AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.3.2026
COM(2026) 108 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an measúnú ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair maidir le hastaíochtaí
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.3.2026
COM(2026) 108 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an measúnú ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair maidir le hastaíochtaí
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an measúnú ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair maidir le hastaíochtaí
1.Réamhrá
Glacadh Rialachán (AE) 2024/1257 (Rialachán Euro 7) 1 maidir le cineálcheadú astaíochtaí mótarfheithiclí in 2024 chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Cuireann an Rialachán sin le rialachán astaíochtaí Euro 6 le haghaidh feithiclí saothair éadroim (LDVanna) 2 agus le rialachán astaíochtaí Euro VI le haghaidh feithiclí tromshaothair (HDVanna) agus tugtar isteach leis forálacha nua chun astaíochtaí ó choscáin, scríobchaitheamh agus marthanacht ceallraí infheithicle a rialáil le haghaidh feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair araon. Ar aon dul le Euro 6 agus Euro VI, ceanglaítear le Euro 7 freisin go n‑urramóidh feithiclí na teorainneacha astaíochtaí ar feadh tréimhse shonraithe, ar a dtugtar an ‘phríomh-shaolré’. Tá gá leis sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais astaíochtaí ní hamháin le linn an chineálcheadaithe, ach sa chleachtas freisin nuair a bhíonn feithiclí in úsáid. Tugtar tuairisc ar an bpríomh-shaolré i dTábla 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Euro 7. Ós rud é nach bhfuil an ‘phríomh-shaolré’ ag teacht le meán-saolré feithiclí san Aontas, tugtar isteach le hAirteagal 6(5) de Euro 7 tréimhse ‘saolré breise’, inar cuireadh síneadh 25 faoin gcéad thar ‘phríomh-shaolré’ na feithicle le raon feidhme Euro 6 agus Euro VI. Tugtar isteach coincheap na n‑iolraitheoirí marthanachta chun meath na gcóras laghdaithe astaíochtaí tar éis na príomh-shaolré a chur san áireamh.
Bunaíodh iolraitheoirí marthanachta le haghaidh feithiclí saothair éadroim agus busanna de chatagóir M2 i Rialachán Euro 7, Iarscríbhinn IV, Tábla 2. Níor leagadh síos iolraitheoirí meatha go fóill le haghaidh feithiclí tromshaothair – agus go háirithe feithiclí de chatagóir M3, N2 agus N3 – i Rialachán Euro 7. Dá bhrí sin, in Airteagal 18(3) den Rialachán sin, iarrtar ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair maidir le hastaíochtaí faoin 31 Nollaig 2025 sula leagfar amach na hiolraitheoirí marthanachta sin. Rinne an Cuibhreannas um Astaíochtaí Feithicle Sárísle (CAFSÍ), ina bhfuil grúpa eagraíochtaí speisialaithe taighde, tástála agus deimhniúcháin, measúnú teicniúil thar ceann an Choimisiúin.
Sa Teachtaireacht seo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, roinneann an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe theicniúil
3
agus cinneann sé cé na hiolraitheoirí marthanachta ba cheart a leagan amach le haghaidh na gcatagóirí feithiclí tromshaothair i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Euro 71.
2.Cúlra rialála
2.1.Cúlra stairiúil
Rinneadh ceanglais saolré agus ‘tosca meatha’ a ionchorprú de réir a chéile i rialacháin maidir le hastaíochtaí feithiclí san Eoraip. Áirithítear leis na ceanglais saolré sin go gcoinnítear feidhmíocht astaíochtaí ar bun, ní hamháin tráth an chineálcheadaithe, ach i rith shaolré úsáide na feithicle. Is iolraitheoirí nó luachanna seasta breise iad tosca meatha, atá ceaptha chun an méadú ionchasach ar astaíochtaí de bharr chaitheamh agus dhíghrádú na teicneolaíochta rialaithe astaíochtaí 4 a chumhdach. Chun na tosca sin a bhunú, ba cheart a mheas go bhfuil éagsúlacht na gcásanna d’fheithiclí tromshaothair i bhfad níos leithne ná mar atá i gcás feithiclí saothair éadroim, ós rud é gur cheart a chumhdach léi na patrúin tiomána uile agus cásanna eile úsáide innill. Dá bhrí sin, bhí gá le himscrúdú i bhfad níos casta agus níos déine, agus baint ag a ré feidhme níos faide agus a ndálaí oibriúcháin níos éagsúla leis an scéal freisin.
Tugadh isteach tosca meatha le haghaidh feithiclí saothair éadroim go luath sna 1990idí 5 . An tráth sin, bhí ar mhonaróirí a léiriú, trí thástálacha aosaithe luathaithe, go raibh córais rialaithe astaíochtaí fós éifeachtach i gcaitheamh na saolré úsáide sonraithe – 80 000 ciliméadar de ghnáth. Níos déanaí, trí dhiagnóisic ar bord agus tástáil astaíochtaí fíorthiomána a thabhairt isteach, cuireadh feabhas ar chruinneas agus ar fhorfheidhmiú na gceanglas marthanachta.
Os a choinne sin, tá dúshláin níos mó roimh fheithiclí tromshaothair toisc go n‑oibríonn siad de ghnáth ar feadh tréimhsí níos faide, os cionn 700 000 ciliméadar nó 7 mbliana go minic, faoi dhálaí níos athraithí agus níos crua. In 2005, le reachtaíocht Euro IV 6 maidir le hastaíochtaí, tugadh isteach tosca meatha le haghaidh feithiclí tromshaothair. D’fhéadfadh monaróirí toisc mheatha sheasta a chur i bhfeidhm mar a leagtar síos leis an reachtaíocht nó tástálacha aosaithe a dhéanamh chun meath iarbhír a léiriú. Sa dara cás sin, ba ghá dóibh a léiriú faoi na tosca meatha sonraithe, gur chomhlíon astaíochtaí gásacha agus cáithníneacha aicme inneall nó aicme córas iarchóireála inneall na teorainneacha astaíochtaí iomchuí i gcaitheamh na tréimhse marthanachta iomchuí.
2.2.Euro 7
Le Rialachán Euro 7, tugtar isteach ceanglais saolré d’fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair araon. Is éard atá sna ceanglais saolré sin ‘príomh-shaolré’ agus ‘saolré bhreise’. Le Tábla 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Euro 7, déantar foráil maidir le hiolraitheoirí marthanachta chun meath i gcaitheamh na saolré breise a chur san áireamh (féach Tábla 1).
Laistigh den phríomh-shaolré, tá na teorainneacha astaíochtaí a luaitear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Euro 7 bailí. Le haghaidh na saolré breise, ní mór na teorainnluachanna astaíochtaí a iolrú faoin iolraitheoir marthanachta ábhartha, a léirítear i dTábla 1 7 .
|
Iolraitheoirí marthanachta |
M1, N1 agus M2 |
N2, N3 ≤ 16 t,
|
N3 > 16 t,
|
|
Iolraitheoir marthanachta le haghaidh saolré bhreise |
1,2 le haghaidh truailleáin ghásacha |
|
|
Tábla 1 – Tábla iolraitheoirí marthanachta ó Euro 7
Le Rialachán Euro 7, tugadh isteach cheana iolraitheoir marthanachta 1,2 le haghaidh feithiclí saothair éadroim agus feithiclí de chatagóir M2. Go bunúsach, ciallaíonn sé sin go méadaítear na teorainnluachanna le haghaidh astaíochtaí gásacha faoi 20 % nuair a bhaineann feithicil an saolré bhreise amach, de réir faid nó aoise. I gcás feithiclí tromshaothair, ní mór iolraitheoirí marthanachta a bhunú fós. Chuige sin, leagtar síos an fhoráil seo a leanas in Airteagal 18(3) de Euro 7: ‘Faoin 31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí.’ Ar bhonn na tuarascála sin, cumhachtaítear an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 15 (1) (f) na hiolraitheoirí marthanachta a leagan amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV.
Ní mór an t‑iolraitheoir marthanachta a chinneadh le haghaidh dhá ghrúpa feithiclí tromshaothair, ag brath ar an gcatagóir feithicle agus ar uasmhais na feithicle. Le Tábla 2, leagtar amach na príomh-shaolréanna agus na saolréanna breise don dá ghrúpa feithiclí tromshaothair 8 .
|
Saolré feithiclí |
N2, N3 ≤ 16 t, M3 ≤ 7,5 t |
N3 > 16 t, M3 > 7,5 t |
|
Príomh-shaolré |
300 000 km nó 8 mbliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús |
700 000 km nó 12 bhliain, pé ceann a tharlaíonn ar dtús |
|
Saolré bhreise |
375 000 km nó 10 mbliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús |
875 000 km nó 15 bliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús |
Tábla 2 – Príomh-shaolréanna feithicle agus saolréanna breise feithicle ó Euro 7
3.Measúnú ar iolraitheoirí marthanachta
3.1.Bunachar sonraí feithiclí
Ós rud é nach bhfuil feithiclí tromshaothair Euro 7 ar bhóithre na hEorpa go fóill, ní raibh sé indéanta measúnú bunaithe ar shonraí tástála ó na feithiclí sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, baineadh úsáid sa mheasúnú as roinnt foinsí ábhartha sonraí astaíochtaí, bunaithe ar an teicneolaíocht is déanaí a úsáidtear i bhfeithiclí díosail Euro VI. I bhfianaise na déine méadaithe teoranta a bhaineann le Euro 7 i gcomparáid le Euro VI, meastar gurb é an cur chuige is iomchuí sa ghearrthéarma úsáid a bhaint as sonraí ó na feithiclí Euro VI is déanaí. I gcomhréir le bunú tosca meatha feithiclí saothair éadroim, glactar leis go bhfuil measúnú bunaithe ar astaíochtaí díosail bailí le haghaidh dearaí eile innill freisin.
Fuarthas na sonraí tástála a úsáideadh mar a leanas:
-tástáil a dhéanamh ar roinnt péirí feithiclí den mhonaróir agus den mhúnla feithicle céanna, agus míleáiste íseal (<100 000 km) ag feithicil amháin ar a laghad agus míleáiste ard (gar do mhíleáiste príomh-shaolré nó os a chionn sin) ag feithicil eile. Bhí an teicneolaíocht Euro VI is déanaí ar bord (céimeanna D nó E) ag formhór na bpéirí feithiclí;
-bunachair sonraí ina bhfuil sonraí maidir le hastaíochtaí ar an mbóthar ó gach feithicil agus sonraí cianbhraiteachta ó thástáil roimhe sin;
-sonraí tástála agus meastacháin ó mhonaróirí trucailí;
-torthaí ón mbinse tástála innill ó thimthriallta tástála rialála SAM.
3.2.Modh
Úsáideadh modhanna éagsúla sa mheasúnú teicniúil chun meath ar fheidhmíocht an chórais laghdaithe astaíochtaí a ríomh. I gcás na bpéirí feithiclí a tástáladh, rinneadh meastachán ar astaíochtaí i ndeireadh na príomh-shaolré agus i ndeireadh na saolré breise trí eachtarshuíomh. Cuireadh an difríocht in astaíochtaí i gcomparáid ina dhiaidh sin le teorainneacha astaíochtaí Euro 7. I gcás tacair sonraí eile, úsáideadh eachtarshuíomh agus cúlchéimniú líneach araon chun meastachán a dhéanamh ar an meath, ag brath ar an gcineál tacair sonraí. Leis an modh, rinneadh na torthaí a dheighilt le haghaidh feithiclí tromshaothair níos éadroime, amhail trucailí éadroma agus busanna cathrach (N2, N3 ≤ 16 t, M3 ≤ 7,5 t) agus le haghaidh feithiclí tromshaothair níos troime amhail trucailí troma agus cóistí (N3 > 16 t, M3 > 7,5 t). Rinneadh idirdhealú freisin idir comhpháirteanna astaíochta éagsúla, i.e. NOx, NH3, N2O, CO, HC, CH4, NMOG agus PN23. Níor breithníodh asluitigh fhoircneacha i dtéarmaí meath breathnaithe, toisc gur braitheadh na hasluitigh sin i bhfeithiclí a raibh mífheidhmeanna acu nó i bhfeithiclí a ndearnadh crioscaíl orthu.
3.3.Torthaí an mheasúnaithe theicniúil a rinne an Cuibhreannas um Astaíochtaí Feithicle Sárísle (CAFSÍ)
3.3.1.Feithiclí tromshaothair níos éadroime
Léirítear i dTábla 3 na luachanna marthanachta a fuarthas tríd an measúnú le haghaidh feithiclí tromshaothair níos éadroime de réir modheolaíochtaí éagsúla. De réir na sonraí a chuirtear i láthair sa tábla, bheadh luach 1,2 ina iolraitheoir marthanachta tipiciúil le haghaidh innill díosail. Tá an measúnú sin bunaithe go príomha ar thomhais teicneolaíochta i bhfeithiclí lena mbaineann céimeanna D nó E de chaighdeán astaíochta Euro VI, toisc gurb iad na feithiclí sin, ó thaobh na teicneolaíochta de, na feithiclí is inchomparáide le feithiclí Euro 7.
|
Comhpháirt astaíochta sceite |
TUG/FVT 9 |
HBEFA 10 4.2 |
HBEFA 5.1 |
Cianbhraiteacht |
US27 (SwRI 11 ) – luach tomhais + astaíochtaí forlíontacha |
US27 (SwRI) – teorainn WHTC 12 Euro 7 + astaíochtaí forlíontacha |
OEM 1 |
OEM 2 |
Tóir scairdghaile |
|
NOx |
1,17 |
1,26 |
1,18 |
1,07-1,23 |
1,09 |
1,01 |
1,2-1,3 |
1,20 |
1,17 |
|
NH3 |
1,09 |
1,29 |
|||||||
|
N2O |
0,93 |
1,16 |
0,88 |
0,98 |
|||||
|
CO |
1,01 |
1,12 |
1,10 |
1,08 |
1,22 |
1,03 |
|||
|
HC |
1,29 |
1,05 |
1,02 |
||||||
|
CH4 |
1,00 |
1,19 |
1,00 |
||||||
|
NMOG |
1,10 |
||||||||
|
PN23 |
1,00 |
1,00 |
1,00 |
Tábla 3 – Torthaí le haghaidh feithiclí tromshaothair níos éadroime (N2, N3 ≤ 16 t, M3 ≤ 7,5 t)
3.3.2.Feithiclí tromshaothair níos troime
Tá na torthaí le haghaidh feithiclí tromshaothair níos troime cosúil leis na torthaí le haghaidh feithiclí tromshaothair níos éadroime agus léirítear iad i dTábla 4. Sa chás seo freisin, de réir na sonraí a chuirtear i láthair sa tábla, bheadh luach 1,2 ina iolraitheoir marthanachta tipiciúil le haghaidh innill díosail. Arís, dírítear go príomha leis an measúnú ar fheithiclí lena mbaineann céimeanna D nó E de chaighdeán astaíochta Euro VI, toisc gurb iad na feithiclí sin, ó thaobh na teicneolaíochta de, na feithiclí is inchomparáide le feithiclí Euro 7.
|
Comhpháirt astaíochta sceite |
TUG/FVT |
HBEFA 4.2 |
HBEFA 5.1 |
Cianbhraiteacht |
US27 (SwRI) – luach tomhais + astaíochtaí forlíontacha |
US27 (SwRI) – teorainn WHTC Euro 7 + astaíochtaí forlíontacha |
OEM 1 |
OEM 2 |
Tóir scairdghaile |
|
NOx |
1,20 |
1,25 |
1,19 |
1,09-1,30 |
1,09 |
1,01 |
1,16-1,20 |
1,20 |
1,05 |
|
NH3 |
1,06 |
< 1 |
|||||||
|
N2O |
0,99 |
< 1 |
0,88 |
0,98 |
|||||
|
CO |
1,00 |
1,08 |
1,09 |
1,06 |
1,22 |
1,03 |
1,02 |
||
|
HC |
1,26 |
1,05 |
1,02 |
1,01 |
|||||
|
CH4 |
1,01 |
1,19 |
1,00 |
||||||
|
NMOG |
1,01 |
||||||||
|
PN23 |
1,01 |
1,00 |
1,00 |
1,01 |
Tábla 4 – Torthaí le haghaidh feithiclí tromshaothair níos troime (N3 > 16 t, M3 > 7,5 t)
4.Conclúidí
Leis an gconclúid ón measúnú teicniúil bunaithe ar shonraí Euro VI atá ar fáil maidir le meath feidhmíochta astaíochtaí, moltar iolraitheoir marthanachta 1,2 le haghaidh feithiclí Euro 7. Leis an measúnú breithnítear comhpháirteanna iomadúla astaíochta sceite chun an t‑iolraitheoir marthanachta a shocrú. Úsáidtear feithiclí lena mbaineann céimeanna D nó E de chaighdeán astaíochta Euro VI le haghaidh na measúnuithe, toisc gurb iad na feithiclí sin, ó thaobh na teicneolaíochta de, na feithiclí is inchomparáide le feithiclí Euro 7. Tá iolraitheoir marthanachta 1,2 i gcomhréir leis an iolraitheoir marthanachta le haghaidh feithiclí saothair éadroim agus busanna de chatagóir M2.
Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n‑astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1257, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1257/oj )
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/715/oj )
An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Plakolmer, B., Hausberger, S. agus Weller, K., Durability of Euro 7 heavy-duty vehicle emissions – Technical report – LOT2 [Marthanacht astaíochtaí fheithiclí tromshaothair Euro 7 – Tuarascáil theicniúil – LOT2], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2873/7305552
E.g. tiontairí catalaíocha, braiteoirí agus córais athshruthaithe gáis sceite.
I dTreoir 91/441/CEE ón gComhairle ar dtús. Treoir 91/441/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1991 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh in aghaidh truailliú aeir ag astaíochtaí ó mhótarfheithiclí (IO L 242, 30.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/441/oj )
Treoir 2005/78/CE ón gCoimisiún an 14 Samhain 2005 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta atá le déanamh in aghaidh astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill adhainte comhbhrú le húsáid i bhfeithiclí, agus in aghaidh astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe le húsáid i bhfeithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV agus VI a ghabhann léi (IO L 313, 29.11,2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/78/oj )
Ó Thábla 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n‑astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7).
Ó Thábla 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n‑astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7).
Ollscoil Theicniúil Graz (an Ostair) – Forschungsgesellschaft für Verbrennungskraftmaschinen und Thermodynamik (Comhlachas Taighde um Innill Dócháin Inmheánaigh agus Teirmidinimic)
Handbook of Emission Factors for Road Transport
Southwest Research Institute
Timthriall Díomuan Comhchuibhithe Domhanda