An Bhruiséil,25.6.2026

COM(2026) 297 final

2026/0160(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór a mhéid a bhaineann le glacadh an chinnidh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór a mhéid a bhaineann le glacadh beartaithe an chinnidh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh.

2.Comhthéacs an Togra

2.1.An Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór

Thug an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór 1 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm an 21 Samhain 2019.

Maidir le comhar custaim, tá sé d’aidhm ag an gComhaontú comhar idir na Páirtithe a fheabhsú i roinnt réimsí lena n‑áirítear aitheantas frithpháirteach a bhunú, i gcás inarb iomchuí, maidir lena gcláir comhpháirtíochta trádála faoi seach, lena n‑áirítear gnéithe amhail tarchur sonraí agus tairbhí arna gcomhaontú go frithpháirteach. Le Tuiscint 4 sa Chomhaontú, iarrtar ar na Páirtithe oibriú i dtreo aitheantas frithpháirteach dá gcláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe faoi seach agus teacht ar chomhaontú maidir leis an aitheantas sin.

2.2.An Coiste um Chustam

Is coiste speisialaithe é an Coiste um Custam a bunaíodh de bhun Airteagal 16.2 den Chomhaontú. De bhun Airteagal 6.17 den Chomhaontú, áiritheoidh sé feidhmiú cuí Chaibidil 6 maidir le hÉascú Custaim agus Trádála agus forálacha eile den Chomhaontú a bhaineann le custam. Foráiltear go sonrach i Mír 2 d’Airteagal 6.17 den Chomhaontú go bhféadfaidh na Páirtithe cinntí a dhéanamh sa Choiste um Chustam maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir comhpháirtíochta trádála agus foráiltear go sonrach i dTuiscint 4 den Chomhaontú go dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcláir faoi seach trí chinneadh ón gCoiste um Chustam. I Litir (d) de Mhír 2 d’Airteagal 6.3 den Chomhaontú iarrtar ar na Páirtithe aitheantas frithpháirteach a bhunú, i gcás inarb iomchuí, maidir le cláir comhpháirtíochta trádála, lena n‑áirítear gnéithe amhail tarchur sonraí agus tairbhí arna gcomhaontú go frithpháirteach.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste um Chustam

Le linn an dara cruinniú den Choiste um Chustam in 2026, tá an Coiste le cinneadh a ghlacadh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais.

Is é is cuspóir don Chinneadh ón gCoiste um Chomhar Custaim (an gníomh atá beartaithe) foráil a dhéanamh maidir le haitheantas frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór ar a gcláir comhpháirtíochta trádála faoi seach.

Tá comhpháirtíocht trádála i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach agus ag Poblacht Shingeapór araon lena gcuirtear éascuithe ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil infheistíocht déanta acu ina slándáil slabhra soláthair agus atá deimhnithe ag údaráis chustaim an Bhallstáit faoi seach san Aontas agus i bPoblacht Shingeapór. Slándáil, sábháilteacht, agus éascú na slabhraí soláthair trádála idirnáisiúnta, is féidir iad sin a fheabhsú trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcuid clár comhpháirtíochta trádála faoi seach, go háirithe an chuid slándála de Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh agus de Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus. Cuirfidh sé ar chumas na n‑údarás custaim san Aontas agus i bPoblacht Shingeapór araon rialuithe teorann níos éifeachtaí a chur chun feidhme agus trádáil dhlisteanach a éascú an tráth céanna.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 16.4 den Chomhaontú, lena bhforáiltear go bhféadfaidh na Páirtithe cinntí a dhéanamh sa Choiste Trádála nó i gcoiste speisialaithe, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú. Foráiltear i mír 2 d’Airteagal 6.17 den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste um Chustam, ar coiste speisialaithe é, cinntí a dhéanamh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir comhpháirtíochta trádála. Beidh na cinntí a ghlacfaidh coiste speisialaithe den chineál sin ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh siad na bearta is gá chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coiste um Chustam Rialacha Nós Imeachta an Choiste Trádála i bhfeidhm 2 , go háirithe Riail 9 agus Riail 13, agus an gníomh atá beartaithe á ghlacadh aige.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir chomhpháirtíochta trádála, feabhsaítear slándáil an tslabhra soláthair ó cheann go ceann agus éascaítear trádáil dhlisteanach. Comhdhlúthaítear leis an cur chuige a comhaontaíodh i gCreat Caighdeán na hEagraíochta Domhanda Custaim chun Trádáil a Áirithiú agus a Éascú (‘Creat SAFE’). Tugtar aghaidh leis ar éileamh an phobail gnó san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain go gcuirfí caighdeáin chun feidhme ar bhealach comhchosúil chun iomadú ceanglas agus cleachtas tírshonrach a sheachaint.

Is éard a bhí i gceist leis an gcomparáid dhomhain idir Clár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh agus Clár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus comparáid dhlíthiúil agus cuairteanna bailíochtaithe cómhalartacha ar an láthair in dhá Bhallstát den Aontas Eorpach agus i bPoblacht Shingeapór chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht chur chun feidhme praiticiúil na gcritéar sábháilteachta agus slándála ina gcláir comhpháirtíochta trádála faoi seach. Tugadh an measúnú ar choibhéis Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh agus Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus i gcrích in 2023 agus léiríodh leis go bhfuil na caighdeáin cháilíochta chun críoch slándála agus sábháilteachta an dá chlár comhpháirtíochta trádála faoi seach comhoiriúnach agus go mbíonn torthaí agus tairbhí coibhéiseacha d’oibreoirí eacnamaíocha mar thoradh orthu.

Tá an Coimisiún Eorpach agus údaráis inniúla Phoblacht Shingeapór den tuairim, trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcláir comhpháirtíochta trádála faoi seach, go bhféadfaí tairbhí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha a rinne infheistíocht i slándáil a slabhra soláthair agus atá deimhnithe faoina gcláir comhpháirtíochta trádála faoi seach.

Is é an gníomh atá beartaithe an bunús dlí le haghaidh aitheantas frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór dá gcláir comhpháirtíochta trádála faoi seach.

An seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Choiste um Chustam maidir le glacadh an ghnímh atá beartaithe, ba cheart don Chomhairle an seasamh sin a bhunú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste um Chustam a cuireadh ar bun trí chomhaontú, is é sin an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór.

An gníomh a iarrtar ar an gCoiste um Chustam a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 16.4 arna léamh i gcomhar le mír 2 d’Airteagal 6.17 den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an gcomhbheartas tráchtála a bhaineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go mbeidh an gníomh ón gCoiste um Chustaim infheidhme ag an dá Pháirtí, lena n‑áirítear an tAontas agus a Bhallstáit, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2026/0160 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór a mhéid a bhaineann le glacadh an chinnidh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (‘an Comhaontú’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle 4 .

(2)In Airteagal 6.3 den Chomhaontú, iarrtar ar na Páirtithe aitheantas frithpháirteach a bhunú, i gcás inarb iomchuí, maidir le cláir comhpháirtíochta trádála, lena náirítear gnéithe amhail tarchur sonraí agus tairbhí arna gcomhaontú go frithpháirteach.

(3)De bhun mhír 2 d’Airteagal 6.17 agus mhír 1 d’Airteagal 16.4 den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Chustam cinntí a ghlacadh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir comhpháirtíochta trádála.

(4)An Coiste um Chustam, le linn an dara cruinniú de in 2026, nó trí nós imeachta i scríbhinn i gcás ina gcomhaontaíonn na Páirtithe leis sin, tá sé le cinneadh a ghlacadh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais.

(5)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste um Chustam a bhunú ós rud é go mbeidh an cinneadh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais ina cheangal ar an Aontas.

(6)Slándáil agus sábháilteacht, agus éascú an tslabhra soláthair trádála idirnáisiúnta, is féidir iad sin a fheabhsú trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcuid clár comhpháirtíochta trádála faoi seach, is iad sin Clár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh agus Clár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus.

(7)Tá an dá chlár comhpháirtíochta trádála faoi seach bunaithe ar chaighdeáin slándála a aithnítear ar fud an domhain agus a mholtar sa Chreat Caighdeán SAFE chun an Trádáil Dhomhanda a Áirithiú agus a Éascú ar ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim é i mí an Mheithimh 2005 (‘Creat SAFE’).

(8)Is léir ó chuairteanna ar an láthair agus meastóireacht chomhpháirteach ar an gClár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe san Aontas Eorpach agus ar an gClár um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus i bPoblacht Shingeapór go bhfuil a gcuid caighdeán cáilíochta, chun críoch slándála agus sábháilteachta, comhoiriúnach agus go mbíonn torthaí coibhéiseacha mar thoradh orthu,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe an Choiste um Chustam faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gCoiste um Chustam atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (IO L 294, 14.11.2019, lch. 1).
(2)    Cinneadh (AE) 2022/1976 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choiste Trádála arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Choiste Trádála a ghlacadh (IO L 271, 19.10.2022, lch. 17).
(3)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Cinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (IO L 294, 14.11.2019, lch. 1).

An Bhruiséil,25.6.2026

COM(2026) 297 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór a mhéid a bhaineann le glacadh an chinnidh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh


IARSCRÍBHINN

CINNEADH UIMH. 2/2026 ÓN gCOISTE UM CHUSTAM IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS SINGEAPÓR

an …

maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Shingeapór um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus agus do Chlár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe an Aontais Eorpaigh

TÁ AN COISTE UM CHUSTAM,

Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta, agus Poblacht Shingeapór, dá ngairtear ‘Singeapór’ anseo feasta, agus go háirithe Caibidil a Sé maidir le hÉascú Custaim agus Trádála agus Tuiscint 4 maidir le hAitheantas Frithpháirteach a thabhairt do Chláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe díobh,

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1)An Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór, dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta, tháinig sé i bhfeidhm an 21 Samhain 2019.

(2)Déantar foráil in Airteagal 6.3 den Chomhaontú maidir le gealltanas na bPáirtithe sa Chomhaontú aitheantas frithpháirteach a bhunú, i gcás inarb iomchuí, maidir le cláir comhpháirtíochta trádála, lena náirítear gnéithe amhail tarchur sonraí agus tairbhí arna gcomhaontú go frithpháirteach.

(3)Foráiltear le Tuiscint 4 ar an gComhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach a thabhairt do Chláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe, i measc nithe eile, go gcomhaontóidh na Páirtithe sa Chomhaontú, trí chinneadh ón gCoiste um Chustam arna bhunú de bhun Airteagal 16.2 (Coistí Speisialaithe), maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe faoi seach, dá ngairtear cláir ‘OEÚ’ anseo feasta.

(4)In Airteagal 6.17 den Chomhaontú, bunaítear go bhféadfaidh an Coiste um Chustam cinntí a ghlacadh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir comhpháirtíochta trádála, lena náirítear gnéithe amhail tarchur sonraí agus tairbhí arna gcomhaontú go frithpháirteach.

(5)Slándáil agus sábháilteacht, agus éascú an tslabhra soláthair trádála idirnáisiúnta, is féidir iad sin a fheabhsú trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcuid clár comhpháirtíochta trádála, is iad sin an Clár um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus dá ngairtear ‘CTS Plus’ anseo feasta, i Singeapór agus clár OEÚ san Aontas.

(6)Tá cláir CTS Plus agus OEÚ bunaithe ar chaighdeáin slándála a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a mholtar sa Chreat Caighdeán chun an Trádáil Dhomhanda a Áirithiú agus a Éascú, dá ngairtear ‘Creat SAFE’ anseo feasta, ón Eagraíocht Dhomhanda Custaim.

(7)Cuirtear ar chumas an Aontais agus Shingeapór, trí aitheantas frithpháirteach, tairbhí éascaitheacha a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil infheistíocht déanta acu i slándáil an tslabhra soláthair agus a bhfuil údarú tugtha dóibh faoina gcláir comhpháirtíochta trádála faoi seach.

(8)Is léir ó chuairteanna ar an láthair agus meastóireacht chomhpháirteach ar chlár OEÚ san Aontas agus ar chlár CTS Plus i Singeapór go bhfuil a gcuid caighdeán cáilíochta, chun críoch slándála agus sábháilteachta, comhoiriúnach agus go mbíonn torthaí coibhéiseacha mar thoradh orthu.

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an chinnidh seo,

Ciallaíonn ‘údaráis chustaim’, san Aontas, seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis chustaim na mBallstát agus, i Singeapór, Lucht Custaim Shingeapór, dá ngairtear ‘Údaráis Custaim’ le cheile anseo feasta agus ‘Údarás Custaim’ ina aonar.

Ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ duine atá rannpháirteach i ngluaiseacht idirnáisiúnta earraí.

Ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine aonair atá aitheanta nó inaitheanta.

Ciallaíonn ‘clár’:

(a) san Aontas: Stádas Oibritheora Eacnamaíoch Údaraithe (OEÚ) (slándáil agus sábháilteacht) a deonaíodh de réir phointe (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 ;

(b) i Singeapór: an Clár um Chomhpháirtíocht Trádála Sláine Plus, a deonaíodh de réir Roinn 143(1)(hb) den Acht Custaim 1960.

Ciallaíonn ‘Comhaltaí Cláir’ oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil stádas OEÚ acu san Aontas agus stádas ballraíochta CTS Plus i Singeapór mar a thugtar tuairisc orthu sa sainmhíniú ar ‘Clár’ nuair a dhéantar tagairt dóibh i dteannta a chéile.

Airteagal 2

Aitheantas Frithpháirteach agus Cur Chun Feidhme an Chinnidh

1. Aithnítear go frithpháirteach leis seo go bhfuil Cláir an Aontais agus Shingeapór comhoiriúnach agus coibhéiseach agus caithfear le Comhaltaí Cláir ar bhealach atá i gcomhréir le hAirteagal 4.

2. Cuirfidh an tAontas agus Singeapór an Cinneadh seo i bhfeidhm lena nÚdaráis Chustaim faoi seach.

Airteagal 3

Comhoiriúnacht

1. Oibreoidh na hÚdaráis Chustaim i gcomhar chun an chomhoiriúnacht agus an choibhéis idir a gCláir a choinneáil ar bun, go háirithe maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a) an próiseas um iarratas a dhéanamh ar stádas agus ballraíocht OEÚ;

(b) na hiarratais a mheasúnú;

(c) stádas agus ballraíocht a dheonú; agus

(d) bainistiú, faireachán, fionraí agus athmheasúnú, agus cúlghairm an stádais agus na ballraíochta.

2. Leis an gCinneadh seo, toisc go mbaineann sé le comhoiriúnacht agus coibhéis, léirítear struchtúr agus raon feidhme reatha na gclár comhpháirtíochta trádála san Aontas agus i Singeapór. Ní chuirtear san áireamh sa Chinneadh seo modhnuithe a dhéanfar amach anseo ar gach clár. Tuigeann na hÚdaráis Chustaim go bhféadfadh sé go n‑éileodh aon modhnú den sórt sin ar na cláir amach anseo go gcuirfeadh an dá Údarás Custaim bailíochtú comhpháirteach breise i gcrích go rathúil chun a sástachta.

3. Áiritheoidh an tAontas agus Singeapór go bhfeidhmíonn a gcláir comhpháirtíochta trádála laistigh de chaighdeáin ábhartha Chreat SAFE.

Airteagal 4

Tairbhí

1. Soláthróidh gach Údarás Custaim tairbhí do Chomhaltaí Cláir an Údaráis Custaim eile, tairbhí atá inchomparáide leis na tairbhí a sholáthraíonn sé dá Chomhaltaí Cláir féin.

2. Áirítear na nithe seo a leanas leis na tairbhí dá dtagraítear i mír 1:

(a) níos lú rialuithe a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht: cuireann gach Údarás Custaim an stádas atá ag Comhalta Cláir arna dheonú ag an Údarás Custaim eile san áireamh go fabhrach ina mheasúnú riosca chun iniúchtaí nó rialuithe a laghdú agus i mbearta eile a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht;

(b) aitheantas ar chomhpháirtithe gnó le linn an phróisis iarratais: cuireann gach Údarás Custaim stádas Comhalta Cláir de chuid an Údaráis Custaim eile san áireamh go fabhrach agus na ceanglais comhpháirtithe gnó le haghaidh iarratasóirí faoina Chlár féin á measúnú aige;

(c) tús áite le linn imréiteach custaim: cuireann gach Údarás Custaim stádas Comhalta Cláir arna dheonú ag an Údarás Custaim eile san áireamh agus éascú trádála á áirithiú i gcás ina bhfuil baint ag na Comhaltaí Cláir;

(d) sásra um leanúnachas gnó: Féachann Údaráis Custaim le sásra um leanúnachas gnó a bhunú chun freagairt do bhriseadh i sreafaí trádála i ngeall ar mhéaduithe ar leibhéil rabhaidh slándála, dúnadh teorainneacha agus/nó tubaistí nádúrtha, éigeandálaí guaiseacha nó mórtheagmhais eile ina bhféadfadh Údaráis Chustaim lastais tosaíochta a bhaineann le Comhaltaí Cláir a éascú agus a bhrostú a mhéid is féidir; agus

(e) tosaíocht a thabhairt, tráth ar bith a bheidh sé praiticiúil, don chigireacht a dhéantar ar choinsíneachtaí a chumhdaítear le dearbhú imeachta achomair nó le dearbhú iontrála achomair arna thaisceadh ag Comhalta Cláir, má chinneann an tÚdarás Custaim dul ar aghaidh le cigireacht.

3. Tar éis an phróisis athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 7(3), féadfaidh gach Údarás Custaim tairbhí éascaithe breise a sholáthar i gcomhar le húdaráis rialtais eile ar a chríocha, agus féadfaidh cuíchóiriú próiseas agus méadú ar intuarthacht ghluaiseachta ag an teorainn a bheith san áireamh leis na tairbhí sin, a mhéid is féidir.

4. Maidir le gach Údarás Custaim:

(a) féadfaidh sé na tairbhí a sholáthraítear do Chomhaltaí Cláir an Údaráis Chustaim eile a chur ar fionraí faoin gCinneadh seo;

(b) déanfaidh sé, laistigh de thréimhse réasúnta ama, an fhionraí sin a bhfuil tuairisc tugtha uirthi faoi fhomhír (a) agus na cúiseanna a ghabhann léi a chur in iúl don Údarás Custaim eile; agus

(c) ní fhéadfaidh sé na tairbhí a sholáthraítear do Chomhaltaí Cláir an Pháirtí Custaim eile a chur ar fionraí de bhun fhomhír (a) ach ar chúiseanna atá comhionann leis na cúiseanna sin a gcuirfeadh sé na Comhaltaí Cláir ar fionraí óna Chlár féin ar a mbonn.

5. Déanfaidh gach Údarás Custaim, nuair is iomchuí leis, neamhrialtachtaí a bhaineann le Comhaltaí Cláir de Chlár an Údaráis Custaim eile a thuairisciú don Údarás Custaim sin.

6. Ar thuarascálacha den sórt sin a fháil, déanfaidh an tÚdarás Custaim eile sin athbhreithniú láithreach ar oiriúnacht na dtairbhí agus an stádais a dheonaítear don Chomhalta Cláir tuairiscithe.

7. Ar mhaithe le tuilleadh deimhneachta, leis an gCinneadh seo, ní chuirtear srian leis an Aontas ná le Singeapór ná le hÚdaráis Chustaim faisnéis a iarraidh de bhun Thuiscint 3 maidir le Forálacha Breise an Chomhaontaithe a bhaineann le Custam nó de bhun ionstraim eile is infheidhme idir an tAontas agus Singeapór, nó idir na hÚdaráis Chustaim.

Airteagal 5

Faisnéis agus Cumarsáid a Mhalartú

1. Feabhsóidh na hÚdaráis Chustaim a gcuid cumarsáide chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme go héifeachtach trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) mionsonraí a gComhaltaí Cláir a chur ar fáil dá chéile de réir mhír 3 den airteagal seo;

(b) an tÚdarás eile a choinneáil cothrom le dáta maidir le feidhmiú agus forbairt a gClár féin go tráthúil;

(c) faisnéis a mhalartú faoi bheartais agus treochtaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair; agus

(d) cumarsáid éifeachtach a áirithiú trí sheirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus Phoblacht Shingeapór chun cleachtais bainistithe riosca a fheabhsú ó thaobh shlándáil an tslabhra soláthair de.

2. Déanfaidh seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus Údarás Custaim Shingeapór an fhaisnéis agus an chumarsáid a mhalartú eatarthu féin faoi chuimsiú an Chinnidh seo.

3. Tar éis dó toil a fháil óna Chomhalta Cláir féin, seolfaidh gach Údarás Custaim na mionsonraí seo a leanas faoin gComhalta Cláir sin chuig an Údarás Custaim eile, agus na mionsonraí seo a leanas amháin:

(a) ainm;

(b) seoladh;

(c) stádas ballraíochta, mar shampla údaraithe, curtha ar fionraí, cúlghairthe nó curtha ar ceal;

(d) dáta bailíochtaithe nó údaraithe nuair atá sé ar fáil;

(e) uimhir aitheantais uathúil (mar shampla: uimhreacha CTS Plus, EORI nó OEÚ); agus

(f) mionsonraí eile a fhéadfar a chinneadh go frithpháirteach idir na hÚdaráis Chustaim faoi réir, nuair is infheidhme, aon choimirce is gá.

Ar mhaithe le tuilleadh deimhneachta, ní áirítear leis na mionsonraí i bhfomhír (c) na cúiseanna le haghaidh fionraí, cúlghairme ná cur ar ceal stádas ballraíochta an Chomhalta Cláir sin.

4. Malartóidh na hÚdaráis Chustaim an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar bhealach atá córasach trí bhíthin modhanna leictreonacha.

Airteagal 6

An fhaisnéis a láimhseáil

1. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a) mura bhforáiltear a mhalairt sa Chinneadh seo, déanfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis, lena n‑áireofar aon sonraí pearsanta, a fhaightear faoin gCinneadh seo a úsáid le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh, agus chun na críche sin amháin, lena n‑áireofar faireachán a dhéanamh air; agus

(b) d’ainneoin fhomhír (a), chun an fhaisnéis a úsáid chun críoch eile, gheobhaidh sé formheas i scríbhinn roimh ré ón Údarás Custaim a sheol an fhaisnéis. Aon úsáid den chineáil sin, beidh sé faoi réir aon sriain arna leagan síos ag an Údarás Custaim a sheol an fhaisnéis.

2. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a) déileáil leis an bhfaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo mar fhaisnéis rúnda; agus

(b) an leibhéal cosanta céanna, ar a laghad, a thabhairt don fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo agus a thugtar d’fhaisnéis a fhaightear ó Chomhaltaí Cláir a Chláir féin.

3. D’ainneoin mhír 1(a), féadfaidh Údarás Custaim an fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo a úsáid in aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a thionscnaítear i gcás nach gcomhlíontar a dhlí custaim féin, lena n‑áirítear í a úsáid sna taifid fianaise, na tuarascálacha agus an fhianaise ó na finnéithe. An tÚdarás a bhfuil an fhaisnéis faighte aige, tabharfaidh sé fógra don Údarás Custaim a sheol an fhaisnéis roimh aon úsáid den chineáil sin.

4. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a) aon fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo a nochtadh chun na críche a bhfuarthas í, agus chun na críche sin amháin; agus

(b) d’ainneoin fhomhír (a), nuair cheanglaítear ar Údarás Custaim faisnéis a nochtadh le linn imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, cuirfidh sé an tÚdarás Custaim a sheol an fhaisnéis ar an eolas faoin nochtadh i scríbhinn agus roimh an nochtadh sin.

5. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a) áiritheoidh sé go mbeidh aon fhaisnéis a sheolann sé cruinn agus cothrom le dáta;

(b) glacfaidh sé nósanna imeachta iomchuí maidir le scriosadh na faisnéise nó coinneoidh sé ar bun iad;

(c) tabharfaidh sé fógra don Údarás Custaim eile go gasta má chinneann sé gur sheol sé faisnéis mhíchruinn nó easnamhach chuig an Údarás Custaim eile, nó nach féidir brath uirthi, nó gó sárófar fáil nó úsáid bhreise na faisnéise an Cinneadh seo;

(d) glacfaidh sé gach beart a mheasann sé a bheith iomchuí, lena n‑áirítear forlíonadh, scriosadh nó ceartú na faisnéise dá dtagraítear i bhfomhír (c), ionas nach mbeadh spleáchas contráilte ar fhaisnéis den chineál sin; agus

(e) ní choinneoidh sé an fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo ach chomh fada agus is gá chun an Cinneadh a chur i bhfeidhm nó chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin.

6. De thoradh mhíreanna 4 agus 5, déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) go bhfuil coimircí slándála ann (lena n‑áirítear coimircí leictreonacha), de réir mar a bheidh an fhaisnéis sin de dhíth, chun rochtain ar fhaisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo a rialú;

(b) go gcosnaítear faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo ar rochtain, scaipeadh, leasú, scriosadh nó díothú neamhúdaraithe;

(c) nach nochtar faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo d’aon duine ná páirtí príobháideach nó d’aon duine dlítheanach, d’aon Stát ná comhlacht idirnáisiúnta nach Páirtithe iad sa Chomhaontú, ná d’aon údarás poiblí eile san Aontas ná i Singeapór, ach amháin i gcás a bhfuil ceangal ann sin a dhéanamh le linn imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin; agus

(d) go stóráiltear faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo i gcórais stórála leictreonacha nó i gcórais stórála páipéir atá slán i gcónaí, agus go gcoinnítear logaí nó doiciméadacht maidir le gach rochtain, nochtadh nó úsáid faisnéise a fhaightear ón Údarás Custaim eile.

7. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a) áiritheoidh sé go láimhseálfar sonraí pearsanta Comhalta Cláir den Údarás Custaim eile, chomh fada agus a bhainfidh sé le rochtain, ceartú, tráthúlacht nó úsáid na sonraí a chur ar fionraí go sealadach, go láimhseálfar na sonraí sin ar bhealach atá comhionann ar a laghad le láimhseáil sonraí pearsanta a Chomhalta Cláir féin; agus

(b) foilseoidh sé faisnéis chun a Chomhaltaí Cláir féin a chur ar an eolas faoin bpróiseas is infheidhme maidir le rochtain, ceartú, fionraí sealadach úsáide, nó scriosadh a iarraidh i leith a sonraí pearsanta.

8. Déanfaidh gach Údarás Custaim foráil maidir le rochtain ar shásamh riaracháin nó athbhreithniú breithiúnach a bheith ag Comhaltaí Cláir, a mhéid a bhaineann sé lena sonraí pearsanta, gan beann ar a náisiúntacht ná a dtír chónaithe.

9. Foilseoidh na hÚdaráis Chustaim faisnéis chun Comhaltaí Cláir a chur ar an eolas maidir leis na roghanna atá acu chun sásamh riaracháin nó athbhreithniú breithiúnach a iarraidh.

10. Beidh comhlíonadh fhorálacha Airteagal 6 ag gach Údarás Custaim faoi réir athbhreithniú óna údarás ábhartha féin, rud a áiritheoidh go bhfaighfear aon ghearán nó teagmhas a bhainfidh le neamhchomhlíonadh maidir le láimhseáil faisnéise, go ndéanfar imscrúdú orthu, go dtabharfar freagra orthu agus go dtabharfar sásamh iomchuí ina leith. Áirítear leis na húdaráis sin:

(a) san Aontas: an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó a chomharba, agus údaráis cosanta sonraí na mBallstát; agus

(b) i Singeapór: Lucht Custaim Shingeapór agus Lárionad an Rialtais um Thuairisciú Teagmhas agus Oibríochtaí.

Airteagal 7

Comhairliúchán, faireachán agus athbhreithniú

1. Réiteoidh na hÚdaráis Chustaim aon fhadhb a bhaineann le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chinnidh seo trí chomhairliúcháin faoi choimirce an Choiste um Chustam.

2. Rachaidh na hÚdaráis Chustaim i ndlúthchomhar le chéile maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo agus déanfaidh siad faireachán rialta air seo, mar shampla trí chuairteanna ar an láthair, chun láidreachtaí agus laigí féideartha a aithint i gCláir an Aontais agus Shingeapór.

3. Déanfaidh an Coiste um Chustam athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa phróiseas athbhreithnithe, go háirithe:

(a) malartú tuairimí i ndáil le mionsonraí a mhalartaítear agus tairbhí OEÚ dá dtagraítear in Airteagal 4 a dheonaítear do Chomhaltaí Cláir, lena n‑áirítear mionsonraí nó tairbhí OEÚ a bheidh ann amach anseo, i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b) malartú tuairimí i ndáil le forálacha slándála ar nós prótacail a bheadh le leanúint le linn teagmhas tromchúiseach slándála agus dá éis sin (tús a chur athuair le gnó) nó nuair is ceart an t‑aitheantas frithpháirteach a chur ar fionraí de réir dálaí;

(c) scrúdú a dhéanamh ar chur ar fionraí na dtairbhí dá dtagraítear in Airteagal 4; agus

(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 6.

Airteagal 8

Socruithe Deiridh

1. Gabhfaidh éifeacht leis an gcomhar faoin gCinneadh seo nuair a ghlacfaidh an Coiste um Chustam é.

2. Féadfaidh an Coiste um Chustam an Cinneadh seo a leasú. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i mír 1.

3. Féadfaidh Údarás Custaim comhar faoin gCinneadh seo a chur ar fionraí tráth ar bith trí fhógra tríocha (30) lá i scríbhinn a thabhairt don Údarás Custaim eile. Déanfar fógra den chineál sin a sholáthar do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus do lucht custaim Shingeapór, faoi seach. D’ainneoin an comhar faoin gCinneadh seo a chur ar fionraí, leanfaidh na hÚdaráis Chustaim d’Airteagal 6 a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcosnófar an fhaisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile tríd an gCinneadh seo.

4. Féadfaidh an tAontas nó Singeapór deireadh a chur leis an gCinneadh seo tráth ar bith le fógra a thabhairt don Pháirtí eile sa Chomhaontú trí bhealaí taidhleoireachta. Foirceannfar an Cinneadh seo tríocha (30) lá tar éis an dáta a gheobhaidh an Páirtí eile sa Chomhaontú an fógra i scríbhinn. D’ainneoin fhoirceannadh an Chinnidh seo, leanfaidh na hÚdaráis Chustaim d’Airteagal 6 a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcosnófar an fhaisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile tríd an gCinneadh seo.

Arna dhéanamh i/sa [ÁIT], [DÁTA].

Ag an gCoiste um Chustam AE-Singeapór

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann Phoblacht Shingeapór

(Comhchathaoirligh an Choiste um Chustam)

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)