An Bhruiséil,20.1.2026

COM(2026) 8 final

2026/0005(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda i ndáil le roinnt cinntí a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’)

Is é is aidhm don Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) na cuspóirí a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú a bhaint amach. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

Tá an tAontas Eorpach (AE) ina pháirtí sa Chomhaontú 1 . Is páirtithe iad gach ceann de na 27 mBallstát sa Chomhaontú freisin. Féadfaidh EDT cinntí a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gComhaontú EDT.

2.2.Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála

Is í an Chomhdháil Aireachta an comhlacht cinnteoireachta is airde in EDT agus tagann sí le chéile gach dhá bhliain ar a laghad. De réir dlí agus cleachtais, déantar cinntí trí chomhdhearcadh.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Chomhdháil Aireachta in Yaoundé, Camarún an 26-29 Márta 2026. Seo í an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Dhomhanda Trádála (‘MC14’).

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhdháil Aireachta EDT

D’fhéadfadh MC14 cinntí a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

1.Athchóiriú ar réiteach díospóidí

2.Fóirdheontais iascaigh

3.Slándáil bia

4.Tacaíocht intíre san earnáil talmhaíochta

5.Stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia

6.Srianta onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta

7.Iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta

8.Rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta

9.An sásra coimirce speisialta san earnáil talmhaíochta

10.Cadás

11.Ionramháil speisialta agus dhifreálach

12.Togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - bearta tacaíochta i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonracha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála

13.An Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil

14.An Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh

15.Iarraidh ar tharscaoileadh EDT a dheonú

16.Coiste breise um theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a bhunú

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is é is cuspóir don togra seo é a chur ar a chumas don Aontas páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh a d’fhéadfaí a bhaint amach in EDT, comhdhearcadh maidir leis an gComhdháil Aireachta na gníomhartha atá beartaithe a ghlacadh.

Cé nach bhfuil sé soiléir go fóill an mbeidh Comhaltaí EDT in ann teacht ar chomhdhearcadh faoi na gníomhartha atá beartaithe, nó a mhéid a bheidh siad in ann teacht air, ní mór don Chomhairle seasamh an Aontais ag MC14 a shocrú roimh ré de bhun Airteagal 218(9) CFAE 2 .

Seasamh an Aontais chun tacú le síneadh a chur leis an moratóir ar dhleachtanna custaim ar thras‑seoltaí leictreonacha agus leis an moratóir ar na gearáin sin dá bhforáiltear faoi Airteagal XXIII, fomhíreanna 1(b) agus 1(c), de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (gearáin i gcás nach bhfuil sárú ann agus gearáin staide), ní mór a mheabhrú nach gcuimseofar an seasamh sin sa togra toisc go bhforálann Cinneadh (AE) 2015/2236 ón gComhairle an 27 Samhain 2015 gur féidir é sin a dhéanamh ar feadh tréimhse éiginnte. Leis an togra atá ann faoi láthair, cumhdaítear na saincheisteanna seo a leanas ar féidir cinntí a dhéanamh ina leith:

·Athchóiriú ar réiteach díospóidí: Ag MC13 in Abú Daibí, aithníodh i gcinneadh Aireachta EDT (WT/MIN(24)/37) an dul chun cinn a rinneadh sa phróiseas neamhfhoirmiúil maidir le hathchóiriú ar réiteach díospóidí agus tugadh treoir d’oifigigh dlús a chur leis an bplé chun an cuspóir a bhaint amach maidir le córas lánfheidhmiúil agus dea-fheidhmiúil um réiteach díospóidí a bheith ann a mbeidh rochtain ag na Comhaltaí uile air faoi 2024 mar a leagadh amach cheana ag MC12. Níor tharla sé sin ‘faoi 2024’ agus is íseal na hionchais go mbeidh toradh ann ag MC14. Mar sin féin, tá córas lánfheidhmiúil um réiteach díospóidí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála fós ina thosaíocht ag an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le hathchóiriú fóinteach ar an gcóras um réiteach díospóidí chun aghaidh a thabhairt ar leasanna na gComhaltaí agus, an tráth céanna, a bhunghnéithe a chaomhnú lena dtugtar tacaíocht don chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha. I gcás ina mbeadh toradh comhaontaithe den sórt sin ann, ba cheart don Aontas tacú leis.

·Fóirdheontais iascaigh: Le Cinneadh Aireachta EDT an 17 Meitheamh 2022 (WT/MIN(22)/33), glacadh an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh agus, an tráth céanna, iarradh comhaontú cuimsitheach a bhaint amach maidir le fóirdheontais iascaigh. Tháinig an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh i bhfeidhm an 15 Meán Fómhair 2025 agus mura nglacfar disciplíní cuimsitheacha laistigh de 4 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus mura gcinnfidh an Chomhairle Ghinearálta a mhalairt, déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh láithreach. Tá an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ag iarraidh teacht ar chomhaontú iltaobhach maidir le forálacha breise lena mbainfí amach disciplíní cuimsitheacha. I gcás ina n‑éireodh le caibidlíocht maidir le forálacha breise, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Slándáil bia: Tá gá le gníomhaíocht EDT mar fhreagairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le slándáil bia, a chuaigh chun donais ar fad mar gheall ar an gcogadh foghach gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, i gcomhthéacs dúshlán domhanda aeráide agus comhshaoil. Meastar go mbeidh an tslándáil bia ina gné den phlé ag MC14. Thairis sin, d’fhormhuinigh Airí ag MC12 Dearbhú maidir leis an bhFreagairt Éigeandála ar Neamhshlándáil an tSoláthair Bia (WT/MIN(22)/28, WT/L/1139) inar tugadh treoir don Choiste um Thalmhaíocht tabhairt faoi chlár oibre tiomnaithe chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí lena bhféadfaí an Cinneadh maidir le Bearta a Bhaineann le hÉifeachtaí Diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gClár um Athchóiriú ar na Tíortha is Lú Forbairt (TLFanna) agus maidir le Tíortha i mBéal Forbartha is Glanallmhaireoirí Bia (TBF-GABanna) (Cinneadh Marrakech) a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos oibríochtúla. An tráth céanna, tugadh treoir do na Comhaltaí machnamh a dhéanamh ar riachtanais TLFanna agus TBF-GABanna chun a n‑athléimneacht a mhéadú mar fhreagairt ar éagobhsaíocht ghéar bia, lena n‑áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as solúbthachtaí chun a dtáirgeadh talmhaíochta a threisiú agus chun feabhas a chur ar a slándáil bia intíre de réir mar is gá i gcás éigeandála. Leag na Comhaltaí i gcomhar le chéile deireadh mhí na Samhna 2023 síos mar amlíne chun clár oibre a thabhairt i gcrích agus teacht ar roinnt moltaí coiteanna. I mí Aibreáin 2024, ghlac na Comhaltaí tuarascáil ar an gclár oibre (G/AG/38) ina raibh sraith moltaí agus conclúidí. I gcás ina mbeadh toradh ann mar obair leantach ar an obair sin, ba cheart don Aontas tacú leis an toradh comhaontaithe sin.

·Tacaíocht intíre san earnáil talmhaíochta: An chaibidlíocht maidir le tacaíocht intíre a dhéanann saobhadh ar an trádáil, tá sí leabaithe in Airteagal 20 de Chomhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht agus tá sí ina cuid de shainordú Chlár Oibre Doha um Fhorbairt mar a leagtar amach i nDearbhú Aireachta Doha an 14 Samhain 2001 (WT/MIN(01)/DEC/1). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia: Is é is aidhm don chaibidlíocht ‘réiteach buan’ a chomhaontú a chomhlíonfaidh an sprioc a leagadh amach i gCinneadh Aireachta Bali an 7 Nollaig 2013 maidir le Stocshealbhaíocht Phoiblí chun críocha na Slándála Bia (WT/MIN(13)/38-WT/L/913), mar a léirmhínítear sa Chinneadh ón gComhairle Ghinearálta an 27 Samhain 2014 ina dhiaidh sin (WT/L/939). Athdhearbhaíodh an sprioc sin i gCinneadh Aireachta Nairobi an 19 Nollaig 2015 (WT/MIN(15)/44-WT/L/979). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Srianta onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta: Ag an 12ú Comhdháil Aireachta a tionóladh sa Ghinéiv, d’fhormhuinigh comhaltaí EDT an Cinneadh Aireachta cinniúnach maidir leis an Díolúine ó Thoirmisc nó Srianta Onnmhairiúcháin ar Cheannach Bia ón gClár Domhanda Bia (WT/MIN(22)/29, WT/L/1140). Tacaíonn roinnt mhaith Comhaltaí le trédhearcacht agus intuarthacht fheabhsaithe bhreise na dtoirmeasc agus na srianta onnmhairiúcháin, chomh maith le feabhsuithe ar dhisciplíní ábhartha. I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta: Le Cinneadh Aireachta Nairobi 2015 an 19 Nollaig (WT/MIN(15)/45) cuireadh deireadh le fóirdheontais onnmhairiúcháin agus socraíodh disciplíní maidir le bearta eile a raibh éifeacht choibhéiseach acu. Faoi láthair, dírítear sa chaibidlíocht sa réimse sin ar fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar dhisciplíní breise san iomaíocht onnmhairiúcháin. Meastar gur céim dhearfach chun cinn é glacadh thuarascáil an athbhreithnithe thríbhliantúil agus an chinnidh maidir le ceanglais agus formáidí i ndáil le fógra a thabhairt faoi iomaíocht onnmhairiúcháin a glacadh i mí na Nollag 2024 (G/AG/39), rud a rannchuidíonn le faireachán a dhéanamh ar aon teacht timpeall a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na disciplíní. I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta: An chaibidlíocht maidir le rochtain ar an margadh le haghaidh laghduithe forásacha substaintiúla ar an gcosaint, tá sí leabaithe in Airteagal 20 de Chomhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht agus tá sí ina cuid de shainordú Chlár Oibre Doha um Fhorbairt mar a leagtar amach i nDearbhú Aireachta Doha an 14 Samhain 2001 (WT/MIN(01)/DEC/1). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Sásra coimirce speisialta san earnáil talmhaíochta: Leanadh den chaibidlíocht maidir leis an Sásra Coimirce Speisialta san earnáil talmhaíochta de bhun na dtograí atá á bplé agus de bhun Chinneadh Aireachta Nairobi (WT/MIN(15)/43 - WT/L/978). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Cadás: Leanadh den chaibidlíocht maidir leis an gcadás sa chreat a bunaíodh i míreanna 5, 6 agus 7 de Chinneadh Aireachta Bali maidir leis an gCadás (WT/MIN(13)/41 - WT/L/916 ) agus i mír 14 de Chinneadh Aireachta Nairobi maidir leis an gCadás (WT/MIN(15)/46 - WT/L/981). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

·Ionramháil speisialta agus dhifreálach: A mhéid a bhaineann le caibidlíocht i ndáil le forálacha maidir le hionramháil speisialta agus dhifreálach lena n‑áirítear i gcomhthéacs an phlé ar roinnt tograí ó G-90 (Grúpa na hAfraice, Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, Grúpa TLFanna) i réimsí amhail fóirdheontais, bearta infheistíochta a bhaineann le trádáil (TRIMS) agus aistriú teicneolaíochta laistigh de ghnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil (TRIPS), d’fhéadfadh toradh aireachta ag MC14 teacht as an gcaibidlíocht sin, mar shampla trí fhorálacha atá ann cheana a shoiléiriú nó trí ionramháil speisialta agus dhifreálach breise a dheonú do na Tíortha is Lú Forbairt (TLFanna) agus do thíortha áirithe atá i mbéal forbartha, agus ba cheart don Aontas tacú le toradh sin den sórt sin. Mar sin féin, i bhfianaise chomh héagsúil agus atá na seasaimh sa chaibidlíocht, measann an tAontas freisin go bhféadfadh toradh a bheith air sin go mbeadh na hábhair sin ina gcuid de chlár oibre i ndiaidh MC14 nó torthaí eile nach dtabharfaí le tuiscint leo go n‑athrófaí comhaontuithe EDT. 

·Togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - ‘bearta tacaíochta’ i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonracha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála: Tá an chaibidlíocht fós ar siúl i ndáil le tograí ó Ghrúpa TLFanna maidir le bearta tacaíochta ar mhaithe le haistriú níos rianúla do chomhaltaí EDT atá á n‑athaicmiú ó chatagóir TLFanna: síneadh a chur leis na forálacha maidir le hionramháil speisialta agus dhifreálach i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonraithe de chuid EDT ar feadh tréimhse iomchuí ama, go háirithe i ndáil leis na Comhaontuithe maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh (ASCM), Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) agus Talmhaíocht. I gcás ina mbeadh gá le toradh aireachta, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin. Le toradh den sórt sin, d’fhéadfaí forálacha áirithe TLFanna a shíneadh chuig tíortha a athaicmíodh le déanaí ar feadh tréimhse theoranta ama.

·An Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil: Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i ndáil leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil i mí Eanáir 2019 nuair a seoladh Tionscnamh Comhpháirteach EDT maidir le Ríomhthráchtáil (‘an tionscnamh comhráitis maidir le ríomhthráchtáil’). Bhí sé d’aidhm ag an gcaibidlíocht sraith bunrialacha trádála idirnáisiúnta a bhunú le haghaidh na trádála digití chun idirbhearta digiteacha a chur chun cinn agus a éascú. An 26 Iúil 2024, tar éis 5 bliana caibidlíochta, tháinig rannpháirtithe an tionscnaimh comhráitis maidir le ríomhthráchtáil ar théacs cobhsaithe den Chomhaontú. Is éard atá sa Chomhaontú disciplíní trádála chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) trádáil dhigiteach thar theorainneacha a éascú (e.g. trádáil gan pháipéar, conarthaí leictreonacha, fíordheimhniú leictreonach agus sínithe leictreonacha); (2) muinín as an timpeallacht trádála digití a fheabhsú (e.g. teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha gan iarraidh, cosaint tomhaltóirí ar líne, cibearshlándáil, nó rochtain oscailte ar an idirlíon); agus (3) timpeallacht trádála digití idirnáisiúnta iontaofa a chur chun cinn (e.g. íocaíochtaí leictreonacha nó seirbhísí teileachumarsáide). Cuimsítear sa Chomhaontú freisin toirmeasc buan ar dhleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha, ar príomhthosaíocht tráchtála é do thionscal an Aontais. Tá an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil le bheith ina chuid de chreat dlíthiúil EDT mar chomhaontú ilpháirtithe, atá le hionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT, agus ba cheart don Aontas tacú leis an ionchorprú sin. Le Cinneadh (AE) 2025/915 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2025, bunaíodh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an tsaincheist sin laistigh den Chomhairle Ghinearálta 3 . Mar sin féin, dhiúltaigh líon beag comhaltaí don togra a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Ginearálta i mí Feabhra 2025. Déanfar breithniú air arís ag cruinniú na Comhairle Ginearálta i mí na Nollag 2025. Más gá, ba cheart don Aontas a bheith in ann páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh maidir leis an tsaincheist sin ag MC14.

·An Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh: Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh i mí Mheán Fómhair 2020 agus tugadh chun críche í i mí Iúil 2023. Tá 128 mballpháirtí bainteach leis an tionscnamh, ar tíortha i mbéal forbartha agus tíortha is lú forbairt iad a bhformhór. Cumhdaítear leis disciplíní maidir le trédhearcacht, cuíchóiriú nósanna imeachta riaracháin agus comhleanúnachas rialála intíre a mbeidh feidhm acu maidir le gach earnáil den gheilleagar i gcás na mbeart uile a bhaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta. Ag MC13, bhí an tAontas sásta páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT 4 . Mar sin féin, chuir an India, an Afraic Theas agus an Tuirc i gcoinne an chinnidh maidir le hionchorprú ag MC13. Cuireadh i gcoinne an chinnidh maidir le hionchorprú freisin ag cruinnithe na Comhairle Ginearálta tar éis MC13. Ba cheart don Aontas tacú le hiarraidh athnuaite ar ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT agus ba cheart dó a bheith in ann páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh maidir leis an gcinneadh sin ag MC14 nó, más gá, ag cruinnithe de chuid na Comhairle Ginearálta ina dhiaidh sin roimh an gcéad Chomhdháil Aireachta eile de chuid EDT a bheidh ag plé leis an ábhar céanna.

·Iarrataí ar tharscaoileadh EDT a dheonú: Leis an tarscaoileadh a glacadh faoi Chinneadh WT/L/970, a dheonaigh EDT an 30 Samhain 2015, ceadaíodh do na Stáit Aontaithe cóir saor ó dhleacht a sholáthar do tháirgí incháilithe de thionscnamh tíortha tairbhíocha na hAfraice fo-Shaháraí arna n‑ainmniú de bhun Acht na Stát Aontaithe dar teideal the African Growth and Opportunity Act. Chuaigh an tarscaoileadh sin in éag an 30 Meán Fómhair 2025 agus níor tugadh fógra do EDT faoi aon iarraidh fhoirmiúil ar shíneadh a chur leis. I gcás ina gcuirfí iarraidh nua ar tharscaoileadh isteach, ba cheart don Aontas tacú léi, i gcomhréir leis an tacaíocht a thug sé roimhe seo d’iarrataí den sórt sin, mar a léirítear i gCinneadh (AE) 2015/1942 ón gComhairle.

·Coiste breise um theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a bhunú: Le luas méadaitheach an chlaochlaithe dhigitigh agus teacht chun cinn tapa teicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga, blocshlabhra, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, agus an ríomhaireacht chandamach, tugadh isteach ceisteanna nua beartais a dhéanann difear don trádáil idirnáisiúnta ar fiú anailís spriocdhírithe a dhéanamh orthu. Má bhíonn comhthoil ann ag MC14 maidir le Coiste breise a bhunú a mbeadh sé de chúram air scrúdú a dhéanamh ar thionchar na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar an trádáil dhomhanda, ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh sin.

Ó tharla go bhfuil an chaibidlíocht ar siúl faoi láthair maidir le gach gné a luaitear thuas, measann an Coimisiún go ndéanfaidh an Chomhairle a chinneadh maidir le seasamh an Aontais i leith thoradh na caibidlíochta a luaithe a bheidh soiléireacht ann le linn na Comhdhála Aireachta féin ó thaobh an staid a bhaineann leis na téacsanna ábhartha.

Tá an tionscnamh ag teacht go hiomlán leis na forálacha beartais atá ann faoi láthair. Ullmhaíodh cinntí comhchosúla le haghaidh Chomhdhálacha Aireachta EDT a tharla roimhe seo, lena n‑áirítear an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT in 2024, arb é an ceann is deireanaí a reáchtáladh.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 5 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhdháil Aireachta EDT, a bunaíodh le comhaontú, is é sin Comhaontú EDT, a bhfuil sé d’údarás aige, de réir Airteagal IV:1 de Chomhaontú EDT, cinntí a dhéanamh maidir le haon ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na comhaontuithe trádála iltaobhacha, lena n‑áirítear cinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.

De réir Airteagal IV:2 de Chomhaontú EDT, sna tréimhsí idir cruinnithe na Comhdhála Aireachta, is í an Chomhairle Ghinearálta a dhéanfaidh feidhmeanna na Comhdhála.

Na gníomhartha atá beartaithe a luaitear thuas, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ós rud é go bhféadfaidís difear a dhéanamh do chearta agus d’oibleagáidí an Aontais de bhua an dlí idirnáisiúnta.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar na ngníomhartha atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2026/0005 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 6 a rinne an tAontas Comhaontú Marrakech a thabhairt i gcrích, comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)De bun Airteagail IV:1 agus IX:1 de Chomhaontú EDT, féadfaidh Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) cinntí a ghlacadh de chomhdhearcadh.

(3)Féadfaidh Comhdháil Aireachta EDT, le linn a 14ú cruinniú atá beartaithe don 26-29 Márta 2026, cinntí a ghlacadh maidir le hathchóiriú ar réiteach díospóidí, fóirdheontais iascaigh, slándáil bia, tacaíocht intíre san earnáil talmhaíochta, stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha slándála bia, srianta onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta, iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta, rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta, sásra coimirce speisialta san earnáil talmhaíochta, cadás, ionramháil speisialta agus dhifreálach, togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - Iarscríbhinn 2, Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil, Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh, iarraidh ar tharscaoileadh a dheonú, agus Coiste breise a bhunú.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil Aireachta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí ina gceangal ar an Aontas.

(5)Ag MC13 in Abú Daibí, aithníodh i gcinneadh Aireachta EDT (WT/MIN(24)/37) an dul chun cinn a rinneadh sa phróiseas neamhfhoirmiúil maidir le hathchóiriú ar réiteach díospóidí agus tugadh treoir d’oifigigh dlús a chur leis an bplé chun an cuspóir a bhaint amach maidir le córas lánfheidhmiúil agus dea-fheidhmiúil um réiteach díospóidí a bheith ann a mbeidh rochtain ag na Comhaltaí uile air faoi 2024 mar a leagadh amach cheana ag MC12. Níor tharla sé sin ‘faoi 2024’ agus is íseal na hionchais go mbeidh toradh ann ag MC14. Mar sin féin, tá córas lánfheidhmiúil um réiteach díospóidí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála fós ina thosaíocht ag an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le hathchóiriú fóinteach ar an gcóras um réiteach díospóidí chun aghaidh a thabhairt ar leasanna na gComhaltaí agus, an tráth céanna, a bhunghnéithe a chaomhnú lena dtugtar tacaíocht don chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha. I gcás ina mbeadh toradh comhaontaithe den sórt sin ann, ba cheart don Aontas tacú leis.

(6)Le Cinneadh Aireachta EDT an 17 Meitheamh 2022 (WT/MIN(22)/33), glacadh an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh agus, an tráth céanna, iarradh comhaontú cuimsitheach a bhaint amach maidir le fóirdheontais iascaigh. Tháinig an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh i bhfeidhm an 15 Meán Fómhair 2025 7 agus mura nglacfar disciplíní cuimsitheacha laistigh de 4 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus mura gcinnfidh an Chomhairle Ghinearálta a mhalairt, déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh láithreach. Tá an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ag iarraidh teacht ar chomhaontú iltaobhach maidir le forálacha breise lena mbainfí amach disciplíní cuimsitheacha. I gcás ina n‑éireodh le caibidlíocht maidir le forálacha breise, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

(7)Tá gá le gníomhaíocht EDT mar fhreagairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le slándáil bia, a chuaigh chun donais ar fad mar gheall ar an gcogadh foghach gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, i gcomhthéacs dúshlán domhanda comhshaoil, an athraithe aeráide agus na dtubaistí nádúrtha gaolmhara, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe. Meastar go mbeidh an tslándáil bia ina gné den phlé ag MC14. Thairis sin, d’fhormhuinigh na hAirí ag MC12 Dearbhú maidir leis an bhFreagairt Éigeandála ar Neamhshlándáil an tSoláthair Bia (WT/MIN(22)/28, WT/L/1139) inar tugadh treoir don Choiste um Thalmhaíocht tabhairt faoi chlár oibre tiomnaithe chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí lena bhféadfaí an Cinneadh maidir le Bearta a Bhaineann le hÉifeachtaí Diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gClár um Athchóiriú ar na Tíortha is Lú Forbairt (TLFanna) agus maidir le Tíortha i mBéal Forbartha is Glanallmhaireoirí Bia (TBF-GABanna) (Cinneadh Marrakech) a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos oibríochtúla. An tráth céanna, tugadh treoir do na Comhaltaí machnamh a dhéanamh ar riachtanais TLFanna agus TBF-GABanna chun a n‑athléimneacht a mhéadú mar fhreagairt ar éagobhsaíocht ghéar bia, lena n‑áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as solúbthachtaí chun a dtáirgeadh talmhaíochta a threisiú agus chun feabhas a chur ar a slándáil bia intíre de réir mar is gá i gcás éigeandála. I mí Aibreáin 2024, ghlac na Comhaltaí tuarascáil ar an gclár oibre (G/AG/38) ina raibh sraith moltaí agus conclúidí. I gcás ina mbeadh toradh ann mar obair leantach ar an obair sin, ba cheart don Aontas tacú leis an toradh comhaontaithe sin.

(8)An chaibidlíocht maidir le tacaíocht intíre a dhéanann saobhadh ar an trádáil, tá sí leabaithe in Airteagal 20 de Chomhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht agus tá sí ina cuid de shainordú Chlár Oibre Doha um Fhorbairt mar a leagtar amach i nDearbhú Aireachta Doha an 14 Samhain 2001 (WT/MIN(01)/DEC/1). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

(9)Is é is aidhm don chaibidlíocht maidir le stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia ‘réiteach buan’ a chomhaontú a chomhlíonfaidh an sprioc a leagadh amach i gCinneadh Aireachta Bali an 7 Nollaig 2013 maidir le Stocshealbhaíocht Phoiblí chun críocha na Slándála Bia (WT/MIN(13)/38-WT/L/913), mar a léirmhínítear sa Chinneadh ón gComhairle Ghinearálta an 27 Samhain 2014 ina dhiaidh sin (WT/L/939). Athdhearbhaíodh an sprioc sin i gCinneadh Aireachta Nairobi an 19 Nollaig 2015 (WT/MIN(15)/44-WT/L/979). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

(10)Ag an 12ú Comhdháil Aireachta a tionóladh sa Ghinéiv, d’fhormhuinigh comhaltaí EDT an Cinneadh Aireachta cinniúnach maidir leis an Díolúine ó Thoirmisc nó Srianta Onnmhairiúcháin ar Cheannach Bia ón gClár Domhanda Bia (WT/MIN(22)/29, WT/L/1140). Léiríodh leis an gcaibidlíocht maidir le srianta onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta go dtacaíonn cuid mhór de Chomhaltaí EDT le trédhearcacht agus intuarthacht fheabhsaithe na dtoirmeasc agus na srianta onnmhairiúcháin, chomh maith le feabhas a chur ar na disciplíní ábhartha. I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

(11)Le Cinneadh Aireachta Nairobi 2015 an 19 Nollaig (WT/MIN(15)/45) cuireadh deireadh le fóirdheontais onnmhairiúcháin agus socraíodh disciplíní maidir le bearta a raibh éifeacht choibhéiseach acu. Dírítear sa chaibidlíocht sa réimse sin ar fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar dhisciplíní breise san iomaíocht onnmhairiúcháin. Meastar gur céim dhearfach é glacadh thuarascáil an athbhreithnithe thríbhliantúil agus an chinnidh maidir le ceanglais agus formáidí i ndáil le fógra a thabhairt faoi iomaíocht onnmhairiúcháin i mí na Nollag 2024 (G/AG/39), rud a rannchuidíonn le faireachán a dhéanamh ar aon teacht timpeall a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na disciplíní. I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

(12)An chaibidlíocht maidir le rochtain ar an margadh le haghaidh laghduithe forásacha substaintiúla ar an gcosaint, tá sí leabaithe in Airteagal 20 de Chomhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht agus tá sí ina cuid de shainordú Chlár Oibre Doha um Fhorbairt mar a leagtar amach i nDearbhú Aireachta Doha an 14 Samhain 2001 (WT/MIN(01)/DEC/1). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

(13)Leanadh den chaibidlíocht maidir leis an Sásra Coimirce Speisialta san earnáil talmhaíochta de bhun Chinneadh Aireachta Nairobi (WT/MIN(15)/43 - WT/L/978). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe.

(14)Leanadh den chaibidlíocht maidir leis an gcadás sa chreat a bunaíodh i míreanna 5, 6 agus 7 de Chinneadh Aireachta Bali maidir leis an gCadás (WT/MIN(13)/41 - WT/L/916 ) agus i mír 14 de Chinneadh Aireachta Nairobi maidir leis an gCadás (WT/MIN(15)/46 - WT/L/981). I gcás ina n‑éireodh leis an gcaibidlíocht, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe sa réimse sin.

(15)A mhéid a bhaineann le caibidlíocht i ndáil le forálacha maidir le hionramháil speisialta agus dhifreálach lena n‑áirítear i gcomhthéacs an phlé ar roinnt tograí ó G-90 (Grúpa na hAfraice, Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, Grúpa TLFanna) i réimsí amhail fóirdheontais, bearta infheistíochta a bhaineann le trádáil (TRIMS) agus aistriú teicneolaíochta laistigh de ghnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil (TRIPS), d’fhéadfadh toradh aireachta ag MC14 teacht as an gcaibidlíocht sin, mar shampla trí fhorálacha atá ann cheana a shoiléiriú nó trí ionramháil speisialta agus dhifreálach breise a dheonú do na Tíortha is Lú Forbairt (TLFanna) agus do thíortha áirithe atá i mbéal forbartha, agus ba cheart don Aontas tacú le toradh sin den sórt sin.

(16)Tá an chaibidlíocht fós ar siúl i ndáil le tograí ó Ghrúpa TLFanna maidir le bearta tacaíochta ar mhaithe le haistriú níos rianúla do chomhaltaí EDT atá á n‑athaicmiú ó chatagóir TLFanna: síneadh a chur leis na forálacha maidir le hionramháil speisialta agus dhifreálach i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonraithe de chuid EDT ar feadh tréimhse iomchuí ama, go háirithe i ndáil leis na Comhaontuithe maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh (ASCM), Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) agus Talmhaíocht. I gcás ina mbeadh gá le toradh aireachta, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin. Le toradh den sórt sin, d’fhéadfaí forálacha áirithe TLFanna a shíneadh chuig tíortha a athaicmíodh le déanaí ar feadh tréimhse theoranta ama.

(17)Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht i dtreo an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil i mí Eanáir 2019. Rinne an Coimisiún an chaibidlíocht thar ceann an Aontais. Tháinig Comhaltaí rannpháirteacha EDT ar théacs cobhsaithe den Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil an 26 Iúil 2024. Thacaigh an tAontas le hionchorprú an Chomhaontaithe in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT ag cruinnithe ábhartha de chuid na Comhairle Ginearálta. Ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT tacú freisin le hionchorprú an Chomhaontaithe in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT.

(18)Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh i mí Mheán Fómhair 2020 agus tugadh chun críche í i mí Iúil 2023. Tá 128 mballpháirtí bainteach leis an tionscnamh, ar tíortha i mbéal forbartha agus tíortha is lú forbairt iad a bhformhór. Cumhdaítear leis disciplíní maidir le trédhearcacht, cuíchóiriú nósanna imeachta riaracháin agus comhleanúnachas rialála intíre a mbeidh feidhm acu maidir le gach earnáil den gheilleagar i gcás na mbeart uile a bhaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta. Cuireadh síos an Comhaontú mar chomhaontú ilpháirtithe atá le hionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. Thacaigh an tAontas le hionchorprú den sórt sin ag MC13 agus ag cruinnithe na Comhairle Ginearálta ina dhiaidh sin ach chuir an India, an Afraic Theas agus an Tuirc ina choinne ag MC13. Ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT tacú le hionchorprú an Chomhaontaithe in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT.

(19)De bhun Airteagal IV:2 de Chomhaontú EDT, sna tréimhsí idir cruinnithe na Comhdhála Aireachta, is í an Chomhairle Ghinearálta a dhéanfaidh feidhmeanna na Comhdhála. Mura ndéanfar an cinneadh ag MC14 an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil nó an Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT, ba cheart don Aontas tacú leis an ionchorprú sin ag cruinnithe ábhartha de chuid na Comhairle Ginearálta. I ndáil leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil, bunaíodh seasamh an Aontais i ndáil le cruinnithe na Comhairle Ginearálta le Cinneadh (AE) 2025/915 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2025 8 . Dá bhrí sin, is iomchuí aghaidh a thabhairt sa Chinneadh seo freisin, i ndáil leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh, ar chruinnithe na Comhairle Ginearálta tar éis MC14 agus roimh an gcéad Chomhdháil Aireachta eile de chuid EDT a bheidh ag plé leis an ábhar céanna.

(20)Leis an tarscaoileadh a glacadh faoi Chinneadh WT/L/970, a dheonaigh EDT an 30 Samhain 2015, ceadaíodh do na Stáit Aontaithe cóir saor ó dhleacht a sholáthar do tháirgí incháilithe de thionscnamh tíortha tairbhíocha na hAfraice fo-Shaháraí arna n‑ainmniú de bhun Acht na Stát Aontaithe dar teideal the African Growth and Opportunity Act. Chuaigh an tarscaoileadh sin in éag an 30 Meán Fómhair 2025 agus níor tugadh fógra do EDT faoi aon iarraidh fhoirmiúil ar shíneadh a chur leis. I gcás ina gcuirfí iarraidh nua ar tharscaoileadh isteach, ba cheart don Aontas tacú léi, i gcomhréir leis an tacaíocht a thug sé roimhe seo d’iarrataí den sórt sin, mar a léirítear i gCinneadh (AE) 2015/1942 ón gComhairle.

(21)Le luas méadaitheach an chlaochlaithe dhigitigh agus teacht chun cinn tapa teicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga, blocshlabhra, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, agus an ríomhaireacht chandamach, tugadh isteach ceisteanna nua beartais a dhéanann difear don trádáil idirnáisiúnta ar fiú anailís spriocdhírithe a dhéanamh orthu. Má bhíonn comhthoil ann ag MC14 maidir le Coiste breise a bhunú a mbeadh sé de chúram air scrúdú a dhéanamh ar thionchar na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar an trádáil dhomhanda, ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú seisiún de Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála, is éard a bheidh ann:

Páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh ar thángthas air i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn cinntí a ghlacadh maidir le hathchóiriú ar réiteach díospóidí, fóirdheontais iascaigh, slándáil bia, tacaíocht intíre san earnáil talmhaíochta, stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha slándála bia, srianta onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta, iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta, rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta, sásra coimirce speisialta san earnáil talmhaíochta, cadás, ionramháil speisialta agus dhifreálach, togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - ‘bearta tacaíochta’ i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonraithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘Iarscríbhinn 2’), an Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh, an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil, iarraidh ar tharscaoileadh EDT a dheonú agus Coiste breise a bhunú.

I ndáil leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh, baineann an cinneadh seo freisin, más gá, leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag aon chruinniú de chuid na Comhairle Ginearálta ina dhiaidh sin roimh an gcéad Chomhdháil Aireachta eile de chuid EDT a bheidh ag plé leis an ábhar céanna.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh  94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, na gcomhaontuithe a baineadh amach i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986–1994), a mhéid a bhaineann leis na hábhair laistigh dá inniúlacht féin, IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.
(2)    Dá mba rud é, in aghaidh an mhéid a bhfuil coinne leis, go ndéanfaí an comhdhearcadh a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú idirnáisiúnta lena leasófaí Comhaontú EDT nó i gcomhaontú idirnáisiúnta iltaobhach i measc roinnt Chomhaltaí EDT, dhéanfadh an Coimisiún na tograí ba ghá, i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE tar éis ghlacadh na dtéacsanna agus a n‑oscailte le haghaidh glactha ag MC14 nó ag Comhaltaí EDT lena mbaineann le linn MC14.
(3)    Cinneadh (AE) 2025/915 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (IO L, 15.5.2025).
(4)    Cinneadh (AE) 2024/444 ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Dhomhanda Trádála a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú sa Chomhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (IO L, 1.2.2024).
(5)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(6)    IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.
(7)    IO L, 2025/1962, 25.9.2025, http://data.europa.eu/eli/notice/2025/1962/oj  
(8)    Cinneadh (AE) 2025/915 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (IO L, 15.5.2025)