An Bhruiséil,11.6.2026

COM(2026) 275 final

2026/0142(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear an Bheilg ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Déantar cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas san Aontas a rialáil le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 1 (an ‘Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh’ nó an ‘Treoir’).

De bhun Airteagal 19(1) den Treoir, sa bhreis ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 5, 15 agus 17 di go háirithe, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis ó thaobh leibhéal an chánachais de a thabhairt isteach le haghaidh breithnithe sonracha beartais.

Is é is cuspóir don togra seo go gceadófar don Bheilg ráta laghdaithe cánachais leictreachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad, 2 atá i mbeart i gcalafoirt (‘leictreachas cois cladaigh’) ar feadh 6 bliana. I litir dar dáta an 8 Eanáir 2026, chuir údaráis na Beilge an Coimisiún ar an eolas faoina niarraidh ar an údarú sin.

Tá an Bheilg ag lorg údarú chun ráta cánach laghdaithe EUR 0,50/MWh a chur i bhfeidhm, ar ráta é atá cothrom leis an íosráta cánachais ar leictreachas le haghaidh úsáid ghnó mar a leagtar síos sa Treoir, maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí a oibríonn go heisiach chun críoch tráchtála i bhfarraigí agus in uiscí intíre an Aontais (lena n‑áirítear iascaireacht).

Maireann an tréimhse bhailíochta a iarradh 6 bliana ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina bhfoilseofar an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena n‑údaraítear an Bheilg ráta laghdaithe a thabhairt isteach le haghaidh leictreachas cois cladaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá sé sin laistigh den uastréimhse a cheadaítear le hAirteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh.

Is é is aidhm don laghdú sin úsáid cumhachta cois cladaigh a chur chun cinn mar rogha mhalartach inbhuanaithe ar ghiniúint leictreachais ar bord trína mbaintear úsáid as gineadóirí a chumhachtaítear le breoslaí iontaise. Is céim ríthábhachtach é úsáid na cumhachta cois cladaigh a chur chun cinn chun loingseoireacht agus calafoirt na Beilge a dhéanamh níos glaise. Ina theannta sin, beidh tionchar dearfach ag úsáid níos mó cumhachta cois cladaigh amach anseo ar cháilíocht an aeir i limistéir chalafoirt na Beilge, mar a cheanglaítear leis an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 3 . Measann an Bheilg freisin go laghdófar astaíochtaí CO2, truailliú torainn agus astaíochtaí nítrigine leis an mbeart, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Gnáthóga 4 agus an Treoir Réime maidir le hUisce 5 .

Leis an mbeart a iarradh, féachann an Bheilg le cothrom iomaíochta cuí a chruthú don aistriú ó bhreosla umair (gineadóirí ar bord) go cumhacht cois cladaigh, chomh maith le dreasachtaí inbhuanaithe a chruthú. Beidh an beart ríthábhachtach chun é a chur ar a cumas don Bheilg spriocanna an Aontais maidir le hinfhaighteacht agus úsáid cumhachta cois cladaigh a bhaint amach, mar a leagtar síos sa Rialachán maidir le FuelEU Maritime 6 agus sa Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha 7 .

Tá sé beartaithe ag an mBeilg go gcuirfidh an scéim borradh faoi iomaíocht chóir, agus faoi dheiseanna comhshaoil agus fuinnimh, gan cur isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Is mian leis an mBeilg úsáid leictreachais cois cladaigh a dhreasú, rud a mheastar a bheith ina rogha mhalartach nach bhfuil chomh truaillitheach céanna ar leictreachas a ghiniúint ar bord soithí atá i mbeart i gcalafort. Mar a léirítear san iarraidh, ríomhtar ráta caighdeánach cánach leictreachais na Beilge trí úsáid a bhaint as na bandaí tomhaltais seo a leanas.

Banda tomhaltais

Dleacht mháil (EUR/MWh)

0 go 20 MWh

14,21

20 go 50 MWh

12,09

50 go 1 000 MWh

11,39

1 000 go 25 000 MWh

10,69

25 000 go 100 000 MWh

2,73

100 000 MWh agus níos mó ná sin

0,50

Braitheann an buntáiste cánach ar na méideanna sa difríocht idir na rátaí dleachta máil reatha is infheidhme maidir le leictreachas le haghaidh úsáid ghnó agus an ráta laghdaithe is infheidhme maidir le cumhacht cois cladaigh, mar atá, EUR 0,5 in aghaidh an MWh. Ciallaíonn sé sin go ngearrtar EUR 0,50 in aghaidh an MWh ar thairbhithe, arb é sin íosráta cánach an Aontais le haghaidh leictreachais is infheidhme faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (mar a shonraítear in Airteagal 10(1) agus Tábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, le haghaidh úsáid ghnó). Ceadaíonn an Bheilg go heisiach an buntáiste cánach a sholáthar mar dhleacht mháil laghdaithe is infheidhme maidir le leictreachas a sholáthraítear do shuiteálacha cumhachta cois cladaigh. Oibritheoirí suiteálacha cumhachta cois cladaigh ar mhaith leo go gcuirfí an ráta laghdaithe i bhfeidhm ar an leictreachas a sholáthraítear dá suiteálacha cumhachta cois cladaigh, ní mór dóibh dearbhú a chur faoi bhráid a soláthróra leictreachais ina léireofar cé acu dá naisc eangaí atá beartaithe go heisiach chun leictreachas a sholáthar do shuiteálacha cumhachta cois cladaigh a sholáthraíonn leictreachas do shoithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad. Ansin, ní chuirfidh an soláthróir leictreachais ach an ráta laghdaithe cánach fuinnimh i bhfeidhm maidir leis an leictreachas a sholáthraítear do na naisc sin.

Chuir údaráis na Beilge in iúl go mbeidh feidhm ag an mbeart dá bhrí sin maidir le hoibritheoirí suiteálacha cumhachta cois cladaigh i gcalafoirt na Beilge. Tá coinne leis go gcuirfidh na hoibritheoirí sin an buntáiste airgeadais ar aghaidh chuig úsáideoirí cumhachta cois cladaigh, i.e. úinéirí soithí loingseoireachta intíre agus muirí.

Faoi láthair, níl aon suiteáil cumhachta cois cladaigh ar fáil le haghaidh loingseoireacht mhuirí. Meastar go mbeidh 40 suiteáil den sórt sin ann faoi 2030 agus thart ar 70 suiteáil faoi 2035. Thairis sin, meastar go dtabharfaidh soithí cuairt ar na suiteálacha atá ar fáil 4 600 uair faoi 2030 agus thart ar 7 400 uair faoi 2035. Maidir le loingseoireacht intíre, tá thart ar 200 suiteáil ann faoi láthair a sholáthraíonn cumhacht do thart ar 400 soitheach.

Mar mheastachán ar an gcaiteachas cánach ón mbeart, ríomh údaráis na Beilge an tionchar buiséadach measta ó 2027 go 2032:

2027

EUR 0,14 milliún

2028

EUR 0,41 milliún

2029

EUR 0,62 milliún

2030

EUR 1,00 milliún

2031

EUR 1,09 milliún

2032

EUR 1,12 milliún

Leis an laghdú cánach, is mian leis an mBeilg úsáid cumhachta cois cladaigh a chur chun cinn mar rogha mhalartach inbhuanaithe ar ghiniúint leictreachais ar bord trína mbaintear úsáid as gineadóirí a chumhachtaítear le breoslaí iontaise. Tá spreagadh an chineáil sin fuinnimh mhalartaigh i gcomhréir leis na hiarrachtaí chun an t‑aistriú inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dó, mar a leagtar amach freisin sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rialaítear cánachas leictreachais leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, agus go háirithe Airteagal 10 di. Déantar foráil in Airteagal 14(1)(c) maidir le díolúine éigeantach ó cháin le haghaidh leictreachas a tháirgtear ar bord árthaigh. Foráiltear le hAirteagail 5, 15 agus 17 maidir leis an bhféidearthacht do na Ballstáit difreálacha cánach a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear díolúintí agus laghduithe, maidir le húsáidí áirithe leictreachais. Mar sin féin, ní dhéantar foráil leis na forálacha sin maidir le cánachas laghdaithe leictreachais cois cladaigh.

Forálacha faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh

Léitear Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, den Treoir mar a leanas:

Sa bhreis ar na forálacha a leagtar amach sna hAirteagail roimhe seo, go háirithe in Airteagail 5, 15 agus 17, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach le haghaidh breithnithe sonracha beartais.

Trí bhíthin an laghdaithe cánach atá i gceist, saothraíonn údaráis na Beilge an cuspóir maidir le bealach nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol a chur chun cinn chun go sásóidh longa a riachtanais leictreachais agus iad i mbeart i gcalafoirt, agus ar an gcaoi sin cáilíocht an aeir áitiúil a fheabhsú agus torann a laghdú.

Mhol an Coimisiún cheana úsáid an leictreachais cois cladaigh mar rogha mhalartach ar ghiniúint leictreachais ar bord na soithí atá i mbeart agus d’aithin sé, dá bhrí sin, buntáistí comhshaoil a úsáide 8 .

Gearrtar íosráta cánach an Aontais le haghaidh leictreachais EUR 0,50/MWh ar thairbhithe faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh seachas an ráta caighdeánach níos airde dhleacht mháil leictreachais na Beilge agus dá bhrí sin is féidir leis sin rannchuidiú leis an gcuspóir beartais sonraithe.

An fhéidearthacht cóireáil chánach atá fabhrach do leictreachas cois cladaigh a thabhairt isteach, is féidir í a shamhlú faoi Airteagal 19 den Treoir ós rud é gurb é is cuspóir dó cead a thabhairt do na Ballstáit díolúine nó laghduithe breise a thabhairt isteach le haghaidh breithnithe sonracha beartais.

D’iarr an Bheilg go gcuirfí an beart i bhfeidhm ar feadh tréimhse laistigh den uastréimhse a cheadaítear le hAirteagal 19(2), i.e. 6 bliana. I bprionsabal, ní mór an beart a fhanacht i bhfeidhm ar feadh tréimhse atá fada go leor chun tionchar dearfach a bheith aige ar na cinntí infheistíochta maidir le hinfheistíochtaí i saoráidí leictreachais cois cladaigh ó oibritheoirí calafort, agus i dtrealamh ar bord ó oibritheoirí long.

Mar sin féin, níor cheart dochar a dhéanamh leis an maolú d’fhorbairtí a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana agus ba cheart aird a thabhairt ar an athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus ar ghlacadh féideartha gnímh dlí ag an gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún chun an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a athmhúnlú 9 .

Go sonrach, mar chuid den athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, tá foráil déanta ag an gCoimisiún, i measc nithe eile, go ndéanfaidh na Ballstáit uile díolúine, díolúine pháirteach nó laghdú a chur i bhfeidhm maidir leis an leibhéal cánachais ar leictreachas arna sholáthar go díreach do shoithí atá ar i mbeart i gcalafoirt, chun dreasacht a shocrú dá fhorbairt agus dá úsáid.

Sna himthosca sin, is cosúil go bhfuil sé iomchuí an t‑údarú a dheonú le haghaidh na tréimhse atá i gceist.

Rialacha maidir leis an státchabhair

An ráta laghdaithe EUR 0,50 in aghaidh gach MWh atá beartaithe ag údaráis na Beilge, tá sé cothrom leis an íosleibhéal cánachais i gcomhair leictreachas le haghaidh úsáid ghnó de bhun Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE.

Sonraítear in Airteagal 44 de Rialachán 651/2014/AE ón gCoimisiún na coinníollacha faoinar féidir cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil faoi Threoir 2003/96/CE a dhíolmhú ó na ceanglais fógra a thabhairt maidir le Státchabhair.

Tá an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle gan dochar d’oibleagáid an Bhallstáit a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir leis an státchabhair á gcomhlíonadh, agus go háirithe, go bhfuil Rialachán (AE) 651/2014 ón gCoimisiún á chomhlíonadh i gcás catagóirí cabhrach bloc-dhíolmhaithe, faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Tá an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle gan dochar freisin d’oibleagáid an Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcabhair sula gcuirfear i bhfeidhm í, i gcás nach ndíolmhaítear an chabhair nua ón gceanglas d’Airteagal 108(3) den Chonradh maidir le fógra a thabhairt.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Beartas comhshaoil agus beartas don athrú aeráide

Baineann an beart a iarradh go príomha le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide. Sa mhéid go mbeidh an beart ina chuidiú dó breoslaí umair ar bord soithí i gcalafoirt a laghdú, rannchuideoidh sé leis an gcuspóir cáilíocht an aeir áitiúil a fheabhsú agus torann a laghdú. Leis an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 10 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcoinnítear leibhéil roinnt truailleáin aeir faoi bhun na dteorainnluachanna, na spriocluachanna agus na gcaighdeán eile cáilíochta aeir a bhunaítear sa Treoir. Leis an oibleagáid sin ceanglaítear ar na Ballstáit teacht ar réitigh ar fhadhbanna amhail astaíochtaí long atá i mbeart i gcalafoirt i gcás ina bhfuil sé sin ábhartha agus d’fhéadfaí a shamhlú go molfar a thuilleadh úsáid leictreachais cois cladaigh mar ghné amháin de straitéis iomlán cháilíocht an aeir i gcalafoirt ina bhfuil na fadhbanna sin. Spreagtar úsáid leictreachais cois cladaigh freisin faoi Threoir (AE) 2016/802 11 lena rialaítear an cion sulfair i mbreoslaí muirí.

Tríd an mbeart a iarradh a chur i bhfeidhm, tá sé beartaithe ag an mBeilg úsáid leictreachais cois cladaigh a dhreasú mar rogha mhalartach atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ar leictreachas a ghiniúint ar bord long agus iad i mbeart i gcalafort.

Mar a chuireann údaráis na Beilge i dtábhacht, d’fhéadfadh éifeachtaí tairbhiúla a bheith mar thoradh ar leictreachas cois cladaigh a úsáid in ionad gineadóirí ar bord. Is céim ríthábhachtach é úsáid na cumhachta cois cladaigh a chur chun cinn chun loingseoireacht agus calafoirt na Beilge a dhéanamh níos glaise. Thairis sin, beidh tionchar dearfach ag úsáid níos mó cumhachta cois cladaigh amach anseo ar cháilíocht an aeir i limistéir chalafoirt na Beilge, trí thruailleáin aeriompartha, ábhar cáithníneach agus súiche a laghdú. Measann an Bheilg freisin go laghdófar truailliú torainn agus astaíochtaí nítrigine leis an mbeart sin. Is dócha go mbeidh laghdú ar astaíochtaí CO2 mar thoradh ar an mbeart freisin. Is é is cúis leis sin an meascán leictreachais ón eangach ar tír sa Bheilg nach bhfuil chomh dian céanna ar charbón ná leictreachas a tháirgtear ar bord trí bhreoslaí umair a dhó, mar gheall ar éifeachtúlacht níos airde an chórais agus an difríocht sna breoslaí ionchuir a úsáidtear.

Tá an beart sin comhoiriúnach don Mholadh ón gCoimisiún maidir le leictreachas cois cladaigh a chur chun cinn lena úsáid ag longa atá i mbeart i gcalafoirt an Chomhphobail 12 , lena sonraítear go méadaítear tarraingteacht an leictreachais cois cladaigh trí chánachas ar leictreachas a sholáthraítear do longa atá i mbeart a ísliú.

Beartas fuinnimh

Tá an beart i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha 13 , lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist i ndáil le saoráidí soláthair leictreachais cois cladaigh a shuiteáil i gcalafoirt ina bhfuil éileamh ar shaoráidí den sórt sin agus ina bhfuil na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm an bhonneagair i gcomhréir leis na tairbhí, lena náirítear na tairbhí comhshaoil. Rinneadh measúnú freisin ar bheart comhchosúil agus deimhníodh go rannchuidíonn sé le cuspóirí bheartais agus reachtaíocht an Aontais a bhaint amach arb é is aidhm dóibh lorg comhshaoil an mhuiriompair a laghdú agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a fhorbairt faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE 14 .

Ní mór a mheabhrú ag an bpointe seo gur cúis thábhachtach leis an leictreachas cois cladaigh a bheith faoi mhíbhuntáiste iomaíochta is ea tairbhe a bheith á baint as díolúine iomlán ó cháin ag leictreachas a tháirgtear ar bord na soithí agus iad i gcalafoirt mhuirí: ní hamháin go ndóitear an breosla umair chun an leictreachas atá díolmhaithe ó chánachas a ghiniúint, rud a chomhfhreagraíonn don ghnáthstaid faoi Airteagal 14(1)(a) den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, ach tá an leictreachas féin a tháirgtear ar bord na soithí díolmhaithe freisin 15 . Cé go bhféadfaí a mheas go mbeadh díolúine an leictreachais a tháirgtear ar bord na soithí deacair a réiteach le spriocanna comhshaoil an Aontais, tagann sí ó bhreithnithe praiticiúlachta. Is é is cúis leis sin go mbeadh dearbhú ón longúinéir nó ón oibritheoir maidir le méid an leictreachais a ídítear ag teastáil chun cáin a ghearradh ar an leictreachas a tháirgtear ar bord. Thairis sin, ní mór a chinneadh sa dearbhú sciar an leictreachais a ídítear in uiscí teorann an Bhallstáit shonraigh ina bhfuil an cháin dlite. Chruthófaí leis sin ualach riaracháin iomarcach do longúinéirí dearbhuithe den sórt sin a dhéanamh i gcás gach Ballstáit a dtéitear trína nuiscí teorann. Tá feidhm ag breithnithe den chineál céanna maidir le loingseoireacht intíre agus maidir leis an gcóireáil chánach roghnach i gcomhréir le hAirteagal 15(1)(f) den Treoir. I bhfianaise na díolúine maidir le bealach iontaise na giniúna leictreachais ar bord long, ní féidir údar a thabhairt le pionós a ghearradh ar an rogha mhalartach ar leictreachas cois cladaigh nach bhfuil chomh truaillitheach céanna agus b’fhiú cead a thabhairt don Bheilg ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm.

Beartas iompair

Tá an beart i gcomhréir le spriocanna Rialachán Fuel EU Maritime 16 . Luaitear sa Rialachán sin go gceanglófar ar shoithí a aicmítear mar longa cúrsála, báid farantóireachta agus longa coimeádán os cionn olltonnáiste 5 000, ó 2030 ar aghaidh, córais Soláthair Cumhachta ar Tír a úsáid, ach amháin i gcásanna ina bhfuil teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha ar fáil dóibh. Bheadh cur i bhfeidhm níos leithne an ráta laghdaithe, go háirithe le haghaidh loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre agus soithí olltonnáiste níos ísle, fós ina údar leis an mbeart. Mar a chuir údaráis na Beilge i dtábhacht, beidh an túdarú ríthábhachtach chun é a chur ar a cumas don Bheilg spriocanna thuasluaite an Aontais a bhaint amach maidir le hinfhaighteacht agus úsáid cumhachta cois cladaigh.

An margadh inmheánach agus iomaíocht chóir

Ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh agus na hiomaíochta córa de, ní laghdaítear leis an mbeart ach an saobhadh cánach atá ann cheana idir dhá fhoinse iomaíocha leictreachais le haghaidh báid atá i mbeart, i.e. giniúint ar bord agus leictreachas cois cladaigh, mar thoradh ar an díolúine ó cháin le haghaidh breoslaí umair.

Tugann údaráis na Beilge faoi deara nach féidir a chur as an áireamh ag an gcéim seo go bhféadfadh an laghdú cánach atá beartaithe a bheith fabhrach do sholáthróirí leictreachais agus, go hindíreach, d’úinéirí soithí a úsáidtear le haghaidh loingseoireacht tráchtála. Mar sin féin, beidh rochtain ar leictreachas cois cladaigh ar fáil do na longa lena mbaineann gan beann ar a mbratach gan cóireáil cánach níos tairbhí a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha de thionscnamh na tíre féin ná dá n‑iomaitheoirí ó Bhallstáit eile den Aontas.

Maidir le hiomaíocht idir calafoirt, aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar thrádáil idir na Ballstáit, a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shoithí a mbealaí a athrú mar gheall ar an bhféidearthacht leictreachas cois cladaigh a ídiú ar ráta laghdaithe cánach, is féidir coinne a bheith leis sin go mbeidh an tionchar sin diomaibhseach. I gcás nach dócha, mar a luadh thuas, go n‑éireoidh úsáid leictreachais cois cladaigh, sa ghearrthéarma ar a laghad, níos eacnamaíche ná giniúint ar bord in ainneoin an laghdaithe cánach, ar an gcaoi chéanna, ní dócha go saobhfaí leis an laghdú cánach sin le haghaidh leictreachais cois cladaigh an iomaíocht idir calafoirt trí shoithí a spreagadh chun a gcúrsa taistil a athrú de réir infhaighteacht na rogha sin.

Áitíonn údaráis na Beilge go bhfuil ról ag tosca eile (amhail an cineál loinge agus lasta, na naisc chúlchríche atá ar fáil agus tosca eacnamaíocha eile) maidir le calafoirt a roghnú, rud a fhágann gur cosúil nach bhfuil infhaighteacht leictreachais cois cladaigh cinntitheach.

An tráthchlár dá bhfuil sé beartaithe an t‑údarú a dheonú ráta laghdaithe cánach a chur i bhfeidhm, mura mbeidh athruithe móra sa chreat agus sa staid atá ann faoi láthair, fágann an tráthchlár sin nach dócha go n‑athrófar an anailís a rinneadh sna míreanna roimhe seo roimh dháta éaga an bhirt.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Níl an réimse cánach indírí a chumhdaítear le hAirteagal 113 CFAE ann féin faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 3 CFAE.

Os a choinne sin, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, tugadh inniúlacht eisiach don Chomhairle, mar ábhar dlí thánaistigh, chun Ballstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach de réir bhrí na forála sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit iad féin a chur in ionad na Comhairle. Mar thoradh air sin, níl prionsabal na coimhdeachta infheidhme maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo. In aon chás, ó tharla nach dréachtghníomh reachtach an gníomh seo, níor cheart é a tharchur chuig Parlaimintí náisiúnta de bhun Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí lena athbhreithniú maidir lena chomhlíontacht le prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Leis an togra seo urramaítear prionsabal na comhréireachta. Ní théann an laghdú cánach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá i gceist a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle atá san ionstraim atá beartaithe. Ní dhéanann Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE foráil ach maidir leis an gcineál sin birt.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní cheanglaítear leis an mbeart aon mheastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Bheilg agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Baineann an togra seo le húdarú a thabhairt do Bhallstát aonair ar a iarraidh féin agus ní cheanglaítear leis measúnú tionchair a dhéanamh.

Mar sin féin, mar a luaitear roimhe seo, tugtar le fios san fhaisnéis a sholáthar an Bheilg go mbeidh tionchar teoranta ag an mbeart ar ioncaim chánach, agus beidh an ráta cánach le haghaidh leictreachas cois cladaigh fós os cionn an íosleibhéil cánachais a leagtar síos sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Measann an Bheilg go mbeidh tionchar dearfach ag an mbeart ar bhaint amach a spriocanna comhshaoil. Ina theannta sin, beidh tionchar dearfach ag úsáid níos mó cumhachta cois cladaigh amach anseo ar cháilíocht an aeir i limistéir chalafoirt na Beilge, mar a cheanglaítear leis an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 17 . Measann an Bheilg freisin go laghdófar astaíochtaí CO2, truailliú torainn agus astaíochtaí nítrigine leis an mbeart, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Gnáthóga 18 agus an Treoir Réime maidir le hUisce 19 .

Ar bhealach níos mionsonraithe, mar mheastachán ar an gcaiteachas cánach ón mbeart, de réir údaráis na Beilge, tá coinne leis na costais seo a leanas le linn chur i bhfeidhm an bhirt:

2027

EUR 0,14 milliún

2028

EUR 0,41 milliún

2029

EUR 0,62 milliún

2030

EUR 1,00 milliún

2031

EUR 1,09 milliún

2032

EUR 1,12 milliún

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní dhéantar foráil leis an mbeart maidir le simpliú. Is toradh é ar an iarraidh a rinne an Bheilg agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.

Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an mbeart ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chuirtear aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas leis an mbeart seo. Dá bhrí sin, ní bheidh aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon ghá le plean cur chun feidhme. Baineann an togra seo le húdarú maidir le laghdú cánach le haghaidh Ballstát aonair ar a iarraidh féin. Soláthraítear é ar feadh tréimhse theoranta 6 bliana. Beidh an ráta cánach a mbeidh feidhm aige cothrom leis an íosleibhéal cánachais a leagtar síos leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart i gcás iarraidh ar athnuachan tar éis dul in éag na tréimhse bailíochta.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní cheanglaítear leis an togra aon doiciméad míniúcháin a bheith ann maidir leis an trasuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sonraítear in Airteagal 1 go gceadófar don Bheilg ráta laghdaithe cánachais leictreachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad, atá i mbeart i gcalafoirt na Beilge (‘leictreachas cois cladaigh’). Ní mór nach lú ná EUR 0,50/MWh an ráta cánach, i.e. an t‑íosleibhéal cánachais le haghaidh leictreachas i gcomhair úsáid gnó arna shocrú leis an Treoir. Ní bheifear in ann leictreachas a sholáthar ar ráta laghdaithe d’árthaí príobháideacha áineasa mar a shainmhínítear in Airteagal 14(1)(c), an dara fomhír den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh.

Sonraítear in Airteagal 2 go ndeonaítear an t‑údarú agus go mbeidh éifeacht ag gabháil leis ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina bhfoilsítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena n‑údaraítear an Bheilg ráta laghdaithe a thabhairt isteach le haghaidh leictreachas cois cladaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, laistigh den uastréimhse 6 bliana a cheadaítear leis an Treoir, mar a d’iarr an Bheilg.

2026/0142 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear an Bheilg ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail maidir le cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 20 , agus go háirithe Airteagal 19(1), an chéad mhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I litir dar dáta an 8 Eanáir 2026, lorg an Bheilg údarú chun ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafoirt (‘leictreachas cois cladaigh’), i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE.

(2)Leis an ráta laghdaithe cánach a bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg a chur i bhfeidhm, tá sé d’aidhm aici úsáid leictreachais cois cladaigh a chur chun cinn. Úsáid leictreachais den sórt sin, meastar gur bealach é atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol chun freastal ar riachtanais leictreachais soithí atá i mbeart i gcalafort ná na soithí sin a bheith ag dó breoslaí umair.

(3)Sa mhéid go seachnaítear le húsáid leictreachais cois cladaigh astaíochtaí ó thruailleáin aeir a thagann as soithí atá i mbeart i gcalafort a bheith ag dó breoslaí umair, feabhsaítear cáilíocht an aeir áitiúil i gcathracha calafoirt. Agus déine carbóin na giniúna leictreachais sa Bheilg á cur san áireamh, meastar freisin go laghdófar astaíochtaí CO2, truailleáin aeir eile agus torann le húsáid leictreachais cois cladaigh seachas leictreachas a ghintear trí bhreoslaí umair a dhó. Dá bhrí sin, meastar go rannchuideoidh cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe cánachais maidir le leictreachas cois cladaigh le cuspóirí beartais comhshaoil, sláinte agus aeráide an Aontais.

(4)Trí chead a thabhairt don Bheilg ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas cois cladaigh, ní théann an cead sin thar a bhfuil riachtanach chun úsáid an leictreachais sin a mhéadú, ós rud é go mbeidh giniúint an leictreachais ar bord mar rogha mhalartach níos iomaíche fós i bhformhór na gcásanna. Ar an gcúis chéanna, agus mar gheall gur íseal go leor é dul i bhfód na teicneolaíochta ábhartha ar an margadh, ní dócha go mbeidh aon saobhadh mór ar an iomaíocht mar thoradh ar chur i bhfeidhm an ráta laghdaithe cánachais sin le linn thréimhse a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, déanfar gach údarú a dheonaítear faoi Airteagal 19(1) den Treoir sin a theorannú go docht ó thaobh ama de. Chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse údarúcháin fada go leor ionas nach díspreagadh a bheidh ann d’oibreoirí eacnamaíocha ábhartha na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, is iomchuí an túdarú a iarradh a dheonú ar feadh tréimhse 6 bliana. Mar sin féin, ba cheart an túdarú sin a scor d’fheidhm a bheith aige tar éis dháta chur i bhfeidhm aon fhoráil ghinearálta maidir le buntáistí cánach le haghaidh leictreachais cois cladaigh a ghlacfadh an Chomhairle faoi Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh a chur i bhfeidhm, i gcás ina mbeadh forálacha den sórt sin infheidhme le linn thréimhse an údaraithe.

(6)Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an Bheilg údaraithe ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad, atá i mbeart i gcalafort (‘leictreachas cois cladaigh’), ar choinníoll go n‑urramaítear na híosleibhéil chánachais dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh 6 bliana ón gcéad lá den mhí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, dá ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon fhoráil ghinearálta a ghlacadh maidir le buntáistí cánach le haghaidh leictreachas cois cladaigh, a bheidh infheidhme le linn na tréimhse a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige nuair a thiocfaidh na forálacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Is chuig Ríocht na Beilge a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
(2)    Sainmhínítear an téarma ‘árthach príobháideach áineasa’ in Airteagal 14(1)(c), an dara fomhír, de Threoir 2003/96/CE.
(3)    Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip.
(4)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine.
(5)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.
(6)    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.
(7)    Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE.
(8)    Moladh 2006/339/CE ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2006 maidir le leictreachas cois cladaigh a chur chun cinn lena úsáid ag longa atá i mbeart i gcalafoirt an Chomhphobail (IO L 125, 12.5.2006).
(9)    COM/2021/563 final: Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú).
(10)    Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).
(11)    Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 58-78).
(12)    Moladh ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2006 maidir le leictreachas cois cladaigh a chur chun cinn lena úsáid ag longa i mbeart i gcalafoirt an Chomhphobail.
(13)    Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE.
(14)    Cinneadh C(2024) 3934 final ón gCoimisiún an 17.6.2024 i gcás SA.105117 maidir leis an Státchabhair (IO C/2024/5376, 3.9.2024).
(15)    Airteagal 14(1)(c) de Threoir 2003/96/CE.
(16)    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.
(17)    Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip.
(18)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine.
(19)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.
(20)    IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.