An Bhruiséil,6.3.2026

COM(2026) 125 final

2023/0111(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Rialachán (AE) 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha réitigh agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


2023/0111 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Rialachán (AE) 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha réitigh agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1.Cúlra

An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2023) 226 final – 2023/0111 COD):

An 19 Aibreán 2023.

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

An 13 Iúil 2023.

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 24 Aibreán 2024.

An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:

Neamhbhainteach.

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

An 5 Márta 2026.

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Mhol an Coimisiún pacáiste ceithre ghníomh leasaitheacha chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat Bainistíochta Géarchéime Banc agus Árachais Taiscí. Ghlac na comhreachtóirí ar leithligh na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (COM/2023/229 final) mar Threoir (AE) 2024/1174. Leis na trí ghníomh eile moladh leasuithe ar Threoir 2014/59/AE, ar Rialachán (AE) 806/2014 agus ar Threoir 2014/49/AE, faoi seach.

Is iad cuspóirí uileghabhálacha an togra bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí cobhsaíocht airgeadais agus airgead na gcáiníocóirí a chosaint ar bhealach níos fearr, an fíorgheilleagar a chosaint ar thionchar theipeanna na mbanc agus cosaint taisceoirí a fheabhsú a thuilleadh. Tá sé d’aidhm ag an togra na cuspóirí sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar na huirlisí bainistithe géarchéime a úsáidtear chun teip na mbanc beag agus meánmhéide a bhainistiú. Is é an phríomhuirlis chun an sprioc sin a bhaint amach é a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh cistí ó scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid chun cur chun feidhme straitéise aistrithe a mhaoiniú i gcásanna nach leor cumas ionsúcháin caillteanais inmheánach an bhainc sin chun rochtain a fháil ar an gciste réitigh.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Leis an seasamh ón gComhairle maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) 806/2014, a glacadh ar an gcéad léamh, léirítear go hiomlán an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 25 Meitheamh 2025. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin. Seo a leanas príomhphointí an chomhaontaithe sin maidir le Rialachán (AE) 806/2014:

·Na rialacha maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid chun rochtain a fháil ar an gcistiú le haghaidh réitigh ón gCiste Réitigh Aonair, tá siad faoi réir rialacha comhchosúla, agus i gcásanna áirithe rialacha níos déine, maidir le seicheamhú, coimircí agus ceanglais comhroinnte ualaigh leo siúd a comhaontaíodh le haghaidh Threoir 2014/59/AE, rud lena náirithítear go mbeidh cumas ionsúcháin caillteanais inmheánach na mbanc fós ar an gcéad líne chosanta agus go gcosnófar airgead na gcáiníocóirí go maith.

·Déantar rialachas an Bhoird Réitigh Aonair a athchóiriú trí oibleagáidí comhairliúcháin breise a mbeidh baint ag an mBord leo ina sheisiún iomlánach, rud a neartaíonn rannpháirtíocht na núdarás réitigh náisiúnta i bpróisis chinnteoireachta an Bhoird.

4.Conclúid

Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.