An Bhruiséil,12.5.2026

COM(2026) 237 final

2026/0117(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na
bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige, maidir le conclúidí atá dírithe ar Pháirtithe áirithe maidir leis na Páirtithe sin an Coinbhinsiún sin a chur chun feidhme agus maidir le comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile a thoghadh, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ag an 20ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe (‘CoP’ nó ‘an Coiste’) i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘an Coinbhinsiún’) an 2 Meitheamh 2026. Baineann an seasamh le (1) naoi ndréachtchonclúid a bhfuil sé beartaithe ag an gCoiste iad a ghlacadh agus a dhírítear chuig naoi bPáirtí maidir leis na Páirtithe sin an Coinbhinsiún a chur chun feidhme, agus (2) toghadh beartaithe cúigear comhaltaí den Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (‘GREVIO’).

2.Comhthéacs an togra

2.1.Coinbhinsiún Iostanbúl

Le Coinbhinsiún Iostanbúl, leagtar síos sraith rialacha cuimsitheacha agus comhchuibhithe chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014.

Shínigh an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún i mí an Mheithimh 2017, agus thug sé i gcrích an nós imeachta aontachais agus dhá ionstraim formheasa á dtaisceadh aige an 28 Meitheamh 2023, lenar tionscnaíodh teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais 1 agus i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement 2 . Shínigh Ballstáit uile an Aontais an Coinbhinsiún agus tá sé daingnithe ag 22 Bhallstát 3 . 

2.2.Coiste na bPáirtithe

Ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún atá ar an gCoiste 4 . Ní mór do na Páirtithe féachaint le saineolaithe den chéim is airde is féidir i réimse chosc agus chomhrac an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a ainmniú mar ionadaithe dóibh 5 . Liostaítear na cúraimí a thugtar don Choiste i Riail 1 dá Rialacha Nós Imeachta6. An 1 Deireadh Fómhair 2023, rinneadh Páirtí sa Choinbhinsiún den Aontas agus, dá bhrí sin, rinneadh comhalta den Choiste de (Airteagal 67(1) den Choinbhinsiún).

2.3.Sásra faireacháin Choinbhinsiún Iostanbúl

Le Coinbhinsiún Iostanbúl, bunaítear sásra faireacháin chun a áirithiú go gcuirfidh na Páirtithe chun feidhme go héifeachtach é 6 . Is é is cuspóir don sásra measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an Coinbhinsiún i bhfeidhm agus treoraíocht a thabhairt do na Páirtithe. Tá dhá chomhlacht ar leith sa sásra faireacháin sin ach bíonn siad ag obair i gcomhar le chéile: sainchomhlacht neamhspleách (an Grúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile, ‘GREVIO’) agus CoP.

Is grúpa neamhspleách saineolaithe é GREVIO a bhfuil sé de chúram air faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ar bhonn tíre, i gcomhréir le hAirteagal 66(1) den Choinbhinsiún. Leagtar an nós imeachta faireacháin amach in Airteagal 68 den Choinbhinsiún. I gcomhréir le hAirteagal 68(1) den Choinbhinsiún, ceanglaítear ar Pháirtithe nua tuarascáil a chur isteach (bunaithe ar cheistneoir arna ullmhú ag GREVIO) ina sonraítear na bearta reachtacha agus na bearta eile atá déanta acu chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún. Ullmhaíonn GREVIO tuarascáil ar na bearta a rinne an Páirtí sin lena mbaineann chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme, agus tugann sé comhairle agus moltaí uaidh maidir le bealaí a bhféadfadh an Páirtí sin dul i ngleic leis na fadhbanna a sainaithníodh 7 .

Féadfaidh CoP, ar bhonn thuarascáil GREVIO agus i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, moltaí a ghlacadh a bheidh dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus sprioc-am a leagan síos don Pháirtí freagra a chur isteach maidir leis an bPáirtí sin na moltaí a chur chun feidhme. Ar bhonn na forála sin, tá moltaí á nglacadh ag CoP do Pháirtithe a dhéanann idirdhealú idir na gníomhaíochtaí sin ar cheart iad a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt ina leith laistigh de thréimhse 3 bliana, agus na bearta sin nach mbaineann an phráinn chéanna leo, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana, ní mór don Pháirtí tuairisc a thabhairt do CoP maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí a díríodh chuige. Ar bhonn na faisnéise sin, agus aon fhaisnéis bhreise a fhaightear, glacfaidh CoP conclúidí maidir le cur chun feidhme na moltaí i ndáil le gach Páirtí faoi athbhreithniú, arna n-ullmhú ag Rúnaíocht an Choiste 8 .

2.4.Toghadh chomhaltaí GREVIO

I gcomhréir le hAirteagal 66 den Choinbhinsiún, tá 15 chomhalta ag GREVIO. Toghann an Coiste a chomhaltaí as iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe ar feadh téarma oifige 4 bliana, ar féidir é a athnuachan aon uair amháin. Roghnaítear comhaltaí GREVIO as náisiúnaigh na bPáirtithe, agus cothromaíocht inscne agus gheografach á cur san áireamh, chomh maith le saineolas ildisciplíneach.

Le Coinbhinsiún Iostanbúl, cuireadh de chúram ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa (CoM) an nós imeachta a chinneadh chun comhaltaí GREVIO a thoghadh. An 19 Samhain 2014, ghlac CoM Rún CM/Res(2014)43 maidir le rialacha nós imeachta tofa chomhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (GREVIO) 9 (Rún ó CoM). Ghlac GREVIO a Rialacha Nós Imeachta féin in 2015 10 .

Le linn chruinniú an Choiste an 2 Meitheamh 2026, meastar go dtoghfar cúigear comhaltaí nua GREVIO. Beidh siad in oifig ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2030. Eagrófar na toghcháin ina mbabhtaí leantacha. Beidh an líon céanna vótaí ag gach Páirtí, lena n-áirítear an tAontas, in aghaidh an bhabhta agus an líon suíochán a bheidh fós le líonadh ar GREVIO. Dá réir sin, sa chéad bhabhta, féadfaidh gach Páirtí cúig vóta a chaitheamh. Má thoghtar comhalta amháin sa bhabhta sin, féadfaidh gach Páirtí ceithre vóta a chaitheamh sa dara babhta, agus mar sin de. Leanfar leis na babhtaí go dtí go dtoghfar cúigear comhaltaí GREVIO trí thromlach na vótaí bailí a chaitear.

An 21 Aibreán 2026, roinn rúnaíocht CoP, i ndoiciméad IC-CP(2026)2, ainmneacha agus curricula vitae na n-iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe don toghchán atá beartaithe don 2 Meitheamh 2026. Léirítear sa doiciméad go bhfuil 15 iarrthóir ainmnithe ag 13 Pháirtí le haghaidh na 5 áit atá ar fáil. As na 13 thír ainmniúcháin, is Ballstáit den Aontas iad 11 díobh.

3.Na gníomhartha atá le glacadh ag Coiste na bPáirtithe

3.1.Na naoi ndréachtchonclúid

An 2 Meitheamh 2026, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aige, tá coinne leis go rachaidh CoP ar aghaidh le glacadh na naoi ndréachtchonclúid seo a leanas (na ‘dréachtchonclúidí’):

(1)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Boisnia agus na Heirseagaivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)4 prov.

(2)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Cipire arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)5 prov.

(3)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEastóine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)6 prov.

(4)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Seoirsia arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)7 prov.

(5)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Gearmáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)8 prov.

(6)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hÍoslainne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)9 prov.

(7)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hIorua arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)10 prov.

(8)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Rómáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)11 prov.

(9)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEilvéise arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)12 prov.

3.2.Toghadh beartaithe cúigear comhaltaí GREVIO

An 2 Meitheamh 2026, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aige, tá coinne leis go rachaidh CoP ar aghaidh le cúigear comhaltaí GREVIO a thoghadh, comhaltaí a rachaidh i mbun oifige ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2030.

3.3.Na naoi ndréachtchonclúid atá beartaithe ag CoP

Is chuig naoi bPáirtí a ndírítear na dréachtchonclúidí agus tá conclúidí iontu maidir leis na Páirtithe sin moltaí a rinneadh roimhe a chur chun feidhme. Baineann siad le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin ag institiúidí ábhartha agus ag an riarachán poiblí. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid atá feidhm aige maidir lena institiúidí agus lena riarachán poiblí agus a mhéid atá inniúlacht eisiach aige glacadh le hoibleagáidí a leagtar amach sa Choinbhinsiún maidir lena institiúidí agus lena riarachán poiblí féin, faoi raon feidhme Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CoP maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo.

Tá na dréachtchonclúidí maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, i ndáil lena institiúidí féin agus lena riarachán poiblí féin, i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus ní ábhar imní iad maidir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe nach ndéanfaidh an tAontas agóid in aghaidh ghlacadh na ndréachtchonclúidí ag an 20ú cruinniú de CoP.

3.4.Toghadh beartaithe cúigear comhaltaí GREVIO

Mar chomhalta de CoP, tá cúig vóta ag an Aontas sa toghchán atá ar na bacáin do chúigear comhaltaí GREVIO ag cruinniú COP an 2 Meitheamh 2026. Toghfaidh CoP na comhaltaí as na 15 iarrthóir atá ainmnithe ag 13 Pháirtí.

As na 13 Pháirtí, is Ballstáit den Aontas iad 11 díobh. Tá cuid mhór taithí ildisciplíní ag na hiarrthóirí ainmnithe uile i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chomhrac, mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2026)2. Tá sé beartaithe gurb é seasamh an Aontais staonadh ó vóta a chaitheamh sna toghcháin.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’ Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 11 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é CoP a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Iostanbúl. Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo iad na conclúidí atá beartaithe a n-iarrtar ar CoP iad a ghlacadh, chomh maith leis an gcinneadh staonadh ó vóta a chaitheamh i dtoghadh chomhaltaí GREVIO. D’fhéadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais, toisc go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha Choinbhinsiún Iostanbúl amach anseo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an chinn eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

A mhéid a bhaineann leis an mbunús dlí substainteach, d’aontaigh an tAontas do Choinbhinsiún Iostanbúl a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais 12 agus i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement 13 . Roinneadh aontachas an Aontais do Choinbhinsiún Iostanbúl ina dhá chinneadh ar leith ón gComhairle chun seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann a chur san áireamh maidir le Teideal V CFAE. Dá bhrí sin, ní mór an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CoP a roinnt ina dhá chinneadh freisin, nuair a bhaineann na conclúidí ábhartha leis an dá ábhar. An cinneadh atá beartaithe, baineann sé le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais. Dá bhrí sin, is é Airteagal 336 CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh seo.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 336 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2026/0117 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na
bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige, maidir le conclúidí atá dírithe ar Pháirtithe áirithe maidir leis na Páirtithe sin an Coinbhinsiún sin a chur chun feidhme agus maidir le comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile a thoghadh, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle 14 maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle 15 i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann na hábhair sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023.

(2)De bhun Airteagal 66(1) den Choinbhinsiún, tá an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) le faireachán a dhéanamh ar na Páirtithe sa Choinbhinsiún (‘na Páirtithe’) an Coinbhinsiún a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus a chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme.

(3)Glacann Coiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, ar bhonn thuarascáil agus chonclúidí GREVIO. Déanann na moltaí sin idirdhealú idir bearta atá le déanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt don Choiste laistigh de thréimhse 3 bliana, agus bearta nach n-éilíonn an leibhéal céanna práinne, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana sin, ní mór don Pháirtí tuairisc a thabhairt don Choiste maidir leis na bearta a rinneadh, laistigh de 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aon fhaisnéis bhreise, tá an Coiste le conclúidí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na moltaí, arna n-ullmhú ag rúnaíocht an Choiste.

(4)Tá coinne leis go nglacfaidh an Coiste, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aige an 2 Meitheamh 2026, na dréachtchonclúidí seo a leanas maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag naoi bPáirtí (dá ngairtear ‘na dréachtchonclúidí’):

(1)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Boisnia agus na Heirseagaivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)4 prov.

(2)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Cipire arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)5 prov.

(3)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEastóine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)6 prov.

(4)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Seoirsia arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)7 prov.

(5)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Gearmáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)8 prov.

(6)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hÍoslainne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)9 prov.

(7)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hIorua arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)10 prov.

(8)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Rómáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)11 prov.

(9)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEilvéise arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)12 prov.

(5)Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas glacadh le hoibleagáidí a leagtar amach sa Choinbhinsiún maidir lena institiúidí agus lena riarachán poiblí féin, faoi raon feidhme Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I mír 305 de Thuairim 1/19 uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2021, Coinbhinsiún Iostanbúl 16 , dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil cuid shuntasach d’oibleagáidí an Choinbhinsiúin a bhaineann le bearta coisctheacha agus cosanta a ghlacadh ina gceangal ar an Aontas, go bunúsach, a mhéid a bhaineann leis an bhfoireann ina riarachán agus a mhéid a bhaineann le baill den phobal a thugann cuairt ar áitribh agus ar fhoirgnimh a institiúidí, a ghníomhaireachtaí agus a chomhlachtaí. Thairis sin, i mír 307 den Tuairim chéanna, chinn an Chúirt nár cheart don Aontas é féin a theorannú do cheanglais ná do bhearta tacaíochta íosta a bhunú, ach gur cheart dó féin a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ina n-iomláine. An tráth céanna, ba cheart raon oibleagáidí an Aontais a léirmhíniú agus aird á tabhairt ar a chineál sonrach agus ar a chumhachtaí sonracha. Go háirithe, ós rud é nach dtugtar cumhachtaí forfheidhmithe dlí do riarachán poiblí an Aontais, ba cheart moltaí a bhaineann le hábhair a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, amhail eisiúint na n-orduithe urchoisc éigeandála, a léirmhíniú mar mholtaí lena gceanglaítear ar an Aontas sábháilteacht na n-íospartach a áirithiú taobh istigh de theorainneacha a chumhachtaí, mar shampla trí rochtain ar áitreabh na n-institiúidí a dhiúltú do dhéantóirí líomhnaithe.

(6)Baineann na gníomhartha atá beartaithe le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aontas freisin i dtaca lena institiúidí féin agus lena riarachán poiblí féin. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo.

(7)A mhéid a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin acu an gá atá leis an méid seo a leanas: beartais agus bearta arna nglacadh chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme a chomhchuibhiú trína áirithiú go gcumhdófar leo gach cineál foréigin in aghaidh na mban, agus go ndéanfar faireachán agus meastóireacht neamhspleách orthu (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); an líon comhlachtaí comhordúcháin atá ann cheana a chuíchóiriú agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha a áirithiú (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); iarrachtaí a dhéanamh sonraí córasacha, inchomparáide agus imdhealaithe a bhailiú ó na hacmhainní ábhartha uile (Airteagal 11 den Choinbhinsiún) agus a áirithiú gur féidir orduithe urchoisc éigeandála a eisiúint gan mhoill i gcás contúirt láithreach (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(8)A mhéid a bhaineann leis an gCipir, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: iarrachtaí a dhéanamh sonraí córasacha, inchomparáide agus imdhealaithe a bhailiú ó na hacmhainní ábhartha uile (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú gur féidir leis na húdaráis ábhartha orduithe srianta agus urchoisc éigeandála a eisiúint láithreach i gcásanna garchontúirte agus a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an horduithe sin agus go bhforfheidhmeofar iad (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(9)A mhéid a bhaineann leis an Eastóin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfaidh beartais agus bearta ábhartha aghaidh ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún agus go gcuirfear chun feidhme iad de réir tuiscint inscneach ar fhoréigean agus go bhfuil meastóireacht á déanamh ar a dtionchar (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh an cleachtas maidir le horduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(10)A mhéid a bhaineann leis an tSeoirsia, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfidh na beartais agus na bearta ábhartha uile tuiscint inscneach ar fhoréigean chun feidhme agus go mbeidh a dtionchar faoi réir meastóireacht chórasach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh struchtúir institiúidithe i bhfeidhm le haghaidh comhordú agus comhar idir gníomhaithe ábhartha chun freagairt ilghníomhaireachta chomhordaithe a áirithiú ar gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh ionaid dídine ar fáil (Airteagal 23 den Choinbhinsiún) agus nósanna imeachta nó cleachtais nach bhfuil gá leo a bhféadfadh atrámú íospartach a bheith mar thoradh orthu a sheachaint (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(11)A mhéid a bhaineann leis an nGearmáin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: comhordú agus comhar a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus freagairt ilghníomhaireachta chomhordaithe a chur ar fáil gan idirdhealú (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbaileoidh na gníomhaithe ábhartha uile sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(12)A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfar sainordú soiléir don chomhlacht comhordúcháin náisiúnta chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus go gcuirfear acmhainní tiomnaithe ar fáil dó (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); agus measúnú riosca córasach inscne-íogair a áirithiú (Airteagail 49, 50 agus 51 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(13)A mhéid a bhaineann leis an Iorua, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go mbeidh doiciméid bheartais náisiúnta dea-chomhordaithe agus go dtabharfaidh siad freagairt iomlánaíoch ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); bailiú sonraí imdhealaithe a áirithiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), agus a áirithiú gur féidir leis na húdaráis ábhartha orduithe urchoisc éigeandála a eisiúint i gcásanna garchontúirte (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(14)A mhéid a bhaineann leis an Rómáin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: comhordú agus comhar a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais iomchuí ann chun beartais agus bearta ábhartha a chur chun feidhme, agus go mbeidh cistiú seasmhach inbhuanaithe ann d’eagraíochtaí neamhrialtasacha na mban a thacaíonn le híospartaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbaileofar sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(15)A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go mbeidh cistiú iomchuí ann le haghaidh beartais agus bearta ábhartha mar aon le cistiú inbhuanaithe d’eagraíochtaí a sholáthraíonn sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh foréigin ar mná iad (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); leanúint d’iarrachtaí feabhas a chur ar bhailiú sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh agus ag a leanaí ar shainionaid dídine ar fud na tíre (Airteagail 22 agus 23). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(16)Le linn chruinniú an Choiste an 2 Meitheamh 2026, meastar go dtoghfar cúigear comhaltaí GREVIO. Beidh siad i seilbh oifige ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2030. . De bhun Airteagal 66 den Choinbhinsiún, tá 15 chomhalta ag GREVIO. Ní mór don Choiste a chomhaltaí a thoghadh as iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe ar feadh téarma oifige 4 bliana, ar féidir é a athnuachan aon uair amháin. Tá comhaltaí GREVIO le roghnú as náisiúnaigh na bPáirtithe, agus cothromaíocht inscne agus gheografach á cur san áireamh, chomh maith le saineolas ildisciplíneach.

(17)Mar chomhalta den Choiste, tá an tAontas i dteideal cúig vóta le linn an toghcháin bheartaithe le haghaidh an chúigear comhaltaí. Tá an cúigear comhaltaí le toghadh ag an gCoiste as na 15 iarrthóir arna n-ainmniú ag 13 Pháirtí. As na 13 thír ainmniúcháin, is Ballstáit den Aontas iad 11 díobh. Ós rud é go bhfuil cuid mhór taithí ildisciplíní ag na hiarrthóirí ainmnithe uile i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chomhrac, mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2026)2, ba cheart gurb é seasamh an Aontais staonadh ó vóta a chaitheamh sna toghcháin sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige:

1.nach ndéanfar agóid in aghaidh ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:

(1)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Boisnia agus na Heirseagaivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)4 prov.

(2)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Cipire arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)5 prov.

(3)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEastóine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)6 prov.

(4)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Seoirsia arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)7 prov.

(5)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Gearmáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)8 prov.

(6)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hÍoslainne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)9 prov.

(7)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hIorua arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)10 prov.

(8)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Rómáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)11 prov.

(9)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEilvéise arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)12 prov.

2.staonadh ó vóta a chaitheamh sna toghcháin do chúigear comhaltaí den Ghrúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (GREVIO).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)

   Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, IO L 143 I, 2.6.2023,lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj .

(2)

   Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement, IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj ) .

(3)

   Stádas na ndaingnithe an 27 Aibreán 2026: AT (2013); BE (2016); CY (2017); DE (2017); DK (2014); IE (2019); EL (2018); ES (2014); EE (2017) FI (2015); FR (2014); HR (2018); IT (2013); LU (2018); MT (2014); NL (2015); PL (2015); PT (2013); RO (2016); SI (2015); SV (2014), LV (2023).

(4)

    Committee of the Parties - Istanbul Convention Action against violence against women and domestic   violence (coe.int)  

(5)

   Riail 2.1.b de Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe. 6 Doiciméad IC-CP(2015)2, a glacadh an 4 Bealtaine 2015.

(6)

   Airteagal 1(2) de Choinbhinsiún Iostanbúl.

(7)

   Airteagal 68(10) de Choinbhinsiún Iostanbúl.

(8)

   Sainítear an nós imeachta is infheidhme maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar an tuairisciú sa Framework for supervising the implementation of the recommendations addressed to state parties, arna ghlacadh ag CoP an 13 Aibreán 2021, IC-CP/Inf(2021)2. 10 Atá i ndoiciméad IC-CP(2024)10 rev.

(9)

    CM/Res(2014)43    

(10)

    Rialacha Nós Imeachta (arna leasú)

(11)

   Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, An Ghearmáin v An Chomhairle, C-399/12,

ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.

(12)

   Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/OJ).

(13)

   Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/OJ).

(14)

   Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1), Cinneadh     2023/1075     GA     EU R - Le x .  

(15)

   Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4), Cinneadh   -   2023/1076   -   EN   -   EU R - Le x .  

(16)

   Tuairim 1/19 ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, Coinbhinsiún Iostanbúl, EU:C:2021:832.