AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.2.2026
COM(2026) 104 final
2026/0064(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, maidir le rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha mar bhreathnóirí i gcruinnithe an Choiste, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘an Coinbhinsiún’), i ndáil leis an dréacht‑Chinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh maidir le rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) mar bhreathnóirí i gcruinnithe Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl (IC-CP(2026)1 prov). Le Rialacha Nós Imeachta an Choiste, féadfaidh an Coiste údarú a thabhairt d’ionadaithe na sochaí sibhialta, go háirithe ENRanna atá gníomhach chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, ionadaithe a chur chuig a chruinnithe mar bhreathnóirí ar bhonn ad hoc (Riail 2(3)(c)). Bunaítear leis an dréacht‑Chinneadh próiseas chun na rialacha sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas trí nós imeachta a shainiú chun ENRanna a ligean isteach ina chruinnithe agus trí na critéir a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar ligean isteach.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Iostanbúl
Le Coinbhinsiún Iostanbúl, leagtar síos sraith rialacha cuimsitheacha agus comhchuibhithe a leagan síos chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014. Shínigh an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún i mí an Mheithimh 2017, agus thug sé i gcrích an nós imeachta aontachais agus dhá ionstraim formheasa á dtaisceadh aige an 28 Meitheamh 2023, lenar tionscnaíodh teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non‑refoulement. Shínigh Ballstáit uile an Aontais an Coinbhinsiún agus tá sé daingnithe ag 22 Bhallstát.
2.2.Coiste na bPáirtithe
Ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a bheidh sa Choiste. Ní mór do na páirtithe saineolaithe den chéim is airde is féidir a ainmniú, mar ionadaithe dá gcuid, i réimse chosc agus chomhrac an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Liostaítear na cúraimí a thugtar don Choiste i Riail 1 dá Rialacha Nós Imeachta. An 1 Deireadh Fómhair 2023, rinneadh Páirtí sa Choinbhinsiún den Aontas agus, dá bhrí sin, rinneadh comhalta den Choiste de (Airteagal 67(1) den Choinbhinsiún).
De bhun Airteagal 67(3) den Choinbhinsiún, ghlac an Coiste a Rialacha Nós Imeachta ag a chéad chruinniú an 4 Bealtaine 2015. Le Riail 2(3)(c) de na Rialacha Nós Imeachta bunaítear go bhféadfaidh ‘an Coiste údarú a thabhairt d’ionadaithe na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, ionadaithe a chur chuig a chruinnithe mar bhreathnóirí ar bhonn ad hoc’.
2.3.An cinneadh atá beartaithe maidir le rannpháirtíocht ENRanna mar bhreathnóirí i gcruinnithe an Choiste
Tar éis iarraidh a fháil ó ENR a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir ag cruinniú an Choiste, tionóladh réamhphlé maidir le cur chuige an Choiste i leith iarrataí den sórt sin ag an 18ú cruinniú den Choiste an 5 Meitheamh 2025 agus an 6 Meitheamh 2025, ar bhonn doiciméad IC-CP(2025)12. Ar bhonn an phlé sin, chomhroinn Rúnaíocht an Choiste doiciméad IC-CP(2025)31 i mí Dheireadh Fómhair 2025, ina leagtar amach nós imeachta féideartha chun ENRanna a ligean isteach ina chruinnithe agus ina moltar liosta de chritéir chun measúnú a dhéanamh ar iarratais, rud a bheidh mar bhonn don phlé ag an gcéad chruinniú eile den Choiste. Mar thoradh ar an bplé tosaigh agus ar na barúlacha i scríbhinn ó na toscaireachtaí, thángthas ar chomhaontú ag Meitheal na Comhairle um Chearta Bunúsacha, Cearta na Saoránach agus Saorghluaiseacht Daoine an 26 Samhain 2025, maidir le roinnt pointí atá le tabhairt ar aghaidh ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais le linn an phlé ag an gcéad chruinniú eile den Choiste. Áirítear orthu sin moltaí maidir leis na critéir atá le húsáid agus ENRanna á ligean isteach mar bhreathnóirí, maidir leis an ngá atá le nós imeachta údaraithe soiléir agus simplí (lena n‑áirítear nós imeachta i scríbhinn mar a leagtar amach in IC-CP(2025)12, lch. 6) agus ba cheart rannpháirtíocht na mbreathnóirí a bheith ar bhonn ad hoc agus an rannpháirtíocht sin a bheith teoranta do phlé téamach an Choiste, rud a fhágann go mbeidh sí deighilte go soiléir ón bplé maidir leis na moltaí agus na conclúidí a dhírítear chuig na Páirtithe maidir leis na Stáit sin an Coinbhinsiún a chur chun feidhme, agus ó ghlacadh na moltaí agus na gconclúidí sin. Ina dhiaidh sin, d’fhormhuinigh COREPER an cur chuige sin an 28 Samhain 2025 (WK 15858/25).
Le linn an 19ú cruinniú den Choiste an 11 Nollaig 2025, chuir an Coimisiún in iúl an cur chuige comhaontaithe atá le glacadh. Cinneadh ag an gcruinniú gur cheart do Rúnaíocht an Choiste na pointí sin a ionchorprú i ndréacht‑Chinneadh atá le glacadh trí nós imeachta i scríbhinn.
An 27 Eanáir 2026, chomhroinn Rúnaíocht an Choiste an dréacht‑Chinneadh maidir le rannpháirtíocht ENRanna mar bhreathnóirí i gcruinnithe Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl (IC-CP(2026)1 prov) (‘an gníomh atá beartaithe’). D’iarr an Rúnaíocht ar na Páirtithe an togra a fhormheas trí nós imeachta i scríbhinn. Cuireadh in iúl, freisin, mura gcuirtear agóidí i scríbhinn faoi bhráid na Rúnaíochta faoin 26 Márta 2026, mheasfaí gur glacadh an gníomh atá beartaithe.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Le Rialacha Nós Imeachta an Choiste, féadfaidh an Coiste údarú a thabhairt d’ionadaithe na sochaí sibhialta, go háirithe ENRanna atá gníomhach chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, ionadaithe a chur chuig a chruinnithe mar bhreathnóirí ar bhonn ad hoc (Riail 2(3)(c)). Leis an ngníomh atá beartaithe bunaítear próiseas chun na rialacha sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas trí nós imeachta a shainiú chun ENRanna a ligean isteach ina chruinnithe, in éineacht leis na critéir chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar ligean isteach.
Ar an gcéad dul síos, a mhéid a bhaineann le ENRanna a ligean isteach i gcruinnithe an Choiste, tá sé beartaithe go ndéanfaidh comhaltaí uile den Choiste an cinneadh maidir le ENR shonrach a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir ad hoc. Chuige sin, ar iarraidh a fháil ó ENR agus roimh an gcruinniú ábhartha, eagróidh Rúnaíocht an Choiste nós imeachta an tosta, i scríbhinn, lena n‑iarrfar formheas ó chomhaltaí uile den Choiste. Mura ndéantar aon agóid le linn an nós imeachta sin, tabharfaidh an Rúnaíocht fógra don ENR gur deonaíodh a rannpháirtíocht mar bhreathnóir ad hoc. Má dhéantar agóid, ba cheart an cinneadh maidir le ligean isteach a dhéanamh ag an gcruinniú ábhartha den Choiste, i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta. Ba cheart na hagóidí féideartha a bheith dea-réasúnaithe, nasctha leis na critéir maidir le ligean isteach agus ba cheart iad a ardú laistigh de theorainn ama áirithe. Más féidir, tabharfar fógra ansin don ENR ábhartha láithreach faoin gcinneadh maidir le ligean isteach, agus, i gcás ina ndéantar cinneadh dearfach, iarrfar uirthi a bheith rannpháirteach sa mhír ábhartha ar an gclár oibre ag an gcruinniú den Choiste sin.
Ar an dara dul síos, a mhéid a bhaineann leis an rannpháirtíocht, tá sé beartaithe an rannpháirtíocht a bheith teoranta do dhíospóireachtaí téamacha an Choiste agus tá sé beartaithe na díospóireachtaí sin a reáchtáil i bpearsa. Leagfar amach raon feidhme an fhormheasa sa chinneadh lena ndeonaítear an stádas breathnóra ad hoc agus d’fhéadfadh sé go gciallódh an téarma ‘ad hoc’ (mar a úsáidtear i Riail 2(3)(c) de Rialacha Nós Imeachta an Choiste) go ndeonófar ligean isteach chun níos mó ná cruinniú amháin a chumhdach más rud é go dtugtar aghaidh ar an díospóireacht théamach ar deonaíodh ligean isteach ina leith thar roinnt cruinnithe.
Ar an tríú dul síos, a mhéid a bhaineann leis na critéir chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar ligean isteach, moltar na critéir a leanas: a) iarraidh chuí‑réasúnaithe a bheith curtha isteach go tráthúil ag an eagraíocht a bhfuil ligean isteach ad hoc á lorg aici (ar a laghad 4 seachtaine roimh an gcruinniú), b) comhlíontacht na heagraíochta le luachanna Chomhairle na hEorpa, c) gníomhaíocht na heagraíochta i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, agus ábharthacht a hoibre maidir leis an ngníomhaíocht faireacháin a dhéanann an Coiste; agus d) clárú na heagraíochta i mBallstáit Chomhairle na hEorpa nó i dtíortha a bhí ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl nó i dtíortha a léirigh gur spéis leo a bheith ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl, nó seoladh gníomhaíochtaí na heagraíochta laistigh díobh.
Tá sé beartaithe gurb é seasamh an Aontais nach ndéanfar agóid do ghlacadh an dréacht‑Chinnidh maidir le rannpháirtíocht ENRanna mar bhreathnóirí i gcruinnithe an Choiste, mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2026)1 prov. Léirítear sa dréacht‑Chinneadh na pointí a d’ardaigh an tAontas ag cruinniú an Choiste 11 Nollaig 2025, lena n‑áirítear, go háirithe, gur cheart rannpháirtíocht na ENRanna a bheith teoranta do na díospóireachtaí téamacha. Is cosúil gur nós imeachta réasúnta, éifeachtúil, agus soiléir go leor é an nós imeachta atá molta, agus is critéir iomchuí iad na critéir a ceapadh chun a áirithiú go nglacfar leis na ENRanna ábhartha.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Coiste na bPáirtithe a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Iostanbúl. Is é atá sa ghníomh atáthar ag iarraidh ar Choiste na bPáirtithe a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an chinn eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is é príomhchuspóir an ghnímh atá beartaithe treoraíocht a chur ar fáil maidir le conas Riail 2(3)(c) de Rialacha Nós Imeachta an Choiste a chur i bhfeidhm sa chleachtas, trí nós imeachta lena n‑údaraítear do ENRanna a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí ina chruinnithe agus na critéir atá le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar iarratais den sórt sin a leagan amach. A mhéid a bhaineann leis an mbunús dlí substainteach, d’aontaigh an tAontas do Choinbhinsiún Iostanbúl a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin ábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non‑refoulement. Roinneadh aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl ina dhá chinneadh ar leith ón gComhairle chun seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann a chur san áireamh maidir le Teideal V CFAE. Dá bhrí sin, an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste i ndáil leis an ngníomh atá beartaithe, tá sé le roinnt ina dhá chinneadh chomhthreomhara. An bunús dlí le haghaidh an chinnidh seo, baineann sé le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais. Dá bhrí sin, is é Airteagal 336 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 336 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2026/0064 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, maidir le rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha mar bhreathnóirí i gcruinnithe an Choiste, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle i ndáil le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non‑refoulement, a mhéid a thagann na hábhair sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023.
(2)Is é atá i gCoiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) comhlacht de shásra faireacháin Choinbhinsiún Iostanbúl. De bhun Airteagal 67(3) den Choinbhinsiún, ghlac an Coiste a rialacha nós imeachta féin (‘na Rialacha Nós Imeachta’). Foráiltear sna Rialacha Nós Imeachta go bhféadfaidh an Coiste údarú a thabhairt d’ionadaithe na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, ionadaithe a chur chuig a chruinnithe mar bhreathnóirí ar bhonn ad hoc (Riail 2(3)(c)). Déantar foráil bhreise i Riail 2(3)(d) nach bhfuil cead vótála nó cead speansais a íoc ag breathnóirí.
(3)Tar éis iarraidh a fháil ó eagraíocht neamhrialtasach (ENR) a bheith rannpháirteach i gcruinniú an Choiste mar bhreathnóir, ba léir gur ghá an nós imeachta agus na critéir chun ENRanna a ligean isteach mar bhreathnóirí ad hoc a bhunú chun na Rialacha Nós Imeachta ábhartha a chur chun feidhme. Tionóladh an plé maidir le cur chuige an Choiste i leith iarrataí den sórt sin ag an 18ú agus ag an 19ú cruinniú den Choiste i mí an Mheithimh 2025 agus i mí na Nollag 2025.
(4)An 27 Eanáir 2026, ar bhonn an idirphlé sa Choiste, chomhroinn Rúnaíocht an Choiste dréacht‑Chinneadh maidir le rannpháirtíocht ENRanna mar bhreathnóirí i gcruinnithe Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl (IC-CP(2026)1 prov) (‘an gníomh atá beartaithe’). D’iarr an Rúnaíocht ar na Páirtithe an togra a fhormheas trí nós imeachta i scríbhinn. Cuireadh in iúl, freisin, mura gcuirtear agóidí i scríbhinn faoi bhráid na Rúnaíochta faoin 26 Márta 2026, mheasfaí gur glacadh an gníomh atá beartaithe.
(5)A mhéid a bhaineann leis an nós imeachta atá beartaithe, leis an ngníomh atá beartaithe déantar foráil go bhfuil an Coiste le cinneadh a dhéanamh maidir le ENRanna a ligean isteach mar bhreathnóirí ad hoc, trí nós imeachta an tosta, i scríbhinn, arna eagrú ag an Rúnaíocht roimh an gcruinniú ábhartha, agus cinneadh le déanamh ag an gcruinniú ábhartha féin i gcás go ndéantar agóidí. Beidh an rannpháirtíocht teoranta do dhíospóireachtaí téamacha an Choiste agus féadfar í a shíneadh thar roinnt cruinnithe. Ba cheart a áireamh ar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar iarratais, iarraidh a chur isteach go tráthúil, comhlíontacht na heagraíochta le luachanna Chomhairle na hEorpa, a gníomhaíocht i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chomhrac, agus clárú na heagraíochta i mBallstáit Chomhairle na hEorpa nó i dtíortha a bhí ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl nó a léirigh gur spéis leo a bheith ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl, nó seoladh gníomhaíochtaí na heagraíochta laistigh díobh.
(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach ó thaobh dlí ar an Aontas faoin dlí idirnáisiúnta.
(7)Chun Rialacha Nós Imeachta a chur chun feidhme lena gceadófar do ENRanna a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí ag cruinnithe an Choiste ar bhonn ad hoc, ní mór don Choiste nós imeachta a chinneadh chun ENRanna a ligean isteach ina chruinnithe agus chun teacht ar chomhaontú maidir le liosta de chritéir chun measúnú a dhéanamh ar iarratais den sórt sin. Is cosúil gur nós imeachta réasúnta, éifeachtúil agus soiléir go leor é an nós imeachta atá molta agus is cosúil gur critéir iomchuí iad na critéir atá beartaithe a ceapadh chun a áirithiú go nglacfar le ENRanna ábhartha amháin mar bhreathnóirí.
(8)Ba cheart gurb é seasamh an Aontais dá bhrí sin gan agóid a dhéanamh in aghaidh ghlacadh an togra athbhreithnithe chun na Rialacha Nós Imeachta a leasú mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2026)1 prov,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 den Choinbhinsiún, nach ndéanfar agóid in aghaidh ghlacadh an dréacht‑Chinnidh maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bheith mar bhreathnóirí i gcruinnithe Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl [IC-CP(2026)1 prov].
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,