An Bhruiséil,29.1.2026

COM(2026) 45 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce


1.Réamhrá

Tá sé ina thosaíocht pholaitiúil agus leanfaidh sé de bheith amhlaidh beart a dhéanamh de réir briathair maidir leis an imirce. Bíonn saoránaigh ag súil le beartas imirce agus tearmainn atá cothrom agus daingean, beartas lena mbainistítear an imirce go héifeachtach agus lena bhfantar dílis do luachanna na hEorpa.

Ag tógáil ar an dul chun cinn seasta atá á dhéanamh le blianta beaga anuas, tá an tAontas Eorpach ag cur tús anois le ré nua. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun an imirce neamhdhleathach a laghdú agus chun feabhas a chur ar bhainistiú na himirce. Tá torthaí ag teacht ar an meascán athchóirithe a tugadh isteach leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann (an Comhshocrú) lena naimsítear cothromaíocht idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht, taidhleoireacht theanntásach maidir le himirce, agus comhar oibríochtúil éifeachtach laistigh den Aontas agus lasmuigh de, agus áirítear leis na torthaí sin go háirithe laghdú de réir a chéile ar líon na ndaoine a thagann isteach go neamhdhleathach ó bhí 2023 ann( 1 ) .

Tá cur chuige ar leibhéal an Aontais maidir leis an imirce a bhainistiú fíor-riachtanach chun ionchais na saoránach a bhaint amach – cur chuige lena léiríonn an tAontas go bhfuil sé in ann imirce neamhdhleathach a chosc agus gnó na líonraí smuigleála coiriúla a bhriseadh, daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh agus ó ghéarleanúint a chosaint, agus tallann a spreagadh chun teacht chuig an Aontas chun iomaíochas ár ngeilleagair a neartú.

Formhór na nimirceach a thagann isteach san Aontas agus a fhanann ann go neamhdhleathach, níl siad incháilithe d’aon chineál cosanta agus níl aon cheart fanachta acu.( 2 ) . Thairis sin, ní bhíonn ach thart ar an gceathrú cuid díobh siúd nach bhfuil aon cheart fanachta acu ag fágáil an Aontais iarbhír( 3 ). Ní féidir glacadh beag ná mór le míúsáid córais a ceapadh chun cosaint a thabhairt dóibh siúd a bhfuil fíorghá acu léi. Mar thoradh ar an staid mhífheidhmiúil sin, osclaíodh lúba ar lár maidir le cónaí neamhdhleathach marthanach san Aontas – rud a bhfuil impleachtaí fadréimseacha aige don oideachas, don tithíocht agus do sheirbhísí áitiúla – agus ar an gcaoi sin déantar dochar de mhuinín an phobail as cumas na hEorpa an imirce a bhainistiú agus a beartas imirce a mhúnlú de réir leasanna na hEorpa. Bíonn tionchar ag an staid sin freisin ar chumas na hEorpa an lucht saothair breise a theastaíonn go práinneach ónár ngeilleagair agus ónár margaí saothair a mhealladh. Ina theannta sin, ó bhí 2021 ann, tá timpeallacht imirce agus slándála an Aontais níos casta fós mar gheall ar an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda ag an mBealarúis agus ag an Rúis, rud a chruthaíonn cineálacha nua bagairtí hibrideacha ina núsáidtear an imirce chun críoch polaitiúil.

90 % de na daoine a thagann isteach san Aontas go neamhdhleathach, baineann siad úsáid as seirbhísí arna soláthar ag grúpaí coiriúla agus líonraí smuigleála ( 4 ), rud a chuireann beatha daoine i mbaol san fhásach agus ar na farraigí, a bhaineann a ndínit de dhaoine ar mhaithe le brabús a dhéanamh agus a sháraíonn cearta bunúsacha. Leis an smuigleáil imirceach, cothaítear córas coiriúil a chruthaíonn teannas sóisialta agus contúirt feadh na mbealaí imirce. Cé go bhféadfadh sé gur dlisteanach an rud é saol níos fearr a lorg san Aontas Eorpach, ní mór dóibh siúd nach bhfuil i dteideal cosanta é sin a dhéanamh go dleathach trí úsáid a bhaint as na bealaí dlíthiúla iomchuí. Le gach turas smuigleála a sheachnaítear, d’fhéadfaí beatha duine a shábháil.

Is gealltanas leanúnach é de chuid an Aontais go mbeidh sé ina áit ina gcosnaítear daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh agus ó ghéarleanúint. Is oibleagáid faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta é cosaint a dheonú dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu. Tugann an Eoraip í féin cosaint do líon mór dídeanaithe, agus go hidirnáisiúnta, cuidíonn taidhleoireacht agus tacaíocht airgeadais an Aontais ó thaobh cosaint a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe atá á n‑óstáil i dtríú tíortha.

Is í tacaíocht an Aontais d’Úcránaigh an sampla is déanaí de thraidisiún marthanach a forbraíodh de réir a chéile le himeacht ama. Thóg saoránaigh na hEorpa isteach ina dtithe dídeanaithe a bhí ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine( 5 ), cogadh a spreag an teasáitiú is mó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus tá níos mó ná ceithre mhilliún duine easáitithe ag fanacht san Aontas. Is tosaíocht i gcónaí ag an Aontas agus ag na Ballstáit cosaint shealadach a thabhairt d’Úcránaigh, mar aon le tacú leo filleadh abhaile chun cuidiú lena dtír a atógáil nuair is féidir sin bunaithe ar chur chuige comhordaithe céimnitheach. Thairis sin, idir 2015 agus 2024, fuair thart ar 3,9 milliún iarrthóir tearmainn stádas cosanta san Aontas, chomh maith le tairbhithe cosanta sealadaí. In 2024 amháin, tugadh cosaint do thart ar 438 000 iarrthóir tearmainn( 6 ) .

Mar sin féin, déanann mí‑úsáid chórais tearmainn na mBallstát dochar dá gcumas cosaint a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar agus glacadh leo faoi dhálaí leormhaithe, chomh maith lena gcumas cláir imeasctha a chur ar fáil d’imircigh atá i dteideal fanacht san Aontas. Ina theannta sin, déanann na mí‑úsáidí sin dochar do limistéar Schengen ar an gcaoi chéanna toisc go mbaineann gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe de choincheap na saorghluaiseachta gan teorainneacha inmheánacha. Leis an gComhshocrú, déantar athchóiriú ar chóras imirce agus tearmainn na hEorpa, rud lena bhforáiltear maidir le rialú níos mó a dhéanamh ar an imirce neamhdhleathach, lena simplítear na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le tearmann, lena neartaítear athléimneacht agus ullmhacht, agus lena dtugtar isteach ionstraimí a dhíríonn ar bhainistiú géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Is chun leasa fhrithpháirtigh an Aontais agus a chomhpháirtithe é an imirce neamhdhleathach a chosc, daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh agus ó ghéarleanúint a chosaint agus soghluaisteacht tallainne a spreagadh. Cé go leanann an tAontas de bheith ag obair chun feabhas a chur ar a chórais bainistithe imirce, is é an rud is tábhachtaí chun go n‑éireoidh leis comhar maith le tíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Aontas. Ar deireadh, ní féidir le haon tír aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an fheiniméin dhomhanda seo ina haonar agus ba cheart do na comhpháirtithe uile a ról a imirt i gcur chuige an bhealaigh iomláin. Cé go leanfaidh sé de bheith bunaithe ar chreat inmheánach láidir, ba cheart do bheartas imirce na hEorpa béim níos mó a leagan ar chomhar le tíortha comhpháirtíochta amach anseo. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, agus cur chuige Fhoireann na hEorpa i bhfeidhm, a chuid iarrachtaí sa treo sin a threisiú.

Tá an tAontas fós ina cheann scríbe tarraingteach do thurasóirí, do mhic léinn, do thaighdeoirí agus d’oibrithe, agus níos mó ná 90 % de náisiúnaigh tríú tír ag teacht isteach san Aontas ar bhealach dlíthiúil rialaithe. Chuir sé sin lenár ngeilleagair, lenár sochaithe agus mhúnlaigh sé ár gcultúir. In 2024, tháinig 1,7 milliún duine chuig an Aontas go dlíthiúil chun obair agus staidéar a dhéanamh( 7 ) .Leis an digitiú a rinneadh le déanaí ar bheartais an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí, tá feabhas á chur ar eispéireas taistealaithe trí amanna feithimh a laghdú agus nósanna imeachta a chuíchóiriú, agus na caighdeáin slándála is airde á gcoinneáil ar bun san am céanna.

Is mór-roinn oscailte é an tAontas Eorpach atá nasctha go domhanda, ina bhfuil an daonra oibre ag dul in aois agus i laghad, agus sa lá atá inniu ann tá ganntanais saothair agus scileanna ann in go leor earnálacha. Chun an fás eacnamaíoch a choinneáil ar bun, iomaíochas a chothú agus uathriail straitéiseach oscailte a chur chun cinn, ní mór don Aontas a bheith ina cheannródaí domhanda ó thaobh tallann a mhealladh agus a choinneáil. Chun na críche sin, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar na scrogaill a chuireann moill ar ár gcórais, lena n‑áirítear scrogaill a bhaineann le próiseáil víosaí agus aitheantas do cháilíochtaí, agus comhar straitéiseach le comhpháirtithe a mhéadú chun rochtain tallainne ar an Aontas agus ar na Ballstáit a éascú, teacht mac léinn, taighdeoirí agus oibrithe ar gach leibhéal scileanna a chur chun cinn, chomh maith le hacmhainneacht dhaonna na ndaoine uile atá anseo cheana a uasmhéadú.

Le dearcadh níos fadtéarmaí, ba cheart forbairtí teicneolaíocha leanúnacha a chur san áireamh freisin, ar forbairtí iad atá ag cur deiseanna nua ar fáil nár baineadh leas astu go fóill le haghaidh próisis imirce atá níos éifeachtaí agus níos sábháilte. Is é is aidhm don Straitéis leas a bhaint as acmhainneacht an digitithe agus na hIntleachta Saorga (IS) maidir le himirce agus tearmann chun uirlisí atá nua-aimseartha, slán agus éifeachtúil a sholáthar do na Ballstáit chun feabhas a chur ar chaighdeán, comhsheasmhacht agus tráthúlacht na cinnteoireachta, agus chun cur leis an tslándáil, agus feabhas á chur ar sheirbhísí do dhaoine san am céanna.

Forbraíodh an Straitéis seo i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce( 8 ) agus cuireann sí leis na straitéisí náisiúnta a thíolaic na Ballstáit ( 9 ) i gcomhréir leis an Rialachán sin( 10 ) agus cuirtear san áireamh inti na tuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa ( 11 ), na Ballstáit agus páirtithe leasmhara éagsúla in iúl, lena náirítear saineolas Ghníomhaireachtaí an Aontais. Is é is aidhm di fís a chur ar fáil do bheartas Eorpach maidir le himirce agus tearmainn lena neartófar comhtháthú an Aontais, lena lorgófar bealaí nuálacha chun cinn, agus lena ndearbhófar ról réigiúnach agus domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Tá na gníomhaíochtaí faoin Straitéis seo fréamhaithe in urraim do chearta bunúsacha i gcomhréir leis an gCairt agus i lánurraim lenár noibleagáidí idirnáisiúnta.

Chun príomhchuspóirí na Straitéise seo a bhaint amach – imirce neamhdhleathach a chosc, iad siúd atá i ngátar a chosaint agus tallann a mhealladh chuig an Aontas – ba cheart don Aontas na cúig thosaíocht seo a leanas a shaothrú:

2.Dlús a chur leis an Taidhleoireacht Imirce

Ag tógáil ar na torthaí nithiúla a baineadh amach le blianta beaga anuas, ní mór don Aontas díriú sna 5 bliana amach romhainn ar leanúint de chosc a chur ar dhaoine a mbeatha a chur i mbaol ar thurais chontúirteacha, ar laghdú na ndaoine a thagann isteach san Aontas go neamhdhleathach a bhuanú, agus ar an mbrú ar na córais tearmainn agus imirce a laghdú trí thacú le cur chun feidhme na n‑athchóirithe a tugadh isteach leis an gComhshocrú agus trí urraim do chearta bunúsacha na n‑imirceach agus na ndídeanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain.

Ní mór an obair leanúnach chun córas bainistithe imirce agus tearmainn atá nua-aimseartha, cothrom agus éifeachtúil a chur ar fáil don Aontas a bheith fite fuaite le taidhleoireacht éifeachtach imirce lena gcuirtear leasanna an Aontais chun cinn agus lena bhfantar dílis do luachanna na hEorpa. Ní mór í a bheith fréamhaithe sa phrionsabal gur freagracht chomhpháirteach é an imirce a bhainistiú, agus go mbeidh a ról féin ag na gníomhaithe uile feadh na mbealaí imirce. Sna 5 bliana amach romhainn, beidh an prionsabal sin ina threoir ag gníomhaíocht an Aontais maidir leis na comhpháirtíochtaí cuimsitheacha atá ann cheana a neartú agus comhpháirtíochtaí nua a chur ar bun le príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais ó thaobh na himirce de, chomh maith le príomhthíortha óstacha na ndídeanaithe, muinín a chothú lenár gcomhpháirtithe, agus ról an Aontais mar ghníomhaí lárnach sa díospóireacht agus sna hiarrachtaí domhanda chun an imirce a bhainistiú a chur chun cinn. Leanann an tAontas dá chaidreamh le tríú tíortha maidir le hábhair a bhaineann leis an imirce a mhúnlú agus a luachanna agus a leasanna á gcur chun cinn agus comhar á dhéanamh le comhpháirtithe chun na brúnna a bhaineann leis an imirce a bhainistiú ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh, ós rud é gur chun ár leasa choitinn é oibriú le chéile chun freagairt don dúshlán comhroinnte sin.

Ba cheart an taidhleoireacht imirce a bheith cuimsitheach, agus ba cheart di rannchuidiú le himeachtaí neamhrialta a chosc agus a rialú ar bhealach níos fearr, le deireadh a chur le líonraí smuigleála imirceach agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, le cosaint a chur ar fáil in áit atá gar don áit tionscnaimh, agus le hathlonnú agus bealaí comhlántacha eile a thairiscint do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu. Ba cheart go n‑áiritheodh an taidhleoireacht imirce freisin filleadh agus athligean isteach tapa éifeachtach náisiúnaigh an tríú tír féin nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas, agus, ar an taobh eile, go gcuideodh sí le hoibrithe, mic léinn agus taighdeoirí a mhealladh a bhfuil na scileanna agus an tallann acu a thacódh le hiomaíochas na hEorpa, agus a chuirfeadh le forbairt eacnamaíoch na dtíortha tionscnaimh san am céanna.

Léirítear na prionsabail sin cheana féin sna comhpháirtíochtaí atá á mbunú ag an Aontas le tríú tíortha le blianta beaga anuas, go háirithe leis an Éigipt, leis an Iordáin, leis an Máratáin agus leis an Túinéis. Tá siad sin ríthábhachtach freisin don Chomhshocrú don Mheánmhuir ( 12 ), lena gcuirtear chun cinn cur chuige i leith na himirce atá bunaithe ar chomhpháirtíocht agus ar cur chuige an bhealaigh iomláin, mar chuid de straitéis chuimsitheach fhoriomlán lena neartaítear ár gcaidreamh lenár gcomhpháirtithe i gComharsanacht an Deiscirt. Ba cheart don Aontas leanúint den chur chuige sin a chur chun cinn toisc go gcuireann sé tuilleadh cobhsaíochta agus deiseanna cearta ar fáil, agus toisc go náirithítear leis comhar idir an tAontas agus comhpháirtithe feadh na mbealaí éagsúla maidir le rialachas imirce atá éifeachtach agus bunaithe ar chearta.

Tá sé tábhachtach go saothróidh an tAontas agus a Bhallstáit taidhleoireacht theanntásach maidir le himirce trí na naisc le beartais eile a threisiú agus trí luamháin agus dreasachtaí a úsáid, i gcomhréir leis na hiarrataí ón gComhairle Eorpach( 13 ) le blianta beaga anuas. Áirítear leis an bhfoireann uirlisí atá ar fáil don Aontas beartas víosaí, trí bhíthin shásra Airteagal 25a den Chód Víosaí agus an tSásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí, chomh maith le trádáil, tríd an athbhreithniú a comhaontaíodh le déanaí ar an Rialachán maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife, rud a thabharfaidh an deis fabhar trádála a tharraingt siar go sealadach i gcás easpa comhair maidir le hathligean isteach. Ba cheart an fhoireann uirlisí sin a leathnú chun maoiniú seachtrach a chur san áireamh freisin, mar a mhol an Coimisiún sa Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile 2028-2034. Ba cheart í a chomhcheangal le huirlisí déthaobhacha, luamháin agus dreasachtaí Bhallstáit an Aontais chun iad a shlógadh chun tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha an Aontais. Féachfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí ar dhreasachtaí agus luamháin nua a d’fhéadfadh a bheith ann i réimsí beartais eile freisin, chun leas an Aontais a chur chun cinn agus chun deiseanna nua a chruthú don chomhar idirnáisiúnta.

Leanfaidh an tAontas de bheith rannpháirteach go gníomhach i bhfóraim iltaobhacha ábhartha chun comhpháirtíochtaí iontaofa a thógáil agus chun feabhas a chur ar rialachas domhanda na himirce. Áirítear leis sin an Fóram Idirnáisiúnta um Athbhreithniú ar an Imirce de chuid Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir leis an Imirce Shábháilte Ordúil Rialta a bhfuiltear ag súil leis i mí na Bealtaine 2026, agus tacaíocht leanúnach do chur chun feidhme an Chomhshocraithe Dhomhanda maidir le Dídeanaithe. Rachaidh sé i gcomhar freisin le Comhairle na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair a bhaineann le himirce neamhdhleathach agus smuigleáil imirceach( 14 ) . Rannchuideoidh an Coimisiún leis an machnamh leanúnach atá á dhéanamh ag Comhairle na hEorpa i gcomhthéacs an tionscnaimh a seoladh le linn Chomhdháil Aireachta neamhfhoirmiúil an 10 Nollaig 2025 maidir le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine agus aird iomlán á tabhairt ar an dá chuspóir mar atá cearta a chosaint agus an tslándáil a áirithiú.

Chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhdhleathach, leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de bheith ag obair chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht dhomhanda, chun forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn, agus chun borradh a chur faoin tsíocháin agus faoin tslándáil, go háirithe trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do chóras na Náisiún Aontaithe, páirt ghníomhach a ghlacadh sna hathchóirithe atá ar siúl faoi láthair, i gcás inarb iomchuí, agus é mar aidhm acu an tacaíocht is gá a chur ar fáil i bhfianaise bearnaí acmhainní is mó ná riamh, i gcomhréir le leasanna an Aontais.

Cur chuige an bhealaigh iomláin agus comhar le comharsanacht an Aontais a láidriú

Leanfaidh an Coimisiún de chur chuige an bhealaigh iomláin a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ilghnéitheacha a bhaineann le gluaiseachtaí imirce ar meascáin iad d’imircigh eacnamaíocha agus de dhaoine a bhfuil cosaint á lorg acu, agus chun tacú le tríú tíortha a gcórais imirce, bainistithe teorainneacha, tearmainn agus fillte a threisiú, lena n‑áirítear a n‑acmhainneachtaí a fhothú ó thaobh teacht ar réitigh chun glacadh le himircigh faoi dhálaí leormhaithe agus chosaint a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn agus do dhídeanaithe, ag díriú go príomha ar thíortha atá gar d’áiteanna tionscnaimh na n‑imirceach. Déanfar gníomhaíochtaí a shaincheapadh do gach comhthéacs agus d’fhéadfadh sé go n‑áireofaí orthu iarrachtaí chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, bainistiú teorainneacha, clárú, cosaint a thabhairt agus córais um sholáthar seirbhísí a neartú lena n‑áirítear pobail óstacha, chomh maith le bealaí dlíthiúla a bhainistiú agus filleadh agus athligean isteach tapa, sábháilte agus díniteach a áirithiú mar aon le hath‑imeascadh inbhuanaithe.

Beidh dlúthchomhar leanúnach le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) agus eagraíochtaí rialtasacha idirnáisiúnta ábhartha eile, ríthábhachtach ó thaobh tacaíocht a thabhairt do chur chuige an bhealaigh iomláin chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le rannpháirtíocht idirnáisiúnta mhéadaithe an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún tacú le bealaí nuálacha chun spásanna sábháilte a chur chun cinn chun iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe a chosaint in áit atá níos gaire dá dtíortha tionscnaimh, chun cuidiú le cosc a chur ar thurais chontúirteacha a gcailltear daoine feadh na mbealaí lena linn, agus chun tacú le cláir um fhilleadh agus athimeascadh deonach ó thríú tíortha chuig tíortha tionscnaimh. D’fhéadfaí a áireamh i gcur chuige an bhealaigh iomláin go bhféadfaí lárionaid ilchuspóireacha a bhunú nó na lárionaid atá ann cheana( 15 ) a neartú feadh na bpríomhbhealaí imirce, i gcomhaontú leis an tríú tír lena mbaineann agus i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Ba cheart ról a bheith ag na tíortha is iarrthóirí agus ag na tíortha is iarrthóirí ionchasacha i mbainistiú na himirce freisin. Is réamhchoinníoll riachtanach é go ndéanfar córais éifeachtúla bainistithe tearmainn agus imirce a bhunú, agus beartais bainistithe imirce, víosaí agus teorainneacha a ailíniú le beartais an Aontais chun aontachas leis an Aontas a bhaint amach. Ba cheart don Aontas, go háirithe, comhar domhain a choinneáil ar bun agus tacú le tíortha an mhéadaithe agus béim á leagan ar bhainistiú teorainneacha a neartú, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, tacú le hailíniú le acquis an Aontais maidir le beartais imirce, tearmainn agus víosaí agus feabhas a chur ar athligean isteach agus ar fhilleadh. Leanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus Europol de thacaíocht a thabhairt do chomhpháirtithe agus d’oibriú i gcomhar leo. Chuidigh Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar cheana féin le líon na dtrasnuithe teorann neamhdhleathacha feadh bhealach na mBalcán Thiar a laghdú go mór agus ba cheart leanúint den chomhar faoin gcreat sin.

Turais chontúirteacha a chosc agus beatha daoine a shábháil

Is coir ghránna í smuigleáil imirceach, a mbíonn gné thrasnáisiúnta ag baint leis go minic, a dhéanann dúshaothrú ar dhaoine, a chuireann a mbeatha agus a ndínit i mbaol, ar mhaithe le leas eacnamaíoch líonraí coiriúla, nó a úsáideann gníomhaithe stáit a bhfuil sé mar aidhm acu an bonn a bhaint de shlándáil an Aontais. Déanann sí dochar dár gcóras bainistithe imirce agus fágann sí go bhfuil sé níos dúshlánaí ár dteorainneacha seachtracha a chosaint. Ní mór gur faoin Aontas agus faoina Bhallstáit a bheidh sé, seachas faoi eagraíochtaí coiriúla, a chinneadh cé a thagann chuig an Aontas agus cé na himthosca faoina dtagann siad.

Chun cur isteach ar shamhail ghnó na smuigléirí, imeachtaí neamhrialta a chosc agus bás daoine a sheachaint, ní mór don Aontas leanúint dá iarrachtaí cumais ár gcomhpháirtithe a neartú ó thaobh teorainneacha a rialú agus a bhainistiú ar dhul isteach agus ar imeacht do dhaoine, agus a n‑acmhainní cuardaigh agus tarrthála a chur in úsáid, chun teagmhais a íoslaghdú agus chun daoine a chosaint ar rioscaí tromchúiseacha. Dá luaithe a dhéantar idirghabháil feadh an bhealaigh, is ea is mó an seans go ndéanfar teagmhais agus bás daoine a chosc. Mar thoradh ar thionscnaimh de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí, tá turais chontúirteacha á gcosc ar bhealach níos éifeachtaí.

Chun freagairt go héifeachtúil, ní mór don Aontas oibriú freisin chun an comhar idirnáisiúnta a neartú, chun creat láidir fadtéarmach comhair a dhéanamh den Chomhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac lena dtugtar páirtithe leasmhara le chéile chun smuigleáil imirceach a chosc, chun freagairt di, agus chun roghanna malartacha sábháilte ar an inimirce neamhdhleathach a chruthú.

Ag tógáil ar an gcéad 2 bhliain de chur chun feidhme an Chomhaontais Dhomhanda, réitigh an 2ú Comhdháil Idirnáisiúnta de chuid an Chomhaontais Dhomhanda an 10 Nollaig 2025 an bealach chun comhar struchtúrtha a bhunú a bheidh ag teacht le huaillmhianta méadaithe an Aontais. Thug na comhpháirtithe a d’fhormhuinigh an Dearbhú Comhpháirteach( 16 ) gealltanas maidir le sraith prionsabal, tiomantais agus freagrachta comhroinnte chun an comhar idirnáisiúnta a neartú ó thaobh dul i ngleic le smuigleáil imirceach i dteannta a chéile agus ar bhonn domhanda trí chur chuige ‘an bhealaigh iomláin’, agus de mheon na freagrachta comhroinnte. Cuirfidh cruinnithe bliantúla na nOifigeach Sinsearach dlús leis an obair leantach chun na tosaíochtaí a chur chun feidhme agus chun comhleanúnachas feabhsaithe agus pleanáil chomhpháirteach a chothú, agus san am céanna déanfaidh Comhdhálacha Aireachta ceannaireacht pholaitiúil leanúnach a áirithiú. Cuirfidh sé sin dlús leis an gcomhordú agus méadóidh sé tionchar na dtionscnamh réigiúnach agus téamach éagsúil (e.g. próisis Bhúdaipeist, Chartúm, Niamey, Phrág agus Rabat, Eurofront agus El Pacto le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, chomh maith le G7 agus an obair a rinne UNODC agus Comhairle na hEorpa), d’fhonn gníomhaíochtaí a chuíchóiriú a thuilleadh agus sineirgí a chothú.

Baineann líonraí smuigleála míúsáid as ardáin dhigiteacha, cripteashócmhainní agus teicneolaíochtaí eile chun a ngníomhaíochtaí aindleathacha a chur chun cinn, a noibríochtaí a chothú agus gnóthachain neamhdhleathacha a cheilt. Ceann de thosaíochtaí an Chomhaontais Dhomhanda is ea an ‘smuigleáil dhigiteach’ a chomhrac, trí dhlús a chur leis an rannpháirtíocht le hardáin dhigiteacha agus le soláthraithe teicneolaíochta. An tráth céanna, ní mór dúinn úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun ár leasa féin, trí uirlisí agus teicneolaíochtaí nua a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí, lena náirítear acmhainneachtaí anailíseacha atá faoi stiúir na hintleachta saorga, chun tacair sonraí ollmhóra a phróiseáil agus a nascadh, ionas go mbeidh lucht forfheidhmithe dlí in ann coinneáil céim amháin chun tosaigh ar smuigléirí i gcónaí. Chuige sin, cuirfidh Europol, a treisíodh le déanaí lena Lárionad in aghaidh Smuigleáil Imirceach( 17 ), feabhas ar a ghníomhaíocht oibríochtúil sa chomhrac in aghaidh láithreacht ar líne na smuigléirí imirceach. Déanfaidh an Coimisiún a chomhpháirtíocht straitéiseach le hOifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC) a láidriú freisin chun dul i ngleic le gné ar líne na smuigleála imirceach agus chun cur isteach ar shreabha airgeadais aindleathacha trí chur chuige ‘lean an tairgead’. Éilíonn sé sin go ndéanfar faisnéis airgeadais agus comhroinnt shlán faisnéise a úsáid chun gníomhaithe coiriúla a shainaithint ar gach leibhéal. Ina theannta sin, is féidir leis an tsainaithint dhigiteach agus seirbhísí iontaoibhe den scoth cuidiú ó thaobh chur i bhfeidhm na mbeart nua chun an chalaois agus goid chéannachta a chomhrac, chomh maith le tacú le digitiú agus uathoibriú na rialuithe teorann.

Tá úsáid modhanna iompair tráchtála, d’aer den chuid is mó, ina ghnáthchuid d’obair líonraí smuigleála imirceach anois, lena dtugtar imircigh chuig tríú tíortha atá gar don Aontas nó ar theorainn an Aontais, áit as a ndéanann imircigh iarracht dul isteach san Aontas go neamhdhleathach ansin. Ag tógáil ar na torthaí rathúla a baineadh amach le foireann uirlisí( 18 ) lena dtugtar aghaidh ar na gníomhaíochtaí sin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara maidir leis an obair leantach ar Pháipéar Oibre na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI)( 19 ), agus é mar aidhm aige cineálacha cur chuige coiteanna a fhorbairt agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhiosrú a d’fhéadfadh príomhthíortha comhpháirtíochta agus páirtithe leasmhara eitlíochta a fhormhuiniú, lena náirítear i gcomhthéacs EESI.

Mar chuid de na hiarrachtaí chun na huirlisí is gá a thabhairt do thíortha feadh na mbealaí imirce chun an imirce a bhainistiú agus chun smuigleáil imirceach a chomhrac, tacóidh an tAontas le comhpháirtithe an acmhainneacht is gá a fhothú chun na freagairtí breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí a neartú, agus chun bealaí láidre comhair a bhunú, lena n‑áirítear trí fhoirne comhpháirteacha um imscrúdú. Beidh sé d’aidhm ag na hiarrachtaí sin a áirithiú go ndéanfar líonraí smuigleála a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh ar bhealach níos éifeachtaí. I ndeireadh na dála, ba cheart líon níos airde ionchúiseamh rathúil agus smachtbhannaí fóinteacha a bheith mar thoradh air sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh riosca níos mó ag baint le smuigleáil imirceach, go mbeadh sí níos casta agus nach mbeadh sí chomh brabúsach céanna mar ghníomhaíocht choiriúil. Ba cheart don Aontas a bheith in ann brath ar líonra comhpháirtithe atá rannpháirteach i gcomhrac na smuigleála imirceach feadh na mbealaí, chun eolas agus faisnéis fíor-ama a fháil maidir le sreabha imirce, rud a chuideodh leis na tíortha feadh na mbealaí iad féin a ullmhú. Rachaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit, i mbun comhair le Interpol, le Europol, le Eurojust, le Frontex agus leis na príomheagraíochtaí idirnáisiúnta, agus é ag brath freisin ar thacaíocht ón Líonra Eorpach Oifigeach Idirchaidrimh Inimirce.

Dúshlán tromchúiseach amháin a bhaineann le smuigleáil imirceach is ea gur minic a bhíonn na coirpigh a eagraíonn agus a dhéanann na gníomhaíochtaí sin ina gcónaí lasmuigh den Aontas agus, dá bhrí sin, go mbíonn siad lasmuigh de raon feidhme dhlínse na mBallstát. I gcomhthráth leis an togra atá á phlé ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun creat dlí an Aontais a threisiú maidir le cosc a chur ar éascú na himirce neamhdhleathaí ( 20 ), tá córas nua smachtbhannaí á fhorbairt ag an Aontas lena ndíreofar ar smuigléirí agus gáinneálaithe imirceach, go háirithe gníomhaithe coiriúla ardluacha, agus é mar aidhm aige a gcuid sócmhainní a reo, brabúis a bhaint díobh agus srian a chur ar a gcumas dul isteach san Aontas, i gcomhlántacht iomlán le bearta ceartais choiriúil.

Bhí comhpháirtíochtaí straitéiseacha cuimsitheacha an Aontais leis an Éigipt, leis an Iordáin agus leis an Túinéis, agus an chomhpháirtíocht imirce leis an Máratáin, chomh maith le rannpháirtíocht mhéadaithe le chomhpháirtithe tábhachtacha, lena náirítear an Liobáin, Maracó, an tSeineagáil agus an Tuirc, ina gcuidiú le laghdú nach beag ar an líon trasnuithe neamhdhleathacha a tugadh faoi deara ar bhealaí na Meánmhara Thoir agus Láir agus ar bhealach an Atlantaigh( 21 ) . Tá forbairt á déanamh ag an gCoimisiún ar a chuid tacaíochta don Libia freisin maidir le hacmhainní cuardaigh agus tarrthála agus maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint, filleadh daonnúil agus aslonnú, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le hurraim do chearta an duine. Leanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, de chomhar a dhéanamh le tríú tíortha chun iarrachtaí cuardaigh agus tarrthála a neartú, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, daoine easáitithe a chosaint, agus feabhas a chur ar an gcomhar maidir le filleadh agus athligean isteach ón Aontas agus ó thríú tíortha eile, agus lánurraim do chearta bunúsacha agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta á áirithiú san am céanna.

I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an líon imirceach a smuigleáiltear trasna Mhuir nIocht ón bhFrainc go dtí an Ríocht Aontaithe, tá gá le freagairt láidir chun dul i ngleic leis an imirce neamhdhleathach agus chun an choireacht eagraithe a chomhrac, agus ár ndícheall á dhéanamh san am céanna bás tuilleadh daoine ar muir a chosc. Mar obair leantach ar an ráiteas comhpháirteach ón gCruinniú Mullaigh idir Ceannairí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i mí na Bealtaine 2025, agus i gcomhthéacs an Chomhaontais Dhomhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac, tá an comhar leis an Ríocht Aontaithe á mhéadú ag an Aontas. Sa chomhthéacs sin, tá an treoirthionscadal a chomhaontaigh an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe, agus ar thacaigh an Coimisiún leis, úsáideach chun na turais chontúirteacha sin a dhíspreagadh agus chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhúshlánach sin ag teorainn sheachtrach an Aontais.

Tacú le tíortha comhpháirtíochta a gcórais tearmainn agus chosanta a neartú

Ag deireadh mhí an Mheithimh 2025, bhí líon os cionn 117 milliún duine ar fud an domhain ar easáitíodh go héigeantach iad( 22 ). Tá méadú beagnach faoi dhó tagtha ar an bhfigiúr sin le 10 mbliana anuas, mar léiriú ar bheagnach 10 mbliana de mhéaduithe bliain ar bhliain. Dhá thrian díobh siúd a gcuirtear iallach orthu fágáil, fanann siad i gceantair chomharsanachta, agus iad á nóstáil go minic i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Is chun leas na ndaoine easáitithe agus na ndídeanaithe é go mbeidís ag fanacht in áit sa réigiún ina ndeonaítear cosaint éifeachtach toisc go laghdaíonn sé na rioscaí a bhaineann le turais chontúirteacha agus an fhulaingt dhaonna ghaolmhar agus go gcuidíonn sé le Stáit dúshláin na himirce a bhainistiú i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta.

Ag tógáil ar na torthaí a baineadh amach faoi ICFCI-an Eoraip Dhomhanda, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do chláir chun córais náisiúnta tearmainn, creataí glactha agus cosanta agus bainistiú imirce i dtríú tíortha a neartú. Cuirfear tacaíocht ar fáil d’athchóirithe dlíthiúla agus institiúideacha agus d’fhothú acmhainneachta maidir le stádas dídeanaí a chinneadh, córais chlárúcháin agus córais doiciméadachta i roinnt tíortha comhpháirtíochta. Déanfar an obair sin a nascadh freisin le hidirphlé agus comhpháirtíochtaí réigiúnacha le príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de sheirbhísí cosanta agus réitigh mharthanacha a sholáthar do dhaoine ar easáitíodh go héigeantach iad.

Conairí chun cosanta a chur chun cinn

Tá oscailt conairí dlíthiúla chun daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu a chosaint ina léiriú follasach go bhfuil an tAontas ag glacadh a fhreagrachtaí domhanda chuige féin. San am céanna, cuireann conairí dlíthiúla an chuspóir maidir le teacht isteach daoine a bhainistiú ar bhealach ordúil slán chun cinn, rud a chuireann smuigléirí agus turais chontúirteacha as an áireamh. Is uirlis straitéiseach é freisin lenar féidir comhar an Aontais le tíortha comhpháirtíochta a neartú, mar chuid de chur chuige iomlánaíoch cuimsitheach an bhealaigh iomláin maidir le bainistiú imirce. Cuidíonn na conairí sin leis an mbrú ar na comhpháirtithe sin a mhaolú, rud a chothaíonn acmhainneacht chun feabhas a chur ar a ndálaí glactha agus cosanta idirnáisiúnta, agus comhlánaíonn siad ár mbeartais arb é is aidhm dóibh gluaiseachtaí ar aghaidh contúirteacha ó na tíortha tionscnaimh a chosc. Ba cheart, mar sin, é a leabú sa chreat comhair níos leithne le tíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas dlús a chur lena uaillmhianta maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil, mar chuid lárnach dá fhoireann uirlisí le haghaidh taidhleoireachta imirce.

Mar thoradh ar an róbhrú atá ar acmhainneacht na gcóras glactha náisiúnta, chomh maith le tosca móra polaitiúla agus airgeadais eile, tá laghdú tagtha ar na háiteanna a bhfuil Ballstáit an Aontais in ann a thairiscint don tréimhse 2026-2027 i bPlean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil( 23 ) . Mar sin féin, le bainistiú níos éifeachtaí ar an imirce trí chur chun feidhme an Chomhshocraithe, ba cheart go gcruthófaí na dálaí le haghaidh pleananna um athlonnú agus um ligean isteach ar fhoras daonnúil atá níos uaillmhianaí sna blianta amach romhainn.

Tacú le fillteacha ó thríú tíortha

Ó bhí 2016 ann, mhéadaigh an tAontas go mór an tacaíocht a thugann sé d’fhillteacha deonacha inbhuanaithe ó thíortha idirthurais chuig tíortha tionscnaimh na nimirceach. Chuidigh sé sin le tríú tíortha an brú ar a gcórais a laghdú agus an líon imirceach neamhdhleathach a thagann isteach san Aontas a laghdú. Thug sé deis freisin d’imircigh a bhí sáinnithe in áit nach raibh aon súil acu go bhfaighidís cosaint ann ná aon bhealach acu chun filleadh astu féin, rud a chosain iad ar mhíúsáid smuigléirí. Go dtí seo (2021-2025), os cionn EUR 1 bhilliún atá sa tacaíocht airgeadais a soláthraíodh faoi ionstraim ICFCI-an Eoraip Dhomhanda an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair, chun tacú le filleadh ó thríú tíortha agus le hathimeascadh, chomh maith le húinéireacht agus acmhainneachtaí tríú tíortha a fhorbairt chun athimeascadh a bhainistiú trí shásraí náisiúnta tarchuir, san Afraic Thuaidh, san Afraic Fho-Shahárach agus san Áise. Tá an Clár um Chosaint, Filleadh agus Athimeascadh Imirceach (CFAI) ar cheann de na príomhchláir chun tacú le filleadh agus athimeascadh náisiúnach tríú tír. Rannchuidíonn sé le himircigh leochaileacha agus sáinnithe a chosaint, lena náirítear trí fhilleadh deonach cuidithe ón Afraic Thuaidh agus ón tSaiheil, agus lena nathimeascadh inbhuanaithe san Afraic Fho-Shahárach. Thacaigh CFAI le filleadh breis agus 127 500 duine agus le hathimeascadh breis agus 106 600 duine idir mí na Nollag 2022 agus mí na Samhna 2025. Ar an iomlán, faoi chuimsiú an hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta-an Eoraip Dhomhanda atá ann faoi láthair, fuair CFAI os cionn EUR 650 milliún go dtí seo i dTuaisceart na hAfraice agus san Afraic Fho-Shahárach le chéile, as an iomlán de EUR 1 bhilliún a leithdháileadh ar fhilleadh agus ar athimeascadh faoi ICFCI-an Eoraip Dhomhanda idir 2021 agus 2025( 24 ) . Beidh sé fós ina chuid thábhachtach de thaidhleoireacht imirce an Aontais tacú le filleadh deonach i dtreo na hAfraice Fo-Shaháraí agus príomhthíortha tionscnaimh eile, chomh maith le hiarrachtaí chun córais athimeasctha náisiúnta a fhorbairt.

Déanfaidh an Coimisiún filleadh agus athimeascadh deonach cuidithe ó thríú tíortha a chur chun cinn a thuilleadh i gcomhthéacs a chomhair straitéisigh le tríú tíortha, agus é ag obair i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tríú tíortha lena mbaineann, agus tacaíocht aige ó chlár AE um ath‑imeascadh de chuid Frontex agus ó ghníomhaithe idirnáisiúnta amhail IOM. Tá gníomhaíochtaí chun fillteacha deonacha ó thríú tíortha a threisiú fite fuaite leis na hiarrachtaí chun filleadh agus athligean isteach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a threisiú (féach roinn 5).

3.Teorainneacha AE láidre chun rialú agus slándáil a fheabhsú

Is príomhghné de chur chuige comhtháite cuimsitheach maidir le bainistiú imirce é sláine teorainneacha seachtracha an Aontais agus sláine limistéar Schengen mar limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chaomhnú.

Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór don Aontas teorainneacha seachtracha láidre a bheith aige lenar féidir an tslándáil agus an tord poiblí a ráthú, rialú éifeachtach a áirithiú ar na daoine a thagann isteach( 25 ) agus a fhanann san Aontas go dlíthiúil, agus iontrálacha agus fanachtaí neamhdhleathacha a chosc san am céanna. In éineacht le creat dlíthiúil láidir lena gcuirtear cosc ar mhíúsáid agus ar ghluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe laistigh den Aontas mar a tugadh isteach leis an gComhshocrú, ba cheart do chosaint éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais feabhas a chur ar an staid ag teorainneacha inmheánacha an Aontais, feidhmiú limistéar Schengen a éascú, agus muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a threisiú.

San am céanna, bíonn dúshláin nua ag teacht chun cinn i gcónaí ag na teorainneacha, rud a dhéanann difear do shlándáil agus d’iomláine chríochach an Aontais agus a Bhallstát. Ó bhí 2021 ann, géaraíodh ar na bagairtí hibrideacha a bhaineann le hionstraimiú imirceach agus le húsáid na himirce mar uirlis troda ag an Rúis agus ag an mBealarúis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ní féidir leis an Aontas ligean do ghníomhaithe naimhdeacha míúsáid a bhaint as a luachanna agus a phrionsabail, lena náirítear an ceart chun tearmainn, agus dochar a dhéanamh dá gcórais dhaonlathacha. Mar chuid dá fhreagairt, lena náirítear obair for-rochtana taidhleoireachta agus reachtach, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht( 26 ) in 2024 chun tacú leis na Ballstáit den Aontas a bhí ag cur i gcoinne bagairtí hibrideacha a eascraíonn as an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda agus chun an tslándáil a neartú ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus chuir sé cistiú ar fáil chun feabhas a chur ar chumais faireachais teorann na mBallstát sin. Sna 5 bliana amach romhainn, ní mór don Aontas leanúint de bheith lánullmhaithe chun dul i ngleic le dúshláin nó bagairtí a thiocfaidh chun cinn.

Tá sé beartaithe ag an Aontas tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Bhainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip (EIBM) atá láidir agus éifeachtach, agus an dara Straitéis EIBM le tíolacadh aige in 2028, le tacaíocht ó theicneolaíochtaí agus bonneagair faisnéise úrscothacha, agus le Frontex agus eu-LISA mar eití oibríochtúla aige. Leis an athbhreithniú ar Rialachán Frontex atá beartaithe do 2026, fiosrófar conas sainordú na Gníomhaireachta a neartú a thuilleadh i réimse na cosanta teorann agus conas a buanchór a threisiú, rud a chuirfeadh ar a cumas a láithreacht a leathnú agus a tacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit agus do thríú tíortha a neartú.

Rialú níos éifeachtaí ar rochtain ar chríoch an Aontais agus ar limistéar Schengen

Le rolladh amach céim ar chéim an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) ar cuireadh tús leis i mí Dheireadh Fómhair 2025, tá an córas digiteach bainistithe teorainneacha is forbartha ar domhan á chur i bhfeidhm ag an Aontas. Tá rialú teorann á athrú ó bhonn ag EES trí fheabhas a chur ar an gcumas faireachán a dhéanamh ar dhul isteach daoine san Aontas agus ar imeacht daoine as, agus ar cé na daoine a fhanann thar an tréimhse cheadaithe chomh maith, agus trí fheabhas a chur ar an sreabhadh faisnéise idir córais agus údaráis, lena n‑áirithítear freagairt níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar dhúshláin imirce agus slándála atá ag teacht chun cinn.

Mar chéad chéim eile, tá an tAontas dírithe ar an mbunachar sonraí nua um bainistiú imirce (Eurodac) a sheoladh faoi lár 2026, chomh maith leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) faoi dheireadh 2026. Tá sé beartaithe idir-inoibritheacht na gcóras uile, lena n‑áirítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), a rolladh amach go hiomlán sna blianta amach romhainn.

Chun an claochlú digiteach sin a bhaint amach, leanfaidh eu-LISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF, de bheith lárnach. Foráiltear sa togra le haghaidh an CAI go dtiocfaidh méadú mór ar acmhainní eu-LISA chun an maoiniú is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht chun comhpháirteanna uile na gcóras mórscála TF atá faoina sainchúram a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Thairis sin, ó lár 2026 ar aghaidh, tosóidh na Ballstáit, mar chuid de chur chun feidhme an Chomhshocraithe, ar scagadh a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach san Aontas gan na coinníollacha maidir le dul isteach i limistéar Schengen a chomhlíonadh. Cinnteofar leis sin go ndéanfar seiceálacha céannachta, slándála, sláinte agus leochaileachta ar dhaoine a shroicheann teorainneacha seachtracha an Aontais go neamhdhleathach agus go gcuirfear i dtreo an nós imeachta iomchuí iad. I ndáil leis an méid sin, leis an athchóiriú mór i lár 2026 ar Eurodac, bunachar sonraí bithmhéadrach lárnach an Aontais, cuirfear córas TF bainistithe imirce ar fáil do na húdaráis chun maoirseacht, bainistiú agus rialú atá cuimsitheach agus digiteach a dhéanamh ar thearmann agus imirce san Aontas. Leis na nósanna imeachta sainordaitheacha nua maidir le tearmann agus filleadh, daingneofar an smacht atá againn ar ár dteorainneacha, neartófar ár gcumas teacht isteach neamhdhleathach a chosc, agus déanfar ár gcórais tearmainn agus fillte níos éifeachtaí. Iarratasóirí nach dócha go bhfaighidh siad cosaint san Aontas, ar sainaithníodh iad mar iarratasóirí a chuireann slándáil inmheánach an Aontais i mbaol, nó ar iarratasóirí iad a chuireann údaráis ar míthreoir, ní cheadófar dóibh teacht isteach san Aontas agus próiseálfar iad ag an teorainn go tapa. Déanfaidh sásraí faireacháin neamhspleácha náisiúnta faireachán ar urramú na gceart bunúsach, lena n‑áirítear cearta an linbh, le linn an scagtha agus le linn an nós imeachta teorann um thearmann.

Leas a bhaint as teicneolaíocht ar mhaithe le bainistiú agus cosaint teorainneacha an Aontais

Sna 5 bliana amach romhainn, leanfaidh an tAontas dá acmhainneachtaí faisnéisbhunaithe a fhorbairt chun a theorainneacha seachtracha a chosaint agus chun feasacht staide chuimsitheach agus acmhainneacht freagartha iomchuí a áirithiú. Chuige sin, soláthraíonn EUROSUR faireachas úrscothach cheana féin agus cuireann sé le cumas an Aontais faireachán agus rialú a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha coiteanna Schengen trí mhalartú neas‑fhíorama faisnéise a bhaineann le himirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann. Beidh sé ríthábhachtach tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar fheidhmiú EUROSUR chomh maith le teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid san fhaireachas ar theorainneacha, lena n‑áirítear úsáid oirbheartaíoch na ladrann agus na n‑acmhainneachtaí frithdhrón. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a bhféadfadh Frontex tacú leis na Ballstáit trealamh den sórt sin a cheannach agus ar an gcaoi a bhféadfadh Frontex an oiliúint is gá a chur ar fáil. Ina theannta sin, leanfaidh an Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise (CISE), lena gcuirtear ar chumas údaráis mhuirí an Aontais faisnéis a chomhroinnt le chéile ar bhealach atá struchtúrtha agus slán, de ról a bheith aici maidir le feasacht ar ghníomhaíochtaí muirí a mhéadú agus maidir le tacú le freagairtí ar imirce neamhdhleathach.

Cuirfidh tionscnaimh nua dlús breise le digitiú bhainistiú teorainneacha an Aontais agus éascóidh siad teacht isteach taistealaithe bona fide. Le digitiú na nósanna imeachta víosa, a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2023 agus atá le cur chun feidhme faoi 2030, beidh sé níos éasca do thaistealaithe iarratas a dhéanamh ar víosa Schengen agus do na húdaráis náisiúnta iarratais a phróiseáil ar bhealach níos tapúla. An tráth céanna, leis an digitiú atá beartaithe ar dhoiciméid taistil( 27 ), a luaithe a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é, lena náirítear trí leas a bhaint as an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, déanfar stádas an Aontais mar cheannaire domhanda i mbainistiú teorainneacha atá slán, éifeachtúil agus fabhrach don taistealaí a dheimhniú a thuilleadh. Déanfaidh an Coimisiún freisin rialacha AE nuashonraithe maidir leis an bhformáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí slándála agus ar dhúshláin eile( 28 ) .

Ba cheart tús áite a thabhairt d’úsáid teicneolaíochtaí nua, lena náirítear uirlisí Intleachta Saorga (IS) atá iontaofa agus duinelárnach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun forbairtí a bhrath roimh ré, agus chun ullmhacht agus athléimneacht theorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú. Áirítear leis sin samhlacha chun cuidiú ó thaobh sainaithint sócmhainní nó soithí a léiríonn neamhrialtachtaí a éilíonn fíoruithe nó imscrúduithe breise (amhail iompraíocht a bhaineann le guais nó gníomhaíochtaí neamhrialta). Cuideoidh sé sin ó thaobh tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí frithsmuigleála nó do ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála; ó thaobh feabhas a chur ar shainaithint réad amhail feithiclí nó soithí; ó thaobh anailís a dhéanamh go pras ar líon mór sonraí ilchineálacha agus ó thaobh sainaithint bhithmhéadrach a dhéanamh a úsáidtear le haghaidh rialuithe slána iontaofa agus chun taisteal a éascú chomh maith le goid chéannachta a chomhrac. Tá cuid mhaith de na huirlisí sin á bhforbairt agus leanfar dá bhforbairt le tacaíocht ó chláir thaighde agus forbartha an Choimisiúin( 29 ).

Bainfidh an Coimisiún leas as an intleacht shaorga chun anailís a dhéanamh ar shonraí agus chun treochtaí ag na teorainneacha seachtracha a shainaithint, rud a chuideoidh leis na húdaráis faisnéis a chomhroinnt trí uirlisí níos forbartha agus forbairtí agus rioscaí a réamhmheas agus freagairt dóibh, i gcomhréir le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga( 30 ) . In éineacht le Frontex, eu-LISA agus na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún uirlisí le haghaidh anailís riosca, feasacht staide agus bainistiú céannachta ag na teorainneacha seachtracha a fhorbairt agus a thástáil ar uirlisí iad a fhaigheann tacaíocht ón intleacht shaorga agus, i gcás inarb iomchuí, tacóidh sé le cur chun feidhme na nuirlisí sin. Faoi chomhpháirt Rialachán Frontex maidir le taighde agus nuálaíocht do Bhainistiú Comhtháite ar Theorainneacha Seachtracha( 31 ), bainfidh Frontex úsáid as a shainorduithe maidir le taighde agus nuálaíocht chun treoirthionscadail a phleanáil agus a chur chun feidhme, réitigh theicneolaíochta a thástáil agus a bhailíochtú i suíomhanna oibríochtúla, agus na torthaí, an treoraíocht agus an oiliúint ghaolmhar a chomhroinnt leis na húdaráis náisiúnta. Déanfaidh an tAontas acmhainneacht neamhspleách Eorpach le haghaidh córais uathoibrithe um shainaithint céannachta a fhorbairt freisin, chun críche bainistithe imirce agus teorainneacha, ag tógáil ar na córais mhórscála TF atá ann cheana sa réimse sin. Déanfar aon chomhpháirt intleachta saorga de na córais sin a fhorbairt agus a chur in úsáid i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais, agus é d’aidhm acu san am céanna spleáchais straitéiseacha ar sholáthraithe nach soláthraithe de chuid an Aontais iad a laghdú.

4.Córas tearmainn agus imirce atá daingean, cothrom agus inoiriúnaithe

Is athchóiriú an‑tábhachtach é an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann lena leagtar síos bunús dlí daingean le bealach chun an imirce a bhainistiú atá cothrom agus níos éifeachtúla. Tugtar cur chuige cuimsitheach isteach leis arb é is aidhm dó beartas an Aontais maidir le tearmann, imirce agus bainistiú teorainneacha a neartú. Leagtar amach ann nósanna imeachta tapa agus éifeachtúla maidir le tearmann, maille le coimircí láidre d’iarratasóirí, agus feabhsaítear leis próisis laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha seachtracha.Leis an gComhshocrú, tá córas éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta á chur i bhfeidhm ag an Aontas chun an imirce a bhainistiú go comhchoiteann, córas nach bhfágfar aon Bhallstát leis féin ann agus é faoi bhrú. Córas atá cothrom agus dea-bhainistithe, lena gcosnaítear in aghaidh na mí‑úsáide, lena ndéantar leanaí, daoine leochaileacha agus cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint agus lena gcuirtear ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le himirce agus tearmann.

Dá bhrí sin, sna 5 bliana amach romhainn, beidh gá le fócas leanúnach ar chur chun feidhme agus ar oibríochtú an Chomhshocraithe. Tá a chur chun feidhme sna Ballstáit faoi lán seoil anois agus i bhfianaise scála na n‑athchóirithe, beidh na blianta amach romhainn ríthábhachtach chun na córais nua bainistithe tearmainn agus imirce a dhaingniú ar fud an Aontais, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine á gcur san áireamh freisin. Is é an Comhshocrú an bonn is gá chun gur féidir linn tógáil air a thuilleadh. Breathnóidh an Coimisiún ar bhearta chun gnéithe nuálacha a thabhairt isteach, chun comhordú oibríochtúil a neartú, agus chun leas iomlán a bhaint as na deiseanna a sholáthraíonn an creat dlíthiúil nua chun nósanna imeachta tearmainn a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe. Beidh an obair sin bunaithe ar an ngá go leanfaidh beartais an Aontais de bheith sofhreagrúil agus inoiriúnaithe agus de chásanna a bhrath roimh ré ina bhfuil gá le feabhsuithe agus tionscnaimh chomhlántacha.

Beidh gá le cur chuige ‘uile-rialtais’ agus le hiarracht chomhordaithe ar fud ranna agus gníomhaireachtaí rialtais éagsúla, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis sin comhar trasghníomhaireachta, lena gcothófar cur chun feidhme comhthacúil agus comhsheasmhach na mbeartas ar fud na n‑earnálacha agus na leibhéal rialtais uile, lena n‑áirítear na cinn réigiúnacha agus áitiúla.

Ní mór acmhainní agus oiliúint leordhóthanacha a chur ar fáil don chóras breithiúnach maidir leis na hathchóirithe ar mhaithe le dea-fheidhmiú an chórais fhoriomláin imirce agus tearmainn. Beidh sé an‑tábhachtach go mbeidh comhordú saoráideach ann idir próiseáil riaracháin na n‑iarratas ar thearmann agus an córas breithiúnach. Trí struchtúir riaracháin, córais i ndáil le maoirseacht bhreithiúnach agus bealaí cumarsáide a chomhtháthú go hiomchuí, is féidir leis na heintitis riaracháin agus bhreithiúnacha próisis a bhrostú agus scrogaill a íoslaghdú.

ullmhacht agus pleanáil theagmhasach ríthábhachtach chun an imirce a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí trí chásanna atá ag teacht chun cinn a thuar ar bhealach níos fearr. Tá acmhainneacht an Choimisiúin á neartú aige ó thaobh réamhmheastacháin agus cásanna féideartha a tháirgeadh maidir leis an líon daoine agus an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheidh ag teacht isteach amach anseo agus tá inniúlacht fadbhreathnaitheachta á forbairt aige lenar féidir tacú le cinntí oibríochtúla agus beartais, chomh maith le hullmhacht, teagmhasacht agus athléimneacht na mBallstát( 32 ).

Ba cheart córas tearmainn nua-aimseartha a bheith ag brath freisin ar thacaíocht ó fhorbairtí teicneolaíochta. Faoi dheireadh na tréimhse 5 bliana a chumhdaítear leis an Straitéis seo, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a nósanna imeachta tearmainn a chur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as córais dhigitithe um bainistiú cásanna, agus ba cheart go mbeadh uirlisí intleachta saorga nua in ann an tacaíocht is gá a sholáthar chun nósanna imeachta a bhrostú, i gcomhréir le ceanglais Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga.

An Comhshocrú a chur chun feidhme agus a áirithiú go bhfuil na rialacha oiriúnach dá bhfeidhm

Is próiseas mór ilchéime é cur chun feidhme an Chomhshocraithe ina mbíonn gníomhaithe éagsúla páirteach chun an tsraith mhór gníomhartha reachtacha a chur chun feidhme go hoibríochtúil. Leanfaidh sé de bheith ina thosaíocht straitéiseach sna cúig bliana amach romhainn. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas sin aghaidh a thabhairt ar aon oiriúnú reachtach breise, acmhainní a chur ar fáil d’athchóirithe riachtanacha agus oibríochtú praiticiúil iomlán a áirithiú ar an láthair i ngach ceann de na deich mbloc tógála a leagtar amach sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann( 33 ) . 

Bhunaigh an Coimisiún struchtúr láidir tacaíochta, ina bhfuil 27 bhfoireann tíre, chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus chun comhleanúnachas a áirithiú ar fud an Aontais( 34 ) . Cuireadh EUR 3 bhilliún breise( 35 ) ar fáil chun tacú leis na Ballstáit sna hathchóirithe is gá chun an Comhshocrú a chur chun feidhme. Leanfar den rannpháirteachas spriocdhírithe nuair a thiocfaidh an Comhshocrú i bhfeidhm go hiomlán, tar éis mhí an Mheithimh 2026. Ó thús deireadh an phróisis sin, ní mór don Chomhshocrú a bheith dinimiciúil agus inoiriúnaithe do dhúshláin nua agus do dhúshláin atá ag teacht chun cinn.

Chuige sin, i mí na Nollag 2025, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le dhá bheart nua chun an Comhshocrú a iomlánú agus a chomhlánú, bearta lena leasaítear coincheap an ‘tríú tír shábháilte’ agus lena mbunaítear liosta an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh ( 36 ). Beidh an tathbhreithniú atá beartaithe do 2027 ar an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce( 37 ) agus ar an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn( 38 ) ina dheis an chéad mheastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na rialacha nua ag feidhmiú go praiticiúil, agus ar cé acu atá gá le tuilleadh coigeartuithe nó nach bhfuil. Le sásra faireacháin nua Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), atá le seoladh in 2026, cuideofar freisin ó thaobh neamhréireachtaí agus dúshláin i gcur i bhfeidhm na rialacha tearmainn agus glactha a shainaithint agus ó thaobh bonn eolais a chur faoin athbhreithniú sin.

an dlúthpháirtíocht, in éineacht leis an bhfreagracht, ar cheann de phríomhghnéithe an Chomhshocraithe. Leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, tugtar tacaíocht éifeachtach do Bhallstáit atá faoi bhrú imirce. I mí na Samhna 2025, sheol an Coimisiún an chéad timthriall bliantúil bainistithe imirce, lena dtugtar léargas cuimsitheach ar staid an tearmainn, na himirce agus an ghlactha san Aontas, agus lena sainaithnítear na Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid mhór imirce( 39 ). Bhunaigh an Chomhairle an chéad Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta le haghaidh 2026( 40 ) . Tacóidh an Coimisiún, go háirithe trí obair Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, leis na Ballstáit an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme. Tá an Coimisiún le timthriall bainistithe imirce a sheoladh gach bliain chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit atá faoi bhrú, ach is í an Chomhairle atá leis an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta bliantúil a bhunú le haghaidh gach bliana ina dhiaidh sin.

Leanfar do thús áite a thabhairt do chomhroinnt freagrachta atá éifeachtach agus chobhsaí a bhunú ar fud an Aontais agus do ghluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe laistigh dá chríoch a laghdú. Déanann gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe dochar do dhea-fheidhmiú an Chomhshocraithe ina iomláine agus tá tionchar tábhachtach acu ar limistéar Schengen. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an status quo agus cur i gcoinne gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe. Áirítear in ionstraimí reachtacha an Chomhshocraithe roinnt bearta láidre chun na críche sin, go háirithe an oibleagáid scagadh a dhéanamh ar gach imirceach a thagann isteach go neamhdhleathach agus gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú i gcóras athnuaite Eurodac, na nósanna imeachta teorann sainordaitheacha maidir le tearmann agus filleadh, rialacha níos láidre chun éalú a chomhrac, féidearthachtaí feabhsaithe chun dálaí glactha ábharacha a laghdú, amhail i gcás inar éalaigh iarratasóir ón mBallstát atá freagrach as, nó i gcásanna eile neamh‑chomhoibrithe. Tá aistrithe éifeachtacha ríthábhachtach do dhea-fheidhmiú agus d’inchreidteacht an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn, agus chun teorainn a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe idir na Ballstáit. Leis an gComhshocrú, cruthaítear córas atá níos tapúla agus níos intuartha chun daoine a aistriú chuig an mBallstát freagrach. Chuige sin, in 2026 fiosróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) cén bealach is fearr chun tacú leis na hathchóirithe sin. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tuilleadh iniúchta a dhéanamh, de réir mar is gá, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag beartais ghlactha éagsúla ar fud an Aontais ar ghluaiseachtaí imirceach, i dtreo an Aontais agus laistigh de araon.

Nósanna imeachta tearmainn a nuachóiriú tríd an digitiú agus trí úsáid na hintleachta saorga

Ceann de na príomhfheabhsuithe a tháinig as an gComhshocrú is ea éifeachtacht mhéadaithe na nósanna imeachta. I réimse ina bhfuil roinnt gníomhaithe éagsúla rannpháirteach ar fud na struchtúr riaracháin agus ar fud na mbreithiúna, is féidir le réitigh theicneolaíocha nua cuidiú ó thaobh scrogaill a shárú, ó thaobh an t‑ualach riaracháin a laghdú agus ó thaobh comhar agus malartú faisnéise a éascú i measc na n‑údarás náisiúnta, le Gníomhaireachtaí an Aontais agus i measc na mBallstát.

Dá bhrí sin, tabharfar tús áite d’údaráis imirce a fheistiú le córais chomhtháite bainistithe cásanna agus le huirlisí digiteacha cliste. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh, ag tosú in 2026, ar a indéanta atá togra tiomnaithe le haghaidh digitiú i réimse an tearmainn, i bhfianaise, freisin, togra den sórt sin a bheith á ullmhú i réimse an fhillte. Bunófar grúpa saineolaithe chun dul i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an mbealach is fearr chun cinn i ndáil le córais dhigiteacha um bainistiú cásanna tearmainn a fhorbairt, córais a chomhtháthódh nósanna imeachta scagtha, tearmainn, glactha agus aistrithe( 41 ) chun na críche sin. Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na chéad chéimeanna eile a shainaithint chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát sa réimse sin. Ag tosú in 2026, díreofar iarrachtaí freisin ar DubliNet, an córas um malartú faisnéise faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, a thiontú ina uirlis níos éifeachtaí agus níos forbartha go teicniúil chun tacú leis na Ballstáit na nósanna imeachta faoin Rialachán sin a dhéanamh.

Ina theannta sin, cuireann teicneolaíochtaí nua deiseanna nua ar fáil nár fiosraíodh go fóill chun an tualach riaracháin a laghdú, próisis a shimpliú, agus cinntí tearmainn ar ardchaighdeán a dhéanamh. D’fhéadfadh an intleacht shaorga na huirlisí a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta chun na deiseanna sin a bhaint amach. Mar shampla, i réimse na hateangaireachta, an aistriúcháin agus an trasscríofa, nó i mbailiú agus anailísiú faisnéise faoi thíortha tionscnaimh, agus i ndáil le bainistiú cásanna agus barrfheabhsú an tsreafa oibre, nó réamhsheiceáil a dhéanamh cé acu a líonadh nó nár líonadh iarratais isteach ina niomláine. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí sin úsáid a bhaint as na torthaí a thagann as an taighde agus nuálaíocht Eorpach maidir leis an imirce arna gcistíú ag an Aontas( 42 ) . Chun dul chun cinn a dhéanamh sa réimse sin, i gcomhréir leis na ceanglais rialála atá ann cheana, bunóidh an Coimisiún Fóram um Intleacht Shaorga don Imirce in 2026 chun an bealach is fearr a fhiosrú chun úsáid a bhaint as uirlisí intleachta saorga i réimse an tearmainn, na himirce agus an bhainistithe teorann, chun úsáidí féideartha na hintleachta saorga a shainaithint agus chun plean oibríochtúil a ullmhú chun uirlisí nua den sórt sin a rolladh amach go praiticiúil. Beidh an obair sin ag brath freisin ar na treoirlínte maidir le haicmiú córas intleachta saorga ardriosca a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad thíolacadh in 2026 ( 43 ).

Tacaíocht a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin

Is tosaíocht de chuid an Aontais agus na mBallstát i gcónaí é cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá todhchaí na hÚcráine agus todhchaí an Aontais fite fuaite le chéile trínár gcomhshlándáil, trínár naisc eacnamaíocha ach freisin trí na caidrimh atá daoine a dhéanamh le chéile an tráth seo. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus í ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas.

Chun dul chun cinn a dhéanamh le dearcadh níos fadtéarmaí, agus luaineacht ard na staide á cur san áireamh, is gá bealach a dhearadh i dtreo cónaí dlíthiúil leanúnach agus cuimsiú mhuintir na hÚcráine i sochaithe óstacha a éascú, agus tacú san am céanna leo siúd ar mian leo filleadh abhaile nuair is féidir sin. Ní mór an taistriú sin a dhéanamh de réir a chéile agus go sothuartha, chun tacú le téarnamh na hÚcráine. Leis an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an aistrithe amach as cosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin( 44 ) a glacadh i mí Mheán Fómhair 2025, tugtar an bonn do na chéad chéimeanna eile. Tugtar oibríochtú an Mholta chun cinn i bhfóraim éagsúla leis na Ballstáit, le húdaráis na hÚcráine agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta( 45 ) .

Ós rud é gurb í an tacaíocht do dhaoine easáitithe ón Úcráin an chéad chás inar gníomhachtaíodh an Treoir um Chosaint Shealadach 2001, beidh ar an Aontas leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ó níos mó ná 4 bliana de chosaint shealadach chun bonn eolais a chur faoi fhreagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

5. Filleadh agus athligean isteach níos éifeachtaí

Tá filleadh agus athligean isteach tapa, éifeachtach agus díniteach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht san Aontas go neamhdhleathach fíor-riachtanach do shláine ár gcóras imirce agus tearmainn. Faoi láthair, ní dhéanann ach thart ar an gceathrú cuid de na himircigh a n‑ordaítear dóibh an tAontas a fhágáil amhlaidh, bíodh agus go bhfuil difríochtaí idir na Ballstáit. Tá sé práinneach éifeachtacht na bhfillteacha a mhéadú chun imirce neamhdhleathach a dhíspreagadh agus chun dea-fheidhmiú agus sláine an chórais imirce agus tearmainn a chosaint.

Sna 5 bliana amach romhainn, ní mór don Aontas iomlán a acmhainneachta a infheistiú chun comhchóras cuimsitheach Eorpach um fhilleadh a thógáil. Tá dul chun cinn nach beag déanta cheana féin ag roinnt Ballstát maidir le héifeachtúlacht a nósanna imeachta um fhilleadh a mhéadú. Leis an Rialachán um Fhilleadh atá beartaithe( 46 ), a luaithe a ghlacfar é, cuirfear creat dlíthiúil nua ar fáil ina mbeidh nósanna imeachta um fhilleadh níos tapúla, níos simplí agus níos éifeachtaí ar fud an Aontais lena nurramófar cearta bunúsacha, agus oibleagáidí idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an nonrefoulement.

Ionas go n‑éireoidh le fillteacha, ní mór do thríú tíortha a ról a chomhlíonadh go hiomlán agus an oibleagáid idirnáisiúnta maidir lena náisiúnaigh féin a athligean isteach a chomhlíonadh. Ba cheart don Aontas gach luamhán agus dreasacht atá ar fáil dó a fhorbairt agus a úsáid, lena n‑áirítear ionstraimí um athligean isteach, uirlisí maoinithe agus beartas víosaí agus trádála, chun comhar níos láidre a chothú maidir le hathligean isteach mar chuid dá fhor-rochtain taidhleoireachta imirce chuig tríú tíortha. An tráth céanna, ní mór do na Ballstáit obair leantach chríochnúil thráthúil a dhéanamh maidir le horduithe um fhilleadh trína iarraidh, nuair is gá, ar na tríú tíortha náisiúntacht an duine atá le filleadh a dheimhniú agus doiciméid taistil a sholáthar dó.

Comhchóras Eorpach um fhilleadh a thógáil

Leis an gComhshocrú, tugtar isteach roinnt gnéithe nua agus feabhsuithe maidir le bainistiú tearmainn agus imirce. Maidir le filleadh, leis an gcreat dlíthiúil nua, a tugadh isteach leis an gComhshocrú, dúnfar na lúba ar lár idir tearmann agus filleadh, rud a chinnteoidh go n‑eiseofar cinntí um fhilleadh agus cinntí diúltacha maidir le tearmann go gairid i ndiaidh a chéile. Cuirfidh sé sin go mór le luas na bhfillteacha, trí dheiseanna éalaithe a laghdú agus, ar an gcaoi sin, tréimhsí fada éiginnteachta a sheachaint do na fillithe agus do na húdaráis náisiúnta araon.

Ina theannta sin, leis an nós imeachta teorann sainordaitheach um fhilleadh( 47 ), fillfidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar diúltaíodh dóibh ar luas i bhfad níos tapúla, go díreach ó na teorainneacha seachtracha agus laistigh den sprioc-am 12 sheachtain a leagtar síos leis na rialacha nua. Cuirfidh an Coimisiún béim láidir ar chur chun feidhme éifeachtach na nósanna imeachta teorann nua a áirithiú, agus é ag obair go dlúth leis na Ballstáit, le Frontex agus le tíortha comhpháirtíochta chun na críche sin. Tabharfaidh sé aird ar leith freisin ar an gcomhar maidir le hathligean isteach i gcomhthéacs an nós imeachta teorann sainordaithigh agus tuarascálacha á nullmhú amach anseo faoi Airteagal 25a den Chód Víosaí.

Ag tógáil ar na feabhsuithe sin, is é an tosaíocht do na 5 bliana amach romhainn comhchóras Eorpach um fhilleadh a fhorbairt go hiomlán, i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2025 le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Comhchóras Eorpach um Fhilleadh( 48 ) . Leis an Rialachán atá beartaithe, tugtar gné Eorpach níos nithiúla don fhilleadh le hordú Eorpach um Fhilleadh, tríd an mbealach a réiteach d’aitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh, ionas nach féidir dul timpeall ar rialacha an Aontais trí bhogadh go neamhdhleathach ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Leis an Rialachán atá beartaithe, cuirtear simpliú agus éifeachtacht chun cinn trí phróisis inmheánacha a chuíchóiriú, trí chearta agus oibleagáidí fillithe a shoiléiriú, amhail an oibleagáid comhoibriú sa nós imeachta um fhilleadh, tríd an riosca éalaithe agus riosca maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe a laghdú, agus trí na lúba ar lár idir nósanna imeachta um fhilleadh laistigh den Aontas agus gníomhaíochtaí um athligean isteach chuig tríú tíortha a dhúnadh. Cuirfear dlús freisin le filleadh daoine aonair ar bagairt slándála iad. Leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe na rialacha agus na coimircí chun ‘moil um fhilleadh’ a bhunú lasmuigh den Aontas freisin, rud a d’fhéadfadh réitigh nua a chur ar fáil maidir le filleadh daoine a bhfuil sé d’oibleagáid orthu an tAontas a fhágáil. Tá sé tábhachtach an chaibidlíocht maidir leis an Rialachán um Fhilleadh a thabhairt chun críche go pras chun comhchóras Eorpach um fhilleadh a chur i gcrích sna blianta amach romhainn.

Cuirfidh an Coimisiún togra reachtach i láthair freisin maidir le digitiú an fhillte in 2026, d’fhonn córais dhigiteacha um bainistiú cásanna a fhorbairt sa réimse sin. Cuideoidh sé sin freisin le hualach oibre riaracháin na n‑údarás náisiúnta a laghdú agus le próisis a shimpliú agus a uathoibriú. Tá sé d’aidhm ag an togra féachaint freisin ar an bhféidearthacht freagrachtaí breise maidir le córais dhigiteacha um bainistiú cásanna a chur ar iontaoibh Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail Frontex agus eu-LISA.

I gcomhthráth le treisiú an chreata dhlíthiúil nua, tá gá le bearta chun feabhas a chur ar phróisis um fhilleadh ar an leibhéal oibríochtúil.

Déanfaidh an Comhordaitheoir um Fhilleadh, le tacaíocht ón Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh, smaointe nua a fhiosrú agus forbróidh sé cleachtais a bhaineann le dúshláin shonracha amhail filleadh náisiúnach tríú tír a phróiseáiltear sa nós imeachta teorann um fhilleadh, filleadh daoine ar bagairt slándála iad, nó filleadh mionaoiseach neamhthionlactha i gcomhréir le dlí an Aontais agus le leas an linbh. Chuige sin, leanfaidh an obair chomhpháirteach le húdaráis na mBallstát d’úsáid na n‑acmhainní atá ar fáil a bharrfheabhsú agus d’úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ann cheana chun dlús a chur le fillteacha. Leanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, de thionscnaimh phraiticiúla a fhorbairt chun na críche sin i gcomhar le tríú tíortha agus sna tíortha sin.

Leis an athbhreithniú a dhéanfar go luath ar Rialachán Frontex in 2026, fiosrófar freisin an deis ról oibríochtúil na gníomhaireachta a neartú maidir le filleadh laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon. Tá machnamh ar siúl faoi láthair maidir leis an bhféidearthacht tacú le filleadh ó thríú tír chuig tríú tír eile, faoi réir coinníollacha soiléire agus coimircí dlíthiúla, agus filleadh deonach agus athimeascadh á dtreisiú, chomh maith le roghanna chun feabhas a chur ar rialachas na Gníomhaireachta sa réimse sin chun tacú le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais.

Tá bearta á ndéanamh ag an gCoimisiún, in éineacht le Frontex, chun bailiú sonraí maidir le filleadh a fheabhsú agus a chuíchóiriú freisin, d’fhonn feabhas a chur ar an léiriú staide maidir le filleadh, rud a fhágann gur féidir acmhainní agus uirlisí a phleanáil ar bhealach níos fearr.

Feabhas a chur ar athligean isteach ag tríú tíortha

Ní mór oibriú i gcomhar maidir le hathligean isteach le tíortha tionscnaimh na n‑imirceach chun go n‑éireoidh leis an bhfilleadh agus chun go ndéanfar an imirce a bhainistiú go héifeachtúil, agus is príomhghné eile é sin den chomhchóras Eorpach um fhilleadh. Is oibleagáid faoi dhlí idirnáisiúnta an ghnáis é go ndéanfaidh tír a cuid náisiúnach féin a athligean isteach, agus is ar an dlí sin a thógtar comhaontuithe agus socruithe an Aontais um athligean isteach agus comhaontuithe comhpháirtíochta (e.g. Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair) le tríú tíortha, chomh maith le creataí dlíthiúla iltaobhacha (e.g. Comhaontú Shamó le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin).

I ndáil leis an méid sin, is príomhthosaíocht i dtaidhleoireacht imirce an Aontais i gcónaí é an comhar feabhsaithe maidir le hathligean isteach. Déanann an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, faireachán rialta ar an gcomhar maidir le hathligean isteach faoi chuimsiú na nionstraimí déthaobhacha agus iltaobhacha um athligean isteach atá ann cheana agus tríd an measúnú bliantúil ar chomhar maidir le hathligean isteach faoi Airteagal 25a den Chód Víosaí( 49 ). Ní mór don Aontas a fhoireann uirlisí a úsáid agus a threisiú chun comhar sa réimse sin a chur chun cinn, i gcomhréir leis na hiarrataí a rinne Ceannairí an Aontais arís agus arís eile go núsáidfí na huirlisí agus na hionstraimí beartais uile chun cur le héifeacht an fhillte agus an athligean isteach. Ní mór tús áite a thabhairt i gcónaí do chur chun feidhme éifeachtach na 24 chomhaontú agus shocrú de chuid an Aontais le tríú tíortha maidir le hathligean isteach ( 50 ) atá ann cheana, agus d’urramú agus d’fhorfheidhmiú iomlán na noibleagáidí a chumhdaítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais.

Chun comhar an Aontais le tríú tíortha a uasmhéadú agus chun cur chuige straitéiseach éifeachtach i leith na caibidlíochta a áirithiú, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun malartú faisnéise sa réimse sin a neartú a thuilleadh. Ba cheart a áireamh sna malartuithe sin machnamh ar an mbealach is fearr chun na sainorduithe caibidlíochta le haghaidh comhaontuithe um athligean isteach atá ar feitheamh a shaothrú. Ní mór an chaibidlíocht maidir le hathligean isteach atá ar siúl faoi láthair a thabhairt chun críche go pras agus, i gcás ina bhfuil breisluach léi ar leibhéal an Aontais, ba cheart tús a chur le caibidlíocht le tíortha nua. Cuirtear creat soiléir ar fáil le Comhaontú Shamó freisin chun oibleagáidí um athligean isteach a chur chun feidhme, ag meabhrú do na páirtithe uile an oibleagáid atá orthu a gcuid náisiúnach féin a athligean isteach: déanfar faireachán ar a chur chun feidhme agus tacófar leis le rannpháirteachas sonrach, de réir mar is gá. I gcás inarb iomchuí, saothróidh an Coimisiún socruithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha a bhunú maidir lena gcuid náisiúnach féin a athligean isteach agus chun deireadh a chur le bacainní a chuireann isteach ar chomhar leis na comhpháirtithe sin.

Chun dul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir le comhar um athligean isteach mar chuid den taidhleoireacht imirce, ní mór don Choimisiún, don Ardionadaí agus do na Ballstáit na dreasachtaí agus na luamháin is gá a shlógadh trí úsáid a bhaint as beartais, ionstraimí agus uirlisí ábhartha uile an Aontais.

Aghaidh a thabhairt ar chomhthéacsanna dúshlánacha

Ba cheart aird níos mó a thabhairt ar roinnt cásanna a bhaineann le tríú tíortha sonracha. I ndáil leis an méid sin, tá dúshláin mhóra pholaitiúla, slándála, dhaonnúla agus forbartha le sárú ag an tSiria go fóill. Tacaíonn an tAontas le haistriú polaitiúil síochánta ionchuimsitheach faoi stiúir na Siria, chomh maith le téarnamh socheacnamaíoch chun athbheochan an fhoréigin a chosc. Tá an Coimisiún ag obair le UNHCR chun tacú le filleadh deonach agus le hath‑imeascadh inbhuanaithe na bhfillithe. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht maidir le cuairteanna féachana do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta de chuid na Siria san Aontas arbh fhéidir gur mhian leo filleadh ar an tSiria. Tá Frontex tar éis tacaíocht a atosú freisin d’oibríochtaí um fhilleadh chuig an tSiria agus d’ath‑imeascadh na Siriach.

Tá an Coimisiún ag obair freisin chun comhordú ar leibhéal an Aontais a áirithiú maidir le staid na nAfganastánach atá ina gcónaí san Aontas. Chuige sin, tá an Coimisiún i dteagmháil, ar an leibhéal teicniúil, le húdaráis de facto na hAfganastáine maidir le filleadh agus athligean isteach féideartha náisiúnach Afganastánach atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas, go háirithe iad siúd a rinne coireanna nó a bhfuil riosca slándála ag baint leo, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear lánurraim do phrionsabal an non‑refoulement. Tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis na Ballstáit agus tá sé ag brath freisin ar thacaíocht Frontex maidir le filleadh deonach trí Chlár an Aontais um Athimeascadh.

6. Soghluaisteacht lucht saothair agus tallainne chun an tiomaíochas a neartú

Sna blianta amach romhainn, is dócha go gcuirfidh bearnaí scileanna agus ganntanais lucht saothair, arna spreagadh ag dinimic dhéimeagrafach freisin, leis na riachtanais mhéadaithe dár margadh saothair i roinnt earnálacha barrthábhachtacha agus, ar leibhéil éagsúla, ar fud an Aontais( 51 ) . Leanfaidh an téileamh de bheith ag fás i bpríomhréimsí atá ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais agus d’fholláine na saoránach, ó réimsí ceannródaíocha amhail an intleacht shaorga go cúram do na daoine is óige agus is sine. Sainaithníodh cheana féin i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a glacadh le déanaí, 42 ghairm ina bhfuil ganntanais lucht saothair agus scileanna san Aontas a chuireann srian ar acmhainneacht eacnamaíoch na hEorpa, agus inar féidir le soghluaisteacht lucht saothair agus tallainne rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh.

Le hAontas na Scileanna( 52 ), tugtar aghaidh ar an ngá atá le tallann ó thríú tíortha a mhealladh agus a choinneáil, rud a chomhlánaíonn na bearta ó thaobh an lucht saothair intíre a ghníomhachtú agus a uassciliú, lena náirítear náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí san Aontas cheana féin. Tá soghluaisteacht lucht saothair agus tallainne mar chuid de shamhail eacnamaíoch an Aontais, rud a neartaíonn a iomaíochas, a thugann aghaidh ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus ar dhúshláin maidir le scileanna( 53 ), agus a chothaíonn an nuálaíocht.

Sna 5 bliana amach romhainn, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas a bheith ar an áit is tarraingtí sa rás domhanda chun tallann a mhealladh, rud a thabharfadh lucht saothair oilte isteach, idir nuálaithe a spreagann dul chun cinn teicneolaíoch agus oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí cúraim riachtanacha. Chuige sin, ní mór dúinn ár gcomhar le tíortha comhpháirtíochta a mhéadú, trí shoghluaisteacht lucht saothair agus tallainne a úsáid mar uirlis le haghaidh taidhleoireacht imirce agus caidreamh cuimsitheach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le comhpháirtithe araon, agus tionscnaimh nua nuálacha a sheoladh ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, chun oibrithe atá oilte agus ullmhaithe dár margadh fostaíochta a mhealladh.

San am céanna, ní mór mealladh lucht saothair agus tallainne a chomhlánú leis an gcumas iad a choinneáil. Chun an méid sin a bhaint amach, tá timpeallacht shocheacnamaíoch de dhíth ar an Aontas a fhéadfaidh ní hamháin lánpháirtiú oibrithe eachtracha sa mhargadh fostaíochta a éascú, ach a fhéadfaidh é a chur ar chumas na n‑oibrithe sin imeascadh agus rannchuidiú lenár sochaithe.

Soghluaisteacht lucht saothair agus tallainne mar uirlis taidhleoireachta imirce

Ní mór gné straitéiseach dár gcaidreamh cuimsitheach le tíortha comhpháirtíochta a dhéanamh de mhealladh agus soghluaisteacht lucht saothair agus tallainne, chomh maith le conairí oideachais, gairmoideachais agus oiliúna. Níl ach an chéad chéim i gceist leis na gComhpháirtíochtaí Tallainne atá ann cheana le Maracó, leis an Túinéis, leis an Éigipt, leis an bPacastáin agus leis an mBanglaidéis a leathnú, agus cinn nua a sheoladh.

Lasmuigh de Chomhpháirtíochtaí Tallainne, ní mór don Aontas tosaíochtaí an iomaíochais a chomhtháthú laistigh de chomhthéacs ár gcomhair chuimsithigh le tíortha comhpháirtíochta, de réir mar a rinneadh leis an gComhshocrú don Mheánmhuir. I ndáil leis sin, déanfaidh an Coimisiún, ó 2026 ar aghaidh, Oifig Eorpach um Thairseacha Dlíthiúla a oscailt go píolótach san India in earnáil na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide. Ionad ilfhreastail a bheidh ann a chuirfidh tacaíocht ar fáil d’iarrthóirí ón India maidir le soghluaisteacht lucht saothair chuig an Aontas. Ar bhonn na gceachtanna a fhoghlaimeofar ón treoirthionscadal sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún coincheap na hOifige Eorpaí um Thairseacha Dlíthiúla a leathnú chuig earnálacha eile agus chuig tíortha comhpháirtíochta eile, lena n‑áirítear tíortha Comhpháirtíochta Tallainne, i gcomhlántacht le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus leasanna straitéiseacha an Aontais á gcur san áireamh. Ba cheart tuilleadh comhair maidir le soghluaisteacht tallainne a chur chun cinn i gcomhthéacs na straitéise Global Gateway freisin.

Is chun leas coiteann an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta é soghluaisteacht lucht saothair a chur chun cinn. Mar sin féin, tá obair chasta ag baint le hullmhú oibrithe tríú tír chun dul isteach i margadh saothair na hEorpa agus lena n‑imeascadh inár sochaithe, obair a éilíonn infheistíochtaí agus iarrachtaí ar an dá thaobh. Chun borradh a chur faoin linn tallainne a d’fhéadfadh teacht chun obair a dhéanamh agus chun cónaí san Aontas, agus ag féachaint ar shamhlacha maidir le comhroinnt costas agus riosca leis an earnáil phríobháideach, tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí oiliúna agus réamhimeachta do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, lena n‑áiritheofar go mbeidh na scileanna cearta teicniúla, gairmiúla, teanga agus cultúrtha acu a theastaíonn, lena n‑áirítear mar chuid den Straitéis Eorpach um ghairmoideachas agus gairmoiliúint atá ar na bacáin.

Tabharfaidh an Coimisiún ról níos dlúithe do chomhpháirtithe tionscail agus sóisialta an Aontais freisin i ndearadh agus i gcur chun feidhme tionscnamh i leith tríú tíortha, ós rud é gurb iad is fearr a thuigeann na scileanna a theastaíonn uathu agus ós rud é gurb iad is mó a bhaineann tairbhe as beartais soghluaisteachta tallainne. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leas a bhaint as fóraim atá ann cheana amhail an tArdán um Imirce Lucht Saothair, na Coistí um Idirphlé Earnála, agus an Fóram Tionsclaíoch agus Fóram an Limistéir Taighde Eorpaigh chun rannpháirtíocht an tionscail agus na bhfostóirí a neartú i ndáil le tallann a mhealladh.

Beidh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh( 54 ), an chéad uirlis ar leibhéal an Aontais chun cur ar chumas fhostóirí an Aontais teacht ar chuardaitheoirí poist neamhAE a léiríonn suim in earnálacha sonracha, ríthábhachtach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar ghanntanas lucht saothair agus scileanna, agus ó thaobh feabhas a chur ar an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta san fhadtéarma freisin. Tá tús áite á thabhairt ag an gCoimisiún d’fhorbairt an ardáin TF sa tslí go mbeidh an Linn Tallainne i bhfeidhm agus oibríochtúil in 2027. Chun a acmhainneacht iomlán a fhorbairt, beidh sé fíor-riachtanach go ndéanfar teagmháil leis na Ballstáit ag céim luath agus go mbeidh siad rannpháirteach.

Creat dlíthiúil atá oiriúnach do shoghluaisteacht lucht saothair agus tallainne

Leis an tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip’( 55 ), cuirtear an tAontas Eorpach chun cinn mar cheann scríbe do ghairmithe ardoilte. Leagtar béim ann ar an gcaoi a gcuireann an tAontas timpeallacht idéalach ar fáil do thallann dhomhanda chun taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn.

An tráth céanna, tá an creat dlíthiúil maidir le soghluaisteacht lucht saothair agus tallainne chuig an Aontas ilroinnte fós, agus tá idirghníomhaíocht chasta idir creataí dlíthiúla an Aontais agus creataí dlíthiúla náisiúnta( 56 ), rud atá deacair ar an tallann dhomhanda a bhealach a dhéanamh tríd.

Níl sé sin i gcomhréir le huaillmhian an Aontais. Ní mór iniúchadh a dhéanamh ar shimpliú agus ar dhlús a chur leis na próisis chun náisiúnaigh tríú tír a mhealladh a bhfuil acmhainneacht láidir nuálaíochta acu, amhail taighdeoirí, mic léinn, oibrithe oilte, bunaitheoirí gnólachtaí nuathionscanta nó fiontraithe nuálacha, chomh maith le hoibrithe a theastaíonn do ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe, in earnálacha amhail cúram, cúram sláinte, turasóireacht nó tógáil. Leis an Straitéis Víosaí( 57 ), a glacadh in éineacht leis an Straitéis seo, sainaithníodh bealaí nua chun an creat atá ann cheana maidir le tallann a mhealladh a chur ag obair ar bhealach níos fearr, lena náirítear trí chistiú agus tríd an Moladh ón gCoimisiún maidir le tallann a mhealladh le haghaidh nuálaíochta( 58 ), agus trí fhéachaint ar dheiseanna chun an creat dlíthiúil a shimpliú agus a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

Ina theannta sin, ceann de na príomhbhacainní ar thallann a mhealladh is ea an scrogall a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus scileanna náisiúnach tríú tír agus na cáilíochtaí agus scileanna sin a bhailíochtú. Bhí sé d’aidhm ag Moladh 2023 ón gCoimisiún maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír( 59 ) próisis aitheantais náisiúnta a éascú. Sa chleachtas, áfach, is minic a bhíonn na próisis sin fada agus dian agus ilroinnte ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, níl siad comhoiriúnach le timpeallacht eacnamaíoch dhinimiciúil ná leis an ngá atá ann na ganntanais lucht saothair atá roimh ghnólachtaí na hEorpa a mhaolú. Chun aghaidh a thabhairt ar an mbacainn sin, mar chuid de Thionscnamh 2026 um Shoghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair, seolfaidh an Coimisiún tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna a chuimseoidh rialacha nua féideartha maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus scileanna agus iad a bhailíochtú, rud a d’fhágfadh go mbeadh na nósanna imeachta ní ba thapúla, agus a choimeádfadh na caighdeáin cháilíochta a bhfuiltear ag súil leo i margadh na hEorpa ar bun san am céanna.

Chun leas a bhaint as acmhainneacht na faisnéise scileanna, chomh maith le faisnéis chruinn thráthúil maidir leis an staid san Aontas agus ina Bhallstáit maidir le scileanna agus an margadh saothair, agus ag tógáil ar thaithí na Faireachlainne Eorpaí um Fhaisnéis Scileanna, tá gá le faisnéis nuashonraithe maidir le staid an mhargaidh saothair i dtíortha comhpháirtíochta, lena n‑áirítear maidir lena gcreataí um scileanna agus cáilíochtaí, chun gur féidir iad a chur i gcomparáid le scileanna agus cáilíochtaí an Aontais. Chun na críche sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a chomhar leis an bhForas Eorpach Oiliúna (ETF) a neartú a thuilleadh maidir le scileanna agus cáilíochtaí i dtíortha Comhpháirtíochta Tallainne agus níos faide i gcéin a mhapáil agus a chur i gcomparáid le chéile.

Fostaíocht neamhdhleathach, mí‑úsáid agus dúshaothrú a chomhrac

Cé gur gá don Eoraip tallann a mhealladh, ní mór di géarú ar a comhrac i gcoinne fostaíocht neamhdhleathach agus mí‑úsáid oibrithe tríú tír san Aontas freisin. Tá fostaíocht neamhdhleathach agus obair neamhúdaraithe, rudaí a bhaineann go minic le dúshaothrú saothair freisin, ar na príomhchúiseanna leis an imirce neamhdhleathach agus ní mór dul i ngleic leo ar bhealach níos éifeachtaí, go háirithe sna hearnálacha is mó atá neamhchosanta ar na rioscaí sin. Agus an tAontas a bheith oscailte ó thaobh tallann a mhealladh agus a choinneáil, san am céanna níor cheart glacadh beag ná mór le fostaíocht neamhdhleathach ná le dúshaothrú oibrithe imirceacha.

Cuirfidh an Coimisiún i láthair in 2026 staid chur chun feidhme na Treorach maidir le Smachtbhannaí in aghaidh Fostóirí( 60 )agus, más gá, molfaidh sé leasuithe chun a héifeachtacht a mhéadú.

Mar ar díríodh aird air sa Treochlár um Poist Dea-cháilíochta( 61 ), téann dúshaothrú, sáruithe ar rialacha sábháilteachta agus sláinte, agus tithíocht neamhleor chun dochair d’oibrithe tríú tír. Ní mór rialuithe agus iniúchtaí a threisiú chun fostóirí i mbun dúshaothrú a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur orthu agus chun cearta oibrithe tríú tír a chosaint. Mar chuid den athbhreithniú ar shainordú an Údaráis Eorpaigh Saothair a bhfuil coinne leis in 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar conas a d’fhéadfadh an tÚdarás aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le míúsáidí i ndálaí oibre náisiúnach tríú tír.

An tráth céanna, ba cheart go gcuideodh obair forfheidhmiúcháin, le tacaíocht ó shainordú treisithe ELA freisin, níos fearr lena áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit forálacha dhlí an Aontais, lena náirítear an Treoir maidir le hOibrithe Séasúracha( 62 ), an Treoir maidir le Smachtbhannaí in aghaidh Fostóirí( 63 ) agus an Treoir athbhreithnithe maidir le Cead Aonair( 64 ), a thrasuí i gceart agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach chun cearta oibrithe imirceacha a chosaint.

Feabhas a chur ar imeascadh náisiúnach tríú tír

Is ceart agus dualgas araon é an timeascadh. Is chun leasa an Aontais é a áirithiú gur féidir le himircigh a thagann isteach san Aontas rannchuidiú go tapa agus go gníomhach lenár sochaithe - ar leosan anois iad freisin - cibé acu a theith siad ó choinbhleacht, a tháinig siad mar oibrithe, a tháinig siad chun beith lena ndlúththeaghlach nó a tháinig siad trí bhealaí dlíthiúla eile. Dá bhrí sin, is réimse é an timeascadh ina bhfuil cur chuige uile-rialtais antábhachtach ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé sin ríthábhachtach don chomhtháthú sóisialta, ach don iomaíochas agus d’fhuinneamh eacnamaíoch na hEorpa, trí leas iomlán a bhaint as gach scil agus gach bua. Tá sé ríthábhachtach go bhfoghlaimeoidh imircigh teanga an Bhallstáit óstaigh, go dtuigfidh siad an cultúr agus na córais riaracháin, go noibreoidh siad, go níocfaidh siad cánacha, agus go nglacfaidh siad páirt iomlán inár sochaithe atá bunaithe ar luachanna Eorpacha. Is gníomhaithe tábhachtacha iad pobail an diaspóra agus eagraíochtaí faoi stiúir imirceach chun tacú leis an bpróiseas imeasctha, rud a éilíonn rannpháirtíocht láidir agus toilteanach ar na himircigh, agus ar na sochaithe óstacha chomh maith. I ndáil leis sin, ní mór fíordheis a thabhairt do na himircigh imeascadh i gceart. Ag tógáil ar an gcur chuige cuimsitheach agus trasearnála a bunaíodh sa Phlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú agus ar a athbhreithniú meántéarma( 65 ), ba cheart imeascadh a chur chun cinn ar gach leibhéal rialachais agus sochaí.

Leanfaidh an Coimisiún de chur chuige iomlánaíoch a chothú chun iarrachtaí a nascadh ar fud bheartais an Aontais, go háirithe maidir le forbairt réigiúnach, mar shampla leis an gClár Oibre AE le haghaidh na gCathracha( 66 ), le Comhpháirtíocht an Chláir Oibre Uirbigh um Chuimsiú Imirceach agus Dídeanaithe( 67 ) agus leis an nuashonrú atá le teacht ar an bPlean Gníomhaíochta um an Tuath( 68 ) . Ó thaobh fostaíochta agus lánpháirtiú sa mhargadh saothair de, leanann náisiúnaigh tríú tír de bheith ag cuidiú le fás a spreagadh san Aontas. Níor baineadh leas as iomlán a nacmhainneachta i margadh saothair an Aontais go fóill. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach ról níos mó a thabhairt do sheirbhísí fostaíochta, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus gníomhaithe eile sa mhargadh saothair. Chun é sin a dhéanamh, beidh idirphlé agus comhar leanúnach leo mar bhonn taca faoi aon iarracht shubstainteach chun beartais imirce agus beartais an mhargaidh saothair a ailíniú ar bhealach níos dlúithe agus chun cuimsiú imirceach sa mhargadh saothair a neartú.

Ba cheart príomhshruthú sin na ngníomhaíochtaí chun tacú le himeascadh agus ionchuimsiú náisiúnach tríú tír a leabú a thuilleadh i gcur chuige níos leithne agus níos fadtéarmaí, cur chuige a rannchuidíonn freisin le córais náisiúnta oideachais, sláinte agus tithíochta a bhainistiú go leordhóthanach, le tacaíocht. Le cistiú ón Aontas, ba cheart tacú le cur chun feidhme an chur chuige uile-rialtais sna Ballstáit a mhéid a bhaineann le himeascadh, trí dheiseanna cistiúcháin a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí faoi stiúir imirceach. Ar an iomlán, ba cheart don chur chuige fadtéarmach sin maidir le himeascadh náisiúnach tríú tír cur le malartuithe atá ar siúl sna líonraí éagsúla a bhaineann le himeascadh( 69 ) agus leanann an obair ar aghaidh i gcomhthéacs straitéisí ábhartha( 70 ) .

7.Úsáid straitéiseach acmhainní airgeadais agus tacaíocht oibríochtúil a fheabhsú

Leis an togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034, déantar foráil maidir le méadú tábhachtach ar na hacmhainní atá tiomnaithe don imirce agus don tearmann agus don chomhar idirnáisiúnta, agus san am céanna neartaítear cumas luamháin an Aontais a mhéid a bhaineann leis an gcomhar maidir le himirce.

Is é is aidhm don togra le haghaidh an CAI na hacmhainní airgeadais is gá a chur ar fáil freisin chun tacú leis na tosaíochtaí a leagtar amach sa Straitéis seo. Ar an iomlán, tá sé beartaithe suim EUR 81 bhilliún ar a laghad a thiomnú do bheartais Gnóthaí Baile, chun tacú le bainistiú imirce agus tearmainn, chun feabhas a chur ar an tslándáil inmheánach, chun teorainneacha agus an beartas víosaí a threisiú.

Chun na teorainneacha seachtracha a rialú agus a bhainistiú go héifeachtach agus chun slándáil a ráthú, socraítear an timchlúdach airgeadais ag EUR 15,4 billiún sa togra le haghaidh thacaíocht an Aontais do limistéar Schengen, do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus don chomhbheartas maidir le víosaí. Tá EUR 5,97 billiún san iomlán á chur ar fáil faoi láthair ag an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV) don chlárthréimhse 2021-2027 chun tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip sna Ballstáit( 71 ) . Leis an méadú nach beag ar acmhainní, d’fhéadfaí tacú leis na tosaíochtaí a leagtar amach sa Straitéis seo, lena náirítear bainistiú teorainneacha a dhigitiú, réitigh theicneolaíocha nua a chomhtháthú, chomh maith le trealamh agus bonneagar.

Maidir le tacaíocht an Aontais do thearmann, imirce agus imeascadh, mhol an Coimisiún thart ar EUR 12 bhilliún, i gcomparáid leis an EUR 7,84 billiún atá ar fáil faoi láthair do na Ballstáit don chlárthréimhse 2021-2027( 72 ) don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, agus beagnach EUR 3 bhilliún do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun pobail imeallaithe a imeascadh, lena náirítear daoine a mbaineann cúlra imirceach leo. Is é is aidhm don bhuiséad sin dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta a chothú i measc na mBallstát, agus tacú, go háirithe, le próiseáil níos tapúla iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena náirítear ag na teorainneacha seachtracha, le filleadh níos éifeachtaí, chomh maith le tacú le mealladh tallainne agus le himeascadh luath náisiúnach tríú tír. Mar chuid de na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, rannchuideoidh Ciste Sóisialta na hEorpa ó thaobh tacaíocht a thabhairt d’ionchuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír. 

Don chéad CAI eile, cuirfear tacaíocht do na Ballstáit chun feidhme trí chur chuige feidhmíochtbhunaithe faoi na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí. Agus a bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí á dtarraingt suas acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aghaidh leis an gcistiú ar dhúshláin bheartais a shainaithnítear, lena n‑áirítear i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce, an fhillte agus shoghluaisteacht an lucht saothair.

Thairis sin, leis an togra le haghaidh an CAI don tréimhse 2028-2034, méadaítear comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht idir gnéithe inmheánacha agus seachtracha an bheartais. Tá an togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda ( 73 ), lena ngabhann imchlúdach beartaithe EUR 200 billiún, deartha sa tslí go mbeidh sé ag teacht le cur chuige atá níos straitéisí, níos dírithe ar luachanna agus a bhfuil tionchar níos mó aige i leith an mhéadaithe, agus i leith comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le leasanna straitéiseacha an Aontais, lena náirítear a chuspóirí maidir leis an imirce. Ba cheart an cur chuige níos straitéisí sin maidir le húsáid cistí a léiriú freisin sna módúlachtaí clársceidealaithe agus i gcur chun feidhme na hionstraime seo chun comhleanúnachas agus éifeachtacht a fheabhsú. Thairis sin, leis an togra ón gCoimisiún, feabhsaítear an cur chuige straitéiseach maidir le cistiú a sholáthar chun comhar feabhsaithe maidir leis an imirce agus leis an athligean isteach a dhreasú.

Cuireann Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe Frontex, EUAA, eu-LISA, Europol, Eurojust, agus FRA, cúnamh ar fáil do na Ballstáit. Áirítear leis an gcúnamh sin tacaíocht oibríochtúil agus bhreithiúnach, treoraíocht, oiliúint nó bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF. Comhlánaítear an tsraith oibre sin le tacaíocht oibríochtúil dhíreach do na Ballstáit chun a n‑acmhainneachtaí náisiúnta a fhorbairt agus a neartú a thuilleadh. Cé go bhfuil tacaíocht an‑tábhachtach á cur ar fáil ag Gníomhaireachtaí cheana féin do na Ballstáit chun an imirce a bhainistiú, beidh deis ann sna 5 bliana amach romhainn na huirlisí atá ar fáil do na Gníomhaireachtaí agus an tacaíocht a chuireann siad ar fáil do na Ballstáit a threisiú nuair a iarrtar sin, go háirithe i bhfianaise oibríochtú an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann.

Maidir le Frontex, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú ar a bhun‑rialachán a thíolacadh in 2026, bunaithe ar mheasúnú tionchair agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile. Agus an togra á ullmhú aige, féachfaidh an Coimisiún ar an mbealach is fearr chun acmhainní na mBallstát a chomhlánú, ní hamháin ó thaobh cainníochta de, ach ó thaobh cháilíocht na gcúraimí de freisin, rud a chuideodh le comhtheorainneacha a dhéanamh níos láidre i gcomhréir le cur chuige comhtháite maidir le bainistiú teorainneacha. D’fhéadfadh an togra na rialacha a bhaineann le cúraimí Frontex, le himscaradh Frontex, le comhar Frontex le tríú tíortha agus le struchtúr agus rialachas na Gníomhaireachta a neartú freisin.

Leanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) de ról tábhachtach a bheith aici ó thaobh tacú leis na Ballstáit an Comhshocrú a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trí chóineasú na gcleachtas tearmainn a chothú, agus trí thacaíocht oibríochtúil agus theicniúil a chur ar fáil. Beidh oibríochtú an tsásra faireacháin le linn 2026 ina chéim thábhachtach chun cinn freisin chun tacú leis na Ballstáit na rialacha tearmainn a chur i bhfeidhm go hoibríochtúil agus go teicniúil. Chun a áirithiú go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a cúraimí a chur i gcrích go maith, tar éis na meastóireachta ar shainordú EUAA, breithneoidh an Coimisiún an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le bun‑rialachán na Gníomhaireachta a leasú, lena n‑áirítear chun tacú le beartais sheachtracha.

Chun an claochlú digiteach sin a bhaint amach, leanfaidh eu-LISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF, de bheith lárnach. Dá bhrí sin, foráiltear sa togra le haghaidh an CAI go dtiocfaidh méadú nach beag ar acmhainní eu-LISA chun an maoiniú is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht chun comhpháirteanna uile na gcóras mórscála TF atá faoina sainchúram a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Leis an athbhreithniú ar shainordú Europol in 2026, bunaithe ar mheastóireacht agus ar mheasúnú tionchair, agus ar chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha chomh maith, breithneofar freisin conas acmhainneachtaí tacaíochta oibríochtúla, anailíseacha agus teicneolaíocha na Gníomhaireachta a neartú chun cur ar a cumas comhar oibríochtúil éifeachtach a dhéanamh go hinmheánach agus le tíortha comhpháirtíochta araon. Le glacadh Rialachán leasaithe Europol lena mbunaítear an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, beidh ról níos láidre fós ag Europol maidir le líonraí coiriúla atá taobh thiar de smuigleáil imirceach a shainaithint agus bac a chur orthu.

Eurojust ag cur leis an gcumas atá aige comhoibriú le dlínsí ar fud an domhain chun na grúpaí coireachta eagraithe a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach agus coireanna eile a chomhrac ar bhealach níos fearr. Leis na comhaontuithe maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a síníodh in 2025 leis an Liobáin agus leis an Éigipt araon, tugtar eiseamláir a d’fhéadfaí a leanúint le tíortha comhpháirtíochta eile.

Ina theannta sin, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcur chuige cuimsitheach maidir le taidhleoireacht imirce, ba cheart úsáid níos straitéisí a bhaint as an tacaíocht oibríochtúil is féidir le Gníomhaireachtaí an Aontais a thairiscint do thíortha comhpháirtíochta, i gcomhréir leis na sainorduithe atá acu faoi láthair agus a bheidh acu amach anseo. Chun pacáiste cuimsitheach tacaíochta a thairiscint do thíortha comhpháirtíochta agus chun rannpháirtíocht chomhtháite an Aontais a áirithiú, ba cheart do Ghníomhaireachtaí an Aontais, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, comhordú níos fearr a dhéanamh ar a bhfor-rochtain i leith tíortha comhpháirtíochta agus maidir le comhaontuithe agus socruithe oibre gaolmhara chomh maith. Ba cheart cur chun cinn agus feabhsú an chomhair oibríochtúil idir Gníomhaireachtaí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta inniúla a leabú sna gníomhaíochtaí oibríochtúla agus i ngníomhaíochtaí faoi thaidhleoireacht imirce an Aontais.

8.Conclúid

Leis an gcéad Straitéis Eorpach seo um Bainistiú Tearmainn agus Imirce, athdhearbhaítear tiomantas an Aontais creat imirce a thógáil agus a chur i bhfeidhm, creat atá éifeachtach, ceart‑bhunaithe, cothrom, agus inoiriúnaithe, agus a chomhlíonann ionchais na saoránach maidir le beartas dea-bhainistithe a sheasfaidh an aimsir. Is rud í an Straitéis lena ndéantar Aontas Eorpach atá athléimneach agus teanntásach a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda agus a leanann de bheith inoiriúnaithe do na forbairtí a tharlaíonn ar ár mór-roinn agus níos faide i gcéin. Is treoir í do ghníomhaíocht an Aontais, le cuspóirí soiléire agus tosaíocht gníomhaíochta, agus baintear úsáid straitéiseach inti as na hacmhainní agus as an tacaíocht oibríochtúil atá ar fáil.

Is freagracht chomhroinnte é beartas imirce agus tearmainn atá cothrom agus daingean agus dílis do luachanna na hEorpa, agus beidh gá le tiomantas polaitiúil agus dlúthchomhar idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, na Ballstáit, Gníomhaireachtaí an Aontais, comhpháirtithe idirnáisiúnta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile chun an Straitéis seo a bhaint amach. Tá an Coimisiún ag brath ar na ngníomhaithe uile chun tacú le cuspóirí na Straitéise seo a thabhairt chun cinn, ag oibriú dóibh le chéile chun imirce neamhdhleathach agus bás daoine ar thurais chontúirteacha a chosc, chun daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh agus ó ghéarleanúint a chosaint, agus chun tallann a spreagadh chun teacht chuig an Aontas d’fhonn iomaíochas ár ngeilleagar a neartú.

(1) ()    Tá laghdú seasta ag teacht ar líon na dtrasnuithe neamhdhleathacha teorann isteach san Aontas, agus tháinig laghdú 26 % ar na figiúirí foriomlána in 2025, tar éis laghdú 38 % in 2024 ar na príomhbhealaí uile chuig an Aontas. Tá treocht laghdaitheach chomhchosúil (-21 %) ag teacht ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.
(2) ()    Ar bhonn shonraí Eurostat, ba é 51,4 % an ráta aitheantais le haghaidh 2024, ach thit sé go beagán os cionn 33 % sa chéad leath de 2025, agus é ag ardú go 42,8 % i ráithe a trí de 2025.
(3) ()    Tuarascáil Bhliantúil ar Thearmann agus Imirce (2025), bunaithe ar shonraí Eurostat le haghaidh na tréimhse 1 Iúil 2024-30 Meitheamh 2025; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=CELEX:52025DC0795 .
(4) ()     https://www.europol.europa.eu/crime-areas/migrant‑smuggling
(5) ()     Cosaint shealadach do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin - staidreamh míosúil - Staidreamh arna Mhíniú - Eurostat  
(6) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/web/interactive-publications/migration‑2025#international-protection ; is iad an tSiria, an Afganastáin agus Veiniséala na trí thír thionscnaimh is coitianta.
(7) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics‑explained/index.php?title=Residence_permits_%E2%80%93_statistics_on_authorisations_to_reside_and_work
(8) ()    Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj .
(9) ()    Chuir 25 Bhallstát a straitéisí náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin; Níl an Danmhairg faoi cheangal ag an oibleagáid straitéis náisiúnta a thíolacadh, agus chuir an Ungáir in iúl nach gcuirfidh sí straitéis náisiúnta isteach.
(10) ()    Airteagal 7 den Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce.
(11) ()    Éisteacht choiste LIBE an 4 Nollaig 2025.
(12) ()    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Comhshocrú don Mheánmhuir – Aon Mhuir Amháin, Aon Chomhshocrú Amháin, Aon Todhchaí Amháin, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52025JC0026 .
(13) ()    An Chomhairle Eorpach, an 20 Márta 2025, Conclúidí, mír 25, EUCO 1/25.
(14) ()     Dúshláin na himirce: Dearbhú polaitiúil maidir le cearta á iarraidh ag airí Chomhairle na hEorpa - Tairseach
(15) ()    Mar shampla, faoi chuimsiú an Chláir um Chosaint, Filleadh agus Athimeascadh Imirceach don Afraic Fho-Shahárach (CFAI-AFS) https://international-partnerships.ec.europa.eu/policies/programming/projects/migrant‑protection‑return‑and‑reintegration‑programme-sub-saharan‑africa-mprr-ssa_en .
(16) ()     https://home-affairs.ec.europa.eu/document/download/54b4208d‑d928-4177-aac3-c70c4f6b2745_en?filename=Global%20Alliance%20Joint%20Declaration_final.pdf
(17) () IP_25_2229_EN.pdf
(18) ()    Bosca uirlisí lena dtugtar aghaidh ar úsáid modhanna iompair tráchtála chun imirce neamhrialta chuig an Aontas a éascú, https://home-affairs.ec.europa.eu/toolbox-addressing-use-commercial-meanstransportfacilitate-irregular-migrationeu_en
(19) ()     https://www.icao.int/sites/default/files/Meetings/a42/Documents/WP/wp_449_en.pdf
(20) ()    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha íosta maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Chinneadh Réime 2002/946 CGB ón gComhairle; EUR-Lex - 52023PC0755 - GA - EUR-Lex .
(21) ()    Tuarascáil Bhliantúil ar Thearmann agus Imirce (2025), bunaithe ar shonraí Frontex, idir an 1 Iúil 2024 agus an 30 Meitheamh 2025, tháinig laghdú 40 %, 25 % agus 11 % faoi seach ar an líon imirceach a tháinig isteach ar bhealach na Meánmhara Láir, ar bhealach an Atlantaigh agus ar bhealach na Meánmhara Thoir i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin.
(22) ()    UNHCR - Aimsitheoir Sonraí Dídeanaithe - Príomhtháscairí, https://www.unhcr.org/refugee-statistics
(23) ()    Cinneadh (AE) 2025/702 ón gComhairle an 17 Márta 2025 lena núdaraítear an Coimisiún Eorpach páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht maidir le hionstraim idirnáisiúnta lena mbunaítear Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin; ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2025/702/oj .
(24) ()    An Clár um Chosaint, Filleadh agus Athmeascadh Imirceach don Afraic Fho-Shahárach (CFAI-AFS) - Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta https://international-partnerships.ec.europa.eu/policies/programming/projects/migrantprotectionreturnandreintegrationprogramme-sub-saharanafrica-mprr-ssa_en
(25) ()    Is í an bhunriail i gcónaí, mar a leagadh síos le Cód Teorainneacha Schengen (Airteagal 5(3)), nár cheart teorainneacha seachtracha a thrasnú ach amháin ag pointí trasnaithe teorann, agus go bhfuil baol ann go ngearrfar pionóis ina mhalairt de chás.
(26) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha a eascraíonn as an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda agus an tslándáil a neartú ag teorainneacha seachtracha an Aontais; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52024DC0570 .
(27) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr taistil digiteach; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex:52024PC0670 .
(28) ()    I measc na ndúshlán a dhéanann difear do na Ballstáit, tá méaduithe tobanna ar shreabha imirce (rud a fhágann gur gá líon ard cártaí a eisiúint laistigh de thréimhse ghearr agus a ghineann costais arda), luaineachtaí i slabhraí soláthair domhanda a bhaineann le táirgeadh na gcártaí bána, agus ganntanas comhpháirteanna áirithe a theastaíonn le haghaidh táirgthe. Tháinig na dúshláin sin go mór chun cinn le linn phaindéim COVID-19 agus tar éis ionradh mórscála na Rúise ar an Úcráin.
(29) ()    Staidéar maidir le taighde agus nuálaíocht slándála arna gcistiú ag an Aontas a neartú – 20 bliain de Thaighde agus Nuálaíocht Slándála Sibhialta arna gcistiú ag an Aontas – Tuarascáil chríochnaitheach; https://data.europa.eu/doi/10.2837/0004501 .
(30) ()    Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj .
(31) ()    I gcomhréir, go háirithe, le hAirteagail 10(1)(x) agus 66 de Rialachán Frontex.
(32) ()    Beidh sé sin bunaithe ar an staidéar fadbhreathnaitheachta domhanda ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin atá le foilsiú in 2026.
(33) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An Plean Cur Chun Feidhme Coiteann don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann; EUR-Lex - 52024DC0251 - GA - EUR-Lex .
(34) ()    Ina theannta sin, tacaíonn an Coimisiún le deich mBallstát tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe. Tá na Ballstáit ag tairbhiú freisin den mhalartuithe piarfhoghlama agus dea-chleachtais a chuirtear ar bun i gcomhthéacs na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil; Tionscnamh Suaitheanta na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2025 - Tacú leis na Ballstáit an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme - an Coimisiún Eorpach .
(35) ()    Tá an méid sin á leithdháileadh sa bhreis ar na hacmhainní airgeadais a raibh sé beartaithe ar dtús iad a leithdháileadh ar na Ballstáit faoi na hionstraimí airgeadais Gnóthaí Baile don tréimhse 2021-2027.
(36) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1348 a mhéid a bhaineann le liosta de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú ar leibhéal an Aontais agus Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1348 a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme choincheap an tríú tír shábháilte; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex:52025PC0186 ; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex:52025PC0259 .
(37) ()    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L_202401351
(38) ()    Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena naisghairtear Treoir 2013/32/AE.
(39) ()    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2323 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2025 de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2323/oj.
(40) ()    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2642 ón gComhairle an 19 Nollaig 2025 maidir le bunú an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil le haghaidh 2026, IO L, 2025/2642, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2642/oj .
(41) ()    Tá staidéar seachtrach seolta ag an gCoimisiún cheana féin ar dhigitiú agus ar chomhtháthú oibríochtúil na gcóras um bainistiú cásanna tearmainn, glactha, Bhaile Átha Cliath agus fillte, chun measúnú a dhéanamh ar an staid reatha sna Ballstáit agus ar bhreisluach ghníomhaíocht an Aontais sa réimse sin.
(42) ()    Taighde agus nuálaíocht maidir leis an imirce arna chistiú ag an Aontas: https://research‑and‑innovation.ec.europa.eu/research‑area/social-sciences‑and‑humanities/migration‑and‑mobility_en .
(43) ()    Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/1689; https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj/eng
(44) ()    Moladh ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2025 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an aistrithe amach as cosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin, ELI:  http://data.europa.eu/eli/C/2025/5129/oj .
(45) ()    Lena náirítear le tacaíocht ón Toscaire Speisialta d’Úcránaigh san Aontas, atá ag obair i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an Úcráin freisin.
(46) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhchóras maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a fhilleadh, agus lena naisghairtear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/40/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex:52025PC0101 .
(47) ()    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an nós imeachta teorann um fhilleadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj .
(48) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhchóras maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a fhilleadh, agus lena naisghairtear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/40/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle; EUR-Lex - 52025PC0101 - GA - EUR-Lex .
(49) ()    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí); https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2009/810/oj/eng.
(50) ()    Tá comhaontuithe um athligean isteach tugtha i gcrích ag an Aontas le Hong Cong, le Macao, le Srí Lanca, leis an Albáin, leis an Rúis, leis an Úcráin, leis an Macadóin Thuaidh, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, le Montainéagró, leis an tSeirbia, leis an Moldóiv, leis an bPacastáin, leis an tSeoirsia, leis an Airméin, leis an Asarbaiseáin, leis an Tuirc, le Cabo Verde, leis an mBealarúis, agus socruithe um athligean isteach leis an Afganastáin, leis an nGaimbia, leis an nGuine, leis an mBanglaidéis, leis an Aetóip agus leis an gCósta Eabhair. Tá oibleagáidí ar thíortha a gcuid náisiúnach féin a athligean isteach mar chuid d’ionstraimí idirnáisiúnta eile freisin, lena náirítear Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair (CCC) agus Comhaontú Shamó le 77 dtír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin.
(51) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa, EUR-Lex - 52023DC0032 - GA - EUR-Lex .
(52) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aontas na Scileanna; EUR-Lex - 52025DC0090 - GA - EUR-Lex .
(53) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An tathrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta, EUR-Lex - 52023DC0577 - GA - EUR-Lex .
(54) ()    Roghnaigh an Eoraip: cuir do ghairmréim sa taighde chun cinn san Aontas Eorpach https://commission.europa.eu/topics/researchandinnovation/choose-europe_ga
(55) ()    Cumhdaítear le rialacha an Aontais coinníollacha iontrála agus cónaithe maidir le catagóirí áirithe oibrithe (oibrithe ardcháilithe, oibrithe séasúracha, agus aistrithe ionchorparáideacha), le mic léinn agus taighdeoirí, leis an gceart chun athaontú teaghlaigh, agus le ‘cónaí fadtéarmach’. Leagtar síos i ndlí an Aontais freisin nós imeachta aonair - agus cead aonair - le haghaidh oibrithe neamhAE a ligtear isteach faoi scéimeanna náisiúnta na mBallstát. Faoi láthair, ní chumhdaíonn rialacha an Aontais catagóirí eile oibrithe imirceacha, ná daoine féinfhostaithe.
(56) ()    COM(2026) 43.
(57) ()    C(2026) 462.
(58) ()    Moladh (AE) 2023/2611 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí na náisiúnach tríú tír, C/2023/7700, IO L, 2023/2611, 24.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2611/oj .
(59) ()    Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le caighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach; https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2009/52/oj/eng
(60) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Treochlár um Poist Dea-cháilíochta, COM/2025/944 final.
(61) ()    Treoir 2014/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha teacht isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha.
(62) ()    Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach, IO L 168, 30.6.2009, lgh 24–32.
(63) ()    Treoir (AE) 2024/1233 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát (athmhúnlú), PE/93/2023/REV/1, IO L, 2024/1233, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1233/oj  
(64) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52020DC0758 agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Athbhreithniú meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52025SC0162 .
(65) ()     https://ec.europa.eu/regional_policy/information‑sources/publications/communications/2025/eu-agenda-for-cities‑2025_en  
(66) ()     https://www.urbanagenda.urban‑initiative.eu/  
(67) ()     https://rural-vision.europa.eu/action‑plan_en
(68) ()    An Líonra Eorpach um Lánpháirtiú, an Grúpa Saineolaithe maidir le tuairimí imirceach i réimse na himirce, an tearmainn agus an imeasctha, an Fóram Eorpach um Imirce.
(69) ()    Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 agus Straitéis um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030 agus Straitéis Frithchiníochais 2026-2030.
(70) ()    Áirítear sa mhéid sin leithdháiltí ar na Ballstáit mar a comhaontaíodh ar dtús, aistrithe arna ndéanamh ag na Ballstáit ó Chistí eile agus breisithe ó Shaoráid Théamach IBTV chuig na Ballstáit.
(71) ()    Áirítear sa mhéid sin leithdháiltí ar na Ballstáit mar a comhaontaíodh ar dtús, aistrithe arna ndéanamh ag na Ballstáit ó Chistí eile agus breisithe ó Shaoráid Théamach an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht chuig na Ballstáit.
(72) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Eoraip Dhomhanda a bhunú; EUR-Lex - 52025PC0551 - GA - EUR-Lex .