AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.2.2026
COM(2026) 83 final
2026/0051(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine le EDT
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) i ndáil le cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh maidir le haontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine le EDT.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’)
Is é is aidhm don Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) na cuspóirí a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú a bhaint amach. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú. Is páirtithe iad gach ceann de na 27 mBallstát sa Chomhaontú freisin. Féadfaidh EDT cinntí a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gComhaontú EDT.
2.2.Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála
Is í an Chomhdháil Aireachta an comhlacht cinnteoireachta is airde in EDT agus tagann sí le chéile gach dhá bhliain ar a laghad. De réir dlí agus cleachtais, déantar cinntí de chomhthoil.
Tionólfar an chéad chruinniú eile den Chomhdháil Aireachta in Yaoundé, Camarún an 26-29 Márta 2026.
2.3.An gníomh atá beartaithe le linn Chomhdháil Aireachta EDT agus foras agus cuspóir an togra
Le linn an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT (‘MC14’), féadfar cinneadh a ghlacadh maidir le hAontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine (‘an Úisbéiceastáin’) le EDT.
D’fhéadfadh comhaltaí EDT agus an Úisbéiceastáin teacht ar chomhaontú go luath maidir leis na téarmaí i dtaca le haontachas na hÚisbéiceastáine leis an eagraíocht. Tagann sé sin tar éis roinnt blianta caibidlíochta, ar cuireadh tús léi nuair a chuir an Úisbéiceastáin a hiarratas isteach ar dhul isteach in EDT in 1994.
Tá coinne leis go gcuirfidh aontachas na hÚisbéiceastáine le EDT le próiseas an athchóirithe eacnamaíoch agus na forbartha inbhuanaithe san Úisbéiceastáin ar bhealach dearfach agus buan, agus leagann sé béim ar an tacaíocht do chóras iltaobhach trádála riailbhunaithe a bhfuil EDT ina chroílár.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
3.1.Nótaí Ginearálta
Is é is cuspóir don togra seo é a chur ar a chumas don Aontas páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh a d’fhéadfaí a bhaint amach in EDT, comhdhearcadh maidir leis an gComhdháil Aireachta an gníomh beartaithe a ghlacadh, ina bhfuil cinneadh maidir le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT.
Cé nach bhfuil sé soiléir go fóill an mbeidh Comhaltaí EDT in ann teacht ar chomhdhearcadh faoin ngníomh atá beartaithe, nó a mhéid a bheidh siad in ann teacht air, ní mór don Chomhairle seasamh an Aontais ag MC14 a shocrú roimh ré de bhun Airteagal 218(9) CFAE.
In 1994, rinne Rialtas na hÚisbéiceastáine iarratas ar aontachas le EDT. Bunaíodh Meitheal um aontachas na hÚisbéiceastáine an 21 Nollaig 1994. Tionóladh an 11ú cruinniú den Mheitheal an 5-6 Samhain 2025. I mí Dheireadh Fómhair 2025, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, bailchríoch ar chaibidlíocht dhéthaobhach maidir le sraith chuimsitheach ceangaltas ó thaobh na hÚisbéiceastáine maidir le hoscailt an mhargaidh. Ba cheart don Aontas tacú le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT.
A luaithe a eiseoidh Ardrúnaíocht EDT dréacht‑Phacáiste Aontachais Phoblacht na hÚisbéiceastáine (Dréacht‑Sceideal Comhdhlúite na Lamháltas agus na gCeangaltas maidir le hEarraí, Dréacht‑Sceideal Comhdhlúite na gCeangaltas Sonrach maidir le Trádáil i Seirbhísí agus Dréacht‑Tuarascáil na Meithle), déanfaidh Comhaltaí EDT athbhreithniú air ag an gCruinniú deiridh den Mheitheal um Aontachas na hÚisbéiceastáine (nach bhfuil sceidealaithe fós) agus féadfar é a ghlacadh (le roinnt mionmhodhnuithe, b’fhéidir) ag MC14 i gCamarún, a thionólfar an 26-29 Márta 2026.
Ó tharla go bhfuil an chaibidlíocht ar siúl faoi láthair, measann an Coimisiún go ndéanfaidh an Chomhairle a cinneadh maidir le seasamh an Aontais i leith thoradh na caibidlíochta a luaithe a bheidh soiléireacht ann ó thaobh an staid a bhaineann leis na téacsanna ábhartha, ag tús na Comhdhála Aireachta féin nó lena linn.
Tá an tionscnamh ag teacht go hiomlán leis na beartais atá ann faoi láthair. Ullmhaíodh cinntí comhchosúla le haghaidh Chomhdhálacha Aireachta EDT a tharla roimhe seo, lena n‑áirítear an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT in 2024.
3.2.Achoimre ar théarmaí aontachais le EDT
3.2.1.Sceideal na gceangaltas: earraí agus seirbhísí
Tá sceidil chomhdhlúite deiridh na gceangaltas agus na lamháltas a d’fhorbair Ardrúnaíocht EDT á gcinneadh faoi láthair. Thug an tAontas an chaibidlíocht dhéthaobhach leis an Úisbéiceastáin i gcrích an 24 Deireadh Fómhair 2025.
3.2.2.Earraí
Tugann an Úisbéiceastáin gealltanas i leith 100 % de na taraifí ina Sceideal Lamháltas agus Ceangaltas maidir le hEarraí. Maidir le ceangaltais na hÚisbéiceastáine i ndáil leis an Aontas, cuirfidh sí na rátaí ceangailte deiridh chun feidhme ó dháta an aontachais ar aghaidh, agus cuirfear mionlach na gceangaltas chun feidhme laistigh de 3 nó 5 bliana. Tá iarrataí an Aontais comhlíonta ag an Úisbéiceastáin freisin trí rátaí ceangailte a laghdú, go háirithe le haghaidh línte taraife ag a bhfuil onnmhairí níos mó ón Aontas agus ar le leas na talmhaíochta iad (tá meánráta ceangailte deiridh ualaithe ó thaobh trádála de thairiscint na hÚisbéiceastáine don Aontas thart ar 4,5 %), sin agus trí Chearta Caibidlíochta Tosaigh a dheonú.
A mhéid a bhaineann le dleachtanna onnmhairiúcháin, chomhaontaigh an Úisbéiceastáin liosta dearfach, de réir iarraidh an Aontais, le rátaí a bhfuil a bhformhór cosúil leo siúd a leagtar amach i bhForaithne 47 ó Uachtarán na hÚisbéiceastáine i mí an Mhárta 2025. I gcás miotal agus dramh‑mhiotail, cuimsítear sna rátaí céatadán ad valorem idir 5 % agus 80 % in éineacht le teorainnluachanna sonracha. I gcás táirgí talmhaíochta, tá na rátaí ad valorem sa raon idir 20 % agus 30 % i gcás ainmhithe beo, táirgí feola agus gránach, ach i gcás ríse, cadáis agus táirgí cadáis is rátaí ad valorem iad na dleachtrátaí onnmhairiúcháin a bhfuil teorainnluachanna sonracha agus a bhfuil tréimhse cur chun feidhme 10 mbliana ag gabháil leo.
3.2.3.Seirbhísí
Tabharfaidh an Úisbéiceastáin faoi cheangaltais maidir le rochtain ar an margadh i raon leathan seirbhísí, lena n‑áirítear i seirbhísí gairmiúla (seirbhísí dlíthiúla, cuntasaíochta agus iniúchóireachta, leabharchoimeádta, cánachais, ailtireachta, innealtóireachta, innealtóireachta comhtháite, tréidliachta), seirbhísí gnó (seirbhísí ríomhaireachta, seirbhísí eastáit réadaigh, seirbhísí gnó eile), seirbhísí cumarsáide (seirbhísí cúiréireachta, teileachumarsáide, lena n‑áirítear Páipéar Tagartha teileachumarsáide), tógáil agus innealtóireacht ghaolmhar, seirbhísí dáileacháin (mórdhíol agus miondíol araon), seirbhísí oideachais (ardoideachas), seirbhísí comhshaoil, seirbhísí airgeadais (árachas agus baincéireacht), turasóireacht agus seirbhísí a bhaineann le taisteal, seirbhísí áineasa, cultúrtha agus spóirt agus seirbhísí iompair (aer, iarnród, bóthar agus seirbhísí cúnta). Tá na ceangaltais sin i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe (CCCF) idir an tAontas agus an Úisbéiceastáin. Bhain an Úisbéiceastáin na ceangaltais chlosamhairc uile agus ghlac sí an liosta atá beartaithe d’eisceachtaí na Náisiún Barrfhabhair le haghaidh seirbhísí closamhairc ina iomláine.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhdháil Aireachta EDT, a bunaíodh le comhaontú, is é sin Comhaontú EDT, a bhfuil sé d’údarás aige, de réir Airteagal IV:1 de Chomhaontú EDT, cinntí a dhéanamh maidir le haon ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na comhaontuithe trádála iltaobhacha, lena n‑áirítear cinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
An gníomh atá beartaithe a luaitear thuas, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis ós rud é go bhféadfadh sé difear a dhéanamh do chearta agus d’oibleagáidí an Aontais de bhua an dlí idirnáisiúnta.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2026/0051 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine le EDT
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 a rinne an tAontas Comhaontú Marrakech a thabhairt i gcrích, comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.
(2)De bun Airteagail IV:1 agus IX:1 de Chomhaontú EDT, féadfaidh Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) cinntí a ghlacadh de chomhthoil.
(3)Féadfaidh Comhdháil Aireachta EDT, le linn a 14ú cruinniú an 26-29 Márta 2026, cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT.
(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil Aireachta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí ina gceangal ar an Aontas.
(5)Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT in 1995. Bunaíodh an Mheitheal um aontachas na hÚisbéiceastáine an 21 Nollaig 1994. Tionóladh an 11ú cruinniú den Mheitheal an 5-6 Samhain 2025. I mí Dheireadh Fómhair 2025, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, bailchríoch ar chaibidlíocht dhéthaobhach maidir le sraith chuimsitheach ceangaltas ó thaobh na hÚisbéiceastáine maidir le hoscailt an mhargaidh. Tá coinne leis go gcuirfidh aontachas na hÚisbéiceastáine le EDT le próiseas an athchóirithe eacnamaíoch agus na forbartha inbhuanaithe san Úisbéiceastáin ar bhealach dearfach agus buan. Le haontachas féideartha, leagtar béim freisin ar an tacaíocht do chóras iltaobhach trádála riailbhunaithe a bhfuil EDT ina chroílár. Ba cheart don Aontas tacú le haontachas na hÚisbéiceastáine,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT nó ag aon chruinniú a bheidh ag an gComhairle Ghinearálta ina dhiaidh sin:
Páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh a dtiocfar air i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas na hÚisbéiceastáine le EDT.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán