AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2026
COM(2026) 318 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2026
COM(2026) 318 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh
CLÁR
Réamhrá
Iarratais a fuarthas in 2024:
Maoiniú
Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-27
Dúntáin
Conclúidí
Réamhrá
Leagtar síos le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 1 (‘an Rialachán’) nach mór don Choimisiún tuarascáil ar ghníomhaíocht Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Dá bhrí sin, tugtar tuairisc sa tuarascáil seo ar ghníomhaíochtaí CDAE in 2024. Déantar achoimre inti ar (i) na hiarratais a fuarthas; (ii) na ranníocaíochtaí airgeadais a moladh agus a formheasadh; agus (iii) na cásanna a dúnadh le linn thréimhse thuairiscithe na bliana féilire 2024. Rinne an Coimisiún measúnú ar na hiarratais uile de réir na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán.
In 2024, fuair an Coimisiún 12 iarratas nua ar ranníocaíochtaí airgeadais ó CDAE, is iad sin iarratais ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin (tuilte), ón tSeicia (tuilte), ón nGearmáin (tuilte), ón Spáinn (triomach), ón bhFrainc (tuilte), ón Iodáil (tuilte i réigiúin na Tuscáine agus Valle d’Aosta), ón Moldóiv (tuilte), ón Ostair (tuilte), ón bPolainn (tuilte), ón Rómáin (tuilte), agus ón tSlóvaic (tuilte). Bhain trí iarratais le ‘mórthubaistí nádúrtha’, bhain sé cinn le ‘tubaistí nádúrtha réigiúnacha’ agus bhain trí cinn le ‘tubaistí nádúrtha i dtíortha comharsanacha’.
As an 12 iarratas sin, measadh go raibh 10 gcinn incháilithe bunaithe ar na critéir sa Rialachán. Diúltaíodh d’iarratas na Spáinne tar éis an triomaigh san Andalúis in 2024 agus d’iarratas na Rómáine tar éis tuilte i mí Mheán Fómhair 2024 toisc nár chomhlíon siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán.
D’iarr an Fhrainc agus an Ostair réamhíocaíochtaí. Laistigh de chúpla seachtain tar éis dó na hiarratais a fháil, dheonaigh an Coimisiún an dá réamhíocaíocht agus d’íoc sé thart ar EUR 22,35 milliún san iomlán.
Glacadh na cinntí cur chun feidhme maidir leis na hiarratais ón Iodáil (tuilte sa Tuscáin) agus ón bhFrainc (tuilte) i mí na Nollag 2024. Glacadh na cinntí cur chun feidhme maidir leis na hiarratais ón tSeicia, ón nGearmáin, ón Iodáil, ón Ostair agus ón bPolainn (tuilte i ngach cás) in 2025. Glacfar na cinntí cur chun feidhme maidir leis na hiarratais ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ón Moldóiv agus ón tSlóvaic le linn 2026. Thairis sin, dhún an Coimisiún ocht gcás CDAE in 2024.
Liostaítear in Iarscríbhinn I na tairseacha damáiste i gcás ‘mórthubaiste nádúrtha’ is infheidhme in 2024 maidir le CDAE a shlógadh. Tugtar forbhreathnú in Iarscríbhinn II ar na hiarratais a fuarthas in 2024, lena n‑áirítear an fhaisnéis airgeadais ábhartha.
Iarratais a fuarthas in 2024:
Fuair an Coimisiún 10 n‑iarratas incháilithe ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE in 2024. Shroich siad uile an Coimisiún laistigh den sprioc-am dlíthiúil ‘tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis an chéad tarlú damáiste’ (Airteagal 4(1) den Rialachán). Bhain trí iarratas le ‘mórthubaistí nádúrtha’, bhain cúig cinn le ‘tubaistí nádúrtha réigiúnacha’ agus bhain péire le ‘tubaistí nádúrtha i dtíortha comharsanacha’. Ba é EUR 1 144,57 milliún méid iomlán na tacaíochta a formheasadh.
Tá táblaí airgeadais mionsonraithe maidir leis na hiarratais sin le fáil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil seo.
An Iodáil – Tuilte sa Tuscáin
Idir an 25 Deireadh Fómhair agus an 10 Samhain 2023, bhí báisteach an-trom i réigiún na Tuscáine san Iodáil, go háirithe cúigí Prato, Fhlórans, Pisa, Pistoia agus Livorno, thar thréimhse réasúnta gearr. Bhí an bháisteach agus an ghaoth ard ina gcúis le tulcaí agus sciorrthaí talún. Bhí iarmhairtí na dtuilte dá héis dian. Rinneadh damáiste suntasach eacnamaíoch, cailleadh seachtar agus cuireadh iallach ar na mílte daoine a dtithe a fhágáil.
Ba é EUR 2,71 billiún meastachán údaráis na hIodáile ar chostas an damáiste dhírigh iomláin. Sháraigh an méid sin an tairseach is infheidhme i gcás ‘tubaiste réigiúnach’, arbh ionann í agus EUR 1,7 billiún le haghaidh na Tuscáine in 2024.
An 19 Eanáir 2024, chuir an Iodáil iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte sa Tuscáin i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2023. Níor iarr an Iodáil réamhíocaíocht.
Tar éis thogra COM(2024) 325 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2024, d’fhormheas an t‑údarás buiséadach íocaíocht EUR 67 811 826 ó CDAE leis an Iodáil. An 18 Nollaig 2024, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2024) 9255 lenar dámhadh ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Íocadh an ranníocaíocht i mí na Nollag 2024.
An Fhrainc – tuilte i dtuaisceart na Fraince
Idir an 2 agus an 9 Samhain 2023, bhuail báisteach throm réigiún Nord-Pas-de-Calais na Fraince (atá mar chuid de réigiún Hauts-de-France anois), agus taifeadadh suas le 271 mm báistí i roinnt limistéar. Mar thoradh air sin, d’ardaigh leibhéil na n‑aibhneacha go tapa laistigh de thréimhse ghearr ama agus sceith aibhneacha móra a mbruacha. Bhí iarmhairtí tromchúiseacha aige, tharla go leor sciorrthaí láibe agus dúnadh bóithre. Rinneadh damáiste suntasach eacnamaíoch, agus cuireadh iallach ar na mílte daoine a dtithe a fhágáil.
Ba é EUR 1,87 billiún meastachán údaráis na Fraince ar chostas an damáiste dhírigh iomláin. Sháraigh an méid sin an tairseach is infheidhme i gcás ‘tubaiste réigiúnach’, arbh ionann í agus EUR 1,84 billiún le haghaidh réigiún Nord-Pas-de-Calais 2 in 2024.
An 24 Eanáir 2024, chuir an Fhrainc iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí na Samhna 2023. D’iarr an Fhrainc réamhíocaíocht.
Dhámh an Coimisiún airleacan EUR 11 690 767 ar an bhFrainc le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024) 3873 an 6 Meitheamh 2024. Íocadh an méid sin i mí an Mheithimh 2024.
Tar éis thogra COM(2024) 325 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2024, d’fhormheas an t‑údarás buiséadach íocaíocht EUR 46 763 069 ó CDAE leis an bhFrainc. An 16 Nollaig 2024, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2024) 8954 lenar dámhadh ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Íocadh an t‑iarmhéid EUR 35 072 302 i mí na Nollag 2024.
An Ghearmáin – tuilte i ndeisceart na Gearmáine
An 30 Bealtaine 2024, bhuail báisteach throm stáit na Baváire agus Baden-Württemberg, rud ba chúis le tuilte tromchúiseacha forleathana ó thús mhí an Mheithimh. In go leor áiteanna sháraigh na leibhéil uisce buaicphointí stairiúla agus fógraíodh staid éigeandála in 18 gceantar sa Bhaváir. Cailleadh seisear agus theip ar roinnt dambaí, rud a d’fhág go raibh gá le misin tarrthála agus le roinnt bardas a aslonnú. Rinne tuilte agus sreabhadh smionagair damáiste do dhroichid, do ghréasáin iarnróid agus do bhóithre, rud a chuir isteach ar thaisteal thar tír sna limistéir a bhí buailte. Cuireadh isteach go mór ar sheirbhísí traenach agus i gcás amháin cuireadh luastraein de na ráillí tar éis sciorradh talún, luastraein ina raibh 185 phaisinéir á n‑iompar.
Ba é EUR 4 139,9 milliún meastachán údaráis na Gearmáine ar chostas an damáiste dhírigh iomláin, ar ghlac an Coimisiún le EUR 4 131,6 milliún mar dhamáiste díreach iomlán sochreidte. Sháraigh an méid sin an tairseach i gcás ‘mórthubaiste nádúrtha’ le haghaidh na Gearmáine de EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, arbh ionann í agus EUR 3,8 billiún i bpraghsanna 2024. Dá bhrí sin, cháiligh an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.
An 20 Lúnasa 2024, chuir an Ghearmáin iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí na Bealtaine 2024 i ndeisceart na Gearmáine.
Tar éis thogra COM(2024) 480 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2024, d’fhormheas an t‑údarás buiséadach íocaíocht EUR 112 071 681 ó CDAE leis an nGearmáin. An 15 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2025) 6926 lenar dámhadh ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Íocadh an ranníocaíocht i mí Dheireadh Fómhair 2025.
An Iodáil – tuilte in Valle d’Aosta
An 29 Meitheamh 2024, mar thoradh ar stoirmeacha fíochmhara agus báisteach throm, sceith aibhneacha agus sruthanna a mbruacha i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta. Rinne tuilte tromchúiseacha damáiste mór don bhonneagar, chuir siad as do sheirbhísí agus d’aonraigh siad pobail sa réigiún. Chuir na tuilte isteach ar 58 % de na bardais in Valle d’Aosta. Ar an leibhéal réigiúnach, cuireadh isteach ar thart ar 66 % den achar talún iomlán. I measc na mbardas ba mhó ar cuireadh isteach orthu bhí Aymavilles, Cogne agus Valtournenche. Chuir an tubaiste isteach ar níos mó ná 52 000 áitritheoir agus 4 800 gnólacht.
Ba é EUR 158,39 milliún meastachán údaráis na hIodáile ar chostas an damáiste dhírigh iomláin. Sháraigh an méid sin an tairseach is infheidhme i gcás ‘tubaiste réigiúnach’, arbh ionann í agus EUR 71,05 milliún le haghaidh réigiún Valle d’Aosta in 2024.
An 20 Meán Fómhair 2024, chuir an Iodáil iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte an 29 Meitheamh 2024 i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta na hIodáile.
Tar éis thogra COM(2024) 480 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2024, d’fhormheas an t‑údarás buiséadach íocaíocht EUR 3 959 872 ó CDAE leis an Iodáil. An 31 Bealtaine 2025, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2025) 3555 lenar dámhadh ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Íocadh an ranníocaíocht i mí an Mheithimh 2025.
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeicia, an Mholdóiv, an Ostair, an Pholainn agus an tSlóvaic – Tuilte
I mí Mheán Fómhair 2024, bhuail sraith tuilte an Eoraip arna spreagadh ag ‘Stoirm Boris’, córas neamhghnách lagbhrú. Bhí an córas aimsire sin ina chúis le dianbháisteach fhadtréimhseach ar fud lár agus oirthear na hEorpa, rud a d’fhág go raibh tuilte móra san Ostair, sa Pholainn, sa tSeicia, sa tSlóvaic agus sa Mholdóiv. Ina dhiaidh sin, an 4 Deireadh Fómhair 2024, bhí báisteach throm ina cúis le tuilte tromchúiseacha sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.
I mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024, rinne an Ostair, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóvaic, an Mholdóiv agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas ar ranníocaíochtaí airgeadais ó CDAE i ndáil leis na tuilte thuasluaite. Chun cóir chomhionann a ráthú, láimhseáil an Coimisiún na hiarratais sin mar phacáiste aonair.
An Ostair
Cáilíodh iarratas na hOstaire mar iarratas a bhain le ‘tubaiste nádúrtha i dtír chomharsanach’, ós rud é gur cháiligh an t‑iarratas ar an teagmhas tubaiste céanna ón tír chomharsanach, an tSeicia, mar iarratas a bhain le ‘mórthubaiste nádúrtha’.
An 17 Feabhra 2025, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2025) 1124 lenar dámhadh réamhíocaíocht EUR 10 663 587. Íocadh an réamhíocaíocht i mí Aibreáin 2025.
An 17 Samhain 2025, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2025) 7848 lenar dámhadh ranníocaíocht airgeadais EUR 42 789 075 ó CDAE ar an Ostair. Íocadh an t‑iarmhéid EUR 32 125 488 i mí na Nollag 2025.
An Pholainn
Cáilíodh iarratas na Polainne mar iarratas a bhain le ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’. An 28 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2025) 7214 lenar dámhadh ranníocaíocht airgeadais EUR 75 998 939 ó CDAE ar an bPolainn. Íocadh an ranníocaíocht i mí na Samhna 2025.
An tSeicia
Cáilíodh iarratas na Seicia mar iarratas a bhain le ‘mórthubaiste nádúrtha’. An 3 Nollaig 2025, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2025) 8360 lenar dámhadh ranníocaíocht airgeadais EUR 113 979 781 ó CDAE ar an tSeicia. Íocadh an ranníocaíocht i mí na Nollag 2025.
An tSlóvaic
Cáilíodh iarratas na Slóvaice mar iarratas a bhain le ‘tubaiste nádúrtha i dtír chomharsanach’, ós rud é gur cháiligh an t‑iarratas ar an teagmhas tubaiste céanna ón tír chomharsanach, an tSeicia, mar iarratas a bhain le ‘mórthubaiste nádúrtha’. Glacfaidh an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme agus íocfaidh sé an cúnamh in 2026.
An Mholdóiv
Cáilíodh iarratas na Moldóive mar iarratas a bhain le ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’. Glacfaidh an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme in 2026. Ina dhiaidh sin, ós rud é gur tír í an Mholdóiv a bhfuil a haontachas leis an Aontas á chaibidliú aici, síneoidh an Coimisiún Comhaontú Déthaobhach freisin agus íocfaidh sé an ranníocaíocht in 2026.
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Cáilíodh iarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine mar iarratas a bhain le ‘mórthubaiste nádúrtha’. Glacfaidh an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme in 2026. Ina dhiaidh sin, ós rud é gur tír í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bhfuil a haontachas leis an Aontas á chaibidliú aici, síneoidh an Coimisiún Comhaontú Déthaobhach freisin agus íocfaidh sé an ranníocaíocht in 2026.
Maoiniú
Ríomhadh méideanna aonair an chúnaimh a mhol an Coimisiún trí úsáid a bhaint as an modh a cinneadh in 2002 agus a cuireadh i bhfeidhm i ngach cás ina dhiaidh sin. Tá sé bunaithe ar an damáiste díreach iomlán ar glacadh leis a rinne an tubaiste i ndáil le saibhreas coibhneasta an stáit atá buailte mar a léirítear leis an tairseach le haghaidh mórthubaiste (féach Iarscríbhinn I).
Dá réir sin, i gcás ‘mórthubaistí nádúrtha’, cuirtear córas forchéimnitheach dhá chéim i bhfeidhm trína bhfaigheann an tír ráta cabhrach níos ísle, is é sin 2,5 % den damáiste díreach iomlán i gcás an chuid sin den damáiste atá faoi bhun na tairsí agus ráta cabhrach níos airde, is é sin 6 % i gcás an chuid den damáiste a sháraíonn an tairseach. Suimítear an dá shuim. Faigheann ‘tubaistí nádúrtha réigiúnacha’ agus ‘tubaistí nádúrtha i dtír chomharsanach’ 2,5 % den damáiste díreach iomlán.
A luaithe a bhí an slógadh le haghaidh CDAE formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus na leithreasuithe buiséid is gá curtha ar fáil acu i mbuiséad an Aontais, ghlac an Coimisiún cinntí cur chun feidhme lenar dámhadh an cúnamh ar na tíortha aonair agus d’íoc sé an méid iomlán ina dhiaidh sin. Sna cásanna inar dámhadh réamhíocaíocht, níor íocadh ach iarmhéid na ranníocaíochta iomláine.
Áiríodh in iarscríbhinní na gcinntí cur chun feidhme tuairisc chineálach ar úsáid bheartaithe an airgid, liostaíodh na húdaráis arna n‑ainmniú ag na Stáit is tairbhithe chun ranníocaíocht CDAE a phróiseáil agus ainmníodh an t‑údarás neamhspleách atá freagrach as iniúchadh agus rialú.
Le linn na tréimhse tuairiscithe, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, mar an t‑údarás buiséadach, ceithre ranníocaíocht airgeadais ó CDAE mar a mhol an Coimisiún. Thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le CDAE a shlógadh in dhá ghrúpa:
·An 27 Lúnasa 2024, d’eisigh an Coimisiún togra 3 le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le CDAE a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Iodáil, don tSlóivéin, don Ostair, don Ghréig agus don Fhrainc tar éis tubaistí nádúrtha in 2023. Bhí Cinneadh Uimh. 08/2024 ag gabháil leis an togra sin inar moladh EUR 796 760 300 a aistriú ó líne chúlchiste an Chúlchiste Eorpaigh Dlúthpháirtíochta chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, i ngealltanais agus in íocaíochtaí araon.
Ghlac an t‑údarás buiséadach an togra an 9 Deireadh Fómhair 2024 lenar dámhadh EUR 1 028 541 688 de chúnamh CDAE do na tíortha seo a leanas: (i) an Iodáil i ndáil leis na tuilte i réigiún Emilia-Romagna i mí na Bealtaine 2023; (ii) an tSlóivéin i ndáil leis na tuilte i mí Lúnasa 2023; (iii) an Ostair i ndáil leis na tuilte i mí Lúnasa 2023; (iv) an Ghréig i ndáil leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2023; (v) an Iodáil i ndáil leis na tuilte i réigiún na Tuscáine i mí Dheireadh Fómhair 2023; agus (vi) an Fhrainc i ndáil leis na tuilte i dtuaisceart na Fraince in 2023. Tar éis ghlacadh na gcinntí cur chun feidhme faoi seach lenar dámhadh an cúnamh, íocadh EUR 446 645 366 leis an Iodáil, íocadh EUR 428 405 059 leis an tSlóivéin, íocadh EUR 5 199 245 leis an Ostair, íocadh EUR 101 528 949 leis an nGréig, agus íocadh EUR 46 763 069 leis an bhFrainc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024.
·An 25 Deireadh Fómhair 2024, d’eisigh an Coimisiún togra 4 le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le CDAE a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil tar éis tubaistí nádúrtha in 2024. Bhí Cinneadh Uimh. 14/2024 ag gabháil leis an togra sin inar moladh EUR 116 031 553 a aistriú ó líne chúlchiste an Chúlchiste Eorpaigh Dlúthpháirtíochta chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, i ngealltanais agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon.
Ghlac an t‑údarás buiséadach an togra an 27 Samhain 2024 lenar dámhadh EUR 116 031 553 de chúnamh CDAE do na tíortha seo a leanas: (i) an Ghearmáin i ndáil leis na tuilte i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2024, agus (ii) an Iodáil i ndáil leis na tuilte i réigiún Valle d’Aosta i mí an Mheithimh 2024. Meastar go nglacfar na cinntí cur chun feidhme faoi seach lena ndámhtar an cúnamh in 2025, agus meastar go n‑íocfar an cúnamh in 2025 freisin.
Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-27
I mí an Mheithimh 2023, mar gheall ar éilimh mhéadaitheacha ar CDAE, mhol an Coimisiún, mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), uasteorainn an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, lena n‑áirítear CDAE, a mhéadú EUR 2,5 billiún (i bpraghsanna 2023) le haghaidh na 4 bliana atá fágtha de CAI 2021-27. Ba é aidhm an togra sin cur le cumas an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna agus do chásanna éigeandála.
I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle 5 an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear CAI, méadaíodh an leithdháileadh bliantúil don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála don tréimhse 2024-2027 agus roinneadh CDAE agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála le leithdháileadh tiomnaithe in aghaidh na hionstraime.
Mar thoradh air sin, ó 2024 ar aghaidh, tá buiséad bliantúil EUR 1,016 billiún (i bpraghsanna 2018) ag CDAE (arna chistiú ón gCúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta), arb ionann é agus EUR 1,144 billiún i bpraghsanna 2024.
Dúntáin
Leagtar síos le hAirteagal 8(3) den Rialachán nach mór don Stát is tairbhí, laistigh de 24 mhí ó dháta eisíocaíochta na ranníocaíochta airgeadais, tuarascáil a chur i láthair maidir leis an bhforghníomhú airgeadais (‘tuarascáil ar chur chun feidhme’) ina mbeidh ráiteas lena dtugtar bunús leis an gcaiteachas (‘ráiteas bailíochta’).
Dhún an Coimisiún ocht gcás CDAE in 2024.
An Ghréig, crith talún ar oileán Kos in 2017: EUR 2 535 796 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na Gréige an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí na Samhna 2020. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ghréig ar fáil, EUR 4 346 075,64 a bhí sa chaiteachas incháilithe, méid a bhí níos mó ná ranníocaíocht CDAE. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le ceartú airgeadais, agus dúnadh an comhad i mí Feabhra 2024.
An Phortaingéil, dóiteáin foraoise in 2017: EUR 50 673 132 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na Portaingéile an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí Iúil 2020. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Phortaingéil ar fáil, EUR 54 291 973,79 a bhí sa chaiteachas incháilithe, méid a bhí níos mó ná ranníocaíocht CDAE. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le ceartú airgeadais, agus dúnadh an comhad i mí Dheireadh Fómhair 2024.
An Bhulgáir, tuilte in 2018: EUR 2 258 225 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na Bulgáire an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí na Samhna 2020. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Bhulgáir ar fáil, EUR 2 039 158,24 a bhí sa chaiteachas incháilithe faoi CDAE, méid a bhí EUR 219 066,76 níos lú ná ranníocaíocht airgeadais CDAE. Thairis sin, EUR 1,75 a bhí san ús fabhraithe. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún go raibh gá le ceartú airgeadais EUR 219 068,51. An 6 Samhain 2023, fuair an Coimisiún aisghabháil EUR 219 068,51 ón mBulgáir. Dúnadh an comhad i mí an Mheithimh 2024.
An Rómáin, tuilte samhraidh in 2018: EUR 8 192 300 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na Rómáine an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí na Samhna 2021. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Rómáin ar fáil, EUR 8 201 653,2 a bhí sa chaiteachas incháilithe, méid a bhí níos mó ná ranníocaíocht CDAE. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le ceartú airgeadais, agus dúnadh an comhad i mí Feabhra 2024.
An Ostair, adhaimsir in 2018: EUR 8 154 899 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na hOstaire an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí Iúil 2021. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ostair ar fáil, EUR 15 776 305,68 a bhí sa chaiteachas incháilithe, méid a bhí níos mó ná ranníocaíocht CDAE. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le ceartú airgeadais, agus dúnadh an comhad i mí an Mheithimh 2024.
An Ghréig, drochaimsir ar oileán na Créite in 2019: EUR 4 552 517 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na Gréige an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí Feabhra 2022. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ghréig ar fáil, EUR 10 239 257,03 a bhí sa chaiteachas incháilithe, méid a bhí níos mó ná ranníocaíocht CDAE. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le ceartú airgeadais, agus dúnadh an comhad i mí Feabhra 2024.
An Phortaingéil, hairicín Lorenzo in 2019: EUR 8 212 697 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na Portaingéile an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí Iúil 2022. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Phortaingéil ar fáil, EUR 8 212 697 a bhí sa chaiteachas incháilithe. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le ceartú airgeadais, agus dúnadh an comhad i mí Feabhra 2024.
An Ostair, drochaimsir in 2019: EUR 2 329 777 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Chuir údaráis na hOstaire an tuarascáil cur chun feidhme agus an ráiteas bailíochta isteach i mí Lúnasa 2022. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ostair ar fáil, EUR 2 329 777 a bhí sa chaiteachas incháilithe. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le ceartú airgeadais, agus dúnadh an comhad i mí an Mheithimh 2024.
Conclúidí
In 2024, úsáideadh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an bhfreagairt ar dheich dtubaiste nádúrtha san Aontas agus in dhá thír is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas. Thug Lár na hEorpa aghaidh ar thuilte tubaisteacha de bharr báisteach throm leanúnach neamhghnách a d’fhág gur sceith aibhneacha móra a mbruacha, rud a raibh tionchar aige ar na mílte pobal. Chonacthas teagmhais fhoircneacha aeráide i ndeisceart na hEorpa freisin, agus tharla tulcaí mar thoradh ar bháisteach throm a rinne scrios ar réigiúin san Iodáil agus sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, rud a rinne damáiste forleathan do thithe agus don bhonneagar agus a d’easáitigh na mílte daoine. Leis na himeachtaí sin, cuireadh i dtábhacht an géarghá atá le straitéisí cuimsitheacha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le maolú ar an athrú aeráide ar fud na hEorpa.
A bhuí lena bhuiséad méadaithe ó 2024 ar aghaidh, bhí CDAE in ann cúnamh níos fearr a thabhairt d’iarrachtaí náisiúnta atógála agus téarnaimh i dtíortha a bhí buailte ag tubaistí nádúrtha, trí na méideanna cabhrach a ríomhadh bunaithe ar an modheolaíocht chomhaontaithe agus atá le híoc ina n‑iomláine a sholáthar.
Ina theannta sin, chuidigh CDAE le réigiúin a bhí buailte a ngníomhaíocht eacnamaíoch agus shóisialta a atosú go tapa trí bhonneagar criticiúil a dheisiú agus a athchóiriú agus, san am céanna, an t‑ualach airgeadais ar rialtais náisiúnta agus áitiúla a laghdú.
Mar fhocal scoir, deimhnítear leis an líon iarratas ar chúnamh agus leis an mbrú méadaithe ar bhuiséad CDAE go bhfuil gá mór leis an tacaíocht ón gCiste.
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2026
COM(2026) 318 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh
Iarscríbhinn I: CDAE - Tairseacha i gcás mórthubaistí
Maidir le slógadh CDAE tá feidhm ag tairseacha tír-shonracha (nuair nach mór an damáiste díreach iomlán a bheith níos mó ná 0,6 % de OIN nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011). Tá feidhm ag an méid níos ísle.
Tairseacha is infheidhme in 2024
bunaithe ar fhigiúirí Eurostat 2022 le haghaidh ollioncam náisiúnta
(EUR milliún)
|
|
|
OIN 2022 (EUR billiún) |
0,6 % de OIN |
Tairseach i gcás mórthubaistí 2024 |
|
AT |
AN OSTAIR |
446,928 |
2 681,568 |
2 681,568 |
|
BE |
AN BHEILG |
562,604 |
3 375,624 |
3 375,624 |
|
BG |
AN BHULGÁIR** |
83,000 |
498,000 |
498,000 |
|
CY |
AN CHIPIR |
25,690 |
154,140 |
154,140 |
|
CZ |
AN tSEICIA |
263,280 |
1 579,680 |
1 579,680 |
|
DE |
AN GHEARMÁIN |
4 027,600 |
24 165,600 |
3 880,820* |
|
DK |
AN DANMHAIRG |
393,206 |
2 359,236 |
2 359,236 |
|
EE |
AN EASTÓIN |
35,25 |
210,750 |
210,750 |
|
EL |
AN GHRÉIG |
204,476 |
1 226,856 |
1 226,856 |
|
ES |
AN SPÁINN |
1 352,772 |
8 116,632 |
3 880,820* |
|
FI |
AN FHIONLAINN |
270,923 |
1 625,538 |
1 625,538 |
|
FR |
AN FHRAINC |
2 685,835 |
16 115,010 |
3 880,820* |
|
HR |
AN CHRÓIT |
67,862 |
407,172 |
407,172 |
|
HU |
AN UNGÁIR |
163,629 |
981,774 |
981,774 |
|
IE |
ÉIRE |
363,582 |
2 181,492 |
2 181,492 |
|
IT |
AN IODÁIL |
1 963,990 |
11 783,940 |
3 880,820* |
|
LT |
AN LIOTUÁIN |
65,004 |
390,024 |
390,024 |
|
LU |
LUCSAMBURG (G.D.) |
52,224 |
313,344 |
313,344 |
|
LV |
AN LAITVIA |
38,293 |
229,758 |
229,758 |
|
MT |
MÁLTA |
15,477 |
92,862 |
92,862 |
|
NL |
AN ÍSILTÍR |
949,623 |
5 697,738 |
3 880,820* |
|
PL |
AN PHOLAINN |
628,809 |
3 772,854 |
3 772,854 |
|
PT |
AN PHORTAINGÉIL |
239,012 |
1 434,072 |
1 434,072 |
|
RO |
AN RÓMÁIN** |
277,200 |
1 663,200 |
1 663,200 |
|
SE |
AN tSUALAINN |
583,904 |
3 503,424 |
3 503,424 |
|
SK |
AN tSLÓVAIC |
107,846 |
647,076 |
647,076 |
|
SI |
AN tSLÓIVÉIN |
55,938 |
335,628 |
335,628 |
|
AL |
AN ALBÁIN** |
17,600 |
105,600 |
105,600 |
|
ME |
MONTAINÉAGRÓ** |
5,900 |
35,400 |
35,400 |
|
MK |
AN MHACADÓIN THUAIDH** |
12,300 |
73,800 |
73,800 |
|
RS |
AN tSEIRBIA |
57,435 |
344,610 |
344,610 |
|
TR |
AN TUIRC** |
853,500 |
5 121,000 |
3 880,820* |
|
BA |
AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN*** |
23,054 |
138,325 |
138,325 |
|
MD |
AN MHOLDÓIV*** |
13,851 |
83,108 |
83,108 |
Iarscríbhinn II: Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh – Forbhreathnú ar na hiarratais a fuarthas in 2024
|
Bliain an tarlaithe |
2024 |
|||
|
Stát iarrthach |
an Iodáil |
an Fhrainc |
an Ghearmáin |
an Iodáil |
|
Ainm agus cineál
|
Tuilte sa Tuscáin in 2023 |
Tuilte in 2023 |
Tuilte in 2024 |
Tuilte in Valle d’Aosta in 2024 |
|
Dáta an chéad damáiste |
29-10-2023 |
02-11-2023 |
30-05-2024 |
29-06-2024 |
|
Sprioc‑am le haghaidh iarratais |
21-01-2024 |
25-01-2024 |
22-08-2024 |
21-09-2024 |
|
Dáta an iarratais |
19-01-2024 |
24-01-2024 |
20-08-2024 |
20-09-2024 |
|
Iarratas comhlánaithe |
19-01-2024 |
24-01-2024 |
08-10-2024 |
20-09-2024 |
|
Tairseach i gcás mórthubaistí (EUR milliún) |
- |
- |
3 880,820 |
- |
|
Damáiste díreach iomlán glactha
|
2 712,473 |
1 870,522 |
4 131,673 |
158,395 |
|
Catagóir |
Réigiúnach |
Réigiúnach |
Mór |
Réigiúnach |
|
Costas na n-oibríochtaí incháilithe (EUR milliún) |
175,655 |
160,192 |
235,221 |
39,015 |
|
Ráta cabhrach (% den damáiste iomlán) |
2,50 % |
2,50 % |
2,71 % |
2,50 % |
|
Dáta an chinnidh maidir le réamhíocaíocht |
Níor iarradh |
06-06-2024 |
Níor iarradh |
Níor iarradh |
|
Dáta na teachtaireachta |
04-07-2024 |
04-07-2024 |
23-10-2024 |
23-10-2024 |
|
Dáta an chinnidh dámhachtana |
18-12-2024 |
16-12-2024 |
15-10-2025 |
31-05-2025 |
|
Ranníocaíocht airgeadais ó CDAE (EUR) |
67 811 826 |
46 763 069 |
112 071 681 |
3 959 872 |
|
Bliain an tarlaithe |
2024 |
|||||
|
Stát iarrthach |
an Ostair |
an Pholainn |
an tSeicia |
an tSlóvaic |
an Mholdóiv |
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin |
|
Ainm agus cineál
|
Tuilte in 2024 |
Tuilte in 2024 |
Tuilte in 2024 |
Tuilte in 2024 |
Tuilte in 2024 |
Tuilte in 2024 |
|
Dáta an chéad damáiste |
13-09-2024 |
11-09-2024 |
12-09-2024 |
15-09-2024 |
14-09-2024 |
04-10-2024 |
|
Sprioc‑am le haghaidh iarratais |
06-12-2024 |
04-12-2024 |
05-12-2024 |
08-12-2024 |
07-12-2024 |
27-12-2024 |
|
Dáta an iarratais |
29-11-2024 |
29-11-2024 |
04-12-2024 |
07-12-2024 |
05-12-2024 |
27-12-2024 |
|
Iarratas comhlánaithe |
06-12-2024 |
29-11-2024 |
04-12-2024 |
29-04-2025 |
05-12-2024 |
27-12-2024 |
|
Tairseach i gcás mórthubaistí (EUR milliún) |
- |
- |
1 579,680 |
- |
- |
138,325 |
|
Damáiste díreach iomlán glactha
|
1 711,563 |
3 039,958 |
2 821,143 |
84,327 |
7,808 |
841,852 |
|
Catagóir |
Comharsanach |
Réigiúnach |
Mór |
Comharsanach |
Réigiúnach |
Mór |
|
Costas na n-oibríochtaí incháilithe (EUR milliún) |
394,064 |
2 755,216 |
1 699,462 |
3,745 |
7,213 |
792,146 |
|
Ráta cabhrach (% den damáiste iomlán) |
2,50 % |
2,50 % |
4,04 % |
2,50 % |
2,50 % |
5,42 % |
|
Dáta an chinnidh maidir le réamhíocaíocht |
17-02-2025 |
Níor iarradh |
Níor iarradh |
Níor iarradh |
- |
- |
|
Dáta na teachtaireachta |
22-05-2025 |
22-05-2025 |
22-05-2025 |
22-05-2025 |
22-05-2025 |
22-05-2025 |
|
Dáta an chinnidh dámhachtana |
17-11-2025 |
28-10-2025 |
03-12-2025 |
- |
- |
- |
|
Ranníocaíocht airgeadais ó CDAE (EUR) |
42 789 075 |
75 998 939 |
113 979 781 |
2 108 187 |
195 196 |
45 669 725 |
Tá forbhreathnú ar chásanna uile Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh ó bhí 2002 ann le fáil ag:
https://ec.europa.eu/regional_policy/funding/solidarity-fund_ga