An Bhruiséil,3.6.2026

COM(2026) 213 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Cipire

{SWD(2026) 213 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Cipire

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle ( 1 ), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí fónta inbhuanaithe, fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar na nithe atá i gceist leis an Seimeastar Eorpach, tá foirmiú na moltaí tírshonracha, agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin, go háirithe.

(2)An 16 Iúil 2025, ghlac an Coimisiún an togra uaidh le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, um thalmhaíocht agus ceantair thuaithe, um iascach agus gnóthaí muirí, um rathúnas agus um shlándáil le haghaidh na tréimhse 20282034 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 agus Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509( 2 ). Is é is aidhm don togra éifeachtacht an chistithe ón Aontas a mhéadú trí ilroinnt an ollstruchtúir airgeadais a laghdú agus trí thacú leis na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 175 CFAE.

(3)An 25 Samhain 2025 ghlac an Coimisiún tuairim maidir le dréachtphlean buiséadach na Cipire don bhliain 2026. An dáta céanna, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2026 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin an Coimisiún inti go bhfuil an Chipir ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinnathbhreithniú ag teastáil ina leith. Ina teannta sin, ghlac an Coimisiún moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro( 3 ) , moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le caipiteal daonna san Aontas Eorpach, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2026, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro an 21 Aibreán 2026, agus ghlac sí an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht agus an Moladh maidir le caipiteal daonna an 9 Márta 2026.

(4)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann gur colúin chriticiúla ó thaobh an fháis eacnamaíoch inbhuanaithe de na trí riachtanas chlaochlaitheacha seo a leanas – an nuálaíocht, an dícharbónú agus an tiomaíochas, agus an tslándáil. Tá an Seimeastar Eorpach ailínithe leis an gCompás Iomaíochais, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.

(5)In 2026, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis i gcomhthráth leis an gcéim dheiridh de chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ( 4 ). Pleananna téarnaimh agus athléimneachta, mar aon le cistiú faoin mbeartas comhtháthaithe, bhí siad ríthábhachtach maidir leis na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach a bhaint amach, ós rud é gur ghá aghaidh a thabhairt go héifeachtach sna pleananna ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le linn na dtimthriallacha a bhí ann le déanaí, nó ar sciar nach beag de na dúshláin sin, agus gur ghá moltaí tírshonracha a chur san áireamh sna cláir a cistíodh faoin mbeartas comhtháthaithe Eorpach. Agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag druidim le deireadh a saolré, tá sé ríthábhachtach i gcónaí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dtacaítear leo agus a chuirtear chun feidhme faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a choinneáil ar bun, go háirithe iad siúd a rannchuidíonn ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha.

(6)An 3 Meitheamh 2026 d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2026 maidir leis an gCipir. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCipir ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire a mheas. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an gCipir. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Cipire ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(7)An 21 Eanáir 2025, tar éis an mheasúnaithe agus an mholta ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Moladh lena bhformhuinítear plean fioscachstruchtúrach meántéarmach náisiúnta na Cipire( 5 ). Leis an bplean, cumhdaítear an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuirtear i láthair ann coigeartú fioscach thar 4 bliana. Mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas: 6,0 % in 2025, 5,0 % in 2026, 5,4 % in 2027 agus 4,3 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir na bonnbhliana 2023, mar atá 8,9 % in 2025, 14,3 % in 2026, 20,5 % in 2027 agus 25,7 % in 2028.

(8)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a iarraidh go ndéanfaí clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa nach beag ar chaiteachas cosanta a bhaint amach ( 6 ) agus ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach an togra sin an 6 Márta 2025. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go fóill, tráth ar bith go dtí 2028, go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú má chomhlíonann siad na critéir a shocraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263.

(9)An 30 Aibreán 2026, chuir an Chipir Tuarascáil Bhliantúil 2026 ar Dhul Chun Cinn( 7 ) isteach maidir le cloí leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh agus maidir le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh.

(10)In 2025, ba é 3,8 % a bhí san fhás fíorOTI agus ba é 0,8 % a bhí i mboilsciú ICPT. Réamhmheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíorOTI faoi 2,3 % in 2026 agus faoi 2,7 % in 2027, agus go mbeidh boilsciú ICPT 3,6 % ann in 2026 agus 2,2 % in 2027.

(11)Ar bhonn sonraí a chuir Eurostat ar fáil( 8 ), tháinig laghdú ar bharrachas rialtais ghinearálta na Cipire ó bharrachas 4,1 % de OTI in 2024 go barrachas 3,4 % de OTI in 2025. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta faoi scoithdháta na réamhaisnéise, réamhmheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún barrachas 2,1 % de OTI in 2026 agus 2,5 % de OTI in 2027. Den chuid is mó, léiríonn an laghdú ar an mbarrachas in 2026 cur chun feidhme an athchóirithe cánach ghinearálta ag tús na bliana. Den chuid is mó léiríonn an méadú ar an mbarrachas in 2027 ioncam cánach níos airde mar gheall ar dheireadh a bheith curtha le laghduithe CBL ar leictreachas agus ar bhunearraí, chomh maith leis an ionchas fáis níos fearr ar an iomlán.

(12)Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach( 9 ), lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí sí forleathnach, faoi 1,8 % de OTI, in 2025. Réamhmheastar go mbeidh sí forleathnach, faoi 0,4 % de OTI, in 2026 agus go mbeidh sí crapthach, faoi 1,2 % de OTI, in 2027.

(13)Ar bhonn sonraí a chuir Eurostat ar fáil( 10 ), tháinig laghdú ar fhiachas rialtais ghinearálta na Cipire ó 62,7 % de OTI ag deireadh 2024 go 55,0 % de OTI ag deireadh 2025. Den chuid is mó, léiríonn an laghdú ar an gcóimheas fiachais in 2025 príomhbharrachas 4.5 % de OTI chomh maith le GDP ainmniúil atá ag fás dhá oiread níos tapúla ná íocaíochtaí úis. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamhmheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún go laghdóidh an cóimheas idir fiachas agus OTI go 50,4 % faoi dheireadh 2026 agus go laghdóidh sé a thuilleadh go 45,5 % faoi dheireadh 2027. Den chuid is mó, léiríonn an laghdú ar an gcóimheas fiachais in 2026 agus 2027 príomhbharrachas 3.3 % de OTI in 2026 agus 3.7 % de OTI in 2027. Sa dá bhliain, meastar freisin go leanfaidh OTI ainmniúil de bheith ag fás thart ar dhá oiread níos tapúla ná íocaíochtaí úis.

(14)Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún, 1,8 % de OTI a bhí i gcaiteachas iomlán rialtais ghinearálta na Cipire ar chosaint in 2025 agus réamhmheastar go mbeidh sé ag an leibhéal céanna in 2026.

(15)Tá rioscaí fós roimh an Aontas maidir le suaitheadh sa soláthar fuinnimh agus luaineacht ardaithe praghsanna, rud atá níos measa mar gheall ar theannas geopholaitiúil a dhéanann difear do mhargaí domhanda ola agus gáis. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim fuinnimh 20222023 go mbaineann costais fhioscacha mhóra le bearta leathana neamhspriocdhírithe agus go bhfuil siad neamhéifeachtúil go sóisialta agus go heacnamaíoch. Ó thosaigh an cogadh sa Mheánoirthear i mí Feabhra 2026, tá bearta beartais fhioscaigh glactha ag an gCipir chun an tionchar atá ag praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú( 11 ). Ar na bearta sin tá laghduithe neamhspriocdhírithe ar CBL ar leictreachas (go dtí mí an Mhárta 2027) agus ar dhleachtanna máil ar bhreoslaí (ó mhí Aibreáin go dtí mí an Mheithimh 2026), chomh maith le fóirdheontais spriocdhírithe d’fheirmeoirí (mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2026), d’aerlínte (ó mhí an Mheithimh go dtí mí Mheán Fómhair 2026) agus don earnáil turasóireachta (mí Aibreáin 2026). De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún, réamhmheastar gurb é timpeall 0,1 % de OTI a bheidh i gcostas fioscach na mbeart sin in 2026. De réir mheastacháin an Choimisiúin, dá leanfadh na bearta sin de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh 2026, is é 0,3 % de OTI a bheadh sa chostas fioscach a bhaineann leo sa bhliain sin.

(16)Ar bhonn ríomhanna an Choimisiúin, d’fhás an glanchaiteachas sa Chipir faoi 9,6 % in 2025 agus is fás carnach 11,8 % a bhí ann in 2024 agus 2025. Tá an fás glanchaiteachais in 2025 os cionn an uasráta fáis a moladh, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 1,3 % de OTI i dtéarmaí bliantúla. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, tá ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais os cionn an uasráta fáis a mholtar freisin, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 1,0 % de OTI i dtéarmaí carnacha. An tráth céanna, mar a luaitear, bhí barrachas sa riocht buiséadach le haghaidh 2025, agus bhí an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI.

(17)Ar bhonn ríomhanna an Choimisiúin, réamhmheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas sa Chipir faoi 7,4 % in 2026 agus gur fás carnach 20,1 % a bheidh ann in 2024, 2025 agus 2026. Tá an fás glanchaiteachais réamhmheasta in 2026 os cionn an uasráta fáis a moladh, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 0,9 % de OTI i dtéarmaí bliantúla. Agus 2024, 2025 agus 2026 á mbreithniú le chéile, réamhmheastar go mbeidh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais os cionn an uasráta fáis a mholtar freisin, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 1,8 % de OTI i dtéarmaí carnacha. An tráth céanna, mar a luaitear, réamhmheastar go mbeidh barrachas sa riocht buiséadach le haghaidh 2026, agus tá an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI agus réamhmheastar go dtiocfaidh laghdú breise air.

(18)Rannpháirtíocht chórasach fhóinteach thráthúil na núdarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile, tá sí sin ríthábhachtach i gcónaí maidir le húinéireacht leathan a áirithiú i leith chur chun feidhme rathúil ionstraimí cistiúcháin an Aontais, agus i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(19)Sa Chipir, an luas atá faoi chur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe, rud a chuimsíonn tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe, is luas é atá chun tosaigh ar mheánluas cur chun feidhme an Aontais i gcás roghnú tionscadal agus íocaíochtaí araon. Tá sé tábhachtach an dlús atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun, agus tionchar na ninfheistíochtaí ar an láthair a uasmhéadú an tráth céanna. Tá an Chipir ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur ghá an cur chun feidhme a neartú a thuilleadh maidir le roinnt réimsí, lena náirítear na réimsí a bhaineann le bainistiú dramhaíola agus le hiompar uirbeach poiblí. Na hinfheistíochtaí nua a shainaithin an Chipir ina hathbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe, go háirithe na hinfheistíochtaí sin a bhaineann leis na cúig thosaíocht a shainaithnítear sa Rialachán maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma( 12 ) , tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar iad a chur in úsáid go tapa agus go héifeachtach.

(20)Tá infheistíocht íseal sa taighde agus san fhorbairt, luachshocrú lag eolais, agus naisc theoranta idir taighde agus gnó fós ina saintréithe d’éiceachóras taighde agus nuálaíochta na Cipire. Ar an taobh dearfach de, glacadh tionscnaimh chistiúcháin spriocdhírithe tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus tríd an mbeartas comhtháthaithe, agus glacadh an reachtaíocht maidir le seachchuideachta le déanaí. Mar sin féin, tá príomhscrogaill fós ann, lena náirítear straitéis chuimsitheach fhadtéarmach taighde agus nuálaíochta a bheith in easnamh, rud a chuireann srian ar thráchtálú éifeachtach torthaí taighde. Is deis é an leathnú tapa ar earnáil na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) le haghaidh iarmhairtí don gheilleagar i gcoitinne, trí naisc níos láidre le gnólachtaí intíre agus le hinstitiúidí taighde.

(21)Tá rochtain theoranta ar mhaoiniú neamhbhainc sa Chipir, rud a chuireann srian ar leathnú gnó, éagsúlú agus méadú táirgiúlachta. Tá an lámh in uachtar fós ag iasachtú bainc ar mhaoiniú corparáideach, agus tá na margaí caipitil tearcfhorbartha, agus tá ceann de na leibhéil is ísle de chistiú margadhbhunaithe san Aontas acu. Cé gur seoladh roinnt tionscnamh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta amhail Ciste Cothromais na Cipire chun tacú le maoiniú malartach, tá scála an chistithe a slógadh fós teoranta. Mar thoradh air sin, bíonn deacrachtaí ag go leor gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí óga agus nuálacha, maoiniú leordhóthanach a fháil. Tá na leibhéil litearthachta airgeadais fós íseal i gcomparáid le meán an Aontais, rud a chuireann srian ar chumas agus ar spreagadh teaghlach dul i mbun straitéisí infheistíochta éagsúlaithe. An tráth céanna, tá an dara colún de chóras na bpinsean fós tearcfhorbartha agus anilroinnte, rud a chuireann teorainn lena ról i soláthar scoir agus i soláthar caipitil fhadtéarmaigh araon. Trí phinsin cheirde a neartú agus rannpháirtíocht teaghlach i margaí caipitil a fheabhsú, d’fhéadfaí tacú le maoiniú fadtéarmach a bheith ar fáil agus rannchuidiú le coigilteas a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla.

(22)Tá roinnt dúshlán roimh an gCipir a bhaineann leis an gcreat rialála agus riaracháin. Cuireadh tús le roinnt céimeanna, ach tá bacainní ar infheistíocht fós ann. Tá moill fós ar thionscadail bhonneagair mar gheall ar nósanna imeachta fada fála agus soláthair talún, acmhainneacht riaracháin theoranta agus dúshláin chomhordúcháin. Cé gur glacadh bearta chun an tualach riaracháin a laghdú agus chun seirbhísí d’infheisteoirí a fheabhsú, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun éifeachtúlacht a fheabhsú, nósanna imeachta a chuíchóiriú agus ilroinnt rialála a laghdú.

(23)Tá deis ag an gCipir feabhas a chur ar rialachas na bhfiontar atá faoi úinéireacht an stáit. Tá ról lárnach ag na fiontair sin i bpríomhearnálacha an gheilleagair, go háirithe i dtionscail a bhfuil monaplachtaí nádúrtha mar shaintréith acu (e.g. leictreachas, teileachumarsáid, uisce, bainistiú fuíolluisce agus bonneagar). Mar sin féin, tá a rialachas fós faoi bhun na gcaighdeán idirnáisiúnta, agus tá laigí leanúnacha ann maidir le cuntasacht, trédhearcacht, nósanna imeachta ceapacháin boird agus easpa beartas soiléir úinéireachta. Le cur chun feidhme éifeachtach an phlean gníomhaíochta a glacadh le déanaí maidir le rialachas na bhfiontar faoi úinéireacht stáit, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus feabhas a chur ar fheidhmíocht na bhfiontar faoi úinéireacht stáit, tacú lena nuachóiriú agus feabhas a chur ar a rannchuidiú le cuspóirí beartais straitéisigh lena náirítear an taistriú glas agus an taistriú digiteach.

(24)Tá dúshláin roimh an gCipir a bhaineann le héifeachtúlacht a córais ceartais, le hamanna fada réitigh cásanna, leibhéil ísle digitithe agus moilleanna ar fhorfheidhmiú breithiúnas. Tá cur chun feidhme athchóirithe a glacadh le déanaí arb é is aidhm dó dlús a chur le réiteach cásanna áirithe trí na cúirteanna Aimiréalachta agus Tráchtála a bhunú ag titim ar gcúl, agus níl ceachtar de na cúirteanna ag feidhmiú go fóill. Tá an dul chun cinn maidir le próisis bhreithiúnacha a dhigitiú, lena náirítear córas cásanna cuimsitheach agus teicneolaíochtaí taifeadta fuaime digiteacha, fós teoranta, agus tá scrogaill forfheidhmiúcháin fós ann, rud a chuireann isteach ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar dhálaí infheistíochta.

(25)Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag an gCipir maidir lena haistriú fuinnimh a chur chun cinn, tá dúshláin mhóra fós ann. Tá an Chipir fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, agus ba iad táirgí ola agus peitriliam 85.2 % dá holltomhaltas fuinnimh in 2024. Thairis sin, tá ceann de na spleáchais is mó ar allmhairí fuinnimh san Aontas ag an gCipir (87.7 % den ollfhuinneamh atá ar fáil in 2024). Tá bac á chur ar iarrachtaí chun an soláthar fuinnimh a éagsúlú trí ghás nádúrtha a chur leis an meascán fuinnimh mar gheall ar mhoilleanna leanúnacha riaracháin a bhaineann le tógáil críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) in Vasilikos. Ar an gcaoi chéanna, tá stop curtha leis na hiarrachtaí chun idirnaisc fuinnimh a fhorbairt le tíortha comharsanachta. Go háirithe, tá moill fós ar thionscadal Idirnascaire na Mara Móire arb é is aidhm dó deireadh a chur le leithlisiú fuinnimh na Cipire. Fágann spleáchais sheachtracha arda go bhfuil foinsí fuinnimh inathnuaite ríthábhachtach, ní hamháin chun geilleagar na Cipire a dhícharbónú, ach chun feabhas a chur ar shlándáil agus athléimneacht fuinnimh freisin i bhfianaise suaití seachtracha fuinnimh.

(26)Mhéadaigh an Chipir a táirgeadh fuinnimh inathnuaite, cé go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun acmhainneacht eangaí agus saoráidí stórála fuinnimh a leathnú chun glacadh fuinnimh inathnuaite níos leithne a éascú. Tháinig méadú mór ar an acmhainneacht shuiteáilte le haghaidh fuinneamh gréine agus gaoithe in 2025, rud a mhéadaigh sciar na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh sa mheascán leictreachais go 27.4 %. Cé gur tugadh isteach bearta chun nósanna imeachta ceadaithe a éascú agus a dhigitiú, déanann moilleanna móra difear fós do nascadh gléasraí nua fuinnimh inathnuaite leis an eangach. Níl aon chóras stórála leictreachais atá saor ó iontaise oibríochtúil ag an gCipir. Cé go bhfuil roinnt tionscadal á bpleanáil faoin bplean forbartha córas tarchurtha, tá an cur chun feidhme fós ag céim luath. Leanadh de dhul chun cinn a dhéanamh ar rolladh amach scéimeanna athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh d’fhoirgnimh, ar scéimeanna iad a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ón mbeartas comhtháthaithe, arna gcomhlánú le bearta rialála atá dírithe ar mhaoiniú príobháideach a ghiaráil le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh. Is dúshlán práinneach fós é an tiompar inbhuanaithe, rud atá níos measa fós mar gheall ar spleáchas iomlán ar iompar lasta de bhóthar. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun iompar poiblí a fhorbairt, bonneagar luchtaithe a leathnú, agus dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil don tsoghluaisteacht inbhuanaithe.

(27)Tá dúshláin mhóra leanúnacha chomhshaoil roimh an gCipir. Tá ganntanas uisce ar leibhéal criticiúil anois, agus tá an Chipir i measc na dtíortha is measa feidhmíocht san Aontas mar gheall ar shaothrú fionnuisce agus táscairí táirgiúlachta uisce. D’ainneoin iarrachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoin mbeartas comhtháthaithe, níor leor infheistíochtaí i mbonneagar uisce go dtí seo chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sistéamacha a bhaineann le huisce óil agus cóireáil fuíolluisce. Ar an gcaoi chéanna, tá feidhmíocht an bhainistithe dramhaíola chun deiridh ar spriocanna an Aontais; mar shampla, tá giniúint dramhaíola cathrach per capita na Cipire i measc na giniúna is airde san Aontas. Tá roinnt beart a glacadh faoi Phlean Gníomhaíochta 2021 don Gheilleagar Ciorclach agus faoin mbeartas comhtháthaithe dírithe ar laghdú dramhaíola, ar shórtáil dramhaíola níos fearr agus ar athchúrsáil mhéadaithe, cé go bhfuil a nacmhainneacht iomlán fós le baint amach. Tá sé ríthábhachtach freisin feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin na núdarás áitiúil agus ceantair chun tacú le pleanáil agus comhordú infheistíochta i dtaobh bainistiú uisce agus dramhaíola ar fud na Cipire.

(28)Tá an Chipir fós leochaileach do rioscaí éagsúla aeráide (mar shampla, falscaithe, tuilte, triomaigh agus creimeadh cósta), rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhithéagsúlacht, athléimneacht shochaíoch agus geilleagar na tíre. An straitéis náisiúnta um oiriúnú 20252050 a tugadh cothrom le dáta, tugadh chun críche í in 2025 ach tá glacadh aireachta fós ar feitheamh, rud a chuireann moill ar ghníomhaíochtaí criticiúla. Thairis sin, córas rialachais feabhsaithe a chuimsítear faoin straitéis náisiúnta d’fhéadfadh sé comhleanúnachas agus éifeachtacht a thabhairt isteach sa chreat institiúideach lena rialaítear oiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, ach tá moill ar a bhunú freisin. Díríonn gníomhaíochtaí breise, lena náirítear roinnt gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe, ar bhonneagar friththuilte agus bainistiú riosca dóiteáin agus tubaistí a fhorbairt. Ní leor infheistíocht na Cipire le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide i gcás na riachtanas iarbhír, áfach.

(29)I bhfianaise ról ríthábhachtach an chaipitil dhaonna maidir le hiomaíochas agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú, mhol an Chomhairle in 2026 go ngníomhódh na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go práinneach ar dhúshláin struchtúracha a bhaineann le caipiteal daonna i dtaobh réimse na scileanna agus réimse an oideachais, ar dúshláin iad a chuireann bac ar an iomaíochas. Na moltaí tírshonracha atáthar a dhíriú chuig an gCipir in 2026, d’fhéadfaidís a bheith ina gcuidiú ó thaobh chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le caipiteal daonna san Aontas.

(30)Tá roinnt dúshlán roimh an gCipir a bhaineann le mná agus daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, agus a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna agus ar ghanntanais lucht saothair. Cé go bhfuil margadh saothair na Cipire fós láidir, agus go bhfaigheann sé tacaíocht ó fhás eacnamaíoch láidir, mar shampla an ráta fostaíochta atá ag sárú sprioc náisiúnta 2030 agus an laghdú breise ar an dífhostaíocht, tá bearta gníomhachtaithe spriocdhírithe agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair fós teoranta ó thaobh cumhdaigh agus éifeachtachta de, go háirithe do mhná agus do ghrúpaí leochaileacha. Thairis sin, tá acmhainneacht na Seirbhíse Poiblí Fostaíochta teoranta i gcónaí agus bhainfeadh sí tairbhe as faireachán agus meastóireacht níos láidre, forrochtain níos réamhghníomhaí, agus córais TF uasghrádaithe a thacódh leis an méid sin.

(31)D’fhéadfadh an Chipir fostaíocht ardcháilíochta a neartú a thuilleadh. D’ainneoin dífhostaíocht íseal agus margadh saothair dinimiciúil, is ábhar imní fós iad dálaí oibre, go háirithe uaireanta oibre fada agus sciar réasúnta ard de phoist ar phá íseal i gcomparáid le meán an Aontais, rud a dhéanann difear díréireach do mhná. Tionchar na tuismíochta ar thorthaí fostaíochta na mban, mar aon le rochtain theoranta ar sheirbhísí cúraim inacmhainne agus ardcháilíochta, cuireann na nithe sin srian ar dhul chun cinn gairme agus cuireann siad le bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní. Cé gur céimeanna sa treo ceart iad tionscnaimh bheartais a rinneadh le déanaí, lena náirítear dreasachtaí fostaíochta agus bearta lena gcuirtear socruithe solúbtha oibre chun cinn, is féidir lena gcur chun feidhme éifeachtach, mar aon le tacú le haistrithe chuig poist ardcháilíochta, rochtain níos fearr ar oiliúint in earnálacha ardéilimh agus seirbhísí cúraim leathnaithe, cuidiú le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus cáilíocht post a fheabhsú.

(32)Tá dúshláin roimh an gCipir a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint a neartú, rannpháirtíocht íseal i réimsí ETIM agus feidhmíocht lag ó thaobh soláthar bunscileanna. Cuireann sé sin le mímheaitseáil leanúnach scileanna agus le ganntanas lucht saothair, lena náirítear in earnálacha atá ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Tá méadú tagtha ar rannpháirtíocht in oideachas agus cúram na luathóige faoi bhearta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ach tá sé fós faoi bhun sprioc an Aontais, rud a chuireann srian ar fhorbairt luathscileanna agus ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair araon, agus tá dúshláin mhóra fós ó thaobh an oideachais cuimsithigh, agus tá bacainní fós roimh fhoghlaimeoirí óga faoi mhíchumas agus foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar rannpháirtíocht éifeachtach san oideachas príomhshrutha.

(33)Tá deis ag an gCipir feabhas a chur ar roinnt dá córas cosanta sóisialta. Cé gur chuidigh fás láidir eacnamaíoch leis an mbochtaineacht a laghdú ar an iomlán, tá rioscaí bochtaineachta i gcás daoine scothaosta fós i bhfad os cionn mheán an Aontais mar gheall ar ioncam pinsin neamhleor, go háirithe i gcás daoine a bhí ar ioncam íseal le linn a saoil oibre. An tráth céanna, leis an easpa cúraim fhadtéarmaigh atá cuimsitheach, maoinithe go leordhóthanach agus comhtháite, mar aon leis an nganntanas foirne agus le seirbhísí teoranta baile agus pobalbhunaithe, cuirtear srian ar rochtain agus cuirtear bac ar dhíinstitiúidiú. Is ábhar imní fós í an bhochtaineacht fuinnimh d’ainneoin roinnt bearta spriocdhírithe, rud a léiríonn cumhdach teoranta agus an easpa faireacháin chórasaigh. Ina theannta sin, tá ganntanas tithíochta sóisialta, mar aon le rátaí arda riaráistí a bhaineann le tithíocht, fós ina ualach ar theaghlaigh leochaileacha, d’ainneoin scéimeanna tacaíochta a bhí ann le déanaí agus méaduithe atá beartaithe ar an soláthar tithíochta.

(34)I bhfianaise na ndlúthidirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2026 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2026 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na Cipire, cuidíonn moladh (1) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh agus an tríú moladh maidir leis an limistéar euro, cuidíonn moladh (2) le cur chun feidhme an cheathrú moladh maidir leis an limistéar euro, cuidíonn moladh (3) le cur chun feidhme an seachtú moladh, an naoú moladh agus an aonú moladh déag maidir leis an limistéar euro, cuidíonn moladh (4) le cur chun feidhme an seachtú moladh maidir leis an limistéar euro agus cuidíonn moladh (5) le cur chun feidhme an chúigiú moladh maidir leis an limistéar euro.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Chipir in 2026 agus in 2027 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Agus barrachas rialtais ghinearálta sa Chipir á aithint, i bhfianaise an diallta ábhartha a thaifead an Coimisiún faoi 2025 agus an diallta ábhartha atá réamhmheasta aige do 2026 i leith na huasteorann glanchaiteachais a mholtar, a áirithiú go nurramófar leis an nglanchaiteachas na huasrátaí fáis a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025. Caiteachas agus ullmhacht i réimse na cosanta a threisiú agus éifeachtúlacht caiteachais a áirithiú an tráth céanna, agus an buiséad a oiriúniú de réir a chéile chun caiteachas cosanta atá níos airde ó thaobh struchtúir de a chothú. A áirithiú gur beart sealadach a bheidh in aon bheart a dhéanfar chun tionchar an ardaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, agus gur beart é atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha a chosaint agus ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais gnólachtaí dianfhuinnimh, dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú agus a áirithiú go mbeidh a gcostas fioscach comhoiriúnach do na gealltanais faoi chreat fioscach an Aontais.

2.Leanúnachas na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a áirithiú. An dlús cur chun feidhme a choinneáil ar bun faoi chláir an bheartais comhtháthaithe, rud arbh é an dúshraith a bheadh faoi, i gcásanna inarbh iomchuí, athleithdháileadh tosaíochtaí straitéiseacha agus solúbthachtaí san athbhreithniú meántéarma ar an gcreat beartais comhtháthaithe.

3.Taighde agus nuálaíocht a neartú trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach T&F a chothú, sineirgí taighdegnó a fheabhsú, agus straitéis taighde agus nuálaíochta fhadtéarmach a ghlacadh le táscairí agus cistiú ilbhliantúil. Éagsúlú an gheilleagair a éascú trí fheabhas a chur ar an rochtain ar tháirgí coigiltis malartacha agus ar ionstraimí margaidh caipitil, trí chóras na bpinsean forlíontach a neartú agus tríd an litearthacht airgeadais a mhéadú. Rialáil a shimpliú agus an tualach riaracháin a laghdú. Rialachas fiontar faoi úinéireacht stáit a fheabhsú trí bhoird a ainmniú ar bhonn fiúntais, beartas úinéireachta agus bainistiú feidhmíochtbhunaithe. Éifeachtúlacht an chórais ceartais a fheabhsú, lena náirítear trí shreafaí oibre breithiúnaí a dhigitiú a thuilleadh.

4.Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus an soláthar fuinnimh a éagsúlú a thuilleadh, go háirithe trí idirnaisc fuinnimh a fhorbairt le tíortha comharsanachta, cistiú le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, an eangach leictreachais agus saoráidí stórála fuinnimh a uasghrádú, agus soghluaisteacht inbhuanaithe agus iompar poiblí a leathnú. Feabhas a chur ar bhainistiú uisce, fuíolluisce agus dramhaíola trí dhlús a chur le hinfheistíochtaí i mbonneagar, trí acmhainneacht riaracháin na núdarás áitiúil a mhéadú, trí chleachtais inbhuanaithe maidir le húsáid uisce a chur chun cinn, agus trí bhailiú ar leithligh dramhaíola cathrach agus dramhaíola ó phacáistíocht a leathnú. Feabhas a chur ar an gcreat institiúideach lena rialaítear oiriúnú don athrú aeráide.

5.Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus cáilíocht post a chur chun cinn trí rannpháirtíocht grúpaí leochaileacha i margadh an tsaothair a neartú, acmhainneacht agus tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú a thuilleadh, foghlaim aosach a chur chun cinn, acmhainneacht na Seirbhíse Poiblí Fostaíochta a fheabhsú agus beartais ghníomhacha mhargadh an tsaothair a neartú. Rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram na luathóige a mhéadú a thuilleadh, bunscileanna a fheabhsú, agus rannpháirtíocht mac léinn i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM) a mhéadú. Infhaighteacht agus cumhdach seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a leathnú, incháilitheacht a leathnú, agus íocaíochtaí neamhinaisíoctha arda a laghdú. Feabhas a chur ar chosaint shóisialta le haghaidh grúpaí leochaileacha trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de, trí phinsin íosta leordhóthanacha a áirithiú agus tríd an infhaighteacht tithíochta inacmhainne agus sóisialta a mhéadú.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj) 
(2)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, um thalmhaíocht agus ceantair thuaithe, um iascach agus gnóthaí muirí, um rathúnas agus um shlándáil le haghaidh na tréimhse 20282034 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 agus Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509  COM/2025/565 final. Tá an Rialachán atá beartaithe á chaibidliú leis na comhreachtóirí faoi láthair. 
(3)    IO C, C/2026/2434, 28.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2434/oj
(4)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj ).
(5)    Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscachstruchtúrach meántéarmach náisiúnta na Cipire (IO C, C/2025/639, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/639/oj ).
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, ‘Freastal ar chaiteachas méadaithe ar chosaint laistigh den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis’, an Bhruiséil, an 19 Márta 2025, C(2025) 2000 final.
(7)    Tá Tuarascálacha Bliantúla 2026 ar Dhul Chun Cinn le fáil ar: https://economy‑finance.ec.europa.eu/economic‑and‑fiscal‑governance/stability‑and‑growth‑pact/preventive‑arm/annual‑progress‑reports_ga  
(8)    Táscairí EurostatEuro, an 22 Aibreán 2026.
(9)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm di measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an acmhainneacht fáis mheántéarmaigh agus (ii) an tathrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim agus lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamhinaisíoctha (deontais) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(10)    Táscairí EurostatEuro, an 22 Aibreán 2026.
(11)    Is léiriú é sin ar an gcás ag scoithdháta Réamhaisnéis an Earraigh 2026 ón gCoimisiún (an 4 Bealtaine 2026).
(12)    Rialachán (AE) 2025/1914 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma.