|
14.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 119/13 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Eanáir 2022 – Mylan IRE Healthcare v an Coimisiún
(Cás T-303/16) (1)
(“Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Táirgí íocshláinte dílleachtacha - Údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte Tobramycin VVB agus ainmneacha gaolmhara - Maolú ar eisiachas tráchtála Tobi Podhaler, ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach tobramycin - Airteagal 8(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 - Coincheap ‘leas suntasach’ - Coincheap ‘airde cliniciúil’ - Airteagal 3(2) agus (3)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 847/2000 - Dícheall cuí - Earráid fhollasach measúnaithe”)
(2022/C 119/40)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Mylan IRE Healthcare Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: I. Vernimme, M. Campolini agus D. Gillet, dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Mifsud-Bonnici agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: UAB VVB (Kaunas, an Liotuáin) (ionadaithe: E. Rivas Alba, V. Horcajuelo Rivera agus M. Martens, dlíodóirí)
Maidir le:
Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 TFUE lena n-iarratar go ndéanfaí Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 2083 final ón gCoimisiún, an 4 Aibreán 2016, maidir, faoi chuimsiú Airteagal 29 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leis na húdaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte “Tobramycin VVB agus ainmneacha gaolmhara” lena n-úsáid ag an duine ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach “tobramycine”.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
2) |
Ordaítear do Mylan IRE Healthcare Ltd a chostais féin a íoc, chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpach agus UAB VVB, lena n-áirítear costais a bhaineann leis an nós imeachta um páirtí a ionadú. |