An Bhruiséil,21.5.2026

COM(2026) 242 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/643 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/643 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród

1.Réamhrá

Le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2018/643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin. Féadfaidh an Coimisiún an chumhacht sin a fheidhmiú chun forbairtí nua a chur san áireamh lena n‑éilítear sonraí teicniúla áirithe a shainiú chun comhchuibhiú staidrimh a áirithiú. Go sonrach, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Øna sainmhínithe teicniúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10), (21), (22) agus (23) de mhír 1 d’Airteagal 3 a oiriúnú;

Øsainmhínithe teicniúla breise a leagan síos.

Ní mór don Choimisiún a áirithiú, agus a chumhacht á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, ní mór don Choimisiún údar cuí a thabhairt leis na gníomhaíochtaí staidrimh a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe sin, agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as anailís ar chostéifeachtacht lena ndéantar measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgthe.

Faoi mar a shonraítear in Airteagal 10(4), roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, ní mór don Choimisiún dul i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr( 2 ).

2.Bunús Dlí

Faoi Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/643, déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán sin a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 13 Nollaig 2016. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana, ach amháin i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin. Tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, ní mór don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Chuir an Coimisiún a chéad tuarascáil isteach in 2021( 3 ). Is í seo an dara tuarascáil.

3.An Tarmligean a Fheidhmiú

Ó tháinig Rialachán (AE) 2018/643 i bhfeidhm, níor fheidhmigh an Coimisiún fós an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin.

Pléadh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród, agus déanfaidh an Grúpa Saineolaithe um Staidreamh i ndáil le hIompar d’Iarnród agus an Grúpa Comhordaithe um Staidreamh i ndáil le hIompar plé orthu amach anseo, arb iad na Grúpaí sin a dhéanann cíoradh tráthrialta ar na costais agus na hualaí a d’fhéadfadh a bheith ar na Ballstáit.

Mar gheall ar na riachtanais athraitheacha staidrimh de bharr na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (spriocanna 2020-2050) ( 4 ) agus tograí beartais eile, amhail beartas an Aontais maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T)( 5 ), an Rialachán maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (eFTI)( 6 ), plean iarnróid ardluais an Aontais( 7 ) agus beartais maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid( 8 ), d’fhéadfaí a cheangal ar an gCoimisiún amach anseo gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na sainmhínithe teicniúla i Rialachán (AE) 2018/643 a oiriúnú nó a fhorlíonadh.

(1)

 Rialachán (AE) 2018/643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród (IO L 112, 2.5.2018, lch. 1; ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/643/oj ).

(2)

Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1; ELI:  http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj ).

(3)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/643 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród (COM(2021) 98 final, 2.3.2021;  
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/TXT/?uri=CELEX%3A52021DC0098 ).

(4)

COM(2020) 789 final, 9.12.2020;  
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/TXT/?uri=CELEX%3A52020DC0789 .

(5)

 Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (IO L, 2024/1679, 28.6.2024; ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj ).

(6)

 Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33; ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1056/oj ).

(7)

  https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/rail/high-speed-rail-plan_en (Le fáil i mBéarla amháin).

(8)

COM(2023) 443 final, 11.7.2023;

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex:52023PC0443 .