AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.2.2026
COM(2026) 74 final
2026/0045(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais nó athárachais, ar ghnólachtaí infheistíochta, ar chuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus ar bhainisteoirí cistí infheistíochta malartacha in ilchuideachta airgeadais (códú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so‑aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.
Ní féidir an aidhm seo a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.
Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.
2.Chinn an Coimisiúnan 1 Aibreán 1987 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.
3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.
Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.
Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.
4.Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Glacfaidh an Treoir nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na hoiriúnuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh.
5.Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh-chomhdhlúthú, sna teangacha oifigiúla go léir, ar Threoir 2002/87/CE agus ar na hionstraimí lena leasaítear í agus is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir chódaithe.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
2026/0045 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais ⌦ nó athárachais ⌫, ar ghnólachtaí infheistíochta, ⌦ ar chuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus ar bhainisteoirí cistí infheistíochta malartacha ⌫ in ilchuideachta airgeadais (códú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ⌦ ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ⌫, agus go háirithe Airteagal ⌦ 53(1) ⌫ de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
🡻
(1)Rinneadh Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Treoir sin a chódú.
🡻 2002/87/CE Aithris 5 (oiriúnaithe)
(2)Chun a bheith éifeachtach, ba cheart an mhaoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais ⌦ nó athárachais ⌫, ar ghnólachtaí infheistíochta, ⌦ ar chuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus ar bhainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (eintitis rialáilte) ⌫ in ilchuideachta airgeadais a chur i bhfeidhm maidir leis na hilchuideachtaí uile sin, a mbíonn gníomhaíochtaí airgeadais trasearnála suntasacha ar bun acu, rud is amhlaidh nuair a shroichtear tairseacha áirithe, gan beann ar an gcaoi a ndéantar iad a struchtúrú. Ba cheart a chumhdach le maoirseacht fhorlíontach na gníomhaíochtaí airgeadais uile a shainaithnítear leis an reachtaíocht airgeadais earnálach agus ba cheart na heintitis uile arb é a bpríomhghníomhaíocht na gníomhaíochtaí sin a áireamh ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na maoirseachta forlíontaí.
🡻 2011/89/AE Aithris 1 (oiriúnaithe)
(3)Le Treoir 2002/87/CE ⌦ tugadh ⌫ cumhachtaí agus uirlisí forlíontacha d’údaráis inniúla san earnáil airgeadais chun maoirseacht a dhéanamh ar ghrúpaí atá comhdhéanta de go leor eintiteas rialáilte, atá gníomhach in earnálacha éagsúla de na margaí airgeadais. Tá na grúpaí sin (ilchuideachtaí airgeadais) neamhchosanta ar rioscaí (rioscaí grúpa) lena n‑áirítear: rioscaí na tógálachta, i gcás ina leatar na rioscaí ó chuid amháin den ghrúpa go cuid eile; comhchruinniú riosca, i gcás ina dtagann an cineál céanna riosca chun cinn i gcodanna éagsúla den ghrúpa ag an céanna; an chastacht a bhaineann le bainistiú a dhéanamh ar go leor eintitis dhlíthiúla éagsúla; coinbhleachtaí leasa féideartha; agus an dúshlán a bhaineann le caipiteal rialála a leithdháileadh ar na heintitis rialáilte uile ar cuid den ilchuideachta airgeadais iad, agus ar an gcaoi sin ilúsáid caipitil a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart ilchuideachtaí airgeadais a bheith faoi réir maoirseachta sa bhreis ar mhaoirseacht ar bhonn aonair, ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn grúpa, gan dúbláil a dhéanamh ar an ngrúpa ná difear a dhéanamh dó agus gan beann ar struchtúr dlíthiúil an ghrúpa.
🡻 2011/89/AE Aithris 3 (oiriúnaithe)
(4)Is gá ilchuideachtaí airgeadais a shainaithint ar fud an Aontais de réir a mhéid atá siad neamhchosanta ar rioscaí grúpa, ar bhonn caighdeáin agus treoirlínte comhchoiteanna agus atá le heisiúint ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (ÚBE), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (ÚEÁPC) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (ESMA) i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ⌦ faoi seach ⌫, trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (Comhchoiste). Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfar na ceanglais maidir le tarscaoileadh chur i bhfeidhm na maoirseachta forlíontaí a chur i bhfeidhm ar mhodh rioscabhunaithe i gcomhréir leis na treoirlínte sin. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás na n‑ilchuideachtaí airgeadais móra a oibríonn go hidirnáisiúnta.
🡻 2002/87/CE Aithris 6 (oiriúnaithe)
(5)Ba cheart nuair a bheadh cinntí á ndéanamh gan eintiteas ar leith a áireamh ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na maoirseachta forlíontaí aird a tabhairt inter alia ar cé acu atá an t‑eintiteas sin san áireamh sa mhaoirseacht uile-ghrúpa de réir rialacha earnála nó nach bhfuil.
🡻 2002/87/CE Aithris 7 (oiriúnaithe)
(6)Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar leibhéal uile-ghrúpa ar ⌦ eintitis rialáilte ⌫ atá mar chuid d’ilchuideachta airgeadais, go háirithe a mhéid a bhaineann le sócmhainneacht (lena n‑áirítear deireadh a chur le giaráil iolrach ionstraimí cistí dílse), comhchruinniú riosca agus idirbhearta inghrúpa.
🡻 2002/87/CE Aithris 8 (oiriúnaithe)
(7)Is minic a dhéantar ilchuideachtaí airgeadais a bhainistiú ar bhonn réim gnó nach bhfuil ag teacht go hiomlán le struchtúir dhlíthiúla na hilchuideachta.
🡻 2002/87/CE Aithris 9
(8)Ba cheart comhordaitheoir a bheith ag gach ilchuideachta airgeadais atá faoi réir maoirseacht fhorlíontach a cheapfar as measc na n‑údarás inniúil lena mbaineann.
🡻 2002/87/CE Aithris 10
(9)Níor cheart go ndéanfadh cúraimí an chomhordaitheora difear do chúraimí ná do fhreagrachtaí na n‑údarás inniúil dá bhforáiltear sna rialacha earnála.
🡻 2002/87/CE Aithris 11 (oiriúnaithe)
(10)Ba cheart na modhanna a bheith ag na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus go háirithe ag an gcomhordaitheoir, chun an fhaisnéis is gá chun a maoirseacht fhorlíontach a dhéanamh a fháil ó na heintitis ⌦ rialáilte ⌫ laistigh d’ilchuideachta airgeadais, nó ó údaráis inniúla eile.
🡻 2011/89/AE Aithris 4 (oiriúnaithe)
(11)Ní féidir faireachán cuimsitheach leordhóthanach a dhéanamh ar rioscaí grúpa in ilchuideachtaí airgeadais móra casta a oibríonn go hidirnáisiúnta, ná maoirseacht a dhéanamh ar bheartais chaipitil uile-ghrúpa na ngrúpaí sin, ach amháin nuair a dhéanann údaráis inniúla faisnéis mhaoirseachta a bhailiú agus bearta maoirseachta lasmuigh de raon feidhme náisiúnta a sainordaithe a phleanáil. Dá bhrí sin, is gá do na húdaráis inniúla maoirseacht fhorlíontach ar ilchuideachtaí airgeadais a oibríonn go hidirnáisiúnta a chomhordú i measc na n‑údarás inniúil a mheastar a bheith ar na húdaráis is ábhartha maidir le maoirseacht fhorlíontach ar ilchuideachta airgeadais. Ba cheart d’údaráis inniúla ábhartha choláistí na n‑ilchuideachtaí airgeadais gníomhú i gcomhréir le cineál forlíontach ⌦ na ⌫ Treorach seo, agus dá réir sin níor cheart dóibh dúbailt ná ionadú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcoláistí atá ann cheana agus atá ábhartha do na foghrúpaí baincéireachta agus árachais laistigh de na hilchuideachtaí airgeadais sin, ach ba cheart dóibh, ina ionad sin, luach a chur le gníomhaíochtaí na gcoláistí sin. Níor cheart coláiste a bhunú le haghaidh ilchuideachta airgeadais ach amháin i gcás nach bhfuil coláiste earnála baincéireachta ná árachais i bhfeidhm.
🡻 2002/87/CE Aithris 12 (oiriúnaithe)
(12)Tá gá le comhoibriú idir údaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ⌦ eintitis rialáilte ⌫ lena n‑áirítear socruithe comhair ad hoc a fhorbairt idir na húdaráis a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis ar leis an ilchuideachta airgeadais chéanna iad.
🡻 2011/89/AE Aithris 5 (oiriúnaithe)
(13)Chun formhaoirseacht rialála iomchuí a áirithiú, is gá go ndéanfaidh ÚBE, ÚEÁPC, ESMA (dá ngairtear le chéile ‘ÚMEnna’) agus an Comhchoiste, de réir mar is iomchuí, faireachán ar an struchtúr dlíthiúil agus ar an struchtúr rialachais agus eagrúcháin, lena n‑áirítear gach eintiteas rialáilte, fochuideachta neamhrialáilte agus brainse suntasach de bhainc, gnóthas árachais ⌦ nó athárachais ⌫ agus ilchuideachtaí airgeadais a bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann acu, agus go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha.
🡻 2011/89/AE Aithris 6
(14)Chun maoirseacht fhorlíontach éifeachtach ar eintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais a áirithiú, go háirithe i gcás ina bhfuil ceannoifig ceann dá fochuideachtaí i dtríú tír, ba cheart aon ghnóthas a áireamh sna gnóthais a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo, go háirithe aon institiúid creidmheasa a bhfuil a hoifig chláraithe i dtríú tír agus a mbeadh údarú ag teastáil ina leith dá mbeadh a hoifig chláraithe san Aontas.
🡻 2011/89/AE Aithris 7 (oiriúnaithe)
(15)Chun maoirseacht fhorlíontach a dhéanamh ar ilchuideachtaí móra airgeadais atá casta agus a oibríonn go hidirnáisiúnta, tá gá le comhordú ar fud an Aontais, chun cur le cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí airgeadais. Chuige sin, ní mór do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir leis na cineálacha cur chuige maoirseachta atá le cur i bhfeidhm ar na hilchuideachtaí airgeadais sin. Ba cheart do ÚMEnna, i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ⌦ faoi seach ⌫, treoirlínte coiteanna a eisiúint, tríd an gComhchoiste, le haghaidh na gcur chuige maoirseachta coiteann sin, agus ar an gcaoi sin creat cuimsitheach stuamachta le haghaidh na n‑uirlisí maoirseachta agus na gcumhachtaí maoirseachta atá le fáil sna Treoracha maidir le baincéireacht, árachas, urrúis agus ilchuideachtaí airgeadais a áirithiú. Leis na treoirlínte dá bhforáiltear sa Treoir ⌦ seo ⌫, ba cheart cineál forlíontach na maoirseachta faoi sin a léiriú, agus ba cheart na treoirlínte a bheith ina gcomhlánú ar an maoirseacht earnáilsonrach dá bhforáiltear i dTreoracha 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
🡻 2011/89/AE Aithris 8 (oiriúnaithe)
(16)Tá fíorghá le faireachán agus rialú a dhéanamh ar rioscaí grúpa a d’fhéadfadh a bheith ann don ilchuideachta airgeadais, ar rioscaí iad a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcuideachtaí eile. Maidir leis na cásanna sin inar cosúil nach leor na cumhachtaí maoirseachta sonracha dá bhforáiltear sa Treoir ⌦ seo ⌫, ba cheart don chomhphobal maoirseachta modhanna malartacha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus chun iad a chur san áireamh go hiomchuí, trí obair arna déanamh ag na ÚMEnna tríd an gComhchoiste más féidir. Más rud é gurb í rannpháirtíocht an t‑aon ghné amháin chun ilchuideachta airgeadais a shainaithint, ba cheart cead a bheith ag maoirseoirí measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an grúpa neamhchosanta ar rioscaí grúpa agus an gá le maoirseacht fhorlíontach a tharscaoileadh, más iomchuí.
🡻 2011/89/AE Aithris 11 (oiriúnaithe)
(17)Cé gur cheart tástáil struis a dhéanamh go rialta d’fhoghrúpaí baincéireachta agus árachais ilchuideachta airgeadais, is é ról an chomhordaitheora arna cheapadh i gcomhréir leis an Treoir ⌦ seo ⌫ cinneadh a dhéanamh maidir le hoiriúnacht, paraiméadair agus uainiú tástála struis d’ilchuideachta airgeadais aonair ina hiomláine. I gcás tástálacha struis uile-Aontais, arna ndéanamh ag ÚMEnna i gcomhthéacs earnáil-sonrach, ba cheart é a bheith mar ról ag an gComhchoiste a áirithiú go ndéanfar na tástálacha struis sin ar bhealach comhsheasmhach ar fud na n‑earnálacha. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, a bheith in ann paraiméadair fhorlíontacha a fhorbairt le haghaidh tástálacha struis uile-Aontais, agus na rioscaí grúpa sonracha a thagann chun cinn in ilchuideachtaí airgeadais de ghnáth á ngabháil agus ba cheart dóibh a bheith in ann torthaí na dtástálacha sin a fhoilsiú, i gcás ina gceadaítear sin leis an reachtaíocht earnálach. Ba cheart taithí ó thástálacha struis uile-Aontais roimhe seo a chur san áireamh. Mar shampla, ba cheart rioscaí leachtachta agus sócmhainneachta ilchuideachtaí airgeadais a chur san áireamh i dtástálacha struis.
🡻 2002/87/CE Aithris 13 (oiriúnaithe)
(18)Is féidir le ⌦ eintitis rialáilte ⌫ a bhfuil a gceannoifig san ⌦ Aontas ⌫, a bheith mar chuid d’ilchuideachta airgeadais a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den ⌦ Aontas ⌫. Ba cheart na heintitis rialáilte sin a bheith faoi réir socruithe maoirseachta forlíontacha coibhéiseacha agus iomchuí freisin lena mbaintear amach cuspóirí agus torthaí atá comhchosúil leis na cuspóirí agus na torthaí a shaothraítear le forálacha na Treorach seo. Chuige sin, tá an-tábhacht ag baint le trédhearcacht na rialacha agus le malartú faisnéise le húdaráis tríú tíortha maidir leis na himthosca ábhartha uile.
🡻 2002/87/CE Aithris 14 (oiriúnaithe)
(19)Ní féidir glacadh leis gurb ann do shocruithe maoirseachta forlíontacha coibhéiseacha agus iomchuí ach amháin más rud é gur chomhaontaigh údaráis mhaoirseachta an tríú tír comhoibriú leis na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir leis na modhanna agus na cuspóirí chun maoirseacht fhorlíontach a fheidhmiú ar eintitis rialáilte ilchuideachta airgeadais.
🡻 2002/87/CE Aithris 15 (oiriúnaithe)
(20)Leis an Treoir seo, ní cheanglaítear ar ⌦ na ⌫ húdaráis inniúla faisnéis atá faoi réir oibleagáid rúndachta faoin Treoir seo nó faoi Threoracha earnála eile a nochtadh do Choiste Ilchuideachtaí Airgeadais.
🡻 2011/89/AE Aithris 15 (oiriúnaithe)
(21)Chun feabhas a chur ar an maoirseacht fhorlíontach ar eintitis airgeadais in ilchuideachta airgeadais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hoiriúnuithe teicniúla atá le déanamh ar an Treoir ⌦ sin ⌫ a mhéid a bhaineann leis na sainmhínithe, ailíniú téarmaíochta agus na modhanna ríofa a leagtar amach ⌦ inti ⌫. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe ⌦ , agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ⌫ faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ⌦ na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe ⌫.
🡻 2002/87/CE Aithris 16 (oiriúnaithe)
(22)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir ⌦ na Treorach seo⌫, eadhon rialacha ⌦ a leagan síos ⌫ maidir le maoirseacht fhorlíontach ar ⌦ eintitis rialáilte ⌫ in ilchuideachta airgeadais, a ghnóthú go leordhóthanach ⌦ ach ⌫, gur fearr ⌦ dá bhrí sin ⌫, de bharr fhairsinge ⌦ nó ⌫ éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an ⌦ Aontais ⌫, féadfaidh an ⌦ tAontas ⌫ bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ⌦ ar an Aontas Eorpach ⌫. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal ⌦ sin ⌫, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Ós rud é go sainmhínítear íoschaighdeáin sa Treoir seo, féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a leagan síos.
🡻 2002/87/CE Aithris 17
(23)Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
🡻
(24)Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin,
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
⌦ ÁBHAR ⌫ AGUS SAINMHÍNITHE
🡻 2011/89/AE Airt. 2, Pt. 1 (oiriúnaithe)
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha maidir leis ⌦ an ⌫ maoirseacht fhorlíontach ar eintitis rialáilte a bhfuil údarú faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/65/AE, Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 5 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 14 de Threoir 2009/138/CE nó Airteagail 6 go 11 de Threoir 2011/61/AE, agus ar cuid d’ilchuideachta airgeadais iad.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo ⌦ , tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas ⌫:
(1)ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 4(1), pointe (1), de ⌦ Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ⌫;
(2)ciallaíonn ‘gnóthas árachais’ gnóthas árachais ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 13, pointí (1), (2) nó (3), de Threoir 2009/138/CE;
(3)ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 4(1), pointe 1, de Threoir 2014/65/AE, lena n‑áirítear ⌦ gnólacht infheistíochta aitheanta de chuid tríú tíortha mar a shainítear ⌫ in Airteagal 4(1), pointe 25, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó gnóthas a bhfuil a oifig chláraithe i dtríú tír agus a mbeadh údarú ag teastáil ina leith faoi Threoir 2014/65/AE dá mbeadh a oifig chláraithe san Aontas;
(4)ciallaíonn ‘eintiteas rialáilte’ institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, cuideachta bainistíochta sócmhainní nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha;
(5)ciallaíonn ‘cuideachta bainistíochta sócmhainní’ cuideachta bainistíochta ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE nó gnóthas a bhfuil a oifig chláraithe i dtríú tír agus a mbeadh údarú ag teastáil ina leith faoin Treoir sin dá mbeadh a oifig chláraithe ⌦ san ⌫ Aontas;
(6)ciallaíonn ‘bainisteoir cistí infheistíochta malartacha’ bainisteoir cistí infheistíochta malartacha ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 4(1), pointí (b), (l) agus (ab), de Threoir 2011/61/AE nó gnóthas a bhfuil a oifig chláraithe i dtríú tír agus a mbeadh údarú ag teastáil ina leith faoin Treoir sin dá mbeadh a oifig chláraithe ⌦ san ⌫ Aontas;
(7)ciallaíonn ‘gnóthas athárachais’ gnóthas athárachais ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 13, pointí (4), (5) nó (6), de Threoir 2009/138/CE nó meán sainchuspóireach ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 13, pointe (26), de Threoir 2009/138/CE;
🡻 2019/2034 Art. 59
(8)ciallaíonn ‘rialacha earnála’ gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar eintitis rialáilte, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 , Rialacháin (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/138/CE, 2013/36/AE, 2014/65/AE agus Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 1 (oiriúnaithe)
(9)ciallaíonn ‘earnáil airgeadais’ earnáil atá comhdhéanta de cheann amháin nó níos mó de na heintitis seo a leanas:
(a)institiúid creidmheasa, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 4(1), pointí (1), (26) nó (18) de ⌦ Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ⌫ (dá ngairtear le chéile ‘earnáil baincéireachta’);
(b)gnóthas árachais, gnóthas athárachais nó cuideachta sealbhaíochta árachais ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 13, pointí (1), (2), (4) nó (5), nó Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE (dá ngairtear le chéile ‘earnáil árachais’);
(c)gnólacht infheistíochta ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 3(1), pointe (2), de ⌦ Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ⌫ (dá ngairtear le chéile ‘ earnáil seirbhísí infheistíochta’);
(10)ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 9, de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó aon ghnóthas, i dtuairim na n‑údarás inniúil, a bhfuil tionchar ceannasach aige go bunúsach ar ghnóthas eile;
(11)ciallaíonn ‘foghnóthas’ foghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2013/34/AE nó aon ghnóthas ar a bhfeidhmíonn máthairghnóthas, i dtuairim na n‑údarás inniúil, tionchar ceannasach, nó fochuideachtaí uile na bhfoghnóthas sin;
(12)ciallaíonn ‘rannpháirtíocht’ rannpháirtíocht ⌦ mar a shainítear in ⌫ Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2013/34/AE, nó úinéireacht dhíreach nó indíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;
(13)ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa gnóthas arb é atá ann máthairghnóthas, a fhochuideachtaí, agus na heintitis ina bhfuil rannpháirtíocht ag an máthairghnóthas nó ag a fhochuideachtaí, nó gnóthais atá nasctha le chéile trí ghaolmhaireacht ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE, lena n‑áirítear aon fhoghrúpa de;
(14)ciallaíonn ‘rialú’ an caidreamh idir máthairghnóthas agus foghnóthas ⌦ dá dtagraítear ⌫ in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE, nó gaolmhaireacht atá cosúil leis idir duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;
(15)ciallaíonn ‘dlúthnaisc’ staid ina bhfuil beirt daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó níos mó nasctha trí rialú nó rannpháirtíocht, nó staid ina bhfuil beirt daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó níos mó nasctha go buan leis an duine céanna trí ghaolmhaireacht rialaithe;
(16)ciallaíonn ‘ilchuideachta airgeadais’ grúpa nó foghrúpa, ina bhfuil eintiteas rialáilte i gceannas ar an ngrúpa nó ar an bhfoghrúpa, nó i gcás inar eintiteas rialáilte ceann amháin ar a laghad de na fochuideachtaí sa ghrúpa nó san fhoghrúpa sin, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a)i gcás ina bhfuil eintiteas rialáilte ag ceann an ghrúpa nó an fhoghrúpa:
(i)is máthairghnóthas d’eintiteas san earnáil airgeadais é an t‑eintiteas sin, eintiteas a bhfuil rannpháirtíocht aige in eintiteas san earnáil airgeadais, nó eintiteas atá nasctha le heintiteas san earnáil airgeadais trí ghaolmhaireacht ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;
(ii)tá ceann amháin ar a laghad de na heintitis sa ghrúpa nó san fhoghrúpa laistigh den earnáil árachais agus tá ceann amháin ar a laghad laistigh den earnáil seirbhísí baincéireachta nó infheistíochta;
(iii)tá gníomhaíochtaí comhdhlúite nó comhiomlánaithe na n‑eintiteas sa ghrúpa nó san fhoghrúpa laistigh den earnáil árachais agus na n‑eintiteas laistigh den earnáil seirbhísí baincéireachta agus infheistíochta araon suntasach ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 3(2) nó (3);
(b)i gcás nach bhfuil aon eintiteas rialáilte ag ceann an ghrúpa nó an fhoghrúpa:
(i)tarlaíonn gníomhaíochtaí an ghrúpa nó an fhoghrúpa go príomha san earnáil airgeadais ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 3(1);
(ii)tá ceann amháin ar a laghad de na heintitis sa ghrúpa nó san fhoghrúpa laistigh den earnáil árachais agus tá ceann amháin ar a laghad laistigh den earnáil seirbhísí baincéireachta nó infheistíochta;
(iii)tá gníomhaíochtaí comhdhlúite nó comhiomlánaithe na n‑eintiteas sa ghrúpa nó san fhoghrúpa laistigh den earnáil árachais agus na n‑eintiteas laistigh den earnáil seirbhísí baincéireachta agus infheistíochta araon suntasach ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 3(2) nó (3);
(17)ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha’ máthairghnóthas, seachas eintiteas rialáilte, ar ilchuideachta airgeadais é nuair a chuirtear le chéile é lena fhochuideachtaí, ar eintiteas rialáilte a bhfuil a oifig chláraithe san Aontas ceann amháin acu ar a laghad, agus le heintitis eile;
(18)ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis náisiúnta na mBallstát a dtugtar de chumhacht dóibh le dlí nó le rialachán maoirseacht a dhéanamh ar ⌦ eintitis rialáilte ⌫, cibé acu ar bhonn aonair nó ar bhonn uile-ghrúpa;
(19)ciallaíonn ‘údaráis inniúla ábhartha’:
(a)údaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht earnála uile-ghrúpa ar aon cheann de na heintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais, go háirithe máthairghnóthas deiridh earnála;
(b)an comhordaitheoir a ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 12 murab ionann é agus na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla eile is ábhartha maidir le tuairim na n‑údarás dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);
(20)ciallaíonn ‘idirbhearta inghrúpa’ gach idirbheart trína mbraitheann eintitis rialáilte laistigh d’ilchuideachta airgeadais go díreach nó go hindíreach ar ghnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá nasctha leis na gnóthais laistigh den ghrúpa sin trí dhlúthnaisc, chun oibleagáid a chomhlíonadh, bíodh sí conarthach nó ná bíodh, agus bíodh sí le haghaidh íocaíochta nó ná bíodh;
(21)ciallaíonn ‘comhchruinniú riosca’ gach neamhchosaint ar riosca ag a bhfuil acmhainneacht chaillteanais atá mór go leor chun bagairt a dhéanamh ar shócmhainneacht nó ar staid airgeadais na n‑eintiteas rialáilte i gcoitinne in ilchuideachta airgeadais, cibé acu is é riosca an chontrapháirtí/creidmheasa, riosca infheistíochta, riosca árachais, riosca margaidh, rioscaí eile, nó meascán nó idirghníomhaíocht na rioscaí sin is cúis leis na neamhchosaintí sin.
Go dtí go dtiocfaidh aon chaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (b) i bhfeidhm, cuirfear san áireamh sa tuairim dá dtagraítear i bpointe (19)(c), go háirithe, an sciar den mhargadh atá ag eintitis rialáilte na hilchuideachta airgeadais i mBallstáit eile, go háirithe má sháraíonn sí 5 %, agus an tábhacht san ilchuideachta airgeadais atá ag aon eintiteas rialáilte atá bunaithe i mBallstát eile.
🡻 2002/87/CE
Airteagal 3
Tairseacha chun ilchuideachta airgeadais a shainaithint
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 2(a) (oiriúnaithe)
1.
Chun a chinneadh an dtarlaíonn gníomhaíochtaí grúpa den chuid is mó san earnáil airgeadais, ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (16)(b)(i), ⌦ ní mór ⌫ cóimheas idir iomlán chlár comhardaithe eintitis na hearnála airgeadais rialáilte agus neamhrialáilte sa ghrúpa agus iomlán chlár comhardaithe an ghrúpa ina iomláine a bheith os cionn 40 %.
2.
Chun a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí in earnálacha airgeadais éagsúla suntasach ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 2, an chéad mhír, pointí (16)(a)(iii) nó (16)(b)(iii), i gcás gach earnála airgeadais ⌦ ní mór ⌫ meán an chóimheasa idir iomlán chlár comhardaithe na hearnála airgeadais sin agus iomlán chlár comhardaithe na n‑eintiteas san earnáil airgeadais sa ghrúpa agus an cóimheas idir ceanglais sócmhainneachta na hearnála airgeadais céanna agus ceanglais sócmhainneachta iomlána na n‑eintiteas san earnáil airgeadais sa ghrúpa a bheith os cionn 10 %.
Chun críocha na Treorach seo, beidh an earnáil airgeadais is lú in ilchuideachta airgeadais an earnáil leis an meán is lú agus beidh an earnáil airgeadais is tábhachtaí in ilchuideachta airgeadais an earnáil leis an meán is airde. Chun críocha an meán a ríomh agus chun na hearnálacha airgeadais is lú agus is tábhachtaí a thomhas, déanfar an earnáil baincéireachta agus an earnáil seirbhísí infheistíochta a mheas le chéile.
Cuirfear cuideachtaí bainistíochta sócmhainní leis an earnáil lena mbaineann siad laistigh den ghrúpa. Mura mbaineann siad go heisiach le hearnáil amháin laistigh den ghrúpa, cuirfear iad leis an earnáil airgeadais is lú.
Cuirfear bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha leis an earnáil lena mbaineann siad laistigh den ghrúpa. Mura mbaineann siad go heisiach le hearnáil amháin laistigh den ghrúpa, cuirfear iad leis an earnáil airgeadais is lú.
3.
Measfar freisin go bhfuil gníomhaíochtaí trasearnála suntasach ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 2, an chéad mhír, pointí (16)(a)(iii) nó (16)(b)(iii), más mó ná EUR 6 bhilliún iomlán chlár comhardaithe na hearnála airgeadais is lú sa ghrúpa.
Mura sroicheann an grúpa an tairseach dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha cinneadh a dhéanamh de chomhthoil gan féachaint ar an ngrúpa mar ilchuideachta airgeadais. Féadfaidh siad a chinneadh freisin gan forálacha Airteagail 7, 8 nó 9 a chur i bhfeidhm, má tá siad den tuairim nach gá an grúpa a áireamh ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na Treorach seo ná na forálacha sin a chur i bhfeidhm nó go mbeadh sé míchuí nó míthreorach maidir le cuspóirí na maoirseachta forlíontaí.
Tabharfar fógra faoi chinntí a dhéanfar i gcomhréir leis an mír seo do na húdaráis inniúla eile agus, ach amháin in imthosca eisceachtúla, cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil go poiblí iad.
4.
Má shroicheann an grúpa an tairseach dá dtagraítear i mír 2, ach nach sáraíonn an earnáil is lú EUR 6 bhilliún, féadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha cinneadh a dhéanamh de chomhthoil gan féachaint ar an ngrúpa mar ilchuideachta airgeadais. Féadfaidh siad a chinneadh freisin gan forálacha Airteagail 7, 8 ná 9 a chur i bhfeidhm, má tá siad den tuairim nach gá an grúpa a áireamh ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na Treorach seo ná na forálacha sin a chur i bhfeidhm nó go mbeadh sé míchuí nó míthreorach maidir le cuspóirí na maoirseachta forlíontaí.
Tabharfar fógra faoi chinntí a dhéanfar i gcomhréir leis an mír seo do na húdaráis inniúla eile agus, ach amháin in imthosca eisceachtúla, cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil go poiblí iad.
🡻 2002/87/CE
5.
Chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha an méid seo a leanas a dhéanamh de chomhthoil:
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 2(b)
(a)eintiteas a eisiamh agus na cóimheasa á ríomh, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(5), mura rud é gur bhog an t‑eintiteas ó Bhallstát go tríú tír agus go bhfuil fianaise ann gur athraigh an t‑eintiteas a shuíomh chun rialáil a sheachaint;
🡻 2002/87/CE
(b)comhlíonadh na dtairseach dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 a chur san áireamh ar feadh 3 bliana as a chéile chun athruithe tobanna sa chóras a sheachaint, agus neamhaird a thabhairt ar an gcomhlíonadh sin má thagann athruithe suntasacha ar struchtúr an ghrúpa;
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 2(b)
(c)rannpháirtíocht amháin nó níos mó san earnáil bheag a eisiamh má tá na rannpháirtíochtaí sin cinntitheach chun ilchuideachta airgeadais a shainaithint, agus má tá tábhacht dhiomaibhseach ag baint leo i dteannta a chéile i ndáil le cuspóirí na maoirseachta forlíontaí.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
I gcás ina sainaithneofar ilchuideachta airgeadais ⌦ i gcomhréir le ⌫ míreanna 1, 2 agus 3, glacfar na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar bhonn togra arna dhéanamh ag comhordaitheoir na hilchuideachta airgeadais sin.
🡻 2011/89/AE
6.
Chun míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha, i gcásanna eisceachtúla agus de chomhthoil, ceann amháin nó níos mó de na paraiméadair seo a leanas a chur in ionad an chritéir atá bunaithe ar iomlán an chláir chomhardaithe nó ceann amháin nó níos mó de na paraiméadair sin a chur leis, má tá siad den tuairim go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leis na paraiméadair sin chun críche maoirseachta forlíontaí faoin Treoir seo: struchtúr ioncaim, gníomhaíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe, iomlán na sócmhainní faoi bhainistíocht.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
7.
Chun mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, má thiteann na cóimheasa dá dtagraítear sna míreanna sin faoi bhun 40 % agus 10 % faoi seach i gcás ilchuideachtaí atá faoi réir maoirseacht fhorlíontach cheana féin, beidh feidhm ag cóimheas níos ísle 35 % agus 8 % faoi seach ar feadh na dtrí bliana ina dhiaidh sin chun athruithe tobanna sa chóras a sheachaint.
Ar an gcaoi chéanna, chun mír 3 a chur i bhfeidhm, má thiteann iomlán chlár comhardaithe na hearnála airgeadais is lú sa ghrúpa faoi bhun EUR 6 bhilliún le haghaidh ilchuideachtaí atá faoi réir maoirseacht fhorlíontach cheana féin, beidh feidhm ag figiúr níos ísle de EUR 5 bhilliún le haghaidh na dtrí bliana ina dhiaidh sin chun athruithe tobanna sa chóras a sheachaint.
Le linn na tréimhse dá dtagraítear sa mhír seo, féadfaidh an comhordaitheoir a chinneadh, le comhaontú na n‑údarás inniúil ábhartha eile, nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cóimheasa ba ísle nó ag an méid ba ísle dá dtagraítear sa mhír seo.
8.
Déanfar na ríomhanna dá dtagraítear san Airteagal seo maidir leis an gclár comhardaithe ar bhonn iomlán comhiomlánaithe chlár comhardaithe eintitis an ghrúpa, de réir a gcuntas bliantúil. Chun críocha an ríomha ⌦ sin ⌫, cuirfear gnóthais ina sealbhaítear rannpháirtíocht san áireamh a mhéid a bhaineann le méid iomlán a gcláir chomhardaithe a chomhfhreagraíonn don sciar comhréireach comhiomlánaithe arna shealbhú ag an ngrúpa. I gcás ina bhfuil cuntais chomhdhlúite ar fáil, áfach, úsáidfear iad in ionad na gcuntas comhiomlánaithe.
Déanfar na ceanglais sócmhainneachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a ríomh i gcomhréir le forálacha na rialacha earnála ábhartha.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 2(d) (oiriúnaithe)
9.
Déanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (ÚBE), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 (ÚEÁPC) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (ESMA) (dá ngairtear le chéile ⌦ ‘ÚMEnna’ ⌫), trí Chomhchoiste na ⌦ nÚdarás Maoirseachta Eorpach ⌫ (an Comhchoiste), treoirlínte coiteanna a eisiúint a bheidh dírithe ar chleachtais mhaoirseachta a chóineasú maidir le míreanna 2 go6 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
10.
Déanfaidh na húdaráis inniúla athmheasúnú, ar bhonn bliantúil, ar tharscaoileadh chur i bhfeidhm na maoirseachta forlíontaí agus déanfaidh siad athbhreithniú ar na táscairí cainníochtúla ⌦ a leagtar amach ⌫ san Airteagal seo agus ar na measúnuithe rioscabhunaithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le grúpaí airgeadais.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 4
Ilchuideachta airgeadais a shainaithint
1.
Déanfaidh na húdaráis inniúla a d’údaraigh eintitis rialáilte, ar bhonn Airteagail 2, 3 agus 5, aon ghrúpa a thagann ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na Treorach seo a shainaithint.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 3(a)
Chun na críche sin:
(a)oibreoidh údaráis inniúla a d’údaraigh eintitis rialáilte sa ghrúpa i ndlúthchomhar le chéile;
(b)má tá údarás inniúil den tuairim go bhfuil eintiteas rialáilte arna údarú ag an údarás inniúil sin ina bhall de ghrúpa a d’fhéadfadh a bheith ina ilchuideachta airgeadais agus nár sainaithníodh cheana féin i gcomhréir leis an Treoir seo, cuirfidh an t‑údarás inniúil a thuairim in iúl do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus don Chomhchoiste.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 1(a)
2.
Cuirfidh an comhordaitheoir arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 12 an máthairghnóthas ag ceann grúpa ar an eolas nó, in éagmais máthairghnóthais, an t‑eintiteas rialáilte ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe san earnáil airgeadais is tábhachtaí i ngrúpa, go bhfuil an grúpa sainaitheanta mar ilchuideachta airgeadais agus go bhfuil an comhordaitheoir ceaptha.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 3(b)
Déanfaidh comhordaitheoir na húdaráis inniúla a d’údaraigh eintitis rialáilte sa ghrúpa, údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus an Comhchoiste a chur ar an eolas freisin.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 3(c)
3.
Déanfaidh an Comhchoiste liosta na n‑ilchuideachtaí airgeadais a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 2, an chéad mhír, pointe (16) a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil trí hipearnasc ar gach ceann de shuíomhanna gréasáin na ÚMEnna.
Cuirfear ainm gach eintitis rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 1 ar cuid d’ilchuideachta airgeadais é ar liosta, agus déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
CAIBIDIL II
MAOIRSEACHT FHORLÍONTACH
ROINN 1
RAON FEIDHME
Airteagal 5
Raon feidhme na maoirseachta forlíontaí ar eintitis rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 1
1.
Gan dochar do na forálacha maidir le maoirseacht atá sna rialacha earnála, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le maoirseacht fhorlíontach ar na heintitis rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 1, a mhéid agus ar an ⌦ modh a leagtar síos ⌫ sa Treoir seo.
2.
Beidh na heintitis rialáilte seo a leanas faoi réir maoirseacht fhorlíontach ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais i gcomhréir le hAirteagail 6 go 21:
(a)gach eintiteas rialáilte atá i gceannas ar ilchuideachta airgeadais;
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 4(a)
(b)gach eintiteas rialáilte, ar cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a mháthairghnóthas, ag a bhfuil a cheannoifig san Aontas;
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
(c)gach eintiteas rialáilte atá nasctha le heintiteas earnála airgeadais eile trí ghaolmhaireacht ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE.
I gcás inar foghrúpa d’ilchuideachta airgeadais eile í ilchuideachta airgeadais a chomhlíonann ceanglais na chéad fhomhíre ⌦ den Airteagal seo ⌫, ní fhéadfaidh na Ballstáit Airteagail 6 go 21 a chur i bhfeidhm ach amháin maidir leis na heintitis rialáilte laistigh den dara grúpa agus ⌦ tuigfear ⌫ ansin go dtagraíonn aon tagairt sa Treoir ⌦ seo ⌫do na téarmaí grúpa nó ilchuideachta airgeadais don dara grúpa sin.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 4(b) (oiriúnaithe)
3.
Gach eintiteas rialáilte nach bhfuil faoi réir maoirseacht fhorlíontach i gcomhréir le mír 2, a bhfuil a mháthairghnóthas ina eintiteas rialáilte nó ina chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, a bhfuil a cheannoifig i dtríú tír, beidh sé faoi réir maoirseacht fhorlíontach ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais a mhéid agus ar an mbealach ⌦ dá bhforáiltear ⌫ in Airteagal 22.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
4.
I gcás ina bhfuil rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla ag daoine in eintiteas rialáilte amháin nó níos mó nó i gcás ina bhfuil tionchar suntasach acu ar na heintitis sin gan rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla a bheith acu, seachas na cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, cinnfidh na húdaráis inniúla ábhartha, de chomhthoil agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an ndéanfar maoirseacht fhorlíontach ar na heintitis rialáilte, amhail is ⌦ dá mba ⌫ ilchuideachta airgeadais iad, agus a mhéid a dhéanfar í.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 4(c) (oiriúnaithe)
Chun an mhaoirseacht fhorlíontach sin a chur i bhfeidhm, ní mór ceann amháin ar a laghad de na heintitis a bheith ina eintiteas rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 1 agus ní mór na coinníollacha ⌦ a leagtar amach ⌫ in Airteagal 2, pointí (16)(a)(ii) nó (16)(b)(ii), agus Airteagal 2, an chéad mhír, pointí (16)(a)(iii) nó (16)(b)(iii), a chomhlíonadh. Déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha a gcinneadh, agus cuspóirí na maoirseachta forlíontaí dá bhforáiltear sa Treoir seo á gcur san áireamh.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
Chun críocha an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm maidir le ‘grúpaí comharchumann’, ⌦ cuirfidh ⌫ na húdaráis inniúla san áireamh gealltanas airgeadais poiblí na ngrúpaí sin i ndáil le heintitis airgeadais eile.
5.
Gan dochar d’Airteagal 17, ní thabharfar le tuiscint ar bhealach ar bith le feidhmiú na maoirseachta forlíontaí ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais go gceanglaítear ar na húdaráis inniúla ról maoirseachta a bheith acu i ndáil le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha, eintitis rialáilte tríú tír in ilchuideachta airgeadais nó eintitis neamhrialáilte in ilchuideachta airgeadais, ar bhonn neamhspleách.
ROINN 2
STAID AIRGEADAIS
Airteagal 6
Leordhóthanacht Caipitil
1.
Gan dochar do na rialacha earnála, déanfar maoirseacht fhorlíontach ar leordhóthanacht caipitil na n‑eintiteas rialáilte in ilchuideachta airgeadais a fheidhmiú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 9(2) go (5), i Roinn 3 den Chaibidil seo, agus in Iarscríbhinn I.
2.
Ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais a áirithiú go bhfuil cistí dílse ar fáil ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais atá i gcónaí cothrom ar a laghad leis na ceanglais maidir le leordhóthanacht caipitil arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn I.
Ceanglóidh na Ballstáit freisin ar eintitis rialáilte beartais um leordhóthanacht caipitil a bheith i bhfeidhm acu ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais.
Beidh na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír faoi réir forléargas maoirseachta ag an gcomhordaitheoir i gcomhréir le Roinn 3.
Áiritheoidh an comhordaitheoir go ndéanfaidh na heintitis rialáilte nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír uair sa bhliain ar a laghad.
Cuirfidh an t‑eintiteas rialáilte de réir bhrí Airteagal 1 atá i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais torthaí an ríomha agus na sonraí ábhartha don ríomh faoi bhráid an chomhordaitheora, nó, i gcás nach bhfuil eintiteas rialáilte i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais de réir bhrí Airteagal 1, is í an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó an t‑eintiteas rialáilte san ilchuideachta airgeadais arna sainaithint ag an gcomhordaitheoir a dhéanfaidh amhlaidh tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha eile agus leis an ilchuideachta airgeadais.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 5 (oiriúnaithe)
3.
Chun na ceanglais maidir le leordhóthanacht caipitil dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, a ríomh, áireofar na heintitis seo a leanas ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na maoirseachta forlíontaí i gcomhréir le hIarscríbhinn I:
(a)institiúid chreidmheasa, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha;
(b)gnóthas árachais, gnóthas athárachais nó cuideachta sealbhaíochta árachais;
(c)gnólacht infheistíochta;
(d)cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha.
4.
Agus na ceanglais maidir le leordhóthanacht caipitil fhorlíontaigh i ndáil le hilchuideachta airgeadais á ríomh trí mhodh 1 (Comhdhlúthú cuntasaíochta) dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm, déanfar cistí dílse agus ceanglais sócmhainneachta na n‑eintiteas sa ghrúpa a ríomh trí na rialacha earnála comhfhreagracha a chur i bhfeidhm maidir le foirm agus méid an chomhdhlúthaithe mar a leagtar síos go háirithe in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ⌦ in ⌫ Airteagal 221 de Threoir 2009/138/CE.
Agus modh 2 (Asbhaint agus comhiomlánú) dá dtagraítear in Iarscríbhinn I á chur i bhfeidhm, cuirfear san áireamh sa ríomh an cion den chaipiteal suibscríofa a shealbhaíonn an máthairghnóthas nó an gnóthas a shealbhaíonn rannpháirtíocht in eintiteas eile den ghrúpa go díreach nó go hindíreach.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
5.
Féadfaidh an comhordaitheoir a chinneadh gan eintiteas ar leith a áireamh ⌦ faoi ⌫ raon feidhme agus na ceanglais maidir le leordhóthanacht caipitil fhorlíontaigh á ríomh sna cásanna seo a leanas:
(a)má tá an t‑eintiteas lonnaithe i dtríú tír ina bhfuil baic dhlíthiúla ar aistriú na faisnéise is gá, gan dochar do na rialacha earnála maidir leis an oibleagáid atá ar údaráis inniúla údarú a dhiúltú i gcás ina gcuirtear cosc ar a bhfeidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach;
(b)má tá tábhacht dhiomaibhseach ag baint leis an eintiteas i leith chuspóirí na maoirseachta forlíontaí ar eintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais;
(c)más rud é go mbeadh cuimsiú an eintitis míchuí nó míthreorach maidir le cuspóirí na maoirseachta forlíontaí.
Mar sin féin, má tá roinnt eintiteas le heisiamh de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), ⌦ áireofar ⌫ iad a áireamh mar sin féin i gcás go bhfuil tábhacht neamhdhiomaibhseach ag baint leo i dteannta a chéile.
Sa chás ⌦ dá dtagraítear ⌫ sa chéad fhomhír, pointe (c), rachaidh an comhordaitheoir, ach amháin i gcásanna práinne, i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha eile sula ndéanfaidh sé cinneadh.
I gcás nach ndéanann an comhordaitheoir eintiteas rialáilte a áireamh ⌦ faoi ⌫ raon feidhme faoi cheann de na cásanna ⌦ dá bhforáiltear ⌫ dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t‑eintiteas sin lonnaithe faisnéis a iarraidh ar an eintiteas atá i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais, ar faisnéis í lena bhféadfar a maoirseacht ar an eintiteas rialáilte a éascú.
Airteagal 7
Comhchruinniú riosca
1.
Gan dochar do na rialacha earnála, déanfar maoirseacht fhorlíontach ar chomhchruinniú riosca eintiteas rialáilte in ilchuideachta airgeadais a fheidhmiú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 9(2), (3) agus (4), i Roinn 3 den Chaibidil seo agus in Iarscríbhinn II.
2.
Ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis rialáilte nó ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha tuairisciú, ar bhonn rialta agus uair sa bhliain ar a laghad, don chomhordaitheoir maidir le haon chomhchruinniú riosca suntasach ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn II. Cuirfidh an t‑eintiteas rialáilte an fhaisnéis is gá faoi bhráid an chomhordaitheora de réir bhrí Airteagal 1 atá i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais nó, i gcás nach bhfuil eintiteas rialáilte i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais de réir bhrí Airteagal 1, is í an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó an t‑eintiteas rialáilte san ilchuideachta airgeadais arna sainaithint ag an gcomhordaitheoir tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha eile agus leis an ilchuideachta airgeadais a dhéanfaidh amhlaidh.
Beidh na comhchruinnithe riosca ⌦ sin ⌫ faoi réir forléargas maoirseachta ag an gcomhordaitheoir i gcomhréir le Roinn 3.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 6(a)
3.
Go dtí go ndéanfar tuilleadh comhordaithe ar reachtaíocht an Aontais, féadfaidh na Ballstáit teorainneacha cainníochtúla a shocrú, cead a thabhairt dá n‑údaráis inniúla teorainneacha cainníochtúla a shocrú, nó bearta maoirseachta eile a ghlacadh lena mbainfí amach cuspóirí na maoirseachta forlíontaí, maidir le haon chomhchruinniú riosca ar leibhéal ilchuideachta airgeadais.
🡻 2002/87/CE
4.
I gcás ina bhfuil cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i gceannas ar ilchuideachta airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha earnála i dtaca le comhchruinniú riosca den earnáil airgeadais is tábhachtaí san ilchuideachta airgeadais, más ann dóibh, maidir leis an earnáil sin ina hiomláine, lena n‑áirítear an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 6(b) (oiriúnaithe)
5.
Eiseoidh ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte coiteanna a bheidh dírithe ar chóineasú cleachtas maoirseachta maidir le cur i bhfeidhm na maoirseachta forlíontaí ar chomhchruinniú riosca dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo. Chun dúbláil a sheachaint, áiritheofar leis na treoirlínte go ndéanfar cur i bhfeidhm na n‑uirlisí maoirseachta dá bhforáiltear san Airteagal seo a ailíniú le cur i bhfeidhm Airteagail 389 go 396 agus 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 244 de Threoir 2009/138/CE. Eiseoidh siad treoirlínte comhchoiteanna sonracha maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo ar rannpháirtíochtaí na hilchuideachta airgeadais i gcásanna ina gcuireann forálacha dhlí náisiúnta na gcuideachtaí bac ar chur i bhfeidhm Airteagal 18(2) den Treoir seo.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 8
Idirbhearta inghrúpa
1.
Gan dochar do na rialacha earnála, déanfar maoirseacht fhorlíontach ar idirbhearta inghrúpa eintiteas rialáilte in ilchuideachta airgeadais a fheidhmiú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 9(2), (3) agus (4), i Roinn 3 den Chaibidil seo, agus in Iarscríbhinn II.
2.
Ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis rialáilte nó ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha gach idirbheart inghrúpa suntasach de chuid eintiteas rialáilte laistigh d’ilchuideachta airgeadais a thuairisciú, ar bhonn rialta agus uair sa bhliain ar a laghad, don chomhordaitheoir, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn II. A mhéid nár tarraingíodh suas aon sainmhíniú ar na tairseacha dá dtagraítear san abairt dheireanach den chéad mhír d’Iarscríbhinn II, toimhdeofar go bhfuil idirbheart inghrúpa suntasach má sháraíonn a mhéid 5 % ar a laghad de mhéid iomlán na gceanglas maidir le leordhóthanacht caipitil ar leibhéal ilchuideachta airgeadais.
Cuirfidh an t‑eintiteas rialáilte an fhaisnéis is gá faoi bhráid an chomhordaitheora de réir bhrí Airteagal 1 atá i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais nó, i gcás nach bhfuil eintiteas rialáilte i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais de réir bhrí Airteagal 1, is í an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó an t‑eintiteas rialáilte san ilchuideachta airgeadais arna sainaithint ag an gcomhordaitheoir tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha eile agus leis an ilchuideachta airgeadais a dhéanfaidh amhlaidh.
Beidh na hidirbhearta inghrúpa ⌦ sin ⌫ faoi réir forléargas maoirseachta ag an gcomhordaitheoir.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 7(a) (oiriúnaithe)
3.
Go dtí go ndéanfar tuilleadh comhordaithe ar reachtaíocht an Aontais, féadfaidh na Ballstáit teorainneacha cainníochtúla agus ceanglais cháilíochtúla a shocrú, cead a thabhairt dá n‑údaráis inniúla teorainneacha cainníochtúla nó ceanglais cháilíochtúla a shocrú, nó bearta maoirseachta eile a ⌦ ghlacadh ⌫ lena mbainfí amach cuspóirí na maoirseachta forlíontaí, maidir le hidirbhearta inghrúpa eintiteas rialáilte laistigh d’ilchuideachta airgeadais.
🡻 2002/87/CE
4.
I gcás ina bhfuil cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i gceannas ar ilchuideachta airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha earnála maidir le hidirbhearta inghrúpa na hearnála airgeadais is tábhachtaí san ilchuideachta airgeadais maidir leis an earnáil sin ina hiomláine, lena n‑áirítear an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha.
🡻 2011/89/AE (oiriúnaithe)
5.
Eiseoidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte comhchoiteanna a bheidh dírithe ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta maidir le cur i bhfeidhm na maoirseachta forlíontaí ar idirbhearta inghrúpa dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo. Chun dúbláil a sheachaint, áiritheofar leis na treoirlínte go ndéanfar cur i bhfeidhm na n‑uirlisí maoirseachta, dá bhforáiltear san Airteagal seo, a ailíniú le cur i bhfeidhm Airteagal 245 de Threoir 2009/138/CE. Eiseoidh siad treoirlínte comhchoiteanna sonracha maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo ar rannpháirtíochtaí na hilchuideachta airgeadais i gcásanna ina gcuireann forálacha dhlí náisiúnta na gcuideachtaí bac ar chur i bhfeidhm Airteagal 18(2) den Treoir seo.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 9
Sásraí rialaithe inmheánaigh agus próisis um bainistíocht riosca
1.
Ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis rialáilte próisis leordhóthanacha um bainistíocht riosca agus sásraí rialaithe inmheánaigh a bheith i bhfeidhm acu, ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais, lena n‑áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta.
2.
Áireofar an méid seo a leanas ar na próisis um bainistíocht riosca:
(a)rialachas agus bainistíocht fhónta le formheas agus athbhreithniú tréimhsiúil na straitéisí agus na mbeartas ag na comhlachtaí rialaithe iomchuí ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais maidir leis na rioscaí go léir a nglacann siad leo;
(b)Beartais um leordhóthanacht caipitil chun tionchar a straitéise gnó ar phróifíl riosca agus ar cheanglais chaipitil a réamh-mheas mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hIarscríbhinn I;
(c)nósanna imeachta leordhóthanacha chun a áirithiú go mbeidh a gcórais faireacháin riosca comhtháite go maith ina n‑eagraíocht agus go ndéanfar gach beart chun a áirithiú go mbeidh na córais a chuirtear chun feidhme sna gnóthais uile a áirítear ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na maoirseachta forlíontaí comhsheasmhach ionas gur féidir na rioscaí a thomhas, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a rialú ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais;
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 2 (oiriúnaithe)
(d)socruithe atá i bhfeidhm chun rannchuidiú le socruithe agus pleananna leordhóthanacha téarnaimh agus réitigh agus chun iad a fhorbairt, más gá.
Déanfar ⌦ na ⌫ socruithe ⌦ dá dtagraítear i bpointe (d) ⌫ a thabhairt cothrom le dáta go rialta.
🡻 2002/87/CE
3.
Áireofar an méid seo a leanas sna sásraí rialaithe inmheánaigh:
(a)sásraí leordhóthanacha a mhéid a bhaineann le leordhóthanacht caipitil chun na rioscaí ábhartha uile a thabhaítear a shainaithint agus a thomhas agus chun cistí dílse a nascadh go hiomchuí le rioscaí;
(b)nósanna imeachta fónta maidir le tuairisciú agus cuntasaíocht chun na hidirbhearta inghrúpa agus an comhchruinniú riosca a shainaithint, a thomhas, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a rialú.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 8(a) (oiriúnaithe)
4.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás gach gnóthais a áirítear ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na maoirseachta forlíontaí de bhun Airteagal 5, go mbeidh sásraí rialaithe inmheánaigh leordhóthanacha ann chun aon sonraí agus aon fhaisnéis a tháirgeadh a bheadh ábhartha chun críoch na maoirseachta forlíontaí.
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na heintitis rialáilte, ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais, sonraí a sholáthar go tráthrialta dá n‑údarás inniúil maidir lena struchtúr dlíthiúil agus a struchtúr rialachais agus eagraíochtúil lena n‑áirítear gach eintiteas rialáilte, gach fochuideachta neamhrialáilte agus gach brainse suntasach.
Ceanglóidh na Ballstáit ar na heintitis rialáilte tuairisc ar a struchtúr dlíthiúil agus a struchtúr rialachais agus eagraíochtúil a nochtadh go poiblí, ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais, ar bhonn bliantúil, ina hiomláine nó trí thagairtí d’fhaisnéis choibhéiseach.
🡻 2002/87/CE
5.
Beidh na próisis agus na sásraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 faoi réir forléargas maoirseachta ag an gcomhordaitheoir.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 8(b) (oiriúnaithe)
6.
Déanfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm na maoirseachta forlíontaí ar shásraí rialaithe inmheánaigh agus ar phróisis bainistithe riosca dá bhforáiltear san Airteagal seo a ailíniú leis na próisis athbhreithnithe maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 97 de Threoir 2013/36/AE agus in Airteagal 248 de Threoir 2009/138/CE. Chuige sin, eiseoidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte comhchoiteanna a bheidh dírithe ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta maidir le cur i bhfeidhm na maoirseachta forlíontaí ar shásraí rialaithe inmheánaigh agus ar phróisis um bainistíocht riosca dá bhforáiltear san Airteagal seo, agus maidir le comhsheasmhacht leis na próisis athbhreithnithe maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 97 de Threoir 2013/36/AE agus in Airteagal 248 de Threoir 2009/138/CE. Eiseoidh siad treoirlínte comhchoiteanna sonracha maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo ar rannpháirtíochtaí na hilchuideachta airgeadais, i gcásanna ina gcuireann forálacha dhlí náisiúnta na gcuideachtaí bac ar chur i bhfeidhm Airteagal 18(2) den Treoir seo.
🡻 2002/87/CE
ROINN 3
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 3
BEARTA CHUN MAOIRSEACHT FHORLÍONTACH A ÉASCÚ AGUS CUMHACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 4
Airteagal 10
Ról an Chomhchoiste
Áiritheoidh an Comhchoiste, i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach, go ndéanfar maoirseacht chomhleanúnach trasearnála agus trasteorann agus go ndéanfar reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 9 (oiriúnaithe)
Airteagal 11
Tástáil struis
1.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n‑áiritheoidh an comhordaitheoir go ndéanfar tástáil struis iomchuí agus rialta ar ilchuideachtaí airgeadais. Ceanglóidh siad ar na húdaráis inniúla ábhartha comhoibriú go hiomlán leis an gcomhordaitheoir.
2.
Chun críche tástálacha struis uile-Aontais, féadfaidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste agus i gcomhar leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, paraiméadair fhorlíontacha a fhorbairt lena ngabhfar na rioscaí sonracha a bhaineann le hilchuideachtaí airgeadais, i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010. Cuirfidh an comhordaitheoir torthaí na dtástálacha struis in iúl don Chomhchoiste.
🡻 2002/87/CE
Airteagal 12
An t‑údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht fhorlíontach a fheidhmiú (an comhordaitheoir)
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 5
1.
Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht fhorlíontach leormhaith ar na heintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais, ceapfar comhordaitheoir aonair, a bheidh freagrach as comhordú agus feidhmiú na maoirseachta forlíontaí, as measc údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, lena n‑áirítear údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha. Déanfar céannacht an chomhordaitheora a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Chomhchoiste.
🡻 2002/87/CE
2.
Bunófar an ceapachán ar na critéir seo a leanas:
(a)i gcás ina bhfuil eintiteas rialáilte i gceannas ar ilchuideachta airgeadais, is é an t‑údarás inniúil a d’údaraigh an t‑eintiteas rialáilte sin de bhun na rialacha earnála ábhartha a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora;
(b)i gcás nach bhfuil eintiteas rialáilte i gceannas ar ilchuideachta airgeadais, is é an t‑údarás inniúil a shainaithnítear i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora:
(i)i gcás inar cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha í máthairchuideachta eintitis rialáilte, is é an t‑údarás inniúil a d’údaraigh an t‑eintiteas rialáilte sin de bhun na rialacha earnála ábhartha a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora;
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 10(a)
(ii)i gcás ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna mar mháthairchuideachta ag dhá eintiteas rialáilte ar a laghad, a bhfuil a n‑oifig chláraithe san Aontas, agus inar údaraíodh ceann amháin de na heintitis sin sa Bhallstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, is é údarás inniúil an eintitis rialáilte atá údaraithe sa Bhallstát sin a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora;
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
i gcás ina bhfuil níos mó ná eintiteas rialáilte amháin, atá gníomhach in earnálacha airgeadais éagsúla, údaraithe sa Bhallstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, is é údarás inniúil an eintitis rialáilte atá gníomhach san earnáil airgeadais is tábhachtaí a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora;
i gcás ina bhfuil níos mó ná cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha amháin ag a bhfuil ceannoifig i mBallstáit éagsúla i gceannas ar an ilchuideachta airgeadais agus ina bhfuil eintiteas rialáilte i ngach ceann de na ⌦ Ball ⌫ stáit sin, is é údarás inniúil an eintitis rialáilte ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe má tá na heintitis sin san earnáil airgeadais chéanna, nó údarás inniúil an eintitis rialáilte san earnáil airgeadais is tábhachtaí, a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora;
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 10(b)
(iii)i gcás ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna mar mháthairchuideachta ag dhá eintiteas rialáilte ar a laghad, a bhfuil a n‑oifig chláraithe san Aontas, agus nár údaraíodh aon cheann de na heintitis sin sa Bhallstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, is é an t‑údarás inniúil a d’údaraigh an t‑eintiteas rialáilte ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe san earnáil airgeadais is tábhachtaí a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora;
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
(iv)i gcás inar grúpa í an ilchuideachta airgeadais nach bhfuil máthairghnóthas i gceannas uirthi, nó in aon chás eile, is é an t‑údarás inniúil a d’údaraigh an t‑eintiteas rialáilte ar mó méid iomlán a chlár comhardaithe san earnáil airgeadais is tábhachtaí a fheidhmeoidh cúram an chomhordaitheora.
3.
I gcásanna áirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha na critéir ⌦ a leagtar síos ⌫ i mír 2 a tharscaoileadh, de chomhthoil, más rud é go mbeadh a gcur i bhfeidhm míchuí, agus struchtúr na hilchuideachta agus tábhacht choibhneasta a gníomhaíochtaí i dtíortha éagsúla á gcur san áireamh, agus údarás inniúil difriúil a cheapadh mar chomhordaitheoir. Sna cásanna sin, sula ndéanfaidh siad a gcinneadh, tabharfaidh na húdaráis inniúla deis don ilchuideachta a tuairim a chur in iúl maidir leis an gcinneadh sin.
Airteagal 13
Cúraimí an chomhordaitheora
1.
Áireofar an méid seo a leanas ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag an gcomhordaitheoir maidir le maoirseacht fhorlíontach:
(a)comhordú ar bhailiú agus ar scaipeadh faisnéise ábhartha nó riachtanaí i gcásanna gnóthais leantaigh agus éigeandála, lena n‑áirítear scaipeadh faisnéise atá tábhachtach do chúram maoirseachta údaráis inniúil faoi rialacha earnála;
(b)Forléargas maoirseachta agus measúnú ar staid airgeadais ilchuideachta airgeadais;
(c)measúnú ar chomhlíonadh na rialacha maidir le leordhóthanacht caipitil agus ar chomhchruinniú riosca agus idirbhearta inghrúpa mar a ⌦ fhoráiltear ⌫ in Airteagail 6, 7 agus 8;
(d)measúnú ar struchtúr, eagrúchán agus córas rialaithe inmheánaigh na hilchuideachta airgeadais mar a ⌦ fhoráiltear ⌫ in Airteagal 9;
(e)pleanáil agus comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta i gcásanna gnóthais leantaigh agus i gcásanna éigeandála, i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha lena mbaineann;
(f)cúraimí, bearta agus cinntí eile a shanntar don chomhordaitheoir leis an Treoir seo nó a eascraíonn as cur i bhfeidhm na Treorach seo.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 6 (oiriúnaithe)
Chun maoirseacht fhorlíontach a éascú agus a bhunú ar bhunús leathan dlí, beidh socruithe comhordúcháin i bhfeidhm ag an gcomhordaitheoir agus ag na húdaráis inniúla ábhartha eile, agus, i gcás inar gá, ag na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. Leis na socruithe comhordúcháin, féadfar cúraimí breise a chur de chúram ar an gcomhordaitheoir agus féadfar a shonrú iontu na nósanna imeachta don phróiseas cinnteoireachta i measc na n‑údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, Airteagail 5(4), 6, 14(2), 20 agus 22, agus don chomhar le húdaráis inniúla eile.
I gcomhréir le hAirteagal 8 agus leis an nós imeachta ⌦ a leagtar amach ⌫ in Airteagal 56 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach, forbróidh ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte ⌦ comhchoiteanna ⌫ a bheidh dírithe ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta maidir le comhsheasmhacht na socruithe comhordúcháin maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 116 de Threoir 2013/36/AE agus le hAirteagal 248(4) de Threoir 2009/138/CE.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
2.
Nuair atá faisnéis atá tugtha cheana féin d’údarás inniúil eile i gcomhréir leis na rialacha earnála ag teastáil uaidh, ⌦ rachaidh an ⌫ comhordaitheoir i dteagmháil leis an údarás ⌦ sin ⌫ aon uair is féidir chun dúbailt tuairiscithe do na húdaráis éagsúla a bhfuil baint acu le maoirseacht a chosc.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 11(a)
3.
Gan dochar don fhéidearthacht inniúlachtaí agus freagrachtaí maoirseachta sonracha a tharmligean dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha an Aontais, má bhíonn comhordaitheoir ann ar cuireadh cúraimí sonracha de chúram air maidir le maoirseacht fhorlíontach ar eintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais, ní dhéanfaidh sé sin difear do chúraimí ná freagrachtaí na n‑údarás inniúil dá bhforáiltear sna rialacha earnála.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 11(b)
4.
An comhar is gá faoin Roinn seo agus feidhmiú na gcúraimí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 14 agus, faoi réir ceanglais rúndachta agus dhlí an Aontais, an comhordú agus an comhar le húdaráis mhaoirseachta tríú tír ábhartha, i gcás inarb iomchuí,comhlíonfar iad trí choláistí, arna mbunú de bhun Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE nó Airteagal 248(2) de Threoir 2009/138/CE.
Léireofar ar leithligh na socruithe comhordúcháin dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, sna socruithe scríofa comhordaithe atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 115 de Threoir 2013/36/AE nó Airteagal 248 de Threoir 2009/138/CE. Is é an comhordaitheoir, mar Chathaoirleach coláiste arna bhunú de bhun Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE nó Airteagal 248(2) de Threoir 2009/138/CE, a chinnfidh cé na húdaráis inniúla eile a ghlacfaidh páirt i gcruinniú nó in aon ghníomhaíocht de chuid an choláiste sin.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 14
Comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla
1.
Oibreoidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais agus an t‑údarás inniúil arna cheapadh mar chomhordaitheoir na hilchuideachta airgeadais sin i ndlúthchomhar le chéile. Gan dochar dá bhfreagrachtaí faoi seach mar a shainítear iad faoi rialacha earnála, déanfaidh na húdaráis ⌦ sin ⌫, bíodh siad bunaithe san aon Bhallstát amháin nó ná bíodh, aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha chun cúraimí maoirseachta na n‑údarás eile a fheidhmiú faoi na rialacha earnála agus faoin Treoir seo a chur ar fáil dá chéile. I ndáil leis ⌦ sin ⌫, cuirfidh na húdaráis inniúla agus an comhordaitheoir an fhaisnéis ábhartha uile in iúl arna iarraidh sin orthu agus cuirfidh siad an fhaisnéis riachtanach uile in iúl ar a dtionscnamh féin.
Forálfar leis an gcomhar ⌦ sin ⌫ ar a laghad do bhailiú agus do mhalartú faisnéise maidir leis na nithe seo a leanas:
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 12
(a)sainaithint struchtúr dlíthiúil agus struchtúr rialachais agus eagraíochtúil an ghrúpa, lena n‑áirítear na heintitis rialáilte uile, na fochuideachtaí neamhrialáilte uile agus na brainsí suntasacha uile a bhaineann leis an ilchuideachta airgeadais, sealbhóirí sealúchas cáilitheach ar an máthairleibhéal deiridh, chomh maith le húdaráis inniúla na n‑eintiteas rialáilte sa ghrúpa;
🡻 2002/87/CE
(b)beartais straitéiseacha na hilchuideachta airgeadais;
(c)staid airgeadais na hilchuideachta airgeadais, go háirithe maidir le leordhóthanacht caipitil, idirbhearta inghrúpa, comhchruinniú riosca agus brabúsacht;
(d)príomh-scairshealbhóirí agus bainistíocht na hilchuideachta airgeadais;
(e)na córais eagrúcháin, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais;
(f)nósanna imeachta um fhaisnéis a bhailiú ó na heintitis in ilchuideachta airgeadais, agus chun an fhaisnéis sin a fhíorú;
(g)forbairtí díobhálacha in eintitis rialáilte nó in eintitis eile den ilchuideachta airgeadais a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do na heintitis rialáilte;
(h)smachtbhannaí tromchúiseacha agus bearta eisceachtúla arna ndéanamh ag údaráis inniúla i gcomhréir le rialacha earnála nó leis an Treoir seo.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 7 (oiriúnaithe)
Féadfaidh na húdaráis inniúla ⌦ , i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachan (AE) Uimh. 1092/2010, ⌫ an fhaisnéis sin a mhalartú freisin leis na húdaráis seo a leanas de réir mar is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, maidir le heintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sna rialacha earnála: ⌦ na ⌫ bainc cheannais, an Córas Eorpach Banc Ceannais, an Banc Ceannais Eorpach agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
2.
Gan dochar dá bhfreagrachtaí féin mar a shainítear iad faoi rialacha earnála, rachaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhairle le chéile, sula ndéanfar cinneadh, maidir leis na nithe seo a leanas, i gcás ina bhfuil tábhacht leis na cinntí sin do chúraimí maoirseachta údarás inniúil eile:
(a)athruithe ar struchtúr scairshealbhóirí, eagrúcháin nó bainistíochta eintiteas rialáilte in ilchuideachta airgeadais, ar gá formheas nó údarú na n‑údarás inniúil ina leith;
(b)smachtbhannaí tromchúiseacha nó bearta eisceachtúla arna ndéanamh ag údaráis inniúla.
Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh gan dul i gcomhairle i gcásanna práinne nó i gcás ina bhféadfadh an comhairliúchán sin éifeachtacht na gcinntí a chur i mbaol. Sa chás ⌦ sin ⌫, cuirfidh an t‑údarás inniúil na húdaráis inniúla eile ar an eolas gan mhoill.
3.
Féadfaidh an comhordaitheoir iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an mháthairghnóthais, agus nach bhfeidhmíonn an mhaoirseacht fhorlíontach iad féin de bhun Airteagal 12, aon fhaisnéis a iarraidh ar an máthairghnóthas a bheadh ábhartha chun a chúraimí comhordúcháin a fheidhmiú mar a leagtar síos in Airteagal 13, agus an fhaisnéis sin a tharchur chuig an gcomhordaitheoir.
