AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.6.2026
COM(2026) 287 final
2026/0155(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Daon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Dhaon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire atá inniúil ar chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Baineann an togra seo le tabhairt i gcrích Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na hAilgéire atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta).
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Comhordaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) imscrúduithe agus ionchúisimh de choireacht thromchúiseach trasteorann san Eoraip agus lasmuigh di. Mar mhol an Aontais Eorpaigh (AE) don chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tacaíonn Eurojust leis na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh.
Sa saol domhandaithe, an gá atá le comhar idir na húdaráis bhreithiúnacha a bhfuil baint acu le coireanna tromchúiseacha a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ní stopann an gá sin ag teorainneacha an Aontais. Leis an méadú ar an gcoireacht trasteorann, tá sé ríthábhachtach faisnéis a fháil ó lasmuigh de dhlínse aon Bhallstáit amháin. Dá bhrí sin, ba cheart Eurojust a bheith in ann dul i ndlúthchomhar le húdaráis bhreithiúnacha i dtríú tíortha roghnaithe agus sonraí pearsanta a mhalartú leo a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727 (dá ngairtear ‘Rialachán Eurojust’ anseo feasta). An tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil coimircí leormhaithe i bhfeidhm maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint chun sonraí pearsanta a chosaint.
Is féidir le Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a mhalartú le tríú tíortha i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 56(2), pointí (a) go (c) de Rialachán Eurojust:
·Chinn an Coimisiún de bhun Airteagal 57 go n‑áirithíonn an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist leibhéal leordhóthanach cosanta, nó in éagmais cinneadh leordhóthanachta den sórt sin, go ndéantar foráil maidir le coimircí iomchuí nó gur ann dóibh i gcomhréir le hAirteagal 58(1), nó in éagmais cinneadh leordhóthanachta agus in éagmais coimircí iomchuí den sórt sin araon, go bhfuil feidhm ag maolú i gcomhair cásanna sonracha de bhun Airteagal 59(1);
·rinneadh comhaontú comhair lena dtugtar cead sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú a thabhairt i gcrích roimh an 12 Nollaig 2019 idir Eurojust agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 26a de Chinneadh 2002/187/CGB; nó
·rinneadh comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena ndéantar foráil maidir le coimircí leormhaithe i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.
Faoi láthair, tá comhaontuithe comhair ag Eurojust bunaithe ar Airteagal 26a de Chinneadh 2002/187/CGB, lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta, atá i bhfeidhm le Montainéagró, leis an Úcráin, leis an Moldóiv, le Lichtinstéin, leis an Eilvéis, leis an Macadóin Thuaidh, le SAM, leis an Íoslainn, leis an Iorua, leis an tSeoirsia, leis an Albáin agus leis an tSeirbia. Faoi Airteagal 80(5) de Rialachán Eurojust, tá na comhaontuithe comhair sin fós bailí.
Ó tháinig Rialachán Eurojust i bhfeidhm an 12 Nollaig 2019 agus de bhun an Chonartha, tá an Coimisiún freagrach, thar ceann an Aontais, as comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú le tríú tíortha maidir le comhar agus malartú sonraí pearsanta le Eurojust. A mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán Eurojust, féadfaidh Eurojust caidreamh comhair a bhunú agus a choinneáil ar bun le comhpháirtithe seachtracha trí shocruithe oibre. Mar sin féin, ní féidir iad sin amháin a bheith ina mbunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú.
Cuireann an Comhaontú bunús dlí ar fáil chun sonraí pearsanta a mhalartú le haghaidh comhar breithiúnach in ábhair choiriúla trína áirithiú go mbeidh coimircí leormhaithe ann i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.
Chun an comhar breithiúnach idir Eurojust agus tríú tíortha roghnaithe a neartú, ghlac an Coimisiún Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh Comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, an Túinéis agus an Tuirc maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus na húdaráis inniúla um chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla na dtríú Stáit sin.
Thug an Chomhairle an t‑údarú sin an 1 Márta 2021 agus ghlac sí tacar treoracha caibidlíochta agus chuir sí coiste speisialta ar bun chun cabhrú leis an gComhairle leis an gcúram sin.
Bhí roinnt babhtaí caibidlíochta agus malartuithe i scríbhinn ann idir mí Aibreáin 2022 agus mí Lúnasa 2025, nuair a tháinig na hidirbheartaithe ar chomhaontú ar an leibhéal teicniúil maidir le téacs. Pléadh an togra seo le Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mheitheal um Chomhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla (COPEN). Tháinig an Ailgéir ar a comhaontú críochnaitheach an 3 Feabhra 2026.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana maidir le comhar breithiúnach idir Eurojust agus tríú tíortha
Rinneadh an Comhaontú a chaibidliú agus na treoracha caibidlíochta cuimsitheacha a ghlac an Chomhairle mar aon leis an údarú caibidlíocht a dhéanamh an 1 Márta 2021 á gcur san áireamh. Tá an Comhaontú seo comhsheasmhach freisin le beartas an Aontais atá ann cheana sa réimse i ndáil le comhar breithiúnach.
Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise i measc na mBallstát agus idir gníomhaireachtaí an Aontais agus tríú tíortha. Le Rialachán (AE) 2023/2131 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta, neartaítear an creat le haghaidh comhar le tríú tíortha ar thaobh Eurojust trí fhoráil a dhéanamh maidir le bunús láidir dlí chun ionchúisitheoir idirchaidrimh tríú tír a thabhairt ar iasacht do Eurojust agus maidir leis an gcomhar le Eurojust.
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú i ndáil le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh ag Eurojust, tá nasc láidir idir Rialachán (AE) 2022/838 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727, agus tríú tíortha. Leagtar béim sa dá ghníomh reachtacha ar a thábhachtaí atá dlúthchomhar le tríú tíortha chun coireanna tromchúiseacha a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.
Tá an caidreamh idir an tAontas agus an Ailgéir bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais, a tháinig i bhfeidhm in 2005. Treoraíonn na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta a glacadh in 2017 an caidreamh le haghaidh na tréimhse 2021-2027, lena n‑áirítear idirphlé polaitiúil, rialachas, an smacht reachta agus cur chun cinn na gceart bunúsach, chomh maith le hidirphlé straitéiseach agus slándála.
Tá doiciméid straitéiseacha an Choimisiúin atá ann mar bhonn faoin ngá atá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí agus ó thaobh an chomhair bhreithiúnaigh de san Aontas Eorpach (AE), chomh maith leis an gcomhar le tríú tíortha a leathnú. Áirítear orthu sin, as measc straitéisí eile, an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach (ProtectEU), Clár Oibre an Aontais Eorpaigh don Fhrithsceimhlitheoireacht, agus Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe.
I gcomhréir leis na doiciméid straitéiseacha sin, feabhsaíodh an comhar idirnáisiúnta i réimse fhorfheidhmiú an dlí freisin. Ar bhonn an údaraithe ón gComhairle, rinne an Coimisiún Comhaontú a chaibidliú leis an Nua-Shéalainn maidir le malartú sonraí pearsanta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol).
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí substainteach
Déantar foráil in Airteagal 16(2) agus in Airteagal 85 CFAE maidir le hinniúlacht an Aontais struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust a chinneadh.
Leis an gComhaontú, cumhdaítear an comhar idir Eurojust agus an Ailgéir in ábhair choiriúla chomh maith le coimircí leormhaithe a bhunú i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile daoine aonair a chosaint don chomhar sin. Ós rud é gurb iad an dá réimse thuas príomhchuspóirí agus príomh‑chomhpháirteanna an Chomhaontaithe, is iad Airteagal 16(2) agus Airteagal 85 CFAE na bunúis dlí shubstainteacha.
Dá bhrí sin, tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 16(2) agus ar Airteagal 85 CFAE, in éineacht le hAirteagal 218(6), pointe (a)(v) CFAE.
•Bunús dlí don nós imeachta
I gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, i gcás ina mbaineann an comhaontú le hábhair lasmuigh den chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES), tá an Chomhairle le cinneadh a ghlacadh lena dtabharfar i gcrích an comhaontú maidir le togra ón gCoimisiún mar idirbheartaí.
Ós rud é gurb iad Airteagal 16(2) agus Airteagal 85 CFAE na bunúis dlí shubstainteacha, tá an Chomhairle leis an gcinneadh lena dtugtar an gcomhaontú i gcrích a ghlacadh, tar éis di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 218(6), pointe (a), CFAE.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) CFAE, bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.
•Inniúlacht an Aontais
Tá inniúlacht ag an Aontas struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust a chinneadh chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le coimircí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leagtar síos i Rialachán Eurojust rialacha sonracha maidir le sonraí pearsanta a bheith á n‑aistriú ag Eurojust lasmuigh den Aontas. Liostaítear in Airteagal 56(2) de sin cásanna inar féidir le Eurojust sonraí pearsanta a aistriú go dleathach chuig údaráis bhreithiúnacha tríú tíortha. Fágann an fhoráil sin gur gá, i gcás aistrithe struchtúracha sonraí pearsanta ag Eurojust chuig an Ailgéir, comhaontú ceangailteach idirnáisiúnta idir an tAontas agus an Ailgéir a thabhairt i gcrích, lena dtugtar coimircí leormhaithe maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile daoine aonair a chosaint. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE, tagann an Comhaontú faoi chuimsiú inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl an togra seo faoi réir seiceáil coimhdeachta.
•Comhréireacht
Cuspóirí an Aontais maidir leis an togra seo a leagtar amach thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí chomhaontú idirnáisiúnta ceangailteach a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir leis na bearta comhair is gá, agus cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha á háirithiú ag an am céanna. Tá forálacha an chomhaontaithe teoranta don mhéid is gá chun na príomhchuspóirí atá leis a bhaint amach. Ní rogha mhalartach í gníomhaíocht aontaobhach na mBallstát i leith na hAilgéire, ós rud é go bhfuil ról uathúil ag Eurojust. Ina theannta sin, ní bheadh gníomhaíocht aontaobhach ina bonn leordhóthanach le haghaidh comhar breithiúnach idir Eurojust agus tríú tíortha agus ní áiritheofaí léi an chosaint is gá ar chearta bunúsacha.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán Eurojust, in éagmais cinneadh leordhóthanaigh, ní fhéadfaidh Eurojust páirt a ghlacadh in aistriú struchtúrach sonraí pearsanta oibríochtúla chuig tríú tír ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE lena ndéantar foráil maidir le coimircí leormhaithe i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint (Airteagal 56(2)(c)). I gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, údaraítear síniú an chomhaontaithe sin le cinneadh ón gComhairle.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
Le linn na caibidlíochta, níor bhain an Coimisiún úsáid as saineolas seachtrach.
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Sonraí pearsanta a mhalartú agus a phróiseáil ag údaráis tríú tír, baineann an méid sin le cearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí. I ndáil leis sin, áirithítear leis an gComhaontú go gcuirfear coimircí leormhaithe i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú féin, i gcomhréir le dlí an Aontais.
Go háirithe, déantar foráil i gCaibidil II maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Ar an mbonn sin, leagtar síos le hAirteagail 10 go 20 forálacha lena ndéantar foráil maidir le prionsabail cosanta sonraí (lena n‑áirítear teorannú de réir cuspóra agus íoslaghdú sonraí), coimircí chun catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil, oibleagáidí is infheidhme maidir le rialaitheoirí (lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le coinneáil, taifid a choimeád, slándáil sonraí agus a mhéid a bhaineann le haistrithe ar aghaidh), cearta aonair in‑fhorfheidhmithe (lena n‑áirítear maidir le rochtain, ceartúchán agus leigheas breithiúnach agus maoirseacht neamhspleách, ós rud é go ndéanfaidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó ar gach taobh atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) maoirseacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
I gcomhréir le dlí an Aontais, is féidir feidhmiú ceart aonair áirithe a mhoilliú, a theorannú nó a dhiúltú a mhéid is gá agus comhréireach, agus cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí á gcur san áireamh, ar an bhforas tábhachtach a bhaineann le leas an phobail, go háirithe chun dochar d’imscrúdú coiriúil nó d’ionchúiseamh coiriúil leanúnach a chosc.
Ráthaítear le hAirteagal 10(6) den Chomhaontú nach bhféadfar aon fhaisnéis a mhalartaítear faoin gcomhaontú a úsáid i ndáil le pionós an bháis nó sáruithe ar chearta an duine i gcoitinne.
I gcomhréir le hAirteagal 31(3) den Chomhaontú, ní thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm go dtí go mbeidh fógra tugtha ag an dá pháirtí dá chéile faoi chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá sa Chomhaontú, lena n‑áirítear na hoibleagáidí sin a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint, agus go dtí go nglacfar leis an bhfógra sin. Ina theannta sin, agus chun na coimircí maidir le cosaint sonraí pearsanta a neartú a thuilleadh, luaitear in Airteagal 34(4) den Chomhaontú go bhféadfaidh Páirtí an t‑aistriú sonraí pearsanta a chur ar atráth fad nach mbeidh foráil déanta sa dlí ag an bPáirtí eile, agus curtha chun feidhme aige, maidir leis na coimircí agus na hoibleagáidí atá i gCaibidil II den Chomhaontú (Malartú faisnéise agus cosaint sonraí).
Thairis sin, ráthaítear leis an gComhaontú go bhfuil an malartú sonraí pearsanta idir Eurojust agus an Ailgéir comhsheasmhach le prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus le hAirteagal 52(1) den Chairt araon, lena n‑áirithítear go mbeidh an sárú ar chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht astu teoranta don mhéid sin amháin atá riachtanach chun cuspóirí an leasa ghinearálta atá á saothrú a chomhlíonadh, faoi réir phrionsabal na comhréireachta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl aon ghá le plean cur chun feidhme, ós rud é go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis na míosa ar lena linn a bheidh fógra tugtha ag an Aontas Eorpach agus an Ailgéir dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta faoi seach curtha i gcrích.
Maidir le faireachán, déanfaidh an tAontas Eorpach agus an Ailgéir athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin, má iarrann ceachtar den dá pháirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
In Airteagal 1 áirítear sainmhínithe ar théarmaí tábhachtacha an Chomhaontaithe.
In Airteagal 2 sainítear cuspóirí an Chomhaontaithe.
In Airteagal 3 sainítear raon feidhme an Chomhaontaithe.
In Airteagal 4 bunaítear oibleagáid na hAilgéire pointe teagmhála amháin ar a laghad a ainmniú laistigh dá húdaráis inniúla náisiúnta, nach féidir a bheith comhionann leis an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh. Ainmneofar pointe teagmhála freisin le haghaidh ábhair sceimhlitheoireachta.
Déantar foráil in Airteagal 5 maidir leis an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht do Eurojust.
Déantar foráil in Airteagal 6 maidir leis na coinníollacha le haghaidh rannpháirtíocht an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus ionadaithe na hAilgéire i gcruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha ag Eurojust.
Déantar foráil in Airteagal 7 maidir leis an rogha atá ag Eurojust Giúistís Idirchaidrimh a phostú chun na hAilgéire.
Foráiltear le hAirteagal 8 go bhféadfaidh Eurojust cabhrú leis an Ailgéir Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú a chur ar bun agus go bhféadfar iarraidh air cúnamh airgeadais nó teicniúil a sholáthar.
Leagtar amach in Airteagal 9 cuspóirí na próiseála sonraí faoin gComhaontú.
Liostaítear in Airteagal 10 na prionsabail ghinearálta cosanta sonraí is infheidhme faoin gComhaontú agus cumhdaítear ann an toirmeasc ar úsáid a bhaint as sonraí a aistrítear faoin gcomhaontú i ndáil le pionós an bháis nó sáruithe ar chearta an duine.
Ráthaítear le hAirteagal 11 coimircí breise maidir le próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí.
Teorannaítear le hAirteagal 12 cinnteoireacht lán‑uathoibrithe trí úsáid a bhaint as sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 13 cuirtear srian leis na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh.
Déantar foráil in Airteagal 14 maidir leis an gceart rochtana, lena n‑áirítear deimhniú a fháil an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a phróiseáil faoin gComhaontú chomh maith le faisnéis riachtanach maidir leis an bpróiseáil.
Déantar foráil in Airteagal 15 maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin, léirscriosadh agus próiseáil a shrianadh, faoi choinníollacha áirithe.
Déantar foráil in Airteagal 16 maidir le fógra a thabhairt faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a bhaineann le sonraí a aistrítear faoin gComhaontú, lena n‑áirithítear go dtabharfaidh na húdaráis inniúla fógra dá chéile agus dá n‑údaráis maoirseachta féin faoi shárú den sórt sin gan mhoill, agus go ndéanfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.
Déantar foráil in Airteagal 17 maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí, ar sárú é ar dócha go mbeidh éifeacht thromchúiseach aige ar chearta agus ar shaoirsí an duine sin.
Le hAirteagal 18 áirítear rialacha a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh.
Le hAirteagal 19 éilítear logaí a choinneáil i ndáil le sonraí pearsanta a bhailiú, a athrú, a rochtain, a nochtadh lena n‑áirítear aistrithe atá á gcur ar aghaidh, a chomhcheangal agus a scriosadh.
Le hAirteagal 20 áirítear oibleagáidí maidir le slándáil sonraí, lena n‑áirithítear go ndéantar bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a mhalartaítear faoin gComhaontú seo a chosaint.
Le hAirteagal 21 is gá formhaoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú comhlíontachta leis na coimircí a leagtar amach sa Chomhaontú, lena n‑áirithítear gur ann d’údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair, lena n‑áirítear na rialacha intíre atá ábhartha faoin gComhaontú chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
Déantar foráil in Airteagal 22 maidir le leigheas breithiúnach, lena n‑áirithítear go bhfuil an ceart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach breithiúnach a fháil mar gheall ar sháruithe ar na cearta agus ar na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú, sáruithe a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta.
Déantar foráil in Airteagal 23 maidir le foilsiú sonraí teagmhála agus doiciméad ina leagtar amach coimircí is infheidhme maidir le sonraí pearsanta faoin gComhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 24 maidir le rúndacht na faisnéise a mhalartaítear idir údaráis inniúla na hAilgéire agus Eurojust.
Foráiltear le hAirteagal 25 go ndéanfar malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire neamh‑rúnaicmithe an Aontais a rialú le socrú oibre maidir le rúndacht arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAilgéire.
Déantar foráil in Airteagal 26 maidir le freagracht na n‑údarás inniúil. E.g. beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear.
Foráiltear le hAirteagal 27 go n‑iompróidh gach Páirtí, i bprionsabal, a speansais féin a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
Déantar foráil in Airteagal 28 maidir le socrú oibre a thabhairt i gcrích idir Eurojust agus Aireacht Dlí agus Cirt na hAilgéire.
Déantar foráil in Airteagal 29 maidir le fógraí faoi bhearta roimh chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Déantar foráil in Airteagal 30 maidir le fógra a thabhairt don údarás maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus as a áirithiú go gcomhlíonfar é.
Déantar foráil in Airteagal 31 maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
Déantar foráil in Airteagal 32 maidir leis an gcaoi ar féidir leasuithe a dhéanamh ar an gComhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 33 maidir le hathbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 34 maidir le sásra um réiteach díospóidí agus maidir leis na coinníollacha chun an Comhaontú a chur ar fionraí.
Déantar foráil in Airteagal 35 maidir leis na coinníollacha maidir le foirceannadh an Chomhaontaithe.
Déantar foráil in Airteagal 36 maidir leis an gcaoi a ndéanfar fógraí faoin gComhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 37 maidir leis an gcaidreamh le hionstraimí idirnáisiúnta eile, lena n‑áirithítear nach ndéanfaidh an Comhaontú dochar ná difear do na forálacha dlíthiúla a bhaineann le comhar breithiúnach dá bhforáiltear in aon chonradh, comhaontú, nó socrú idir an Ailgéir agus aon Bhallstát den Aontas Eorpach.
Tagraítear an abairt dheireanach do na téacsanna barántúla.
•Téacs an Chomhaontaithe agus fógraí
Cuirtear téacs an Chomhaontaithe faoi bhráid na Comhairle in éineacht leis an togra seo.
I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé leanúint ar aghaidh leis an bhfógra a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) den Chomhaontú, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.
I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé freisin na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 31(3) den Chomhaontú a thabhairt.
2026/0155 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Daon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Dhaon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire atá inniúil ar chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 85 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Foráiltear le hAirteagail 47 agus 52 de Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go bhféadfaidh Eurojust comhar a bhunú agus a choinneáil ar bun le húdaráis tríú tíortha bunaithe ar straitéis chomhair.
(2)De bhun Airteagal 56(2)(c) de Rialachán (AE) 2018/1727, féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír, inter alia, bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta a bheith tugtha i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena ndéantar foráil maidir le coimircí leormhaithe i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.
(3)I gcomhréir le Cinneadh (AE) [XXXX] ón gComhairle, síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na hAilgéire atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) an [XX.XX.XXXX], faoi réir a thabhairt i gcrích.
(4)Leis an gComhaontú, is féidir sonraí pearsanta a aistriú idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAilgéire, d’fhonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais agus a chuid saoránach a chosaint.
(5)Áirithítear leis an gComhaontú go n‑urramófar ina hiomláine Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, ceart a aithnítear in Airteagal 8 di agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ceart a aithnítear in Airteagal 47 di. Go háirithe, áirítear sa Chomhaontú coimircí leormhaithe chun sonraí pearsanta arna n‑aistriú ag Eurojust faoin gComhaontú a chosaint.
(6)De bhun Airteagal 218(7) CFAE, is iomchuí don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún na modhnuithe ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, údarú a thabhairt don Choimisiún módúlachtaí a chomhaontú maidir le leanúint d’úsáid agus de stóráil na faisnéise a cuireadh in iúl cheana idir na Páirtithe de bhun an Chomhaontaithe agus údarú a thabhairt don Choimisiún an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta.
(7)Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2018/1727 agus dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.
(8)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(9)Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a Thuairim [xxx] uaidh an [xx.xx.xxxx].
(10)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na hAilgéire atá inniúil ar chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) a fhormheas.
Airteagal 2
1.Chun críocha Airteagal 32(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na modhnuithe ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas.
2.Chun críoch Airteagal 35(3) den Chomhaontú, údarófar don Choimisiún módúlachtaí a chomhaontú maidir le leanúint d’úsáid agus stóráil na faisnéise a cuireadh in iúl cheana idir na Páirtithe de bhun an Chomhaontaithe.
3.Chun críoch Airteagal 36(2) den Chomhaontú, beidh údarás ag an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.6.2026
COM(2026) 287 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra le haghaidh
Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Daon−Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Dhaon−Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire atá inniúil ar chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
IARSCRÍBHINN
Téacs caibidlithe deiridh idir an tAontas agus an Ailgéir 3.2.2026
Dréacht‑Chomhaontú
idir
Daon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire agus an tAontas Eorpach maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla idir údaráis inniúla na hAilgéire agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)
TÁ DAON‑PHOBLACHT DHAONLATHACH NA hAILGÉIRE, dá ngairtear ‘an Ailgéir’ anseo feasta,
agus
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
AG FÉACHAINT d’fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe Comhlachais idir an Ailgéir agus an tAontas,
AG FÉACHAINT d’Ordú Uimh. 66/155 an 8 Meitheamh 1966, arna leasú agus arna fhorlíonadh, lena mbunaítear Cód Nós Imeachta Coiriúil Dhaon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire,
AG FÉACHAINT DO Dhlí Uimh. 18/07 an 10 Meitheamh 2018 ó Dhaon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire maidir le daoine aonair a chosaint i bpróiseáil sonraí pearsanta, arna leasú agus arna fhorlíonadh le Dlí Uimh ..../25 an .....,
AG FÉACHAINT DO Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear an cinneadh sin (dá ngairtear ‘Rialachán Eurojust’ anseo feasta),
I bhFIANAISE leasanna na hAilgéire agus an Aontais araon maidir le dlúthchomhar dinimiciúil breithiúnach a fhorbairt in ábhair choiriúla idir údaráis inniúla na hAilgéire agus Eurojust chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, go háirithe an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht, an t‑éilliú, sciúradh airgid agus an chibearchoireacht, agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair á n‑áirithiú ag an am céanna, lena n‑áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta,
ÓS DEIMHIN LEO go rachaidh an comhar breithiúnach idir údaráis inniúla na hAilgéire agus Eurojust chun tairbhe an dá thaobh agus go rannchuideoidh sé le luachanna coiteanna an dá Pháirtí a fhorbairt, lena n‑áirítear an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas,
I bhFIANAISE an ardleibhéil cosanta do shonraí pearsanta san Aontas agus san Ailgéir,
I bhFIANAISE Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine an 10 Nollaig 1948 (na Náisiúin Aontaithe, Rún 217 A) agus na gcomhaontuithe idirnáisiúnta atá ina gceangal ar an dá Pháirtí,
Agus URRAIM Á TABHAIRT don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla an 16 Nollaig 1966 (na Náisiúin Aontaithe, Rún 2200 A),
I bhFIANAISE Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984 (na Náisiúin Aontaithe, Rún 39/46),
Agus URRAIM Á TABHAIRT do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe an 31 Deireadh Fómhair 2003 (GA/NA, Rún 58/4),
Agus URRAIM Á TABHAIRT ACU do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (CNACET) an 15 Samhain 2000 (GA/NA, Rún 55/25),
AG FÉACHAINT d’oibleagáid an Aontais cloí le Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 5) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna dhéanamh sa Róimh an 4 Samhain 1950, rud a léirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Caibidil I
Sainmhínithe, cuspóirí, raon feidhme agus forálacha coiteanna
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘Eurojust’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, arna bunú le Rialachán Eurojust;
(2)ciallaíonn ‘Ballstáit’ Ballstáit an Aontais Eorpaigh;
(3)ciallaíonn ‘údarás inniúil’
–i gcás an Aontais, Eurojust, mar a shainmhínítear i mír 1, agus
–i gcás na hAilgéire, aon údarás náisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo
ar a bhfuil freagrachtaí faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear cur chun feidhme ionstraimí comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla;
(4)ciallaíonn ‘údarás aistrithe’ an t‑údarás inniúil a aistríonn sonraí pearsanta, i gcás inarb infheidhme;
(5)ciallaíonn ‘údarás is faighteoir’ an t‑údarás inniúil a fhaigheann faisnéis a bhaineann le sonraí pearsanta, i gcás inarb infheidhme;
(6)ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ na hinstitiúidí, na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí arna mbunú leis na Conarthaí ar an Aontas Eorpach agus ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó ar a mbonn sin, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a) a ghabhann leis an gComhaontú seo;
(7)ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo i gcomhréir le forálacha agus comhthéacs an Chomhaontaithe seo;
(8)ciallaíonn ‘cionta coiriúla gaolmhara’ na cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil le coireanna tromchúiseacha a dhéanamh, chun coireanna tromchúiseacha a éascú nó a dhéanamh nó chun saoirse ó phionós a áirithiú dóibh siúd a dhéanann coireanna tromchúiseacha;
(9)ciallaíonn ‘Cúntóir’ duine a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt do Chomhalta Náisiúnta, dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn II, de Rialachán Eurojust, agus do Leas‑Chomhalta an Chomhalta Náisiúnta, nó don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chomhaontú seo;
(10)ciallaíonn ‘Ionchúisitheoir Idirchaidrimh’ duine ag a bhfuil feidhm ionchúisitheora phoiblí, breithimh nó breithimh imscrúdaithe san Ailgéir i gcomhréir lena dlí náisiúnta agus atá ar iasacht ón Ailgéir do Eurojust de bhun Airteagal 5 den Chomhaontú seo;
(11)ciallaíonn ‘Giúistís Idirchaidrimh’ giúistís dá dtagraítear i Rialachán Eurojust, arna phostú ag Eurojust chuig an Ailgéir de bhun Airteagal 7 den Chomhaontú seo;
(12)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis, ar aon mheán, a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (‘ábhar sonraí’) is féidir a shainaithint go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’uimhir aitheantais nó d’fhachtóir amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, bhithmhéadrach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin nó aitheantóirí eile amhail sonraí suímh nó aitheantóir ar líne;
(13)ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó aon tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, blocáil, criptiú, léirscriosadh nó díothú;
(14)ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ aon duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta a ndéantar a shonraí pearsanta a phróiseáil;
(15)ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ sonraí pearsanta a bhaineann le saintréithe géiniteacha duine nádúrtha, bídís ina saintréithe ó bhroinn nó ina saintréithe fáltais, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha atá i gceist;
(16)ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin;
(17)ciallaíonn ‘faisnéis’ sonraí pearsanta agus neamhphearsanta;
(18)ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach;
(19)ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’, i gcás an Aontais, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus, i gcás na hAilgéire, an t‑údarás náisiúnta um chosaint sonraí pearsanta (autorité nationale de protection des données à caractère personnel);
(20)ciallaíonn ‘sonraí sláinte’ aon fhaisnéis a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó le meabharshláinte an ábhair sonraí;
(21)ciallaíonn ‘Comhaltaí Náisiúnta’ na Comhaltaí Náisiúnta atá tugtha ar iasacht ó gach Ballstát den Aontas chuig Eurojust, i gcomhréir le Rialachán Eurojust;
(22)ciallaíonn ‘údarás próiseála’ an t‑údarás a phróiseálann na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, dá dtagraítear in Airteagail 14 go 17.
Airteagal 2
Cuspóirí
1.Is é cuspóir foriomlán an Chomhaontaithe seo feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach idir údaráis inniúla na hAilgéire agus Eurojust maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac.
2.Leis an gComhaontú seo ceadaítear sonraí pearsanta a aistriú idir údaráis inniúla na hAilgéire agus Eurojust, chun tacú lena ngníomhaíocht agus agus lena gcomhar maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go háirithe an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, an t‑éilliú, sciúradh airgid agus an chibearchoireacht, agus cionta coiriúla gaolmhara, agus coimircí iomchuí á n‑áirithiú an tráth céanna maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n‑áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta, agus chun an ghníomhaíocht agus an comhar sin a neartú.
Airteagal 3
Raon feidhme
I gcomhréir le forálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhoibreoidh Eurojust agus údaráis inniúla na hAilgéire i réimsí a ngníomhaíochtaí agus a gcumhachtaí chun an choireacht thromchúiseach a chomhrac, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, a mhéid a bhaineann le comhordú agus comhar in imscrúduithe agus in imeachtaí coiriúla.
Airteagal 4
Pointí teagmhála
1.Ainmneoidh an Ailgéir pointe teagmhála amháin ar a laghad laistigh dá húdaráis inniúla intíre chun an chumarsáid agus an comhar idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAilgéire a éascú. Ní bheidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh ina phointe teagmhála.
Ainmneoidh an Ailgéir pointe teagmhála freisin le haghaidh ábhair sceimhlitheoireachta.
2.Tabharfar fógra don Aontas faoi phointe teagmhála nó pointí teagmhála na hAilgéire. Cuirfidh an Ailgéir an tAontas ar an eolas má thagann athrú ar a pointí teagmhála.
3.Féadfaidh an Ailgéir a iarraidh ar an Aontas pointe teagmhála a ainmniú in Eurojust d’fhonn cumarsáid maidir le comhar idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAilgéire a éascú. Ní bheidh an Giúistís Idirchaidrimh ina phointe teagmhála.
Airteagal 5
An tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus an fhoireann
1.Chun an comhar dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo a éascú, tabharfaidh an Ailgéir Ionchúisitheoir Idirchaidrimh ar iasacht do Eurojust.
2.Is í an Ailgéir, i gcomhaontú le Eurojust, a chinnfidh sainordú agus fad iasachta an Ionchúisitheora Idirchaidrimh.
3.Féadfaidh Cúntóirí agus foireann tacaíochta cúnamh a thabhairt don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, ag brath ar an ualach oibre agus i gcomhairle le Eurojust. I gcás inar gá, féadfaidh na Cúntóirí teacht in ionad an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó gníomhú thar a cheann.
4.Beidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh inniúil chun gníomhú le húdaráis bhreithiúnacha na stát lena mbaineann faoi chuimsiú Eurojust.
5.Beidh rochtain ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ar an bhfaisnéis atá sna taifid choiriúla intíre nó in aon chlár ábhartha eile de chuid na hAilgéire, i gcomhréir lena dlí náisiúnta.
6.Agus a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh acu, beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dul i dteagmháil go díreach le húdaráis inniúla na hAilgéire i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm.
7.Cuirfidh an Ailgéir Eurojust ar an eolas faoi chineál beacht agus faoi mhéid beacht na gcumhachtaí a thugtar don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus do Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh laistigh den Ailgéir chun a gcúraimí a chur i gcrích i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
8.Déanfar na sonraí maidir le cúraimí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh, a gcearta agus a n‑oibleagáidí agus na costais lena mbaineann a rialú le socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Aireacht Dlí agus Cirt na hAilgéire agus Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 28 den Chomhaontú seo.
9.Cinnfidh Eurojust go mbeidh doiciméid oibre an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ina ndoiciméid oibre dosháraithe.
Airteagal 6
Cruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha
1.Féadfaidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh, Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus ionadaithe eile ó údaráis inniúla na hAilgéire, lena n‑áirítear na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4, páirt a ghlacadh i gcruinnithe straitéiseacha maidir le cúrsaí straitéiseacha ar chuireadh ó Uachtarán Eurojust, agus i gcruinnithe oibríochtúla le formheas na gComhaltaí Náisiúnta lena mbaineann.
2.Féadfaidh Comhaltaí Náisiúnta, a Leas‑Chomhaltaí agus a gCúntóirí, Stiúrthóir Riaracháin Eurojust agus foireann Eurojust freastal ar chruinnithe arna n‑eagrú ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, nó ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh arna iarraidh sin don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh.
Airteagal 7
An Giúistís Idirchaidrimh
1.Chun comhar breithiúnach leis an Ailgéir a éascú, féadfaidh Eurojust, mar a fhoráiltear ina Rialachán, Giúistís Idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht don Ailgéir, i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
2.Cuirfidh Eurojust an Ailgéir ar an eolas faoi chineál agus méid beacht na gcumhachtaí a thugtar don Ghiúistís Idirchaidrimh chun a chúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
3.Beidh sonraí maidir le cúraimí an Ghiúistís Idirchaidrimh, cearta agus oibleagáidí an Ghiúistís sin agus na costais lena mbaineann faoi rialú socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Aireacht Dlí agus Cirt na hAilgéire agus Eurojust.
Airteagal 8
Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú
1.Féadfaidh Eurojust cúnamh a sholáthar chun foirne comhpháirteacha um imscrúdú (FCInna) a bhunú idir údaráis náisiúnta Ballstáit amháin nó níos mó agus údaráis inniúla na hAilgéire de bhun an bhunúis dlí is infheidhme lena gcumasaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.
2.Chun críocha mhír 1, d’fhéadfadh sé go n‑iarrfaí ar Eurojust cúnamh airgeadais nó teicniúil a chur ar fáil chun foireann chomhpháirteach imscrúdaithe a oibriú, ar foireann í lena dtacaíonn sí go hoibríochtúil.
Caibidil II
Malartú faisnéise agus cosaint sonraí
Airteagal 9
Cuspóirí na próiseála sonraí pearsanta
1.Ní dhéanfar sonraí pearsanta a iarrtar agus a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ach amháin chun cionta coiriúla a chosc agus a bhrath, le haghaidh imscrúduithe agus ionchúisimh ghaolmhara nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo agus laistigh de theorainneacha Airteagal 10 agus de shainorduithe na n‑údarás inniúil féin.
2.Léireoidh na húdaráis inniúla go soiléir, tráth nach déanaí ná tráth aistrithe na sonraí pearsanta, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha dá bhfuil na sonraí á n‑aistriú.
Airteagal 10
Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí
1.Déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a aistreofar agus a phróiseálfar ina dhiaidh sin faoin gComhaontú seo:
(a)próiseálfar iad ar bhealach cóir agus dleathach, chun na gcríoch dár aistríodh iad i gcomhréir le hAirteagal 9, agus chun na gcríoch sin amháin, agus déanfar é sin ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach. Measfar go dtagraíonn an trédhearcacht thuasluaite do na rialacha agus do na prionsabail lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta.
(b)beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;
(c)beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar cothrom le dáta iad; áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta lena áirithiú go scriosfar nó go gceartófar gan moill mhíchuí sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;
(d)déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach;
(e)déanfar iad a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, díothú nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla inmheánacha.
2.Agus na sonraí sin á n‑aistriú aige, féadfaidh an t‑údarás aistrithe, tráth aistriú na sonraí pearsanta, aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann lena n‑aistriú ar aghaidh, lena léirscriosadh nó lena ndíothú tar éis tréimhse áirithe ama, nó a mhéid a bhaineann leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis na sonraí a aistriú, cuirfidh an t‑údarás aistrithe an t‑údarás is faighteoir ar an eolas dá réir.
3.Áiritheoidh gach Páirtí go gcomhlíonfaidh an t‑údarás is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid na sonraí pearsanta arna cur in iúl ag an údarás aistrithe dá dtagraítear i mír 2.
4.Forálfaidh gach Páirtí go gcuirfidh a údaráis inniúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme ionas go mbeifear in ann a thaispeáint go gcomhlíonann an phróiseáil sonraí pearsanta an Comhaontú seo agus go gcosnófar cearta na n‑ábhar sonraí lena mbaineann.
5.Comhlíonfaidh gach Páirtí na coimircí dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, gan beann ar náisiúntacht an ábhair sonraí lena mbaineann agus gan idirdhealú.
6.Áiritheoidh gach Páirtí nach bhfaighfear faisnéis arna haistriú faoin gComhaontú seo nó nach n‑úsáidfear í de shárú ar chearta an duine a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le gealltanais agus oibleagáidí idirnáisiúnta gach Páirtí faoi seach.
Áiritheoidh gach Páirtí freisin nach n‑úsáidfear an fhaisnéis a gheofar chun pionós an bháis a iarraidh nó, i gcás ina bhfógrófar pionós den sórt sin, nach gcuirfear i gcrích í.
7.Áiritheoidh gach Páirtí go gcoimeádfar taifead de gach aistriú sonraí pearsanta faoin Airteagal seo agus de chríocha na n‑aistrithe sin.
Airteagal 11
Próiseáil sonraí íospartach agus finnéithe, agus catagóirí speisialta sonraí pearsanta
1.Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar faoi chionta coiriúla ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach i gcásanna aonair chun coir thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
2.Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha a phróiseáiltear chun duine aonair a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann le sláinte nó saol pearsanta príobháideach duine aonair, lena n‑áirítear a shaol gnéis, ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus ina bhfuil sé comhréireach i gcásanna aonair chun coir tromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
3.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhíreanna 1 agus 2 faoi réir coimircí breise, lena n‑áirítear srianta ar rochtain, bearta slándála breise agus srianta ar aistrithe ar aghaidh.
Airteagal 12
Uathphróiseáil sonraí pearsanta
Toirmeascfar cinntí atá bunaithe go huile agus go hiomlán ar uathphróiseáil sonraí pearsanta a aistrítear, lena n‑áirítear próifíliú, a bhfuil éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil acu ar an ábhar sonraí nó a dhéanann difear mór dó, mura n‑údaraítear iad leis an dlí chun coir tromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus mura bhfuil coimircí reachtúla iomchuí ann do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí, lena n‑áirítear ar a laghad an ceart chun idirghabháil dhaonna a fháil.
Airteagal 13
Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh
1.Áiritheoidh an Ailgéir go dtoirmiscfear ar a húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a aistriú chuig údaráis eile san Ailgéir mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré;
(b)ní dhéantar an t‑aistriú ar aghaidh ach chun na críche dár aistríodh na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 9 agus chun na críche sin amháin; agus
(c)tá an t‑aistriú faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 10(2), ní bheidh gá le réamhúdarú nuair a chomhroinnfear sonraí pearsanta, i gcás inar gá, le ceann de na comhlachtaí lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
2.Áiritheoidh an Ailgéir go dtoirmiscfear ar a húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)baineann an t‑aistriú ar aghaidh le sonraí pearsanta seachas na sonraí a chumhdaítear le hAirteagal 11;
(b)tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré; agus
(c)is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag Eurojust.
3.Áiritheoidh an tAontas go dtoirmeascfar sonraí pearsanta a fhaigheann Eurojust faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí eile de chuid an Aontais nó chuig údaráis na mBallstát, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag an Ailgéir roimh ré;
(b)ní dhéantar an t‑aistriú ar aghaidh ach chun na críche dár aistríodh na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 9, agus chun na críche sin amháin; agus
(c)tá an t‑aistriú faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 10(2), ní bheidh gá le réamhúdarú nuair a chomhroinnfear sonraí pearsanta, i gcás inar gá, le ceann de na húdaráis nó de na húdaráis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn III.
4.Áiritheoidh an tAontas go dtoirmiscfear ar Eurojust sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh, chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)baineann an t‑aistriú ar aghaidh le sonraí pearsanta seachas na sonraí a chumhdaítear le hAirteagal 11;
(b)tá údarú sainráite tugtha ag an Ailgéir roimh ré; agus
(c)is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag an Ailgéir.
Airteagal 14
Ceart rochtana
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le ceart an ábhair sonraí deimhniú a fháil ó na húdaráis próiseála i dtaobh an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis a phróiseáil faoin gComhaontú seo agus, i gcás ina ndéantar, rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)críocha agus bunús dlí na próiseála, na catagóirí sonraí lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh;
(b)gurb ann don cheart ceartú nó léirscriosadh sonraí pearsanta, nó srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta, a fháil ón údarás;
(c)i gcás inar féidir, fad na tréimhse a mheastar go stórálfar na sonraí pearsanta, nó i gcás nach féidir é sin a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
(d)fógra, i dteanga shoiléir shimplí, faoi na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus faoi aon fhaisnéis atá ar fáil faoina gcuid foinsí;
(e)an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 21;
(f)sonraí teagmhála an údaráis maoirseachta.
I gcásanna ina bhfeidhmítear an ceart rochtana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachfar i gcomhairle leis an údarás aistrithe ar bhonn neamhcheangailteach sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarraidh ar rochtain.
2.Déanfaidh na Páirtithe foráil go dtabharfaidh an t‑údarás próiseála lena mbaineann aghaidh ar an iarraidh gan moill mhíchuí, agus in aon chás, laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil.
3.Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht moill a chur ar chur in iúl na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, nó é a dhiúltú nó a shrianadh, a mhéid is gur beart é an mhoill, an diúltú nó an srianadh sin a bhfuil gá leis nó atá réasúnta agus comhréireach, agus fad atá sin amhlaidh, agus cearta bunúsacha agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh acu, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)bac ar fhiosrúcháin oifigiúla nó dhlíthiúla, imscrúduithe oifigiúla nó dlíthiúla nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;
(b)dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;
(c)an tslándáil phoiblí a chosaint;
(d)an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó
(e)cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, go háirithe íospartaigh agus finnéithe.
4.Forálfaidh na Páirtithe go gcuirfidh an t‑údarás próiseála lena mbaineann an t‑ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)aon mhoill, aon diúltú nó aon srian ar rochtain agus na cúiseanna atá leis sin; agus
(b)an deis gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta inniúil nó an deis leigheas breithiúnach a lorg.
An fhaisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, féadfar í a fhágáil ar lár i gcás ina bhféadfadh soláthar na faisnéise sin an bonn a bhaint de chuspóir na moille, an diúltaithe nó an tsriain faoi mhír 3.
Airteagal 15
An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh nó srianadh
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí ceartú sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis a fháil ó na húdaráis próiseála. De réir chuspóirí na próiseála, áireofar leis an gceart go ndéanfaí ceartúchán an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta atá neamhiomlána a aistríodh faoin gComhaontú seo a fhorlíonadh.
2.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí léirscriosadh sonraí pearsanta a bhaineann leis a fháil ó na húdaráis próiseála i gcás ina sáraíonn próiseáil na sonraí pearsanta Airteagal 10(1), Airteagal 11 nó Airteagal 12, nó i gcás nach mór na sonraí pearsanta a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil na húdaráis faoina réir.
3.Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na húdaráis próiseála srian ar phróiseáil a dheonú seachas an ceartú nó an léirscriosadh sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 sna cásanna seo a leanas:
(a)i gcás ina gcuireann an t‑ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí pearsanta agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh; nó
(b)i gcás inar gá na sonraí pearsanta a stóráil chun críoch fianaise.
4.Cuirfidh an t‑údarás aistrithe agus an t‑údarás próiseála a chéile ar an eolas faoi aon chás dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3. Déanfaidh an t‑údarás próiseála na sonraí pearsanta lena mbaineann a cheartú nó a léirscriosadh, nó a bpróiseáil a shrianadh, i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh an t‑údarás aistrithe.
5.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an t‑údarás próiseála, tar éis dó iarraidh a fháil faoi mhír 1 nó 2, in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn gan moill mhíchuí gur ceartaíodh nó gur léirscriosadh na sonraí pearsanta, nó gur srianadh a bpróiseáil.
6.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an t‑údarás próiseála, tar éis dó iarraidh a fháil faoi mhír 1 nó 2, an t‑ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis an méid seo a leanas:
(a)aon diúltú ar an iarraidh agus na cúiseanna atá leis;
(b)an fhéidearthacht chun gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta inniúil; agus
(c)an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a lorg.
Féadfar an fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).
Airteagal 16
Fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann
1.I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta a bhaineann le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, déanfaidh na Páirtithe foráil go dtabharfaidh a n‑údaráis is faighteoir agus a n‑údaráis aistrithe féin fógra dá chéile agus dá n‑údarás maoirseachta féin faoin sárú sin gan mhoill, mura rud é nach dócha go mbeidh riosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, agus go ndéanfaidh siad bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú.
2.Tabharfar tuairisc san fhógra ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)an cineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n‑áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus an líon ábhar sonraí lena mbaineann agus na catagóirí agus an líon taifead sonraí pearsanta lena mbaineann;
(b)iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;
(c)na bearta atá déanta ag an údarás próiseála, nó atá beartaithe aige a dhéanamh, lena n‑áirítear na bearta atá déanta chun aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.
3.I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil an tráth céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.
4.Déanfaidh na Páirtithe foráil go ndéanfaidh a n‑údaráis próiseála féin aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a dhoiciméadú, lena n‑áirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, rud a chuirfidh ar a gcumas dá n‑údaráis mhaoirseachta féin a fhíorú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.
Airteagal 17
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
1.I gcás inar dócha go mbeidh riosca ard ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha de dheasca sárú i ndáil le sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh a n‑údaráis féin an sárú i ndáil le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí.
2.Agus é sin á chur in iúl don ábhar sonraí de bhun mhír 1, tabharfar tuairisc i dteanga shoiléir shimplí ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta agus áireofar ar a laghad na heilimintí dá bhforáiltear in Airteagal 16(2), pointí (b) agus (c).
3.An t‑eolas a chur in iúl don ábhar sonraí mar a thagraítear i mír 1, ní cheanglófar sin sna cásanna seo a leanas:
(a)má bhí na sonraí pearsanta a bhaineann leis an sárú faoi réir bearta cosanta teicneolaíocha agus eagraíochta iomchuí a fhágann nach mbeidh aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí in ann iad a thuiscint;
(b)má rinneadh bearta ina dhiaidh sin lena n‑áirithítear nach dócha go dtiocfaidh an riosca ard do chearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí chun cinn a thuilleadh; nó
(c)bheadh iarracht dhíréireach ag baint le cur in iúl den sórt sin, go háirithe i ngeall ar an líon cásanna lena mbaineann. Más amhlaidh atá, eiseoidh an t‑údarás teachtaireacht phoiblí nó déanfaidh sé beart comhchosúil trína dtabharfar fógra do na hábhair sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.
4.An t‑eolas a chur in iúl don ábhar sonraí, féadfar é sin a mhoilliú, a shrianadh nó a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).
Airteagal 18
Sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbunófar teorainneacha ama iomchuí maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a stóráil nó maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil, ionas nach stórálfar na sonraí sin ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críche dá n‑aistrítear iad.
2.In aon chás, déanfar athbhreithniú ar an ngá le stóráil leanúnach tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis aistriú na sonraí pearsanta.
3.I gcás ina bhfuil cúis ag an údarás aistrithe a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a d’aistrigh sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás is faighteoir ar an eolas, agus ceartóidh nó léirscriosfaidh sé na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith don údarás aistrithe.
4.I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a fuair sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás aistrithe ar an eolas agus tabharfaidh an t‑údarás aistrithe a sheasamh maidir leis an ábhar.
I gcás ina gcinnfidh an t‑údarás aistrithe go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás is faighteoir ar an eolas, agus ceartóidh nó léirscriosfaidh an t‑údarás is faighteoir na sonraí pearsanta lena mbaineann agus tabharfaidh sé fógra ina leith don údarás aistrithe.
Airteagal 19
Logáil agus doiciméadacht
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le logaí nó doiciméadacht eile a choimeád i ndáil le bailiú, athrú, rochtain, nochtadh, lena n‑áirítear aistriú ar aghaidh, comhcheangal agus léirscriosadh sonraí pearsanta.
2.Cuirfear na logaí nó an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don údarás maoirseachta arna iarraidh sin dó agus ní úsáidfear iad ach chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil iomchuí sonraí a áirithiú.
Airteagal 20
Slándáil sonraí
1.Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun sonraí pearsanta a aistreofar faoin gComhaontú seo a chosaint.
2.Maidir le huathphróiseáil sonraí, áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)rochtain ar threalamh próiseála sonraí a úsáidtear le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta (‘rialú rochtana ar threalamh’) a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe;
(b)cosc a chur ar mheáin sonraí a bheith á léamh, á modhnú nó á mbaint ar bhealach neamhúdaraithe (‘rialú meán sonraí’);
(c)ionchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, modhnú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (‘rialú stórála’);
(d)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (‘rialú úsáideoirí’);
(e)a áirithiú nach mbeidh rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina n‑údarú rochtana (‘rialú rochtana sonraí’);
(f)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cén eintiteas a bhféadfaí sonraí pearsanta a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (‘rialú cumarsáide’);
(g)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (‘rialú ionchuir’);
(h)cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn a n‑aistriú nó le linn meáin sonraí a aistriú (‘rialú iompair’);
(i)a áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte, i gcás idirbhriste, a aischur láithreach (‘athshlánú’);
(j)a áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéanfar lochtanna a thiocfaidh aníos sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (‘iontaofacht’) agus nach bhféadfar mífheidhmeanna córais sonraí pearsanta stóráilte a thruailliú (‘sláine’).
Airteagal 21
An t‑údarás maoirseachta
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le húdarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar é, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
2.Áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a)gníomhóidh an t‑údarás maoirseachta ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige;
(b)tá gach údarás maoirseachta saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní fhéachann sé le treoracha ná ní ghlacann sé le treoracha;
(c)beidh téarma oifige slán ag comhaltaí gach údaráis maoirseachta, lena n‑áirítear coimircí i gcoinne baint threallach.
3.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t‑áitreabh agus an bonneagar is gá ag gach údarás maoirseachta chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.
4.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála ag gach údarás maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a ndéanann sé maoirseacht orthu agus chun dul i mbun imeachtaí dlíthiúla.
5.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí ag gach údarás maoirseachta gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a sonraí pearsanta agus aghaidh a thabhairt ar na gearáin sin.
Airteagal 22
Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach
1.Áiritheoidh na Páirtithe, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, go mbeidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann sé gur sáraíodh a chearta a ráthaítear faoin gComhaontú seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta de shárú ar an gComhaontú seo.
2.Áireofar leis an gceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil an ceart chun cúiteamh a fháil, faoi na coinníollacha a leagtar amach i gcreat dlíthiúil gach Páirtí faoi seach, as aon damáiste a rinneadh don ábhar sonraí leis an bpróiseáil sin mar thoradh ar shárú ar an gComhaontú.
Airteagal 23
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh gach údarás inniúil a shonraí teagmhála ar fáil go poiblí mar aon le doiciméad ina leagfar amach, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid, faisnéis maidir leis na coimircí le haghaidh sonraí pearsanta a ráthaítear faoin gComhaontú seo, lena n‑áirítear faisnéis lena gcumhdaítear ar a laghad na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointí (a) agus (c), agus na modhanna atá ar fáil chun cearta na n‑ábhar sonraí a fheidhmiú.
2.Mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana, glacfaidh na húdaráis inniúla rialacha lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a fhorfheidhmiú go praiticiúil.
Caibidil III
Rúndacht faisnéise
Airteagal 24
Rúndacht na faisnéise a mhalartaítear
Agus forálacha an Chomhaontaithe seo á gcur chun feidhme, beidh sé d’oibleagáid ar na Páirtithe rúndacht na faisnéise a mhalartaítear idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAilgéire a áirithiú, mura mbeidh an fhaisnéis sin curtha ar fáil go dleathach don phobal cheana nó mura mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi cheana féin.
Airteagal 25
Faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe AE a mhalartú
Déanfar malartú faisnéise rúnaicmithe nó faisnéise íogaire neamh‑rúnaicmithe AE, más gá faoin gComhaontú seo, agus cosaint na faisnéise sin a rialú le socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAilgéire.
Caibidil IV
Dliteanas
Airteagal 26
Dliteanas
Beidh údaráis inniúla na bPáirtithe faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoi chreataí dlíthiúla na bPáirtithe lena mbaineann i leith duine aonair díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na hAilgéire a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag údarás inniúil de chuid an Pháirtí eile. Dá n‑íocfadh údarás inniúil cúiteamh le duine aonair mar gheall ar an úsáid a bhain sé as faisnéis mhíchruinn nó mhícheart a fuarthas, rachaidh ionadaithe na bPáirtithe i mbun comhairliúcháin d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
Caibidil V
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 27
Costais
Áiritheoidh na Páirtithe go n‑iompróidh na húdaráis inniúla a gcostais féin, ar costais iad a thagann chun cinn le linn an Comhaontú seo a chur chun feidhme, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo nó sa socrú oibre.
Airteagal 28
Socrú oibre
Beidh mionsonraí an chomhair idir na Páirtithe chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme faoi rialú socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Aireacht Dlí agus Cirt na hAilgéire agus Eurojust i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
Airteagal 29
Fógra a thabhairt faoi réamhghníomhaíochtaí chun an Comhaontú a chur chun feidhme
Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar cóip de na doiciméid a bhaineann leis na coimircí agus na rialacha is infheidhme i réimse na próiseála sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 23, a sheoladh/a chur faoi bhráid an Pháirtí eile agus a údaráis maoirseachta.
Airteagal 30
Fógra a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta
Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile maidir leis an údarás maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus as a áirithiú go gcomhlíonfar an Comhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 21.
Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin atá i bhfeidhm.
2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta dheireanaigh ar a mbeidh fógra tugtha ag ceann den dá Pháirtí dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 i gcrích.
3.Beidh feidhm ag an gComhaontú seo ón gcéad lá tar éis an dáta a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)tá socrú oibre sínithe ag na Páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 28;
(b)tá fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile faoi na réamhghníomhaíochtaí is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 23;
agus
(c)chuir gach Páirtí in iúl don Pháirtí a thugann fógra go bhfuil an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo agus na gníomhaíochtaí a thuairiscítear ann i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
Tabharfaidh na Páirtithe fógra i scríbhinn dá chéile lena ndaingneofar comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa mhír seo.
Airteagal 32
Leasuithe
1.Féadfar leasuithe ar an gComhaontú seo a dhéanamh i scríbhinn tráth ar bith, de chomhthoil idir na Páirtithe. Beidh leasuithe den chineál sin i ndoiciméad ar leith, agus é sínithe go cuí. Is i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 31(1) agus (2) a thiocfaidh siad i bhfeidhm.
2.Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta ach nótaí a mhalartú trí bhealaí taidhleoireachta.
3.Má dhéantar aon athrú substaintiúil ar Rialachán Eurojust a dhéanann difear d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo, cuirfidh an tAontas an Ailgéir ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí. Má dhéanann an Ailgéir agóidí bunúsacha i gcoinne raon feidhme leasaithe Rialachán Eurojust, féadfaidh sí an Comhaontú seo a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 35 laistigh de 2 mhí.
Airteagal 33
Athbhreithniú agus meastóireacht
1.Déanfaidh na Páirtithe cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach bliain amháin tar éis an dáta teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus nuair a iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus nuair a thagann na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis.
2.Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis a dháta teacht i bhfeidhm.
3.Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le mionsonraithe an athbhreithnithe agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Áireofar ar gach foireann saineolaithe ar chomhar breithiúnach agus ar chosaint sonraí. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na saineolaithe a ghlacfaidh páirt san athbhreithniú imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu agus rúndacht na bpléití a urramú. Chun críocha aon athbhreithnithe, cuirfidh gach Páirtí aon fhaisnéis is gá ar fáil don Pháirtí eile, lena n‑áirítear trí chumarsáid a dhéanamh le foireann fhreagrach na n‑údarás ábhartha a luaitear sa Chomhaontú seo.
Airteagal 34
Réiteach díospóidí agus fionraí
1.Má thagann díospóid chun cinn i ndáil le léiriú, feidhmiú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo nó aon ábhar a bhaineann leis, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán agus caibidlíochtaí d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.
I gcás tuairimí éagsúla maidir le léirmhíniú an téacs, is é an leagan Fraincise den téacs an pointe tagartha mar an teanga inar caibidlíodh an Comhaontú seo.
2.D’ainneoin mhír 1, i gcás sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí faoin gComhaontú seo, nó má tá tásc cruthaithe ann gur dócha go dtarlóidh sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí den sórt sin nó go bhfuil sé ar tí tarlú, féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile.
Ní thabharfar fógra i scríbhinn den sórt sin go dtí go mbeidh na Páirtithe páirteach i gcomhairliúcháin ar feadh 45 lá gan teacht ar réiteach.
Gabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí 30 lá tar éis an dáta a fhaightear an fógra. Féadfaidh an Páirtí a chuirfidh an Comhaontú seo ar fionraí deireadh a chur leis an bhfionraí sin tráth a thabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí eile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí láithreach a luaithe a gheofar an fógra sin.
3.D’ainneoin cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí, leanfar d’fhaisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear roimh a fionraí a phróiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
4.Cuirfidh Páirtí aistriú sonraí pearsanta ar atráth i gcás ina scoirfidh an Páirtí eile, agus fad a scoirfidh sé, d’fhoráil a dhéanamh maidir leis na coimircí agus na hoibleagáidí faoi Chaibidil II agus de na coimircí agus na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme.
Airteagal 35
Foirceannadh
1.Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh sin 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra comhfhreagrach i scríbhinn chuig an bPáirtí eile trí bhealaí taidhleoireachta.
2.Maidir le faisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear sula ndéantar é a fhoirceannadh, leanfar de bheith á próiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo mar atá i bhfeidhm dáta an fhoirceanta.
3.I gcás ina ndéantar an Comhaontú a fhoirceannadh, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le húsáid leanúnach agus stóráil na faisnéise atá curtha in iúl dá chéile acu cheana. Mura dtagtar ar chomhaontú, tá ceachtar Páirtí i dteideal a éileamh go ndéanfaí an fhaisnéis a chuir sé in iúl a scriosadh nó a thabhairt ar ais dó.
Airteagal 36
Fógraí
1.Seolfar fógraí i gcomhréir leis an gComhaontú seo:
(a)i gcás na hAilgéire, chuig an Aireacht um Ghnóthaí Eachtracha, um an bPobal Náisiúnta ar an gCoigríoch agus um Ghnóthaí Afracacha;
(b)i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig an gCoimisiún Eorpach.
2.Féadfar an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1 a nuashonrú trí bhealaí taidhleoireachta.
Airteagal 37
Ceangal le hionstraimí idirnáisiúnta eile
Beidh an Comhaontú seo gan dochar d’fhorálacha aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh maidir le comhar, aon chonradh maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, aon chomhaontú nó socrú comhair eile, ná aon chaidreamh comhair bhreithiúnaigh ar leibhéal oibre in ábhair choiriúla idir an Ailgéir agus aon Bhallstát, agus ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear ar bith eile dóibh.
Déantar an Comhaontú seo a tharraingt suas i ndúblach san Arabach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.
DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos‑sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag na Páirtithe, a lámh leis an gComhaontú seo.
Arna dhéanamh i/sa ….., an ….. lá de … sa bhliain …
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Dhaon‑Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire
IARSCRÍBHINN I
Saghsanna coireachta tromchúisí (Airteagal 1, pointe (7))
·an sceimhlitheoireacht,
·an choireacht eagraithe,
·gáinneáil ar dhrugaí,
·gníomhaíochtaí sciúrtha airgid,
·an choireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,
·smuigleáil imirceach,
·gáinneáil ar dhaoine,
·an choireacht mhótarfheithicle,
·dúnmharú agus mórdhíobháil choirp,
·trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna,
·fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall,
·an ciníochas agus an tseineafóibe,
·robáil agus tromghadaíocht,
·gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n‑áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,
·an chaimiléireacht agus an chalaois,
·an choireacht in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais,
·trádáil cos istigh agus cúbláil margaidh airgeadais,
·an chambheartaíocht agus sracaireacht,
·góchumadh agus píoráideacht táirgí,
·doiciméid riaracháin a bhrionnú agus gáinneáil orthu,
·brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,
·an choireacht ríomhaire,
·an t‑éilliú,
·gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin,
·gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhíocha i mbaol,
·gáinneáil aindleathach ar speicis phlandaí agus cineálacha plandaí i mbaol,
·an choireacht chomhshaoil, lena n‑áirítear truailliú ó longa,
·gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,
·mí‑úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n‑áirítear ábhar mí‑úsáide leanaí agus sirtheoireacht páistí chun críoch collaíochta,
·coireanna eile a bhfuil inniúlacht ag Eurojust ina leith.
Déanfaidh údaráis inniúla na hAilgéire na saghsanna coireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a léirmhíniú i gcomhréir le dlí na hAilgéire.
Iarscríbhinn II
Údaráis inniúla na hAilgéire agus a n‑inniúlachtaí
(Airteagal 1(3))
Is iad seo a leanas údaráis inniúla na hAilgéire a bhféadfaidh Eurojust sonraí a aistriú chucu:
|
Údarás
|
Tuairisc ar na hInniúlachtaí
|
|
An Aireacht Dlí agus Cirt
|
Inniúlachtaí uile údaráis lárnaigh atá freagrach as cúnamh dlíthiúil frithpháirteach idirnáisiúnta
|
|
Cúirteanna (cúirteanna céadchéime) 214
- ionchúisitheoirí poiblí
- breithiúna imscrúdaithe
- breithiúna cúirte na n‑óg
- breithiúna (juges de siège)
|
Ionchúiseamh agus imscrúduithe poiblí
|
|
cúirteanna breithiúnacha (cúirteanna achomhairc) 48
- ionchúisitheoirí ginearálta (procureurs généraux)
- breithiúna (juges de siège)
|
Ionchúiseamh agus imscrúduithe poiblí
|
|
Cúirteanna speisialaithe:
1- Cúirt choiriúil (atá ann ag gach Cúirt):
* cúirt choiriúil chéadchéime
* cúirt achomhairc choiriúil
2- Cúirteanna míleata
|
1 Breithiúnas a thabhairt ag an gcéad chéim agus, ar achomharc, daoine fásta a bhfuil coir curtha ina leith
2 Arna rialú ag an gCód um Cheartas Míleata (code de justice militaire)
Dlí Uimh. 18-14 an 29 Iúil 2018 lena leasaítear agus lena bhforlíontar Ordú Uimh. 71-28 an 22 Aibreán 1971
|
|
- Aonaid speisialaithe (poles spécialisés):
1 An t‑aonad náisiúnta coireachta chun sáruithe a bhaineann le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chomhrac (pole penal national de lutte contre les infractions liées aux technologies de l’information et de la communication)
2 An t‑aonad coireachta eacnamaíche agus airgeadais (pole pénal economique et financier)
– Cúirteanna dlínse críche níos leithne
|
1 freagrach as sáruithe a bhaineann le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus sáruithe gaolmhara a ionchúiseamh agus a imscrúdú agus as breithiúnas a thabhairt ar na sáruithe sin nuair is cionta iad
2 freagrach as sáruithe eacnamaíocha agus airgeadais an‑chasta agus sáruithe gaolmhara a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus breithiúnas a thabhairt orthu
Tá inniúlacht chomhpháirteach aige le cúirteanna a bhfuil dlínse chríche níos leithne acu
freagrach as sáruithe a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí, coireacht eagraithe thrasnáisiúnta, damáiste do chórais uathphróiseála sonraí, sciúradh airgid agus sceimhlitheoireacht, agus sáruithe ar reachtaíocht malairte eachtraí a ionchúiseamh, a imscrúdú agus a bhreithniú
|
|
Comhlachtaí póilíneachta coiriúla: Ard‑Stiúrthóireacht um an tSlándáil Náisiúnta (Direction Générale de la Sureté Nationale) – Gendarmerie Nationale – Ard‑Stiúrthóireacht um an tSlándáil Inmheánach (Direction Générale de la Sureté Intérieure) – Ard‑Stiúrthóireacht um Shlándáil Airm (Direction Centrale de la Sécurité de l’Armée)
Gach oifigeach, feidhmeannach agus seirbhíseach a ainmnítear sa Chód um Nós Imeachta Coiriúil nó i ngníomh sonrach
|
Glacann siad le gearáin agus tuarascálacha, bailíonn siad fianaise agus déanann siad imscrúduithe
|
|
An Lároifig um Chomhrac na hÉillitheachta (L’office central de repression de la corruption)
|
Freagrach as imscrúduithe a dhéanamh ar sháruithe a bhaineann le héilliú
|
Iarscríbhinn III
Comhlachtaí an Aontais agus údaráis náisiúnta an Aontais lena mbaineann
(Airteagal 1(6))
(a)Comhlachtaí de chuid an Aontais
·An tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA)
·An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
·an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)
·an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (FRONTEX)
·Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
·Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)
·Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
(b)Na húdaráis náisiúnta atá freagrach as imscrúduithe agus ionchúisimh a bhaineann le cionta coiriúla sna Ballstáit lena mbaineann.
IARSCRÍBHINN IV
Comhlachtaí na hAilgéire
(Airteagal 13(1))
·Banc na hAilgéire
·An tAonad um Próiseáil Faisnéise Airgeadais (cellule de traitement du renseignement financier – CTRF)
·Ard‑Stiúrthóireacht um Chánachas (direction générale des impôts)
·An tseirbhís garda cósta náisiúnta (service national des gardes cotes)
·Biúró Lárnach Náisiúnta Interpol - Cathair na hAilgéire
·Institiúid Náisiúnta na hAilgéire um Mhaoin Intleachtúil (Institut National Algérien de propriété industrielle – INAPI)
·An Oifig Náisiúnta um Chóipcheart agus um Chearta Gaolmhara (Office National des droits d’auteur et des droits voisins – ONDA)