An Bhruiséil,3.2.2026

COM(2026) 67 final

2026/0043(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘CEA’) i dtaca leis an bhFormhuirear Margaidh-Léiritheach a ríomh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí’ nó ‘CEA’) i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar CEA chun an Raon Difríochta Coigeartaithe Creidmheasa sealadach -29 mbonnphointe a dhéanamh buan i dtaca leis an bhFormhuirear Margaidh-Léiritheach a ríomh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear Leo go hOifigiúil

Is comhaontú oinigh é an Socrú idir an tAontas, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré, an Iorua, an Eilvéis, an Astráil, an Nua-Shéalainn, an Tuirc agus an Ríocht Aontaithe, arb é is aidhm dó creat a chur ar fáil le haghaidh úsáid rianúil na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. Ciallaíonn sé sin go praiticiúil, cothroime iomaíochta a leagan síos (sa tslí go mbunófar an iomaíocht ar phraghas agus ar cháilíocht na n-earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear seachas ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus an tráth céanna iarrachtaí a dhéanamh chun deireadh a chur le fóirdheontais agus leis an saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. Tháinig an Socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, agus is go ceann tréimhse éiginnte é.

An Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí, is é Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú agus is é is aidhm dó creat a chur ar fáil le haghaidh úsáid intuartha, chomhsheasmhach, thrédhearcach na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil i ndáil le díol nó léasú aerárthaí agus earraí agus seirbhísí gaolmhara a shonraítear in Airteagal 4(a) den Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí. Leis an gComhaontú Earnála maidir le hAerárthaí, féachtar le cothroime iomaíochta a chothú le haghaidh na n-onnmhairí in earnáil na n-aerárthaí agus le deireadh a chur le fóirdheontais agus le saobhadh trádála a bhaineann leis an tacaíocht oifigiúil. Tháinig an téacs is déanaí de chuid CEA i bhfeidhm an 1 Feabhra 2011.

Tá an Socrú, lena n-áirítear an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí, leabaithe in ECFE ó thaobh riaracháin de, agus cuireann Rúnaíocht ECFE um Chreidmheasanna tacaíocht ar fáil dó. Mar sin féin, ní Gníomhartha de chuid ECFE iad an Socrú ná an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí 1 .

Is Rannpháirtí é an tAontas sa Socrú – ní rannpháirtithe iad na Ballstáit – agus rinneadh téacs an Comhaontaithe Earnála maidir le hAerárthaí Sibhialta a thrasuí san acquis communautaire de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011. 2 Dá bhrí sin, tá forálacha an tSocraithe agus an Chomhaontaithe Earnála maidir le hAerárthaí ceangailteach ó thaobh dlí de, óir is é sin dlí an Aontais.

2.2.Na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta

Tá 11 Rannpháirtí in CEA (‘Rannpháirtithe CEA’), agus is iad seo a leanas na rannpháirtithe, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tAontas, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe, agus na Stáit Aontaithe. 3  

Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe Rannpháirtithe CEA, agus sna nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh cinnteoireachta de chuid Rannpháirtithe CEA freisin. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le gach leasú a dhéantar ar an gComhaontú Earnála maidir le hAerárthaí.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Rannpháirtithe CEA

Is é is aidhm don gníomh atá beartaithe Roinn 2 d’Fhoscríbhinn 2 den Chomhaontú Earnála maidir le hAerárthaí a leasú trí luach seasta Raon Difríochta Coigeartaithe Creidmheasa (CAS) -29 mbonnphointe a leagan síos chun an Formhuirear Margaidh-Léiritheach a ríomh. Leagtar amach i bhFoscríbhinn II den Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí na nósanna imeachta atá le húsáid agus praghsáil tacaíochta oifigiúla á cinneadh le haghaidh idirbheart atá faoi réir ag an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta, agus leagtar amach na rialacha i Roinn 2 maidir leis na Préimhrátaí Íosta (MPR) a chinneadh.

Sonraítear i dtéacs an Chomhaontaithe Earnála maidir le hAerárthaí go bhfuil ríomh na bPréimhrátaí Íosta mar thoradh ar Fhormhuirear Mhargaidh-Léiritheach (MRS) a chur leis na rátaí rioscabhunaithe. Ionchur amháin i ríomh MRS is ea Meánraonta Difríochta Creidmheasa (MCS), bunaithe ar shonraí arna soláthar ag Moody’s do Rúnaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta. I bhfianaise scor Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan (LIBOR), ó bhí Lúnasa 2022 ann, soláthraíonn Moody’s sonraí MCS thar an Ráta Urraithe Maoinithe Thar Oíche (SOFR), seachas thar LIBOR. Tá tionchar díreach aige sin ar luach MCS, ar iarradh ar Rannpháirtithe CEA chun machnamh a dhéanamh air i mí na Samhna 2022 le linn an 73ú cruinniú de Rannpháirtithe CEA.

Chomhaontaigh Rannpháirtithe CEA le linn a 74ú cruinniú (Samhain 2023) coigeartú a chur i bhfeidhm (raon difríochta coigeartaithe creidmheasa, ‘CAS’) mar atá -29 mbonnphointe ar shonraí MCS Moody’s ar feadh bliana (i.e., deireadh 2024). Le linn an 76ú cruinniú de Rannpháirtithe CEA i mí na Bealtaine 2025, léirigh na Rannpháirtithe tacaíocht leathan i dtaobh an réiteach sin a dhéanamh buan. Is é is aidhm don gníomh atá beartaithe téacs an Chomhaontaithe Earnála maidir le hAerárthaí a leasú chun réiteach buan a dhéanamh den choigeartú sealadach sin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Le scor ráta tairgthe idirbhainc Londan in 2023, cuireadh de cheangal ar Moody’s a mhodheolaíocht a choigeartú chun na Meánraonta Difríochta Creidmheasa (MCS) a ríomh, ar ionchur tábhachtacha iad chun an Formhuirear Margaidh-Léiritheach (MRS) a fháil, rud atá le cur i bhfeidhm i ríomh na bPréimhrátaí Íosta le haghaidh idirbheart de chuid CEA mar a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II.

Is meán gluaisteach 90 lá de Mheánraonta Difríochta Creidmheasa (MCS) Moody’s é an MCS le meánré 7 mbliana. Déanann Moody’s iad a sholáthar do Rúnaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt bunaithe ar shocruithe conartha tríbhliantúla a ndearnadh athchóiriú orthu ó síníodh an chéad cheann in 2011.

Mar gheall ar an aistriú ó LIBOR go SOFR in 2023, thosaigh Moody’s de bheith ag soláthar sonraí MCS thar SOFR amháin, seachas thar LIBOR. Tá luach méadaithe i ndáil le MCS mar thoradh ar an mbonnráta sin, rud a ghearrann, dá bhrí sin, pionós ar an bpréimhriosca. Le tabhairt isteach CAS, is é an aidhm atá ann an méadú sin a chúiteamh. Leagadh an CAS síos go sealadach ag -29 mbonnphointe, rud a léiríonn an meándifríocht le hais Moody’s ó d'athraigh sé a bhonnráta ó LIBOR go SOFR.

I bhfianaise an mhéid sin, tacaíonn an tAontas Eorpach leis na hiarrachtaí atá ar bun ríomh MRS a choigeartú chun an formhuirear breise a eascraíonn as athrú ar an mbonnráta tar éis scor LIBOR a chúiteamh. Trí CAS seasta-29 mbonnphointe a sholáthar, leis an leasú atá beartaithe is féidir an méadú ar MCS a chúiteamh agus soláthraítear intuarthacht do mhonaróirí aerárthaí agus úsáideoirí CEA eile. Dá bhrí sin, moltar gurb é seasamh an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe glacadh leis an gcinneadh atá beartaithe CAS seasta -29 mbonnphointe a thabhairt isteach i ndáil le MCS chun MRS a ríomh mar a leagtar amach i Roinn 2 d'Fhoscríbhinn II.

4.An bunús dlí

4,1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

D’fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar reachtaíocht an Aontais, mar atá Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle. De bhua Airteagal 2 den Rialachán seo, sin é an fáth a sonraítear go nglacfaidh 'an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag Rannpháirtithe an tSocraithe'.

Glacfar an leasú atá beartaithe ar CEA i nós imeachta i scríbhinn Rannpháirtithe CEA faoi choimirce na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2-1.Na Prionsabail

An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe, gníomh a thagann faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

4,3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear Leo go hOifigiúil leis na hathruithe atá beartaithe, rud a fhágfaidh go mbeidh gá le leasú ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011. de bhua Airteagal 2 den Rialachán sin, is iomchuí é a fhoilsiú in iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2026/0043 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘CEA’) i dtaca leis an bhFormhuirear Margaidh-Léiritheach a ríomh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear Leo go hOifigiúil (‘an Socrú’), lena n-áirítear na cinn sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí, CEA’) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí agus, dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh dlí de san Aontas Eorpach de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 .

(2)Is é is aidhm don leasú atá beartaithe ar Airteagal 28 d’Fhoscríbhinn II (Préimhrátaí Íosta) de CEA Raon Difríochta Coigeartaithe Creidmheasa buan -29 mbonnphointe a thabhairt isteach i dtaca le Formhuirear Margaidh-Léiritheach a ríomh agus ba cheart leis an leasú sin éifeachtaí athrú an bhonnráta ó LIBOR go SOFR a chúiteamh tar éis scor LIBOR.

(3)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ó Rannpháirtithe CEA, is iomchuí an seasamh sin a leagan síos de bhrí go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe in CEA ceangailteach ar an Aontas, agus gur féidir leis tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é atá i gceist leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhthéacs an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear Leo go hOifigiúil i dtaca leis an bhFormhuirear Margaidh-Léiritheach a ríomh, tacú leis an leasú ar gComhaontú Earnála maidir le hAerárthaí i gcomhréir leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Choinbhinsiún ECFE.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(3)    Tá an rannpháirtíocht mar an gcéanna den chuid is mó leis an rannpháirtíocht sa Socrú, ach é sa difear eatarthu gur Rannpháirtí CEA í an Bhrasaíl ach nach Rannpháirtí sa Socrú í, agus nach bhfuil an Tuirc rannpháirteach in CEA cé gur Rannpháirtí sa Socrú í.
(4)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45) (‘Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011’).

An Bhruiséil,3.2.2026

COM(2026) 67 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘CEA’) i dtaca leis an bhFormhuirear Margaidh-Léiritheach a ríomh


IARSCRÍBHINN

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘CEA’) glacadh leis na hathruithe ar Airteagal 28 d’Fhoscríbhinn II (Préimhrátaí Íosta) mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Tá na nithe a chuirtear leis i gcló trom agus folíne fúthu:

‘ 

FOSCRÍBHINN II- NA PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA

 28. Ríomhfar Formhuirear Margaidh-Léiritheach mar a leanas le haghaidh gach catagóire riosca:

MRS = B*{[0.5*(MCS-CAS)]-RBR]}

i gcás gurb é:

-B comhéifeacht mheasctha a athraíonn ó 0,7 go 0,35 de réir gach catagóire riosca de réir Tábla 4 thíos.

-MCS meán gluaisteach 90 lá de Mheánraonta Difríochta Creidmheasa (MCS) Moody’s le meánré 7 mbliana.

-CAS (Raon difríochta creidmheasa) a chuirtear i bhfeidhm chun bonnráta stairiúil MCS a ailíniú leis an mbonnráta nua MSC saor ó riosca, tar éis scor LIBOR; Beidh feidhm ag 29 mbonnphointe CAS.

 ’