AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 10.3.2026
COM(2026) 115 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach
{SWD(2026) 115 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 10.3.2026
COM(2026) 115 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach
{SWD(2026) 115 final}
Pacáiste Fuinnimh na Saoránach – Fuinneamh inacmhainne do chách
Ba cheart rochtain a bheith ag gach Eorpach ar fhuinneamh glan inacmhainne i dtithe compordacha athléimneacha. Is dála fíor-riachtanach é fuinneamh inacmhainne le haghaidh cáilíocht saoil shábháilte fhónta, saor ó bhochtaineacht, agus tá sé ríthábhachtach chun cothroime agus cuimsiú a áirithiú, go háirithe le haghaidh grúpaí i staideanna leochaileachta is cuma cén ghlúin lena mbaineann siad. Má bhíonn praghsanna fuinnimh ró-ard, bíonn an geilleagar ar fad thíos leis – tagann laghdú ar thomhaltas agus tagann moill ar ghnólachtaí. Tá sé beartaithe aghaidh a thabhairt air sin le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach.
An bealach is sábháilte chun fuinneamh inacmhainne a fháil ná brath ar fhuinneamh glan is féidir leis an Eoraip a tháirgeadh di féin. Sin é an fáth ar gá muintir na hEorpa a chumhachtú chun athrú ó ghás go roghanna malartacha níos glaine atá bunaithe ar leictreachas. Leis an leictriú, beidh praghsanna níos ísle agus níos cobhsaí ann le himeacht ama agus, san am céanna, méadófar neamhspleáchas, inbhuanaitheacht agus iomaíochas na hEorpa. Tá ról le himirt ag na Ballstáit i dtaca leis sin trí na dreasachtaí spriocdhírithe cearta a leagan síos – mar shampla, úsáid leictreachais a dhéanamh níos tarraingtí trí dhreasachtaí cánach agus tobhaigh níos ísle.
A bhuí leis an tsolúbthacht is féidir le tithe a bhfuil méadair chliste acu fuinneamh a úsáid nuair a bhíonn leictreachas flúirseach agus níos saoire. Is féidir le luchtú cliste agus luchtú déthreoch feithiclí leictreacha tacaíocht bhreise a thabhairt don tsolúbthacht sin. Chun go n‑oibreoidh sé sin, caithfidh rochtain a bheith ag saoránaigh ar fhaisnéis agus comhairle iontaofa atá curtha in oiriúint do riachtanais éagsúla (lena n‑áirítear míchumais), ar theicneolaíochtaí inacmhainne, agus ar sheirbhísí lena gcúitítear le húsáideoirí as a n‑ídiú leictreachais a aistriú ó amanna móréilimh go tréimhsí níos saoire – agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí a bhfuil eisiamh digiteach rompu. Léirítear le suirbhé Eorabharaiméadair 1 a rinneadh le déanaí gur mian le tomhaltóirí fuinnimh an Aontais cosaint níos fearr a bheith ag tomhaltóirí leochaileacha agus iad siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus níos mó soiléireachta agus trédhearcachta a bheith ann maidir le billí fuinnimh.
Ba cheart do shaoránaigh – mar shampla, feirmeoirí, áitritheoirí tuaithe, úinéirí gnólachtaí beaga nó naíscoileanna – a bheith in ann dul i gcomhar le chéile agus a bhfuinneamh féintáirgthe a tháirgeadh agus a chomhroinnt. Laghdaíonn sé sin an brú ar eangacha fuinnimh áitiúla agus fágann sé nach ndéantar infheistíochtaí nach bhfuil gá leo sa bhonneagar fuinnimh. Ba cheart na ceanglais airgeadais agus theicniúla chun pobail fuinnimh a bhunú a bheith soiléir agus simplí. Téann sé chun tairbhe do mhonaróirí Eorpacha teicneolaíochtaí glana agus soláthróirí leictreachais tomhaltóirí a chumhachtú freisin toisc go gcuirfidh éileamh méadaithe ar tháirgí nuálacha (mar shampla teaschaidéil) agus ar sheirbhísí nuálacha (mar shampla léasú sóisialta, teas-mar-sheirbhís) cinnteacht infheistíochta ar fáil agus toisc go gcuirfidh sé borradh faoi na margaí fostaíochta sin. Cuirfidh na teicneolaíochtaí nuálacha sin feabhas freisin ar an nasc idir fuinneamh agus uisce, go háirithe le linn triomaigh agus tonnta teasa, agus ar an gcaoi sin cuideoidh siad le billí fuinnimh a ísliú 2 .
Tá sé d’aidhm ag Pacáiste Fuinnimh na Saoránach freisin dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh – staid thromchúiseach atá roimh an iomarca saoránach san Aontas faoi láthair, agus a dhéanann difear díréireach do ghrúpaí i staideanna leochaileachta, agus i gceantair thuaithe nó iargúlta, sna réigiúin is forimeallaí agus ar oileáin. In 2024, ní raibh beagnach 10 % de shaoránaigh na hEorpa in ann a dtithe a théamh go leormhaith sa gheimhreadh, agus tá riachtanais fuaraithe níos mó roimh chuid mhór acu sa samhradh. Tá sé fíor-riachtanach feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus athrú chuig téamh agus fuarú leictreach níos saoire nó chuig córais cheantair atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite chun an bochtaineacht fuinnimh agus caiteachas tithíochta a laghdú.
Tá tacar láidir dlíthe de chuid an Aontais i bhfeidhm cheana féin ina leith sin uile, ach tá cur chun feidhme na ndlíthe fós míchothrom. Tá sé ríthábhachtach forfheidhmiú éifeachtach dhlíthe an Aontais a áirithiú chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh tairbhiú go hiomlán dá gcearta. Tá údaráis áitiúla ríthábhachtach chun tacú le saoránaigh san aistriú fuinnimh trí chomhairle riaracháin, theicniúil agus airgeadais, go háirithe a mhéid a bhaineann le déileáil leis an mbochtaineacht fuinnimh agus teagmháil a dhéanamh le grúpaí a bhfuil riachtanais shonracha acu. D’fhonn dlús a chur le hiarrachtaí comhpháirteacha ar gach leibhéal rialtais agus beart a dhéanamh do shaoránaigh na hEorpa, leis an teachtaireacht seo, ar comhlánú í ar thionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin 3 maidir le fuinneamh inacmhainne, leagtar amach gníomhaíochtaí coincréiteacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) billí fuinnimh do theaghlaigh a ísliú; (ii) tomhaltóirí a chosaint agus a chumhachtú; (iii) dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh; agus (iv) dlíthe de chuid an Aontais atá ann cheana a chur chun feidhme go héifeachtach.
Colún I: Billí fuinnimh do theaghlaigh a ísliú
Fíor 1. Meánphraghsanna leathbhliantúla leictreachais agus gáis san Aontas le haghaidh teaghlach. Foinse: Praghsanna fuinnimh teaghlaigh Eurostat (bandaí DC le haghaidh leictreachais agus D2 le haghaidh gáis). Tá gach cáin agus tobhach san áireamh sna praghsanna. Tiontaítear praghsanna gáis go EUR/kWh
Déanann praghsanna arda fuinnimh dochar do gheilleagar na hEorpa agus dá saoránaigh. Tháinig ardú mór ar phraghsanna leictreachais teaghlaigh le linn na géarchéime agus tá siad fós ardaithe inniu, rud a dhéanann dochar díréireach do ghrúpaí i staideanna leochaileachta. Tá na praghsanna miondíola leictreachais atá roimh theaghlaigh an Aontais 36 % os cionn an mheáin le haghaidh 2014-2020 agus tá na praghsanna miondíola gáis 68 % níos airde i gcomparáid leis an meán sa tréimhse chéanna. Mar thagairt, bhí an boilsciú ag 26 % le linn na tréimhse céanna, rud a fhágann go bhfuil méadú 10 % tagtha ar phraghsanna nuair a cheartaítear iad leis an mboilsciú.
Bíonn tionchar ag muirir líonra, cánacha agus tobhaigh náisiúnta, an praghas mórdhíola fuinnimh agus leibhéal an ídithe aonair ar na billí fuinnimh a íocann na saoránaigh. Is faoi fhreagracht na mBallstát agus a n‑údarás rialála atá cánacha náisiúnta fuinnimh agus ríomh muirear líonra den chuid is mó, rud a thugann uirlisí dóibh chun billí fuinnimh a dhéanamh níos inacmhainne. Dá bhrí sin, tá ceithre ghníomhaíocht coincréiteacha á moladh ag an gCoimisiún i ndáil leis sin.
Gníomhaíocht 1: Cánacha agus tobhaigh ar leictreachas le haghaidh teaghlach a ísliú go dtí íosmhéid an Aontais
Fíor 2. Gnéithe de phraghas leictreachais le haghaidh ghnáth-theaghlaigh an Aontais (2019 – 2024). Foinse: Eurostat.
Cánacha agus tobhaigh leictreachais atá i gceist le 25 % den phraghas le haghaidh teaghlach agus 15 % den phraghas le haghaidh gnólachtaí ar an meán. Is féidir leis na Ballstáit cánacha agus tobhaigh fuinnimh náisiúnta a ísliú, lena n‑áirítear cánacha nó tobhaigh bhreise nach bhfuil aon bhaint acu le fuinneamh (e.g. muirir craolacháin phoiblí a chuirtear le billí leictreachais 4 ). Téann sé chun tairbhe do bhille leictreachais gach duine, go háirithe teaghlaigh leochaileacha, costais neamhghaolmhara a bhaint.
D’ísligh roinnt Ballstát 5 an ráta cánach le haghaidh tionscail dianfhuinnimh, nó tá siad i mbun an ráta cánach sin a ísliú. Bhí ísliú an chánachais éifeachtach freisin ó thaobh srian a choimeád go sealadach ar bhillí fuinnimh le linn na géarchéime fuinnimh, go háirithe i gcás ina raibh an praghas miondíola leictreachais i bhfad níos airde ná an praghas miondíola gáis. Faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus faoin Treoir maidir le CBL atá ann cheana, tá an tsolúbthacht ag na Ballstáit íosrátaí dleachta máil agus CBL ar phraghsanna leictreachais a ísliú. Bheadh tionchar láithreach aige sin ar phraghsanna leictreachais agus chuirfeadh sé freisin le leictriú níos tapa úsáidí deiridh.
|
Sprioc |
Billí leictreachais tomhaltóirí a ísliú agus tacú leis an leictriú |
|
Toradh |
D’fhéadfaí billí saoránach a ísliú 14 % nó EUR 200 ar an meán in aghaidh na bliana. |
|
Conas |
Rannchuideoidh na Ballstáit le billí leictreachais a ísliú le haghaidh teaghlach trí athbhreithnithe cánach a dhéanamh agus leas iomlán á bhaint as na solúbthachtaí i reachtaíocht an Aontais, agus breithniú á dhéanamh ar laghduithe spriocdhírithe iomlána nó páirteacha ar rátaí dleachta máil maidir le leictreachas, e.g. i gcás teaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus i gcás teaghlaigh leochaileacha |
Gníomhaíocht 2: Costais líonra a ísliú le haghaidh tomhaltóirí áitiúla
Íocann tomhaltóirí taraifí líonra chun an costas a bhaineann le fuinneamh a iompar chuig a dtithe a chumhdach. Idir an ceathrú cuid agus an tríú cuid de phraghsanna leictreachais atá sna taraifí sin agus tá siad ríthábhachtach ó thaobh inacmhainneacht fuinnimh de. Le reachtaíocht an Aontais, cosnaítear tomhaltóirí trína cheangal nach gcuirfidh oibreoirí líonra ar aghaidh ach costais atá costasléiritheach, trédhearcach, lena gcuirtear san áireamh an gá atá le slándáil líonra agus solúbthacht, agus atá ag teacht leis na fíorchostais a tabhaíodh 6 . Tá taraifí, agus na costais a bhaineann leo, faoi réir fhormheas na n‑údarás rialála náisiúnta neamhspleách.
Pobail fuinnimh a tháirgeann fuinneamh dá n‑ídiú féin nó a chomhroinneann fuinneamh le comharsana, is féidir leo cuidiú le húsáid eangach leictreachais áitiúil a laghdú agus cuidiú le hinfheistíochtaí i mbonneagar breise a sheachaint. Le luachanna saothair solúbthachta i dtaraifí eangaí, lena n‑íslítear an bille fuinnimh le haghaidh pobail fuinnimh agus saoránaigh a chomhroinneann a gcuid fuinnimh, sholáthrófaí dreasachtaí le haghaidh táirgeadh agus ídiú áitiúil fuinnimh agus sholáthrófaí tairbhí le haghaidh gach úsáideora líonra.
In 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún treoraíocht maidir le taraifí líonra 7 chun cuidiú leis na húdaráis rialála náisiúnta muirir ghréasáin a choimeád íseal, agus billí tomhaltóirí a choimeád íseal dá bhrí sin. Cuideoidh cur chun feidhme tapa na treoraíochta sin le muirir líonra a ísliú le haghaidh gach tomhaltóra. Molann an Coimisiún do na húdaráis rialála cur chuige dian a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh acu ar na costais/ioncaim agus an tsolúbthacht agus an fhreagairt don éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh go hiomlán chun infheistíochtaí costasacha bonneagair a ionadú. Mar obair leantach ar an treoraíocht maidir le taraifí líonra, oibreoidh an Coimisiún leis na húdaráis rialála náisiúnta chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, lena n‑áirítear trí luach saothair a thabhairt as éifeachtaí dearfacha na bpobal fuinnimh agus na comhroinnte fuinnimh.
|
Sprioc |
Taraifí líonra a ísliú le haghaidh tomhaltóirí |
|
Toradh |
Ídiú solúbtha agus táirgeadh agus ídiú solúbtha leictreachais áitiúil a thacaíonn le riachtanais infheistíochta eangaí níos ísle agus le hoibriú níos éifeachtúla. |
|
Conas |
Moltar do na húdaráis rialála náisiúnta machnamh a dhéanamh ar dhreasachtaí spriocdhírithe i dtaraifí eangaí le haghaidh ídiú áitiúil solúbtha, rud a laghdódh costais eangaí fhoriomlána, e.g. pobail fuinnimh agus saoránaigh a chomhroinneann a gcuid fuinnimh; agus measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht solúbthachta, go háirithe ó phobail fuinnimh agus ó chomhroinnt fuinnimh agus muirir líonra á ndearadh. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le ACER agus leis na húdaráis rialála náisiúnta chun an treoraíocht maidir le dearadh muirir líonra ón gCoimisiún a chur chun feidhme go pras. |
Gníomhaíocht 3: Borradh a chur faoin úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.
In 2023, an phríomhúsáid fuinnimh i measc theaghlaigh an Aontais ná téamh tithe (62,5 % den ídiú fuinnimh deiridh in earnáil an chónaithe), agus téamh uisce (15,1 %) ina dhiaidh sin 8 . Tá acmhainneacht sábhála le feiceáil cheana féin ar lipéid fuinnimh an Aontais agus tugann siad comhairle úsáideach do thomhaltóirí, mar shampla i gcinntí ceannaigh maidir le fearais dá dtithe 9 . Le córais bainistithe fuinnimh sa bhaile agus fearais chliste fuinnimh nua-aimseartha is féidir billí fuinnimh a laghdú. Leis an aistriú chuig an leictrea-shoghluaisteacht, cuirtear deiseanna breise ar fáil chun costais fuinnimh a laghdú trí luchtú cliste agus déthreoch feithiclí leictreacha, rud a chuireann ar a gcumas do theaghlaigh úsáid leictreachais a bharrfheabhsú. Mar sin féin, is minic a mheastar go bhfuil siad róchostasach, go príomha mar gheall ar na híocaíochtaí tosaigh arda. Chun dul i ngleic leis sin, tá samhlacha maoiniúcháin nuálaigh curtha ar bun ag roinnt Ballstát, lena n‑áirítear léasú sóisialta 10 . Tairgeann cuideachtaí i margaí áirithe córais téimh ghlain (lena n‑áirítear cothabháil) do chustaiméirí trí chead a thabhairt do thomhaltóirí na costais a íoc i dtráthchodanna míosúla solúbtha 11 . Tá scéimeanna lasmuigh de dheontais á bhforbairt ach i bhformhór na gcásanna níl siad curtha i bhfeidhm go forleathan go fóill.
Tathantaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar chuideachtaí dul níos faide ná cur chuige deontas amháin agus seirbhísí nuálacha fuinnimh agus réitigh mhaoiniúcháin a fhorbairt – mar shampla, scéimeanna lena dtugtar le chéile léasú sóisialta agus leis an bhféidearthacht costais chaipitil tosaigh a chumhdach, teas a thairiscint mar sheirbhís 12 , nó taraifí solúbtha a thairiscint le haghaidh teaschaidéal agus costais chothabhála. Tabharfaidh sé sin rochtain níos fearr do shaoránaigh den Aontas ar theicneolaíochtaí atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus uisce de, rud a chuirfidh feabhas ar an gcáilíocht saoil a bhuí le truailliú laghdaithe, compord laistigh agus sláinte níos fearr, agus billí fuinnimh a ísliú, mar shampla. Scéimeanna atá deartha i gceart a thugann le chéile cistiú poiblí agus príobháideach lena dtugtar tús áite do dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus do ghrúpaí eile i gcásanna leochaileachta, beidh tionchar dearfach acu ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, a bhféadfadh a gcostais fuinnimh a bheith ina sciar díréireach dá n‑ioncam teaghlaigh foriomlán. Ar an gcuma chéanna, ba cheart tacú le hinfheistíocht chun réitigh ghlana nó réitigh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur in úsáid i gcásanna lasmuigh den eangach. Leis an Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan 13 atá ar na bacáin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a scaoileadh.
|
Sprioc |
Réitigh nuálacha a úsáid chun rochtain ar theicneolaíochtaí glana éifeachtúla a mhéadú |
|
Toradh |
Feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe foirgneamh, billí fuinnimh níos ísle. |
|
Conas |
Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, laistigh den Chomhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh, chun samhlacha seirbhíse fuinnimh praiticiúla agus nuálacha agus réitigh mhaoiniúcháin a cheapadh, chomh maith le cineálacha cur chuige lasmuigh de dheontais, lena n‑áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le dul i dteagmháil le teaghlaigh leochaileacha, glacadh córas bainistithe fuinnimh sa bhaile agus foirgneamh agus fearas cliste fuinnimh a mhéadú, agus feabhas a chur ar rochtain teaghlach ar sheirbhísí agus teicneolaíochtaí fuinnimh leictrithe, solúbtha agus éifeachtúla (R4 2026). |
Gníomhaíocht 4: Cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí an tairiscint is saoire a bheith acu agus athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile go tapa
Tugann reachtaíocht an Aontais an ceart do shaoránaigh athrú chuig soláthraithe fuinnimh malartacha 14 ; mar sin féin, meastar go gcailleann saoránaigh EUR 152 in aghaidh na bliana ar an meán mura ndéanann siad amhlaidh 15 . Cúis amháin leis sin is ea an easpa trédhearcachta; d’fhéadfadh sé nach leor na huirlisí comparáide uile atá ann cheana i ndáil leis sin, agus cé gur féidir le hardáin idirmheánacha athrú a éascú, ní bhíonn a samhlacha gnó soiléir i gcónaí, rud a d’fhéadfadh trédhearcacht agus cuntasacht a chur i mbaol.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh soláthróirí fuinnimh an ‘chomhairle taraife is fearr’ dá gcustaiméirí ar bhonn a n‑úsáide fuinnimh sonraí uair sa bhliain ar a laghad, agus ‘córas luathrabhaidh’ a chur i bhfeidhm má tá baol ann go sáróidh ídiú fuinnimh custaiméara go mór an leibhéal a toimhdíodh nuair a tugadh an conradh i gcrích agus aon uair a bhíonn tairiscint níos saoire ar fáil 16 . Chuirfeadh na seirbhísí sin, atá ag teacht leo siúd a sholáthraítear in earnálacha eile 17 , ar a gcumas do thomhaltóirí freagairt go pras agus conradh a athrú (e.g. ó chonradh solúbtha go conradh seasta), rud a mbeadh tionchar dearfach aige ar a mbillí.
Ba cheart rochtain a bheith ag saoránaigh ar fhaisnéis shoiléir faoina gconarthaí; ba cheart achoimre bheacht a chur ar fáil in am trátha sula dtabharfar conradh i gcrích nó sula gcuirfear síneadh leis. Chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí leochaileacha, lena n‑áirítear iad siúd nach bhfuil uirlisí digiteacha ná scileanna digiteacha acu, a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart do sholáthróirí an achoimre sin a chur ar fáil saor in aisce i bhformáidí inrochtana agus trí bhealaí éagsúla. Cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil maidir le príomhthéarmaí agus príomhchoinníollacha conarthacha agus spreagfaidh sé soláthróirí chun achoimre chaighdeánaithe a chur ar fáil.
Tá bacainní teicniúla nach bhfuil gá leo ann freisin ar athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile. Chun aghaidh a thabhairt orthu sin, leagfaidh an Coimisiún síos rialacha teicniúla le haghaidh soláthróirí chun a áirithiú gur féidir oibríochtaí athraithe cúloifige ar fud an Aontais a chur i gcrích laistigh de 24 uair an chloig. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit méadair chliste a rolladh amach go hiomlán – chun go mbeidh saoránaigh in ann a gcearta a fheidhmiú, nó chun go mbeidh siad in ann tairbhiú de sheirbhísí solúbthachta (féach gníomhaíocht 6), ní mór dóibh léargas soiléir a bheith acu ar an bhfuinneamh a ídíonn siad.
|
Sprioc |
Feabhas a chur ar thrédhearcacht agus inchomparáideacht tairiscintí soláthair fuinnimh; cur ar a gcumas do dhaoine athrú teicniúil a dhéanamh ó sholáthróir amháin go soláthróir eile laistigh de 24 uair an chloig. |
|
Toradh |
Trí athrú a dhéanamh, meastar go sábhálfar suas le EUR 152 in aghaidh na bliana. |
|
Conas |
Glacfaidh an Coimisiún rialacha teicniúla maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile (R1 2026); glacfaidh sé moladh maidir leis an achoimre ar phríomhthéarmaí agus ar phríomhchoinníollacha na gconarthaí fuinnimh (R1 2026); agus déanfaidh sé a mhachnamh ar mholadh maidir le teimpléid chaighdeánaithe le haghaidh billí fuinnimh (2027). |
Colún II: Tomhaltóirí a chosaint agus a chumhachtú
Gníomhaíocht 5: Borradh a chur faoin bhféintáirgeadh fuinnimh agus faoin gcomhroinnt fuinnimh i measc saoránach
Is féidir le saoránaigh cinneadh a dhéanamh dul i gcomhar le chéile agus pobal fuinnimh a bhunú chun infheistíochtaí comhpháirteacha a bhainistiú agus fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh agus a ídiú, mar shampla trí phainéil ghréine, tuirbíní gaoithe, agus córais téimh ceantair. Is ceart é sin a ráthaítear le dlí an Aontais 18 . Cé go bhfuil níos mó ná 8 000 pobal fuinnimh gníomhach san Eoraip faoi láthair 19 , tá an acmhainneacht neamhshaothraithe ollmhór, go háirithe i gceantair thuaithe, mar shampla trí fhuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, lena n‑áirítear bithghás agus bithmheatán, bainistiú dramhaíola áitiúla. Is féidir tairbhí comhchoiteanna a bhaint amach freisin trí fhuinneamh a chomhroinnt. Cuireann sé sin ar a chumas do ghrúpa níos mó daoine amhail tionóntaí, teaghlaigh ar ioncam íseal, agus iad siúd nach bhfuil spás oiriúnach acu tairbhiú go díreach d’fhuinneamh in-athnuaite baile. Fágann féintáirgeadh agus comhroinnt fuinnimh go bhfuil níos mó neamhspleáchais ann chomh maith le rochtain chobhsaí ar phraghsanna inacmhainne agus níos cobhsaí agus tá an córas fuinnimh níos éifeachtúla mar gheall orthu.
Faoi 2030, d’fhéadfadh os cionn 16 mhilliún teaghlach agus 630 000 FBM a bhfuinneamh in-athnuaite féin a tháirgeadh. 20 . D’fhéadfaí acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite suiteáilte na bpobal teaghlach a mhéadú suas le deich n‑oiread 21 . Is féidir le teaghlaigh aonair a tháirgeann agus a ídíonn a ngrianfhuinneamh féin coigilteas EUR 260-550 in aghaidh na bliana a bhaint amach. I gcás pobail teaghlach ina bhfuil meascán d’fhuinneamh gaoithe agus de ghrianfhuinneamh, d’fhéadfadh coigilteas EUR 440-930 in aghaidh na bliana a bheith i gceist. 22
Chun an acmhainneacht sin a bhaint amach, ní mór pobail fuinnimh a chumhachtú chun leictreachas a chomhroinnt gan bheith faoi réir táillí iomarcacha soláthróra, barrachas fuinnimh a dhíol agus leas a bhaint as a n‑acmhainneacht chun éileamh ard nó íseal an mhargaidh a chothromú. Ní mór na ceanglais riaracháin a laghdú a mhéid is féidir. Ba cheart tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chun inrochtaineacht a áirithiú le haghaidh teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus le haghaidh teaghlaigh leochaileacha. Chun tacú leis na Ballstáit san iarracht sin, eiseoidh an Coimisiún plean gníomhaíochta um phobail fuinnimh.
|
Sprioc |
Leas a bhaint as acmhainneacht na bpobal fuinnimh chun a n‑acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite suiteáilte a mhéadú faoi suas le deich faoi 2030 san Aontas, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí cumhacht in-athnuaite a tháirgeadh le haghaidh 25–30 milliún teaghlach. |
|
Toradh |
Coigilteas féideartha EUR 260-550 in aghaidh na bliana le haghaidh teaghlaigh aonair agus sochar airgeadais féideartha EUR 440-930 in aghaidh na bliana le haghaidh pobal. |
|
Conas |
Cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil do na Ballstáit maidir le conas leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na bpobal fuinnimh agus an uath-ídithe fuinnimh, lena n‑áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt, ar bhonn measúnú ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar bhacainní atá ann cheana (R1 2026); glacfaidh sé rialachán cur chun feidhme maidir le hidir-inoibritheacht sonraí chun a áirithiú go mbeidh comhroinnt fuinnimh éasca le húsáid agus go mbeidh sí go hiomlán uathoibrithe do thomhaltóirí (2027); agus eiseoidh sé sraith treoracha praiticiúla céim ar chéim maidir le conas tionscadail fuinnimh pobail a bhunú agus a bhainistiú le haghaidh teaghlach agus páirtithe leasmhara eile, lena n‑áirítear FBManna, feirmeoirí agus údaráis phoiblí (2026-2027). |
Gníomhaíocht 6: Solúbthacht a chur chun cinn trí chonarthaí miondíola
Is féidir le tomhaltóirí a bhfuil conarthaí miondíola solúbtha acu coigilteas nach beag a dhéanamh. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh billí leictreachais a bheith suas le 40 % níos ísle, agus an t‑éileamh ar théamh á athrú go dtí amanna ina mbíonn praghsanna leictreachais ísle ann 23 . Tá sé sin ar cheann de na cúiseanna ar cheart solúbthacht éilimh a chur chun cinn go gníomhach ar fud an Aontais. I measc na dtairbhí tá giniúint leictreachais laghdaithe agus costais ghréasáin níos ísle, chomh maith le gá níos ísle le bearta tacaíochta acmhainneachta, agus meastar go bhféadfadh coigilteas bliantúil EUR 2,7 billiún a bheith ann faoi 2030 24 .
Chun na tairbhí sin a bhaint amach, ní mór a áirithiú go bhfuil conarthaí miondíola solúbtha ar fáil go forleathan; go bhfuil rochtain ag tomhaltóirí ar phraghsáil thrédhearcach agus ar fhaisnéis iontaofa, agus ar chomhairle spriocdhírithe maidir le conas an conradh soláthair is fearr a oireann dá riachtanais a roghnú; agus go bhfuil na huirlisí teicniúla is gá i bhfeidhm. Tá córais méadraithe chliste ríthábhachtach – cuireann siad na sonraí is gá ar fáil chun go n‑oibreoidh an tsolúbthacht amach. Le rochtain éifeachtúil ar shonraí ábhartha, éascaítear a thuilleadh uathoibriú níos mó, rud a fheabhsaíonn eispéireas tomhaltóirí, agus cosaint sonraí láidir á háirithiú san am céanna.
Cuimsítear i gcur chun cinn na solúbthachta freisin deireadh a chur le bacainní ar sholáthraithe seirbhísí solúbthachta – cuideachtaí a chúitíonn lena gcustaiméirí as a n‑úsáid leictreachais a aistriú ó amanna móréilimh go tréimhsí níos saoire, rud a laghdaíonn an brú ar eangacha áitiúla. Cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil chun cuidiú leis na bacainní sin a bhaint, mar shampla dídhreasachtaí nó comharthaí praghais mí-oiriúnacha.
Lasmuigh den Aontas, cuireann Solar Sharer Offer na hAstráile leictreachas saor ó chostas ar fáil do theaghlaigh le linn tréimhsí ardghiniúna grianfhuinnimh. Laistigh den Aontas, tá tairiscintí le leictreachas saor ó chostas á bhforbairt ag soláthróirí freisin. D’fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit féachaint ar shásraí comhchosúla atá curtha in oiriúint do chreat rialála an Aontais, lena gcumasaítear do shaoránaigh tairbhiú go díreach den aistriú glan trí bhillí a ísliú gan gá le hinfheistíocht tosaigh i ngrianfhuinneamh dín, lena spreagtar solúbthacht ar thaobh an éilimh, lena n‑ailínítear ídiú le tréimhsí ard-aschuir in-athnuaite, lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht eangaí agus lena neartaítear tacaíocht phoiblí don dícharbónú, trí bhuntáistí an aistrithe fuinnimh a dhéanamh infheicthe agus inbhraite.
|
Sprioc |
É a chur ar a gcumas do shaoránaigh tairbhiú go muiníneach de chonarthaí miondíola solúbtha agus de ghairis fuinnimh chliste lena ndéantar úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú. |
|
Toradh |
Billí tomhaltóirí agus costais chórais níos ísle, agus d’fhéadfadh coigilteas suas le 40 % 25 a bheith ann. |
|
Conas |
Cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil chun luach saothair as solúbthacht a chur chun cinn i gconarthaí miondíola (R1 2026); feabhas a chur ar rochtain ar na sonraí is gá le haghaidh solúbthachta le Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le ceanglais agus nósanna imeachta idir-inoibritheachta (2027); agus acmhainneacht na solúbthachta agus na héifeachtúlachta a chur chun cinn i dtionscadail ábhartha faoi na Comhpháirtíochtaí nua le haghaidh Tithe Níos Fearr (2026). |
Gníomhaíocht 7: Iontaoibh tomhaltóirí a neartú
Bíonn ar thomhaltóirí fuinnimh dul i ngleic le cleachtais ionsaitheacha teileamhargaíochta nó bíonn sé deacair orthu uaireanta a mbealach a dhéanamh trí na margaí fuinnimh. Is é an toradh a bhíonn air sin easpa iontaoibhe sa mhargadh agus cuireann sé srian ar dheiseanna chun tairbhiú de roghanna malartacha níos saoire nó de sheirbhísí níos nuálaí 26 .
Chun feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí fuinnimh do chustaiméirí, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le comhlachais tomhaltóirí, soláthróirí fuinnimh agus rialtóirí chun cód seirbhíse nua a fhorbairt do sholáthróirí fuinnimh, mar chéadchéim i dtreo cleachtais mhargaíochta éagóracha a chomhrac. Leis an gcód, tabharfar an deis do sholáthróirí fuinnimh gealltanas a thabhairt go deonach dul níos faide ná na ceanglais atá ann cheana chun gearáin a láimhseáil éifeachtúil agus díscor tomhaltóirí leochaileacha a chosc – iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe, mar shampla – trí thréimhsí fógra níos faide, pleananna íocaíochta saincheaptha, soláthar íosta, agus córais chun ‘an chomhairle taraife is fearr’ agus ‘luathrabhadh’ a thairiscint (féach gníomhaíocht 4). Beidh an cód ina thrustmharc trína gcuirfidh soláthróirí fuinnimh in iúl do thomhaltóirí gur féidir leo coinne a bheith acu le seirbhísí trédhearcacha cothroma. Tá cód den sórt sin á chur i bhfeidhm agus á fhorfheidhmiú go rathúil ag roinnt Ballstát cheana féin 27 . Is faoi na Ballstáit a bheidh sé a chinneadh cé acu a fhorfheidhmeofar nó nach bhforfheidhmeofar an cód sin ar an leibhéal náisiúnta agus conas a fhorfheidhmeofar é.
Cé go mbeidh go leor tairbhí ag baint leis an intleacht shaorga agus leis an digiteáil, lena n‑áirítear coigilteas fuinnimh agus laghduithe ar bhillí fuinnimh, tá dúshláin nua ag baint leo freisin. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair oiriúnach dá bhfeidhm i ndáil leis sin.
Tagann meath ar iontaoibh as an margadh mura gcosnaíonn soláthróirí fuinnimh iad féin ar phraghsanna luaineacha. Nuair a theipeann ar sholáthróirí fuinnimh, d’fhéadfadh sé go gcaillfeadh custaiméirí aon réamhíocaíocht agus d’fhéadfadh iallach a bheith orthu conarthaí nach bhfuil chomh fabhrach céanna a dhéanamh. Chun é sin a chosc, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil do rialtóirí náisiúnta maidir leis an gcaoi ar féidir leo a áirithiú go gceapfaidh soláthróirí fuinnimh straitéisí iomchuí bainistithe riosca agus fálaithe, chun cuidiú leis an margadh miondíola leictreachais a choimeád cobhsaí agus iontaofa.
|
Sprioc |
Iontaoibh a neartú; dul i ngleic le margaíocht (teileamhargaíocht) ionsaitheach mhíthreorach; saoránaigh a chosaint ar iarmhairtí teipeanna margaidh. |
|
Toradh |
Iontaoibh mhéadaithe tomhaltóirí agus cáilíocht seirbhíse níos airde. Trédhearcacht margaidh níos fearr as a dtiocfaidh praghsáil iomaíoch agus éifeachtúlacht seirbhíse níos fearr. |
|
Conas |
Gníomhóidh an Coimisiún chun go mbeidh teacht ar thairbhí do thomhaltóirí trí chód seirbhíse sothuigthe maidir le cearta tomhaltóirí a mholadh do sholáthróirí fuinnimh, ar féidir leo gealltanas a thabhairt dá ndeoin féin go gcloífidh siad le hardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí bunaithe ar thrédhearcacht, cothroime, iontaoibh fhrithpháirteach agus cuntasacht (R4 2026); foilseoidh sé treoraíocht nua chun tacú le húdaráis rialála náisiúnta teipeanna soláthróirí a chosc trí fheabhas a chur ar bhainistiú riosca (R1 2026); agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá le togra dlíthiúil nua de chuid an Aontais a ghlacadh tar éis 2029 maidir le cearta fuinnimh tomhaltóirí chun cearta tomhaltóirí a áirithiú freisin i gconarthaí nuálacha nua agus chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais ionsaitheacha nó mhíthreoracha (teilea-)mhargaíochta (2028). |
Colún III: Dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leis an leochaileacht
Tá an chothroime agus an comhionannas i gcroílár an aistrithe fuinnimh. Is í cosaint tomhaltóirí leochaileacha agus iad siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh an tosaíocht is mó atá ag muintir na hEorpa, de réir an tsuirbhé Eorabharaiméadair is déanaí 28 . D’fhéadfadh rioscaí méadaithe leochaileachtaí a bheith mar thoradh ar an mbochtaineacht fuinnimh, tithíocht neamh-inacmhainne agus rochtain theoranta ar thithíocht shóisialta. Tá an chéad Straitéis AE i gcoinne na Bochtaineachta á forbairt ag an Aontas chun cuidiú le daoine rochtain a fháil ar chosaint agus ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na bochtaineachta, agus rannchuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht faoi 2050. Má chuirtear ar a chumas do gach duine rochtain a bheith aige ar fhuinneamh mar sheirbhís fhíor-riachtanach, laghdófar an leochaileacht agus an bhochtaineacht san Aontas.
Gníomhaíocht 8: Oibriú as lámh a chéile chun an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú
In 2024, ní raibh thart ar 42 mhilliún Eorpach (9,2 % de dhaonra an Aontais) in ann a dtithe a théamh go leormhaith 29 . Is staid thromchúiseach dho-ghlactha é sin a bhaineann leis an iomarca saoránach san Aontas, agus tá tionchair dhíréireacha aige ar theaghlaigh agus ar ghrúpaí den phobal atá i mbaol bochtaineachta nó idirdhealaithe.
Le creat dlíthiúil an Aontais, ceanglaítear ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus tomhaltóirí leochaileacha a chosaint trí bhearta beartais agus gníomhaíochtaí coincréiteacha. Mar sin féin, léirítear le measúnú an Choimisiúin 30 ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá tugtha cothrom le dáta go bhfuil na rialacha sin á gcur chun feidhme go míchothrom ar fud an Aontais. Is é is cúis leis sin, go páirteach, a dheacra atá sé teaghlaigh leochaileacha agus daoine leochaileacha a bhfuil an bhochtaineacht fuinnimh ag bagairt orthu a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo, agus a dheacra atá sé bearta tacaíochta éifeachtúla a dhéanamh a fhreagraíonn do na riachtanais sin – ós rud é gur rudaí ilghéitheacha iad an bhochtaineacht fuinnimh agus an leochaileacht. Chun cuidiú leis na Ballstáit a bpleananna náisiúnta a dhéanamh níos uaillmhianaí agus an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht bhreise ar fáil agus roinnfidh sé dea-chleachtais agus cleachtais inmhacasamhlaithe. Díreoidh siad sin ar chineálacha cur chuige náisiúnta agus áitiúla rathúla chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar dhreasachtaí deighilte 31 , agus san am céanna áiritheofar go gcoinneofar ar bun dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh fiú i gcás teaghlaigh a fhaigheann sochair shóisialta chun a mbillí fuinnimh a chumhdach. I gcomhréir leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (AE) 2024/1275, cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit freisin a bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a tharraingt suas faoi dheireadh 2026 chun na foirgnimh is neamhfheidhmiúla a shainaithint, ina bhfuil cónaí ar na saoránaigh is leochailí, agus beartais shaincheaptha a dhearadh a chuideoidh leo a mbillí fuinnimh a laghdú agus maireachtáil ar bhealach níos compordaí ina dtithe, sa gheimhreadh agus sa samhradh. Tá sé d’aidhm ag na pleananna freisin inrochtaineacht do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas a phríomhshruthú i gcomhthéacs athchóirithe.
Chomh maith le tionscadail bochtaineachta fuinnimh faoin gCiste Aeráide Sóisialta 32 , Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe 33 nó tacaíocht eile a chuirtear ar fáil ar an leibhéal áitiúil tríd an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht (EPAH), seolfaidh an Coimisiún glao nua ar thograí faoin gclár LIFE 34 chun tionscadail a chistiú a thacaíonn le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus beifear ag tógáil leo sin ar 10 dtionscadal atá faoi lán seoil cheana féin. Leis an nglao sin ar thograí, cumhachtófar gníomhaithe breise bearta spriocdhírithe a dhearadh agus a uas-scálú lena gcuirfear buanréitigh ar fáil do theaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh maidir le fuinneamh inacmhainne agus dálaí maireachtála feabhsaithe. Thairis sin, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil maidir le bealaí chun teaghlaigh leochaileacha agus daoine atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh a chosaint le linn dhíchoimisiúnú na líonraí gáis nádúrtha.
|
Sprioc |
Cuidiú le húdaráis náisiúnta agus áitiúla gníomhaíochtaí coincréiteacha a dhéanamh chun an líon daoine atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú agus chun tomhaltóirí leochaileacha a chosaint chun aistriú fuinnimh atá cothrom agus cóir a áirithiú. |
|
Toradh |
Beartais níos comhsheasmhaí agus níos spriocdhírithe le haghaidh teaghlaigh leochaileacha atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh; rochtain níos tapa, níos cothroime agus níos inacmhainne ar réitigh struchtúracha (e.g. athchóirithe); laghdú de réir a chéile agus intomhaiste ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar fhadhbanna gaolmhara sláinte agus sóisialta ar fud an Aontais. |
|
Conas |
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: oa Mholadh maidir le bochtaineacht fuinnimh 35 a thabhairt cothrom le dáta chun anailís bhreise a chur ar fáil agus chun dea-chleachtais agus cleachtais inmhacasamhlaithe a chomhroinnt. Cuimseofar ann cleachtais lena dtugtar aghaidh go rathúil ar an mbochtaineacht fuinnimh agus lena mbaintear dreasachtaí deighilte, lena n‑úsáidtear uirlisí digiteacha, lena simplítear for-rochtain do shaoránaigh leochaileacha, lena gcuirtear bearta trasearnála chun feidhme chun saoránaigh a chosaint ar thonnta teasa, lena gcuirtear uirlisí maoiniúcháin nuálacha chun cinn le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus lena léirítear conas is féidir le comhroinnt fuinnimh agus pobail fuinnimh an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú go héifeachtach (R4 2026); oleanúint de chúnamh teicniúil agus treoraíocht bhreise a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun díriú go héifeachtach ar shaoránaigh leochaileacha trí bheartais agus bearta (2026-2028); agus ocuidiú le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla teagmháil a dhéanamh le saoránaigh a bhfuil an bhochtaineacht fuinnimh ag bagairt orthu le bearta éifeachtúla trí thionscadail nua faoin gclár LIFE a mhaoiniú lena dtugtar aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh. Beidh gníomhaíochtaí saincheaptha cumarsáide agus faisnéise ag teastáil chun saoránaigh leochaileacha agus saoránaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de a chur ar an eolas faoi dheiseanna costéifeachtacha coigilte fuinnimh (2026-2027). |
Gníomhaíocht 9: Saoránaigh leochaileacha a chosaint ar dhíscor
I gcás roinnt mhaith saoránach den Aontas, lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil an bhochtaineacht fuinnimh ag bagairt orthu cheana féin, is ábhar imní práinneach breise é gan bheith in ann billí fuinnimh a íoc. An baol go ndéanfar iad a dhíscor óna soláthar leictreachais agus gáis, rud a mbeadh tionchar tromchúiseach aige ar a gcáilíocht saoil agus a sláinte, lena n‑áirítear a meabhairshláinte. In 2024, bhí thart ar 31 mhilliún Eorpach ar gcúl lena mbillí fóntais 36 .
Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit, le húdaráis rialála náisiúnta, le soláthróirí fuinnimh, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chun córais a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta chun comharthaí luathrabhaidh a shainaithint nuair a bhíonn deacracht ag teaghlaigh a mbillí fuinnimh a íoc. Is é an aidhm atá ann cuidiú le cuideachtaí fuinnimh seasamh isteach agus tacaíocht a thairiscint do na teaghlaigh sin sula n‑éireoidh an fhadhb níos measa. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún dea-chleachtais chun cinn maidir le díscor a chosc agus cosaint ar dhíscor, lena n‑áirítear scéimeanna bainistithe fiachais.
|
Sprioc |
Cosaint níos fearr do shaoránaigh leochaileacha agus do shaoránaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de atá i mbaol díscor fuinnimh, trí scéimeanna luathrabhaidh agus scéimeanna bainistithe fiachais. |
|
Toradh |
Níos lú cásanna den díscor; cosaint chomhsheasmhach do thomhaltóirí leochaileacha ar fud an Aontais; leochaileacht laghdaithe; ceartas sóisialta, sláinte agus folláine feabhsaithe. |
|
Conas |
Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte tacaíochta ar fáil agus eagróidh sé cúrsaí oiliúna d’údaráis náisiúnta agus áitiúla maidir le coimircí díscoir a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus cuirfidh sé dea-chleachtais chun cinn trí cheardlanna, imeachtaí agus foilseacháin spriocdhírithe (R2-R3 2026); agus cuirfidh sé páirtithe ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil le gníomhaíochtaí cumarsáide tiomnaithe (i rith 2026). |
Colún IV: Dlíthe de chuid an Aontais atá ann cheana a chur chun feidhme
Tairbhíonn saoránaigh den Aontas de chosaint láidir tomhaltóirí a bhuí le dlíthe de chuid an Aontais – ach tá an cur chun feidhme fós míchothrom. Gan cur chun feidhme láidir ar an láthair, ní thiocfaidh deireadh leis an mbearna idir uaillmhian an Aontais agus taithí saoil na ndaoine. Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla maidir le tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus teagmháil a dhéanamh leo, ach is minic nach mbíonn baint leormhaith acu le forbairt beartais agus nach mbíonn na cumhachtaí ná na modhanna acu chun bearta a chur ar fáil do shaoránaigh.
Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun cuidiú le dlíthe de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú – go háirithe, trí threoraíocht agus anailís theicniúil a ghlacadh maidir le pobail fuinnimh agus uath-ídiú, lena n‑áirítear plean gníomhaíochta maidir le pobail fuinnimh; custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh a chosaint ar dhíscor fuinnimh agus le linn deireadh a chur de réir a chéile le gás; an achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha; bainistiú riosca soláthróirí; praghsanna miondíola margadhbhunaithe; luach saothair as solúbthacht i gconarthaí miondíola; rialacha teicniúla maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.
Ar ndóigh, ní féidir an cur chun feidhme a dhéanamh gan na páirtithe leasmhara éagsúla uile a chur san áireamh. Sin é an fáth, chun na cuspóirí uile a leagtar amach sa teachtaireacht seo a bhaint amach, go bhfuil sé fíor-riachtanach idirghníomhaíocht agus rannpháirtíocht láidir a bheith ann idir an Coimisiún, na Ballstáit agus na saoránaigh féin, agus leis an tsochaí shibhialta, le rialtóirí, leis an tionscal agus leis an saol acadúil. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tionscnaimh atá ann cheana a chuíchóiriú agus cuirfidh sé le hinfheictheacht na n‑uirlisí tacaíochta atá ann cheana – mar shampla Mol Comhairleach Fuinnimh na Saoránach, an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht, Cúnant na Méaraí, Tionscnamh Oileáin an Aontais, Tionscnamh na Réigiún Guail i mbun Aistrithe agus an Fóram um Iompraíocht Fuinnimh – agus déanfaidh sé Fóram Fuinnimh na Saoránach atá ann cheana a uasghrádú go pointe fócasach chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus dul chun cinn maidir le cur chun feidhme a rianú. Eiseoidh an Coimisiún treoraíocht freisin do na Ballstáit chun cathracha a chumhachtú, agus tacóidh sé leo leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na n‑údarás áitiúil chun an t‑aistriú chuig fuinneamh glan a bhaint amach. Trí eagraíochtaí tomhaltóirí náisiúnta, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar rannpháirtíocht na saoránach, rud a áiritheoidh go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoina gcearta agus faoi na deiseanna atá ar fáil laistigh de mhargadh fuinnimh an Aontais.
Flais-Eorabharaiméadar 566 Consumer behaviour in the energy transition, [Iompraíocht tomhaltóirí san aistriú fuinnimh], Nollaig 2025.
Straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce, COM/2025/280 final.
Mar atá, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan , an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne , an Plean um Thithíocht Inacmhainne , an Pacáiste um na hEangacha , an Clár Oibre le haghaidh na gCathracha , chomh maith leis an Straitéis um Leictriúchán, an Straitéis um Théamh agus Fuarú nó an Treochlár Straitéiseach um Dhigitiú san Earnáil Fuinnimh atá ar na bacáin.
Cuireann an Ghréig, an Iodáil agus an Phortaingéil muirir a bhaineann le craolachán poiblí le billí leictreachais.
An Ghearmáin, an Fhrainc.
Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú).
Fógra maidir le Treoirlínte i ndáil le muirir líonra a sheasfaidh an aimsir le haghaidh costais chórais laghdaithe , C(2025) 4010 final.
Eurostat, ‘Energy consumption in households’ [Ídiú fuinnimh i dteaghlaigh] , Meitheamh 2025.
‘ Europeans attitudes towards energy policies’ [Dearcadh mhuintir na hEorpa i leith beartais fuinnimh] – Meán Fómhair 2024 – Suirbhé Eorabharaiméadair . Bhí lipéad fuinnimh an Aontais úsáidte ag níos mó ná trí cheathrú de na freagróirí le 5 bliana anuas.
Mar shampla, sheol an Fhrainc an dara heagrán den chóras léasaithe shóisialta le haghaidh feithiclí leictreacha. Sa Laitvia, cuireann cuideachta faoi úinéireacht stáit rochtain ar acmhainní airgeadais ar fáil do chuideachtaí agus do theaghlaigh trí iasachtaí, ráthaíochtaí agus infheistíochtaí i gcistí caipitil fiontair.
Dea-chleachtais dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le scaoileadh infheistíochta príobháidí san éifeachtúlacht fuinnimh. COM(2026)1526, Moladh
Samhail ghnó a ligeann do chustaiméirí íoc as an teas a úsáideann siad seachas as an mbonneagar nó as an mbreosla.
COM(2026) 116, An Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan.
Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú), Airteagail 4,12.
Féach freisin gníomhaíocht 7.
Sa teileachumarsáid, ba cheart do sholáthraithe an chomhairle taraife is fearr a thabhairt do chustaiméirí uair sa bhliain ar a laghad, rud a d’fhéadfadh iad a spreagadh chun a rogha chonartha a athrú.
Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/2001.
Meastachán bunaithe ar léirmhíniú leathan ar an gcoincheap, nach bhfuil teoranta do shainmhínithe an Aontais amháin..
Staidéar EnTEC ar acmhainneacht fhuinneamh na saoránach (le teacht).
D’fhéadfadh fuinneamh pobail rannchuidiú suas le 90 GW, sin é 8 % den leictreachas in-athnuaite iomlán a ghinfear san Aontas faoi 2030. Féach staidéar EnTEC ar acmhainneacht fhuinneamh na saoránach (le teacht).
Ríomhtar coigilteas costais bunaithe ar phraghsanna an mhargaidh mórdhíola agus miondíola in 2020 agus2022. I gcás ina ndéantar uath-ídiú ar leictreachas agus leas á bhaint as an eangach, tá feidhm ag na taraifí líonra agus na cánacha uile.
Ar bhonn sonraí ó thuarascáil faireacháin margaidh ACER 2025 agus ríomhanna an Choimisiúin féin.
Demand-side Flexibility: Quantification of benefits in the EU [Solúbthacht ar Thaobh an Éilimh: Cainníochtú na dtairbhí san Aontas] DNV le haghaidh smartEn, Meán Fómhair 2022.
Ar bhonn sonraí ó thuarascáil faireacháin margaidh ACER 2025 (Rewarding Flexibility: How retail contract choice can help unlock consumer flexibility [Luach Saothair as Solúbthacht: Conas is féidir le rogha conartha miondíola cuidiú le ligean le solúbthacht tomhaltóirí]) agus ríomhanna an Choimisiúin féin, d’fhéadfadh tomhaltóirí leictreachais coigilteas suas le 40 % a bhaint amach dá n‑athróidís chuig conradh praghsála dinimiciúla agus dá mbainisteoidís a n‑ídiú go gníomhach.
Leagtar béim san Eorabharaiméadar ar chleachtais tráchtála éagóracha mar réimse a bhféadfaí feabhas a chur air. Bheadh níos mó iontaoibhe ag 82 % de na freagróirí as soláthraí fuinnimh dá mbeadh sé tiomanta do chód cleachtais maidir le cearta tomhaltóirí a bheadh deimhnithe go hoifigiúil.
Mar shampla, Éire, an Ísiltír agus an Fhrainc.
Flais-Eorabharaiméadar 566 Consumer behaviour in the energy transition, [Iompraíocht tomhaltóirí san aistriú fuinnimh], Nollaig 2025.
Eurostat ‘ Population unable to keep home adequately warm by poverty status [Daonra nach bhfuil in ann an baile a choimeád te go leor de réir stádas bochtaineachta] ‘, Feabhra 2026.
Tarlaíonn dreasachtaí deighilte nuair nach mbíonn spreagadh ag tiarnaí talún feabhas a chur ar thithíocht toisc gurb iad na tionóntaí a fhaigheann an chuid is mó de na tairbhí ach nach féidir leis na tionóntaí féin na hathruithe a dhéanamh.
Idir 2026 agus 2032, cuirfidh an Ciste Aeráide Sóisialta suas le EUR 86,7 billiún ar fáil chun cuidiú leis na daoine leochaileacha agus na gnólachtaí beaga is mó a ndéanann costais fuinnimh agus iompair atá ag dul i méid difear dóibh.
Leis an Rialachán maidir le nuachóiriú an Bheartais Chomhtháthaithe, dreasaítear na Ballstáit chun cistiú le haghaidh tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a mhéadú, agus béim á cur ar theaghlaigh a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh.
Eurostat, ‘ Arrears on utility bills [Riaráistí ar bhillí fóntais] ‘, Feabhra 2026.