AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.7.2026
COM(2026) 339 final
2026/0181(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/788 a mhéid a bhaineann le cumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Deirtear in aithris 35 de Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ‘chun an Rialachán seo a chur in oiriúint do riachtanais amach anseo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú’. Dá réir sin, le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/788, tugtar de chumhacht don Choimisiún ‘gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha an Rialacháin seo a mbaineann na hIarscríbhinní sin leo.’
Le hAirteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2019/788, tugadh an chumhacht sin don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana, tréimhse a chuaigh in éag an 6 Meitheamh 2024. Leis an dréacht‑togra leasaítear Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2019/788 chun foráil a dhéanamh maidir le cumhacht a thabhairt ar feadh tréimhse ama neamhchinntithe.
Tá an gá leis an gcumhachtú ábhartha go háirithe maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788, lena suitear íoslíon na sínitheoirí in aghaidh an Bhallstáit. In Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/788, mar cheann de na coinníollacha chun go mbeadh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh bailí, deirtear an méid seo a leanas: ‘gurb ionann an líon sínitheoirí, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, agus an líon íosta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus go bhfreagraíonn an líon sin don líon Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi líon iomlán Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, tráth cláraithe an tionscnaimh.’
I gcomhréir le cinntí ón gComhairle Eorpach atá bunaithe ar Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). tá athrú tagtha ar chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa i ngach téarma parlaiminteach ó glacadh an chéad Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh in 2011. Gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/788 agus, roimhe sin, le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 211/2011, úsáideadh iad chun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 agus Rialachán (AE) 211/2011 faoi seach a leasú roimh gach téarma parlaiminteach nua.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Neamhbhainteach.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Neamhbhainteach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le forálacha a ghlacadh le haghaidh na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha a cheanglaítear le haghaidh tionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 11 CAE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann ábhar an Rialacháin seo faoi inniúlacht eisiach an Aontais de réir Airteagal 24 CFAE ós rud é gurb é an tAontas amháin atá in ann na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a ghlacadh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a luaitear thuas a ghnóthú.
Leis an togra seo, déantar foráil maidir le leasú teoranta spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2019/788.
•An rogha ionstraime
Rialachán lena leasaítear rialachán.
Le hAirteagal 24 CFAE tugtar bunús dlí sonrach don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus do ghlacadh na bhforálacha, trí bhíthin rialachán, le haghaidh na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha a cheanglaítear le haghaidh tionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 11 CAE. Ní féidir na rialacha agus na coinníollacha is gá a chur ar fáil chun ionstraim a bhfuil gné Eorpach ag baint léi, cosúil leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ach amháin le rialachán a bhfuil feidhm dhíreach aige.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach.
•Measúnú tionchair
Níl measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo. Ní athraítear Rialachán (AE) 2019/788 ó thaobh substainte de leis an togra seo agus ní fhorchuirtear oibleagáidí nua ar na páirtithe lena mbaineann. Is leasú teicniúil spriocdhírithe é arb é is aidhm dó cumhacht an Choimisiúin a athbhunú chun na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe laistigh de raon feidhme fhorálacha an Rialacháin sin atá ábhartha do na hIarscríbhinní sin arna shonrú in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/788.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach.
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar buiséadach ag an togra ar institiúidí an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Neamhbhainteach.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Cuirtear Airteagal 1 den Rialachán atá beartaithe in ionad mhír 2 d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2019/788 chun cumhachtú de thréimhse ama neamhchinntithe a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/788. I bhfoclaíocht na forála atá beartaithe, tugtar an clásal caighdeánach ón bhFoscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus an chomhthuiscint eatarthu maidir le gníomhartha tarmligthe.
2026/0181 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/788 a mhéid a bhaineann le cumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 24 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/788, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán sin chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú, faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha an Rialacháin sin a mbaineann na hIarscríbhinní sin leo. Le hAirteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2019/788, tugadh an chumhacht sin don Choimisiúin ar feadh tréimhse 5 bliana a chuaigh in éag an 6 Meitheamh 2024.
(2)Ní mór don Choimisiún an chumhacht a bheith aige chun na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe chun iad a oiriúnú do riachtanais a bheidh ann amach anseo. Go háirithe, leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 an t‑íoslíon sínitheoirí in aghaidh an Bhallstáit chun go mbeadh tionscnamh bailí i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/788. Ní mór an t‑íoslíon sin sínitheoirí in aghaidh an Bhallstáit a thabhairt cothrom le dáta gach uair a thagann athrú ar chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa trí bhíthin cinneadh ón gComhairle Eorpach arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
(3)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/788 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2019/788, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal (23) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [6 Meitheamh 2019] [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí].’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
[...]
[...]