comhchoiteann míleata’) agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid earraí agus teicneolaíochtaí atá ar an liosta comhchoiteann míleata a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó d’aon chomhlacht atá i gcríoch Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad;

b)

mhaoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus na teicneolaíochtaí atá ar an liosta comhchoiteann míleata a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le seirbhísí árachais agus athárachais, le haghaidh aon díol, aon soláthar, aon aistriú nó aon onnmhairiú d’earraí den sórt sin, nó trí chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann leis an trealamh a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine, d’aon eintiteas nó d’aon chomhlacht atá i gcríoch Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le hAirteagal 3 den Rialachán atá faoi chonspóid:

“Beidh toirmeasc ar:

a)

threalamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach, a bhfuil liosta díobh in Iarscríbhinn I, bíodh an trealamh sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin é;

b)

chúnamh teicniúil agus seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann leis an trealamh dá dtagraítear i bhfomhír (a), a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad;

c)

mhaoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le seirbhísí árachais agus athárachais, a bhaineann leis an trealamh dá dtagraítear i bhfomhír (a), go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin é.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán atá faoi chonspóid, de mhaolú ar Airteagail 2 agus 3 den Rialachán sin, go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát idirbhearta ar leith a údarú, ar choinníoll go measann na húdaráis sin iad a bheith oiriúnach.

8

De réir théarmaí Airteagal 6 den Rialachán atá faoi chonspóid:

“1.   Tá toirmeasc ar an trealamh, na teicneolaíochtaí nó na bogearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad, mura bhfuil údarú roimh ré tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, a chuirtear in iúl ar na suíomhanna gréasáin a bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn III.

2.   Ní dheonóidh údaráis inniúla na mBallstát, a liostaítear ar na suíomhanna gréasáin a bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn III, aon údarú de bhun mhír 1 má mheasann siad go bhfuil an trealamh, na teicneolaíochtaí nó na bogearraí atá i gceist beartaithe chun bheith úsáidte le haghaidh brú faoi chois inmheánach ag rialtas Veiniséala, ag a chomhlachtaí, a ghnólachtaí nó a ghníomhaireachtaí poiblí nó ag aon duine nó eintiteas a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar a n-orduithe.

3.   Ní chumhdaítear in Iarscríbhinn II ach trealamh, teicneolaíochtaí agus bogearraí atá beartaithe le bheith úsáidte go bunúsach don fhaireachas nó don idircheapadh idirlín nó cumarsáide teileafóin.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear le hAirteagal 7(1) den Rialachán atá faoi chonspóid:

“Mura dtugann údarás inniúil an Bhallstáit atá i gceist údarú roimh ré, údarás a chuirtear in iúl ar na suíomhanna gréasáin a bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn III, ar bhonn Airteagal 6(2), beidh toirmeasc ar:

a)

chúnamh teicniúil nó seirbhísí bróicéireachta a bhaineann leis an trealamh, na teicneolaíochtaí agus na bogearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, nó a bhaineann le suiteáil, soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid an trealaimh agus na dteicneolaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó le soláthar, suiteáil, oibriú nó nuashonrú na mbogearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad;

b)

mhaoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis an trealamh, na teicneolaíochtaí agus na bogearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad;

c)

sheirbhísí faireachais nó seirbhísí idircheapaidh teileachumarsáide nó idirlín d’aon chineál a sholáthar chuig rialtas Veiniséala, a chomhlachtaí, a ghnólachtaí nó a ghníomhaireachtaí poiblí nó chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar a n-orduithe nó chun go mbainfidh siad leas astu, ar bhealadh díreach nó indíreach.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear, thairis sin, le hAirteagal 8 den Rialachán atá faoi chonspóid, go ndéanfar sócmhainní airgeadais a bhfuil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí ar leith “a bhfuil liostaithe in Iarscríbhinní IV agus V [den Rialachán seo]” a reo. Ar dháta glactha an Rialacháin atá faoi chonspóid, níor luadh ainm aon duine ná eintiteas sna hIarscríbhinní sin.

11

De bhun Airteagal 20 den Rialachán atá faoi chonspóid, beidh feidhm ag na bearta sriantacha:

“a)

laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear ina aerspás;

b)

ar bord aon aerárthach nó aon soitheach faoi dhlínse Bhallstáit;

c)

maidir le haon daoine ar náisiúnach de Bhallstát iad, laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais;

d)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta i gcomhréir le dlí Ballstáit;

e)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 6 Feabhra 2018, arna oiriúnú le sonrú cáis arna thaisceadh an 17 Eanáir 2019, thionscain Poblacht Bholavarach Veiniséala caingean lenar iarr sí go gcuirfeadh an Chúirt Ghinearálta ar neamhní, ar dtús, an Rialachán atá faoi chonspóid, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653 agus, ar an tríú dul síos, Cinneadh 2018/1656, a mhéid a bhain forálacha na ngníomhartha sin léi.

13

Le doiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2018, d’ardaigh an Chomhairle pléadáil do-ghlacthachta faoi Airteagal 130 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

14

Le breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2019, Veiniséala v an Chomhairle (T-65/18, an chéad bhreithiúnas, EU:T:2019:649), maidir leis an Rialachán atá faoi chonspóid, chinn an Chúirt Ghinearálta, lena caingean, gur dhírigh Poblacht Bholavarach Veiniséala ar Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán sin. Ina dhiaidh sin, dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean chuige sin ós rud é go raibh sí do-ghlactha ar an bhforas nár bhain an Rialachán atá faoi chonspóid le Poblacht Bholavarach Veiniséala go díreach agus, dá bhrí sin, nach raibh locus standi aici. Dá bhrí sin, dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean mar bheith do-ghlactha maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653. Maidir le Cinneadh 2018/1656, lena leasaítear Cinneadh 2017/2074, cinneadh an chaingean a bheith do-ghlactha ar an bhforas nár iarr Poblacht Bholavarach Veiniséala go gcuirfear an cinneadh deireanach sin ar neamhní sa doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí.

15

Le breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Veiniséala v an Chomhairle (Tionchar ar thríú Stát) (C-872/19 P, an breithiúnas achomhairc, EU:C:2021:507), i ndiaidh don Chúirt Bhreithiúnais a mheas, ar dtús, gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta go críochnaitheach ar chaingean Phoblacht Bholavarach Veiniséala maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653 agus Cinneadh 2018/1656 a chur ar neamhní, chuir sí an chéad bhreithiúnas ar neamhní a mhéid ar díbheadh an chaingean leis sa chaoi a iarradh léi Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

16

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cruthaíodh go díreach leis na bearta sriantacha atá i gceist éifeachtaí ar staid dhlíthiúil Phoblacht Bholavarach Veiniséala. Mar sin, ghlac an Chúirt Bhreithiúnais le saincheist dlí aonair an achomhairc agus chuir sí an chéad bhreithiúnas ar neamhní ar an bhforas sin [an breithiúnas achomhairc, míreanna 66 go 74].

17

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mheas an Chúirt Bhreithiúnais go raibh na gnéithe is gá aici le rialú críochnaitheach a dhéanamh ar inghlacthacht chaingean Phoblacht Bholavarach Veiniséala [an breithiúnas achomhairc, míreanna 75 agus 76].

18

Mar sin, ar dtús, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh locus standi ag Poblacht Bholavarach Veiniséala [an breithiúnas achomhairc, míreanna 75, 76, 81 go 85]. Ansin, mheas sí gur léir ó fhoclaíocht féin Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid nárbh ionann na toirmisc a leagtar síos leis na forálacha sin, gan dochar do na bearta maolaithe ná na bearta údaraithe dá bhforáiltear leo agus nach raibh i gceist i gcomhthéacs na díospóide, agus bearta cur chun feidhme, de réir bhrí an cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE [an breithiúnas achomhairc, míreanna 90 go 92].

19

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, dá bhrí sin, “gur comhlíonadh na coinníollacha dá bhforáiltear sa tríú cuid den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE”[an breithiúnas achomhairc, mír 93] agus, dá bhrí sin, go raibh an chaingean arna taisceadh ag Poblacht Bholavarach Veiniséala os comhair na Cúirte Ginearálta inghlactha a mhéid a iarradh léi Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní [an breithiúnas achomhairc, mír 94].

20

Tharchuir an Chúirt Bhreithiúnais an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta ionas go ndéanfadh sí scrúdú ar an tsubstaint, agus d’fhorchoimeád an Chúirt Bhreithiúnais na costais [an breithiúnas achomhairc, mír 95].

Na horduithe atá á lorg ag na páirtithe i ndiaidh an tarchuir

21

Iarrann Poblacht Bholavarach Veiniséala ar an gCúirt Ghinearálta:

ar dtús, an Rialachán atá faoi chonspóid, sa dara háit, Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653 agus, sa tríú háit, Cinneadh 2018/1656, a chur ar neamhní, a mhéid a bhain a bhforálacha léi;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

22

Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt Ghinearálta:

an chaingean a dhíbhe;

a ordú do Phoblacht Bholavarach Veiniséala na costais a íoc.

An dlí

23

Mar thaca lena caingean, maíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala ceithre shaincheist dlí, lena n-éilítear, leis an gcéad cheann, sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil, leis an dara ceann, sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, leis an tríú ceann, míchruinneas ábhartha na bhfíoras agus earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis an staid pholaitiúil i Veiniséala agus, leis an gceathrú ceann, forchur frithbhearta mídhleathacha agus sárú ar an dlí idirnáisiúnta.

Réamhbharúlacha

Raon na díospóide

24

Ní mór a thabhairt chun cuimhne, de bhun Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a bhfuil éifeacht aige i leith na Cúirte Ginearálta de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 53 den Reacht sin, nuair a bheidh bunús maith leis an achomharc agus a tharchuirfear an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun go dtabharfaidh sí rialú ar an díospóid, beidh sí faoi cheangal ag na pointí dlí a chinnfear le cinneadh na Cúirte Breithiúnais. Mar sin, i ndiaidh neamhniú na Cúirte Breithiúnais agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, tá sí faoi cheangal, de bhun Airteagal 215 dá Rialacha Nós Imeachta, bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais agus ní mór di rialú a thabhairt ar na saincheisteanna dlí um neamhniú uile a mhaíonn an t-iarratasóir, seachas na gnéithe den chuid oibríochtúil nár chuir an Chúirt Bhreithiúnais ar neamhní iad, chomh maith leis na breithnithe atá ina mbunús riachtanach leis na gnéithe sin, atá tar éis éifeacht res judicata a bhaint amach (breithiúnais an 18 Samhain 2020, H v an Chomhairle, T-271/10 RENV II, EU:T:2020:548, mír 38, agus an 21 Nollaig 2021, Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo v an Coimisiún, T-263/15 RENV, nár foilsíodh, EU:T:2021:927, mír 26).

25

Sa bhreithiúnas achomhairc, chuir an Chúirt Bhreithiúnais an chéad bhreithiúnas ar neamhní a mhéid ar díbheadh caingean Phoblacht Bholavarach Veiniséala leis lenar iarradh Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ós rud é go raibh sí do-ghlactha. Thairis sin, is léir ó mhíreanna 75 agus 76 den bhreithiúnas achomhairc gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go críochnaitheach ar inghlacthacht na caingne a mhéid a bhfuil sí dírithe ar na hAirteagail sin sa Rialachán sin.

26

Thairis sin, mar a chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl i mír 20 den bhreithiúnas achomhairc, tháinig an chéad bhreithiúnas chun bheith críochnaitheach maidir le hinghlacthacht na caingne i leith Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653 agus Cinneadh 2018/1656.

27

I mír 82 den fhreagra, a taisceadh i ndiaidh fhógairt an bhreithiúnais achomhairc, cuireann Poblacht Bholavarach Veiniséala a hiarratas go gcuirfear Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653 agus Cinneadh 2018/1656 ar neamhní in iúl arís, ina céad chuntar éilimh. Ós rud é, áfach, go ndearnadh rialú críochnaitheach sa chéad bhreithiúnas ar inghlacthacht an chuntair éilimh sin, a mhéid a iarrtar leis na gníomhartha arna lua thuas a chur ar neamhní, ní mór diúltú don iarratas ar na gníomhartha sin a chur ar neamhní, a dhéantar athrá air sa fhreagra, mar bheith do-ghlactha.

28

Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an cháis seo, is don Chúirt Ghinearálta atá sé rialú a thabhairt ar fhiúntas na saincheisteanna dlí uile arna maíomh ag Poblacht Bholavarach Veiniséala mar thaca lena hiarratas ar Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, agus air sin amháin.

Cineál na mbeart sriantach atá i gceist

29

Ar dtús, ní mór a chur in iúl go bhfuil tionchar cinntitheach ag raon feidhme, indibhidiúil nó ginearálta, na mbeart sriantach dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid ar chineál agus raon feidhme, ní hamháin an rialaithe nach mór don Chúirt Ghinearálta a dhéanamh, ach freisin na gceart a bhféadfadh Poblacht Bholavarach Veiniséala leas a bhaint astu. Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh an bhfuil raon feidhme ginearálta nó indibhidiúil ag na bearta sriantacha sin.

30

Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhféadfadh a bheith i rialachán lena leagtar síos bearta sriantacha, ar thaobh amháin, bearta sriantacha de raon feidhme ginearálta, a chinntear a raon feidhme trí thagairt a dhéanamh do chritéir oibiachtúla, agus, ar an taobh eile, bearta sriantacha indibhidiúla, atá dírithe ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha aitheanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2018, Bank Mellat v an ChomhairleC-430/16 P, EU:C:2018:668, míreanna 55 agus 56).

31

Sa chás seo, ní mór a chur in iúl gurb ionann na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid, i gcomhréir le hAirteagal 215(1) CFAE, agus bearta lena mbristear nó lena laghdaítear an caidreamh eacnamaíochta le tríú tír maidir le hearraí ar leith, eadhon trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach agus trealamh cumarsáide a d’fhéadfaí a mhí-úsáid, agus seirbhísí ar leith. Ní dhírítear leis na bearta sin ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanach aitheanta, ach tá feidhm acu i leith staideanna arna gcinneadh go hoibiachtúil agus i leith catagóir daoine a shamhlaítear ar bhealach ginearálta agus teibí.

32

Murab ionann agus an méid a mhaíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala, ní fhéadfaí amhras a chaitheamh ar an mbreithniú sin leis an tagairt aonair do “rialtas Veiniséala” in Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(1)(c) den Rialachán atá faoi chonspóid. Ní mór a aithint nach ndírítear ar Phoblacht Bholavarach Veiniséala leis na forálacha sin, ach, maidir le hAirteagal 6(2) den Rialachán sin, “rialtas Veiniséala, a chomhlachtaí, a ghnólachtaí nó a ghníomhaireachtaí poiblí nó [...] aon duine nó eintiteas a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar a n-orduithe” agus, maidir le hAirteagal 7(1)(c) den Rialachán céanna, “rialtas Veiniséala, a chomhlachtaí, a ghnólachtaí nó a ghníomhaireachtaí poiblí nó [...] aon duine nó eintiteas a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar a n-orduithe nó chun go mbainfidh siad leas astu, ar bhealadh díreach nó indíreach”, is é sin le rá catagóirí daoine agus eintiteas atá ginearálta agus teibí. Mar sin, níor díríodh ar Phoblacht Bholavarach Veiniséala trí í a ainmniú leis na forálacha arna lua thuas.

33

Ba ar an gcúis sin a chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i mír 92 den bhreithiúnas achomhairc, go raibh raon feidhme ginearálta ag baint leis an Rialachán atá faoi chonspóid “a mhéid a bhfuil forálacha amhail Airteagail 2, 3, 6 agus 7 de ann, lena gcuirtear toirmeasc ar chatagóirí ginearálta agus teibí de dhaoine ar a bhfuil sé dírithe idirbhearta ar leith a dhéanamh le heintitis dá dtagraítear freisin ar bhealach ginearálta agus ar bhealach teibí”.

34

Dá bhrí sin, is ionann na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid agus bearta sriantacha de raon feidhme ginearálta.

35

Is i bhfianaise na mbreithnithe sin nach mór na saincheisteanna dlí arna maíomh ag Poblacht Bholavarach Veiniséala a scrúdú.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil

36

Maíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala go raibh an ceart chun éisteacht a fháil aici roimh ghlacadh an Rialacháin atá faoi chonspóid, de bhun an dlí idirnáisiúnta ghinearálta agus bhunphrionsabail an Aontais, go háirithe Airteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe toisc go bhfuil locus standi aici [Iarratas 39; Freagra 10 agus 11]. Ós rud é go n-imríonn na bearta sriantacha atá i gceist tionchar uirthi, níl aon chúis ar a bhféadfaí bac a chur le cur i bhfeidhm an dlí sin sa chás seo [Freagra 19].

37

Go háirithe, cáineann Poblacht Bholavarach an fíoras gur ghlac an Chomhairle an Rialachán atá faoi chonspóid gan í a chur ar an eolas, ná í a éisteacht roimh ré, go háirithe i leith na sáruithe líomhainte ar Bhunreacht Veiniséala, ar na prionsabail dhaonlathacha agus ar chearta an duine [Iarratas 37 agus 38].

38

Cuireann an Chomhairle i gcoinne argóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala.

39

Ní mór a chur in iúl, i gcomhréir le cásdlí socair, ní fhéadfaí an ceart chun éisteacht a fháil i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin a bhfuil dírithe ar dhuine ar leith, ceart nach mór a urramú fiú in éagmais aon reachtaíocht a bhaineann leis an nós imeachta, a thrasuí i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 29 CAE agus an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 215 CFAE as a n-eascraíonn, amhail sa chás seo, glacadh bearta de raon feidhme ginearálta (féach breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, Rosneft agus páirtithe eile v an Chomhairle, T-715/14, nár foilsíodh, EU:T:2018:544, mír 133 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní cheanglaítear le haon fhoráil ar an gComhairle aon duine ar a bhféadfaí díriú le critéar nua de raon feidhme ginearálta a chur ar an eolas faoi ghlacadh an chritéir sin (breithiúnas an 17 Feabhra 2017, Islamic Republic of Iran Shipping Lines agus páirtithe eile v an Chomhairle, T-14/14 agus T-87/14, EU:T:2017:102, mír 98).

40

Agraíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala Airteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha. Ní mór a chur in iúl áfach, go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin i leith “beart[a] indibhidiú[la]” a glacadh i gcoinne duine, sa chaoi nach bhféadfaí í a agairt i gcomhthéacs glacadh bearta de raon feidhme ginearálta, amhail sa chás seo.

41

Anuas air sin, agraíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala breithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 25 Meán Fómhair 1997 [Tionscadal Gabčíkovo-Nagymaros (an Ungáir v an tSlóvaic), breithiúnas, Tuarascálacha CBI 1997, lch. 7, §§83 agus 84] [Freagra 13]. Baineann an breithiúnas sin, áfach, leis an gcomhthéacs ar leith d’fhrithbhearta a fhorchur, a bheidh ina ábhar do scrúdú faoin gceathrú saincheist dlí, agus leis an gcomhthéacs sin amháin.

42

Thairis sin, is ionann an Rialachán atá faoi chonspóid agus gníomh de raon feidhme ginearálta a léiríonn rogha de chuid an Aontais sa bheartas idirnáisiúnta. Tá briseadh nó laghdú an chaidrimh eacnamaíoch le tríú tír, de bhun Airteagal 215(1) CFAE, mar chuid den sainmhíniú fiú ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 24(1) CAE, a mhéid a thugtar le tuiscint le laghdú nó briseadh den sórt sin glacadh bearta a bhaineann le staid idirnáisiúnta ar leith, agus an rogha sin ag údaráis an Aontais, d’fhonn tionchar a imirt ar staid den sórt sin. Le héisteacht an tríú tír atá i gceist, áfach, roimh ghlacadh Rialacháin lena gcuirtear rogha den sórt sin maidir le beartas seachtrach chun feidhme, chuirfí de cheangal ar an gComhairle plé a reáchtáil a bhaineann le caibidlíocht idirnáisiúnta leis an tír sin, agus leis sin bhainfí an tsubstaint ón éifeacht atá á lorg le bearta eacnamaíocha a fhorchur i leith na tíre sin, eadhon brú a chur ar an tír sin d’fhonn athrú ar a hiompar a bhaint amach.

43

Thairis sin, ní fhéadfaí, ar bhonn an fhíorais go ndéanfaí difear do Phoblacht Bholavarach Veiniséala le hAirteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid, agus air sin amháin, an ceart chun éisteacht a fháil a dheonú uirthi (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 1999, Atlanta v an Comhphobal Eorpach, C-104/97 P, EU:C:1999:498, míreanna 34 agus 35, agus an 11 Meán Fómhair 2002, Alpharma v an Chomhairle, T-70/99, EU:T:2002:210, mír 388).

44

Dá bhrí sin, ag féachaint don mhéid roimhe seo, ní mór teacht ar an gconclúid, sa chás seo, nach bhféadfadh le Poblacht Bholavarach Veiniséala an ceart chun éisteacht a fháil a agairt maidir leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid.

45

Mar sin, ní mór diúltú don chéad saincheist dlí.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua

46

Sa chéad áit, maíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala nach bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag gabháil leis an Rialachán atá faoi chonspóid. Maítear go bhfuil aithrisí doiléire agus ginearálta sa Rialachán sin. Dar le Poblacht Bholavarach Veiniséala, ag féachaint don chur isteach atá i gceist leis na bearta sriantacha ina cúrsaí inmheánacha, bhí sé de cheart ag an gComhairle cúiseanna níos mine a chur ar fáil [Iarratas 53-57].

47

Sa dara háit, sa Rialachán atá faoi chonspóid, fiú arna léamh i gcomhar le Cinneadh 2017/2074, níl ann agus ní leagtar amach na gnéithe fianaise lena dtugtar údar do na bearta sriantacha. Dá bhrí sin, maítear nach mbeadh Poblacht Bholavarach Veiniséala in ann measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na mbeart sriantach agus freagra a thabhairt orthu ar bhealach oiriúnach.

48

Cuireann an Chomhairle i gcoinne argóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala.

49

Is léir ón gcásdlí socair go mbraitheann raon feidhme na hoibleagáide cúiseanna a lua ar chineál an ghnímh atá i gceist agus, maidir le gníomhartha atá beartaithe le bheith d’fheidhm ghinearálta, is féidir an oibleagáid cúiseanna a lua a bheith teoranta, sa chéad áit, don staid ina hiomláine is cúis lena nglacadh a chur in iúl agus, sa dara háit, do na cuspóirí ginearálta atá á saothrú leo (breithiúnais an 19 Samhain 1998, an Spáinn v an Chomhairle, C-284/94, EU:C:1998:548, mír 28; an 28 Márta 2017, Rosneft, C-72/15, EU:C:2017:236, mír 120, agus an 17 Meán Fómhair 2020, Rosneft agus páirtithe eile v an Chomhairle, C-732/18 P, nár foilsíodh, EU:C:2020:727, mír 68).

50

Ní mór a thabhairt chun cuimhne gur foirm shubstaintiúil atá i gceist leis an oibleagáid cúiseanna a lua le gníomh nach mór idirdhealú a dhéanamh idir é sin agus fiúntas na bhforas, a chumhdaítear faoi dhlíthiúlacht shubstainteach an ghnímh atá á chonspóid (breithiúnas an 14 Iúil 2021, Cabello Rondón v an Chomhairle, T-248/18, EU:T:2021:450, mír 45 (nár foilsíodh)).

51

Sa chás seo, maidir leis an staid ina hiomláine is cúis le glacadh na mbeart sriantach, is léir ó aithris 1 den Rialachán atá faoi chonspóid gur “[c]huir an tAontas in iúl arís agus arís gur cúis imní di an meath leanúnach ar an staid maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine i Veiniséala agus gur thug sé cuireadh do ghníomhaithe agus institiúidí polaitiúla Veiniséala uile a bheith ag obair ar bhealach cuiditheach chun teacht ar réiteach ar an ngéarchéim a bhí ag leathnú thar an tír, agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta agus do chearta an duine, do na hinstitiúidí daonlathacha agus do scaradh na gcumhachtaí”.

52

Thairis sin, is léir ó aithris 3 den Rialachán atá faoi chonspóid gur glacadh an Rialachán sin d’fhonn Cinneadh 2017/2074 a chur chun feidhme, ag leibhéal an Aontais. Anuas air sin, in aithris 2 den Rialachán sin, tugtar tuairisc ar na bearta sriantacha atá i gCinneadh 2017/2074, ar a ndéantar athrá in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid. Dá bhrí sin, is ionann na forais a agraíodh i gCinneadh 2017/2074 lenar tacaíodh le leagan síos na mbeart sin agus comhthéacs a nglactha, a bhféadfadh Poblacht Bholavarach Veiniséala a thuiscint tríd an Rialachán atá faoi chonspóid a léamh.

53

Mar sin, mar is léir ó aithris 1 de Chinneadh 2017/2074 “cúis mhór imní a bhí sa mheath leanúnach ar an daonlathas, ar an reacht smacht agus ar chearta an duine i Veiniséala” don Aontas, agus rinneadh an méid sin a fhorbairt níos mó in aithrisí 2 go 7 den Chinneadh sin.

54

Thairis sin, is léir ó aithris 8 de Chinneadh 2017/2074, “ag féachaint don riosca de thuilleadh foréigin, d’úsáid iomarcach fornirt agus de sháruithe ar chearta an duine nó dochar do na cearta sin, ní mór bearta sriantacha a leagan síos i bhfoirm trádbhac arm, agus bearta sonracha lena bhforchuirtear srianta ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach agus atá beartaithe chun aon mhí-úsáid ar threalamh cumarsáide a chosc.”

55

Dá bhrí sin, chuir an Chomhairle an staid ina hiomláine is cúis le glacadh na mbeart sriantach in iúl go dóthanach agus ní féidir le Poblacht Bholavarach Veiniséala neamhaird a dhéanamh air sin.

56

Maidir leis na cuspóirí atá le saothrú leis na bearta sriantacha, is léir ó aithris 8 de Chinneadh 2017/2074 go bhfuil na bearta sriantacha ceaptha chun an riosca de thuilleadh foréigin, d’úsáid iomarcach fornirt agus de sháruithe ar chearta an duine nó dochar do na cearta sin a chosc.

57

Thairis sin, ní mór a chur in iúl go gcinntítear an fíoras go raibh Poblacht Bholavarach Veiniséala in ann na forais lena dtugtar údar do ghlacadh na mbeart sriantach sin a thuiscint le hábhar an tríú saincheist dlí sa chaingean seo, ina raibh sí in ann na fíorais bheachta is bunús le glacadh na mbeart sin a aithint agus agóid a dhéanamh i leith a mbeachtais chomh maith leis an measúnú arna dhéanamh ag an gComhairle chuige sin. Is léir ón méid sin gur ceadaíodh leis na cúiseanna a luadh mar bhunús leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid do Phoblacht Bholavarach Veiniséala forais na mbeart sin a thuiscint agus agóid a dhéanamh ina gcoinne agus don Chúirt Ghinearálta rialú a dhéanamh ar a ndlíthiúlacht.

58

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara saincheist dlí.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear míchruinneas ábhartha na bhfíoras agus earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis an staid pholaitiúil i Veiniséala

59

Cuireann Poblacht Bholavarach Veiniséala chun suntais gur glacadh na bearta sriantacha atá i gceist mar gheall, ar dtús, ar an sárú, arna dhéanamh ag údaráis Veiniséala, ar Bhunreacht Veiniséala, ar an smacht reachta agus ar scaradh na gcumhachtaí, ar an dara dul síos, mar gheall ar dhaoine den lucht freasúra pholaitiúil i Veiniséala a bheith curtha i bpríosún agus sárú ar phrionsabail an daonlathais agus, ar an tríú dul síos, mar gheall ar sháruithe ar chearta an duine ag údaráis Veiniséala. Áirítear sna sáruithe sin úsáid iomarcach fornirt ag póilíní agus fórsaí armtha Veiniséala chomh maith leis an mbac ar an gceart chun léirsiú poiblí a dhéanamh [Iarratas 69]. Cuireann Poblacht Bholavarach i gcoinne mheasúnú na Comhairle maidir leis na gnéithe sin [Iarratas 72-81, 83-95; Freagra 23-33].

60

Go háirithe, ar thaobh amháin, cáineann Poblacht Bholavarach Veiniséala míchruinneas na bhfíoras arna n-agairt ag an gComhairle [Iarratas 68, 70, 84, 94, 95; Freagra 24, 28, 33].

61

Ar an taobh eile, cuireann sí in aghaidh mheasúnú na Comhairle ar na fíorais sin, maidir leis an staid pholaitiúil i Veiniséala [Iarratas 86-93; Freagra 24-26, 30-33].

62

Cuireann an Chomhairle i gcoinne argóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala.

63

De réir chásdlí socair, maidir leis na rialacha ginearálta lena sainítear socruithe na mbeart sriantach, tá lánrogha leathan ag an gComhairle maidir leis na gnéithe atá le cur san áireamh agus bearta den sórt sin á nglacadh, bearta atá de chineál eacnamaíoch agus airgeadais ar bhonn Airteagal 215 CFAE, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Chaibidil 2 de Theideal V de Chonradh AE, go háirithe Airteagal 29 CAE. Ós rud é nach féidir le cúirt an Aontais a measúnú féin ar an bhfianaise, ar na fíorais agus ar na cúinsí lena dtugtar údar do ghlacadh bearta amhail bearta na Comhairle a chur ina ionad, ní mór don rialú a dhéanann sí a bheith teoranta d’fhíorú a dhéanamh an urramaítear na rialacha nós imeachta agus maidir le cúiseanna a lua, cruinneas ábhartha na bhfíoras chomh maith le heaspa earráid fhollasach i measúnú na bhfíoras agus saobhadh na cumhachta. Tá feidhm ag an rialú teoranta seo, go háirithe, i leith an mheasúnaithe ar na breithnithe i leith oiriúnachta ar a bhfuil bearta den sórt sin bunaithe (féach breithiúnas an 25 Eanáir 2017, Almaz-Antey Air and Space Defence v an Chomhairle, T-255/15, nár foilsíodh, EU:T:2017:25, mír 95 agus an cásdlí dá dtagraítear; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, Rosneft agus páirtithe eile v an Chomhairle, T-715/14, nár foilsíodh, EU:T:2018:544, mír 155).

64

Is léir ón méid sin go bhfuil rialú chúirt an Aontais ar mheasúnú na bhfíoras teoranta do rialú ar earráid fhollasach mheasúnaithe. Os a choinne sin, maidir leis an rialú ar chruinneas ábhartha na bhfíoras, éilítear leis sin go ndéantar na fíorais arna líomhain agus bunús fíorasach leordhóthanach láidir a bheith ann a fhíorú sa chaoi nach mbeadh an rialú breithiúnach chuige sin teoranta do mheasúnú ar shochreidteacht theibí na bhfíoras (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 14 Iúil 2021, Cabello Rondón v an Chomhairle, T-248/18, EU:T:2021:450, mír 64 (nár foilsíodh)).

65

Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, sa chás seo, go ndéantar athrá in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid, go bunúsach, ar chur chuige polaitiúil an Aontais arna chur in iúl in Airteagail 1, 3 agus 5 de Chinneadh 2017/2074, d’fhonn an cur chuige sin a chur chun feidhme ag leibhéal an Aontais. Mar a cuireadh in iúl i míreanna 52 agus 56 thuas, d’fhonn anailís a dhéanamh ar na bearta sriantacha arna bhforchur leis an Rialachán atá faoi chonspóid, ní mór na forais ghlactha leis na bearta sin a chur san áireamh, mar a leagadh amach iad i gCinneadh 2017/2074 agus, go háirithe, i mír 8 de.

66

Mar sin, is léir ó aithrisí 1 agus 8 den Chinneadh sin, ar a ndéantar athrá i míreanna 53 agus 54 thuas, go bhfuil na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid, arna léamh i bhfianaise aithrisí Chinneadh 2017/2074, bunaithe ar an meath leanúnach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine i Veiniséala agus ar theacht chun cinn nár mhór úsáid iomarcach fornirt agus sáruithe ar chearta an duine nó dochar dóibh sin, nárbh mhór, trí na bearta sriantacha sin, cosc a chur le hatarlú an mhéid sin. Dá bhrí sin, ní mór rialú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na mbeart sin sa chomhthéacs beacht sin.

67

Sa chéad áit, maidir le cruinneas ábhartha na bhfíoras, ina ráiteas cosanta [Ráiteas cosanta 57, 71], cuireann an Chomhairle líon áirithe gnéithe fianaise a d’fhéadfadh cruinneas na bhfíoras atá mar bhunús le glacadh na mbeart sriantach dá bhforáiltear le hAirteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid a léiriú.

68

Ar dtús, maíonn an Chomhairle achainí ó Human Rights Watch, an 11 Meán Fómhair 2017, do “bhearta ón [Aontas] mar fhreagra ar sháruithe ar chearta an duine i Veiniséala”.

69

Ar an dara dul síos, tagraíonn sí do phreaseisiúint, an 31 Lúnasa 2017, ón gCoimisiún Idir-Mheiriceánach um Chearta an Duine.

70

Ar an tríú dul síos, braitheann sí ar thuarascáil ó Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) an 19 Iúil 2017.

71

Ar an gceathrú dul síos, agraíonn an Chomhairle tuarascáil ó OAS an 25 Meán Fómhair 2017.

72

Go bunúsach, léirítear leis na gnéithe fianaise sin, a thagann ó fhoinsí inchreidte, ar bhealach mionsonraithe, an cos ar bolg brúidiúil arna dhéanamh ag réimeas Phoblacht Bholavarach Veiniséala ar easaontóirí agus daoine den fhreasúra. Go háirithe, baineann gabhálacha ollmhóra daoine den fhreasúra, daoine sibhialta a thabhairt os comhair cúirteanna míleata, foréigean tromchúiseach agus roinnt dúnmharuithe arna ndéanamh ar agóideoirí, mí-úsáid ar dhaoine faoi choimeád arb ionann í agus céasadh, ionsaithe arna ndéanamh i gcoinne an Tionóil Náisiúnta, sárú ar an gceart léirsiú a dhéanamh go síochánta, ar an gceart chun vóta a chaitheamh agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, go háirithe trí iriseoirí a ionsaí agus a chur faoi choimeád leis sin. Thairis sin, d’fhógair an rialtas dáileadh arm ar mhílístí shibhialta agus spreag siad iad cur in aghaidh agóideoirí [achainí ó Human Rights Watch an 12 Meán Fómhair 2017, leathanaigh 3, 4 agus 5; tuarascáil ó OAS an 19 Iúil 2017, leathanaigh 1, 2, 5, 9-11, 15, 18, 19, 25, 26, 28, 29, 31-34; tuarascáil ó OAS an 25 Meán Fómhair 2017, leathanaigh 6, 9, 21, 22 agus 29]. Ina dhiaidh sin, is léir freisin ó ghnéithe fianaise na Comhairle gur briseadh Príomh-Ionchúisitheoir Veiniséala as a post an 5 Lúnasa 2017, agus í ag déanamh fiosrúcháin go háirithe ar na fórsaí slándála a líomhnaítear a scaoil le hagóideoirí, gur cuireadh toirmeasc uirthi Veiniséala a fhágáil agus gur reodh a cuntais bhainc. Anuas air sin, chruthaigh an Tionól Náisiúnta Bunreachta coimisiún ar mheas eagraíochtaí na sochaí sibhialta é a bheith ina shásra chun géarleanúint a dhéanamh ar easaontóirí [Preaseisiúint, an 31 Lúnasa 2017, ón gCoimisiún Idir-Mheiriceánach um Chearta an Duine; tuarascáil ó OAS an 19 Iúil 2017, leathanaigh 12]. Ar dheireadh, thagair OAS do dhearbhuithe ó Uachtarán Phoblacht Bholavarach Veiniséala an tráth sin a d’iarr, an 24 Meitheamh 2017, os comhair na bhfórsaí armtha: “Cad a tharlóidh dá ndéanfadh [Páirtí Sóisialach Aontaithe Veiniséala] glao ar réabhlóid armtha sibhialta-míleata chun ceannairí an fhreasúra a ghabháil, an Tionól Náisiúnta a lánscoir?” Thairis sin, an 27 Meitheamh 2017, le linn ócáide chun an Tionól Náisiúnta Bunreachta a chur chun cinn, dhearbhaigh Uachtarán an trátha sin: “Dá mbeadh Veiniséala ina chíor thuathail agus foréigean i réim, agus go mbeadh deireadh leis an réabhlóid Bholavarach, rachaimis chun troid [agus] ní éireoimis as go deo, an méid nár éirigh linn a bhaint amach le vótaí, éireodh linn é a bhaint amach le hairm.”[tuarascáil ó OAS an 19 Iúil 2017, leathanach 42 den tuarascáil]

73

Sa fhreagra, d’fhonn agóid a dhéanamh in aghaidh na bhfíoras arna leagan amach ag an gComhairle, cuireann Poblacht Bholavarach Veiniséala líon áirithe gnéithe fianaise chun cinn, go háirithe tuarascáil arna cur le chéile faoi Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, cinneadh arna ghlacadh ag a Comhairle um Chearta an Duine agus rúin arna nglacadh ag a Tionól ginearálta [Freagra 32; Iarscríbhinní C.4, C.6 go C.18].

74

Chuige sin, ní mór a aithint nach mbaineann nach mór gach gné fianaise le Poblacht Bholavarach Veiniséala agus nach mbaineann siad ach oiread le teagmhais sa tír sin. Baineann an t-aon ghné fianaise arna hagairt ag Poblacht Bholavarach Veiniséala maidir leis an tír sin le staid eacnamaíoch agus dhaonnúil Veiniséala in 2021 [Iarscríbhinn C.4]. Thairis sin, níor aithin Poblacht Bholavarach Veiniséala an fhaisnéis sna gnéithe fianaise sin a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chruinneas na bhfíoras arna n-agairt ag an gComhairle.

75

Thairis sin, d’fhonn a léiriú go raibh institiúidí agus údaráis bhreithiúnacha Veiniséala gníomhach go háirithe chun mí-úsáid nó cionta arna ndéanamh a ionchúiseamh, agraíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala dhá thuarascáil inmheánacha den réimeas freisin [Iarscríbhinní A.5 agus A.6] nach gcomhthacaítear leo le haon ghné eile fianaise a thagann ó fhoinsí atá seachtrach den réimeas sin agus ní mór a luach fianaiseach a mheas mar bheith lag dá bhrí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Feabhra 2021, Ilunga Luyoyo v an Chomhairle, T-124/19, nár foilsíodh,EU:T:2021:63, mír 110). Anuas air sin, le linn na héisteachta agus ina doiciméid, níor agair Poblacht Bholavarach Veiniséala aon fhoinse idirnáisiúnta a bhféadfadh chomhtacú lena téis [tras-scríbhinn na héisteachta, leathanaigh 38 agus 39]. In aon chás, ní mór a aithint, go bunúsach, go mbraitheann na tuarascálacha sin ar ghníomhartha sheirbhís ionchúisimh phoiblí Veiniséala arna ndéanamh faoi stiúradh an Phriomh-Ionchúisitheora ar bhris rialtas Veiniséala as a post í an 5 Lúnasa 2017 agus a bhí ina hábhar do bhearta de chineál sriantach, mar is léir ó mhír 72 thuas. Thairis sin, ní léirítear leis na tuarascálacha sin go mbeadh rath ar na fiosrúcháin arna ndéanamh ag leibhéal inmheánach na tíre, ná go mbainfeadh na fiosrúcháin sin le daoine freagracha atá mar chuid d’fhórsaí slándála Veiniséala.

76

Dá bhrí sin, ní mór teacht ar an gconclúid nár léirigh Poblacht Bholavarach Veiniséala go bhfuil míchruinneas ábhartha ag baint leis na fíoras ar a bhfuil glacadh na mbeart sriantach dá bhforáiltear le hAirteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid bunaithe. Tá na fíorais arna n-agairt ag an gComhairle bunaithe ar bhonn fíorasach láidir nárbh fhéidir Poblacht Bholavarach Veiniséala amhras a chaitheamh air.

77

Sa dara háit, maidir le measúnú na Comhairle ar an staid pholaitiúil i Veiniséala ar bhonn na bhfíoras is bunús le glacadh na mbeart sriantach atá i gceist, cuireann Poblacht Bholavarach Veiniséala gnéithe fianaise in iúl a chuirtear síos orthu i mír 73 thuas, lena gcuirtear síos ar staid inmheánach na tíre, dar léi. Ní thugann sí aon eolas, áfach, maidir lena n-ábharthacht nó leis an gconclúid atá le baint astu [Iarratas 32; Iarscríbhinní C.4, C.6 go C.18]. Mar sin, baineann a hargóintí agus na gnéithe fianaise sin le hagóid maidir le hoiriúnacht ghlacadh na mbeart sriantach dá bhforáiltear le hAirteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid.

78

Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 63 thuas, áfach, ní dhéanann cúirteanna an Aontais ach rialú teoranta chuige sin. Ní mór a chur chun suntais, ag féachaint d’Airteagal 29 CAE, lena gceadaítear don Chomhairle “cinntí [a ghlacadh] lena saineofar cur chuige an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil”, ar dtús, go bhfuil raon feidhme ginearálta ag an Rialachán atá faoi chonspóid lena léirítear cur chuige an Aontais ar cheist maidir le CBES agus, ar an dara dul síos, nach féidir leis an gCúirt Ghinearálta a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú na Comhairle ar an gceist sin. Go háirithe, tá lánrogha leathan ag an gComhairle, de chineál polaitiúil, maidir le cur chuige sin an Aontais a shainiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Márta 2016, National Iranian Oil Company v an Chomhairle, C-440/14 P, EU:C:2016:128, mír 77).

79

Thairis sin, ní mór diúltú d’argóintí Poblacht Bholavarach Veiniséala a bhaineann leis na forálacha náisiúnta lena ráthaítear an ceart chun léirsiú síochánta a dhéanamh nó a comhar líomhainte leis na sásraí idirnáisiúnta a oibríonn chun an córas um chearta an duine a neartú [Iarratas 87-92].

80

Níl sa cheist a thagann chun cinn, sa chás seo, a fháil amach an ráthaítear go foirmiúil leis na téacsanna atá i bhfeidhm urraim ar chearta an duine i Veiniséala. Cé nach féidir neamhaird a dhéanamh ar na téacsanna sin, mar is léir ó mhír 72 thuas, bhraith an Chomhairle ar fhaisnéis sochreidte agus iontaofa d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an staid i Veiniséala. Ag féachaint don fhaisnéis sin, bhí an Chomhairle in ann a mheas, ar an dáta a glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid, go raibh an foréigean, úsáid iomarcach fornirt agus sáruithe ar cheart an duine nó dochar don daonlathas i Veiniséala bunaithe go leordhóthanach agus go raibh rioscaí ann go n-atarlódh teagmhais den sórt sin. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh an Chomhairle teacht ar an gconclúid, gan earráidí follasacha measúnaithe a dhéanamh, go bhfuil dochar á dhéanamh don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine i Veiniséala (féach mír 66 thuas).

81

Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe ar an staid pholaitiúil sa tír sin.

82

I bhfianaise an méid roimhe seo, ní mór diúltú don tríú saincheist dlí.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear forchur frithbheart mídhleathach agus sárú ar an dlí idirnáisiúnta

83

Maíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala go bhforchuirtear frithbhearta mídhleathacha uirthi leis an Rialachán atá faoi chonspóid, agus trí sin go sáraítear dlí idirnáisiúnta an ghnáis agus comhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) [Iarratas 97-102 agus 113]. Leis an Rialachán sin, maítear gur thug an tAontas freagairt ar na sáruithe líomhainte ar phrionsabail dhaonlathacha Bhunreacht Veiniséala. Ar an gcúis sin, maítear gur chinn an tAontas na hoibleagáidí atá air de bhun chomhaontuithe EDT a chur ar fionraí [Iarratas 107 agus 108; Freagra 74-77]. Anuas air sin, maítear nach bhfuil an trádbhac arna fhorchur comhréireach [Iarratas 118] agus gurb ionann é agus cur isteach ar ghnóthaí inmheánacha Phoblacht Bholavarach Veiniséala. Thairis sin, maítear go raibh sé de cheart ag an gComhairle na bearta sriantacha arna bhforchur cheana ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Phoblacht Bholavarach Veiniséala a chur san áireamh [Iarratas 109-121; Freagra 48-73].

84

Maíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala más rud é, mar a agraíonn an Chomhairle, nach ionann na bearta sriantacha arna bhforchur uirthi agus frithbhearta, ní fhéadfadh an Chomhairle na bearta sriantacha sin a ghlacadh gan údarú roimh ré ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Maítear go mbeadh bearta aontaobhacha den sórt sin in aghaidh an dlí idirnáisiúnta, mar is léir ó rúin Thionól ginearálta Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, agus nach mbeadh sé de chumas ag an gComhairle iad a ghlacadh [Freagra 40-44, 47, 57].

85

Cuireann an Chomhairle i gcoinne argóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala.

86

Sa chás seo, sa chéad áit, maíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala sárú líomhainte ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis mar gheall ar fhrithbhearta mídhleathacha a bheith forchurtha ag an gComhairle, agus mar sin gur sáraíodh an prionsabal nach gcuirfí isteach ar a gnóthaí inmheánacha [Iarratas 120; Freagra 55-73], mar gheall ar ghlacadh na mbeart sriantach atá i gceist gan údarú roimh ré ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus mar gheall ar shárú líomhainte ar phrionsabal na comhréireachta [Iarratas 97-101, 109, 113, 122].

87

Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, mar is léir ó Airteagal 3(5) CAE, go rannchuidíonn an tAontas leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt. Dá bhrí sin, nuair a ghlacann sé gníomh, ní mór dó an dlí idirnáisiúnta ina iomláine a urramú, lena n-áirítear dlí idirnáisiúnta an ghnáis atá ina cheangal ar institiúidí an Aontais (breithiúnas an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America agus páirtithe eile, C-366/10, EU:C:2011:864, mír 101; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2008, Kadi agus Al Barakaat International Foundation v an Chomhairle agus an Coimisiún, C-402/05 P agus C-415/05 P, EU:C:2008:461, mír 291 agus an cásdlí dá dtagraítear).

88

Tá sé tábhachtach a chur in iúl gur féidir le páirtí prionsabail dhlí idirnáisiúnta an ghnáis a agairt chun críoch measúnú ag cúirt de chuid an Aontais ar bhailíocht ghnímh den Aontas a mhéid, ar dtús, a bhféadfaí amhras a chaitheamh ar inniúlacht an Aontais chun an gníomh sin a ghlacadh leis na prionsabail sin agus, ar an dara dul síos, a bhféadfaí leis an ngníomh atá i gceist tionchar a imirt ar na cearta a fhaigheann an páirtí sin ó dhlí an Aontais nó oibleagáidí a chruthú ina leith ag féachaint don dlí sin (breithiúnas an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America agus páirtithe eile, C-366/10, EU:C:2011:864, mír 107).

89

Ós rud é, áfach, nach mbaineann an leibhéal céanna beachtais le prionsabal de dhlí idirnáisiúnta an ghnáis is a bhaineann le foráil de chomhaontú idirnáisiúnta, ní mór, go riachtanach, go mbeidh an rialú breithiúnach teoranta d’fháil amach an ndearna institiúidí an Aontais, agus an gníomh atá i gceist á ghlacadh acu, earráidí follasacha measúnaithe maidir leis na coinníollacha do chur i bhfeidhm na bprionsabal sin (breithiúnas an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America agus páirtithe eile, C-366/10, EU:C:2011:864, mír 110).

90

Sa chás seo, ar dtús, maidir le forchur líomhainte frithbhearta mídhleathacha ag an gComhairle, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhforáiltear le hAirteagal 49, a bhaineann le cuspóir agus teorannacha na bhfrithbheart, de na dréacht-Airteagail maidir le dliteanas an Stáit i leith gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta, mar a glacadh in 2001 ag Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe:

“1.   Ní fhéadfaidh an Stát dá ndearnadh dochar frithbhearta a ghlacadh i leith an Stáit atá freagrach as an ngníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta ach chun a chur ina luí ar an Stát sin na hoibleagáidí atá air de bhun pháirt a dó a chomhlíonadh.

2.   Beidh na frithbhearta teoranta do neamhchomhlíonadh sealadach oibleagáidí idirnáisiúnta an Stáit a ghlacann na bearta i leith an Stáit fhreagraigh.

3.   Ní mór na frithbhearta a ghlacadh, a mhéid is féidir, ar bhealach lena gceadaítear atosú ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá i gceist.”

91

Sa chomhthéacs seo, ní mór a thabhairt chun cuimhne, mar is léir ó mhíreanna 53 agus 56 thuas, gur glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid i gcomhthéacs freagairt ar an meath leanúnach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine i Veiniséala, leis an gcuspóir cosc a chur ar an riosca go mbeadh tuilleadh foréigin, úsáid iomarcach fornirt agus sáruithe ar cheart an duine nó dochar dóibh sin ann. Ní léirítear leis an Rialachán atá faoi chonspóid ná le Cinneadh 2017/2074, a ráthaíonn an Rialachán sin a chur chun feidhme, sárú ag Poblacht Bholavarach Veiniséala ar riail den dlí idirnáisiúnta ná neamhchomhlíonadh sealadach oibleagáid idirnáisiúnta ag an Aontas i leith Phoblacht Bholavarach Veiniséala. Dá bhrí sin, mar a dhearbhaíonn an Chomhairle [Ráiteas cosanta 86], agus ceart aici, ní raibh sé mar chuspóir leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid freagairt a thabhairt ar ghníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta a d’fhéadfaí a chur i leith Phoblacht Bholavarach Veiniséala le neamhchomhlíonadh sealadach oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Anuas air sin, níor thaisc an tAontas na hionstraimí lena dtugtar fógra i leith neamhchomhlíonadh den sórt sin dá bhforáiltear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (féach, chuige sin, Tionscadal Gabčíkovo-Nagymaros (an Ungáir v an tSlóvaic), breithiúnas, Tuarascálacha CBI 1997, lch. 7, § 84). In aon chás, mar fhreagra ar cheist arna cur ag an gCúirt Ghinearálta le linn na héisteachta, dhearbhaigh Poblacht Bholavarach Veiniséala nach ndearna sí aon ghníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta agus mhaígh sí, dá bhrí sin, nárbh ionann na gníomhartha atá faoi chonspóid agus frithbhearta.

92

Is léir ón méid sin nach ionann na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid agus frithbhearta de réir bhrí Airteagal 49 de na dréacht-Airteagail maidir le dliteanas an Stáit i leith gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta. Mar thoradh air sin, ní mór diúltú leis an sárú líomhainte ar an bprionsabal nach gcuirfí isteach ar ghnóthaí inmheánacha Phoblacht Bholavarach Veiniséala.

93

Dá bhrí sin, tá argóint Phoblacht Bholavarach Veiniséala [Freagra 13 agus 40], a eascraíonn as breithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 25 Meán Fómhair 1997(Tionscadal Gabčíkovo-Nagymaros (an Ungáir v an tSlóvaic), breithiúnas, Tuarascálacha CBI 1997, lch. 7, §§ 83 agus 84), ar dá réir go bhfuil an ceart ag tríú Stát a bheith curtha ar an eolas roimh do Stát eile frithbhearta a ghlacadh gan éifeacht, a mhéid nach ionann Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid agus frithbhearta de réir bhrí rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis.

94

Dá bhrí sin, ní mór diúltú le hargóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala, lena n-éilítear sárú ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis i bhfianaise forchur frithbhearta a líomhnaítear a bheith mídhleathach.

95

Sa dara háit, maidir leis an argóint maidir leis na bearta sriantacha atá i gceist a ghlacadh gan údarú roimh ré ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ní mór a thabhairt chun cuimhne nach gceadaítear le haon ní in Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE a mheas go bhfuil an inniúlacht a bhronntar leis na forálacha sin ar an Aontas teoranta do chur chun feidhme bearta arna gcinneadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Os a choinne sin, tugtar leis na forálacha de na Conarthaí an inniúlacht don Chomhairle chun gníomhartha a ghlacadh ina bhfuil bearta sriantacha uathrialaitheacha, ar bearta iad atá ar leith ó na bearta arna moladh go sonrach ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, Rosneft agus páirtithe eile v an Chomhairle, T-715/14, nár foilsíodh, EU:T:2018:544, mír 159 agus an cásdlí dá dtagraítear).

96

Thairis sin, ní mór a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 38(1)(b) de Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, cuirtear gnáthnós idirnáisiúnta a bheith ann faoi réir an choinníll “cleachtas ginearálta a ghlactar leis mar bheith an dlí.” Níor léirigh Poblacht Bholavarach Veiniséala, áfach, gurb ann do chleachtas ginearálta den sórt sin lena gceanglaítear údarú roimh ré a fháil ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe roimh don Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh.

97

Glacadh rúin Thionól ginearálta Eagraíocht na Náisiún Aontaithe dá dtagraíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala [Iarscríbhinní C.7 agus C.21] chomh maith le rúin na Comhairle um Chearta an Duine [Iarscríbhinní C.11 go C.18, leathanaigh 169, 175, 182, 189, 194, 201, 208 agus 215 den uimhriú leanúnach] le líon suntasach vótaí diúltacha agus staonadh ó vótáil, go háirithe ag Ballstáit de chuid an Aontais. Mar sin, ní fhéadfaí na rúin ar a mbunaíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala a hargóintí a mheas mar “c[h]leachtas ginearálta a ghlactar leis mar bheith an dlí” a léiriú.

98

Dá bhrí sin, ní mór diúltú le hargóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala lena n-éilítear nach raibh an inniúlacht ag an gComhairle an Rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh gan údarú roimh ré ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe [Freagra 41].

99

Sa tríú háit, maidir leis an sárú líomhainte ar phrionsabal na comhréireachta, de réir cásdlí socair, tá an prionsabal sin mar chuid de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus éilítear leis go mbeidh na modhanna cur chun feidhme d’fhoráil de dhlí an Aontais de chineál chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist a bhaint amach agus nach rachaidh siad thar an méid is gá chun a leithéid a dhéanamh (féach breithiúnas an 3 Feabhra 2021, Ilunga Luyoyo v an Chomhairle, T-124/19, nár foilsíodh, EU:T:2021:63, mír 193 agus an cásdlí dá dtagraítear).

100

Thairis sin, ar thaobh amháin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, maidir leis an rialú breithiúnach ar urramú phrionsabal na comhréireachta, gur mheas an Chúirt Bhreithiúnais nach mór lánrogha leathan a dheonú do reachtas an Aontais i réimsí ina bhfuil roghanna le déanamh ag an reachtas sin atá de chineál polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta agus ina bhfuil air measúnuithe casta a dhéanamh. Thuig sí ón méid sin nach bhféadfaí tionchar a imirt ar dhleathacht birt den sórt sin ach le cineál mí-oiriúnach follasach birt arna ghlacadh sna réimsí sin, ag féachaint don chuspóir atá á shaothrú ag an institiúid inniúil sin (breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C-72/15, EU:C:2017:236, mír 146).

101

Chuige sin, ní mór a aithint gurb ann do chaidreamh réasúnta, ar dtús, idir na bearta sriantacha arb ionann iad agus toirmeasc ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach agus na seirbhísí a bhaineann leis an trealamh sin agus leis an trealamh míleata a dhíol, a aistriú, a sholáthar nó a onnmhairiú agus, ar an dara dul síos, an cuspóir atá á shaothrú lena ndírítear ar an riosca go mbeadh tuilleadh foréigin, úsáid iomarcach fornirt agus sáruithe ar cheart an duine nó dochar dóibh sin a chosc.

102

Ar an taobh eile, tá na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid teoranta, go bunúsach, do thoirmeasc ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach agus na seirbhísí a bhaineann leis an trealamh sin agus leis an trealamh míleata a dhíol, a aistriú a sholáthar nó a onnmhairiú chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad. Anuas air sin, foráiltear don fhéidearthacht le hAirteagail 4, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid d’údaráis inniúla na mBallstát údaruithe ar leith a dheonú de mhaolú ar na bearta sriantacha atá i gceist. Dá bhrí sin, níl na bearta sin mí-oiriúnach go follasach, agus ní théann siad thar an méid is gá chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach.

103

Dá bhrí sin, níor sáraíodh prionsabal na comhréireachta.

104

Mar thoradh air sin ní mór diúltú d’argóintí uile Phoblacht Bholavarach Veiniséala lena n-éilítear sárú ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis.

105

Sa dara háit, ar thaobh amháin, ní mhaíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala go dtagraítear go sainráite d’fhorálacha chomhaontuithe EDT leis an Rialachán atá faoi chonspóid. Chuige sin, níl aon tagairt sa Rialachán sin do na comhaontuithe sin.

106

Ar an taobh eile, níor chuir Poblacht Bholavarach Veiniséala in iúl céard iad na gníomhartha agus ag cén tráth a raibh sé beartaithe ag an Aontas, tríd an Rialachán atá faoi chonspóid, oibleagáid ar leith faoi chuimsiú EDT a chomhlíonadh.

107

Maidir le comhréireacht na srianta arna bhforchur leis an Rialachán atá faoi chonspóid leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT), ní mór a chur in iúl, de réir cásdlí socair, ag féachaint dá gcineál agus dá leagan amach, nach bhfuil comhaontuithe EDT, i bprionsabal, i measc na rialacha i bhfianaise a leithéid a dhéanann cúirteanna an Aontais rialú ar dhleathacht ghníomhartha institiúidí an Aontais. Níl sé ach i gcás go raibh sé beartaithe ag an Aontas oibleagáid ar leith a chumhdaítear faoi EDT a chomhlíonadh nó i gcás go dtagrófaí go sainráite le gníomh den Aontas d’fhorálacha sonracha chomhaontuithe EDT go bhféadfadh cúirteanna den Aontas rialú a dhéanamh ar dhleathacht an ghnímh sin ag féachaint do rialacha EDT (féach breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, PSC Prominvestbank v an Chomhairle, T-739/14, nár foilsíodh, EU:T:2018:547, mír 133 agus an cásdlí dá dtagraítear; féach freisin, chuige sin, breithiúnais an 22 Meitheamh 1989, Fediol v an Coimisiún, 70/87, EU:C:1989:254, míreanna 19 go 22, agus an 7 Bealtaine 1991, Nakajima v an Chomhairle, C-69/89, EU:C:1991:186, míreanna 29 go 32).

108

Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala lena n-éilítear sárú ar chomhaontuithe EDT ós rud é nach bhfuil bunús leo.

109

Sa tríú háit, maíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala go n-eascraíonn éifeachtaí ar a críoch, is é sin le rá, lasmuigh de chríoch an Aontais, as na bearta arna nglacadh ag an gComhairle. Mar thoradh air sin, eascraíonn feidhmiú dlínse seach-chríochach as an measúnú a rinne an Chomhairle ar an staid i Veiniséala agus í ag iarraidh a shuí go raibh ann do sháruithe ar an dlí laistigh de Phoblacht Bholavarach Veiniséala agus as éifeachtaí na mbeart arna nglacadh i ndiaidh an mheasúnaithe sin. Mar a chuir an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta in iúl arís agus arís eile, bheadh feidhmiú dlínse sheach-chríochach ar neamhréir go follasach leis an dlí idirnáisiúnta. Go háirithe, tagraíonn Poblacht Bholavarach Veiniséala do bhreithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 14 Feabhra 2002 [Barántas gabhála 11 Aibreán 2000 (Poblacht Dhaonlathach an Chongó v an Bheilg), breithiúnas, Tuarascálacha CBI 2002, lch. 3] [Freagra 47].

110

Chuige sin, ní mór a chur in iúl go gceadaítear le hAirteagal 29 CAE don Chomhairle “cinntí [a ghlacadh] lena saineofar cur chuige an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil.” Sonraítear leis an Airteagal sin go “[n-á]iritheoidh na Ballstáit go bhfuil a mbeartas náisiúnta i gcomhréir le cur chuige an Aontais.” Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 215(1) CFAE go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh “an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach”. Is léir ón méid sin gurb é cuspóir intuigthe, ach soiléir, na mbeart sin ná tionchar a imirt ar thríú Stáit ar leith, mar is léir ó mhíreanna 68 agus 69 den bhreithiúnas achomhairc. Dá bhrí sin, bronntar leis na forálacha sin an inniúlacht ar an gComhairle bearta sriantacha amhail na bearta dá bhforáiltear le hAirteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh.

111

Thairis sin, mar a agraíonn an Chomhairle [Athfhreagra 45], agus ceart aici, mar is léir ó Airteagal 20 den Rialachán atá faoi chonspóid, arna lua i mír 11 thuas, dírítear leis na bearta sriantacha atá i gceist ar dhaoine agus ar staideanna a chumhdaítear faoi dhlínse na mBallstát ratione lociratione personae.

112

Níl tagairt Phoblacht Bholavarach Veiniséala do bhreithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 14 Feabhra 2002 [Barántas gabhála an 11 Aibreán 2000 (Poblacht Dhaonlathach an Chongó v an Bheilg), breithiúnas, Tuarascálacha CBI 2002, lch. 3] ábhartha, a mhéid a bhain an cás sin le staid dhifriúil ón staid sa chás seo. Bhain an cás sin le barántas gabhála idirnáisiúnta arna eisiúint ag Ríocht na Beilge i gcoinne Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó d’fhonn é a ghabháil agus a eiseachadadh chuig Ríocht na Beilge, mar gheall ar chionta líomhainte arbh ionann iad agus “sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta.” Ní léirítear le haon ní sa chás seo, áfach, feidhmiú inniúlachtaí an Aontais ar an gcríoch nó i leith daoine a chumhdaítear go sainráite faoi dhlínse Phoblacht Bholavarach Veiniséala.

113

Mar sin féin, cumhdaítear cumhacht na Comhairle chun bearta sriantacha a ghlacadh faoi bhearta uathrialaitheacha an Aontais a ghlactar i gcomhthéacs CBES, i gcomhréir le cuspóirí agus luachanna an Aontais, mar a leagtar amach iad in Airteagal 3(5) CAE agus Airteagal 21 CAE, eadhon, go háirithe, an cuspóir atá dírithe ar an daonlathas, an smacht reachta, uilíochas agus doroinnteacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, meas ar dhínit an duine agus meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn, sa chuid eile den domhan. Tá sé mar aidhm acu, go háirithe, a áirithiú go n-urraimítear na hoibleagáidí erga omnes partes chun na prionsabail a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta ginearálta agus na hionstraimí idirnáisiúnta de chineál uilíoch nó nach mór uilíoch a urramú, go háirithe Airteagal 1 de Chairt na Náisiún Aontaithe, go n-urramaítear cearta bunúsacha, go háirithe an toirmeasc ar chéasadh, go n-urramaítear na prionsabail dhaonlathacha agus cosaint chearta an linbh [Ráiteas cosanta, fonóta 41, tuarascáil OAS an 25 Meán Fómhair 2017]. Is “leas dlíthiúil” coiteann é go gcosnófar na cearta atá i gceist (féach, chuige sin agus de réir analaí, Barcelona Traction, Light and Power Company, Limited, breithiúnas, Tuarascálacha CBI 1970, lch. 3, §§33 agus 34, agus Ceisteanna maidir leis an oibleagáid ionchúiseamh agus eiseachadadh a dhéanamh (an Bheilg v an tSeineagáil), breithiúnas, Tuarascálacha CBI 2012, lch. 422, míreanna 68 go 70).

114

Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóintí Phoblacht Bholavarach Veiniséala chuige sin.

115

Sa cheathrú háit, maidir le héilimh Phoblacht Bholavarach Veiniséala bunaithe ar oibleagáid na Comhairle na bearta sriantacha arna bhforchur ag na tríú Stáit, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá [Freagra 50 agus 54], cineál na mbeart sriantach atá i gceist, is é sin bearta sriantacha aontaobhacha atá ar neamhréir leis an dlí idirnáisiúnta [Freagra 43, 44] agus feidhmiú comhéigin lena ndéantar dochar don cheart chun forbartha agus do chearta an duine de dhaonra Phoblacht Bholavarach Veiniséala [Freagra 61] a chur san áireamh, ní mór a chur in iúl gur agraíodh iad den chéad uair sa fhreagra.

116

De réir théarmaí Airteagal 84(1) de na Rialacha Nós Imeachta, áfach, coisctear cur i láthair saincheisteanna dlí nua le linn na n-imeachtaí seachas má tá na saincheisteanna dlí sin bunaithe ar ghnéithe dlíthiúla agus fíorasacha a tháinig chun solais le linn na n-imeachtaí.

117

De réir an chásdlí, tá feidhm ag Airteagal 84(1) de na Rialacha Nós Imeachta freisin i leith éileamh nó argóintí nach ionann iad agus forbairt ar na saincheisteanna dlí nó na héilimh arna gcur in iúl san iarratas (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2021, AQ v eu-LISA, T-164/19, nár foilsíodh, EU:T:2021:456, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

118

Ní léir ó chomhad an cháis, áfach, go bhfuil na héilimh a leagtar amach i mír 115 thuas bunaithe ar ghnéithe dlíthiúla agus fíorasacha a tháinig chun solais le linn na n-imeachtaí.

119

Dá bhrí sin, tá na héilimh sin do-ghlactha de bhun Airteagal 84 de na Rialacha Nós Imeachta.

120

Mar thoradh air sin, i bhfianaise an méid roimhe, ní mór diúltú leis an gceathrú saincheist dlí agus, dá bhrí sin, don chaingean ina hiomláine.

Costais

121

De réir Airteagal 133 de na Rialacha Nós Imeachta, tabharfar breith i dtaobh costais sa bhreithiúnas clabhsúir na n-imeachtaí. De réir théarmaí Airteagal 219 den Rialachán sin, is don Chúirt Ghinearálta atá sé, agus í ag tabhairt rialú i ndiaidh don Chúirt Bhreithiúnais an breithiúnas a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuici, breith a thabhairt maidir leis na costais a bhaineann, ar dtús, leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus, ansin, leis na himeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais. Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n-éireoidh leis.

122

Sa chás seo, sa bhreithiúnas achomhairc, chuir an Chúirt Bhreithiúnais an breithiúnas tosaigh ar neamhní agus d’fhorchoimeád sí na costais. Ní mór, mar sin, breith a thabhairt, sa bhreithiúnas seo, maidir leis na costais a bhaineann leis na himeachtaí tosaigh os comhair na Cúirte Ginearálta, leis na himeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na himeachtaí seo i ndiaidh don tarchur ar ais.

123

Ós rud é gurb í an Chomhairle an páirtí caillteach sna himeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais, ní mór a ordú di a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Poblacht Bholavarach Veiniséala a bhaineann leis na himeachtaí sin.

124

Ós rud é gurb í Poblacht Bholavarach Veiniséala an páirtí caillteach maidir leis an tsubstaint sna himeachtaí a tarchuireadh ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn na n-argóintí a rinne sí i gcomhthéacs na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta roimh an achomharc, ní mór a ordú di costais an dá chaingean sin a íoc.

 

Ar na forais sin,

dearbhaíonn agus rialaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra)

mar seo a leanas:

 

1.

Diúltaítear don chaingean.

 

2.

Íocfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Poblacht Bholavarach Veiniséala a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gCás C-872/19 P.

 

3.

Íocfaidh Poblacht Bholavarach Veiniséala na costais a bhaineann leis na himeachtaí arna dtarchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, i gCás T-65/18 RENV, chomh maith leis na costais a bhaineann leis na himeachtaí tosaigh os comhair na Cúirte Ginearálta, i gCás T-65/18.

 

van der Woude

Papasavvas

Spielmann

Marcoulli

da Silva Passos

Jaeger

Frimodt Nielsen

Kanninen

Gervasoni

Półtorak

Reine

Pynnä

Tichy-Fisslberger

Valasidis

Verschuur

Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 13 Meán Fómhair 2023

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.