I gcás inar tugadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(2) cheana d’údarás inniúil i gcomhréir le rialacha earnála, féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht fhorlíontach a fheidhmiú iarratas a chur faoi bhráid an údaráis chéadluaite chun an fhaisnéis a fháil.
4.
Údaróidh na Ballstáit malartú faisnéise idir a n‑údaráis inniúla agus idir a n‑údaráis inniúla agus údaráis eile, dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3. I gcás bailiú nó seilbh faisnéise maidir le heintiteas laistigh d’ilchuideachta airgeadais nach eintiteas rialáilte í, ní thabharfar le tuiscint ar bhealach ar bith go gceanglaítear ar na húdaráis inniúla ról maoirseachta a bheith acu maidir leis na heintitis sin ar bhonn neamhspleách.
Faisnéis a fhaightear faoi chuimsiú na maoirseachta forlíontaí, agus go háirithe aon mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus idir údaráis inniúla agus údaráis eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, beidh sí faoi réir na bhforálacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus maidir le faisnéis rúnda a chur in iúl a leagtar síos sna rialacha earnála.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 8 (oiriúnaithe)
Airteagal 15
Comhar agus malartú faisnéise leis an gComhchoiste
1.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla leis an gComhchoiste chun críocha na Treorach seo, i gcomhréir le ⌦ Rialacháin ⌫ (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
2.
Cuirfidh na húdaráis inniúla gach faisnéis is gá ar fáil don Chomhchoiste gan mhoill chun a chuid dualgas a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 13
3.
Cuirfidh na comhordaitheoirí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 9(4) agus 14(1), an dara fomhír, pointe (a) ar fáil don Chomhchoiste. Cuirfidh an Comhchoiste faisnéis ar fáil do na húdaráis inniúla maidir le struchtúr dlíthiúil agus struchtúr rialachais agus eagrúcháin na n‑ilchuideachtaí airgeadais.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 14 (oiriúnaithe)
Airteagal 16
Treoirlínte comhchoiteanna
1.
Forbróidh ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte comhchoiteanna maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t‑údarás inniúil measúnuithe rioscabhunaithe ar ilchuideachtaí airgeadais. Áiritheofar leis na treoirlínte sin, go háirithe, go n‑áireofar sna measúnuithe rioscabhunaithe uirlisí iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí grúpa atá ann do na hilchuideachtaí airgeadais.
2.
Eiseoidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte comhchoiteanna arb é is aidhm dóibh cleachtais mhaoirseachta a fhorbairt lena gceadófar maoirseacht fhorlíontach ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha chun an mhaoirseacht ghrúpa faoi Threoir 2009/138/CE nó, de réir mar is iomchuí, maoirseacht chomhdhlúite faoi Threoir 2013/36/AE a chomhlánú go hiomchuí. Leis na treoirlínte sin, beifear in ann na rioscaí ábhartha uile a ionchorprú sa mhaoirseacht, agus deireadh a chur le forluí maoirseachta agus stuamachta a d’fhéadfadh a bheith ann ag an am céanna.
🡻 2002/87/CE
Airteagal 17
Comhlacht bainistíochta cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha
Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh dea-cháil ar dhaoine a stiúrann gnó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus go mbeidh taithí leordhóthanach acu chun na dualgais sin a chomhlíonadh.
Airteagal 18
Rochtain ar fhaisnéis
🡻 2010/78/AE (oiriúnaithe)
1.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon bhaic dhlíthiúla laistigh dá ndlínse lena gcuirfear cosc ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha a áirítear faoi raon feidhme na maoirseachta forlíontaí, bíodh siad ina n‑eintiteas rialáilte nó ná bíodh, aon fhaisnéis a mhalartú lena chéile a bheadh ábhartha chun críoch maoirseachta forlíontaí agus chun faisnéis a mhalartú i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis na ⌦ ÚMEnna ⌫ i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach, tríd an gComhchoiste i gcás inar gá.
🡻 2002/87/CE
2.
Forálfaidh na Ballstáit, agus iad i dteagmháil leis na heintitis in ilchuideachta airgeadais, cibé acu eintiteas rialáilte é nó nach ea, go díreach nó go hindíreach, go mbeidh rochtain ag a n‑údaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht fhorlíontach a fheidhmiú ar aon fhaisnéis a bheadh ábhartha chun críoch maoirseachta forlíontaí.
Airteagal 19
Fíorú
Más rud é, agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm, gur mian leis na húdaráis inniúla i gcásanna sonracha an fhaisnéis a bhaineann le heintiteas, bíodh sé rialáilte nó ná bíodh, atá ina chuid d’ilchuideachta airgeadais agus atá suite i mBallstát eile a fhíorú, iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit eile sin an fíorú a dhéanamh.
Gníomhóidh na húdaráis a gheobhaidh an iarraidh sin ina leith, faoi chuimsiú a n‑inniúlachtaí, tríd an bhfíorú a dhéanamh iad féin, trí chead a thabhairt d’iniúchóir nó do shaineolaí é a dhéanamh, nó trí chead a thabhairt don údarás a rinne an iarraidh é a dhéanamh é féin.
Féadfaidh an t‑údarás inniúil a rinne an iarraidh, más mian leis, páirt a ghlacadh san fhíorú nuair nach ndéanann sé féin an fíorú.
Airteagal 20
Bearta forfheidhmiúcháin
Mura gcomhlíonann na heintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 nó i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais ach go bhféadfaí sócmhainneacht a chur i mbaol mar sin féin nó i gcás ina bhfuil na hidirbhearta inghrúpa nó na comhchruinnithe riosca ina mbagairt ar staid airgeadais na n‑eintiteas rialáilte, beidh gá leis na bearta is gá chun an cás a chur ina cheart a luaithe is féidir:
(a)ag an gcomhordaitheoir i leith na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha;
(b)ag na húdaráis inniúla i ndáil leis na heintitis rialáilte; chuige sin, cuirfidh an comhordaitheoir na húdaráis inniúla sin ar an eolas faoina thorthaí.
🡻 2010/78/AE (oiriúnaithe)
Gan dochar d’Airteagal 21(2), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cad iad na bearta a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a dhéanamh i leith na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha. I gcomhréir le hAirteagail 16 agus 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach, féadfaidh ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte a fhorbairt do bhearta maidir le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha.
🡻 2002/87/CE
Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, lena n‑áirítear an comhordaitheoir, i gcás inarb iomchuí, a ngníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú.
Airteagal 21
Cumhachtaí breise na n‑údarás inniúil
1.
Go dtí go ndéanfar tuilleadh comhchuibhithe idir rialacha earnála, forálfaidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag a n‑údaráis inniúla aon bheart maoirseachta a dhéanamh a mheastar a bheith riachtanach chun imchéimniú rialacha earnála ag eintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais a sheachaint nó chun déileáil leis an imchéimniú sin.
2.
Gan dochar dá bhforálacha dlí choiriúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionóis nó bearta atá dírithe ar dheireadh a chur le sáruithe breathnaithe nó le cúiseanna na sáruithe sin a fhorchur ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, nó ar na daoine sin a fhéachtar orthu mar bhainisteoirí na gcuideachtaí, a sháraíonn dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin a achtaítear chun an Treoir seo a chur chun feidhme. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh idirghabháil na gcúirteanna a bheith de dhíth chun na bearta sin a dhéanamh. Oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh na torthaí inmhianaithe ar na pionóis nó ar na bearta sin.
ROINN 4
TRÍÚ TÍORTHA
Airteagal 22
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 15(a)
Máthairghnóthais i dtríú tír
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 11(a) (oiriúnaithe)
1.
Gan dochar do na rialacha earnála, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 5(3), fíoróidh na húdaráis inniúla an bhfuil na heintitis rialáilte, a bhfuil a gceannoifig ag a máthairghnóthas i dtríú tír faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil an tríú tír sin, atá coibhéiseach leis an maoirseacht dá bhforáiltear leis an Treoir seo maidir le maoirseacht fhorlíontach ar eintitis rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Is é an t‑údarás inniúil a bheadh ina chomhordaitheoir dá mbeadh feidhm ag na critéir ⌦ a leagtar amach ⌫ in Airteagal 12(2), arna iarraidh sin don mháthairghnóthas nó d’aon cheann de na heintitis rialáilte atá údaraithe san Aontas nó ar a thionscnamh féin, a dhéanfaidh an fíorú.
Rachaidh an t‑údarás inniúil sin i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha eile, agus déanfaidh sé gach iarracht aon treoirlínte is infheidhme arna n‑ullmhú tríd an gComhchoiste a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 11(b) (oiriúnaithe)
2.
I gcás ina n‑easaontaíonn údarás inniúil leis an gcinneadh arna ghlacadh ag údarás inniúil ábhartha eile faoi mhír 1 ⌦ den Airteagal seo ⌫, beidh feidhm ag Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
3.
In éagmais na maoirseachta coibhéisí dá dtagraítear i mír 1 ⌦ den Airteagal seo ⌫, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na heintitis rialáilte, de réir analaí, na forálacha a bhaineann le maoirseacht fhorlíontach ar eintitis rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 5(2). De rogha air sin, féadfaidh údaráis inniúla ceann de na modhanna a leagtar amach i mír 4 ⌦ den Airteagal seo ⌫ a chur i bhfeidhm.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 15(b)
4.
Féadfaidh údaráis inniúla modhanna eile a chur i bhfeidhm lena n‑áirithítear maoirseacht fhorlíontach iomchuí ar na heintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais. Comhaontóidh an comhordaitheoir na modhanna sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha eile. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, a cheangal go mbunófar cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil a ceannoifig san Aontas, agus féadfaidh siad an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis rialáilte san ilchuideachta airgeadais a bhfuil an chuideachta sealbhaíochta sin i gceannas uirthi. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbainfear amach cuspóir na maoirseachta forlíontaí faoin Treoir seo leis na modhanna sin agus tabharfaidh siad fógra faoi sin do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus don Choimisiún.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 16 (oiriúnaithe)
Airteagal 23
Comhar le húdaráis inniúla tríú tíortha
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 48(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE agus ag Airteagal 264 de Threoir 2009/138/CE maidir le comhaontuithe a chaibidliú le tríú tír amháin nó níos mó maidir leis na modhanna chun maoirseacht fhorlíontach a fheidhmiú ar eintitis rialáilte in ilchuideachta airgeadais.
🡻 2002/87/CE
CAIBIDIL III
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 17
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 18 (oiriúnaithe)
Airteagal 24
Cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún
⌦ Tugtar ⌫ de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i ndáil leis na hoiriúnuithe teicniúla atá le déanamh ar an Treoir seo sna réimsí seo a leanas:
(a)foirmliú níos beaichte de na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 chun forbairtí sna margaí airgeadais maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo a chur san áireamh;
(b)Téarmaíocht a ailíniú agus sainmhínithe a chumadh sa Treoir seo i gcomhréir le gníomhartha de chuid an Aontais ina dhiaidh sin maidir le heintitis rialáilte agus ábhair ghaolmhara;
(c)sainmhíniú níos beaichte ar na modhanna ríofa ⌦ a leagtar amach ⌫ in Iarscríbhinn I chun forbairtí ar mhargaí airgeadais agus teicnící stuamachta a chur san áireamh.
Ní áireofar ar na bearta sin ábhar na cumhachta a tharmligtear chuig an gCoimisiún agus a thugtar dó maidir leis na hítimí a liostaítear in Airteagal 26.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 25
Coiste um Ilchuideachtaí Airgeadais
1.
Tabharfaidh Coiste um Ilchuideachtaí Airgeadais cúnamh don Choimisiún.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt.14(a) (oiriúnaithe)
2.
Féadfaidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, treoirlínte ⌦ comhchoiteanna ⌫ a sholáthar i dtaobh an dócha go mbainfidh socruithe forlíontacha maoirseachta na n‑údarás inniúil i dtríú tíortha cuspóirí na maoirseachta forlíontaí mar a shainmhínítear sa Treoir seo amach, i leith na n‑eintiteas rialáilte in ilchuideachta airgeadais, a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír. Coimeádfaidh an Comhchoiste aon treoirlínte den sórt sin faoi athbhreithniú agus cuirfidh sé san áireamh aon athruithe a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin ar an maoirseacht fhorlíontach.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
3.
Coinneoidh na Ballstáit an ⌦ Coiste um Ilchuideachtaí Airgeadais ⌫ ar an eolas faoi na prionsabail a chuireann siad i bhfeidhm maidir le maoirseacht a dhéanamh ar idirbhearta inghrúpa agus ar chomhchruinniú riosca.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 15 (oiriúnaithe)
Airteagal 26
Caighdeáin theicniúla
1.
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na Treorach seo a áirithiú, féadfaidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (12), chun cur i bhfeidhm Airteagal 2, pointe 2, de Threoir 2013/34/AE i gcomhthéacs na Treorach seo a shonrú;
(b)Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (19), chun nósanna imeachta a bhunú nó critéir a shonrú chun a bhfuil i gceist le ‘údaráis inniúla ábhartha’ a chinneadh;
(c)Airteagal 3(4), chun na paraiméadair mhalartacha a shonrú chun ilchuideachta airgeadais a shainaithint;
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 20(a)
(d)Airteagal 6(2), chun formáid aonfhoirmeach a áirithiú (le treoracha) le haghaidh na ndátaí tuairiscithe agus, i gcás inarb iomchuí, chun minicíocht na ndátaí tuairiscithe a chinneadh.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 15 (oiriúnaithe)
Tugtar ⌦ de chumhacht ⌫ don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír ⌦ den mhír seo ⌫ a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 20(b) (oiriúnaithe)
2.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagail 2, 7 agus 8 agus Iarscríbhinn II a áirithiú, déanfaidh ⌦ ÚME ⌫, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun foirmliú níos beaichte na sainmhínithe ⌦ a leagtar amach ⌫ in Airteagal 2 a bhunú agus chun na forálacha arna nglacadh de bhun Airteagail 7 agus 8 agus Iarscríbhinn II a chomhordú.
Tugtar ⌦ de chumhacht ⌫ don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh ⌦ den mhír seo ⌫ i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
🡻 2010/78/AE Airt. 2, pt. 15 (oiriúnaithe)
3.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7(2), chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta chun na míreanna faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar ‘comhchruinnithe riosca’ a áireamh san fhorléargas maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2), an dara fomhír;
(b)Airteagal 8(2), chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta chun na míreanna faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar ‘idirbhearta laistigh de ghrúpa’ a áireamh san fhorléargas maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an tríú fomhír.
⌦ Glacfaidh ⌫ an Coimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír Ö den mhír seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin Õ i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
🡻 2013/36/AE Airt. 150, pt. b (oiriúnaithe)
4.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na modhanna ríofa a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I den Treoir seo a áirithiú, i gcomhar le hAirteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 228(1) de Threoir 2009/138/CE, ach gan dochar d’Airteagal 6(4) den Treoir seo, déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le hAirteagal 6(2) den Treoir seo.
Tugtar ⌦ de chumhacht ⌫ don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír ⌦ den mhír seo ⌫ a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 21 (oiriúnaithe)
Airteagal 27
Treoirlínte Comhchoiteanna
Eiseoidh na ⌦ ÚMEnna ⌫, tríd an gComhchoiste, na treoirlínte comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 3(9), 7(5), 8(5), 9(6), Airteagal 13(1), an tríú fomhír, Airteagail 16 agus 25(2) i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
Airteagal 28
An tarmligean a fheidhmiú
1.
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.
Déanfar an chumhacht ⌦ chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ⌫ dá dtagraítear in Airteagal 24 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 4 bliana ón 9 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le ⌦ tarmligean ⌫ na cumhachta a ullmhú ⌦ tráth nach déanaí ná ⌫ 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 4 bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ⌦ ar ⌫ dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
⌦ 4.
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. ⌫.
5.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ⌦ ón ⌫ gComhairle.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
CAIBIDIL IV
CUIDEACHTAÍ BAINISTÍOCHTA SÓCMHAINNÍ ⌦ , BAINISTEOIRÍ CISTÍ INFHEISTÍOHTA MALARTACHA AGUS INROCHTAINEACHT FAISNÉISE AR AN BPOINTE ROACHTANA AONAIR EORPACH ⌫
Airteagal 29
Cuideachtaí bainistíochta sócmhainní
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 22 (oiriúnaithe)
1. Go dtí go ndéanfar tuilleadh comhordaithe ar rialacha earnála, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le cuideachtaí bainistíochta sócmhainní a áireamh:
(a)faoi raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, nó ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na maoirseachta forlíontaí ar ghnóthais árachais i ngrúpa árachais;
(b)i gcás inar ilchuideachta airgeadais é an grúpa, ⌦ faoi ⌫ raon feidhme na maoirseachta forlíontaí de réir bhrí na Treorach seo;
(c)laistigh den phróiseas sainaitheantais i gcomhréir le hAirteagal 3(2).
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
2. Chun mír 1 a chur i bhfeidhm, ⌦ cinnfidh ⌫ na Ballstáit, nó tabharfaidh siad an chumhacht dá n‑údaráis inniúla a chinneadh, cén rialacha earnála (an earnáil baincéireachta, an earnáil árachais nó an earnáil seirbhísí infheistíochta) ar dá réir a áireofar cuideachtaí bainistíochta sócmhainní sa mhaoirseacht chomhdhlúite nó fhorlíontach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Chun críocha na ⌦ míre ⌫ seo, beidh feidhm mutatis mutandis maidir le cuideachtaí bainistíochta sócmhainní ag na rialacha earnála ábhartha maidir le foirm agus méid chuimsiú na n‑institiúidí airgeadais (i gcás ina n‑áirítear cuideachtaí bainistíochta sócmhainní ⌦ faoi ⌫ raon feidhme mhaoirseacht chomhdhlúite na n‑institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta) agus na ngnóthas athárachais (i gcás ina n‑áirítear cuideachtaí bainistíochta sócmhainní ⌦ faoi ⌫ raon feidhme mhaoirseacht fhorlíontach na ngnóthas árachais). Chun críocha ⌦ na ⌫ maoirseachta forlíontaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), déileálfar leis an gcuideachta bainistíochta sócmhainní mar chuid de cibé earnáil ina n‑áirítear í de bhua mhír 1, pointe (a).
I gcás ina bhfuil cuideachta bainistíochta sócmhainní mar chuid d’ilchuideachta airgeadais, tuigfear, dá bhrí sin, chun críocha na Treorach seo, go n‑áirítear le haon tagairt do choincheap an eintitis rialáilte agus le haon tagairt do choincheap na n‑údarás inniúil agus na n‑údarás inniúil ábhartha, faoi seach, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chuideachtaí bainistíochta sócmhainní. Tá feidhm aige sin mutatis mutandis a mhéid a bhaineann le grúpaí ⌦ dá ⌫ dtagraítear i mír 1, pointe (a).
🡻 2011/89/AE Airt. 2, pt. 23 (oiriúnaithe)
Airteagal 30
Bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha
1.
Go dtí go ndéanfar tuilleadh comhordaithe ar rialacha earnála, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a áireamh:
(a)faoi raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, nó faoi raon feidhme na maoirseachta forlíontaí ar ghnóthais árachais i ngrúpa árachais;
(b)i gcás inar ilchuideachta airgeadais é an grúpa, laistigh de raon feidhme na maoirseachta forlíontaí de réir bhrí na Treorach seo;
(c)laistigh den phróiseas sainaitheantais i gcomhréir le hAirteagal 3(2).
2.
Chun mír 1 a chur i bhfeidhm, cinnfidh na Ballstáit, nó tabharfaidh siad an chumhacht dá n‑údaráis inniúla a chinneadh, cé na rialacha earnála (an earnáil baincéireachta, an earnáil árachais nó an earnáil seirbhísí infheistíochta) ar dá réir ⌦ a bheidh ⌫ bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha le háireamh sa mhaoirseacht chomhdhlúite nó fhorlíontach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Chun críocha na míre seo, beidh feidhm mutatis mutandis maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha ag na rialacha earnála ábhartha maidir leis an bhfoirm agus an méid a áirítear na institiúidí airgeadais. Chun críocha ⌦ na ⌫ maoirseachta forlíontaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), déileálfar leis an mbainisteoir cistí infheistíochta malartacha mar chuid de cibé earnáil ina n‑áirítear é de bhua mhír 1, pointe (a).
I gcás inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é bainisteoir cistí infheistíochta malartacha, tuigfear, dá bhrí sin, chun críocha na Treorach seo, go n‑áirítear i dtagairtí d’eintitis rialáilte agus d’údaráis inniúla ábhartha bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainisteoirí cistí infheistíochta malartacha faoi seach. Tá feidhm aige seo mutatis mutandis a mhéid a bhaineann le grúpaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).
🡻 (AE) 2023/2864 Airt. 1
Airteagal 31
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
1.
Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(4) den Rialachán seo á nochtadh go poiblí acu, go ndéanfaidh eintitis rialáilte an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:
(a)déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an eintitis rialáilte lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis rialáilte, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)méid an eintitis rialáilte de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
2.
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis rialáilte aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a fháil.
3.
Chun go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo inrochtana ar ESAP, is é an t‑údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
4.
Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
5.
I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 32
Tuarascáil ón gCoimisiún
🡻 (AE) 2025/2 Airt. 3
Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún, i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, measúnú ar fheidhmiú na Treorach seo agus Threoir 2009/138/CE maidir leis na gnéithe a liostaítear thíos, agus aird á tabhairt go háirithe ar láimhseáil stuamachta na n-úinéireachtaí rannpháirtíochta trasearnála faoi rialacha earnála, i dtéarmaí cothroime iomaíochta:
(a)na gnóthais seirbhísí airgeadais atá faoi réir maoirseacht airgeadais faoi rialacha earnála, ach nach bhfuil liostaithe in aon cheann de na hearnálacha airgeadais a shainaithnítear sa Treoir seo, cibé acu a chruthaíonn nó nach gcruthaíonn siad éagothroime i measc ilchuideachtaí airgeadais;
(b)cibé acu a chuireann nó nach gcuireann na hilchuideachtaí airgeadais uile rialacha chun feidhme lena rialaítear ceanglais leordhóthanachta caipitil, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 342/2014 ón gCoimisiún, ar bhealach comhsheasmhach, agus cibé acu a fhorchuirtear nó nach bhforchuirtear leis na rialacha sin ceanglais chainníochtúla fhoriomlána inchomparáide ar ilchuideachtaí airgeadais, is cuma cé acu an earnáil baincéireachta, an earnáil árachais nó earnáil na seirbhísí infheistíochta príomhearnáil airgeadais na hilchuideachta airgeadais;
(c)cibé acu atá nó nach bhfuil na próisis athbhreithnithe maoirseachta agus leithdháileadh na sainorduithe agus na gcumhachtaí forfheidhmiúcháin idir comhordaitheoirí agus maoirseoirí earnála, go háirithe a mhéid a bhaineann le ceanglais leordhóthanachta caipitil, sách soiléir agus comhchuibhithe chun a áirithiú go ndéanfar ceanglais leordhóthanachta caipitil a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, gan beann ar an bpríomhearnáil airgeadais ina n-oibríonn ilchuideachta airgeadais;
(d)an fadhb é an easpa sainaitheantais i gcás gnóthas atá freagrach sa deireadh as an Treoir seo a chomhlíonadh ó thaobh cothroime iomaíochta a áirithiú.
🡻
Airteagal 33
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2002/87/CE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV.
🡻 2002/87/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 34
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 35
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán