AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.5.2026
COM(2026) 247 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
Tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha)
I.RÉAMHRÁ
(1)Le 10 mbliana anuas, tá margaí digiteacha ag éirí níos comhchruinnithe. An t‑idirlíon, a bhí le feiceáil mar spás saor le haghaidh go leor daoine, tá sé faoi cheannas cúpla príomhghníomhaí amháin anois: níl smacht ach ag grúpa beag geatóirí digiteacha ar éiceachórais mhóra. Tá suíomhanna geatóireachta tagtha chun cinn, rud a mhéadaíonn an baol go gcaithfear go héagórach le húsáideoirí gnó agus le húsáideoirí deiridh agus go mbaintear an bonn go mór d’inchoimhlinteacht an mhargaidh maidir le soláthar go leor seirbhísí digiteacha.
(2)Is é is aidhm don Ghníomh um Margaí Digiteacha aghaidh a thabhairt ar iompraíocht éagórach den sórt sin agus inchoimhlinteacht an mhargaidh i margaí digiteacha a mhéadú. Cruthaíonn sé níos mó deiseanna nuálaíochta do ghnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil san Aontas agus níos mó roghanna do thomhaltóirí.
(3)Bhí gníomhaíochtaí an Choimisiúin faoin nGníomh um Margaí Digiteacha in 2025 dírithe ar a fhorfheidhmiú dian, mar a bhí amhlaidh ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm in 2023. Cé go raibh na gníomhaíochtaí in 2023 agus 2024 bunaithe ar thús a chur leis an nGníomh um Margaí Digiteacha a chur chun feidhme, na chéad gheatóirí a ainmniú agus idirphlé rialála a sheoladh leo, agus cé go bhféadfaí torthaí áirithe a fheiceáil cheana féin, ba í 2025 an bhliain inar thosaigh go leor tairbhí praiticiúla d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh ag teacht chun cinn. Mar shampla, chun feabhas a chur ar an idir-inoibritheacht le haghaidh na n‑úsáideoirí uile, in 2025 d’eisigh an Coimisiún dhá chinneadh sonraíochta maidir le Apple. Leagtar amach sna cinntí sin na coinníollacha maidir leis an idir-inoibritheacht le iOS le haghaidh gléasanna nasctha, amhail uaireadóirí cliste nó gairis inchaite eile, agus an próiseas chun go n‑iarrfaidh tríú páirtithe idir-inoibritheacht den sórt sin. Chuidigh an t‑idirphlé rialála le geatóirí freisin le héiceachórais mhóibíleacha a oscailt trí, mar shampla, scáileáin roghanna níos fearr a chur ar fáil do bhrabhsálaithe gréasáin agus d’innill chuardaigh ar líne.
(4)Leagtar béim sa tuarascáil seo ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin in 2025, go háirithe na torthaí a fuarthas ó idirphlé rialála agus ó ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eile
. Tá na gníomhaíochtaí sin uile i gcomhréir le Treoirlínte Polaitiúla 2024-2029 an Uachtaráin von der Leyen agus lena litreacha misin chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Virkkunen agus chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Ribera, a bhfuil sé de chúram orthu go comhpháirteach a áirithiú go gcuirfear an Gníomh um Margaí Digiteacha chun feidhme go héifeachtach.
(5)Seo é an struchtúr atá ar an tuarascáil. I Roinn II cuirtear i láthair gníomhaíochtaí maidir le hainmniú geatóirí. Mínítear i Roinn III gníomhaíochtaí an Choimisiúin chun an Gníomh um Margaí Digiteacha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú trí idirphlé rialála agus imeachtaí foirmiúla. I Roinn IV, tugtar tuairisc ar imscrúdú an Choimisiúin ar chleachtais nua atá éagórach nó a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht an mhargaidh. Tugtar aghaidh i Roinn V ar na ceanglais tuairiscithe atá ar gheatóirí maidir le cleachtais próifílithe tomhaltóirí. Mínítear i Roinn VI an idirghníomhaíocht idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta. Sonraítear i Roinn VII gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar trasrialála, amhail na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis an nGrúpa Ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha. Ar deireadh, tuairiscítear i Roinn VIII ar ghníomhaíochtaí eile a rinne an Coimisiún sa bhliain tuairiscithe a bhain leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha agus leis an gcomhar idirnáisiúnta.
II.GEATÓIRÍ AGUS CROÍSHEIRBHÍSÍ ARDÁIN FAOI MHAOIRSEACHT
(6)Lean na seirbhísí digiteacha atá faoi réir mhaoirseacht an Choimisiúin faoin nGníomh um Margaí Digiteacha de bheith ag forbairt in 2025. Ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, bhí seacht ngeatóir ann (Alphabet, Amazon, Apple, Booking, ByteDance, Meta agus Microsoft) a bhí faoi réir an Ghnímh um Margaí Digiteacha i leith 23 chroísheirbhís ardáin san iomlán a sholáthair siad.
(7)Go háirithe, in 2025 baineadh croísheirbhís ardáin de chinneadh ainmniúcháin geatóra den chéad uair, toisc nár chomhlíon an gnóthas na tairseacha cainníochtúla faoi Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a thuilleadh. Cuireadh in iúl go raibh roinnt seirbhísí breise ag comhlíonadh na dtairseach, ach níor measadh gur tairseacha tábhachtacha iad. Ina theannta sin, i bhfianaise ábharthacht na néalseirbhísí do ghnólachtaí atá ag feidhmiú san Aontas agus do gheilleagar na hEorpa i gcoitinne, sheol an Coimisiún dhá imscrúdú margaidh freisin maidir le hainmniúcháin cháilíochtúla fhéideartha néalsheirbhísí Amazon agus Microsoft – Amazon Web Services (‘AWS’) agus Azure, faoi seach.
1.Athbhreithniú ar chinneadh ainmniúcháin
(8)An 5 Márta 2024, d’iarr Meta go mbeadh a sheirbhís idirghabhála ar líne Marketplace neamhainmnithe, agus d’áitigh sé go raibh bearta déanta aige chun úsáideoirí gnó a bhaint de Marketplace agus chun a áirithiú go raibh an tseirbhís le húsáid go heisiach ag tomhaltóirí. Tar éis na mbeart sin, lena n‑áirítear úsáideoirí a bhfuarthas amach gur úsáideoirí gnó iad a bhaint i gcinneadh ainmniúcháin Meta in 2023, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ina chinneadh ainmniúcháin an 23 Aibreán 2025 go raibh níos lú ná 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana ag Marketplace in 2024. Mar thoradh air sin, leasaíodh an cinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 4(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha trí Marketplace a bhaint de liosta na gcroísheirbhísí ardáin atá faoi mhaoirseacht.
2.Fógraí maidir le seirbhísí nua
(9)An 27 Samhain 2025, thug Apple fógra don Choimisiún gur chomhlíon sé tairseacha cainníochtúla Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha maidir lena sheirbhís fógraíochta ar líne Apple Ads agus a sheirbhís idirghabhála ar líne Apple Maps. In éineacht lena fhógra, chuir Apple frisnéis isteach freisin faoi Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ag maíomh nár cháiligh an dá sheirbhís sin mar thairseacha tábhachtacha d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh. Spreag aighneacht Apple an nós imeachta trína raibh 45 lá oibre ag an gCoimisiún chun a mheas an raibh bunús leordhóthanach leis na maímh agus, más iomchuí, imscrúdú margaidh a thionscnamh faoi Airteagal 17(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.
3.Imscrúduithe ar ainmniúcháin cháilíochtúla
(10)An 18 Samhain 2025, sheol an Coimisiún dhá imscrúdú margaidh chun a mheas ar cheart Amazon agus Microsoft a ainmniú mar gheatóirí dá néalsheirbhísí AWS agus Azure faoi seach. Cé nár chomhlíon an dá sheirbhís sin na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha maidir le hainmniú cainníochtúil croísheirbhíse ardáin, bhí an Coimisiún den tuairim go raibh forais ann lena mheas go bhféadfadh Amazon agus Microsoft, trí AWS agus Azure faoi seach, a bheith ina dtairseacha tábhachtacha d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh de réir bhrí Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Tá néalsheirbhísí ina gcnámh droma ag go leor seirbhísí digiteacha agus tá siad ríthábhachtach do ghnólachtaí atá ag feidhmiú san Aontas, agus d’fhorbairt theicneolaíochtaí IS. Dá bhrí sin, is deis iad na himscrúduithe margaidh leanúnacha ar AWS agus Azure chun a chinneadh an gcáilíonn siad mar thairseacha tábhachtacha agus, má cháilíonn, chun iad a ainmniú amhlaidh faoin nGníomh um Margaí Digiteacha.
4.Dlíthíocht os comhair chúirteanna an Aontais maidir le hainmniúcháin
(11)In 2025, lean an Coimisiún dá chinntí ainmniúcháin a chosaint os comhair chúirteanna an Aontais i ndáil leis na himeachtaí atá ar feitheamh a thionscain Apple, Meta agus Opera. Tá breithiúnais na Cúirte Ginearálta sna trí chás sin fós ar feitheamh.
(12)Thairis sin, lean an Coimisiún de bheith ina chosantóir gníomhach sa dá imeacht leanúnacha a bhaineann le ByteDance. Rinne an geatóir sin achomharc in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta lenar seasadh le cinneadh an Choimisiúin lenar ainmníodh ByteDance mar gheatóir. Ina theannta sin, rinne dlíodóir seachtrach ByteDance agóid ina ainm féin in aghaidh chinneadh an Choimisiúin diúltú don iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid a bhaineann le hainmniú ByteDance.
III.COMHLÍONTACHT GEATÓIRÍ LE hOIBLEAGÁIDÍ AN GHNÍMH UM MARGAÍ DIGITEACHA
1.Gníomhaíocht faireacháin
(13)Ní mór do gheatóirí a gcuid seirbhísí a oiriúnú sa chaoi go gcomhlíonfaidh siad oibleagáidí an Ghnímh um Margaí Digiteacha i gcónaí, rud a léireoidh comhlíonadh trí dhearadh. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún a chúraimí faireacháin a chomhlíonadh agus cuntasacht na ngeatóirí i leith an mhargaidh a áirithiú, chuir na geatóirí a dtuarascálacha maidir le comhlíonadh isteach i mí an Mhárta 2025, mar aon le tuairiscí, a ndearnadh iniúchadh neamhspleách orthu, ar theicnící chun tomhaltóirí a phróifíliú a chuirtear i bhfeidhm ar a gcroísheirbhísí ardáin nó ar fud a gcroísheirbhísí ardáin.
(14)Faoin nGníomh um Margaí Digiteacha, tá idirphlé rialála ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht geatóirí: cuireann sé ar chumas an Choimisiúin dul i dteagmháil go dian le geatóirí chun gach mionsonra dá dtograí agus dá réitigh chomhlíontachta a phlé – lena n‑áirítear maidir le hathruithe ar a gcroísheirbhísí ardáin de réir mar a fhorbraíonn siad chun freastal ar éilimh úsáideoirí agus chun teicneolaíochtaí nua a ionchorprú, amhail gnéithe IS-bhunaithe – chomh maith le haiseolas a lorg agus a chloisteáil ó thríú páirtithe ábhartha.
(15)Mar chuid de chineál oscailte an idirphlé rialála, i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2025 reáchtáil an Coimisiún sraith ceardlann ina bhféadfadh rannpháirtithe a dtuairimí a thabhairt maidir leis na bearta comhlíontachta a chuir Amazon, Alphabet, Apple, ByteDance, Meta agus Microsoft chun feidhme. Bhí siad sin dírithe go háirithe ar na hathruithe a rinneadh ar na bearta comhlíontachta sin. Bhí cead ag an bpobal freastal ar na ceardlanna sin, go háirithe úsáideoirí gnó, an tsochaí shibhialta, agus comhlachais tomhaltóirí agus ghnó. Tá taifeadtaí ar na ceardlanna uile a reáchtáladh in 2025 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha. Tar éis plé a dhéanamh le hionadaithe na sochaí sibhialta, chuir an Coimisiún bearta trédhearcachta breise i bhfeidhm maidir le cleamhnacht rannpháirtithe le geatóirí.
2.Na torthaí agus na tairbhí a bhaineann le comhlíontacht geatóirí le hAirteagail 5, 6 agus 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha
(16)Tá raon feidhme leathan ag an nGníomh um Margaí Digiteacha. Cumhdaítear leis croísheirbhísí ardáin atá ríthábhachtach do shaol laethúil na n‑úsáideoirí, amhail córais oibriúcháin, líonraí sóisialta ar líne nó innill chuardaigh ar líne, agus forchuirtear leis líon mór freagrachtaí ar gheatóirí. Dá bhrí sin, rannchuidigh an Rialachán cheana féin le cáilíocht na seirbhísí digiteacha d’úsáideoirí an Aontais trí níos mó smachta a thabhairt dóibh ar a gcuid sonraí, trí éiceachórais mhóibíleacha a oscailt, trí aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí líonra i seirbhísí teachtaireachtaí, agus trí sheirbhísí ar líne a dhéanamh níos cothroime.
a)Smacht a bheith ag úsáideoirí ar a gcuid sonraí
(17)Ceann de phríomhthréithe geatóirí is ea a gcumas méideanna ollmhóra sonraí a charnadh, rud a chruthaíonn bacainní iontrála sna margaí sin ina bhfuil geatóirí i láthair. Thairis sin, is minic nach féidir le hiomaitheoirí rochtain a fháil ar na sonraí sin, rud a bhaineann an bonn d’inchoimhlinteacht an mhargaidh agus, ar deireadh, a laghdaíonn an rogha d’úsáideoirí deiridh agus a chuireann bac ar an nuálaíocht. Is ar an gcúis sin a dhíríonn go leor forálacha den Ghníomh um Margaí Digiteacha – Airteagail 5(2), 5(9), 5(10), 6(2), 6(8), 6(9) agus 6(10) – ar an gcaoi a n‑úsáideann geatóirí na sonraí atá carntha acu agus ar an gcaoi a dtugann siad níos mó smachta d’úsáideoirí deiridh agus d’úsáideoirí gnó ar na sonraí a ghineann siad agus seirbhísí geatóirí á n‑úsáid acu.
(18)Tá an Coimisiún fós an-ghníomhach sa réimse sin. Go háirithe, ghlac sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh in aghaidh Meta as Airteagal 5(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a shárú. Leis an oibleagáid sin, ceanglaítear ar gheatóirí toiliú úsáideoirí a lorg chun a gcuid sonraí pearsanta a chomhcheangal idir seirbhísí. Ní mór rochtain a bheith ag úsáideoirí nach dtoilíonn ar rogha mhalartach nach bhfuil chomh pearsantaithe céanna ach atá coibhéiseach. Tá scáileáin toilithe curtha i bhfeidhm ag geatóirí amhail Microsoft agus Alphabet lenar féidir le húsáideoirí deiridh a dtoiliú a chur in iúl maidir lena gcuid sonraí a chomhcheangal ar fud sheirbhísí gach geatóra. Chinn céatadán mór d’úsáideoirí deiridh a dtoiliú a choinneáil siar.
(19)Thionscain an Coimisiún imeachtaí in aghaidh Meta tar éis fógra a thabhairt an 30 Deireadh Fómhair 2023 maidir lena shamhail fógraíochta dhénártha ‘Íoc nó Toiligh’. Chiallaigh sé sin go raibh rogha ag úsáideoirí Facebook agus Instagram san Aontas idir toiliú lena sonraí pearsanta a chomhcheangal le haghaidh fógraíocht phearsantaithe nó síntiús míosúil a íoc le haghaidh seirbhís saor in aisce. Chinn an Coimisiún go raibh an tsamhail sin ag sárú an Ghnímh um Margaí Digiteacha toisc nár thug sí an rogha shonrach d’úsáideoirí, dá ndéantar foráil le hAirteagal 5(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, seirbhís a roghnú a úsáideann níos lú dá sonraí pearsanta ach atá coibhéiseach ar shlí eile leis an tseirbhís ina bhfuil fógraíocht phearsantaithe. Thairis sin, níor lig samhail Meta d’úsáideoirí a gceart a fheidhmiú chun toiliú gan bhac lena sonraí pearsanta a chomhcheangal. Gearradh fíneáil EUR 200 milliún ar Meta.
