An Bhruiséil,25.3.2026

COM(2026) 146 final

2026/0082(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don tSeicia


2026/0082 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don tSeicia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh 1 agus go háirithe Airteagal 8 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Sheol an Coimisiún glaonna ar léiriú spéise chun cúnamh airgeadais a fháil faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (ionstraim SAFE), lena niarrtar ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le huasmhéid táscach iasachta agus íosmhéid táscach iasachta. Faoin 29 Lúnasa 2025, chuir 19 mBallstát in iúl gur spéis leo cúnamh airgeadais a fháil faoi Rialachán (AE) 2025/1106.

(2)An 9 Meán Fómhair 2025, thug an Coimisiún fógra do na Ballstáit iarrthacha faoi leithdháileadh sealadach na méideanna iasachta in aghaidh an Bhallstáit.

(3)An 28 Samhain 2025, chuir an tSeicia iarraidh isteach, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2025/1106, ar chúnamh airgeadais (an iarraidh) a raibh plean infheistíochta um an tionscal cosanta Eorpach (an plean) ag gabháil léi.

(4)Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh de réir na gcoinníollacha is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) 2025/1106.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2025/1106, bhí réasúnú agus bunús cuí leis an bplean agus leagadh amach ann tuairisc ar na táirgí cosanta agus ar na táirgí eile chun críoch cosanta, agus i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar an rannpháirtíocht a bhí beartaithe don Úcráin sna gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta atá beartaithe, nó ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun tairbhe na hÚcráine.

(6)Chinn an Coimisiún go gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2025/1106 maidir le hionstraim SAFE a úsáid. Go sonrach, áirithítear léi go ndéanfar gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta trí sholáthairtí comhoibríocha nó soláthairtí aonair. Beidh ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas ag gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta den sórt sin freisin: dlús a chur le coigeartú an tionscail cosanta i leith athruithe struchtúracha, feabhas a chur ar infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta nó idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht a áirithiú ar fud an Aontais.

(7)Chinn an Coimisiún freisin go bhfuil san iarraidh tuairisc ar na bearta atá beartaithe arb é is aidhm dóibh comhlíonadh Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2025/1106 agus na rialacha soláthair a leagtar amach sa Rialachán sin a áirithiú, lena náirítear tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an comhlíonadh sin le háirithiú.

(8)Mar thoradh air sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2025/1106, chinn an Coimisiún go gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin, go háirithe na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 4, in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 16.

(9)I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2025/1106, rinne an Coimisiún riachtanais mhaoiniúcháin reatha agus ionchasacha na Seice a mheas, mar aon leis na hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun an Rialacháin sin atá curtha isteach cheana nó atá beartaithe ag Ballstáit eile a chur isteach, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm san am céanna.

(10)Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nós imeachta faoi Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle 3 .

(11)Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Rialacháin (AE, Euratom) 2024/2509 4 agus (AE, Euratom) 2020/2092 5 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(12)I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2025/1106, ba cheart a leagan amach sa chomhaontú iasachta atá le déanamh leis an tSeicia na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis seo go bhfuil measúnú déanta ag an gCoimisiún ar an iarraidh ar chúnamh airgeadais faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh a chuir an tSeicia isteach an 28 Samhain 2025 agus chinn sé go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2025/1106, go háirithe na coinníollacha sin in Airteagal 4, in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 16. Cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil don tSeicia dá réir sin.

Airteagal 2

1. Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don tSeicia darb uasmhéid EUR 2 060 000 000.

2. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht iasachta ar fáil don tSeicia. Cuirfear suim EUR 309 000 000 ar fáil mar íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin.

Airteagal 3

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na Seice a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj.
(2)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/oj).
(4)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(5)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).