AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2026
COM(2026) 214 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Laitvia
{SWD(2026) 214 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2026
COM(2026) 214 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Laitvia
{SWD(2026) 214 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Laitvia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle ( 1 ), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí fónta inbhuanaithe, fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, chomh maith le heasnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar na nithe atá i gceist leis an Seimeastar Eorpach, tá foirmiú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin, go háirithe.
(2)An 16 Iúil 2025, ghlac an Coimisiún an togra uaidh le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, um thalmhaíocht agus ceantair thuaithe, um iascach agus gnóthaí muirí, um rathúnas agus um shlándáil le haghaidh na tréimhse 2028-2034 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 agus Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ( 2 ). Is é is aidhm don togra éifeachtacht an chistithe ón Aontas a mhéadú trí ilroinnt an ollstruchtúir airgeadais a laghdú agus trí thacú leis na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 175 CFAE.
(3)An 25 Samhain 2025 ghlac an Coimisiún tuairim maidir le dréachtphlean buiséadach na Laitvia don bhliain 2026. An dáta céanna, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2026 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin an Coimisiún inti go bhfuil an Laitvia ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ina teannta sin, ghlac an Coimisiún moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le caipiteal daonna san Aontas Eorpach, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2026, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro ( 3 ) an 21 Aibreán 2026, agus ghlac sí an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht agus an Moladh maidir le caipiteal daonna an 9 Márta 2026.
(4)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann gur colúin chriticiúla ó thaobh an fháis eacnamaíoch inbhuanaithe de na trí riachtanas chlaochlaitheacha seo a leanas – an nuálaíocht, an dícharbónú agus an t‑iomaíochas, agus an tslándáil. Tá an Seimeastar Eorpach ailínithe leis an gCompás Iomaíochais, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch, ar cur chuige é lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.
(5)In 2026, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis i gcomhthráth leis an gcéim dheiridh de chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ( 4 ). Pleananna téarnaimh agus athléimneachta, mar aon le cistiú faoin mbeartas comhtháthaithe, bhí siad ríthábhachtach maidir leis na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach a bhaint amach, ós rud é gur ghá aghaidh a thabhairt go héifeachtach sna pleananna ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le linn na dtimthriallacha a bhí ann le déanaí, nó ar sciar nach beag de na dúshláin sin, agus gur ghá moltaí tírshonracha a chur san áireamh sna cláir a cistíodh faoin mbeartas comhtháthaithe Eorpach. Agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag druidim le deireadh a saolré, tá sé ríthábhachtach i gcónaí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dtacaítear leo agus a chuirtear chun feidhme faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a choinneáil ar bun, go háirithe iad siúd a rannchuidíonn ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha.
(6)An 3 Meitheamh 2026, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2026 maidir leis an Laitvia. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an Laitvia ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia a mheas. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an Laitvia. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Laitvia ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(7)An 21 Eanáir 2025, tar éis an mheasúnaithe agus an mholta ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Moladh lena bhformhuinítear plean fioscach‑struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Laitvia( 5 ). Leis an bplean, cumhdaítear an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuirtear i láthair ann coigeartú fioscach thar 4 bliana. Mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas: 5,9 % in 2025, 3,6 % in 2026, 3,4 % in 2027 agus 3,3 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir na bonnbhliana 2023, mar atá 15,5 % in 2025, 19,7 % in 2026, 23,8 % in 2027 agus 27,9 % in 2028.
(8)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Tá iarrtha ag an gCoimisiún ar na Ballstáit a iarraidh go ndéanfaí clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa nach beag ar chaiteachas cosanta a bhaint amach( 6 ) agus ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach an togra sin an 6 Márta 2025. Tar éis iarraidh a fháil ón Laitvia, an 8 Iúil 2025, agus ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Moladh lena gceadaítear don Laitvia imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh ( 7 ) ). Le linn na tréimhse ina ngníomhachtófar an clásal éalaithe náisiúnta (2025-2028) beidh an Laitvia in ann tosaíochtaí nua a thabhairt do chaiteachas rialtais nó ioncam rialtais a mhéadú ionas nár bhaol d’inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma caiteachas cosanta a bheidh níos airde go marthanach.
(9)An 30 Aibreán 2026, chuir an Laitvia Tuarascáil Bhliantúil 2026 ar Dhul Chun Cinn( 8 ) isteach maidir le cloí leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh agus maidir le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na Laitvia i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.
(10)In 2025, ba é 2,1 % a bhí san fhás fíor-OTI agus ba é 3,8 % a bhí i mboilsciú ICPT. Réamh‑mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor-OTI faoi 1,4 % in 2026 agus faoi 1,6 % in 2027, agus go mbeidh boilsciú ICPT 3,6 % ann in 2026 agus 2,2 % in 2027.
(11)Ar bhonn sonraí a chuir Eurostat ar fáil( 9 ), tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta Laitvia ó 1,8 % de OTI in 2024 go 2,5 % de OTI in 2025. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ar an easnamh in 2025 drochthionchar fioscach an athchóirithe ar cháin ioncaim phearsanta agus laghdú ar ioncam ó mhaoin, a ndéanann íocaíochtaí díbhinne níos ísle ó fhiontair faoi úinéireacht stáit agus ioncam úis níos ísle difear dóibh. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta faoi scoithdháta na réamhaisnéise, réamh‑mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún easnamh 3,3 % de OTI in 2026 agus 4,3 % de OTI in 2027. Den chuid is mó, léiríonn an méadú in 2026 infheistíocht níos airde (lena n‑áirítear infheistíocht i réimse na cosanta), costais úis atá ag méadú, agus fás leanúnach ar aistrithe sóisialta, go príomha mar gheall ar innéacsú pinsin agus sochair atá níos mó ná an fás eacnamaíoch, agus líon méadaitheach faighteoirí pinsin. Den chuid is mó léiríonn an méadú breise ar an easnamh in 2027 éifeachtaí breise an athchóirithe ar cháin ioncaim phearsanta agus laghdú ar ioncam ó mhaoin, chomh maith le méadú géar ar chaiteachas cosanta, mar aon le fás ard leanúnach ar aistrithe sóisialta.
(12)Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach( 10 ), lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí sí forleathnach, faoi 1,1 % de OTI, in 2025. Réamh‑mheastar go mbeidh sí forleathnach, faoi 1,5 % de OTI, in 2026 agus go mbeidh sí neodrach den chuid is mó in 2027.
(13)Ar bhonn sonraí a chuir an Laitvia ar fáil( 11 ), tháinig laghdú ar fhiachas rialtais ghinearálta na Laitvia ó 46,2 % de OTI ag deireadh 2024 go 46,9 % de OTI ag deireadh 2025. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ar an gcóimheas fiachais in 2025 an t‑easnamh sa bhuiséad agus coigeartú dearfach sreabhaidh i leith stoic. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh‑mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún go méadóidh an cóimheas idir fiachas agus OTI go 48,8 % faoi dheireadh 2026 agus go méadóidh sé a thuilleadh go 53,8 % faoi dheireadh 2027. Den chuid is mó, léiríonn na méaduithe in 2026 agus 2027 easnaimh phríomhúla arda agus coigeartuithe aníos sreabhaidh i leith stoic a bhfuil tionchar ag fuascailtí Eorabhanna atá ar na bacáin orthu.
(14)Ar bhonn shonraí ó Eurostat ( 12 ), 3,2 % de OTI a bhí i gcaiteachas iomlán rialtais ghinearálta na Laitvia ar an gcosaint in 2025, rud a chomhfhreagraíonn do mhéadú 0,7 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid leis an mbliain thagartha 2021. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go mbeidh sé ag 4,1 % de OTI in 2026, rud a chomhfhreagraíonn do mhéadú 1,7 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021.
(15)Tá rioscaí fós roimh an Aontas maidir le suaitheadh sa soláthar fuinnimh agus luaineacht ardaithe praghsanna, rud atá níos measa mar gheall ar theannas geopholaitiúil a dhéanann difear do mhargaí domhanda ola agus gáis. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim fuinnimh 2022-2023 go mbaineann costais fhioscacha mhóra le bearta leathana neamh‑spriocdhírithe agus go bhfuil siad neamhéifeachtúil go sóisialta agus go heacnamaíoch. Ó thosaigh an cogadh sa Mheánoirthear i mí Feabhra 2026, tá bearta beartais fhioscaigh glactha ag an Laitvia chun an tionchar atá ag praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú( 13 ). Ar na bearta sin tá laghdú neamh‑spriocdhírithe ar an dleacht mháil ar dhíosal agus laghdú spriocdhírithe ar an dleacht mháil ar dhíosal talmhaíochta, ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh 2026. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar gur lú ná 0,1 % de OTI a bheidh i gcostas fioscach na mbeart sin in 2026. De réir mheastacháin an Choimisiúin, dá leanfadh na bearta sin de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh 2026, is é 0,1 % de OTI a bheadh sa chostas fioscach a bhaineann leo sa bhliain sin.
(16)Ar bhonn ríomhanna an Choimisiúin, d’fhás an glanchaiteachas sa Laitvia faoi 5,0 % in 2025 agus is fás carnach 10,2 % a bhí ann in 2024 agus 2025. Tá an fás glanchaiteachais in 2025 faoi bhun an uasráta fáis a moladh. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, tá ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais faoi bhun an uasráta fáis a moladh freisin.
(17)Ar bhonn ríomhanna an Choimisiúin, réamh‑mheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas sa Laitvia faoi 6,7 % in 2026 agus gur fás carnach 17,5 % a bheidh ann in 2024, 2025 agus 2026. Tá an fás glanchaiteachais réamh‑mheasta in 2026 os cionn an uasráta fáis a moladh, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 1,2 % de OTI i dtéarmaí bliantúla. Agus 2024, 2025 agus 2026 á mbreithniú le chéile, tá ráta fáis carnach réamh‑mheasta an ghlanchaiteachais faoi bhun an uasráta fáis a moladh ( 14 ).
(18)An 3 Meitheamh 2026, ghlac an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE ( 15 ). Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar staid na Laitvia maidir leis an gcritéar easnaimh, toisc go sáraíonn an t‑easnamh rialtais ghinearálta atá beartaithe aici in 2026 an luach tagartha, arb é 3 % de OTI é. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil, agus na tosca ábhartha uile á gcur san áireamh de réir mar is iomchuí, go meastar go bhfuil an critéar easnaimh comhlíonta ag an Laitvia. Ina fhianaise sin, agus tar éis an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais arna bhunú faoi Airteagal 126(4) CFAE a mheas, níl sé molta ag an gCoimisiún tús a chur le nós imeachta um easnamh iomarcach.
(19)Tá an t‑airgeadas poiblí faoi bhrú chun dul i ngleic le riachtanais struchtúracha caiteachais. Cuimsítear sa bhuiséad bliantúil reatha agus sa chreat buiséadach meántéarmach gealltanais maidir le caiteachas cosanta níos airde arna mhaoiniú le fiachas ach ní chuirtear cistiú leordhóthanach ar fáil leo le haghaidh cúram sláinte agus cosaint shóisialta. An caiteachas poiblí íseal ar chúram sláinte, tá tionchar diúltach fós aige ar inrochtaineacht an chúraim sláinte, agus réamh‑mheastar go bhfanfaidh leordhóthanacht pinsean an‑íseal sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Chun maoiniú iomchuí a áirithiú le haghaidh príomhthosaíochtaí agus inbhuanaitheacht fhioscach á coinneáil ar bun an tráth céanna, tá gá le cur chuige cuimsitheach lena n‑áirítear ioncam cánach breise a thiomsú, an geilleagar dubh a laghdú, agus éifeachtúlacht caiteachais a mhéadú.
(20)Ina theannta sin, mar Bhallstát ar theorainn sheachtrach thoir an Aontais, tá brú caiteachais ar an Laitvia a bhaineann le cosaint agus athléimneacht in aghaidh bagairtí hibrideacha, amhail suaitheadh TF i mbonneagar criticiúil agus ionraí ladrann, agus dúshláin shonracha a bhfuil tionchar acu ar dhinimic na forbartha eacnamaíche agus sóisialta. Ní hamháin go gcuireann an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin le cuid de na dúshláin struchtúracha atá ann cheana, ach méadaíonn sé brúnna slándála freisin, cuireann sé isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha trasteorann agus laghdaíonn sé tarraingteacht na hinfheistíochta. Cé go bhfuil méadú mór tagtha cheana féin ar chaiteachas cosanta na Laitvia, tá gá le tuilleadh infheistíochtaí sa chosaint shibhialta agus san ullmhacht chomh maith leis an tsoghluaisteacht mhíleata chun dul i ngleic le dúshláin slándála. D’fhéadfadh buntáiste dúbailte a bheith ag baint le hinfheistíochtaí den sórt sin, is é sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus deiseanna a chur ar fáil do gheilleagair na réigiún.
(21)Ba é 34,9 % de OTI ioncam cánach na Laitvia in 2024 agus d’fhan sé faoi bhun mheán 39,4 % an Aontais. Tá an Laitvia fós ag brath go mór ar chánacha tomhaltais agus saothair mar phríomhfhoinsí ioncaim di. Tá sciar níos lú den mheascán cánach i gceist le cánacha ar chaipiteal (lena n‑áirítear cáin chorparáide) agus ar mhaoin ná mar atá i mBallstáit eile den Aontas. In 2025 agus 2026, rinne an Laitvia méadú beag ar chánacha ar chaipiteal agus ar chánacha éagsúla ar thomhaltas nach bhfuil chomh díobhálach céanna don fhás agus a fhónann do spriocanna beartais (lena n‑áirítear dleachtanna máil ar bhreoslaí, ar thobac, ar alcól agus ar dheochanna boga; cáin ar ghluaisteáin chuideachta; agus cearrbhachas agus cáin chrannchuir). Mar sin féin, rinneadh an t‑ioncam breise ó na cánacha sin a fhritháireamh le tionchar an athchóirithe ar cháin saothair lenar laghdaíodh ioncam in 2025.
(22)De réir sonraí suirbhé ó 2024, tá an geilleagar dubh fós ard ag 21,4 % de OTI, mar gheall ar chion ard na dtuarastal neamhdhearbhaithe (‘pá in airgead tirim’) den chuid is mó. Cé go bhfuil bearta á gcur chun feidhme ag an Laitvia chun neamhíocaíocht nó imghabháil cánach a bhrath ar bhealach níos fearr, amhail ríomhshonrascadh éigeantach le haghaidh idirbheart agus córas rátála na gcáiníocóirí, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun uirlisí digiteacha a fheabhsú, comhlíonadh deonach a spreagadh agus sásraí forfheidhmithe a neartú.
(23)Murab ionann agus cleachtas na mblianta roimhe sin, agus Buiséad 2026 á ullmhú, díríodh formhór na gcoigilteas a sainaithníodh in athbhreithnithe caiteachais ar phríomhthosaíochtaí an rialtais a mhaoiniú. Cé gur díol sásaimh é próiseas 2026 mar athrú ar an gcur chuige, d’fhéadfadh an Laitvia tairbhe a bhaint as an gcleachtas sin a institiúidiú a thuilleadh i mbuiséid amach anseo chomh maith le raon feidhme agus uaillmhian na n‑athbhreithnithe caiteachais a leathnú. D’fhéadfadh céimeanna breise chun buiséadú feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme cuidiú freisin le cáilíocht agus éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí a neartú.
(24)Rannpháirtíocht chórasach fhóinteach thráthúil na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile, tá sí sin ríthábhachtach i gcónaí maidir le húinéireacht leathan a áirithiú i leith chur chun feidhme rathúil ionstraimí cistiúcháin an Aontais, agus i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
(25)Sa Laitvia, an luas atá faoi chur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe, rud a chuimsíonn tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe (CC), is luas é atá chun tosaigh ar mheánluas cur chun feidhme an Aontais i gcás roghnú tionscadal agus íocaíochtaí araon . Tá sé tábhachtach an dlús atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun, agus tionchar na n‑infheistíochtaí ar an láthair a uasmhéadú an tráth céanna. Tá an Laitvia ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur ghá an cur chun feidhme a neartú a thuilleadh i roinnt réimsí, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le bonneagar ar mhórscála, iompar, chomh maith le tacaíocht do FBManna a mhéadú i réigiúin lasmuigh den phríomhchathair. Na hinfheistíochtaí nua a shainaithin an Laitvia ina hathbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe, go háirithe na hinfheistíochtaí sin a bhaineann leis na cúig thosaíocht a sainaithníodh sa Rialachán maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma( 16 ), tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar iad a chur in úsáid go tapa agus go héifeachtach.
(26)Tá dúshláin roimh an Laitvia a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú, taighde agus nuálaíocht, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar inbhuanaithe, bainistiú acmhainní, ganntanais saothair agus scileanna, cosaint shóisialta, rochtain ar chúram sláinte agus tithíocht.
(27)Cé go bhfuil méadú tagtha ar ghníomhaíocht iasachtaithe ó bhí 2024 ann mar gheall ar bheartas airgeadaíochta maolaithe, ní dhearnadh aon athrú struchtúrach suntasach ar iasachtú bainc do chuideachtaí. Cé go bhfuil feabhas curtha ar choinníollacha iasachtaithe do theaghlaigh mar gheall ar thionscnaimh rialtais, go háirithe trí choinníollacha athmhaoiniúcháin morgáiste a shimpliú, níl aon athrú ar théarmaí iasachtaíochta cuideachtaí den chuid is mó. Tá roinnt scéimeanna tacaíochta poiblí curtha chun feidhme ag an Laitvia, go príomha tríd an institiúid airgeadais forbartha stáit ALTUM, lena n‑áirítear creat ráthaíochta poiblí, clár mór infheistíochtaí, tacaíocht d’infheistíochtaí i réimse an aistrithe ghlais (amhail soláthar téimh láraithe agus táirgeadh bithmheatáin), chomh maith le tionscnaimh i réimsí na nuálaíochta, na hathléimneachta eacnamaíche, agus táirgí míleata nó dé-úsáide. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun tacú le hinfheistíochtaí cuideachtaí san aistriú digiteach, lena n‑áirítear bundéine dhigiteach a mhéadú. Tá diancheanglais chomhthaobhachta agus rátaí arda úis fós ann, go háirithe lasmuigh de Ríge, in ainneoin shláinte láidir airgeadais na mbanc. Tá margadh caipitil na Laitvia fós tearcfhorbartha. Tá dúshláin fós ann maidir le roghanna cistiúcháin a leathnú thar fhoinsí traidisiúnta, mar is léir ó chaipitliú íseal stocmhargaidh agus spleáchas teoranta ar scaireanna agus bannaí liostaithe le haghaidh cistiúcháin. Tá an infheistíocht caipitil fiontair ar aon dul le meán an Aontais, agus tá bac uirthi mar gheall ar mhaoiniú príobháideach lag agus tá infheistíocht intíre theoranta agus torthaí ísle ina saintréithe de chistí pinsin na Laitvia. D’fhéadfaí feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú trí shoghluaisteacht agus iomaíocht iasachtaithe a chur chun cinn sa mhargadh iasachta corparáidí, trí iarrachtaí leanúnacha chun scéimeanna iasachta agus ráthaíochta poiblí a fheabhsú chomh maith le margaí caipitil a ghníomhachtú.
(28)Leanann leibhéil ísle caiteachais na Laitvia ar T& F, go háirithe caiteachas príobháideach, de theorainn a chur leis an nuálaíocht, mar is léir ó líon na n‑iarratas ar phaitinní in aghaidh an bhilliúin de OTI, atá fós níos ísle ná leath de mheán an Aontais. Tá an comhar idir gnólachtaí agus an saol acadúil fós teoranta, rud a chuireann moill ar aistriú eolais. Tuairiscíonn cuideachtaí go mbíonn nósanna imeachta fada casta i gceist agus iad i dteagmháil le hinstitiúidí taighde, agus níl dreasachtaí ag taighdeoirí chun páirt a ghlacadh i dtionscadail fheidhmeacha. Mar thoradh ar na dúshláin sin, tá méadú táirgiúlachta lag ann, go háirithe lasmuigh de réigiún na príomhchathrach, rud atá níos measa mar gheall ar dhéine íseal caipitil agus ath‑leithdháileadh earnála teoranta. Tá gníomhaíocht gnólachtaí nuathionscanta chun deiridh ar an Eastóin agus ar an Liotuáin freisin agus tá níos lú clárúchán nua in aghaidh na bliana ag an Laitvia. D’ainneoin na timpeallachta rialála fabhraí, tá éiceachórais na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá ag méadú fós tearcfhorbartha, mar gheall ar thacaíocht airgeadais ilroinnte agus íseal. Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, le tacaíocht airgeadais a cheaptar go straitéiseach, amhail iad siúd a éilíonn cómhaoiniú príobháideach nó a shainordaíonn fostaíocht taighdeoirí, agus le dul chun cinn maidir le hathchóiriú ardoideachais chun comhar tionscail a spreagadh, d’fhéadfaí cuidiú le hacmhainneacht a fhorbairt agus nuálaíocht a chothú, agus ar an gcaoi sin, rannpháirtíocht in T&N a leathnú agus leibhéil táirgiúlachta a fheabhsú. Le beartais fhadtéarmacha chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta fás sa Laitvia agus infheistíocht ghnó T&F a dhreasú, lena n‑áirítear tacaíocht d’fhostaíocht T&F san earnáil phríobháideach, neartófaí fás níos fadtéarmaí tháirgiúlacht na bhfactóirí uile le himeacht ama freisin.
(29)In 2025, ghin an Laitvia 73 % dá glanleictreachas ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh - ceann de na sciartha is airde san Aontas - agus is í hidreachumhacht a ghin an chuid is mó den aschur sin. Cé go bhfuil méadú tagtha ar an toilleadh grianfhuinnimh suiteáilte le blianta beaga anuas, níl ach méadú beag tagtha ar an toilleadh gaoithe. Agus raon feidhme teoranta ann chun hidreachumhacht a leathnú a thuilleadh, tá sé ríthábhachtach fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh a mhéadú chun neamhchosaint ar luaineacht praghsanna breoslaí iontaise agus spleáchais orthu a laghdú. Cé gur mhaolaigh tionscnaimh reachtacha agus rialála a rinneadh le déanaí roinnt plódú eangaí, d’fhéadfaí feabhas a chur ar bhainistiú scuainí eangaí, mar shampla trí imeacht ón gcur chuige ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ i dtreo cur chuige lena dtugtar tús áite do thionscadail atá réidh agus inmharthana ó thaobh airgeadais de. Thairis sin, tá gá le gníomhaíocht chun amanna ceadaithe a laghdú le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite. Ar deireadh, d’ainneoin iarrachtaí leanúnacha, d’fhéadfaí dlús a chur leis an bpróiseas chun dlúslimistéir fuinnimh in‑athnuaite a ainmniú.
(30)Tá tomhaltóirí leictreachais na Laitvia fós neamhchosanta ar arduithe tobanna luaineacha ar phraghsanna, go háirithe le linn tréimhsí d’aschur íseal foinsí in‑athnuaite fuinnimh nuair a bhíonn an córas ag brath níos mó ar ghiniúint agus ar allmhairí costasacha breoslaí iontaise, rud a chuireann i dtábhacht an tábhacht leanúnach a bhaineann le réitigh sholúbthachta neamhiontaise a chur chun cinn, amhail stóráil fuinnimh agus freagairt ar an éileamh. In 2025, coimisiúnaíodh dhá chóras stórála fuinnimh i gceallraí a fuair tacaíocht ó chistiú ón Aontas agus thosaigh siad ag soláthar príomhsheirbhísí solúbthachta. Le nuashonruithe rialála a rinneadh le déanaí, simplíodh an nós imeacht ceadaithe le haghaidh tionscadail chomhshuite fuinnimh in‑athnuaite agus stórála. D’fhéadfaí níos mó a dhéanamh chun é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí agus d’oibreoirí solúbthacht a sholáthar do chóras leictreachais na Laitvia, mar shampla trí chomhbhailitheoirí neamhspleácha éilimh ar mhionscála a chur chun cinn, aistriú chuig conarthaí leictreachais ar phraghas dinimiciúil, agus trí thionscadail phíolótacha solúbthachta a thástáil le gníomhaithe níos mó.
(31)Cé go bhfuil laghdú ag teacht ar an tomhaltas fuinnimh deiridh atá inchurtha i leith earnáil na bhfoirgneamh le blianta beaga anuas, tá an earnáil sin fós ina mórthomhaltóir fuinnimh sa tír agus tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun spriocanna athchóirithe agus éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach. In 2025, cuireadh tionscnaimh rialála agus reachtacha chun feidhme chun dlús a chur le rátaí athchóirithe, lena n‑áirítear athbhreithnithe ar rialacha vótála agus cinnteoireachta i bhfoirgnimh ilárasán. Tá sé sin ábhartha go háirithe i bhfianaise an stoic mhóir foirgneamh ilárasán a tógadh roimh 1990. Tá scéimeanna tacaíochta le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh fós ag brath ar chistiú poiblí, ón Aontas den chuid is mó. D’fhéadfadh an Laitvia tairbhe a bhaint as cistiú príobháideach breise a mhealladh, mar shampla trí níos mó ionstraimí airgeadais agus roghanna dí-rioscaithe a thairiscint, agus tacaíocht deontasbhunaithe a spriocdhíriú ar theaghlaigh níos leochailí an tráth céanna. Tá gá le hiarrachtaí ar leith chun leictriú agus glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh le haghaidh téimh agus fuaraithe a chur chun cinn, arb iad is cúis le formhór an tomhaltais fuinnimh deiridh chónaithe.
(32)Cé go ndearna an Laitvia bearta chun a hearnáil iompair a dhícharbónú, tá sí fós ar cheann de na foinsí astaíochtaí gás ceaptha teasa is mó sa tír. Tá an t‑iompar de bhóthar ag brath 92 % ar bhreoslaí iontaise agus is é is cúis le 83 % d’astaíochtaí iompair. Leis an Dlí maidir le Fuinneamh Iompair, a glacadh ag deireadh 2025 agus a bhfuil éifeacht leis ón 1 Eanáir 2026, soláthraítear an creat chun spriocanna na Treorach maidir le fuinneamh in‑athnuaite (REDIII) a bhaint amach in earnáil an iompair. Tháinig méadú beag ar ghlacadh feithiclí leictreacha príobháideacha ó 0,8 % in 2024 go 1,05 % in 2025, agus tháinig méadú faoi dhó ar bhonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí saothair éadroim in 2025, cé gur thosaigh sé ó bhonn íseal agus go bhfuil sé fós teoranta i gcás feithiclí tromshaothair. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an Laitvia tairbhe a bhaint as glacadh feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn a thuilleadh, lena n‑áirítear dá flít tráchtála, agus as a bonneagar athluchtaithe a leathnú, go háirithe i gcás feithiclí tromshaothair. Maidir le hiompar d’iarnród, cé go bhfuil 90 % den iarnród paisinéirí leictrithe, tá seirbhísí lasta fós ag brath ar dhíosal, agus níl leictriú foriomlán iarnród na Laitvia ach ag 14 % i gcomparáid le meánchumhdach 57 % san Aontas. Táthar ag súil go ndéanfaidh tabhairt chun críche Rail Baltica an Laitvia a chomhtháthú go straitéiseach i ngréasán iarnróid an Aontais, go gcuirfidh sé feabhas suntasach ar an gcumhdach iarnróid, agus an tráth céanna go n‑éascóidh sé an t‑aistriú ón mbóthar go dtí an t‑iarnród agus, dá bhrí sin, go dtacóidh sé le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú a thuilleadh.
(33)Tá dúshláin roimh an Laitvia maidir lena haistriú chuig geilleagar ciorclach, agus tá a táirgiúlacht acmhainní cothrom le thart ar leath de mheán an Aontais faoi láthair. Laghdaigh an Laitvia a hastaíochtaí gás ceaptha teasa go mór san earnáil monaraíochta ach tá déine fuinnimh thionscal monaraíochta na Laitvia fós i measc na n‑astaíochtaí is airde san Aontas. Cé gur chuir an Laitvia feabhas ar a córas bainistithe dramhaíola, gur thug sí isteach bailiú ar leithligh earraí teicstíle in 2025 agus gur sheol sí córas éarlaise toitíní leictreonacha in 2026, agus go bhfuil ráta maith athchúrsála aici le haghaidh sruthanna dramhaíola sonracha (pacáistíocht phlaisteach, dramhaíl tógála agus scartála), ní raibh a ráta úsáide ábhair chiorclaigh in 2024 ach leath de mheán an Aontais (6,8 % i gcomparáid le 12,2 % san Aontas) agus, dá bhrí sin, ba le leas na Laitvia é feabhas breise a dhéanamh. Seoltar beagnach leath de dhramhaíl chathrach na Laitvia chuig láithreáin líonta talún fós. Níl an Laitvia ar an mbóthar ceart chun a sprioc aistrithe carbóin a bhaint amach. In 2020-2023, bhí an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil ÚTAÚTF ann mar thoradh carnach ar rátaí saothraithe níos airde agus ar ráta mortlaíochta níos airde i bhforaoisí aibí.
(34)I bhfianaise ról ríthábhachtach an chaipitil dhaonna maidir le hiomaíochas agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú, mhol an Chomhairle in 2026 go ngníomhódh na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go práinneach ar dhúshláin struchtúracha a bhaineann le caipiteal daonna i réimse na scileanna agus réimse an oideachais, ar dúshláin iad a chuireann bac ar an iomaíochas. Na moltaí tírshonracha atáthar a dhíriú chuig an Laitvia in 2026, d’fhéadfaidís a bheith ina gcuidiú ó thaobh chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le caipiteal daonna san Aontas.
(35)Tá ganntanais saothair agus scileanna, lena n‑áirítear in earnálacha ETIM, sa teagasc, sa taighde agus sa digiteáil, agus sna hearnálacha sóisialta agus cúraim sláinte, fós ag cur bac ar an iomaíochas. Tá ganntanais lucht saothair fós ard in earnálacha amhail táirgeadh agus monaraíocht fuinnimh agus meastar go rachaidh siad i ndéine sna blianta amach romhainn. Dá gcuirfí feabhas ar dhálaí oibre, d’fhéadfaí cabhrú le hoibrithe oilte a mhealladh agus a choinneáil, in earnálacha amhail an teagasc, cúram sláinte agus cúram sóisialta, cuir i gcás. Ina theannta sin, leis an líon íseal céimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM) agus le ganntanais lucht saothair sa taighde, baintear an bonn d’acmhainneacht nuálaíochta agus d’iomaíochas na Laitvia. Tá an Laitvia ag feidhmiú go híseal a mhéid a bhaineann le scileanna digiteacha, go háirithe bunscileanna digiteacha, réimse a bhfuil sí ar an gceathrú tír is measa san Aontas, rud a bhfuil tionchar aige freisin ar dhigiteáil FBManna. D’ainneoin iarrachtaí a rinneadh le déanaí, tá córas foghlama aosaí na Laitvia fós ilroinnte agus níl sé oiriúnaithe go hiomlán do riachtanais mhargadh an tsaothair. D’fhéadfadh an Laitvia tairbhe a bhaint as a pleanáil fhadtéarmach san oideachas aosach a neartú trí straitéis náisiúnta a ghlacadh maidir le forbairt caipitil dhaonna. D’fhéadfaí beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair agus an gairmoideachas agus gairmoiliúint a nascadh ar bhealach níos fearr le riachtanais an mhargaidh saothair trí dhlúthchomhar le heagraíochtaí fostóirí agus le ceardchumainn.
(36)Tá leibhéil arda neamhionannais fós le sárú ag an Laitvia, agus tháinig méadú ar an gcóimheas idir cúigilí ioncaim ó 6,28 in 2024 go 6,68 in 2025, ráta atá go mór os cionn mheán 4,62 an Aontais. Thairis sin, cé gur tháinig laghdú ar an ráta daoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta in 2024 go 24,3 %, tá sé fós os cionn mheán 21 % an Aontais. Tá ráta riosca na bochtaineachta an‑ard do ghrúpaí leochaileacha, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh aontuismitheora. Léiríonn sé sin cumhdach réasúnta íseal agus leordhóthanacht íseal na cosanta sóisialta, go háirithe maidir leis na sochair neamhranníocacha. Tá laghdú tagtha ar thionchar na n‑aistrithe sóisialta seachas pinsin, a bhí ar cheann de na rátaí is ísle san Aontas cheana féin, don dara bliain as a chéile. I gcás daoine faoi mhíchumas, tá cumhdach na liúntas cúraim speisialta íseal agus níl méadú tagtha ar na liúntais atá ann cheana chun coinneáil suas leis an mboilsciú. D’ainneoin roinnt bearta a rinneadh le déanaí, tá an leordhóthanacht pinsean seanaoise fós ar cheann de na cinn is ísle san Aontas, agus meastar go dtiocfaidh laghdú breise ar an gcóimheas comhiomlán athsholáthair sna blianta amach romhainn in éagmais freagairt bheartais. Tá seirbhísí sóisialta agus cúram fadtéarmach, go háirithe cúram baile, fós tearcfhorbartha. Ina theannta sin, tá difríochtaí críochacha fós ann san fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta. Bíonn tionchar ar leith ag dídhaonrú, gnóthachtáil oideachais níos ísle, rochtain theoranta ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta ar réigiúin atá ar theorainn na Rúise agus na Bealarúise, go háirithe Latgale, agus ar cheantair thuaithe, rud a chuireann leis an eisiamh sóisialta agus leis na rioscaí bochtaineachta. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, thacófaí freisin leis an gcóineasú sóisialta aníos, i gcomhréir le hanailís tíre dara céim de sheirbhísí an Choimisiúin ar an gCreat um Chóineasú Sóisialta( 17 ).
(37)Is beag feabhas atá tagtha ar thorthaí sláinte sa Laitvia - tá ceann de na rátaí ionchais saoil is ísle san Aontas ag an tír chomh maith le rátaí arda mortlaíochta inseachanta. D’ainneoin roinnt cistiú breise, leanann caiteachas poiblí íseal ar chúram sláinte de bhac a chur ar rochtain ar chúram sláinte ardcháilíochta, mar is léir ó amanna feithimh fada agus íocaíochtaí neamh‑in‑aisíoctha arda mar gheall ar phacáiste teoranta sochar reachtúil. Cé go bhfuil roinnt beart déanta ag an rialtas chun aghaidh a thabhairt ar chaiteachas ard ar íocaíochtaí neamh‑in‑aisíoctha, lena n‑áirítear liosta na gcógas inaisíoctha a leathnú agus an ráta aisíocaíochta a mhéadú, leanann íocaíochtaí neamh‑in‑aisíoctha arda d’ualach airgeadais díréireach a chur ar theaghlaigh ar ioncam íseal, rud a chuireann leis na neamhionannais i dtorthaí sláinte agus a mbíonn leibhéil arda riachtanas leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu ar fud an daonra ar fad mar thoradh air. Ina theannta sin, tá ganntanas mór oibrithe cúraim sláinte roimh institiúidí leighis, áit a gcuireann drochdhálaí oibre bac ar earcú agus coinneáil ball foirne. Trí aghaidh a thabhairt ar ualaí oibre arda, trí luach saothair a mhéadú go struchtúrach san earnáil cúraim sláinte phoiblí, agus trí thorthaí gairme a fheabhsú, d’fhéadfaí cuidiú le baill foirne a mhealladh chuig an earnáil. Maidir le tosca riosca iompraíochta - amhail an iomarca alcóil a óil, tobac a chaitheamh, agus gníomhaíocht choirp íseal - tá siad fós ina bpríomhspreagthaí do dhrochthorthaí sláinte. D’fhéadfaí é sin a mhaolú trí bheartais choisctheacha sláinte a neartú, lena n‑áirítear scagthástáil sláinte agus feachtais sláinte poiblí.
(38)Tá stoc tithíochta na Laitvia fós as dáta agus neamhleor, go háirithe ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de, mar gheall ar bhlianta tearcinfheistíochta agus stoc ard foirgneamh ilárasán a tógadh roimh 1990. Cuireann sé sin brú airgeadais ar theaghlaigh, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar chostais fuinnimh. Cuireann éagothromaíochtaí láidre réigiúnacha agus socheacnamaíocha teorainn le forbairt tithíochta agus athchóirithe, go háirithe lasmuigh de Ríge. Ina theannta sin, tá an margadh cíosa agus an margadh tithíochta sóisialta fós tearcfhorbartha. Soláthraítear rochtain ar thithíocht shóisialta den chuid is mó de réir an leibhéil ioncaim agus níl sí oiriúnaithe go maith do riachtanais daoine faoi mhíchumas. Tá an cur chuige ‘tús áite don tithíocht’ tearcfhorbartha agus tá sé teoranta do réigiún príomhchathartha Ríge. Ar an iomlán, tá an easpa dídine fós ina dúshlán sóisialta leanúnach agus níl aghaidh á tabhairt uirthi go leordhóthanach le beartais náisiúnta. Leis an nganntanas tithíochta ardcháilíochta agus inacmhainne, baintear an bonn de shoghluaisteacht an lucht saothair agus den fholláine shóisialta. Tá roinnt scéimeanna curtha chun feidhme ag an Laitvia chun tacú le tógáil tithíochta inacmhainne sna réigiúin, go príomha tríd an institiúid airgeadais forbartha stáit ALTUM, ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun stoc tithíochta sóisialta a leathnú agus chun cáilíocht agus leordhóthanacht tithíochta a fheabhsú, lena n‑áirítear trí athchóirithe agus feabhsuithe fuinnimh, go háirithe lasmuigh de réigiún na príomhchathrach.
(39)I bhfianaise na ndlúth‑idirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2026 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2026 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na Laitvia, cuidíonn moladh (1) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh agus an tríú moladh maidir leis an limistéar euro, cuidíonn moladh (2) le cur chun feidhme an cheathrú moladh maidir leis an limistéar euro, cuidíonn moladh (3) le cur chun feidhme an seachtú moladh, an naoú moladh agus an deichiú moladh maidir leis an limistéar euro, cuidíonn moladh (4) le cur chun feidhme an seachtú moladh maidir leis an limistéar euro agus cuidíonn moladh (5) le cur chun feidhme an chúigiú moladh maidir leis an limistéar euro.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Laitvia in 2026 agus in 2027 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Leanúint de chloí leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025, agus úsáid a bhaint as an tsolúbthacht faoin gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta níos airde. An ullmhacht cosanta a threisiú agus éifeachtúlacht caiteachais a áirithiú an tráth céanna, agus an buiséad a oiriúnú de réir a chéile chun caiteachas cosanta atá níos airde ó thaobh struchtúir de a chothú. A áirithiú gur beart sealadach a bheidh in aon bheart a dhéanfar chun tionchar an ardaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, agus gur beart é atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha a chosaint nó ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais gnólachtaí dianfhuinnimh, dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú agus a áirithiú go mbeidh a gcostas fioscach comhoiriúnach do na gealltanais faoi chreat fioscach an Aontais. Airgeadas poiblí a chur in oiriúint chun dul i ngleic le riachtanais caiteachais struchtúraigh, lena n‑áirítear i réimsí na cosanta agus na hathléimneachta in aghaidh bagairtí hibrideacha, an chúraim sláinte agus na cosanta sóisialta, trí chánachas a leathnú chuig foinsí nach ndéanann an oiread céanna dochair don fhás, bearta a chur chun cinn chun gníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla nó neamhdhearbhaithe a aistriú chuig an ngeilleagar foirmiúil, agus an cleachtas a bhaineann le caiteachas a atreorú ar réimsí tosaíochta bunaithe ar athbhreithnithe ar chaiteachas poiblí a leabú, cuir i gcás, agus raon feidhme agus uaillmhian an airgeadais sin a leathnú an tráth céanna..
2.Leanúnachas na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a áirithiú. An dlús cur chun feidhme a choinneáil ar bun faoi chláir an bheartais comhtháthaithe, rud arbh é an dúshraith a bheadh faoi, i gcásanna inarbh iomchuí, ath‑leithdháileadh tosaíochtaí straitéiseacha agus solúbthachtaí san athbhreithniú meántéarma ar an gcreat beartais comhtháthaithe. Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uathúla shocheacnamaíocha, slándála agus ullmhachta sibhialta a dhéanann difear do réigiúin ar theorainn sheachtrach thoir an Aontais ach go háirithe.
3.Rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lasmuigh de réigiún na príomhchathrach freisin, lena n‑áirítear trí iomaíocht a spreagadh san earnáil airgeadais agus tríd an margadh caipitil a fhorbairt. Digiteáil gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, a éascú. Infheistíocht phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht a spreagadh, lena n‑áirítear tríd an gcomhar idir gnólachtaí agus an saol acadúil a neartú, tríd an ualach riaracháin i gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a laghdú, agus trí thacú le tráchtálú taighde agus leis an nuálaíocht a mhéadú.
4.Leanúint d’úsáid fuinnimh in‑athnuaite, lena n‑áirítear trí cheadú a fheabhsú, dlúslimistéir fuinnimh in‑athnuaite a ainmniú, agus réitigh solúbthachta neamhiontaise a chur chun cinn. Éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú i bhfoirgnimh a mhéadú. Dlús a chur le dícharbónú an iompair, lena n‑áirítear trí dhlús a chur le tabhairt chun críche Rail Baltica. Éifeachtúlacht acmhainne a mhéadú agus an t‑aistriú go geilleagar ciorclach a chothú tríd an éiceanuálaíocht agus trí chleachtais inbhuanaithe bainistithe acmhainní.
5.Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna, lena n‑áirítear trí uas-sciliú agus athsciliú spriocdhírithe daoine fásta chun freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair, agus ar dhálaí oibre feabhsaithe. Cosaint shóisialta a neartú chun an bhochtaineacht agus neamhionannas a laghdú, trí fheabhas a chur ar leordhóthanacht na bpinsean seanaoise agus ar an rochtain ar sheirbhísí sóisialta ardcháilíochta. Leordhóthanacht agus inrochtaineacht an chórais sláinte a neartú chun torthaí sláinte a fheabhsú, lena n‑áirítear trí acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a chur ar fáil, an pacáiste sochar reachtúil a leathnú, íocaíochtaí neamh‑in‑aisíoctha a laghdú agus bearta sláinte coisctheacha a neartú. Infhaighteacht agus cáilíocht tithíochta inacmhainne agus sóisialta a mhéadú, go háirithe lasmuigh de réigiún na príomhchathrach.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán