Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) an 27 Meán Fómhair 2023 – Telefónica agus Iberdrola v an Coimisiún

(Cásanna T-256/15 agus T-260/15) ( 1 )

(Státchabhair – Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an Spáinn – Asbhaintí cánach chorparáide lena gceadaítear do chuideachtaí a bhfuil cónaí chun críoch cánach orthu sa Spáinn chun cáilmheas a amhúcadh a eascraíonn as éadálacha scaireanna indíreacha i ngnóthais eachtracha trí éadálacha scaireanna díreacha a fháil i sealúchais eachtracha – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim cabhrach neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear aisghabháil na cabhrach a deonaíodh – Cinneadh 2011/5/CE – Cinneadh 2011/282/UE – Raon feidhme – Gníomh a tharraingt siar – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchas dlisteanach)

1. 

Cabhair arna deonú ag na Stáit – Cinneadh ón gCoimisiún lena suitear go bhfuil cabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear í a aisghabháil – Scéim cabhrach arb é atá inti amúchadh cánach maidir le cáilmheas airgeadais le haghaidh éadálacha scaireanna i ngnóthais eachtracha – Raon feidhme an chinnidh ón gCoimisiún – Cleachtas riaracháin náisiúnta lena gcuirtear teorainn leis an scéim amúchta cánach le haghaidh éadálacha scaireanna díreacha – Cinneadh ón gCoimisiún lena gcumhdaítear éadálacha scaireanna díreacha agus indíreacha araon – Cleachtas riaracháin nua arna ghlacadh ag na húdaráis náisiúnta – Neamhábhartha

(Airteagal 107(1) CFAE)

(féach míreanna 48-74)

2. 

Cabhair arna deonú ag na Stáit – Cinneadh ón gCoimisiún lena suitear go bhfuil cabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear í a aisghabháil – Scéim cabhrach arb é atá inti amúchadh cánach maidir le cáilmheas airgeadais le haghaidh éadálacha scaireanna i ngnóthais eachtracha – Cinneadh ón gCoimisiún lena gcumhdaítear éadálacha scaireanna díreacha agus indíreacha araon – Cinneadh lena suitear gurb ann d’ionchas dlisteanach na dtairbhithe i ndáil le héadálacha áirithe scaireanna díreacha agus indíreacha – Glacadh cinnidh nua maidir le héadálacha scaireanna indíreacha amháin – Cinneadh nua lena suitear nach bhfuil aon ionchas dlisteanach ann – Inghlacthacht i gcás tarchur faisnéise míchruinne agus cinntithí ag na húdaráis náisiúnta – Coinníoll nár comhlíonadh

(Airteagal 107(1) CFAE; Rialachán Uimh. 659/1999 ón gComhairle, Airteagal 9 agus Airteagal 13(3))

(féach míreanna 76-82)

3. 

Cabhair arna deonú ag na Stáit – Cinneadh ón gCoimisiún lena suitear go bhfuil cabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear í a aisghabháil – Scéim cabhrach arb é atá inti amúchadh cánach maidir le cáilmheas airgeadais le haghaidh éadálacha scaireanna i ngnóthais eachtracha – Cinneadh ón gCoimisiún lena gcumhdaítear éadálacha scaireanna díreacha agus indíreacha araon – Cinneadh lena suitear gurb ann d’ionchas dlisteanach na dtairbhithe i ndáil le héadálacha áirithe scaireanna díreacha agus indíreacha – Glacadh cinnidh nua maidir le héadálacha scaireanna indíreacha amháin – Cinneadh nua lena suitear nach bhfuil aon ionchas dlisteanach ann – Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Sárú ar an bprionsabal maidir le hionchas dlisteanach a chosaint

(Airteagal 107(1) CFAE)

(féach míreanna 83-89)

4. 

Cabhair arna deonú ag na Stáit – Cabhair neamhdhleathach a aisghabháil – Cabhair arna deonú de shárú ar rialacha nós imeachta Airteagal 108 CFAE – Ionchas dlisteanach a d’fhéadfadh a bheith ag na tairbhithe – Éagmais ach amháin in imthosca eisceachtúla – Ionchas dlisteanach a eascraíonn as dearbhuithe sonracha, neamhchoinníollacha agus comhsheasmhacha a chuireann an Coimisiún ar fáil – Cleachtas riaracháin náisiúnta lena gcuirtear an scéim cabhrach i bhfeidhm contrártha le dearbhuithe an Choimisiúin – Feasacht na dtairbhithe ar an gcleachtas sin – Easpa tionchair

(Airteagal 107(1) agus agus Airteagal 108(3) CFAE)

(féach míreanna 94-118)

An chuid oibríochtúil

1) 

Déantar Cásanna T-256/15 agus T-260/15 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

2) 

Cuirtear Cinneadh (AE) 2015/314 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 maidir le Státchabhair SA.35550 (13/C) (ex 13/NN) (ex 12/CP) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Scéim maidir le hamúchadh cánach ar cháilmheas airgeadais le haghaidh éadáil scaireanna eachtracha ar neamhní.

3) 

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha i gCás T-260/15 R.


( 1 ) IO C 245, 27.7.2015.