AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.5.2026
COM(2026) 1002 final
2026/0120(BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin maidir leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine 2025, don Chipir tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025 agus don Spáinn tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Comhthéacs an togra
Cumhdaítear leis an gcinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (dá ngairtear ‘an Rialachán CDAE’ anseo feasta) le haghaidh EUR 144 099 756 chun cúnamh a thabhairt don Rómáin tar éis na dtuillte ag deireadh mhí na Bealtaine 2025, don Chipir tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025 agus don Spáinn tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025.
Tá ag gabháil leis an slógadh sin DEC Uimh. 8/2026 lena moltar an méid riachtanach a aistriú ó líne chúltaca an Chúlchiste Eorpaigh Dlúthpháirtíochta (dá ngairtear ‘CED’ anseo feasta) chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí araon.
2.Faisnéis agus coinníollacha
2.1An Rómáin – tubaiste nádúrtha réigiúnach: tuilte a thosaigh an 27 Bealtaine 2025
(1)An 14 Lúnasa 2025, chuir an Rómáin iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte a thosaigh an 27 Bealtaine 2025. An 26 Meán Fómhair 2025 agus an 24 Márta 2026, chuir an Rómáin soiléirithe breise isteach maidir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a soláthraíodh in iarratas CDAE.
(2)Rinne an Rómáin iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 27 Bealtaine 2025. Tá an fhaisnéis uile atá ag teastáil faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Chuir údaráis na Rómáine an t‑iarratas isteach faoin gcritéar ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin. Is é EUR 573,59 milliún meastachán údaráis na Rómáine ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. De réir an tríú fomhír d’Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, i gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm maidir le meán‑olltáirgeacht intíre na réigiún sin, ualaithe de réir sciar an damáiste iomláin i ngach réigiún. Is é 1,8 % an damáiste díreach arna shloinneadh mar chéatadán de OTI réigiúnach ualaithe iomlán réigiúin Centru, Sud Muntenia agus Nord Est. Is mó an méid sin ná 1,5 % de OTI réigiúnach ualaithe iomlán réigiúin Centru, Sud Muntenia agus Nord Est.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)Níor iarr an Rómáin go n‑íocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.
(7)Idir an 26 Bealtaine agus tús mhí an Mheithimh 2025, bhí roinnt laethanta báistí troime sa Rómáin, rud a d’fhág go raibh tuilte ann i réigiúin Centru, Sud Muntenia agus Nord Est. Taifeadadh an damáiste ba mhó ag Mianach Salainn Praid, áit ar tuaslagadh uisce tuile ó abhainn Corund cuid de ghrinneall na habhann an 27 Bealtaine, rud a rinne damáiste mór do bhonneagar hidriteicniúla an limistéir agus a chuaigh isteach sa mhianach salainn. Fágadh fuarlach sa mhianach salainn ina iomláine, rud a chuir cobhsaíocht na gcolún tacaíochta salainn i mbaol agus a chuir sláine struchtúrach an mhianaigh i mbaol. I gcodanna eile de na réigiúin thuasluaite, rinne clocha sneachta agus gaotha láidre damáiste forleathan don bhonneagar. Chuir na stoirmeacha isteach freisin ar fheidhmiú na seirbhísí poiblí agus d’fhág siad na mílte teaghlach gan leictreachas.
(8)D’iarr údaráis na Rómáine cúnamh ó fhoireann saineolaithe a bhain le saincheisteanna struchtúracha Mhianach Salainn Praid trí Shásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta. Imscaradh foireann d’ochtar saineolaithe ón nGearmáin, ón Ungáir, ón Ísiltír, ón Spáinn, chomh maith le hOifigeach Idirchaidrimh ó Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Aontais ar feadh seachtaine chun cabhrú le hanailís a dhéanamh ar staid Mhianach Salainn Praid. Cuireadh príomhthorthaí na saineolaithe faoi bhráid údaráis na Rómáine an 10 Meitheamh.
(9)Ba é EUR 449,71 milliún meastachán na Rómáine ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de chostais na n‑oibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 227,09 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le bonneagar coisctheach agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha a dhaingniú, ar fiú EUR 177,64 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le glanadh an limistéir ar bhuail an tubaiste é agus is fiú EUR 26,04 milliún é sin. Baineann an ceathrú sciar is mó den chostas le costas seirbhísí tarrthála agus soláthar cóiríochta sealadaí agus is fiú EUR 18,94 milliún é sin.
(10)Thrasuigh an Rómáin Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Tuilte) go príomha tríd an Straitéis Náisiúnta um Bainistiú Riosca Tuilte sa Mheántéarma agus san Fhadtéarma (2010-2035) arna glacadh trí Chinneadh Rialtais 846 an 11 Lúnasa 2010.
(11)Ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas, ní raibh an Rómáin faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.
2.2An Chipir – mórthubaiste nádúrtha: falscaithe i mí Iúil 2025
(1)An 14 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Chipir iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025.
(2)Rinne an Chipir iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 23 Iúil 2025. Tá an fhaisnéis uile atá ag teastáil faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Is é EUR 253,69 milliún meastachán údaráis na Cipire ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a cruthaíodh de dhroim an tubaiste. Ghlac an Coimisiún le EUR 252,68 milliún mar dhamáiste díreach iomlán sochreidte. Is mó an méid sin ná an tairseach ‘mórthubaiste nádúrtha’ le haghaidh na Cipire arb é atá ann 0,6 % dá hOllioncam Náisiúnta (OIN), arbh fhiú EUR 170,05 milliún in 2025. Dá bhrí sin, cáilítear an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)D’iarr an Chipir go n‑íocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE. Ar bhonn an réamh-mheasúnaithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha le go n‑íocfaí airleacan ó CDAE. Dá bhrí sin, dámhadh airleacan EUR 2 317 465 le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2025) 8276 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2025. Íocadh an t‑airleacan leis an gCipir an 29 Nollaig 2025.
(7)Le linn shamhradh 2025, bhí triomach fada, tonnta teasa foircneacha agus gaotha láidre sa Chipir, rud a chruthaigh na dálaí le haghaidh dhá fhalscaí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo i réigiúin Limassol agus Pafos i mí Iúil. B’éigean do na mílte cónaitheoirí aslonnú mar gheall ar fhalscaithe Limassol. Bhí ar roinnt scoileanna agus bunaíochtaí sláinte a gcuid seirbhísí a laghdú agus scriosadh beagnach 900 réadmhaoin phríobháideach. Idir an dá linn, bhí falscaí Pafos ina chúis le caillteanais thromchúiseacha eacnamaíocha in earnáil na talmhaíochta, sa chomhshaol agus chuir sé cobhsaíocht shocheacnamaíoch na bpobal tuaithe i mbaol. Maraíodh beirt de dheasca na bhfalscaithe freisin.
(8)D’iarr údaráis na Cipire cúnamh i leith fhalscaithe Limassol trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Chuir roinnt Ballstát in iúl go raibh siad réidh chun tacaíocht a thairiscint. An 24 Iúil 2025, ghlac an Chipir le tairiscint na Gréige lenar cuireadh modúl Comhraic Dóiteáin Foraoise amháin ar fáil go pras.
(9)Ba é EUR 84,25 milliún meastachán na Cipire ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó den chostas le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce, an fhuíolluisce, na teileachumarsáide agus an iompair, ar fiú EUR 66,9 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, ar fiú EUR 8,77 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le glanadh an limistéir ar bhuail an tubaiste é agus is fiú EUR 5,88 milliún é sin. Baineann an ceathrú sciar is mó den chostas le bonneagar coisctheach agus bearta um chosaint maidir le hoidhreacht chultúrtha a dhaingniú, ar fiú EUR 2,7 milliún é sin.
(10)Ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas, ní raibh an Chipir faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.
2.3 An Spáinn – mórthubaiste nádúrtha: falscaithe i mí Lúnasa 2025
(1)An 30 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Spáinn iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025.
(2)Rinne an Spáinn iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 8 Lúnasa 2025. Tá an fhaisnéis uile atá ag teastáil faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Is é EUR 4 318,27 milliún meastachán údaráis na Spáinne ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh de dheasca na tubaiste. Is mó an méid sin ná an tairseach ‘mórthubaiste nádúrtha’ don Spáinn, arbh é a bhí ann EUR 3 958,44 milliún in 2025 (EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011). Dá bhrí sin, cáilítear an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)D’iarr an Spáinn go n‑íocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE. Ar bhonn an réamh-mheasúnaithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha le go n‑íocfaí airleacan ó CDAE. Dá bhrí sin, bronnfar airleacan EUR 30 137 714 leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún atá á ghlacadh faoi láthair.
(7)Le linn shamhradh 2025, bhí triomach fada, tonnta teasa foircneacha agus trí thonn falscaithe tromchúiseacha sa Spáinn. Taifeadadh 243 dhóiteán foraoise ar a laghad i 16 Phobal Fhéinrialaitheacha. Rinne na dóiteáin damáiste suntasach don chomhshaol, don tsochaí agus don gheilleagar, rud a scrios slí bheatha go leor saoránach, go háirithe i gceantair thuaithe. B’éigean go leor daoine a aslonnú óna dtithe. Maraíodh ochtar de dheasca na bhfalscaithe freisin. Baineann an t‑iarratas seo le damáistí an tríú tonn dóiteán, arb é an tonn is díobhálaí é, a thosaigh an 8 Lúnasa.
(8)D’iarr údaráis na Spáinne cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Thug naoi mBallstát tacaíocht i bhfoirm eitleáin comhraicthe dóiteáin, héileacaptair, comhraiceoirí dóiteáin, feithiclí, uirlisí agus innealra trom do roinnt réigiún sa Spáinn.
(9)Ba é EUR 121,1 milliún meastachán na Spáinne ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó den chostas leis an limistéar ar bhuail an tubaiste é, ar fiú EUR 52,61 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an uisce, an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an oideachais agus an iompair, lena n‑áirítear an oidhreacht chultúrtha, ar fiú EUR 29,44 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, ar fiú EUR 39,05 milliún é sin.
(10)Ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas, ní raibh an Spáinn faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.
2.4Conclúid
I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach thuas agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tíolacadh, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na tubaistí dá dtagraítear sna hiarratais a thíolaic an Rómáin, an Chipir agus an Spáinn na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CDAE chun CDAE a shlógadh.
3.Maoiniú
Bunaíodh CDAE ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta, agus dá réir sin, cuireann an Coimisiún cur chuige forásach i bhfeidhm maidir lena leithdháileadh cabhrach. Dá bhrí sin, ba cheart déine cabhrach is airde ná an sciar den damáiste atá faoi bhun na tairsí a bheith ann mar thoradh ar an sciar den damáiste ar mó é ná tairseach ‘na mórthubaiste nádúrtha’ chun CDAE a shlógadh (i.e. 0,6 % de OIN nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu is lú, cf. Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE). Ciallaíonn sé sin go ríomhtar méid na cabhrach do thír atá buailte ag tubaiste a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh ‘mórthubaiste nádúrtha’ trí dhá mhéid a shuimiú: 2,5 % den damáiste díreach iomlán faoin tairseach agus 6 % don chuid den damáiste díreach iomlán os cionn na tairsí. Is é 2,5 % den damáiste díreach iomlán an ráta a chuirtear i bhfeidhm chun na méideanna cabhrach a shainiú le haghaidh ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’, ráta atá faoi bhun na tairsí náisiúnta i gcónaí.
Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle léi. Ní fhéadfaidh ranníocaíocht CDAE a bheith níos mó ná costas iomlán measta na n‑oibríochtaí incháilithe.
Agus an mhodheolaíocht a leagtar amach thuas á cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún, rinne sé meastóireacht ar chabhair CDAE mar fhreagairt ar na trí iarratas, a chuir an Rómáin, an Chipir agus an Spáinn isteach, maidir leis na tuilte agus na falscaithe a tharla in 2025.
Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don údarás buiséadach na méideanna seo a leanas a shlógadh:
|
Tubaiste
|
Damáiste díreach iomlán
|
Tairseach arna cur i bhfeidhm
|
2,5 % den damáiste díreach iomlán [suas leis an tairseach i gcás mórthubaistí]
|
6 % den damáiste díreach iomlán [os cionn na tairsí i gcás mórthubaistí]
|
Cabhair CDAE atá beartaithe
|
Réamhíocaíochtaí
|
An t‑iarmhéid atá le híoc
|
|
|
(EUR)
|
(EUR)
|
(EUR)
|
(EUR)
|
(EUR)
|
(EUR)
|
(EUR)
|
|
An Rómáin – tuilte
|
573 587 000
|
477 819 000
|
14 339 675
|
N/B
|
14 339 675
|
níor iarradh
|
14 339 675
|
|
tubaiste réigiúnach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An Chipir – falscaí
|
252 680 561
|
170 046 000
|
4 251 150
|
4 958 074
|
9 209 223
|
2 317 465
|
6 891 758
|
|
mórthubaiste
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An Spáinn – falscaí
|
4 318 268 632
|
3 958 436 000
|
98 960 900
|
21 589 958
|
120 550 858
|
30 137 714
|
90 413 144
|
|
mórthubaiste
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
144 099 756
|
32 455 179
|
111 644 577
|
Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (‘Rialachán CAI’ anseo feasta), déantar foráil maidir le CDAE a shlógadh i gcomhthéacs an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála. Le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle (dá ngairtear ‘Rialachán CAI leasaithe’ anseo feasta), roinneadh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála ina dhá ionstraim ar leith: an Cúlchiste Eorpach Dhlúthpháirtíochta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála.
