19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 216/38


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Aibreán 2023 – CV v an Coimisiún

(Cás T-20/18) (1)

(Státseirbhís - Oifigigh - Slándáil shóisialta - Airteagal 73 de na Rialacháin Foirne - Comhrialacha maidir le hárachas in aghaidh riosca tionóisce agus galair cheirde - Galar ceirde - Coiste leighis - Airteagal 22 - Diúltú aitheantas a thabhairt do thionscnamh ceirde galair - Rialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2023/C 216/48)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: CV (ionadaithe: F. Moyse agus L. Heisten, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. S. Bohr agus L. Vernier, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinneadh ón gCoimisiúin Eorpach an 20 Márta 2017 lena ndiúltaítear dá iarratas ar aitheantas a thabhairt do thionscnamh ceirde a ghalair agus cinneadh ón gCoimisiún an 15 Márta 2017 lena bhforchuirtear air costais agus táillí áirithe de chuid chomhaltaí an Choiste Leighis a rialaigh an iarraidh sin ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do CV na costais a íoc.


(1)  IO C 112, 26.3.2018.