An Bhruiséil,5.5.2026

COM(2026) 181 final

2026/0098(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 238ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), i leith leasú 19 ar Iarscríbhinn 17 – Slándáil Eitlíochta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Is leis an méid seo a leanas a bhaineann an togra seo

(i)an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 238ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), i leith togra le haghaidh leasuithe ar Iarscríbhinn 17 – Slándáil Eitlíochta, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’), a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le slándáil eitlíochta.

(ii)an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tar éis do EESI fógra a thabhairt maidir le glacadh leasú 19 ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, lena n‑iarrtar ar a Stáit Chonarthacha fógra a thabhairt maidir le haon difríocht le hais na mbeart arna nglacadh, nó maidir le comhlíonadh na mbeart sin.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

Is é is aidhm do Choinbhinsiún Chicago rialú a dhéanamh ar an aeriompar idirnáisiúnta. Tháinig sé i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947 agus is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI).

Tá na Ballstáit go léir ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chicago.

2.2.An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é EESI. Tá sé d’aidhm agus de chuspóir ag an Eagraíocht prionsabail agus teicnící na haerloingseoireachta idirnáisiúnta a fhorbairt, agus pleanáil agus forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú.

Ar na feidhmeanna éigeantacha atá ar Chomhairle EESI áirítear glacadh na gCaighdeán Idirnáisiúnta agus na gCleachtas Molta Idirnáisiúnta (SARPanna), mar a ainmnítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 54 den Choinbhinsiún sin.

Is comhlacht buan de chuid EESI í Comhairle EESI a bhfuil 36 stát chonarthacha ina gcomhaltaí ann agus is é Tionól EESI a thoghann na stáit chonarthacha sin ar feadh 3 bliana. Tá ionadaithe ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón Iodáil, ón Danmhairg, ón Spáinn, ón Eilvéis agus ón bPolainn ar Chomhairle EESI faoi láthair.

Tá stádas breathnóra ag an Aontas in EESI.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhairle na hEagraíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Ghlac Comhairle EESI le SARPanna maidir le slándáil eitlíochta mar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Ba cheart do Chomhairle EESI, sa 238ú Seisiún dá chuid i mí an Mheitheamh 2026, na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 17 a mheas. Seoladh Litir Stáit 1 chuig Stáit EESI an 12 Nollaig 2025 ina raibh téacs na leasuithe beartaithe chun a mbarúlacha a fháil.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1. Na leasuithe atá beartaithe agus an gaol atá acu le rialacha an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair

Ar na leasuithe atá beartaithe, mar a leagtar amach sa Litir Stáit thuasluaite, tá sainmhínithe nua ar paisinéirí agus bagáiste traschuir, agus paisinéirí agus bagáiste idirthurais; sainmhíniú athbhreithnithe ar thosca daonna; Cleachtas Molta athbhreithnithe maidir le tosca daonna; agus Caighdeán athbhreithnithe maidir le seiceálacha nó cuardaigh shlándála ar aerárthach.

Baineann ábhar an ghnímh atá beartaithe le réimse a bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas ina leith de bhua an choir dheireanaigh d’Airteagal 3(2) CFAE ós rud é gur dócha go ndéanfaidh na gníomhartha atá beartaithe difear do chomhrialacha nó go n‑athróidh siad a raon feidhme, is é sin:

 Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 2 ,

 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta 3 , agus

— Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2015) 8005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta, dá dtagraítear in Airteagal 18, pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 4 .

3.2. An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Ag féachaint do reachtaíocht ábhartha an Aontais, ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle EESI tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 17.

Is dul chun cinn agus feabhsú tábhachtach ar théacs Iarscríbhinn 17 atá ann cheana iad na leasuithe atá beartaithe toisc go gcuirfidh siad feabhas ar roinnt SARPanna agus ar a sainmhínithe, agus beidh sé d’éifeacht acu roinnt cleachtas a ailíniú níos dlúithe leis na cineálacha cur chuige atá ann cheana san Aontas, go háirithe i réimse na seiceálacha agus na gcuardach slándála ar aerárthach.

Is iad seo a leanas na leasuithe sonracha atá beartaithe:

Is é is aidhm don leasú atá beartaithe ar an sainmhíniú ar ‘phrionsabail a bhaineann le Tosca Daonna’ agus ar Chleachtas Molta 2.5.2 raon feidhme Chleachtas Molta 2.5.2 atá ann cheana a leathnú, cleachtas atá dírithe faoi láthair ar fhorbairt teicneolaíochta trína áirithiú go gcuirfear tosca daonna san áireamh freisin i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beartas, próiseas agus nósanna imeachta. Aithníonn sé go bhfuil ról tábhachtach ag pearsanra slándála maidir le slándáil éifeachtach agus inbhuanaithe a áirithiú, trína ngníomhaíochtaí agus trína niompraíochtaí. Dá réir sin, moltar an sainmhíniú ar ‘feidhmiú an duine’ a scriosadh toisc go dtagann an sainmhíniú nua ar ‘tosca daonna’ in ionad an ghá atá le téarma den sórt sin in Iarscríbhinn 17.

Is é is aidhm do na sainmhínithe nua atá beartaithe ar ‘phaisinéirí agus bagáiste traschuir’ agus ‘paisinéirí agus bagáiste idirthurais’ ailíniú a dhéanamh leis na sainmhínithe ábhartha a úsáidtear i Lámhleabhar EESI um Shlándáil Eitlíochta agus, ar an gcaoi sin, áiritheofar comhsheasmhacht téarmaíochta ar fud dhoiciméid EESI chomh maith le léirmhíniú comhsheasmhach ar na Caighdeáin ghaolmhara.

Le hIarscríbhinn 17, Caighdeán 4.4.3 a bhaineann le scagadh a dhéanamh ar phaisinéirí traschuir agus ar a mbagáiste cábáin agus Caighdeán 4.5.5 a bhaineann le scagadh a dhéanamh ar bhagáiste boilg traschuir, bunaítear an fhéidearthacht scagadh a sheachaint ar bhonn socrú slándála ilfhreastail idir dhá Stát nó níos mó. Mar sin féin, níl aon fhoráil chomhchosúil ann maidir le Caighdeán 4.3.1 a bhaineann le seiceálacha agus cuardaigh shlándála ar aerárthach. Ós rud é nach bhforáiltear i gCaighdeán 4.3.1 go bhféadfaí gan seiceáil nó cuardach slándála ar aerárthach a dhéanamh trí shocrú slándála ilfhreastail a úsáid, chun go noibreodh sin ba ghá an Caighdeán a leasú chun go bhféadfaí ceanglas seiceála nó cuardaigh a tharscaoileadh dá mbunófaí córas láidir slándála ilfhreastail. Sheachnófaí leis an leasú seo atá beartaithe go ndíreofaí torthaí iniúchóireachta EESI chuig Stáit a bhfuil socruithe éifeachtacha slándála ilfhreastail á gcur chun feidhme acu cheana féin a chlúdaíonn seiceálacha agus cuardaigh shlándála ar aerárthach agus dá bhrí sin, tá sé antábhachtach chun aitheantas níos fearr a thabhairt do chóras inmheánach slándála ilfhreastail an Aontais sna réimsí tábhachtacha sin.

Dá bhrí sin, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle EESI, gan aon athrú suntasach, na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 17, gan fógra míshástachta a thabhairt agus na bearta arna nglacadh a chomhlíonadh mar fhreagra ar an Litir Stáit EESI ábhartha. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir le Caighdeáin EESI nuaghlactha tar éis dáta a beartaíodh a thiocfadh na caighdeáin sin i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí le hais na gcaighdeán áirithe sin a fhógairt do EESI, seasamh a bheidh bunaithe ar dhoiciméad ullmhúcháin a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle in am trátha i gcomhair a phléite agus a fhormheasta, ina leagfar amach go mionsonraithe na difríochtaí a bheidh i gceist le linn na tréimhse is gá chun an cur chun feidhme a chur i gcrích.

4.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Cinneadh atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile an Aontais, go sonrach beartais iompair, agus comhlánaíonn sé iad.

5.Bunús dlí

5.1.Bunús dlí don nós imeachta

5.1.1. Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE, bíodh an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú nó ná bíodh 5 .

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 6 .

5.1.2 Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhairle EESI a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún Chicago.

Tá éifeachtaí dlíthiúla leis na gníomhartha atá beartaithe chun críocha Airteagal 218(9) CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, glacann Comhairle EESI na SARPanna, a ainmnítear mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Tá SARPanna den sórt sin ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago a mhéid a bheidh siad ceangailteach ar pháirtithe conarthacha uile EESI ach amháin má chláraíonn tromlach na bpáirtithe conarthacha sin a míshástacht le Comhairle EESI.

Thairis sin, de bharr go bhféadfadh leasuithe teacht astu, is féidir leis na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar reachtaíocht an Aontais, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1998 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2015) 8005 ón gCoimisiún a mhéid a thagraíonn siad go sainráite d’Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE a ghlactar seasamh an Aontais maidir le fógraí den sórt sin.

5.2.Bunús dlí substainteach

5.2.1 Prionsabal

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.

5.2.2 Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh a glacadh leis an mbeartas iompair.

I gcomhréir le hAirteagal 91(1) CFAE, leagfaidh an tAontas Eorpach síos (a) rialacha comhchoiteanna is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Ballstáit amháin nó níos mó; (b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát; (c) na bearta chun feabhas a chur ar shábháilteacht an iompair; (d) aon fhoráil eile is iomchuí.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 100(2) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2026/0098 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 238ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), i leith leasú 19 ar Iarscríbhinn 17 – Slándáil Eitlíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) leis.

(2)Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit go léir, agus is comhaltaí de EESI iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe de chuid EESI. Tá ionadaithe ó shé Bhallstát ar Chomhairle EESI.

(3)De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle EESI Caighdeáin Idirnáisiúnta agus Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta (SARPanna) a ghlacadh.

(4)Ghlac Comhairle EESI na SARPanna maidir le slándáil eitlíochta mar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(5)Tá Comhairle EESI, le linn a 238ú seisiún, le roinnt leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Is dul chun cinn agus feabhsú tábhachtach ar théacs Iarscríbhinn 17 atá ann cheana iad na leasuithe atá beartaithe toisc go gcuirfidh siad feabhas ar roinnt SARPanna agus ar a sainmhínithe, agus beidh sé d’éifeacht acu roinnt cleachtas a ailíniú níos dlúithe leis na cineálacha cur chuige atá ann cheana san Aontas, go háirithe i réimse na seiceálacha agus na gcuardach slándála ar aerárthach.

(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle EESI a leagan síos ós rud é go bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag na leasuithe atá beartaithe, ó tharla go bhfuil siad ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 7 , Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1998 ón gCoimisiún 8 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún 9 .

(7)Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais tacú le leasú 19 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(8)Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle EESI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, seasamh an Aontais a chur in iúl.

(9)Tar éis do Chomhairle EESI leasú 19 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a ghlacadh, rud a bheidh le fógairt ag Ardrúnaí EESI trí nós imeachta Litreach Stáit EESI, is é an seasamh ba cheart a bheith ag an Aontas gan míshástacht a chlárú agus na leasuithe a chomhlíonadh. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis dáta a beartaíodh a thiocfadh na SARPanna sin i bhfeidhm, ba cheart fógra a thabhairt do EESI i leith difríocht le hais na SARPanna áirithe sin. Ba cheart seasamh an Aontais i leith na difríochta sin a bheith bunaithe ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle i gcomhair a phléite agus a fhormheasta.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 238ú seisiún de Chomhairle EESI, nó in aon seisiún ina dhiaidh sin, i leith leasú 19 ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, tacú leis na leasuithe atá beartaithe ina niomláine.

(2)Ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle EESI, gan aon athrú suntasach, leasú 19 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago dá dtagraítear i mír 1, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan míshástacht a chlárú, agus fógra a thabhairt i leith chomhlíonadh an bhirt ghlactha mar fhreagra ar an Litir Stáit EESI ábhartha. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta nuaghlactha tar éis an dáta a beartaíodh a thiocfadh na caighdeáin sin i bhfeidhm, fógrófar do EESI go bhfuil difríocht ann le hais na gcaighdeán idirnáisiúnta áirithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago.

I gcás ina bhfuil aon difríocht idir reachtaíocht an Aontais agus na caighdeáin in Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle i gcomhair a phléite agus a fhormheasta, doiciméad lena leagtar amach seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí mionsonraithe a dtabharfaidh na Ballstáit fógra do EESI ina leith thar ceann an Aontais, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon sprioc-am a leagfaidh EESI amach maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí.

Airteagal 2

Is iad na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí de Chomhairle EESI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Is iad Ballstáit uile an Aontais, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    AS 8/2.1-25/95 Confidential
(2)    IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, EUR-Lex - 02008R0300-20100201 - GA - EUR-Lex
(3)    IO L 299, 14.11.2015, lch. 1, EUR-Lex - 02015R1998-20260101 - GA - EUR-Lex
(4)    nár foilsíodh san Iris Oifigiúil.
(5)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(6)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(7)    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lth. 72).
(8)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lgh. 1-142).
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, nár foilsíodh san Iris Oifigiúil.