Úsáidfear an Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta ag a bhfuil méid bliantúil EUR 1 016 mhilliún i bpraghsanna 2018 (a chomhfhreagraíonn do EUR 1 190,4 milliún i bpraghsanna 2026) le haghaidh cúnamh chun freagairt do chásanna éigeandála a chumhdaítear le CDAE. Le pointe 10 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh shlógadh CDAE i gcomhthéacs An Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála.
Chun ídiú luath an leithdháilte bhliantúil a sheachaint, sonraítear in Airteagal 3(7) de Rialachán CDAE agus in Airteagal 9(2), an dara fomhír, de Rialachán CAI leasaithe nach mór 25 % de leithdháileadh bliantúil CDAE a bheith ar fáil fós an 1 Deireadh Fómhair gach bliain (cúlchiste deireadh bliana). In 2026, comhfhreagraíonn an méid sin do EUR 297,6 milliún.
Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4a(4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 milliún isteach i mBuiséad Ginearálta 2026 (i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) cheana chun airleacain a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a íoc. D’iarr an Chipir agus an Spáinn araon réamhíocaíochtaí EUR 2,32 milliún agus EUR 30,14 milliún, faoi seach, agus deonaíodh dóibh iad.
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán CAI leasaithe, féadfar aon chuid den mhéid bliantúil, nár úsáideadh i mbliain ar leith ‘n’, a úsáid suas go dtí bliain ‘n+1’. Tugadh EUR 21,3 milliún anonn ó 2025 go 2026, agus tá EUR 20,85 milliún de sin ar fáil chun airleacain a d’fhéadfadh a bheith ann a íoc.
Mar fhocal scoir, is é EUR 843,25 milliún an méid iomlán atá ar fáil ar an líne chúlchiste roimh an 1 Deireadh Fómhair (gan airleacain agus cúlchiste deireadh bliana a áireamh), ar leor é chun an méid atá beartaithe lena shlógadh a chumhdach.
|
Acmhainní CDAE atá ar fáil in 2026 (EUR)
|
|
Leithdháileadh bliantúil iomlán in 2026
|
1 190 405 931
|
|
An méid a tugadh anonn ó 2025 lena n‑áirítear airleacain nár úsáideadh (+)
|
21 304 355
|
|
Cúlchiste dheireadh na bliana, ar fáil tar éis an 1 Deireadh Fómhair (-)
|
297 601 483
|
|
An méid iomlán atá ar fáil faoi láthair roimh an 1 Deireadh Fómhair, lena n‑áirítear:
|
914 108 803
|
|
oAn méid atá le húsáid le haghaidh airleacain a d’fhéadfadh a bheith ann
|
70 854 849
|
|
oAn méid atá ar fáil le haghaidh an chinnidh reatha maidir le slógadh
|
843 253 954
|
|
An méid atá beartaithe lena shlógadh, gan ach an t‑iarmhéid le híoc
|
111 644 577
|
|
|
|
|
An méid atá fágtha le haghaidh iarratais amach anseo lena n‑áirítear airleacain agus cúlchiste deireadh bliana
|
1 100 065 709
|
2026/0120 (BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin maidir leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine 2025, don Chipir tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025 agus don Spáinn tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) é a chur ar a chumas don Aontas freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a bhuailtear le tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha nó ag mór-éigeandáil sláinte poiblí.
(2)Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a bheith sa Chiste.
(3)An 14 Lúnasa 2025, chuir an Rómáin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte ag deireadh mhí na Bealtaine agus ag tús mhí an Mheithimh 2025.
(4)An 14 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Chipir iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025.
(5)An 30 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Spáinn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025.
(6)Comhlíonann na hiarratais sin na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(7)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Rómáin, don Chipir agus don Spáinn.
(8)Chun a áirithiú gur féidir cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil chomh tapa agus is féidir do na Ballstáit lena mbaineann agus chun aon mhoill ar shlógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a sheachaint, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
(a)soláthrófar EUR 14 339 675 don Rómáin i ndáil leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine agus ag tús mhí an Mheithimh 2025;
(b)soláthrófar EUR 9 209 223 don Chipir i ndáil leis na falscaithe i mí Iúil 2025;
(c)soláthrófar EUR 120 550 858 don Spáinn i ndáil leis na falscaithe i mí Lúnasa 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán