Strasbourg, 10.3.2026

COM(2026) 117 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Straitéis chun Imoibreoirí Modúlacha Beaga (IMBanna) a fhorbairt agus a chur in úsáid san Eoraip


1.Réamhrá

Tá soláthar fuinnimh atá dúchasach, inacmhainne agus glan ríthábhachtach chun spriocanna straitéiseacha an Aontais Eorpaigh maidir le hiomaíochas tionsclaíoch agus dícharbónú, chomh maith leis an neamhspleáchas straitéiseach agus slándáil an tsoláthair fuinnimh, a bhaint amach.

D’fhéadfadh an chatagóir imoibreoirí núicléacha atá ag teacht chun cinn, ar a dtugtar Imoibreoirí Modúlacha Beaga (‘IMBanna’), rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí beartais sin de chuid an Aontais agus a bheith ar cheann de na chéad mhórthionscadail forbartha tionsclaíche eile san Eoraip.

D’fhéadfadh IMBanna slabhraí luacha iomlána a spreagadh i roinnt tíortha san Aontas agus i réimsí éagsúla gnó, lena n‑áirítear an innealtóireacht, ardábhair agus an róbataic, agus an infheistíocht phríobháideach a scaoileadh. Is féidir leo ceannaireacht an Aontais i réimsí an taighde agus na nuálaíochta a neartú, eolas teicneolaíoch nua agus poist oilte agus acmhainneacht onnmhairiúcháin fhadtéarmach a chruthú, agus an tráth céanna, na caighdeáin is airde sábháilteachta núicléiche, slándála núicléiche, coimircí núicléacha agus cosanta ar radaíocht núicléach san Aontas á n‑áirithiú chun saoránaigh agus an comhshaol a chosaint.

Meastar go mbeidh ról lárnach ag IMBanna in éineacht le himoibreoirí núicléacha traidisiúnta ar mórscála i gcóras fuinnimh atá solúbtha, sábháilte agus éifeachtúil, arb iad is saintréithe dó sciar méadaitheach de leictreachas glan agus éileamh méadaitheach ar sholáthairtí dícharbónaithe teasa agus gaile don tionscal agus do theaghlaigh. Cuireann IMBanna deiseanna ar fáil do cheannaitheoirí a bhfuil gá acu le fuinneamh cobhsaí, solúbtha agus glan ar mórscála, agus an tráth céanna, do réimse gníomhaithe sa tionscal núicléach, trí leictreachas agus teas ísealcharbóin a sholáthar go comhuaineach, mar shampla.

Mar gheall ar na buntáistí sonracha a bhaineann leis an bhfuinneamh núicléach mar aon le méid agus módúlacht IMBanna, tá spéis á cur iontu ó Bhallstát go chéile. Tá na réamh-mheastóireachtaí ar acmhainneacht ionchasach IMBanna san Aontas Eorpach faoi 2050 sa raon idir 17 GW agus 53 GW le haghaidh giniúint leictreachais agus chun críoch eile (teas, hidrigin, breoslaí sintéiseacha)( 1 ) .

Cad iad na himoibreoirí núicléacha modúlacha beaga?

Tagraíonn IMBanna d’imoibreoirí núicléacha atá deartha (i) le bheith níos lú ó thaobh méide agus aschuir de i gcomparáid le himoibreoirí núicléacha traidisiúnta, agus (ii) le bheith modúlach, is é sin le rá gur féidir na himoibreoirí nó a gcomhpháirteanna a mhonarú i suíomh monarchan agus a iompar chuig láithreán lena n‑úsáid go díreach nó lena gcóimeáil.

Is úsáideach na nithe seo a leanas a áireamh in aicmiú IMBanna 1) IMBanna éadromuisce, arb iondúil gur forbraíodh iad ó imoibreoirí núicléacha uiscefhuaraithe a bhí ann cheana; 2) Imoibreoirí Modúlacha Ardfhorbartha (IMAnna), a bhaineann úsáid as coincheapa nuálacha agus dearaí den chéad ghlúin eile (Glúin IV) le fuartháin éagsúla (miotal leachtach, salann leáite, nó gás ardteochta) nó cineálacha núíosacha breosla núicléach; agus 3) Micrea-Imoibreoirí, a tháirgeann níos lú ná 10 meigeavata de chumhacht leictreach de ghnáth, a bhfuil timthriallta fada athbhreoslaithe acu agus ar féidir iad a iompar ( 2 ).

Úsáidí deiridh éagsúla, sa bhreis ar tháirgeadh leictreachais

Trí IMBanna a chomhcheangal le foinsí fuinnimh núicléach in-athnuaite ar mórscála, d’fhéadfaí meascán fuinnimh solúbtha inbhuanaithe a chur ar fáil, agus é a dhéanamh níos éasca cobhsaíocht na heangaí a choinneáil ar bun an tráth céanna. Is féidir le IMBanna tacú go héifeachtach le cothromú ualach na heangaí.

Cé go ndíríonn na chéad tionscadail IMB ar fud an domhain ar tháirgeadh leictreachais, is dócha go n‑uasmhéadóidh teicneolaíochtaí IMB a n‑acmhainneacht agus iad ag díriú ar fheidhmeanna hibrideacha nó eis-eangaí agus ar tháirgeadh teasa chun críoch tionsclaíoch agus cónaithe inar deacair astaíochtaí a laghdú seachas dul in iomaíocht i margadh leictreachais seanbhunaithe an Aontais amháin.

Trí leictreachas agus teas ísealcharbóin a sholáthar, is féidir le IMBanna tacú go díreach le dícharbónú earnálacha inar deacair astaíochtaí a laghdú i gcroílár bhonn tionsclaíoch an Aontais, lena n‑áirítear ceimiceáin, cruach, scaglanna, iompar muirí, cosaint, agus téamh ceantair, agus an tráth céanna, an brú ar eangacha leictreachais ón éileamh atá ag dul i méid a mhaolú, lena n‑áirítear ó lárionaid sonraí, ó tháirgeadh hidrigine ísealcharbóin agus breoslaí sintéiseacha, agus ó dhíshalannú uisce.

Ina theannta sin, d’fhéadfaí micrea-imoibreoirí a úsáid amach anseo ar láithreáin thionsclaíocha, calafoirt, aerfoirt agus láithreáin mhianadóireachta éagsúla agus chun cumhacht a sholáthar d’oibríochtaí cosanta nó fóirithinte tubaistí. I bhfianaise méid, inaistritheacht agus inscálaitheacht micrea-imoibreoirí, d’fhéadfaidís feidhmiú mar chumasóir chun margadh leathan a chruthú le feidhmeanna iomadúla sa chéad chéim de chur in úsáid na teicneolaíochta sin.

Cás úsáide maidir le tionscail na gceimiceán

Tá leictreachas inacmhainne ísealcharbóin agus teas tionsclaíoch ardteochta (gal) ríthábhachtach do roinnt saoráidí monaraíochta ceimiceán. Táirgeann dearaí éagsúla IMB gal ag leibhéil teochta éagsúla, is é sin sa raon idir 200°C agus 550°C, a bheag nó a mhór, gal is féidir a thiontú go leictreachas agus/nó a úsáid i bpróisis táirgthe ceimiceán iomadúla, lena náirítear i dtionscail pheitriceimiceacha, amóinia agus chlór-alcaileacha. Ina theannta sin, beidh soláthar leictreachais ó IMBanna ábhartha go háirithe (i) maidir leis an ngalchraiceáil, cás ina bhféadfaí na teochtaí an-ard is gá (750900°C) a fháil tríd an leictriú, agus (ii) maidir le táirgeadh amóinia agus meatánóil, cás ina bhféadfaí an leictrealú uisce a chur in ionad an athfhoirmithe gáis nádúrtha. Ina theannta sin, tá an chuid is mó de roinnt tionscal ceimiceán le fáil in thart ar 150 braisle ceimiceán atá lonnaithe ar fud an Aontais( 3 ) . Dfhéadfadh comhshuíomh geografach IMBanna laistigh de na láithreáin sin mar ionadú ar ghléasraí comhghiniúna breoslaí iontaise an lae inniu a bheith ina réiteach fuinnimh tarraingteach trí chostais dáileacháin a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

Cás úsáide maidir le téamh ceantair

Téamh agus fuarú is cúis le 50% de thomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais, agus freastalaíonn breoslaí iontaise ar thart ar 75% den éileamh teasa faoi láthair( 4 ) . Cé go bhfuil roinnt mórghléasraí cumhachta núicléiche san Eoraip cheana féin a sholáthraíonn líonraí téimh ceantair, tá líonraí téimh ceantair nua-aimseartha deartha le hoibriú idir 70120°C, agus dá bhrí sin tá siad comhoiriúnach le IMBanna ísealteochta agus ísealbhrú. Ina theannta sin, is féidir le IMBanna leictreachas ísealcharbóin nó fuarú ionsúcháin a sholáthar chun tacú le riachtanais aerchóiriúcháin agus chuisniúcháin, rud a bheidh ina chuidiú i dtaca le freastal ar an éileamh méadaitheach ar fhuarú.

Cás úsáide maidir le lárionaid sonraí

Faoi láthair, lárionaid sonraí is cúis le thart ar 70 TWh dídiú leictreachais san Eoraip, a dfhéadfadh dul chomh hard le 115 TWh faoi 2030( 5 ) . Is féidir le IMBanna leictreachas ísealcharbóin inseolta a sholáthar lena ngabhann lódfhachtóir bliantúil ard atá an-oiriúnach do lárionaid sonraí comhshuite agus lárionaid sonraí hipearscála atá faoi stiúir IS, agus fágann a ndearadh modúlach inscálaithe gur an acmhainneacht chumhachta leathnú in éineacht le bonneagar digiteach. Ina theannta sin, trí IMBanna a chomhshuí le lárionaid sonraí, fiú taobh thiar den mhéadar bfhéidir, dfhéadfaí srianta eangaí a mhaolú trí leictreachas a sholáthar ar an láthair, agus laghdú a dhéanamh ar spleáchas ar ghréasáin tarchurtha phlódaithe, uasghráduithe costasacha eangaí, agus táillí gaolmhara.

Neamhspleáchas méadaithe, slándáil fuinnimh níos fearr, agus feidhmeanna a éiríonn níos sábháilte an t‑am ar fad

Is féidir le IMBanna slándáil fuinnimh agus neamhspleáchas an Aontais a neartú trína spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus an tráth céanna, cineálacha eile fuinnimh a chomhlánú amhail foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Thairis sin, tá dearaí áirithe IMA á bhforbairt ar bhonn choincheap an timthrialla breosla iata. Beidh nuálaíochtaí teicneolaíochta móra ina gcuid acu arb é is aidhm dóibh sábháilteacht agus inbhuanaitheacht núicléach a mhéadú, an dara ceann acu sin trí fheabhas mór a chur ar úsáid breosla agus trí dhramhaíl radaighníomhach ardleibhéil a íoslaghdú, i gcomhréir le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh. I dtéarmaí fheabhsú na sábháilteachta, braitheann na dearaí sin go mór ar ghnéithe sábháilteachta bunúsacha agus éighníomhacha, rud a laghdaíonn an spleáchas ar chórais ghníomhacha a éilíonn soláthar cumhachta seachtrach agus idirghabhálacha ó oibreoirí. Neartaíonn sé sin an chosaint ilsrathach agus feabhsaíonn sé an athléimneacht agus stóinseacht fhoriomlán na sábháilteachta núicléiche. Má chloítear leis an bprionsabal tús áite don éifeachtúlacht uisce, mar a luaitear sa Straitéis maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce( 6 ) , cinnteofar inbhuanaitheacht agus sábháilteacht bhreise na teicneolaíochta sin, chomh maith lena áirithiú go níoslaghdóidh dearadh imoibreoirí, teicneolaíochtaí fuaraithe agus cinntí maidir le roghnú láithreáin an brú ar acmhainní uisce.

Leis na feidhmeanna tionsclaíocha éagsúla atá ag IMBanna, lena n‑áirítear IMAnna a bheidh ann amach anseo, d’fhéadfaidís forbairt an gheilleagair áitiúil a spreagadh, rud a chruthódh an t‑éileamh ar phoist ardoilte. An tráth céanna, tá an seans ann go laghdófar méideanna na dramhaíola radaighníomhaí ardleibhéil, rud a d’fhéadfadh cur le muinín an phobail as teicneolaíochtaí núicléacha.

Fís a leagan amach chun IMBanna a fhorbairt san Aontas

Ba cheart IMBanna a mheas mar thionscadal tionsclaíoch comhroinnte Eorpach, arb é an bonn atá leis comhar láidir sa taighde, sa slabhra soláthair, sa cheadúnú, i scileanna agus sa mhaoiniú ar fud an Aontais, agus atá bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na hinbhuanaitheachta agus na ciorclaíochta. Cuideoidh an comhar sin le IMBanna an t‑am go dtí an margadh a laghdú, scálú go tapa agus a bheith ina dtionscadail iomaíocha, iontaofa ó thaobh brabúis de agus bhrabúsacha. Bheadh iarrachtaí dúbailte, formheasanna rialála níos moille, acmhainneacht mhonaraíochta theoranta, agus costais aonaid níos airde ina dtoradh ar chur chuige ilroinnte, rud a bhainfeadh an bonn de mhuinín an phobail agus d’infheistíochtaí amach anseo – níor cheart glacadh le cás den sórt sin agus an teicneolaíocht straitéiseach sin á forbairt don Eoraip. Trí acmhainní a roinnt, soláthrófar an acmhainneacht is gá chun IMBanna a chur ar fáil do mhargadh an Aontais agus níos faide i gcéin araon.

Beidh cur in úsáid rathúil IMBanna ag brath den chuid is mó ar éileamh láidir margaidh agus timpeallacht ghnó fhabhrach a chruthú. Beidh an gá méadaitheach ar fud tionscail éagsúla chun an táirgeadh a leictriú agus a dhícharbónú ina spreagadh mór. An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach a leagan amach go soiléir do cheannaitheoirí ionchasacha céard atá i ndán don soláthar leictreachais IMB amach anseo, treochtaí costais a mheastar a bheidh ann agus rioscaí infheistíochta gaolmhara.

Chun éiceachóras tionsclaíoch fónta a chruthú ar mhaithe le cur in úsáid IMBanna san Eoraip, ba cheart coinníollacha áirithe a chomhlíonadh (i) suiteálacha IMB céaduaire a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tús na 2030idí, agus forbairtí domhanda á gcur san áireamh( 7 ) , (ii) dlús a chur le forbairt ard-dearaí (IMAnna) i gcomhthráth ós rud é go gcumhdaítear leo feidhmeanna margaidh breise a dfhéadfadh a bheith ann amhail teas ardteochta le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha, nó tiomáint mhuirí, (iii) slabhra soláthair tionsclaíoch Eorpach a chothú a bheidh in ann raon leathan comhpháirteanna a sholáthar le haghaidh roghanna deartha éagsúla, (iv) na dálaí a chruthú le haghaidh cur chuige flít lena gcumasófar táirgeadh sraithe, (v) próisis rialála a chuíchóiriú agus tacú le cur chuige comhoibríoch i measc na núdarás rialála ar fud an Aontais chun ceadúnú tráthúil IMBanna agus barainneachtaí scála a chumasú, agus caighdeáin uaillmhianacha sábháilteachta agus chomhshaoil á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.

Chuige sin, tá gá le cur chuige straitéiseach uile-Aontais chun iarrachtaí forbartha na hEorpa agus cur in úsáid IMBanna a chomhordú ag tús na 2030idí, trí chomhar níos dlúithe idir na Ballstáit agus i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta a bhfuil an dearcadh céanna acu ar an leibhéal domhanda.

2.Ról thionscal an Aontais mar cheann feadhna ar chur in úsáid IMBanna

Díriú ar thionscadail choincréiteacha IMB a chur in úsáid laistigh de chlár comhtháite Eorpach

I mí Mheán Fómhair 2025, chuir an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch Eorpach um Imoibreoirí Modúlacha Beaga( 8 ) , (an Chomhghuaillíocht) a Plean 20252029 um Ghníomhaíocht Straitéiseach i láthair, arb éard atá ann clár is féidir leis an tionscal a chur i bhfeidhm chun torthaí a bhaint amach in am agus de réir an bhuiséid, trí dhíriú ar líon teoranta tionscadal. Cé go bhfuil tionscadail choincréiteacha IMB sainaitheanta ag an gComhghuaillíocht cheana féin, ní mór di gníomhaíochtaí tionscail a spreagadh agus a chomhordú a thuilleadh chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

1)imoibreoirí modúlacha beaga éadromuisce;

2)imoibreoirí modúlacha ardfhorbartha (IMAnna).

Tá cuid de na tionscadail IMB éadromuisce is forbartha bunaithe ar dhearaí de thionscnamh neamh-AE. Cé go bhfuil cur chun feidhme na dtionscadal sin san Aontas comhsheasmhach leis an aidhm IMBanna a chur i bhfeidhm faoi thús na 2030idí, tá sé ríthábhachtach comhar cothrom a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a fhorbairt leis na sealbhóirí teicneolaíochta agus leis na tíortha comhpháirtíochta a bhfuil an dearcadh céanna acu. Rannchuideoidh na tionscadail sin le slabhra soláthair láidir de chuid an Aontais a fhorbairt, agus ní mór do chomhpháirtithe an Aontais atá rannpháirteach sna tionscadail sin cearta maoine intleachtúla a bhaineann le teicneolaíochtaí agus réitigh a fhorbraítear san Aontas a choinneáil. Ba cheart taighde an Aontais maidir le sábháilteacht IMBanna éadromuisce a chur chun feidhme go neamhspleách ar thionscnamh dhearadh imoibreora na dtionscadal sin a d’fhéadfaí a chur in úsáid san Aontas.

Ní mór iarracht ar leith a dhéanamh chun IMAnna a fhorbairt agus a nuáil a thuilleadh lena n‑áirítear trí bhíthin saoráidí tástála agus taispeána. Tá na tionscadail a shainaithin an Chomhghuaillíocht cheana bunaithe ar dhearaí agus iarrachtaí taighde an Aontais agus bhain siad tairbhe as tionscadail a cistíodh faoi Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom in 2021-2025. Tá tionscadail Ghlúin IV ríthábhachtach chun eolas agus ceannaireacht theicneolaíoch san Aontas a bhaint amach, agus cuireann IMAnna speictrim thapa an deis ar fáil freisin inbhuanaitheacht an timthrialla breosla núicléach a áirithiú go fadtéarmach.

Béim ar shlabhra soláthair Eorpach a bhaint amach ar mhaithe le táirgeadh modúlach agus srathach

Ba cheart slabhra soláthair Eorpach iomaíoch a chur chun cinn chun ardleibhéal ábhair áitiúil agus breisluach Eorpach a áirithiú i ngach tionscadal IMB. Áirítear leis sin seirbhísí timthrialla breosla amhail saibhriú agus tiontú, i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU( 9 ) .

Tá sé ríthábhachtach na hacmhainní atá ar fáil ar fud na hEorpa a úsáid ar bhealach comhordaithe chun an chomhlántacht a bhaint amach agus chun inniúlachtaí den chéad scoth a fhorbairt laistigh den Aontas. Leis an gcur chuige sin, cothófar slabhra soláthair tionsclaíoch Eorpach atá an-iomaíoch ina mbeidh cumas mór agus acmhainneacht leordhóthanach, agus spreagfar éileamh láidir margaidh ar fud earnálacha agus feidhmeanna éagsúla an tráth céanna. Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún maidir leis an nGníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht ( 10 ) rannchuidiú leis na cuspóirí sin.

Ní mór don Chomhghuaillíocht forbairt slabhra soláthair de chuid an Aontais a éascú chun a áirithiú go mbainfidh gnólachtaí agus oibrithe tairbhe iomlán as, agus chun aird ar leith a thabhairt ar shlabhraí soláthair réigiúnacha atá ábhartha do thionscadail shonracha IMB. Tá sé fíor-riachtanach an mhonaraíocht mhodúlach le haghaidh IMBanna a fhorbairt san Eoraip agus ba cheart spreagadh a fháil ina thaobh ó réimsí tionsclaíocha eile amhail longthógáil nó monarú aerárthaí paisinéirí. Le modúlacht dearaí agus éagsúlacht soláthróirí, beifear in ann amanna tógála níos giorra a bhaint amach i gcomparáid le gléasraí cumhachta núicléiche traidisiúnta, rud a réiteoidh an bealach do thionscal Eorpach níos láidre agus níos iomaíche.

Thairis sin, beidh gá le caighdeánú tionsclaíoch agus comhar rialála sa cheadúnú chun flít IMBanna a thógáil a mbeidh dearadh comhsheasmhach air ar fud tíortha éagsúla. Tá an dá rud fíor-riachtanach chun amanna tógála agus costais a laghdú trí mhodhanna táirgthe feabhsaithe agus próisis bharrfheabhsaithe ó Bhallstát go chéile.

Tá gá le comhar tionsclaíoch níos dlúithe agus comhdhlúthú tionscadal

Tá an taithí thionsclaíoch láidir in earnáil núicléach na hEorpa agus is féidir í a dhíriú ar an margadh IMBanna. Mar sin féin, mar gheall ar an méid an-íseal tógála nua le blianta beaga anuas, ní mór an slabhra soláthair a athbheochan ionas nach gcruthófar spleáchas ar allmhairí. Faoi láthair, tá cuideachtaí Eorpacha ag forbairt a n‑acmhainneachta agus an luchta saothair chun freagairt do na héilimh ar thionscadail núicléacha nua, bídís ina n‑imoibreoirí mórscála nó ina IMBanna.

Ní mór d’fhorbróirí IMBanna, do chuideachtaí fóntais, d’úsáideoirí deiridh ionchasacha, agus do chuideachtaí feadh an tslabhra soláthair, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, oibriú go dlúth le chéile chun éileamh láidir margaidh a spreagadh, chun na cumais is gá sa slabhra soláthair a fhorbairt agus chun cásanna gnó láidre le haghaidh IMBanna a shuí.

Ba cheart do ghnólachtaí IMB nuathionscanta agus do ghnólachtaí IMB atá ag méadú ar fud an Aontais atá ag obair ar na dearaí imoibreora nó ar dhearaí nó teicneolaíochtaí imoibreora atá mar an gcéanna nó atá an-chosúil le chéile deiseanna chun dul i gcomhar le chéile agus bheith ag comhoibriú a fhiosrú chun iad a thabhairt chuig céim na fréamhshamhla, fiú más dócha go mbeidh siad in iomaíocht le chéile i margaí deiridh. D’fhéadfadh na cuideachtaí sin rochtain ar shaoráidí tástála a roinnt agus saoráidí taispeána a thógáil go comhpháirteach. Maidir leis an acmhainneacht timthrialla breosla a fhorbairt, lena n‑áirítear táirgeadh breosla nua agus, i gcásanna áirithe, acmhainneacht bhreise athphróiseála, ní mór an méid sin a dhéanamh i gcomhthráth le gníomhaíochtaí deartha imoibreora. Níl sé inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de réimse mór breoslaí éagsúla agus straitéisí bainistithe dramhaíola a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur chun feidhme.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gnólachtaí nuathionscanta réitigh a fhorbairt trí oibriú le chéile, agus i gcásanna eile d’fhéadfaidís acmhainní a roinnt chun comhinfheistíocht a dhéanamh i saoráidí le hoibreoirí eacnamaíocha eile, mar shampla sa slabhra soláthair breosla. Is mór na bacainní atá le sárú agus éilíonn siad méid ollmhór acmhainní – idir acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna – agus, dá bhrí sin, tabharfar aghaidh orthu ar bhealach níos éifeachtaí trí iarracht chomhchoiteann. Fiú tionscadail ina bhfuiltear ag obair ar dhearaí éagsúla imoibreora, ba cheart dóibh comhar i monaraíocht mhodúlach comhpháirteanna agus struchtúr áirithe a fhiosrú.

Gníomhaíocht 1:    Díriú ar thionscnaimh thionscal an Aontais trí líon teoranta tionscadal a shainaithint a gheobhaidh tacaíocht ó sholáthróirí agus ó chomhpháirtithe eile ar fud thíortha an Aontais

Ní mór do na Ballstáit agus don Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch Eorpach um IMBanna a dtacaíocht a dhíriú ar líon teoranta de na dearaí IMB is mó a bhfuil gealladh fúthu lenar féidir leis an Eoraip ceannaireacht dhomhanda a bhaint amach, feabhas a chur ar a hiomaíochas agus ar a neamhspleáchas straitéiseach, agus an caighdeán domhanda a leagan síos maidir leis an mbainistiú dramhaíola agus an chiorclaíocht.

Chun an seans go n‑éireoidh leis a uasmhéadú, ba cheart don Chomhaontas díriú ar chomhar agus ar dhul i gcomhar le chéile a chur chun cinn i measc na dtionscadal a dtacaítear leo, i gcomhréir le dlíthe iomaíochta an Aontais agus le dlíthe iomaíochta náisiúnta ábhartha. Déanfaidh an Chomhghuaillíocht athmheasúnú tráthrialta ar na tionscadail a sainaithníodh in aghaidh an chuspóra sin.

Gníomhaíocht 2:    Slabhra soláthair Eorpach iomaíoch a fhorbairt i gcomhréir le ceanglais maidir le hábhar áitiúil

Ní mór do na Ballstáit, le tacaíocht ón gComhghuaillíocht, obair a dhéanamh ar neartú shlabhra soláthair na hEorpa ar mhaithe le forbairt IMBanna trí bhearnaí a shainaithint agus trí chomhar idir soláthróirí agus le forbróirí IMBanna a chur chun cinn, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hábhar áitiúil sa togra ón gCoimisiún maidir leis an nGníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht.

Gníomhaíocht 3:    Caighdeáin thionsclaíocha a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena dtacaítear le cur chuige flít le cur in úsáid IMBanna

Moltar don tionscal, lena náirítear cuideachtaí fóntais agus oibreoirí fóntais, i gcomhar le comhlachtaí um chaighdeánú( 11 ) , leanúint de bheith ag obair ar chaighdeáin thionsclaíocha a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena dtacaítear le cur chuige flít maidir le cur in úsáid IMBanna, agus coincheap na monaraíochta modúlaí a fhorbairt.

Ní mór na gníomhaíochtaí sin a sheoladh go pras i gcomhréir leis an sprioc IMBanna a bheith ag feidhmiú ag tús na 2030idí.

3.Borradh a chur faoi mhaoiniú chun an slabhra luacha IMB a fhorbairt

Braitheann an tsamhail ghnó IMB ar amanna tógála níos giorra agus ar mhéideanna infheistíochta tosaigh níos lú i gcomparáid le gléasraí cumhachta núicléiche ar mórscála, rud a fhágann gur féidir costais mhaoiniúcháin fhoriomlána (in aghaidh an aonaid) a ísliú, rud a dhéanann IMBanna an-tarraingteach d’infheisteoirí féideartha. Tá sé ar cheann de phríomhchumasóirí na samhla gnó sin an cumas modúil imoibreora bhreise a thógáil de réir oird, agus ar an gcaoi sin, gineann aonaid imoibreora ioncam sula gcuirtear an gléasra iomlán i gcrích. Mar sin féin, níor cruthaíodh an tsamhail ghnó sin go fóill sa chleachtas, agus braitheann a rath go mór ar an gcumas modúlacht agus táirgeadh srathach a bhaint amach. Tá cistiú de dhíth ar na gníomhaíochtaí sin chun ardchostais caipitil tosaigh, amlínte fada ceadúcháin, agus forbairt slabhra soláthair iontaofa a shárú.

Slógadh infheistíochta príobháidí a éascú trí ionstraimí dí-rioscaithe

Ba cheart é a bheith daidhm ag an gcistiú poiblí an caipiteal príobháideach atá ar fáil a shlógadh trí ionstraimí oiriúnacha, amhail ráthaíochtaí do thionscadail IMB chéaduaire( 12 ) .

Na Ballstáit atá ag smaoineamh ar IMBanna a dhéanamh ina gcuid dá straitéis fuinnimh fhadtéarmach, ba cheart dóibh ionstraimí dí-rioscaithe a fhorbairt ar bhealach comhordaithe chun infheisteoirí a mhealladh. Agus sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh féachaint le leas a bhaint as an trédhearcacht a chuirtear ar fáil le pleananna aistrithe corparáideacha faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach( 13 ) .

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh tacaíocht an phobail ann maidir le tionscadail IMB a dhí-rioscú de réir mar a théann siad ar aghaidh i dtreo an tráchtálaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhaoiniúcháin, dfhéadfadh ráthaíochtaí buiséadacha an Aontais faoin gclár InvestEU( 14 ) atá ann faoi láthair rannchuidiú le dí-rioscú infheistíochtaí sna IMBanna is nuálaí, lena gcumhdófaí freisin imoibreoirí Ghlúin IV agus na saoráidí timthrialla breosla agus an slabhra soláthair a bhaineann leo. Chomh maith leis sin, tá sásraí ag an gCiste don Nuálaíocht ar féidir leo tacú le cur in úsáid IMBanna céaduaire trína ghlaonna ar thograí, lena gcuirtear ardán ar fáil chun tionscadail aibí a chistiú agus a fhorbairt ag an gcéim réamhthráchtálaithe.

An IPCEI (Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne) inbhreithnithe maidir le teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha, lena náirítear IMBanna, is féidir leis a bheith ríthábhachtach chun acmhainní a roinnt taobh thiar de chomhthionscadail a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta nó cur in úsáid tionsclaíoch teicneolaíochtaí den sórt sin den chéad uair( 15 ) . Trí pháirt a ghlacadh in IPCEI a dfhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha, ba cheart go mbeadh sé níos éasca ag tionscadail IMB caipiteal príobháideach a shlógadh freisin.

Dfhéadfadh an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta( 16 )  próisis cheadúcháin a chuíchóiriú, cuidiú le tús áite a thabhairt do thionscadail straitéiseacha agus rochtain ar mhaoiniú a éascú.

Faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, dfhéadfadh na Ballstáit agus réigiúin an Aontais limistéir áirithe a ainmniú mar Gleannta IMB Luathaithe Glan-Nialasachta, a shainítear mar chriosanna geografacha atá dírithe ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le IMBanna a mhonarú nó a chóimeáil. Dfhéadfadh na Gleannta IMB sin cuidiú le nósanna imeachta ceadúcháin a chuíchóiriú, agus an tráth céanna iad ag cloí go hiomlán le dianchaighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil, feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú agus nuálaíocht agus comhar gnó a chothú i measc soláthróirí áitiúla. Ina theannta sin, dfhéadfaidís a chur ar a gcumas do na Ballstáit nó don réigiún lena mbaineann bearta tacaíochta a dhearadh, amhail dreasachtaí cánach i gcomhréir leis na moltaí ón gCoimisiún maidir le dreasachtaí cánach chun dlús a chur leis an aistriú tionsclaíoch glan( 17 ) .

Le Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CSCCTG)( 18 ), déantar cuíchóiriú ar státchabhair le haghaidh acmhainneacht mhonaraíochta i dteicneolaíochtaí glana. Féadfaidh sé a chur ar a gcumas do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil arb é is aidhm di acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú le haghaidh táirgí de chuid an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta agus príomh-chomhpháirteanna sonracha, lena náirítear teicneolaíocht ábhartha IMB.

Agus leas á bhaint as samhlacha Mankala( 19 )  agus Industrikraft( 20 ) , is féidir leis an tionscal comhoibriú chun comhinfheistíocht a dhéanamh i dtionscadail IMB chun forbairt na teicneolaíochta sin a spreagadh san Aontas. Thairis sin, dfhéadfaí sineirgí a ghiaráil le hearnálacha eile a bhfuiltear ag díriú orthu le tionscnaimh de chuid an Aontais, lena náirítear gigeamhonarchana ceallraí agus moil mhóra ríomhaireachta agus sonraí amhail gigeamhonarchana IS, atá á socrú féin mar úsáideoirí deiridh IMB amach anseo, i gcomhréir leis na treochtaí atá á dtabhairt faoi deara in áiteanna eile ar domhan.

Comhaontuithe tríthaobhacha idir ceannaitheoirí leictreachais nó teasa ó IMBanna nuálacha, an tionscal núicléach a bheith infheistithe i bhforbairt nuálach IMB, díoltóirí imoibreoirí agus cuideachtaí slabhra soláthair, agus na Ballstáit, d’fhéadfaidís rochtain ar mhaoiniú a éascú agus cuidiú le forbairt agus cur in úsáid tionscadal nuálach IMB san Eoraip.

Maoiniú poiblí chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta an Aontais

Tá roinnt gnólachtaí nuathionscanta nuálacha san Eoraip san earnáil núicléach a bhuí le stair fhada taighde núicléach, a fhaigheann tacaíocht freisin ó chláir thaighde Euratom. Is é is aidhm do Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú( 21 ) rochtain a éascú ar mhaoiniú, soláthairtí poiblí, margaí, seirbhísí agus tallann i gcás gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, lena náirítear i réimse na dteicneolaíochtaí núicléacha. Fógraíodh inti freisin go gcruthófaí an Ciste um Eoraip na nGnólachtaí atá ag Méadú mar chuid de Chiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE), chun cistí príobháideacha móra a shlógadh agus infheistíochtaí cothromais a dhéanamh go díreach in earnálacha straitéiseacha. Thairis sin, is féidir le CNE tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha a bhfuil teicneolaíochtaí núicléacha suaiteacha á bhforbairt acu.



Gníomhaíocht 4:    Scéimeanna dí-rioscaithe a fhorbairt chun teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha a uas-scálú

I bhfianaise thoradh an ghlao atá ar siúl faoi láthair ar thograí faoin gCiste don Nuálaíocht maidir le tionscadail IMB, féachfaidh an Coimisiún Eorpach ar bhreisiú sealadach breise InvestEU dar luach EUR 200 milliún go dtí 2028 chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur in úsáid aonad tráchtála tosaigh na dteicneolaíochtaí núicléacha nuálacha, lena náirítear IMBanna éadromuisce, IMAnna, Micrea-Imoibreoirí agus comhleá, laistigh den Aontas( 22 ) .

Leis an gCiste nua um Eoraip na nGnólachtaí atá ag Méadú, arb é is aidhm dó infheistíocht a dhéanamh sna cuideachtaí Eorpacha is mó a bhfuil gealladh fúthu i réimsí straitéiseacha teicneolaíochta, d’fhéadfaí cuidiú freisin le teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha a chur in úsáid ar bhealach níos tapúla.

Gníomhaíocht 5:    IPCEI a dhearadh maidir le teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha

Dearfaidh na Ballstáit an IPCEI le haghaidh teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha, lena n‑áirítear IMBanna, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa straitéis seo, agus béim á leagan ar na dálaí a chruthú chun ceannaireacht dhomhanda Eorpach agus iomaíochas feabhsaithe a bhaint amach. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don phróiseas tríd an Mol Tacaíochta Dearaidh agus cuirfidh sé cur chuige comhleanúnach chun cinn maidir le dul chun cinn ghníomhaíochtaí na Comhghuaillíochta.

Gníomhaíocht 6:    Tacú le forbairt IMBanna laistigh de Ghleannta Luathaithe Glan-Nialasachta

Agus Gleannta Luathaithe Glan-Nialasachta á mbunú, moltar do na Ballstáit agus do na réigiúin an acmhainneacht a shainaithint chun cumhacht agus teas a fhaightear ó IMBanna a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, creat cumasúcháin comhfhreagrach a bhunú.

Tá gá le tiomantas láidir agus rannpháirtíocht chuimsitheach na ngníomhaithe uile chun cur leis na gníomhaíochtaí sin go pras d’fhonn na chéad IMBanna a chur in úsáid ag tús na 2030idí agus slabhra soláthair láidir iomaíoch a fhorbairt.

4.Beidh gá le beartas poiblí chun tacú le héiceachóras na IMBanna

Ní mór forbairt agus cur in úsáid IMBanna a bheith faoi stiúir an tionscail. An tráth céanna, tá gá le roinnt tacaíocht phoiblí chun na bacainní eacnamaíocha agus rialála tosaigh a shárú. Beidh gá le tionscnaimh bheartais freisin chun an mhaoin intleachtúil agus an saineolas teicneolaíoch san earnáil sin a chosaint, agus chun an slabhra soláthair tionsclaíoch agus an caipiteal daonna a athbheochan.

Tacaíocht TFN do IMBanna

Le blianta beaga anuas, tá cláir thacaíochta náisiúnta éagsúla agus Clár Taighde agus Oiliúna Euratom tar éis TFN a chur chun cinn le haghaidh teicneolaíochtaí a théann chun tairbhe do IMBanna. Leis na tionscnaimh sin, cothaíodh an comhar i measc na mBallstát agus neartaíodh ceannaireacht an Aontais san earnáil núicléach mar gheall ar an bhfeabhas a tháinig ar a saineolas sa réimse sin.

In 2024, seoladh cúig thionscadal taighde de chuid Euratom a bhaineann le IMBanna éadromuisce agus IMAnna dar luach iomlán EUR 30 milliún. Tá coinne ag an gCoimisiún go leanfaidh sé de thaighde ar shábháilteacht IMBanna a chistiú, is é sin EUR 15 mhilliún faoi Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom in 2026-27. Maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2028–34, tá sé molta ag an gCoimisiún méadú mór a dhéanamh ar na hacmhainní chun tacú le taighde, forbairt agus nuálaíocht i réimse an fhuinnimh núicléach, rud a rachaidh chun tairbhe don réimse IMB freisin.

Tá bonneagar taighde núicléach úrscothach á reáchtáil ag na Ballstáit agus an Coimisiún, trína Airmheán Comhpháirteach Taighde. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh infheistíochtaí i saoráidí turgnamhacha comhlántacha nua chun breosla, ábhair agus saintrealamh a thástáil, agus chun go mbainfidh gníomhaithe éagsúla an tionscail núicléach an úsáid is fearr astu. Tá sé tábhachtach na saoráidí nua turgnamhacha agus tástála sin a shainaithint agus tús áite a thabhairt dá bhforbairt chun aghaidh a thabhairt ar phríomhriachtanais TFN IMBanna san Aontas. D’fhéadfadh rochtain a bheith ag tionscadail IMB ar bhonneagar taighde núicléach an Choimisiúin agus d’fhéadfaidís tairbhe a bhaint as saineolas ACT, lena n‑áirítear a Mhol Samhaltaithe.

An méid eile is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh chun tacú le cur in úsáid IMBanna

Tá tionscadail éagsúla IMB a bhfuil dearaí comhchosúla acu á saothrú faoi láthair i mBallstáit éagsúla. Ós rud é go bhfuil acmhainní teoranta, chun an seans go n‑éireoidh leo a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile agus a n‑acmhainní a roinnt taobh thiar de chomhthionscadail agus comhionstraim dhí-rioscaithe a fhorbairt maidir le maoiniú IMB. Le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta amach anseo, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt freisin ar ghnéithe a bhaineann le huisce de chur in úsáid IMBanna, lena n‑áirítear ardteicneolaíochtaí fuaraithe, samhaltú comhtháite córais fuinnimh agus uisce agus bonneagair hibrideacha lena dtacaítear le seirbhísí fuinnimh agus uisce araon amhail an díshalannú nó ard-athúsáid uisce.

Go leor tionscadail IMB, tá cuideachtaí ó roinnt Ballstát bainteach leo. I gcás tionscadail den sórt sin, is minic is gá sonraí, teicneolaíocht agus trealamh a aistriú thar theorainneacha náisiúnta. Tarlaíonn sé gur féidir le rialuithe onnmhairiúcháin moill mhór a chur ar na malartuithe sin fiú laistigh den Aontas toisc gur minic a dhéantar na teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna is gá le haghaidh IMBanna a chatagóiriú mar ítimí dé-úsáide. Gan dochar do reachtaíocht an Aontais maidir le rialuithe onnmhairiúcháin ar ítimí dé-úsáide, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát nósanna imeachta rialaithe onnmhairiúcháin le haghaidh aistrithe idir na Ballstáit a chuíchóiriú ionas nach mbeidh na cuideachtaí sin, ar minic iad a bheith ina gcuideachtaí beaga, thíos le hualach riaracháin míchuí agus moilleanna míchuí.

Amhail go leor earnálacha ardteicneolaíochta eile, teastaíonn ó éiceachóras na IMBanna líon oibrithe oilte cumasacha atá ag dul i méad. Tá sé ríthábhachtach faireachán a dhéanamh ar an soláthar agus ar an éileamh ar bhonn measúnuithe náisiúnta ar an lucht saothair le tacaíocht ón bhFaireachlann Eorpach um Acmhainní Daonna dEarnáil an Fhuinnimh Núicléach agus cláir shaincheaptha oiliúna agus oideachais a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Ba cheart don Fhaireachlann cur freisin leis an bhFaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna atá le teacht agus a fógraíodh faoi Aontas na Scileanna( 23 ) . Na scileanna chun teicneolaíochtaí núicléacha san Aontas, lena náirítear IMBanna, a úsáid go sábháilte, tacaíonn an Tionscnamh Eorpach um Scileanna Núicléacha( 24 )  le gníomhaíochtaí chun na scileanna sin a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú ar Acadamh Glan-Nialasachta de chuid an Aontais um Theicneolaíochtaí Núicléacha, lena náirítear IMBanna a bhunú, chun tacú le coinneáil scileanna agus le lucht saothair cumasach a fhorbairt( 25 ) .

Tacaíocht don chomhar rialála Eorpach maidir le ceadúnú IMBanna agus sábháilteacht núicléach

Tá próisis cheadúnúcháin fíor-riachtanach chun tionscadail IMB a chur i gcrích in am. Tá an comhar i measc na n‑údarás sábháilteachta náisiúnta fíor-riachtanach le linn na gcéimeanna réamhcheadúnúcháin agus ceadúnúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonann dearaí nua imoibreora a mholtar don mhargadh na caighdeáin sábháilteachta núicléiche is airde.

Tá tascfhórsa tiomnaithe bunaithe ag Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach (ENSREG) ina malartaíonn rialtóirí ó roinnt Ballstát faisnéis maidir le dearaí IMB sa chéim réamhcheadúnúcháin. Leis an gcomhar sin, is féidir dúbláil a sheachaint, acmhainní a shábháil agus dlús a chur le ceadúnú dearaí imoibreora, agus tionchar dearfach a imirt ar an tsábháilteacht núicléach an tráth céanna. D’fhéadfadh ‘comhghuaillíocht rialála na dtíortha toilteanacha’ a theacht chun cinn as an tascfhórsa, ina bhféadfadh na tíortha lena mbaineann a nósanna imeachta ceadúnúcháin a ailíniú nó cinntí ceadúnúcháin a chéile a aithint go frithpháirteach.

Chomh maith le scéim deontais an Choimisiúin chun tacú le rialtóirí sábháilteachta núicléiche na mBallstát, d’fhéadfadh sásraí amhail ‘Boscaí Gainimh Rialála’ de chuid an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta agus ‘Luath-Athbhreithnithe Comhpháirteacha’ idir rialtóirí sábháilteachta núicléiche náisiúnta an comhar a éascú agus an t‑am is gá chun an ceadúnú a dhéanamh a ghiorrú, agus a áirithiú an tráth céanna go gcoinneofar dianchaighdeáin sábháilteachta ar bun.

Is creataí struchtúrtha iad boscaí gainimh rialála le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena náirítear IMBanna, lena ligtear do na cuideachtaí lena mbaineann cineálacha cur chuige nua agus comhpháirteanna nuálacha a thástáil, a cháiliú agus a bhailíochtú faoi mhaoirseacht údaráis rialála inniúil nó roinnt údaráis rialála a chomhaontaíonn oibriú le chéile. Chun comhlíonadh na gceanglas maidir le coimircí a éascú, ní mór doibreoirí suiteálacha cloí le cur chuige coimircí trí dhearadh( 26 ) .

Gníomhaíocht 7:    Deireadh a chur le bacainní ar shreabha laistigh den Aontas agus maoin intleachtúil na hEorpa a chosaint

Ní mór do na Ballstáit nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le rialuithe onnmhairiúcháin idir na Ballstáit a shimpliú agus a bhrostú i gcás tionscadail IMB. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a fhiosrú conas maoin intleachtúil Eorpach a fhorbraítear i gcomhthéacs IMBanna a chosaint, go príomha trí scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche agus sásraí um rialú cumasc.

Gníomhaíocht 8:    Comhghuaillíocht IMB maidir le gnéithe beartais, rialála, ceadúnúcháin agus eacnamaíocha de dhearaí IMB roghnaithe a bhunú chun cur in úsáid IMBanna faoi thús na 2030s a éascú

Ba cheart do na Ballstáit leasmhara ‘comhghuaillíocht IMB’ a bhunú chun tabhairt isteach na ndearaí IMB atá roghnaithe ag an gComhghuaillíocht a éascú, ar fud a gcríoch, trí chomhar domhain beartais agus rialála agus réitigh shaincheaptha áitiúla a íoslaghdú nuair nach féidir iad a sheachaint. D’fhéadfadh na tíortha a nósanna imeachta ceadúnúcháin a ailíniú nó cinntí ceadúnúcháin a chéile a aithint go frithpháirteach. Coinneoidh an Coimisiún scéim deontais ar bun chun tacú le rialtóirí an Aontais atá ag obair ar mheasúnuithe sábháilteachta coiteanna agus ar luath-athbhreithnithe comhpháirteacha ar thionscadail IMB. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit boscaí gainimh rialála a fhorbairt le haghaidh IMBanna.

I dtaca leis an dá ghníomhaíocht, moltar do na Ballstáit leasmhara beart a dhéanamh go tapa chun cur in úsáid na chéad IMBanna ag tús na 2030idí a éascú agus na dálaí a chruthú le haghaidh cur chuige flít chun go nglacfar iad ar bhonn níos leithne.

Feasacht an phobail agus comhar idirnáisiúnta

Tá sé ríthábhachtach feasacht an phobail ar thionscnaimh forbartha IMB a áirithiú chun muinín a chothú maidir leis na tionscadail sin. Leanfaidh an Coimisiún de chultúr trédhearcachta maidir leis an bhfuinneamh núicléach a shaothrú. Mar chuid den ullmhúchán don teachtaireacht seo, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara trí Ghlao ar Fhianaise( 27 ) agus trí Fhóram leathan Páirtithe Leasmhara i mí Eanáir 2026.

D’fhéadfadh na Ballstáit ar spéis leo IMBanna nó a mbaineann IMBanna leo gníomhaíochtaí cumarsáide agus feasachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an tuiscint ar IMBanna. Sna straitéisí sin, ba cheart saintréithe, bearta sábháilteachta agus tairbhí féideartha IMBanna a chur in iúl, i dtéarmaí trédhearcacha don phobal, lena n‑áirítear ar an leibhéal áitiúil, chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus leasanna sonracha an phobail.

Leanfar den chomhar idirnáisiúnta le heagraíochtaí amhail an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach nó an Ghníomhaireacht um Fhuinneamh Núicléach agus le tíortha comhpháirtíochta amhail na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin agus an Chóiré Theas. Tá an tAontas oscailte i gcónaí do ghníomhaithe neamh-AE, ach beidh sé cúramach go cuí chun teacht chun cinn spleáchais nua ar allmhairí a chosc. Beidh sé ina ghné lárnach den straitéis oibriú i ndlúthchomhar le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir le próiseas a lánpháirtithe de réir a chéile.

Chomh maith le comhar tionsclaíoch idir an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta, tá deis ann idirphlé feabhsaithe maidir le creataí rialála a dhéanamh.

Gníomhaíocht 9:    Oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil an dearcadh céanna acu ar mhaithe le leas frithpháirteach

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag comhoibriú le tíortha comhpháirtíochta a bhfuil sé beartaithe acu IMBanna a chur in úsáid sa ghearrthéarma, lena n‑áirítear tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta inár gComharsanacht ó Dheas, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Ghníomhaireacht um Fhuinneamh Núicléach agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus le tionscnaimh idirnáisiúnta amhail Fóram Idirnáisiúnta Ghlúin IV. Go háirithe, tá comhar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach ríthábhachtach chun cineálacha cur chuige coimircí coiteanna le haghaidh IMBanna a fhorbairt. Éascóidh an Coimisiún an t‑idirphlé gnólacht le gnólacht freisin ar mhaithe le leas frithpháirteach thionscal an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta ábhartha.

5.Conclúidí

Tá acmhainneacht nach beag ag IMBanna rannchuidiú leis na hiarrachtaí chun go mbeidh an tAontas ar an gcéad gheilleagar aeráidneodrach agus an tslándáil fuinnimh, an inacmhainneacht agus an t‑iomaíochas tionsclaíoch á n‑áirithiú an tráth céanna, chomh maith le neamhspleáchas straitéiseach a neartú.

Tá saineolas agus saoráidí teicneolaíochta ábhartha forbartha ag an Aontas le blianta beaga anuas, le tacaíocht ó bhonn tionsclaíoch leathan, ar sócmhainní ríthábhachtacha iad uile i bhforbairt agus cur in úsáid IMBanna san Eoraip. Is ceannaire domhanda é an tAontas freisin i saolré an fhuinnimh núicléach, lena n‑áirítear i ndúnadh an timthrialla breosla trí ábhair núicléacha a athphróiseáil agus a athchúrsáil.

I rás domhanda an mhargaidh IMB atá ag teacht chun cinn, ní mór don Aontas gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun fanacht ar thús cadhnaíochta, fanacht iomaíoch agus leanúint de theicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Tá an Coimisiún tiomanta na coinníollacha cumasúcháin a chruthú chun IMBanna a fhorbairt agus a chur in úsáid, agus a áirithiú an tráth céanna go gcloífear leis na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí chun saoránaigh agus an comhshaol a chosaint.

Tá sé réalaíoch go bhfuil sprioc ann na chéad IMBanna san Eoraip a chur in úsáid ag tús na 2030idí. Mar sin féin, tá rath na hiarrachta sin ag brath ar rochtain ar chaipiteal, eolas, bonneagair agus acmhainní a bheith á roinnt ag gníomhaithe éagsúla, ailíniú creataí rialála ó Bhallstát go chéile, giorrú ar amlínte ceadúnúcháin, caighdeánú dearaí, cur chuige flít a ghlacadh, agus slabhraí soláthair láidre a fhorbairt.

Éilítear leis an straitéis seo tiomantas coiteann agus gníomhaíocht chomhordaithe ó institiúidí an Aontais, na Ballstáit, an tionscal agus eagraíochtaí taighde. Leis na hiarrachtaí sin i dteannta a chéile, bainfear acmhainneacht IMBanna amach, is é sin chun rannchuidiú le córas fuinnimh Eorpach amach anseo a bheidh inbhuanaithe, iomaíoch agus athléimneach.

(1) ()    Meastacháin agus réamh-mheastacháin an tionscail sa Chlár Léiriúcháin Núicléach (PINC), COM(2026) 120.
(2) ()    Chun forléargas a fháil ar staid na himeartha maidir le himoibreoirí modúlacha beaga (IMBanna) ó thaobh na teicneacnamaíochta de: An exploratory analysis of the Small Modular Reactor ecosystem, [Anailís thaiscéalaíoch ar éiceachóras na nImoibreoirí Modúlacha Beaga] , Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2760/4478311 , JRC142326.
(3) ()    COM(2025) 530 final, 8.7.2025.
(4) ()    Potentials and levels for the electrification of space heating in buildings, Final Report [Acmhainneacht agus leibhéil le haghaidh leictriú an téimh spáis i bhfoirgnimh, Tuarascáil Chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/2ae4481d-8f3b-11ee-8aa6-01aa75ed71a1/language-ga
(5)

()    Energy and AI [Fuinneamh agus IS], GIF, Páras, 2025, https://www.iea.org/reports/energy-and-ai , Ceadúnas: CC BY 4.0.

(6) ()    COM(2025) 280 final, 4.6.2025.
(7) ()    I mí na Nollag 2025, dfhógair Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe (DoE) deontais dar luach USD 900 milliún san iomlán chun tacú le cur in úsáid tosaigh theicneolaíochtaí IMB Ghlúin III+ ag na Stáit Aontaithe. Sholáthair DoE na Stát Aontaithe thart ar USD 450 milliún freisin faoin gclár Tacaíochta Teicniúla um Cheadúnú IMBanna. I gCeanada, tá CAD 1 bhilliún á infheistiú ag cúige Ontario trí Building Ontario Fund, agus tá CAD 2 bhilliún á sholáthar ag an rialtas feidearálach trí Canada Growth Fund chun an chéad IMB de chuid Cheanada a thógáil. Chuir rialtas na Ríochta Aontaithe an tArdchiste Núicléach ar bun a bhfuil GBP 385 mhilliún san iomlán ann chun dearadh intíre IMB agus IMAnna a fhorbairt. Tá na chéad IMBanna ag feidhmiú sa tSín agus sa Rúis cheana féin.
(8) ()    Ó bhí mí Feabhra 2024 ann, tá beagnach 400 eagraíocht tugtha le chéile ag an gComhghuaillíocht Thionsclaíoch um IMBanna, lena náirítear cuideachtaí, institiúidí taighde, comhlachtaí rialtais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Leag sí cuspóir soiléir síos, is é sin go mbeadh na chéad IMBanna ag feidhmiú san Aontas faoi thús na 2030idí. In 2024, reáchtáil sí an chéad ghlao chun tionscadail choincréiteacha a shainaithint ar féidir leo rannchuidiú le baint amach an chuspóra sin.
(9) ()     COM(2025) 440 final/2 , 12.5.2025, REPowerEU Roadmap [Treochlár REPowerEU].
(10) ()    COM(2026) 100, 4.3.2026, Togra le haghaidh Rialachán maidir le creat beart a bhunú chun dlús a chur leis an acmhainneacht thionsclaíoch agus leis an dícharbónú in earnálacha straitéiseacha (an Gníomh um Dhlús a Chur leis an Tionsclaíocht).
(11) ()    Amhail an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO).
(12) ()    An Fhaireachlann um Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain: Nuclear Power in the European Union - 2025 Status Report on Technology Development, Trends, Value Chains and Markets [Cumhacht Núicléach san Aontas Eorpach - Tuarascáil Stádais 2025 maidir le Forbairt Teicneolaíochta, Treochtaí, Slabhraí Luacha agus Margaí], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2026, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC144653 , JRC144653.
(13) ()     Tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach - Airgeadas - an Coimisiún Eorpach
(14) ()    Gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta (TFN), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523, níl san áireamh leis sin stáisiúin cumhachta núicléiche a dhíchoimisiúnú, a oibriú, a oiriúnú, nó a thógáil, IO L 107, 26.3.2021, lgh. 3089.
(15) ()    Ciallaíonn cur in úsáid tionsclaíoch den chéad uair uas-scálú saoráidí píolótacha, monarchana taispeána nó trealaimh agus saoráidí ceannródaíocha lena gcumhdaítear na céimeanna a thagann i ndiaidh na líne píolótaí, lena náirítear céim na tástála agus táirgeadh baisce a thabhairt chun scála, cé is moite dolltáirgeadh nó gníomhaíochtaí tráchtála.
(16) ()    IO L, 2024/1735, 28.6.2024.
(17) ()     C(2025) 4319 final, 2.7.2025.
(18) ()     C(2025) 7600 , Teachtaireacht ón gCoimisiún – Creat le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (Creat Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan).
(19) ()    Nuclear Economics in Finland [An Eacnamaíocht Núicléach san Fhionlainn], https://nucleus.iaea.org/sites/INPRO/df8/Section%202/Plenary_Economics_07_Stahl.pdf
(20) ()     https://www.industrikraft.se/en  
(21) ()     Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú - Taighde agus nuálaíocht , mí na Bealtaine 2025.
(22) ()    I gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.
(23) ()    COM(2025) 90 final, 5.3.2025.
(24) ()    Clár Oibre Euratom 202325 um Thaighde agus Oiliúint; an Tionscnamh Eorpach um Scileanna Núicléacha ; Scileanna don Earnáil Núicléach
(25) ()    Ba cheart bunú agus cur chun feidhme an Acadaimh a bheith bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar thorthaí an athbhreithnithe ar Acadaimh Scileanna atá ann cheana a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna.
(26) ()    Cuireann an Coimisiún creat soiléir ar fáil chun coimircí Euratom a chur i bhfeidhm i suiteálacha núicléacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena náirítear IMBanna: Rialachán (Euratom) 974/2025 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2025 maidir le coimircí Euratom a chur i bhfeidhm, IO L, 2025/974, 16.6.2025.
(27) ()    Glao ar Fhianaise, Imoibreoirí modúlacha beaga – forbairt agus cur in úsáid amach anseo san Eoraip