An Bhruiséil,13.5.2026

COM(2026) 197 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Athléimneacht na sláinte domhanda a threisiú agus athruithe geopolaitiúla ar bun


Réamhrá

Le 25 bliana anuas, tá feabhas mór tagtha ar thorthaí sláinte i bhformhór na dtíortha. Tá méadú níos mó ná 5 bliana tagtha ar an ionchas saoil domhanda; tá laghdú faoina leath tagtha ar ráta mortlaíochta leanaí agus tháinig laghdú thart ar 40 % ar mhortlaíocht máithreacha idir 2000 agus 2023 ( 1 ). Ba iad fás eacnamaíoch, nuálaíocht agus maoiniú sláinte domhanda marthanach ba chúis leis an dul chun cinn sin. Is toradh é ar cheannaireacht pholaitiúil, ar an obair chun straitéisí agus institiúidí sláinte náisiúnta a chomhdhlúthú, agus ar an méadú atá tagtha ar institiúidí sláinte domhanda a bhfuil tionchar acu agus atá éifeachtach. Tá dul chun cinn substaintiúil déanta, ach le blianta beaga anuas, tá moill tagtha air agus ní leor é fós chun spriocanna domhanda a bhaint amach ( 2 ), agus tá neamhionannais inscne leanúnacha fós ann i dtorthaí sláinte.

Tá méadú ag teacht ar ionstraimiú na sláinte chun leasanna geopholaitiúla agus geo-eacnamaíocha a shaothrú. Tá an rialachas sláinte domhanda ag aistriú ón gcomhar iltaobhach agus ó phrionsabail dhaonnúla i dtreo cineálacha cur chuige oscailte déthaobhach idirbheartaíochta uaireanta. Tugann sé sin dúshlán do sholáthar earraí poiblí domhanda don tsláinte, riachtanas a théann thar theorainneacha náisiúnta agus a éilíonn idirphlé ar an leibhéal domhanda, comhordú agus maoiniú intuartha. Tá an tsláinte ag éirí níos straitéisí le haghaidh beartais thionsclaíocha agus slándála. Tá méadú ag teacht freisin ar an mbréagaisnéis a bhaineann leis an tsláinte, ar an mífhaisnéis agus ar Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis (ICIEF) sa tsochaí, rud a théann in aghaidh fianaise eolaíoch, a laghdaíonn muinín an phobail san eolaíocht agus a bhaineann an bonn de bhearta sláinte poiblí fianaisebhunaithe.

An tráth céanna, tá an maoiniú sláinte domhanda ilroinnte agus ag laghdú go mór i dtéarmaí réadacha. Tháinig laghdú 21 % ar chúnamh forbraíochta don tsláinte idir 2024 agus 2025, ó thart ar EUR 45,8 billiún go EUR 36,1 billiún, agus réamh-mheastar go dtiocfaidh laghduithe breise air go dtí 2030 ( 3 ). Nochtann an staid sin bearnaí i gcórais sláinte ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus i gcomhthéacsanna leochaileacha ( 4 ). Tá méadú ag teacht ar an dlús atá á chur le hiarrataí seanbhunaithe chun struchtúr sláinte níos éifeachtúla a chruthú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda. Áirítear leis sin samhail lena gcumhachtaítear pobail, lena gcuirtear borradh faoin bhféintuilleamaí, lena bhfeabhsaítear úinéireacht tíre agus lena gcuirtear freagracht airgeadais agus beartais níos fearr chun cinn (ceannasacht sláinte), agus lena dtacaítear le comhar iltaobhach éifeachtach agus le cabhair dhaonnúil an tráth céanna.

Ó thaobh na sláinte poiblí de, tá méadú ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine ráigeanna galair ar fud an domhain. Is é is cúis leis an treocht sin patrúin eipidéimeolaíocha atá ag athrú, an t‑athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil, cailliúint bithéagsúlachta agus truailliú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, éiginnteacht an tsoláthair bia nó rochtain neamhleor ar uisce glan agus ar shláintíocht agus ar fhuinneamh glan inacmhainne. De réir mar a théann bagairtí sláinte thar theorainneacha, cuireann easnaimh i gcórais sláinte i gcuid amháin den domhan leis na rioscaí d’fholláine agus do shaol daoine san Aontas agus ar fud an domhain ar fad, go háirithe na daoine is leochailí. Tá an baol ann freisin go gcuirfear isteach ar sheirbhísí riachtanacha sláinte, seirbhísí atá criticiúil chun mortlaíocht agus galracht inseachanta a chosc. I ndeireadh na dála, baineann sé sin uile an bonn den fhorbairt inbhuanaithe, de rathúnas ár sochaithe sa lá atá inniu ann agus d’fholláine na nglúnta atá le teacht.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, na bearnaí atá ag teacht chun cinn san athléimneacht sláinte domhanda a dhúnadh ( 5 ). Tá an tAontas tiomanta fós leanúint de bheith ag rannchuidiú leis an gcobhsaíocht agus le gníomhaíocht chomhchoiteann maidir leis an tsláinte dhomhanda.

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo fís an Aontais maidir le conas oibriú le tíortha ar fud an domhain chun dul i ngleic leis na dúshláin thuasluaite i gcomhar le Ballstáit an Aontais, le hinstitiúidí iltaobhacha, leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe. Leagtar amach ann réitigh chruthaithe ó shamhail chúram sláinte an Aontais, agus rannpháirtíocht láidir iltaobhach á coinneáil ar bun an tráth céanna. Le gníomhaíocht chomhordaithe ón Aontas a mbeidh tionchar aici, le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais agus ó chomhpháirtithe eile amhail na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha agus gníomhaireachtaí forbartha náisiúnta, leanfar de thacaíocht a thabhairt do thosaíochtaí sláinte na dtíortha comhpháirtíochta i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus lánurraim á tabhairt do rialacha idirnáisiúnta, do phrionsabail dhaonnúla, do mhaoin intleachtúil agus do phrionsabal an aistrithe dheonaigh teicneolaíochta ar théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach, agus soláthar earraí poiblí domhanda don tsláinte á chur chun cinn. Is comhpháirtíochtaí cómhalartacha iad ó nádúr agus cuireann siad deiseanna ar fáil chun foghlaim i dteannta a chéile ó thaithí na gcomhpháirtithe, malartú maidir le taighde, cineálacha cur chuige nuálacha a ghlacadh agus athléimneacht sláinte domhanda agus athléimneacht sláinte an Aontais féin a neartú. Rannchuidíonn na comhpháirtíochtaí sin freisin le huathriail straitéiseach, iomaíochas agus slándáil eacnamaíoch an Aontais a chur chun cinn i gcomhréir le roinnt príomhbheartas amhail Compás Iomaíochais an Aontais ( 6 ). Baineann siad tairbhe as bonn tionsclaíoch neartaithe san Aontas agus cuireann siad deiseanna ar fáil d’earnáil phríobháideach an Aontais, agus tacaíonn siad le comhpháirtithe an tráth céanna chun córais sláinte athléimneacha, inbhuanaithe agus chuimsitheacha a fhorbairt. Is colún lárnach d’athléimneacht sláinte an Aontais agus an domhain é tionscal sláinte an Aontais atá bríomhar, iomaíoch agus nuálach.

Cuireann an Teachtaireacht seo le raon beartas agus tionscnamh seanbhunaithe. Is é is aidhm don Aontas Sláinte Eorpach cosaint níos fearr a thabhairt do shláinte shaoránaigh an Aontais, géarchéimeanna sláinte amach anseo a chosc agus a bhainistiú, agus athléimneacht chórais sláinte an Aontais a fheabhsú. Tá creat cuimsitheach curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun dul i ngleic le galair thógálacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le heipidéimí agus paindéimí, chomh maith le bagairtí breise sláinte. Mar chomhlánú air sin, neartaíonn an Straitéis um Aontas na hUllmhachta ( 7 ) cumas an Aontais bagairtí sláinte trasteorann a réamh-mheas, a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh, rud a chothaíonn cur chuige níos comhordaithe agus níos athléimní maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna. Leagtar amach i Straitéis nua Sláinte Domhanda an Aontais ( 8 ) fís chuimsitheach do ról an Aontais sa tsláinte dhomhanda, fís atá fréamhaithe i gclúdach sláinte uilíoch, cothromas, córais sláinte agus slándáil sláinte domhanda a neartú, agus cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur chun cinn, lena n‑aithnítear an nasc intreach idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus dúlra athléimneach sláintiúil. Mar chomhlánú ar an gcreat sin, is é Global Gateway beartas infheistíochta seachtraí straitéisí an Aontais. Is féidir an fhís sin a chur i gcrích go praiticiúil trí infheistíochtaí ardchaighdeáin inbhuanaithe sa tsláinte a shlógadh i dtíortha comhpháirtíochta. Tá an tAontas rannpháirteach go gníomhach freisin sa chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Paindéime.

Leis an tionscnamh, cuirtear chun cinn cúig phríomhréimse tosaíochta agus naoi dtionscnamh shuaitheanta lena ndírítear gníomhaíocht an Aontais ar na réimsí inar féidir leis an luach is mó a chur leo, agus cuirfear tús leo uile idir 2026 agus 2027 ( 9 ).

1.Rannchuidiú le struchtúr domhanda sláinte atá níos éifeachtaí agus nach bhfuil chomh ilroinnte céanna

Bhí na tionscnaimh dhomhanda sláinte a seoladh thart ar thús na mílaoise ríthábhachtach chun dul i ngleic le VEID/SEIF, eitinn, maláire agus galair theagmhálacha eile. Mar sin féin, ní mór athchóiriú substaintiúil a dhéanamh anois ar an struchtúr lenar baineadh amach gnóthachain roimhe seo chun go leanfaidh sé de bheith éifeachtach agus oiriúnach don fheidhm. Tá easnaimh agus ilroinnt i struchtúr domhanda sláinte an lae inniu, lena n‑áirítear i gcásanna áirithe, imeacht ó phríomh-shainorduithe, forluí agus comhordú neamhleor i measc gníomhaithe sláinte, ar fud na réigiún agus laistigh díobh araon. Thairis sin, uaireanta cuireann ilroinnt a bhaineann go sonrach le galair bac ar na hiarrachtaí chun córais sláinte náisiúnta a neartú agus a chomhtháthú.

Tá comhar domhanda fíor-riachtanach chun sláinte gach duine ar fud an domhain a chosaint. Tá sé práinneach an móiminteam a thapú i dtaca le hathchóiriú chun éifeachtúlacht a mhéadú agus chun aistriú de réir a chéile chuig an sprioc maidir le ceannasacht sláinte ar bhonn tíre. Tacóidh an Coimisiún go hiomlán leis an bpróiseas arna óstáil ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus glacfaidh sé páirt ann ( 10 ), chun cóineasú a éascú maidir leis an struchtúr sláinte domhanda a chlaochlú.

Cuirfidh an Coimisiún struchtúr domhanda sláinte chun cinn lena neartófar úinéireacht náisiúnta agus lena dtacófar le tíortha comhpháirtíochta ina sprioc ceannasacht sláinte a bhaint amach. Tacóidh an Coimisiún le hathchóirithe lena dtugtar tús áite do na pobail is mó atá i mbaol agus a ndéantar difear dóibh, agus acmhainní á ndíriú ar chomhthéacsanna ina mbeidh an tionchar is mó. Ní mór a áirithiú leis na hathchóirithe go gcloíonn an struchtúr sláinte domhanda le caighdeáin dhaonnúla a comhaontaíodh go comhchoiteann agus ba cheart aghaidh a thabhairt go córasach leo ar bhacainní ar an tsláinte ar bhonn inscne.

Cur chuige luachbhunaithe an Aontais i leith na sláinte domhanda

Tá gníomhaíocht sláinte dhomhanda an Aontais bunaithe ar luachanna bunúsacha an chomhionannais, an neamh-idirdhealaithe agus ar cheart gach duine a gcearta daonna agus a saoirsí bunúsacha a fheidhmiú. Cinntíonn ár gcur chuige atá bunaithe ar chearta an duine rochtain chomhionann ar sheirbhísí sláinte do chách – lena n‑áirítear daoine óga, daoine scothaosta, cailíní agus mná, daoine faoi mhíchumas agus daoine LADTIA+. Cosnaíonn sé daoine atá faoi mhíbhuntáiste agus leochaileach, mar shampla trína áirithiú go bhfuil rochtain acu ar shláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo ( 11 ) agus ar thacaíocht mheabhairshláinte agus tacaíocht shíceasóisialta.

I gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú go tapa, leanann an tAontas de bheith ina chomhpháirtí iontaofa intuartha. Ní mór don athchóiriú tacú leis an iltaobhachas, agus EDS a bheith ina chroílár agus í dírithe ar a chroí-shainorduithe normatacha, caighdeánaithe, slándála sláinte domhanda, comhordaithe agus comórtha, agus ról na n‑institiúidí réigiúnacha á chothú de réir mar is iomchuí.

Ní mór do na gníomhaithe uile oibriú ar bhealach comhordaithe. Ní mór é a bheith d’aidhm acu deireadh a chur le dúbailt, agus trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú chun struchtúr domhanda sláinte atá níos cuíchóirithe agus nach bhfuil chomh ilroinnte céanna agus atá éifeachtach, cothrom agus inbhuanaithe a chothú. Tá láithreacht láidir dhea-chomhordaithe an Aontais agus a Bhallstát ar bhoird rialaithe na bpríomhthionscnamh sláinte domhanda, is é sin an Ciste Domhanda chun SEIF, Eitinn agus Maláire a Chomhrac, GAVI, an Chomhghuaillíocht Vacsaíní agus an Ciste Paindéime, fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcomhlánóidh na tionscnaimh sin a chéile agus go gcomhlíonfaidh siad a ról iomlán chun cuidiú le tíortha aistriú i dtreo ceannasacht iomlán sláinte. Ba cheart ról criticiúil a bheith ag tionscnaimh a bhaineann go sonrach le galair, an Ciste Domhanda agus GAVI go háirithe, maidir le rochtain chothrom ar tháirgí ardcháilíochta inacmhainne a leathnú, agus rannchuidiú le slabhraí soláthair a éagsúlú. Ba cheart dóibh sin cuidiú leis an éileamh a mhúnlú ar bhealach a thacaíonn le hathléimneacht sláinte domhanda, agus dálaí margaidh cothroma, intuartha agus inbhuanaithe á n‑áirithiú, lena n‑áirítear do mhonaróirí Eorpacha agus do mhonaróirí atá ag teacht chun cinn. An tráth céanna, tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh an Ciste Paindéime dá ról a imirt chun aghaidh a thabhairt ar na príomhbhearnaí i gcosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí.

ØTionscnamh suaitheanta 1. Feabhas a chur ar an gcomhordú laistigh den Aontas maidir leis an tsláinte dhomhanda

Ag cur le cur chuige Fhoireann na hEorpa ( 12 ) agus chun cur i dtábhacht tionchar ghníomhaíocht sláinte dhomhanda an Aontais agus a Bhallstát, cuirfidh an Coimisiún dlús breise leis an gcomhordú le Ballstáit an Aontais agus eatarthu sula ndéanfar tionscnaimh idirnáisiúnta agus príomh-gharspriocanna maoiniúcháin a athsholáthar. Déanfar leis mapáil infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí sláinte domhanda an Aontais agus na mBallstát a bheachtú a thuilleadh agus tabharfar an méid sin cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta cuimsitheach chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas, trédhearcacht agus cuntasacht, agus chun sineirgí agus comhlántacht i measc deontóirí a éascú.

 

2.Tacú le córais sláinte athléimneacha thírthreoraithe

Is cnámh droma na hathléimneachta sláinte domhanda iad córais sláinte thírthreoraithe lena soláthraítear seirbhísí fíor-riachtanacha inrochtana ar ardchaighdeán agus lena gcosnaítear sláinte daoine. Tá sé criticiúil leanúnachas na seirbhísí cúraim sláinte phríomhúil comhtháite a áirithiú – lena n‑áirítear sláinte mháthartha agus naíonán agus seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe – chun galracht agus mortlaíocht inseachanta a chosc agus chun córais athléimneacha a choinneáil ar bun le linn géarchéimeanna agus suaití. Chuige sin, tá gá le cúram sláinte príomhúil atá freagrúil ó thaobh inscne de agus córais sláinte atá in ann aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin sláinte poiblí amhail galair inchoiscthe trí vacsaíniú, míchothú, ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha, meabhairshláinte agus galair neamhtheagmhálacha. Is príomhchumasóirí ceannasachta sláinte iad an digitiú agus an nuálaíocht, rud a chuireann ar a gcumas do thíortha feabhas a chur ar rochtain agus seirbhísí sláinte níos éifeachtaí, níos idir-inoibrithí, níos inscálaithe agus níos costéifeachtúla a sholáthar, othair a chumhachtú, lena n‑áirítear iad a chumhachtú trí chórais sonraí, teilileigheas agus uirlisí a fhaigheann tacaíocht ón intleacht shaorga, i gcás ina bhfuil siad sábháilte agus iontaofa. Ní mór bunchúiseanna na drochshláinte amhail bochtaineacht agus éagothromaíochtaí sóisialta, agus cúiseanna comhshaoil, a chur san áireamh i mbeartais sláinte, trí chur chuige comhtháite na hAon Sláinte Amháin.

Tá sé ríthábhachtach córais sláinte a neartú go háirithe i gcomhthéacsanna leochaileacha agus i gcórais níos forbartha nuair atá géarchéimeanna sláinte ollmhóra rompu, amhail eipidéimí nó paindéimí mórscála. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar phobail leochaileacha agus ar shuíomhanna daonnúla. Leis an easáitiú domhanda agus éiginnteacht an tsoláthair bia, an t‑athrú aeráide agus guaiseacha nádúrtha foircneacha, easpa fuinnimh ghlain inacmhainne, foréigean agus coinbhleacht, éagothromaíochtaí sóisialta agus ráigeanna eipidéime athfhillteacha, tá laghdú breise tagtha ar acmhainneachtaí na gcóras sláinte náisiúnta atá srianta cheana féin in go leor tíortha leochaileacha ar fud an domhain, ina bhfuil coinbhleacht agus ina bhfuil géarchéim. Mar thoradh air sin, tá laghdú tagtha ar infhaighteacht seirbhísí fíor-riachtanacha cúraim sláinte phríomhúil, agus tá dul chun cinn teoranta déanta i dtreo clúdach sláinte uilíoch.

Tá gá le cistiú sláinte intíre leordhóthanach agus éifeachtúil chun ceannasacht sláinte a bhaint amach. Is iad íocaíochtaí neamh-in‑aisíoctha an phríomhfhoinse maoinithe i 30 tír ísealioncaim ( 13 ), rud a bhrúnn na milliúin daoine i mbochtaineacht. Thairis sin, meastar go soláthraíonn cabhair sheachtrach 30-45 % den chaiteachas iomlán ar shláinte i roinnt geilleagar ( 14 ). Tá an baol ann go mbainfí an bonn d’úinéireacht tíre agus de chumas tíortha aonair torthaí sláinte a ráthú mar gheall ar spleáchas ar chistiú seachtrach san fhadtéarma. Go háirithe i gcomhthéacs reatha an laghdaithe atá ag teacht ar chúnamh oifigiúil forbraíochta, ba cheart go gcuimseodh cur chuige níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí maidir le leochaileacht an comhar comhordaithe idir cabhair dhaonnúil, cabhair forbraíochta agus acmhainneachtaí náisiúnta. Tá bainistíocht láidir airgeadais phoiblí, beartais eacnamaíocha a thacaíonn le fás fadtéarmach agus institiúidí intíre láidre fíor-riachtanach chun torthaí sláinte a fheabhsú agus chun maoiniú sláinte fadtéarmach inbhuanaithe a áirithiú. I ndeireadh na dála, ní féidir ach leis na tíortha féin an t‑athrú a spreagadh, trí chuntasacht, cúram díniteach, inrochtaineacht agus úinéireacht náisiúnta, arna gcomhlánú le tacaíocht idirnáisiúnta ar an leibhéal domhanda agus réigiúnach, lena n‑áirítear tacaíocht ó G7 agus G20.

Taithí an Aontais ar athléimneacht na gcóras sláinte

Is féidir leis an Aontas leas a bhaint as taithí na mBallstát chun córais sláinte chuimsitheacha athléimneacha a thógáil. Tá raon éagsúil córas sláinte ag Ballstáit an Aontais. Tá dúshláin éagsúla agus leibhéil éagsúla acmhainní rompu. Mar sin féin, tá siad uile tiomanta go láidir do chlúdach sláinte uilíoch, do chúram sláinte príomhúil agus seirbhísí cúraim sláinte níos forbartha a chur ar fáil. Braitheann siad freisin ar thaighde bríomhar agus nuálaíocht bhríomhar, ar dheimhneacht rialála, ar chomhar trastíre agus ar thionscal sláinte agus earnáil ghnó láidir.

Mar chomhlánú air sin, tá cumas uathúil ag an Aontas gníomhú mar ardchreat comhtháite réigiúnach. Tá samhlacha glactha ag an Aontas chun mór ghalair neamhtheagmhálacha a chosc agus a chomhrac, agus maidir le galair neamhchoitianta, íseal-leitheadúlachta agus aimpléiseacha freisin ( 15 ).

Tá creataí rialála láidre molta agus forbartha ag an Aontas chun feabhas a chur ar rochtain ar chógaisíocht agus ar fheistí leighis, chun slándáil an tsoláthair a neartú agus chun dul i ngleic le dúshláin sláinte poiblí amhail frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, go háirithe trí thionscnaimh amhail an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip ( 16 ), an Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla atá beartaithe ( 17 ), agus an moladh ón gComhairle maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an Aontais chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac i gcur chuige na hAon Sláinte Amháin ( 18 ), lena spreagtar úsáid stuama oibreán frithmhiocróbach le spriocanna nithiúla chun úsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú, pleananna gníomhaíochta náisiúnta níos láidre, faireachas níos fearr, agus feasacht fheabhsaithe.

Leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, bainfear leas as cumhacht an digitithe, tabharfar de chumhacht d’othair a gcuid sonraí sláinte a rialú agus a chomhroinnt ar bhealach níos fearr, agus cuirfear feabhas ar sholáthar cúraim sláinte. Cumasaíonn sé athúsáid shlán iontaofa sonraí sláinte le haghaidh taighde, nuálaíocht agus ceapadh beartas. Cuirtear i dtábhacht i gcreataí an Aontais oscailteacht, úsáid eiticiúil agus caighdeáin chomhroinnte, lena n‑áirithítear go rachaidh an claochlú digiteach chun tairbhe do na páirtithe leasmhara uile ar bhealach cóir agus cothrom. 

Ina theannta sin, tá córais cosanta sóisialta láidre ríthábhachtach chun tionchar socheacnamaíoch suaití a mhaolú.

Is príomhthosaíocht den Straitéis nua Sláinte Domhanda an Aontais é tacú le córais sláinte i dtreo samhail níos éifeachtaí, níos athléimní agus níos inrochtana, ar fud a mbloc tógála bunúsach uile ( 19 ), agus beidh sé fós ina bhunchloch de ghníomhaíocht an Aontais maidir leis an tsláinte dhomhanda.

Ar an iomlán, tá an tAontas lena Bhallstáit agus le hinstitiúidí airgeadais na hEorpa, i gcur chuige Fhoireann na hEorpa, i measc na ndeontóirí is mó don tsláinte dhomhanda. Mar shampla, ranníocann an tAontas agus a Bhallstáit le chéile an sciar is airde de ranníocóir cistiúcháin leis an EDS ( 20 ).

Idir 2021-2025, gheall an Coimisiún thart ar EUR 6 bhilliún i gcúnamh oifigiúil forbraíochta don tsláinte dhomhanda. Díríodh thart ar leath de na ranníocaíochtaí ar institiúidí réigiúnacha agus ar thíortha, agus díríodh an leath eile ar an leibhéal domhanda ( 21 ). Comhlánaítear an ranníocaíocht sin le sruthanna cistiúcháin breise de chuid an Aontais lena dtacaítear le cuspóirí sláinte domhanda thar thaighde, nuálaíocht agus ionstraimí infheistíochta.

Ar an leibhéal réigiúnach, chothaigh an Coimisiún comhpháirtíochtaí le príomhinstitiúidí réigiúnacha amhail Lárionaid na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc, an Ghníomhaireacht Leigheasra Afracach, an Eagraíocht Phan‑Mheiriceánach Sláinte agus Gníomhaireacht um Shláinte Poiblí Mhuir Chairib, rud a chuir comhroinnt saineolais agus faisnéise chun cinn i réimse na gcóras sláinte a neartú. Cuirfidh an Coimisiún dlús leis an gcomhar sin i réimsí leasa fhrithpháirtigh, agus aitheantas á thabhairt aige don ról lárnach atá ag na hinstitiúidí réigiúnacha sin maidir le tacú le tíortha, agus ag cur le saineolas ghníomhaireachtaí an Aontais amhail an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, de réir mar is iomchuí agus a sainordú á chomhlíonadh acu san Aontas.

Tabharfar aird ar leith ar an Úcráin agus ar chomharsanacht an Aontais, ag cur leis an obair fhairsing a rinneadh chun cuidiú le comhpháirtithe ullmhú don aontachas. Tá iarrachtaí comhpháirteacha, infheistíochtaí leanúnacha agus athchóirithe ríthábhachtach chun caighdeáin sláinte poiblí an Aontais a chomhlíonadh agus chun saoránaigh an Aontais a chosaint in Aontas níos mó. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag tacú le tíortha is iarrthóirí ar a mbealach i dtreo an aontachais trí shaineolas agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun ailíniú le acquis sláinte phoiblí an Aontais agus cur chun feidhme éifeachtach i ngach réimse a áirithiú. Mar shampla, tá an Coimisiún trí EDS ag tacú le téarnamh agus claochlú an chórais sláinte san Úcráin. Is éard atá i gceist leis sin údaráis náisiúnta, saotharlanna agus bunachair sonraí a bhunú, an fhoireann is gá a áirithiú, agus oiliúint chuimsitheach a chur ar fáil, i measc comhpháirteanna criticiúla eile. Cuireann an tAontas cistiú ar fáil chun tacaíocht ábhartha bhreise a chur ar fáil i réimsí na slándála sláinte, bainistiú galar teagmhálach, dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha chomh maith le hoiliúint a chur ar shaineolaithe ó na húdaráis. Thairis sin, mar chuid den phróiseas lánpháirtíochta de réir a chéile, le rannpháirtíocht mar bhreathnóirí i meithleacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus i líonraí an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, cuirtear le hacmhainneacht i réimse na sláinte agus neartaítear saineolas teicniúil. Chomh maith leis sin, is féidir rochtain ar an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha le haghaidh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a dheonú ar thíortha is iarrthóirí, a luaithe a chomhlíonann siad rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, chun a áirithiú go mbeidh ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhéadú.

Tríd an gCiste Iontaobhais Ilchomhpháirtithe um Fhrithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach, tacaíonn an tAontas, in éineacht le roinnt Ballstát, le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta á gcur chun feidhme acu chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac agus chun a fhaireachas a neartú i gcur chuige na hAon Sláinte Amháin.

Faoi Global Gateway, Mol Infheistíochta Global Gateway agus leathadh amach ionstraimí airgeadais nuálacha, amhail ráthaíochtaí (e.g. an Luasaire um Fhorbairt Dhaonna) agus maoiniú cumaiscthe, féachfaidh an Coimisiún le hinfheistíochtaí comhthairbheacha ón earnáil phríobháideach Eorpach sa tsláinte dhomhanda a spreagadh.

ØTionscnamh suaitheanta 2. Tacú le haistriú na dtíortha comhpháirtíochta chuig ceannasacht sláinte trí mhaoiniú inbhuanaithe a chur ar fáil agus trí shaineolas a chomhroinnt

Ag cur le tacaíocht an Aontais atá ann cheana, oibreoidh an Coimisiún le tíortha comhpháirtíochta chun dlús a chur lena n‑aistriú chuig ceannasacht sláinte agus clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach, agus aghaidh á tabhairt ar bhearnaí idir na hinscní maidir le rochtain, inacmhainneacht agus cáilíocht an chúraim, agus béim mhór á leagan ar chúram sláinte príomhúil agus i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin. Sa bhreis ar chineálacha cur chuige a bhaineann go sonrach le galair, molfaidh an Coimisiún tairiscint chomhtháite ar féidir an méid seo a leanas a áireamh inti: a) tacú le beartais láidre sláinte agus straitéisí cuimsitheacha a cheapadh, b) slógadh acmhainní intíre feabhsaithe agus bainistíocht airgeadais phoiblí chun spás fioscach saor a chur ar fáil do bheartais sláinte agus cosanta sóisialta, c) ionstraimí airgeadais nuálacha a fhreagraíonn do riachtanais na n‑earnálacha poiblí, agus tacú le glacadh réitigh ábhartha earnáil phríobháideach an Aontais an tráth céanna ar bhonn téarmaí deonacha arna gcomhaontú go frithpháirteach, lena n‑áirítear sa tsláinte dhigiteach, faoi Global Gateway. Beidh ról lárnach ag toscaireachtaí an Aontais sa chur chun feidhme, lena n‑áiritheofar comhordú le Ballstáit an Aontais, ailíniú le tosaíochtaí na dtíortha agus seachadadh comhordaithe éifeachtach.

Cothófar comhar idir gníomhaireachtaí an Aontais agus gníomhaireachtaí réigiúnacha, i gcás inarb ábhartha agus sainorduithe ghníomhaireachtaí an Aontais á n‑urramú laistigh den Aontas, sa chomharsanacht agus idir líonraí an Aontais agus institiúidí sláinte poiblí i dtíortha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta, chun fairsinge thaithí an Aontais maidir le dul i ngleic le dúshláin sláinte poiblí a chomhroinnt. Tabharfaidh an tAontas aird ar leith ar an Úcráin agus ar chomhpháirtithe inár gcomharsanacht agus lorgóidh sé comhpháirtíochtaí nua le réigiúin atá ar aon intinn linn.

3.Cosc, ullmhacht agus freagairt ar bhagairtí agus géarchéimeanna sláinte domhanda a threisiú

Tá mórbhagairtí sláinte domhanda agus leathadh galar tógálach roimh an domhan, agus is cúis mhór imní fós iad an fliú agus galair riospráide. I bhfianaise na n‑athruithe geopholaitiúla atá ann faoi láthair, tá méadú ag teacht ar an mbac atá ar líonraí sláinte domhanda mar gheall ar bhearnaí i mbunchórais faireachais chliniciúil agus eipidéimeolaíocha, acmhainneachtaí neamhleora saotharlainne agus cóireála agus bearnaí in infhaighteacht frithbheart leighis agus ullmhacht éigeandála don lucht saothair sláinte. Chuige sin, tá gá le gníomhaíocht chomhtháite ar an leibhéal domhanda, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal tíre chun cur le líonraí domhanda éifeachtacha agus tacú leo agus cuidiú le bearnaí i saineolas, in acmhainní agus i gcomhroinnt faisnéise a dhúnadh, Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na tíortha agus ar na heagraíochtaí réigiúnacha a bhfuil teorainn acu leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas.

An tráth céanna, is féidir teicneolaíochtaí nua-aimseartha, amhail seicheamhú, nó córais faisnéise a fhaigheann tacaíocht ó IS, a fhorbairt a thuilleadh agus a úsáid chun bearnaí a líonadh agus faireachas fíor-ama níos mó a sholáthar, agus bagairtí agus freagairtí a shainaithint níos tapúla. Thairis sin, ba cheart cumais faireachais fuíolluisce agus comhshaoil a neartú toisc go bhfuil siad in ann comharthaí pataigine a bhrath roimh chórais tuairiscithe cliniciúla.

Tá an luas cinntitheach mar fhreagairt ar ráig ( 22 ). Ní mór líonraí áitiúla iontaofa a bheith san áireamh i gcórais luathrabhaidh. Léirigh ráig na bolgaí moncaí in 2024 ar mhór-roinn na hAfraice conas is féidir le gníomhaíocht chomhordaithe dlús a chur le saineolas leighis agus frithbhearta a fhorbairt, a údarú agus a chur in úsáid. Ach nocht sé freisin bearnaí i mbrath bagairtí nach mór a dhúnadh má táimid chun ráigeanna amach anseo a shrianadh. Le hardáin il-oiriúnacha pataigine, atá leabaithe laistigh de ghnáthchórais faireachais, cuirtear bealach chun cinn ar fáil a bhfuil gealladh faoi. Trí ullmhacht borrtha a fhorbairt sa bhonneagar laethúil, is fearr is féidir le tíortha freagairt go tapa nuair a thagann an chéad bhagairt eile chun cinn.

Ba cheart sonraí faireachais, lena n‑áirítear sonraí pataigine, a chur go pras isteach i gcórais atá inrochtana ar fud an domhain, agus ar an gcaoi sin forbairt thapa frithbheart leighis a chumasú, de mheon na freagrachta domhanda agus na dlúthpháirtíochta, ag cur lena bhfuil bainte amach go hiltaobhach agus go hidirnáisiúnta. Tá ról bunúsach ag EDS agus ag an gCiste Paindéime i ndáil leis sin.

Chun athléimneacht sláinte domhanda a bhaint amach, tá gá le seirbhísí sláinte lenar féidir suaití a chosc, agus ullmhú agus freagairt dóibh, agus a n‑acmhainneacht á coinneáil ar bun chun cúram sláinte fíor-riachtanach a chur ar fáil do phobail. Chuige sin, tá gá le hinfheistíocht leanúnach in acmhainneachtaí maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt, go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, arb iad is mó atá i mbaol bagairtí sláinte domhanda amhail paindéimí.

Braitheann freagairt éifeachtach ar phaindéimí ar infhaighteacht frithbheart leighis agus ar rochtain orthu freisin, lena n‑áirítear do na pobail is mó atá i mbaol, lena n‑áirítear grúpaí a bhfuil bacainní a bhaineann le hinscne rompu. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, chothaigh an tAontas comhpháirtíochtaí maidir le frithbhearta leighis le Lárionaid Afracacha um Ghalair a Rialú agus a Chosc, leis an Eagraíocht Phan‑Mheiriceánach Sláinte, le Ceanada, leis an tSeapáin agus le Poblacht na Cóiré. Ag féachaint chun cinn, féachfaidh an Coimisiún freisin leis an gcomhar i réimse na bhfrithbheart leighis a neartú le comhlachtaí réigiúnacha ábhartha eile, amhail Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas.

Creat slándála sláinte an Aontais

Is bonn láidir é creat slándála sláinte an Aontais, a treisíodh i ndiaidh COVID-19, dár gcomhar le comhpháirtithe agus dár rannchuidiú leis an tslándáil sláinte dhomhanda. Tá sé bunaithe ar rialachán neartaithe lena gcumhdaítear cosc, ullmhacht agus freagairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte ( 23 ). Faoin Rialachán seo, tugtar tuairisc i bplean ullmhachta agus freagartha an Aontais ( 24 ) ar shásraí éifeachtacha rialachais agus comhordúcháin laistigh den Aontas, dá ghníomhaireachtaí, dá chomhlachtaí agus dá Bhallstáit, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail EDS agus comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, atá ríthábhachtach chun ullmhacht agus freagairt éifeachtach ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a áirithiú. Thairis sin, le Rialachán an Aontais maidir le hÉigeandáil Sláinte ( 25 ), cruthaítear creat éigeandála chun frithbhearta leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a dhaingniú le linn éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais.

Ina theannta sin, foráiltear leis an gcreat nua go mbeidh róil níos mó ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach. In 2021, bunaíodh Údarás tiomnaithe de chuid an Choimisiúin um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte agus béim á leagan ar fhrithbhearta leighis. Maidir leis an ngné shonrach sin, foráiltear leis an straitéis Frithbheart Leighis ( 26 ) go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag dul i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus ar an gcaoi sin cuirfear feabhas ar shineirgí agus ar ailíniú idir tionscnaimh an Aontais agus tionscnaimh dhomhanda chun frithbhearta leighis a fhorbairt. Áirithítear leis an gcreat sin freisin comhar idirnáisiúnta méadaithe maidir le faisnéis faoi bhagairtí sláinte, rud a áirithíonn go gcuirtear sonraí san áireamh i gcórais faireachais dhomhanda. Braitheann sé go mór ar acmhainneacht Bhallstát an Aontais, thíortha comharsanachta agus thíortha LEE cur leis an leibhéal réigiúnach agus leis an leibhéal domhanda.

Tá Rialachán (AE) 2022/2371 ábhartha do thíortha LEE agus tá sé á chur chun feidhme go hiomlán acu. Ina theannta sin, síníodh comhaontú maidir le slándáil sláinte leis an Eilvéis. Tá caibidlíocht ar siúl le stáit CSTE LEE maidir le comhaontú idirnáisiúnta chun an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua a chomhlachú le bearta éigeandála sláinte an Aontais i réimse na bhfrithbheart leighis chun athléimneacht sláinte domhanda a neartú a thuilleadh.

Faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, éascaíonn an Coimisiún mear-chomhordú an chúnaimh fhrithpháirtigh chun foirne leighis, trealamh agus cúnamh éigeandála a imscaradh nuair atá móréigeandálaí sláintear roimh thíortha. Mar chomhlánú ar an sásra sin, cuireann rescEU cúlchiste Eorpach d’acmhainneachtaí criticiúla ar fáil a bhainistítear go lárnach (amhail stoc-chairn leighis, ospidéil mhachaire, agus sócmhainní aslonnaithe leighis) chun tacaíocht thapa a chur ar fáil nuair a bhíonn acmhainní náisiúnta faoi bhrú mór. Freagraíonn an Coimisiún freisin d’éigeandálaí daonnúla trí chistiú a shlógadh nó trí sholáthairtí leighis, lóistíocht agus cúnamh agus saineolas tarrthála a sholáthar trí Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil.

ØTionscnamh suaitheanta 3. Líonraí domhanda a neartú le haghaidh brath, ullmhacht agus freagairt fheabhsaithe

Cuideoidh an Coimisiún le bagairtí eipidéime agus paindéime a bhrath níos luaithe, trí fhaireachas domhanda agus líonraí saotharlainne a neartú. Go háirithe, cothófar leis an gcomhar le EDS agus le comhpháirtithe domhanda agus réigiúnacha eile foinsí breise faisnéise eipidéime, lena n‑áirítear faireachas comhshaoil ( 27 ). Ina theannta sin, cuirfidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú dlús leis an oiliúint do shaineolaithe faireachais agus saotharlainne, lena n‑áirítear comhar le Saotharlanna Tagartha AE. Ar deireadh, tacóidh an Coimisiún le bonneagair faireachais agus saotharlainne níos fearr i dtíortha tosaíochta ísealioncaim agus meánioncaim tríd an gCiste Paindéime agus trí ghníomhaíocht tacaíochta thiomnaithe le EDS nó le comhpháirtithe ábhartha domhanda agus réigiúnacha eile, agus dúbláil agus líonraí comhthreomhara á seachaint.

Leathnóidh an Coimisiún comhar an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú le lárionaid náisiúnta agus réigiúnacha um ghalair a rialú chun sreabhadh faisnéise faoi phataiginí a éascú agus le Líonra Rabhaidh agus Freagartha um Ráigeanna Domhanda de chuid EDS chun tacú le mear-idirghabhálacha idirnáisiúnta.

Ar deireadh, cuideoidh an Coimisiún le cosc a neartú trí fheachtais vacsaínithe agus ullmhacht níos éifeachtaí a dhéanamh san Aontas agus i réigiúin chomharsanacha.

ØTionscnamh suaitheanta 4. An acmhainneacht freagartha a neartú trí infhaighteacht frithbheart leighis

Teiripic: tacóidh an Coimisiún le bunú na Comhghuaillíochta Domhanda um Fhorbairt Teiripice agus cuirfidh sé Mol Teiripice an Aontais ar bun, a thabharfaidh aghaidh ar phíblíne na teiripice a bhíonn tearcfhorbartha i gcónaí. Ina theannta sin, slógfaidh an Coimisiún ionstraimí airgeadais nuálacha chun tacaíocht a chur ar fáil chun teiripic nua a fhorbairt, go háirithe teiripic de chineál speictrim leathain.

Vacsaíní: chun an uaillmhian maidir le vacsaín shábháilte éifeachtach a oibríochtú laistigh de 100 lá tar éis dearbhú paindéime do gach fine víreasach tosaíochta agus pataigin anaithnid (Cásanna Ghalar X ( 28 )), cuirfidh an Coimisiún dlús lena thiomantas don Chomhghuaillíocht um Nuálaíochtaí maidir le hUllmhacht d’Eipidéimí agus áiritheoidh sé infheistíocht leanúnach sa Mhol Vacsaíní Eorpach chun tacú le vacsaíní nua.

Diagnóisic: tacóidh an Coimisiún le Mol diagnóiseach de chuid an Aontais a bhunú, rud a chuirfidh chun cinn forbairt agus cur in úsáid tástálacha agus teicneolaíochtaí diagnóiseacha núíosacha ar an margadh, ar tástálacha agus teicneolaíochtaí iad is féidir a gcuspóir a athrú agus/nó a uas-scálú go héasca nuair a tharlaíonn paindéim. Trí theicneolaíochtaí atá ann cheana agus teicneolaíochtaí nua le haghaidh tástála a ghiaráil, tá coinne ag an gCoimisiún go rannchuideoidh sé le rochtain níos leithne agus níos cothroime ar dhiagnóisic i gcoitinne agus, go háirithe, rochtain ag pobail leochaileacha nó mionlaigh, i gcomhar le tionscnaimh eile atá ann cheana.

ØTionscnamh suaitheanta 5. Tacú le rianaire athléimneachta agus slándála sláinte domhanda

Is é is aidhm don rianaire athléimneachta agus slándála sláinte domhanda a áirithiú go nglacfar cur chuige comhsheasmhach chun caiteachas sláinte domhanda a rianú go tráthrialta agus iarrachtaí leanúnacha a chomhlánú chun sonraí cistithe náisiúnta a neartú chun maoiniú níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí a áirithiú. Forbrófar an rianaire i gcomhar le ECFE, le EDS agus leis an mBanc Domhanda.

Díreoidh an rianaire ar dtús ar ullmhacht, cosc agus freagairt i ndáil le paindéimí trí chaiteachas intíre na gcomhpháirtithe agus an tacaíocht idirnáisiúnta a fhaigheann siad sa réimse sin a mhapáil, chun dúbailt a sheachaint agus an trédhearcacht, an chuntasacht agus an éifeachtacht maidir leis an maoiniú slándála sláinte domhanda a mhéadú. I gcás inar féidir leis na sonraí, cuirfidh an rianaire úsáid táscairí imdhealaithe de réir gnéis agus, i gcás inarb ábhartha, táscairí caiteachais agus torthaí atá inscne-íogair chun cinn. Ba cheart réimsí breise den chaiteachas sláinte domhanda a chur leis de réir a chéile chun tosaíochtaí sláinte domhanda níos leithne a chumhdach.

4.Slabhraí soláthair domhanda a éagsúlú agus tacú le forbairt agus monarú príomhtháirgí sláinte i dtíortha comhpháirtíochta, ar bhonn leasanna frithpháirteacha

Ba chuid lárnach de thairiscint an Aontais le haghaidh comhpháirtíochtaí sláinte domhanda an comhar le tionscal an Aontais, agus chuir infheistíochtaí an Aontais leasanna frithpháirteacha chun cinn, ag cur le hacmhainneacht an Aontais agus ag leathnú an bhoinn monaraíochta le haghaidh táirgí sláinte comhlántacha, rud a d’fhág go raibh slabhraí soláthair sláinte domhanda níos éagsúlaithe agus níos sláine ann. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go gcoinneoidh an tAontas bonn tionsclaíoch láidir cógaisíochta ar bun agus go neartóidh sé a thuilleadh é chun tacú le huathriail straitéiseach agus iomaíochas an Aontais agus mar rannchuidiú tábhachtach leis an acmhainneacht mhonaraíochta dhomhanda.

Is féidir le suaití sna slabhraí soláthair domhanda difear a dhéanamh d’uathriail straitéiseach an Aontais agus ár dtíortha comhpháirtíochta araon. Tá na suaití sin ag éirí níos minice agus níos déine, arna spreagadh ag líon méadaitheach suaití domhanda, amhail paindéimí agus teannas geopholaitiúil. Leis an tionchar a bhíonn acu, nochtar leochaileachtaí agus idirthuilleamaíochtaí comhroinnte ( 29 ). An tráth céanna, le bonn an tsoláthróra dhomhanda le haghaidh príomhtháirgí sláinte, amhail vacsaíní, comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus antaibheathaigh, ar táirgí iad atá comhchruinnithe i líon teoranta monaróirí, suíomhanna agus limistéar geografach, méadaítear an nochtadh do shuaití seachtracha agus do scrogaill soláthair.

Dá bhrí sin, cuidíonn slabhraí soláthair domhanda éagsúlaithe agus dea-chomhtháite le hathléimneacht sláinte a chothú in aghaidh suaití agus éiginnteacht gheopholaitiúil, agus iad ag feidhmiú laistigh de chreataí trádála agus comhpháirtíochta idirnáisiúnta atá oscailte agus riailbhunaithe lena n‑áirithítear nach n‑eisiatar aon réigiún ó thaobh struchtúir de ó rochtain ar a shlándáil sláinte féin.

Ar an gcaoi chéanna, is féidir le cuideachtaí an Aontais tairbhe a bhaint as rochtain níos éasca ar mhargaí nua, leathnaithe agus riailbhunaithe a thacaíonn le deimhneacht dhlíthiúil agus nuálaíocht, trí chomhpháirtíochtaí le gnólachtaí agus údaráis áitiúla, agus aistrithe deonacha teicneolaíochta ar théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach agus infheistíocht spriocdhírithe mar bhonn taca leo, i gcás inarb iomchuí. D’fhéadfadh sé sin bealach comhlántach chuig an margadh a chur ar fáil do chuideachtaí an Aontais seachas onnmhairiúcháin amháin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás táirgí atá deartha chun dul i ngleic le riachtanais sláinte atá marthanach, nach bhfuiltear ag freastal orthu nó nach bhfuiltear ag freastal orthu go maith, lena n‑áirítear ailse, sláinte ghnéis agus atáirgthe, maláire, VEID, eitinn, chomh maith le galair a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar eipidéimí amhail víris riospráide, bolgach moncaí nó fiabhras veicteoir-iompartha.

Samhail mhonaraíochta agus nuálaíochta an Aontais

Le haibíocht rialála, cuirtear chun cinn rochtain phras ar tháirgí íocshláinte agus vacsaíní ar cháilíocht dhearbhaithe, faireachas cógas láidir, nósanna imeachta um údarú éigeandála, agus dálaí margaidh intuartha le haghaidh monaraíocht inbhuanaithe. Le rialacha chun slándáil an tsoláthair agus rochtain ar chógaisíocht, ar tháirgí íocshláinte criticiúla agus ar fheistí leighis a mhéadú ( 30 ), is féidir gnéithe úsáideacha a chur ar fáil d’athléimneacht chóras sláinte na gcomhpháirtithe.

Tugann an tAontas cinnteacht rialála chomh maith le córais láidre chógaisíochta agus acmhainneacht mhonaraíochta. Baineann an tAontas leas as saineolas ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, atá freagrach as meastóireacht eolaíoch, maoirseacht agus faireachán sábháilteachta a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte, ar féidir leo saineolas a roinnt le contrapháirtithe i réigiúin eile ar fud an domhain.

Cothaíonn an tAontas taighde agus nuálaíocht freisin trí lear mór tionscnamh, lena n‑áirítear an Chomhpháirtíocht maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha (EDCTP) ( 31 ), a chaitheann suas le EUR 910 milliún ón gclár Fís Eorpach lena ngiaráiltear ar a laghad an méid céanna ó chomhpháirtithe Eorpacha, Afracacha agus idirnáisiúnta chun tacú le taighde cliniciúil chun dlús a chur le forbairt drugaí, vacsaíní, miocróibicídí agus diagnóisic nua nó feabhsaithe in aghaidh galair thógálacha a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair thógálacha atá ag teacht chun cinn, agus béim á leagan ar an Afraic Fho-Shahárach. Cistíonn sé trialacha cliniciúla ilnáisiúnta agus taighde cur chun feidhme, agus neartaíonn sé acmhainneacht taighde náisiúnta, athbhreithniú eiticiúil agus córais rialála an tráth céanna, i gcomhpháirtíocht láidir le hinstitiúidí na hAfraice.

Mar fhreagairt ar an nglao ó cheannairí na hAfraice, i mí na Bealtaine 2021, sheol an tAontas Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le monarú agus rochtain ar vacsaíní, táirgí íocshláinte agus teicneolaíochtaí sláinte san Afraic, ar a dtugtar MAV+ ( 32 ). Go dtí seo, tá thart ar EUR 2 bhilliún infheistithe ag MAV+, go háirithe san Afraic Theas, sa tSeineagáil, i nGána, sa Nígeir, i Ruanda agus san Éigipt, agus chuaigh sé i gcomhpháirtíocht ar an leibhéal ilchríochach le Lárionaid na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc, leis an nGníomhaireacht Leigheasra Afracach agus le Gníomhaireacht Forbartha an Aontais Afracaigh – Comhpháirtíocht do ‘Africa’s Development, chomh maith le EDS. Tugann creat MAV+ aghaidh ar sholáthar, ar éileamh agus ar an timpeallacht chumasúcháin ar bhealach comhlántach ( 33 ).

Cuirfidh an Coimisiún dlús leis na hiarrachtaí slabhraí soláthair domhanda a éagsúlú agus acmhainneachtaí monaraíochta a neartú le haghaidh príomhtháirgí sláinte agus tacú le slándáil an tsoláthair i réimsí leasa fhrithpháirtigh don Aontas agus dá thíortha comhpháirtíochta, agus iomaíochas leanúnach thionscal an Aontais á áirithiú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin príomhleochaileachtaí i slabhraí soláthair (amhail vacsaíní sonracha, antaibheathaigh, comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus príomhtháirgí sláinte eile, ar cheart rochtain a fheabhsú ina leith do phobail atá i ngátar, amhail tráchtearraí sláinte máthartha agus atáirgthe) i gcás ina gcruthaíonn comhchruinniú an táirgthe agus éagsúlú geografach teoranta nó scrogaill eile, amhail éileamh ilroinnte, rioscaí sistéamacha.

ØTionscnamh suaitheanta 6. Tacaíocht an Aontais a chur chun cinn d’éagsúlú slabhraí soláthair domhanda agus d’fhorbairt agus monarú príomhtháirgí sláinte ar bhonn leas frithpháirteach

Cuirfidh an Coimisiún dlús le huirlisí infheistíochta an Aontais a chur in úsáid amhail ráthaíochtaí (e.g. an Luasaire um Fhorbairt Dhaonna ( 34 )) nó deontais agus iasachtaí a mheascadh agus féachfaidh sé leis an gcomhar leis an earnáil airgeadais agus le heagraíochtaí daonchairdis, agus leis an earnáil phríobháideach, a chur chun cinn, ar bhonn leasanna frithpháirteacha chun tacú le hinfheistíochtaí comhpháirteacha ó chuideachtaí an Aontais agus ó chuideachtaí áitiúla i dtíortha comhpháirtíochta.

Chun éifeachtacht agus inbhuanaitheacht na n‑infheistíochtaí sin a áirithiú, leanfaidh an Coimisiún den timpeallacht chumasúcháin le haghaidh forbairt thionsclaíoch a neartú, lena n‑áirítear trí thacaíocht a thabhairt don taighde, do scileanna atá freagrúil ó thaobh inscne de agus d’fhorbairt an lucht saothair, don nuálaíocht agus do mhargaí atá saor ó bhacainní. I gcás inarb ábhartha, slógfaidh an Coimisiún a líonra d’institiúidí acadúla agus de chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha de chuid an Aontais. Leanfaidh sé freisin den Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus den líonra d’Údaráis Rialála Náisiúnta de chuid an Aontais a shlógadh chun tacú le conairí rialála comhoibríocha.

ØTionscnamh suaitheanta 7. Comhpháirtíocht dhomhanda a chur chun cinn le haghaidh malartú eolais maidir le frithbhearta leighis agus acmhainneacht borrtha

Chun an t‑éileamh a neartú, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún dlús a chur lena chomhar le réigiúin chomhpháirtíochta, le tionscnaimh sláinte domhanda agus le hinstitiúidí maoinithe idirnáisiúnta maidir le creataí soláthair agus gealltanais réamhcheannaigh chun údar a thabhairt le hinfheistíocht leanúnach ó mhonaróirí éagsúlaithe. Ba cheart féachaint ar sholáthar comhpháirteach agus comhthiomsaithe chun na críche sin ( 35 ), agus comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar shochair fhrithpháirteacha á dtreisiú. Ag féachaint chun cinn, lorgóidh an Coimisiún comhpháirtíochtaí nua le réigiúin atá ar aon intinn leis. In éineacht le EDS, méadóidh an Coimisiún a chomhar chun teacht ar chomhaontú maidir le prionsabail chomhchoiteanna le comhpháirtithe soláthair réigiúnacha san Afraic, i Meiriceá Laidineach, san Áise agus sa Mheánoirthear.

Mar gheall ar an rath a bhí ar FAB an Aontais ( 36 ), comhroinnfidh an Coimisiún a fhios gnó maidir le táirgeadh acmhainneachta borrtha le comhpháirtithe idirnáisiúnta, ar féidir leo é a chur in oiriúint dá gcomhthéacsanna féin ina dhiaidh sin.

ØTionscnamh suaitheanta 8: Tacú le líonraí taighde chliniciúil le haghaidh forbairt chliniciúil táirgí sláinte ó cheann go ceann 

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a thacaíocht a leathnú chuig taighde cliniciúil ó cheann go ceann agus trialacha cliniciúla ilnáisiúnta, ag a bhfuil coimircí láidre maidir le cosaint sonraí ( 37 ), trí líonraí tiomnaithe ar bhonn na taithí a fuarthas ó chomhpháirtíocht Shláinte Dhomhanda EDCTP3 maidir le trialacha cliniciúla leis an Afraic.

5.Athléimneacht sochaí a neartú trí mhuinín san eolaíocht a chothú agus trí chur in aghaidh na bréagaisnéise, na mífhaisnéise agus ICIEF

Chun dul i ngleic le dúshláin choiteanna sláinte, ní mór é a chur ar a gcumas do thaighdeoirí agus do ghairmithe ar fud an domhain comhoibriú go rianúil: is é an rud a spreagann dul chun cinn eolaíoch agus réitigh ar roinnt de na saincheisteanna is práinní ar domhan, lena n‑áirítear saincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, a áirithiú nach mbeidh aon teorainn le heolas. I ndáil leis sin, tá rochtain dhaonlathaithe ar eolas, infheictheacht mhéadaithe taighde, agus comhar idirdhisciplíneach éascaithe ag bunachair sonraí oscailte agus tá siad ríthábhachtach chun uirlisí intleachta saorga agus táirgí íocshláinte agus teicneolaíochtaí leighis a fhorbairt.

Tá dúshláin mhóra ag baint le scaipeadh méadaitheach na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise sláinte ( 38 ) agus ICIEF don taighde sláinte agus don athléimneacht sláinte domhanda, ós rud é go laghdaíonn sé an mhuinín sna húdaráis sláinte poiblí, san eolaíocht agus sa leigheas, agus go gcuireann sé bac ar chumas daoine cinntí eolasacha a dhéanamh. Le linn mórghéarchéimeanna sláinte, tá baol níos airde ann go mbeidh bréagaisnéis agus mífhaisnéis sláinte agus ICIEF ann. Gníomhaithe mailíseacha a scaip faisnéis ar baineadh míthuiscint aisti nó faisnéis bhréagach faoi chúram sláinte le linn phaindéim COVID-19, thug siad sampla lom den eolaíocht a bheith á húsáid mar arm, rud a raibh iarmhairtí tromchúiseacha aige amhail drogall roimh an vacsaíniú nó frithsheasmhacht phoiblí in aghaidh bearta riachtanacha sláinte poiblí (e.g. úsáid masc agus scaradh sóisialta). Baineann sé sin an bonn d’éifeachtacht na cumarsáide maidir le rioscaí don tsláinte phoiblí, rannpháirtíocht an phobail agus bearta eile. Lagaíonn sé freisin an cumas éigeandálaí sláinte ar fud an domhain a chosc, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh. Áiríodh le ICIEF a tuairiscíodh le linn na paindéime freisin bagairtí fisiciúla a chur chun cinn agus a eagrú agus imeaglú a dhéanamh ar thaighdeoirí agus ar chleachtóirí a raibh baint acu leis an bhfreagairt. Chomh maith le bac díreach a chur ar bhearta sláinte poiblí, bhí éifeacht athchomhairleach agus pholaraithe aige sin ar bhonn níos ginearálta ( 39 ).

Chun cur in aghaidh ICIEF i réimse na sláinte, tá gá le faireachán níos fearr, rannpháirtíocht phras an phobail, faisnéis réamhghníomhach agus fhíorasach, atá saincheaptha don chultúr agus don chomhthéacs sonrach. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar úsáid uirlisí intleachta saorga i spás na sláinte, tá litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin agus uirlisí digiteacha inrochtana fíor-riachtanach, rud a chuireann ar a gcumas do dhaoine aonair measúnú criticiúil a dhéanamh ar ábhar ar líne agus tuiscint a fháil ar an gcaoi a ngintear é agus ar an gcaoi a ndírítear air. Chun cumarsáid éifeachtach maidir le sláinte phoiblí a áirithiú, ba cheart do na húdaráis oibriú i gcomhar le gairmithe sláinte, pobail áitiúla agus páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear idirghabhálaithe iontaofa amhail líonraí gairmiúla, ceannairí pobail agus eagraíochtaí creideamhbhunaithe. Sa chomhthéacs sin, tá toscaireachtaí an Aontais ríthábhachtach chun Foireann na hEorpa a shlógadh ar an láthair agus chun tacú le húdaráis i dtíortha comhpháirtíochta.

An tráth céanna, is gá dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh táirgí íocshláinte góchumtha agus faoi bhun caighdeáin, agus leas á bhaint as taithí agus saineolas an Aontais san earnáil agus leas á bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le teicneolaíochtaí nua. Tá sé fíor-riachtanach aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis na táirgí sin chun ardchaighdeáin dhomhanda a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sonracha amhail fás na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.

Cur·chuige·an·Aontais·chun·muinín·san·eolaíocht·a·áirithiú·agus·cur·in aghaidh bréagaisnéis sláinte, mífhaisnéis sláinte agus ICIEF

Is réamhchoinníoll riachtanach í muinín an phobail sa taighde eolaíoch chun go nglacfaí le nuálaíochtaí eolaíocha agus teicneolaíocha ar féidir leo an tsláinte phoiblí a mhéadú agus borradh a chur faoin bhfolláine aonair agus shóisialta. Cuireann an tAontas deiseanna taighde agus oideachais ardleibhéil ar fáil, agus tiomantas daingean ann don tsaoirse acadúil, don éagsúlacht agus don chuimsiú, mar a chuirtear i dtábhacht sa tionscnamh Roghnaigh an Eoraip. Le Erasmus+, trína ghné idirnáisiúnta atá ailínithe le tosaíochtaí Global Gateway, forbraítear athléimneacht in aghaidh na bréagaisnéise i dtíortha comhpháirtíochta trí chórais oideachais a bhaineann leis an tsláinte a neartú. Comhlíonann taighde sláinte domhanda a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, lena n‑áirítear athbhreithnithe piaraí, na caighdeáin eolaíocha is airde agus tá sé i gcomhréir le Treoir nua EDS maidir le Dea-Chleachtais le haghaidh Trialacha Cliniciúla ( 40 ).

Tá an Coimisiún ag obair faoi láthair chun treoraíocht a fhorbairt agus a chur ar fáil do Bhallstáit an Aontais maidir le mífhaisnéis agus bréagaisnéis a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh i réimse na bhfrithbheart leighis. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, cuirtear timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne ar fáil san Aontas, agus leagtar amach sa Chód Iompair maidir le Bréagaisnéis a ghabhann leis raon cuimsitheach gealltanas agus beart chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na bréagaisnéise ar líne, lena n‑áirítear i réimse na sláinte poiblí. Déanann an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha faireachán ar scaipeadh bréagaisnéise agus mífhaisnéise sláinte agus ICIEF san Aontas, lena n‑áirítear i réimse na sláinte. Tacaíonn an tAontas le hobair ríthábhachtach na n‑eagraíochtaí seiceála fíricí (mar shampla, thosaigh an Líonra Eorpach Seiceálaithe Fíricí a chuid oibríochtaí). Rannchuidíonn gníomhaíochtaí a fógraíodh faoin Sciath Eorpach don Daonlathas le sláine an spáis faisnéise a chosaint trí chuidiú le hathléimneacht sochaí a chothú in aghaidh bréagaisnéis agus mífhaisnéis sláinte agus ICIEF.

Is féidir bosca uirlisí ICIEF an Aontais, lena soláthraítear sraith freagairtí féideartha ón Aontas ar ghníomhaíochtaí ICIEF, a shlógadh freisin chun tacú le hiarrachtaí thoscaireachtaí an Aontais insintí ionramhálacha a chomhrac agus a bhréagnú, mar a tharla le linn ráig bolgaí moncaí in 2024 ar mhór-roinn na hAfraice.

ØTionscnamh suaitheanta 9: Rochtain dhomhanda ar phríomhstórtha maidir le heolaíocht sláinte, géanóim agus bithshonraí a áirithiú agus comhar idirnáisiúnta a neartú 

Chun cur in aghaidh na mífhaisnéise, tá gá freisin le rochtain ar shonraí eolaíocha láidre. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain oscailte ar stórtha agus príomhbhunachair sonraí maidir le heolaíocht, géanóim agus bithshonraí a óstáiltear san Aontas agus atá criticiúil chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus ar theicneolaíochtaí leighis ( 41 ).

Féachfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais, leis an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta a neartú maidir le gnéithe rialála agus eolaíocha araon, ag cur le stór dea-chleachtas maidir le taighde agus nuálaíocht fhreagrach agus cumarsáid eolaíochta fhreagrach.

Conclúidí

Tá rún daingean ag an Aontas i gcónaí a bheith ina chomhpháirtí sláinte domhanda ar bhonn prionsabálta, iontaofa agus réamhbhreathnaitheach i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú go tapa. Ag cur lenár láidreachtaí uathúla, tá samhail sláinte ag an Aontas atá cruthaithe, cuimsitheach agus bunaithe ar chearta lena soláthraítear clúdach sláinte uilíoch agus rochtain chothrom ar chúram sláinte, mar aon le taighde, nuálaíocht, acmhainneacht rialála agus neart tionsclaíoch den chéad scoth. Tacaítear leis sin le taithí uathúil an Aontais mar thionscadal lánpháirtíochta réigiúnaí, lena dtacaítear le comhpháirtíochtaí laistigh de réigiúin agus ar fud na réigiún agus lena thacaíocht láidir do rannpháirtíocht iltaobhach.

Iarrann an Coimisiún ar institiúidí eile an Aontais agus ar na Ballstáit teacht le chéile faoi chur chuige treisithe Fhoireann na hEorpa chun ár sprioc a chur chun cinn maidir le borradh a chur faoin athléimneacht sláinte domhanda, i gcomhpháirtíocht le tíortha, réigiúin agus institiúidí iltaobhacha, agus faoinár n‑athléimneacht, ár n‑iomaíochas agus ár slándáil eacnamaíoch féin. I dteannta a chéile, ní mór dúinn an bhearna idir an fhreagairt dhaonnúil agus an athléimneacht fhadtéarmach a dhúnadh, córais sláinte áitiúla agus réigiúnacha a neartú, agus tionchar intomhaiste a bhaint amach – toisc go mbraitheann ár slándáil chomhchoiteann ar shláinte gach duine. Ní chosnófar aon duine go dtí go mbeidh gach duine slán.

(1) ()    EDS, UNICEF, UNFPA, Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus UNDESA/An Rannán Daonra, 2025.
(2) ()    Amhail spriocanna sláinte na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
(3) ()    IHME, 2025.
(4) ()    ECFE, 2026.
(5) ()    Tuigtear gurb é atá in athléimneacht na gcóras sláinte cumas na gcóras, na bpobal agus na n‑institiúidí raon leathan suaití agus strusairí a chosc, ullmhú dóibh, iad a sheasamh agus oiriúnú dóibh, agus soláthar leanúnach seirbhísí fíor‑riachtanacha sláinte ar ardchaighdeán á áirithiú (EDS, 2024).
(6) ()     COM(2025) 30 final
(7) ()     JOIN(2025) 130 final  
(8) ()     Straitéis nua Sláinte Domhanda an Aontais: Sláinte Níos Fearr do Chách i nDomhan atá ag Athrú - Sláinte Phoiblí . Foilsíodh an chéad tuarascáil ar chur chun feidhme na straitéise an 10 Iúil 2025:  Tuarascáil ar chur chun feidhme Straitéis nua Sláinte Domhanda an Aontais - Sláinte Phoiblí .
(9) ()    Tá cláir oibre chomhfhreagracha fós le glacadh.
(10) ()    Mar a comhaontaíodh ag an 158ú seisiún de Bhord Feidhmiúcháin EDS agus mar chomhlánú ar phlé reatha Thionscnamh NA80.
(11) ()    Tá an Chomhairle tiomanta i gcónaí ar chearta uile an duine a chur chun cinn, a chosaint agus a chomhlíonadh, agus ar chur chun feidhme iomlán agus éifeachtach Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt, agus torthaí a gcuid comhdhálacha athbhreithniúcháin, agus tá sí tiomanta i gcónaí do shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe sa chomhthéacs sin.
(12) ()     JOIN(2024) 25 final
(13) ()    EDS, 2024.
(14) ()    IHME, Our World in Data.
(15) ()    Áirítear orthu sin galair neamhtheagmhálacha a chosc (Healthier Together – Tionscnamh an Aontais maidir le Galair Neamhtheagmhálacha, an ailse a chomhrac (Plean Sáraithe Ailse na hEorpa), dul i ngleic le dúshláin mheabhairshláinte (Cur Chuige Cuimsitheach i leith na Meabhairshláinte), aghaidh a thabhairt ar ghalar cardashoithíoch (Plean AE um an tSláinte Chardashoithíoch: an Plean ‘Croí Slán’), lena gcumasaítear líonraí trasteorann (Líonraí Tagartha Eorpacha, LTEnna) nó lena ndéileáiltear le saincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte atá nasctha leis an athrú aeráide (Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide).
(16) ()     COM(2020) 761 final
(17) ()     COM(2025) 102 final
(18) ()     ST/9581/2023/INIT
(19) ()    Soláthar seirbhísí, lucht saothair sláinte, córais faisnéise sláinte, rochtain ar phríomhtháirgí íocshláinte, maoiniú, agus ceannaireacht/rialachas.
(20) ()    Bhí an ranníocaíocht dhíreach le buiséad EDS 2024-2025 os cionn USD 1,7 billiún – 22 % den iomlán agus os cionn dhá uair níos mó ná na chéad ranníocóirí eile is mó.
(21) ()    Le linn 2021-2025, thacaigh an tAontas go díreach le 49 dtír a bhfuil gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tsláinte ar bun acu ar fud réigiúin éagsúla, lena n‑áirítear an Afraic Fho-Shahárach (Beinin, Buircíne Fasó, an Bhurúin, Poblacht na hAfraice Láir, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Aetóip, Gána, an Ghuine, GuineBissau, an Chéinia, Madagascar, an Mháratáin, Mósaimbíc, an Nígir, an Nigéir, Ruanda, an tSeineagáil, an tSomáil, an Afraic Theas, an tSúdáin, an tSúdáin, Uganda, an tSaimbia agus an tSiombáib), an Afraic Thuaidh (an Éigipt, an Libia, Maracó agus an Túinéis), an Meánoirthear (an Iordáin, an Liobáin, an tSiria agus an Bruach Thiar agus Stráice Gaza), Oirthear na hEorpa, an Chomharsanacht agus na Balcáin Thiar (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin), an Áise Láir agus Theas (an Afganastáin, Daon‑Phoblacht Dhaonlathach Laos agus an Úisbéiceastáin), Meiriceá Laidineach (Cósta Ríce, an tSalvadóir agus Meicsiceo), réigiún na Cairibe (Barbadós, Cúba agus an Ghuáin).
(22) ()    Úsáidtear prionsabail amhail samhail 7:1:7 (7 lá chun ráig amhrasta de ghalar a bhrath; 1 lá amháin chun fógra a thabhairt d’údaráis sláinte poiblí ábhartha; 7 lá chun gníomhaíochtaí luathfhreagartha a thabhairt chun críche) chun an phráinn a chur in iúl tráth géarchéime.
(23) ()     Rialachán (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte
(24) ()     COM(2025) 745 final  
(25) ()     Rialachán 2022/2372 ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais
(26) ()     COM(2025) 529 final
(27) ()    I measc na samplaí tá an tionscnamh um fhaisnéis Eipidéime ó fhoinsí oscailte (EIOS), an líonra Idirnáisiúnta um fhaireachas ar phataiginí (IPSN), an tionscnamh géanómaíochta Pataigine (PGI) agus an cuibhreannas domhanda um fhaireachas fuíolluisce agus comhshaoil don tsláinte phoiblí (GLOWACON).
(28) ()    Pataigin anaithnid nár tháinig chun cinn go fóill ach a d’fhéadfadh a bheith ina bagairt mhór ar an tsláinte phoiblí.
(29) ()    Mar shampla, allmhairíonn an Afraic 99 % dá vacsaíní agus 70-90 % dá táirgí íocshláinte (EDS, 2024), agus i Meiriceá Laidineach, measadh gur thart ar 15 % den soláthar vacsaíní COVID-19 an táirgeadh áitiúil (PATH, 2024).
(30) ()    Trí, mar shampla, athchóiriú cógaisíochta, athbhreithniú ar rialacha feistí leighis agus an Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla atá beartaithe.
(31) ()     https://www.global-health-edctp3.europa.eu/index_en  
(32) ()     https://international-partnerships.ec.europa.eu/policies/team-europe-initiatives/team-europe-initiative-manufacturing-and-access-vaccines-medicines-and-health-technologies-africa_ga  
(33) ()    Cumhdaítear leis an gcreat MAV+ sé phríomhshruth oibre: (i) forbairt thionsclaíoch agus slabhraí soláthair, lena n‑áirítear rannpháirtíocht na hearnála príobháidí; (ii) múnlú margaidh, comhdhlúthú éilimh agus éascú trádála; (iii) neartú rialála; (iv) aistriú deonach teicneolaíochta ar théarmaí a chomhaontófar go frithpháirteach agus i ndáil le maoin intleachtúil; (v) rochtain ar mhaoiniú; agus (vi) taighde, ardoideachas agus forbairt scileanna
(34) ()     Dlús a chur leis an bhForbairt Dhaonna - Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta
(35) ()    Shínigh 39 dtír an Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun frithbhearta leighis a sholáthar, lena n‑áirítear tíortha uile an mhéadaithe, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
(36) ()     https://health.ec.europa.eu/latest‑updates/new-pandemic-preparedness-facilities-inaugurated-under-heras-eufab-network-2025-02-03_ga  
(37) ()     https://www.edpb.europa.eu/news/news/2026/edpb-brings-clarity-data-processing-scientific-research-speeds-finalisation_ga  
(38) ()    Féach na sainmhínithe ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis sa teachtaireacht faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach: COM(2020) 790 final
(39) ()     JOIN(2020) 8 final
(40) ()     https://www.who.int/news/item/25-09-2025-core-funders-of-medical-research-commit‑to-strengthening-clinical-trials-worldwide
(41) ()    Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil do GENCODE, UniProt, Europe PMC.