(20)An 8 Nollaig 2025, d’fhógair Meta, ó 2026 ar aghaidh, go gcuirfeadh sé rogha mhalartach de sheirbhísí Facebook agus Instagram ar fáil d’úsáideoirí san Aontas a léireodh dóibh fógraíocht nach bhfuil chomh pearsantaithe céanna, chun an Gníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh. De réir Meta, bheadh rogha ag úsáideoirí deiridh san Aontas idir toiliú lena gcuid sonraí uile a chomhroinnt agus fógraíocht atá go hiomlán pearsantaithe a fheiceáil, nó roghnú níos lú sonraí pearsanta a chomhroinnt le haghaidh eispéiris le fógraíocht phearsantaithe níos teoranta. Nuair a bheidh an tsamhail fógraíochta nua sin curtha chun feidhme, lorgóidh an Coimisiún aiseolas agus fianaise ó Meta agus ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile maidir lena tionchar agus lena glacadh.
(21)Bhí an bhliain tuairiscithe gnóthach freisin i gcomhthéacs iniomparthacht sonraí faoi Airteagal 6(9) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Mar thoradh ar an idirphlé rialála, chuir geatóirí feabhas ar a réitigh chomhlíontachta a ligeann d’úsáideoirí deiridh a gcuid sonraí a aistriú. Léaráid amháin is ea an fhéidearthacht a chuireann Alphabet ar fáil rochtain réamhbhreathnaitheach ar shonraí a iarraidh. Ligeann sé sin d’úsáideoirí deiridh aon iarraidh amháin a dhéanamh chun sonraí a fháil amach anseo ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó míosúil. Nuashonrú eile ar chomhéadan feidhmchláir iniomparthachta sonraí Alphabet is ea an fhéidearthacht an tréimhse a bhfuil sonraí stairiúla á n‑iarraidh ina leith a shocrú. Ar an gcaoi chéanna, i mí Lúnasa 2025, chomhdhlúthaigh Meta a uirlisí DYI (i.e. íoslódáil d’fhaisnéis) agus TYI (i.e. aistrigh d’fhaisnéis) in aon uirlis EYI amháin (i.e. easpórtáil d’fhaisnéis ), rud a chuir feabhas ar eispéireas an úsáideora deiridh maidir le haistrithe sonraí.
(22)Mar thoradh ar an idirphlé rialála idir an Coimisiún, Alphabet agus Apple forbraíodh réiteach inaistritheachta gléasanna a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh a gcuid sonraí a aistriú go héasca ó ghléas Android go iPhone agus vice versa. Tairbheoidh forbróirí agus monaróirí gléasanna den réiteach comhlíontachta sin freisin. Beidh an chéad cheann in ann a n‑úsáideoirí a choinneáil má athraíonn siad chuig gléasanna éagsúla, agus beidh an dara ceann in ann níos mó úsáideoirí a bhí faoi ghlas in éiceachórais gléasanna eile a mhealladh.
b)Éiceachórais mhóibíleacha a oscailt
(23)Tháinig torthaí as an idirphlé rialála ní hamháin maidir le gníomhaireacht úsáideoirí i ndáil lena gcuid sonraí, ach maidir le héiceachórais mhóibíleacha a oscailt freisin. Is réimse é sin ina dtagann oibleagáidí iomadúla faoin nGníomh um Margaí Digiteacha, amhail Airteagail 5(4), 5(7), 5(8), 6(3), 6(4) agus 6(7), i bhfeidhm. Is é an sprioc choiteann atá acu níos mó deiseanna a chruthú d’fhorbróirí, trí nuálaíocht a chothú, agus rogha níos fearr a thabhairt d’úsáideoirí deiridh san Aontas. Mar shampla, leis na forálacha dlíthiúla sin ceanglaítear ar gheatóirí ligean d’fhorbróirí a n‑úsáideoirí deiridh a stiúradh i dtreo tairiscintí níos fearr lasmuigh de sheirbhísí na ngeatóirí, scáileáin roghanna a sholáthar, úsáid bealaí dáileacháin malartacha a chumasú, agus idir-inoibritheacht éifeachtach lena gcrua-earraí agus lena mbogearraí a áirithiú saor in aisce.
Réamhshocruithe, scáileáin roghanna agus díshuiteáil
(24)Sa réimse sin, chuaigh an Coimisiún i mbun idirphlé rialála le Microsoft, rud a rinne roinnt athruithe in 2025 a d’fhág, i measc nithe eile, go raibh sé níos éasca d’úsáideoirí deiridh a mbrabhsálaí gréasáin réamhshocraithe a shocrú agus é a úsáid go héifeachtach. Chuaigh an Coimisiún i mbun idirphlé rialála le Alphabet freisin, a lean de scáileáin roghanna a rolladh amach (inneall cuardaigh ar líne agus brabhsálaí gréasáin).
(25)Léaráid eile is ea clabhsúr na n‑imeachtaí a bhaineann le Apple agus le hAirteagal 6(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. In 2024, chuir an Coimisiún tús le himscrúdú neamhchomhlíontachta i dtaobh an raibh Apple ag comhlíonadh a oibleagáide chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí feidhmchláir bogearraí a dhíshuiteáil go héasca ó iOS, réamhshocruithe a athrú agus brabhsálaí gréasáin réamhshocraithe a roghnú ó scáileán roghanna. Nuair a tionscnaíodh na himeachtaí, ghlac Apple cur chuige cuiditheach agus chuir sé feabhas ar an scáileán roghanna do bhrabhsálaithe gréasáin trí eispéireas an úsáideora a dhéanamh níos éasca ná mar a bhí sé ar dtús. Rinne Apple é níos éasca freisin réamhshocruithe eile ar iOS a athrú, amhail na réamhshocruithe sin a bhaineann le glaonna, teachtaireachtaí, bainisteoirí pasfhocal nó seirbhísí aistriúcháin, agus cheadaigh sé aipeanna réamhshuiteáilte Apple, amhail an brabhsálaí gréasáin Safari nó an App Store, a dhíshuiteáil.
(26)Is léiriú é an cás seo ar a éifeachtaí agus a úsáidí a d’fhéadfadh sé a bheith nuair a théann geatóirí agus tríú páirtithe i dteagmháil go dearfach leis an gCoimisiún. Chuir an Coimisiún clabhsúr leis an imscrúdú an 23 Aibreán 2025 gan cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh. Leanfaidh sé d’fhaireachán a dhéanamh ar bhearta Apple agus leanfaidh sé den idirphlé rialála chun comhlíonadh iomlán agus éifeachtach an Ghnímh um Margaí Digiteacha a áirithiú, rud a chuirfidh roghanna fóinteacha ar fáil d’úsáideoirí deiridh.
Idir-inoibritheacht ingearach le córais oibriúcháin
(27)Le hAirteagal 8(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear na bearta nach mór do gheatóirí a chur chun feidhme chun na hoibleagáidí in Airteagail 6 agus 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh. Cuireann imeachtaí sonraíochta ar chumas an Choimisiúin treoraíocht choincréiteach a thabhairt do gheatóirí maidir le conas a n‑oibleagáidí faoin nGníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh. Níl sé d’aidhm ag na himeachtaí sin fíneálacha a fhorchur; ina ionad sin, bunaítear leo creat foirmiúil ina dtéann an Coimisiún agus geatóirí i mbun idirphlé teicniúil maidir le réitigh chomhlíontachta, agus ionchur arna sholáthar ag tríú páirtithe á chur san áireamh an tráth céanna.
(28)Ghlac an Coimisiún an chéad dá chinneadh sonraíochta an 19 Márta 2025 chun cuidiú le Apple an oibleagáid idir-inoibritheachta a leagtar síos in Airteagal 6(7) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh. Leis an oibleagáid sin, ceanglaítear ar gheatóirí idir-inoibritheacht éifeachtach a sholáthar do thríú páirtithe leis na gnéithe crua-earraí agus bogearraí céanna a bhfaightear rochtain orthu nó a rialaítear tríd an gcóras oibriúcháin nó tríd an gcúntóir fíorúil atá ainmnithe faoin nGníomh um Margaí Digiteacha. Tá sé sin ríthábhachtach chun deis a thabhairt do sholáthraithe malartacha a bheith nuálach agus roghanna malartacha ar sheirbhísí geatóirí a thairiscint. Dá bhrí sin, is é an toradh a bhíonn ar chomhlíonadh éifeachtach Airteagal 6(7) den Ghníomh um Margaí Digiteacha rogha níos leithne táirgí a bheith ar fáil do thomhaltóirí na hEorpa.
(29)Leis an dá chinneadh sonraíochta sin, tugadh an dá imeacht a thionscain an Coimisiún an 19 Meán Fómhair 2024 i gcrích. Bhain ceann amháin le gnéithe nascachta arna soláthar ag iOS agus feidhmiúlachtaí gaolmhara a úsáidtear den chuid is mó le haghaidh gléasanna nasctha agus ag gléasanna nasctha, e.g. uaireadóirí cliste, cluasáin agus gairis inchaite eile. Bhain an ceann eile leis an bpróiseas a chuir Apple i bhfeidhm chun go gcuirfeadh tríú páirtithe iarrataí idir-inoibritheachta isteach maidir le iOS agus iPadOS.
(30)Bhain an cinneadh sonraíochta maidir le gnéithe nascachta le bearta lena dtugtar rochtain fheabhsaithe do mhonaróirí gléasanna agus d’fhorbróirí aipeanna ar ghnéithe iPhone a idirghníomhaíonn le gléasanna den sórt sin (e.g. fógraí a thaispeáint ar uaireadóirí cliste), aistrithe sonraí níos tapúla (e.g. naisc Wi-Fi idir piaraí, agus cumarsáid neasréimse) agus socrú gléasanna níos éasca (e.g. péireáil).
(31)Leis an gcinneadh sonraíochta maidir le próiseas Apple chun iarrataí idir-inoibritheachta a láimhseáil, cuireadh sraith beart i bhfeidhm chun feabhas a chur ar a thrédhearcacht agus a éifeachtacht. Áiríodh leis sin feabhas a chur ar rochtain ar dhoiciméadacht theicniúil maidir le gnéithe nach bhfuil ar fáil go fóill do thríú páirtithe, cumarsáid agus nuashonruithe tráthúla, agus amlíne níos intuartha chun athbhreithniú a dhéanamh ar iarrataí idir-inoibritheachta.
(32)Leis an dá chinneadh sonraíochta sin, atá ceangailteach ó thaobh dlí de, tugtar deiseanna nua do mhonaróirí gléasanna a bheith nuálach agus feabhas a chur ar eispéireas úsáideoirí na hEorpa. Déantar foráil leo freisin maidir le láimhseáil níos cothroime agus níos tapúla ar iarrataí idir-inoibritheachta ó fhorbróirí aipeanna, rud a fhágann go mbeidh níos mó roghanna ann d’úsáideoirí Eorpacha ar deireadh. Tá na bearta sin uile á gcur chun feidhme ag Apple ar bhonn rollach leis na nuashonruithe nua ar iOS. Mar shampla, ón 15 Nollaig 2025 leis an leagan béite de iOS 26.3, d’fhéadfadh forbróirí aipeanna idir-inoibritheacht a thástáil cheana féin leis na gnéithe a bhaineann le péireáil ghaireachta, rud a fhágann gur féidir gléasanna fisiceacha nasctha a phéireáil go héasca le gléasanna iOS, agus fógraí feabhsaithe, atá fíor-riachtanach d’úsáideoirí chun fanacht ar an eolas faoi imeachtaí agus nuashonruithe, meabhrúcháin nó míreanna aníos a fháil ó aipeanna, nó freagairt agus freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí.
Stiúradh i dtreo tairiscintí malartacha
(33)In 2025, rinne an Coimisiún dul chun cinn freisin maidir le hAirteagal 5(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chur chun feidhme. Tugann an fhoráil sin níos mó saoirse d’fhorbróirí rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh gan iallach a bheith orthu úsáid a bhaint as croísheirbhís ardáin an gheatóra. Ní mór do gheatóirí an chumarsáid sin a cheadú saor in aisce idir forbróirí agus úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear tairiscintí a chur chun cinn. Toradh amháin ar an bhforáil sin is ea gur cheart do Alphabet agus Apple ligean d’fhorbróirí a dháileann aipeanna trí aipmhargaí Alphabet agus Apple úsáideoirí deiridh a stiúradh chun tairiscintí a dhéanamh agus conarthaí a thabhairt i gcrích leo lasmuigh de na haipmhargaí sin. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh sula raibh ar gheatóirí an Gníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh ón 7 Márta 2024.
(34)An 23 Aibreán 2025, chinn an Coimisiún nár chomhlíon Apple Airteagal 5(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Scrúdaigh an Coimisiún ar chomhlíon téarmaí gnó bunaidh Apple, a théarmaí nua gnó agus a théarmaí nua gnó sruthaithe ceoil an fhoráil dhlíthiúil sin. Chinn sé go raibh Apple neamhchomhlíontach mar gheall ar roinnt srianta a forchuireadh ar fhorbróirí aipeanna nach raibh in ann tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le bealaí dáileacháin malartacha lasmuigh de App Store Apple. Ar an gcaoi chéanna, ní fhéadfadh tomhaltóirí tairbhe iomlán a bhaint as tairiscintí malartacha agus níos saoire toisc gur chuir Apple cosc ar fhorbróirí aipeanna iad a chur ar an eolas go díreach faoi thairiscintí den sórt sin. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin nár léirigh Apple go raibh na srianta a forchuireadh riachtanach agus comhréireach go hoibiachtúil. Ghearr an Coimisiún fíneáil EUR 500 milliún ar Apple agus d’ordaigh sé dó deireadh a chur leis na srianta teicniúla agus tráchtála ar stiúradh, scor dá iompar neamhchomhlíontach agus gan gníomhú ar bhealach a bhfuil cuspóir nó éifeacht choibhéiseach aige.
(35)An 19 Márta 2025, d’eisigh an Coimisiún réamhchinntí gur chuir Alphabet cosc teicniúil ar ghnéithe áirithe den stiúradh, mar shampla trí chosc a chur ar fhorbróirí aipeanna custaiméirí a stiúradh chuig na tairiscintí agus na bealaí dáileacháin is rogha leo. Thairis sin, cé gur féidir le Alphabet táille a fháil faoi Airteagal 5(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha as éadáil tosaigh custaiméara nua ag forbróir aipeanna trí Google Play a éascú, ba é réamhthoradh an Choimisiúin gur chosúil go ndeachaigh na táillí a ghearr Alphabet thar a raibh údar leis. Mar shampla, ghearr Alphabet táille ard ar fhorbróirí thar thréimhse ama rófhada as gach ceannach earraí agus seirbhísí digiteacha.
(36)Tá athruithe á ndéanamh ag an dá gheatóir, Alphabet agus Apple, ar théarmaí agus ar choinníollacha a n‑aipmhargaí faoi seach chun Airteagal 5(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún féachaint an leor na bearta sin chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh go héifeachtach agus leanann sé de bheith i dteagmháil leis an dá gheatóir agus le tríú páirtithe ábhartha ina leith sin.
Bealaí dáileacháin malartacha
(37)Is príomhthoisc é rialú ar bhealaí dáileacháin le haghaidh aipeanna laistigh d’éiceachórais mhóibíleacha a chuireann ar chumas geatóirí iad a choinneáil dúnta, rud a bhaineann an bonn d’inchoimhlinteacht an mhargaidh. Chun a áirithiú go mbeidh modhanna eile ag forbróirí aipeanna chun a n‑aipeanna a dháileadh, ceanglaítear le hAirteagal 6(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha ar gheatóirí bealaí dáileacháin malartacha a chumasú ar a gcórais oibriúcháin. Laghdaíonn sé sin spleáchas na n‑úsáideoirí gnó agus na n‑úsáideoirí deiridh araon, rud a thugann níos mó spáis don úsáideoir gnó don nuálaíocht agus a thugann níos mó roghanna don úsáideoir deiridh.
(38)An 23 Aibreán 2025, d’eisigh an Coimisiún réamhthoradh nár chomhlíon Apple Airteagal 6(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha maidir leis na téarmaí conarthacha a d’fhorchuir Apple ar fhorbróirí ar mian leo aipmhargaí tríú páirtí a sholáthar nó a n‑aipeanna a thairiscint trí na haipmhargaí sin. Ba iad seo a leanas réamhthorthaí an Choimisiúin, i bhfianaise na gcoinníollacha a fhorchuireann Apple: (i) go ndídhreasaítear forbróirí ó bhealaí malartacha dáileacháin aipeanna a úsáid ar iOS toisc go n‑éilíonn sé sin orthu téarmaí gnó a roghnú lena n‑áirítear táille nua (Táille Chroítheicneolaíochta Apple); (ii) go raibh ceanglais incháilitheachta ródhiana tugtha isteach ag Apple, rud a chuir bac ar chumas forbróirí a n‑aipeanna a dháileadh trí bhealaí malartacha; agus (iii) bhí ualach rómhór ag baint le Apple agus chuir sé mearbhall ar úsáideoirí deiridh aipeanna a shuiteáil agus bealaí malartacha dáileacháin aipeanna á n‑úsáid acu.
Roghanna úsáideoirí a mhéadú agus iad ag clárú le seirbhísí geatóra
(39)Tar éis idirphlé fairsing, chuir Alphabet deireadh lena cheanglas cuntas Gmail a úsáid chun cuntas Google a chruthú agus rochtain a fháil ar sheirbhísí Alphabet, amhail Android, YouTube nó Google Play. Is féidir le húsáideoirí liostáil leis na seirbhísí sin anois trí réitigh eile a roghnú a thagann níos dlúithe lena roghanna. D’fhéadfadh breithnithe príobháideachais a bheith i measc na gcúiseanna atá leis sin – mar shampla, is féidir leo réiteach eile a roghnú a bhfuil caighdeán difriúil aige chun príobháideachas a chosaint – nó breithnithe geografacha – mar shampla, is féidir leo rogha mhalartach a roghnú i gcás ina stóráiltear sonraí san Aontas.
c)Idir-inoibritheacht na seirbhísí teachtaireachtaí
(40)Garsprioc a bhí in 2025 le haghaidh Airteagal 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Tugann an fhoráil sin aghaidh ar éifeachtaí láidre líonra i seirbhísí teachtaireachtaí trí oibleagáid idir-inoibritheachta chothrománach a fhorchur le haghaidh na seirbhísí teachtaireachtaí sin a sholáthraíonn geatóirí arna n‑ainmniú faoin nGníomh um Margaí Digiteacha – WhatsApp agus Messenger de chuid Meta faoi láthair.
(41)Ceann de shainiúlachtaí Airteagal 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha is ea an cur chun feidhme céimnithe a cheanglaítear leis an bhforáil. Cé go raibh ar gheatóirí a seirbhísí teachtaireachtaí a dhéanamh idir-inoibritheach le haghaidh comhráite duine le duine 6 mhí tar éis a n‑ainmnithe, bhí 2 bhliain acu chun idir-inoibritheacht a chumasú le haghaidh comhráite grúpa. Dá bhrí sin, an 6 Meán Fómhair 2025, thug Meta an tairiscint tagartha agus doiciméadacht an fhorbróra maidir le hidir-inoibritheacht le haghaidh WhatsApp agus Messenger cothrom le dáta. Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme réiteach comhlíontachta Meta le haghaidh comhráite grúpa idir-inoibritheacha.
(42)Mar thoradh air sin, i mí na Samhna 2025, d’fhógair dhá sholáthraí seirbhísí teachtaireachtaí, BirdyChat agus Haiket, go mbeidís idir-inoibritheach le WhatsApp. Tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis na páirtithe lena mbaineann chun eispéireas idir-inoibritheach optamach a áirithiú d’úsáideoirí deiridh san Aontas.
d)Cuardach cothrom ar líne agus margaí cothroma ar líne
Cothroime sna hinnill chuardaigh ar líne
(43)Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, cosnaítear úsáideoirí gnó ar iompraíocht éagórach ar innill chuardaigh ar líne atá faoi rialú geatóirí. Ós rud é go mbraitheann úsáideoirí gnó ar a láithreacht in innill chuardaigh ar líne le haghaidh rath agus inmharthanacht na seirbhísí a sholáthraíonn siad, tá sé ríthábhachtach go gcaitear go cothrom leo i ranguithe cuardaigh ar líne agus go bhfuil na coinníollacha a fhorchuireann geatóirí cothrom. I ndáil leis sin, tá ról lárnach ag Airteagail 6(5) agus 6(12) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, lena dtugtar aghaidh ar chóir fhéintosaíochta agus ar rangú éagórach agus lena bhforchuirtear téarmaí córa, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le rochtain a fháil ar innill chuardaigh ar líne.
(44)Bhí an Coimisiún an-ghníomhach ina leith sin in 2025. Ar an gcéad dul síos, lean sé de bheith ag obair ar an imscrúdú ar neamhchomhlíonadh a seoladh in 2024 ar Google Search maidir le hAirteagal 6(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. D’eisigh sé réamhthorthaí an 19 Márta 2025, agus é den tuairim gur sháraigh Alphabet an fhoráil dlí sin chun caitheamh lena sheirbhísí féin ar bhealach níos fabhraí i dtorthaí Google Search ná seirbhísí comhchosúla arna dtairiscint ag tríú páirtithe. Rinne Alphabet é sin trína sheirbhísí féin a thaispeáint ag barr thorthaí Google Search nó ar spásanna tiomnaithe le formáidí amhairc agus sásraí scagtha feabhsaithe. Tá raon feidhme an imscrúdaithe leathan, toisc go mbaineann sé le cuardach ingearach agus seirbhísí ábhair Alphabet i réimsí éagsúla, amhail taisteal, ríomhthráchtáil agus fáilteachas. Chun éisteacht leis na páirtithe leasmhara uile le linn an imscrúdaithe, d’eagraigh an Coimisiún roinnt ceardlann ina bhféadfadh gníomhaithe margaidh ábhartha a n‑aiseolas a thabhairt maidir leis na tograí comhlíontachta a chuir Alphabet i láthair.
(45)Ar an dara dul síos, rinne an Coimisiún faireachán freisin ar na coinníollacha ginearálta rochtana a bhfuil úsáideoirí gnó inneall cuardaigh ar líne faoina réir i gcomhthéacs Airteagal 6(12) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. An 13 Samhain 2025, sheol an Coimisiún imeachtaí neamhchomhlíontachta maidir le beartas Google Search maidir le mí-úsáid clú ar an suíomh, ar ar a bhonn a thugann Alphabet ísliú céime do chodanna de shuíomhanna gréasáin foilsitheoirí nuair a bhíonn ábhar iontu ó chomhpháirtithe tráchtála. D’fhéadfadh tionchar díreach a bheith ag an mbeartas sin ar bhealach coiteann dlisteanach d’fhoilsitheoirí chun luach airgid a chur ar a suíomhanna gréasáin agus ar a n‑ábhar. Tá an Coimisiún ag leanúint de bheith i dteagmháil le Alphabet agus le páirtithe leasmhara chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na forála dlí.
Cothroime i margaí ar líne
(46)Ní hamháin go mbaineann Airteagal 6(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha le cothroime i ranguithe inneall cuardaigh ar líne, ach baineann sé freisin le suntasacht amhairc ar chroísheirbhísí ardáin eile, amhail margaí ar líne. Mar is amhlaidh i gcás innill chuardaigh ar líne, d’fhéadfadh geatóirí a oibríonn margaí ar líne agus a dháileann a n‑earraí agus a seirbhísí féin tríothu dul i mbun iompraíocht éagórach freisin. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an iompar sin, mar shampla, níos mó suntais a thabhairt d’earraí agus do sheirbhísí an gheatóra i dtorthaí cuardaigh, nó iad a chur in áiteanna níos ábhartha ar an leathanach gréasáin chun úsáideoirí a ghríosú chun a dtáirgí féin a roghnú thar tháirgí tríú páirtithe.
(47)Chuaigh an Coimisiún i mbun idirphlé rialála le Amazon chun a áirithiú nach raibh sé ag caitheamh lena tháirgí féinbhranda ná le táirgí eile arna ndíol ag Amazon Retail ar bhealach níos fabhraí chun dochair do dhíoltóirí tríú páirtí a thairgeann táirgí comhchosúla.
3.Dlíthíocht os comhair chúirteanna an Aontais maidir le comhlíonadh an Ghnímh um Margaí Digiteacha
(48)Sa bhreis ar an dlíthíocht a bhaineann le hainmniú geatóirí agus a gcroísheirbhísí ardáin atá os comhair chúirteanna an Aontais agus a ndearnadh tagairt di níos luaithe, tá an Coimisiún ina pháirtí freisin i gcaingne Meta agus Apple le haghaidh neamhniú a comhdaíodh an 4 Iúil 2025 agus an 7 Iúil 2025 in aghaidh chinntí an Choimisiúin maidir le neamhchomhlíonadh inar chinn sé gur sháraigh Meta agus Apple Airteagal 5(2) agus Airteagal 5(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, faoi seach. Thairis sin, tá an Coimisiún ina pháirtí freisin i gcaingne Apple le haghaidh neamhniú in aghaidh an dá chinneadh sonraíochta ón gCoimisiún i ndáil le hAirteagal 6(7) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.
4.Faisnéis maidir le comhchruinnithe
(49)Faoi Airteagal 14 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ceanglaítear ar gheatóirí an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon chomhchruinniú atá beartaithe i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhís eile san earnáil dhigiteach nó i gcás ina gcumasaíonn siad bailiú sonraí.. Leis an oibleagáid sin, méadaítear trédhearcacht éadálacha ag geatóirí agus ligtear don Choimisiún treochtaí éadálacha níos leithne san earnáil dhigiteach a shainaithint. Méadaítear freisin infhaighteacht faisnéise don phobal maidir le cleachtais geatóra áirithe agus forbairtí sa mhargadh digiteach.
(50)In 2025, fuair an Coimisiún 36 fhógra maidir le comhchruinnithe atá beartaithe ó gheatóirí, agus 55 a bhí sa líon iomlán fógraí a fuarthas ó bhí 2023 ann. Déantar achoimrí neamhrúnda ar an bhfaisnéis a chuireann geatóirí isteach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, mar aon leis an dáta fógartha agus céannacht na ngnóthas.
(51)Léiríodh sna fógraí a fuarthas in 2025 leitheadúlacht idirbheart a dhíríonn ar IS. Ar an gcaoi chéanna le 2024, bhain roinnt fógraí in 2025 le comhaontuithe a bhaineann le tallann a fháil, ar a dtugtar ‘earcaíocht trí éadáil’ freisin. Is féidir leis na hidirbhearta sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla ach is iondúil go mbíonn comhaontuithe fostaíochta i gceist leo le haghaidh príomhbhaill foirne sa sprioc-chuideachta. Mar sin féin, ní bhíonn éadáil scaireanna sa sprioc-chuideachta ná sócmhainní na sprioc-chuideachta i gceist leo i gcónaí. Is gá anailís cás ar chás a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil idirbhearta den sórt sin ina gcomhchruinnithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán um Chumaisc CE.
(52)Roinneann an Coimisiún an fhaisnéis sin uile maidir le héadálacha leis na Ballstáit, a fhéadfaidh í a úsáid chun críoch rialaithe cumaisc ar an leibhéal náisiúnta. I gcás ina bhfuil dlínse náisiúnta ag na Ballstáit, féadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta comhchruinnithe a tharchur chuig an gCoimisiún.
IV.IMSCRÚDUITHE MARGAIDH AR CHLEACHTAIS NUA
(53)Den chéad uair ó tháinig an Gníomh um Margaí Digiteacha i bhfeidhm, in 2025 chuaigh an Coimisiún i muinín uirlis eile óna bhosca uirlisí rialála: an fhéidearthacht imscrúduithe margaidh a reáchtáil ar sheirbhísí agus cleachtais nua faoi chuimsiú Airteagal 19 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Is gné riachtanach den Ghníomh um Margaí Digiteacha é sin, toisc go gcuireann sé ar a chumas don Choimisiún an dinimic agus na forbairtí sna margaí digiteacha a leanúint.
(54)Agus béim á leagan ar chleachtais a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’inchoimhlinteacht an mhargaidh nó a d’fhéadfadh a bheith éagórach, sheol an Coimisiún imscrúdú margaidh ar an earnáil néalríomhaireachta an 18 Samhain 2025, imscrúdú atá ar siúl i gcomhthreo leis na himscrúduithe margaidh ar ainmniúcháin cháilíochtúla fhéideartha AWS agus Azure.
(55)Is é príomhchuspóir an imscrúdaithe margaidh seo faisnéis a bhailiú ó na gníomhaithe uile san earnáil néalríomhaireachta, amhail soláthraithe néalseirbhíse, suimeálaithe, díoltóirí bogearraí neamhspleácha agus custaiméirí. I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na hearnála néalríomhaireachta do ghnólachtaí san Aontas agus an róil ríthábhachtaigh atá aici maidir le forbairt na hintleachta saorga agus teicneolaíochtaí úrscothacha gaolmhara eile, tá sé ríthábhachtach go mbeidh na hoibleagáidí atá ann faoi láthair in Airteagail 5 agus 6 den Ghníomh um Margaí Digiteacha éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais atá éagórach nó a bhaineann an bonn d’inchoimhlinteacht an mhargaidh san earnáil sin.
(56)Cumhdaítear leis an imscrúdú seo gnéithe amhail bacainní ar idir-inoibritheacht, rochtain theoranta nó choinníollach ag úsáideoirí gnó ar shonraí, díol nasctha agus cuachadh seirbhísí agus téarmaí conartha a d’fhéadfadh a bheith neamhchothrom. Críochnóidh sé le tuarascáil, a fhoilseofar laistigh de 18 mí ó thionscnamh an imscrúdaithe. Más iomchuí, féadfaidh an tuarascáil nuashonruithe ar oibleagáidí áirithe den Ghníomh um Margaí Digiteacha a mholadh i leith néalseirbhísí, trí bhíthin gníomh tarmligthe nó togra reachtach.
V.AIRTEAGAL 15 DEN GHNÍOMH UM MARGAÍ DIGITEACHA: MEASÚNÚ AR AN TUAIRISC INIÚCHTA AR THEICNÍCÍ CHUN TOMHALTÓIRÍ A PHRÓIFÍLIÚ
(57)Le hAirteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ceanglaítear ar gheatóirí tuairisc, a ndearnadh iniúchadh neamhspleách uirthi, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar aon teicníc chun tomhaltóirí a phróifíliú a chuireann siad i bhfeidhm maidir le haon cheann de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear ina gcinneadh ainmniúcháin nó ar fud aon cheann díobh (‘tuarascáil maidir le próifíliú tomhaltóirí’)
. Tá luach ar leith ag baint leis na tuarascálacha sin, a chomhroinntear leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (‘BECS’), toisc go gcuireann siad le trédhearcacht chleachtais phróifílithe na ngeatóirí agus gur féidir iad a úsáid chun an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) a fhorfheidhmiú, mar a d’aithin BECS
. Ní mór do gheatóirí forléargais phoiblí ar a dtuarascálacha a fhoilsiú freisin, chun tríú páirtithe amhail úsáideoirí gnó a choinneáil ar an eolas.
(58)Ceanglaítear leis an bhforáil sin freisin ar gheatóirí a dtuarascálacha maidir le próifíliú tomhaltóirí agus a bhforléargais phoiblí a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad. Ba é 2025 an dara timthriall, agus an chéad nuashonrú, den chleachtadh tuairiscithe sin do gach ceann de na seacht ngeatóir. Chuir gach ceann acu tuarascálacha nuashonraithe maidir le próifíliú tomhaltóirí agus forléargais phoiblí isteach go cuí faoi na spriocdhátaí faoi seach. Rinneadh na haighneachtaí i mí an Mhárta 2025 (ag Alphabet, Amazon, Apple, ByteDance, Meta agus Microsoft) agus i mí na Samhna 2025 (trí Booking). Tá forléargais phoiblí le fáil ar shuíomhanna gréasáin na ngeatóirí faoi seach
.
(59)Leanfaidh an Coimisiún d’athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an tríú timthriall tuairiscithe faoi Airteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé breithniú a dhéanamh freisin ar shoiléiriú breise a sholáthar, lena n‑áirítear trí mhionchoigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an teimpléad tuairiscithe, i bhfianaise na taithí a fuarthas go dtí seo. Leanfaidh sé freisin de chumarsáid a dhéanamh le BECS agus leis an nGrúpa Ardleibhéil maidir le saincheisteanna a bhaineann le hAirteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar spéise d’údaráis Eorpacha agus náisiúnta, lena n‑áirítear i réimsí na cosanta sonraí agus na cosanta tomhaltóirí.
VI.COMHAR IDIR AN COIMISIÚN AGUS ÚDARÁIS NÁISIÚNTA
(60)Aithnítear sa Ghníomh um Margaí Digiteacha a thábhachtaí atá an comhar trasrialála idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, go háirithe iad siúd a bhfuil cumhachtaí forfheidhmiúcháin acu san earnáil dhigiteach. Tá sé sin ríthábhachtach ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus ar mhaithe le comhleanúnachas agus simpliú foriomlán dhualgais rialála níos leithne na ngníomhaithe digiteacha.
(61)Lean an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta de bheith ag obair le chéile in 2025 faoi chuimsiú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta. I ndáil leis sin, fuair an Coimisiún naoi bhfógra faoi chásanna náisiúnta faoi Airteagal 38 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Thairis sin, roinn an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta araon faisnéis ábhartha le chéile go rialta.
(62)Áiríodh sna cásanna ar chomhoibrigh an Coimisiún leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta ó thaobh an Ghnímh um Margaí Digiteacha de le linn 2025 imscrúdú amháin a reáchtáil údaráis iomaíochta náisiúnta na Gearmáine in aghaidh Alphabet, ar tháinig deireadh leis le gealltanais a glacadh an 9 Aibreán 2025. Bhain an cás le cleachtais cheadúnaithe Alphabet maidir le Google Automotive Services (lena gcuimsítear Google Maps, Google Play agus Google Assistant) agus le coinníollacha conarthacha maidir le Google Maps Platform a chuir srian le húsáid chomhcheangailte sheirbhísí léarscáile Alphabet le seirbhísí ó sholáthraithe eile.
(63)I gcomhthéacs chosaint na dtomhaltóirí, chomhoibrigh an Coimisiún go dlúth le húdaráis iomaíochta náisiúnta na hIodáile chun fiosrúchán a dhéanamh ar dhearadh iarrataí ar thoiliú Alphabet. Ba é an aidhm a bhí leis sin a áirithiú gur tugadh aon toiliú a thug úsáideoirí chun a gcuid sonraí a bheith comhcheangailte ag Alphabet ar bhealach saor agus feasach, mar a cheanglaítear leis an gcreat rialála is infheidhme. Sa chás sin, thairg Alphabet gealltanais d’údarás iomaíochta náisiúnta na hIodáile agus, ar bhonn an chomhair idir údarás iomaíochta náisiúnta na hIodáile agus an Coimisiún, leathnaigh sé iad chuig an Aontas ar fad.
(64)Bhí an t‑idirphlé agus an comhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha freisin i gcomhthéacs an cháis neamhchomhlíonta ar shamhail ‘íoc nó toiligh’ Meta faoin nGníomh um Margaí Digiteacha. Ar thaobh amháin, chuir an Coimisiún agus Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí a chéile ar an eolas go rialta faoi fhorbairtí ina n‑imscrúduithe faoi seach ina ndearnadh measúnú ar chomhlíontacht na samhla leis an nGníomh um Margaí Digiteacha agus le RGCS. Ar an taobh eile, d’oibrigh an Coimisiún go dlúth freisin leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, a raibh gníomhaíocht chomhordaithe á reáchtáil aige chun measúnú a dhéanamh ar shamhail ‘íoc nó toiligh’ Meta faoin reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí.
(65)Thacaigh na húdaráis iomaíochta náisiúnta leis an gCoimisiún freisin ina ghníomhaíochtaí cur chun feidhme maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha in 2025. Go sonrach, chuidigh údaráis iomaíochta náisiúnta na Beilge, na hIodáile agus na hÍsiltíre leis an gCoimisiún in imscrúduithe an Ghnímh um Margaí Digiteacha trí fhoireann thiomnaithe a chur ar fáil. Tá an comhar sin i gcomhréir le meon Airteagal 38, lena gceadaítear d’údaráis iomaíochta náisiúnta ról a imirt i gcur chun feidhme an Ghnímh um Margaí Digiteacha trí imscrúdú a dhéanamh, mar shampla, ar chásanna ina bhféadfadh neamhchomhlíonadh oibleagáidí an Ghnímh um Margaí Digiteacha a bheith ann ar a gcríocha.
VII.COMHAR TRASRIALÁLA
1.Gníomhaíochtaí an Ghrúpa Ardleibhéil
(66)In 2025, rinne an Grúpa Ardleibhéil comhdhlúthú agus leathnú ar a ról mar phríomhfhóram le haghaidh comhar trasrialála chun cur chun feidhme comhleanúnach agus éifeachtach an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus rialacha earnáilsonracha eile is infheidhme maidir le geatóirí a áirithiú. Chothaigh an Grúpa Ardleibhéil idirphlé comhoibríoch i bpobal rialtóirí digiteacha na hEorpa agus rinne sé comhar iltaobhach agus déthaobhach araon idir a chomhaltaí níos éasca.
(67)I bhfianaise chlár oibre foriomlán an Choimisiúin maidir le simpliú, agus go háirithe an tseiceáil oiriúnachta digití atá ar na bacáin, rinne an Grúpa Ardleibhéil machnamh ar a chuid oibre go dtí seo agus bhreithnigh sé bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun ról níos lárnaí a bheith aige maidir le comhordú éifeachtach a áirithiú ar fud réimsí rialála éagsúla agus chun cuidiú le dearcadh agus cur chuige níos iomlánaíche a fhorbairt. Ní hamháin go laghdóidh sé sin an chastacht fhoriomlán agus go laghdóidh sé an t‑ualach ar thairbhithe agus ar gheatóirí araon, ach cuirfidh sé cosc freisin ar gheatóirí leas a bhaint as beartas amháin chun beartas eile a sheachaint.
(68)Chuige sin, in 2025, d’fhormhuinigh an Grúpa Ardleibhéil páipéar comhpháirteach inar leagadh amach an t‑idirghníomhú rialála a bhaineann le saincheisteanna intleachta saorga
agus inar cuireadh de chúram ar a fhoghrúpa maidir leis an intleacht shaorga féachaint ar chomhar trasrialála níos dlúithe idir na húdaráis inniúla maidir le córais intleachta saorga a bheith á bhforbairt agus á gcur in úsáid ag geatóirí.
(69)Rinne an Grúpa Ardleibhéil a mhodhanna oibre a choigeartú freisin. Mar shampla, osclaíodh cuid d’fhormáid an tseisiúin iomlánaigh ionas gur féidir le haoichainteoirí seachtracha, amhail ionadaithe ón tsochaí shibhialta, dearcthaí éagsúla a chur i láthair na gcomhaltaí lena mbreithniú.
2.Treoirlínte comhpháirteacha maidir leis an idirghníomhú idir an Gníomh um Margaí Digiteacha agus RGCS
(70)Tar éis an phlé sa Ghrúpa Ardleibhéil, chomhaontaigh an Coimisiún agus BECS treoirlínte a ghlacadh go comhpháirteach maidir leis an idirghníomhú idir an Gníomh um Margaí Digiteacha agus RGCS. D’fhonn aiseolas a bhailiú maidir leis an gcéad dréacht de na treoirlínte comhpháirteacha, reáchtáladh comhairliúchán poiblí idir an 9 Deireadh Fómhair agus an 4 Nollaig 2025. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún agus ag BECS na treoirlínte comhpháirteacha a ghlacadh in 2026.
(71)Tá spriocanna an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus RGCS éagsúil ach an-chomhlántach. Cé go dtugtar aghaidh leis an nGníomh um Margaí Digiteacha ar chleachtais éagóracha geatóirí i leith úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh agus go n‑áirithítear leis inchoimhlinteacht an mhargaidh i seirbhísí digiteacha, cosnaítear le RGCS daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus áirithítear saorghluaiseacht sonraí pearsanta san Aontas, lena gcumhdaítear gach rialaitheoir agus próiseálaí sonraí. Dá bhrí sin, le cur chun feidhme an Ghnímh um Margaí Digiteacha, cruthaítear níos mó deiseanna d’fhorbróirí agus do sholáthraithe seirbhíse gnéithe cosanta sonraí agus príobháideachais a dhéanamh nuálach, a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. An tráth céanna, comhlánaíonn comhlíonadh RGCS cuspóir an Ghnímh um Margaí Digiteacha aghaidh a thabhairt ar bhuntáistí sonraíbhunaithe geatóirí.
(72)Is léiriú iad na treoirlínte comhpháirteacha ar an toradh dearfach a bhíonn ar an gcomhar idir na húdaráis i gcomhthéacs an Ghrúpa Ardleibhéil. Cuideoidh siad le geatóirí agus le húsáideoirí gnó rialacha a léirmhíniú i gcás ina dtagann an Gníomh um Margaí Digiteacha agus RGCS le chéile, rud a chuirfidh feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí san Aontas ar bhonn níos ginearálta.
VIII.GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE FAOIN nGNÍOMH UM MARGAÍ DIGITEACHA
(73)Chomh maith leis na gníomhaíochtaí uile faoin nGníomh um Margaí Digiteacha a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo, d’oibrigh an Coimisiún ar an athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha agus ar ábhair idirnáisiúnta ghaolmhara.
1.Athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha
(74)Le hAirteagal 53(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán faoin 3 Bealtaine 2026. Sa mheastóireacht, ní mór don Choimisiún a mheas ar baineadh amach aidhmeanna an Ghnímh um Margaí Digiteacha – lena n‑áirithítear inchoimhlinteacht an mhargaidh agus nach nglacann geatóirí páirt i gcleachtais éagóracha – agus measúnú a dhéanamh ar thionchar an Ghnímh um Margaí Digiteacha ar úsáideoirí gnó, go háirithe FBManna, agus ar úsáideoirí deiridh.
(75)Chuige sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí an 3 Iúil 2025, agus ba é an 24 Meán Fómhair 2025 an spriocdháta chun aiseolas a thabhairt. D’fhoilsigh sé glao ar fhianaise agus ceistneoir tiomnaithe maidir leis an intleacht shaorga freisin an 26 Lúnasa 2025, agus ba é an 23 Meán Fómhair 2025 an spriocdháta chun aiseolas a thabhairt. Foilsíodh na torthaí – na haighneachtaí agus achoimre an Choimisiúin ar na haighneachtaí – ar shuíomh gréasáin an Ghnímh um Margaí Digiteacha an 8 Eanáir 2026. Fuair an Coimisiún 319 n‑aighneacht san iomlán ar an gcomhairliúchán, 63 fhreagra ar an nglao ar fhianaise agus 96 fhreagra ar an gceistneoir maidir leis an intleacht shaorga, agus iad uile ina léirithe ar raon leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear eagraíochtaí sochaí sibhialta agus ionadaithe tionscail.
(76)Faoi Airteagal 53(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, rinne an Coimisiún meastóireacht i dtaobh an bhféadfar raon feidhme Airteagal 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ina dtagraítear d’idir-inoibritheacht chothrománach na seirbhísí teachtaireachtaí, a leathnú chuig líonraí sóisialta ar líne. Mar chuid den athbhreithniú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha, rinne grúpa saineolaithe teicniúla anailís theicniúil chríochnúil ar idir-inoibritheacht dá bhrí sin. Chomh maith le hidir-inoibritheacht chothrománach a chumhdach (i.e. nascadh úsáideoirí líonra shóisialta amháin ar líne le húsáideoirí líonra shóisialta eile ar líne a cheadú), cumhdaíodh leis an anailís idir-inoibritheacht ingearach freisin (i.e. soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a thairgeann seirbhísí sa bhreis ar líonra sóisialta ar líne).
(77)Tugadh an próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an nGníomh um Margaí Digiteacha i gcrích i mí Aibreáin 2026 le tuarascáil a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2.Comhar idirnáisiúnta
(78)I mí an Mheithimh 2025, ghlac an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta don Aontas. Dírítear sa straitéis sin ar bhorradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa, clár oibre digiteach atá dírithe ar shlándáil na hEorpa agus a comhpháirtithe a chur chun cinn, agus rialachas digiteach domhanda agus caighdeáin dhigiteacha dhomhanda a mhúnlú. Tagraítear sa Straitéis don Ghníomh um Margaí Digiteacha mar uirlis chun dul i dteagmháil le tíortha comhpháirtíochta i bpríomhréimse comhair amhail ardáin ar líne trí inchoimhlinteacht na margaí digiteacha, cothroime iomaíochta agus iomaíocht chóir idir gníomhaithe digiteacha a chur chun cinn.
(79)Go deimhin, músclaítear sa Ghníomh um Margaí Digiteacha spéis go hidirnáisiúnta mar dhea-chleachtas, agus roinn an tAontas go gníomhach a thaithí maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha a fhorfheidhmiú trí chomhar idirnáisiúnta.
(80)Faoi chuimsiú na comhpháirtíochta digití idir an tAontas agus an tSeapáin, síníodh comhaontú comhair an 23 Iúil 2025 idir an Coimisiún agus Coimisiún Cóir-Thrádála na Seapáine, atá i gceannas ar Ghníomh Iomaíochta na Seapáine maidir le Bogearraí Soghluaiste a chur chun feidhme. Is é is aidhm don chomhaontú cead a thabhairt do na páirtithe faisnéis neamhrúnda a chomhroinnt maidir le cur chun feidhme an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus an Ghnímh Iomaíochta maidir le Bogearraí Soghluaiste, lena n‑áirítear dea-chleachtais agus taithí. Leis an gcomhaontú, ba cheart creat a chruthú freisin le haghaidh idirphlé le saineolaithe agus oiliúint foirne.
(81)Thairis sin, ghlac an Coimisiún páirt in éineacht le húdaráis eile in eagrán 2025 den Fhóram Domhanda maidir le hIomaíocht Dhigiteach, a d’eagraigh Coimisiún Cóir-Thrádála na Seapáine. Le linn an imeachta sin, bhí an deis ag an gCoimisiún smaointe a mhalartú le rialtóirí agus comhlachtaí forfheidhmithe eile maidir le conas comhoibriú i margaí digiteacha agus conas comhlíonadh éifeachtach rialachán digiteach a áirithiú.
(82)Ar deireadh, go luath i mí Feabhra 2025, d’óstáil an Coimisiún ceardlann maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise i leith an Ghnímh um Margaí Digiteacha. Thug an t‑imeacht saineolaithe ón Aontas agus ó thíortha comhpháirtíochta le chéile agus chuir sé ardán ar fáil chun taithí an Aontais a roinnt maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha a chur chun feidhme agus tacú le hiomaíocht dhigiteach chothrom. Ba iad na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin.