|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
Tháinig Rialachán (AE) 2023/956 lena mbunaítear an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2023. Is sa chéim idirthréimhseach atá sé go dtí deireadh 2025. Is í an chéim chinntitheach, lena n‑áireofar oibleagáidí airgeadais, a bheidh i bhfeidhm ó 2026 ar aghaidh.
Áirithítear le SCCT go mbeidh allmhairí faoi réir praghas carbóin atá coibhéiseach leis an bpraghas atá ar tháirgeoirí intíre faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE). Is príomhuirlis é chun a áirithiú nach mbainfear an bonn d’uaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais mar gheall ar sceitheadh carbóin, rud a d’fhéadfadh tarlú nuair a aistríonn cuideachtaí atá bunaithe san Aontas táirgeadh earraí ar mór a lorg carbóin chuig tíortha ag a bhfuil beartais aeráide nach bhfuil chomh dian céanna, nó nuair a chuirtear allmhairí atá níos déine ar charbón in ionad tháirgí an Aontais. Tá príomhról ag SCCT freisin ag cuidiú chun srian a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) lasmuigh de theorainneacha an Aontais. Baintear an méid sin amach trí onnmhaireoirí eachtracha a spreagadh chun a dtáirgeadh a dhícharbónú agus, ós rud é go n‑asbhaintear an praghas carbóin a íoctar go héifeachtach sa tír thionscnaimh le SCCT, trí thríú tíortha a dhreasú chun a gcórais praghsála carbóin féin a chur chun feidhme nó a neartú. Mar sin féin, níl dearadh reatha SCCT go hiomlán éifeachtach chun sceitheadh carbóin a chosc, dícharbónú a dhreasú agus tá roinnt deacrachtaí cur chun feidhme ann dá bharr. Go sonrach, ní thugann sé aghaidh ar rioscaí iartheachtacha sceite carbóin, ná ar an riosca go seachnófar SCCT, agus ní chuirtear san áireamh go leordhóthanach iarrachtaí dícharbónaithe táirgeoirí leictreachais tríú tír.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
Is é cuspóir foriomlán an togra reachtaigh éifeachtacht SCCT a neartú, lena n‑áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an riosca go sceithfear carbón iartheachtach agus trí dhícharbónú a spreagadh ar bhealach indéanta agus costéifeachtach, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an t‑athrú aeráide a chomhrac ar fud an domhain.
Go sonrach, beartaítear leis (i) an riosca maidir le sceitheadh carbóin iartheachtach a mhaolú, (ii) forfheidhmiú SCCT a neartú agus cleachtais seachanta a dhíspreagadh, agus (iii) dícharbónú allmhairí leictreachais a spreagadh.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
|
Go bunúsach, is saincheist thrasteorann é laghdú na n‑astaíochtaí GCT, saincheist a bhfuil gníomhaíocht éifeachtach ar an scála is mó dá bhfuil ann ag teastáil ina leith. Is maith mar atá an tAontas, eagraíocht fhornáisiúnta, in ann beartas aeráide éifeachtach a bhunú ar a chríoch, rud atá déanta aige cheana féin nuair a tugadh isteach SCCT agus CTA AE. Beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, sin é an t‑aon bhealach fóinteach chun coibhéis a áirithiú idir an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm i margadh inmheánach an Aontais agus an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairí. Ina theannta sin, maidir leis an ngá atá leis costais riaracháin a laghdú a oiread is féidir, is trí rialacha comhsheasmhacha le haghaidh an mhargaidh aonair iomláin is fearr a bhainfear sin amach. Dá bhrí sin, is ar leibhéal an Aontais ba cheart aon athbhreithniú ar SCCT a dhéanamh.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha ab fhearr ann? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
|
|
Tá trí fhadhb ar leith ann ar fadhbanna idirghaolmhara iad. I gcás gach ceann díobh, measúnaíodh roghanna éagsúla, agus sainaithníodh rogha thosaíochta.
Sceitheadh carbóin iartheachtach: Scrúdaíodh trí rogha, agus le gach ceann díobh léiríodh leibhéal éagsúil cumhdaigh maidir leis an raon feidhme a leathnú chuig táirgí iartheachtacha. Tá siad sin bunaithe ar (i) scagairí lena léirítear an baol sceite carbóin (eadhon brú an chostais carbóin agus déine na trádála) móide (ii) íosráta astaíochtaí táirgeachta de chuid an Aontais chun leathnú an raoin feidhme a theorannú do tháirgí iartheachtacha lena mbaineann ábharthacht shuntasach aeráide. Breithníodh freisin a indéanta a bheadh sé go teicniúil astaíochtaí a shannadh d’earraí iartheachtacha roghnaithe. Dírítear sa togra ar earraí atá iartheachtach d’earnálacha atá dian ar chruach agus ar alúmanam, a fógraíodh freisin i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Cruach agus Miotail.
Is leathnú spriocdhírithe é Rogha 1 chuig earraí iartheachtacha lena mbaineann an baol sceite carbóin is mó agus ábharthacht shuntasach aeráide. Is éard atá i Rogha 2 leathnú cothromaithe chuig earraí iartheachtacha atá i mbaol sceite carbóin agus ábharthacht shuntasach aeráide. Is leathnú leathan é Rogha 3 chuig na hearraí iartheachtacha uile a mheastar a bheith i mbaol sceite carbóin.
Frithsheachaint: Breithníodh dhá rogha chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna seachanta amhail mídhearbhú astaíochtaí agus cleachtais mhí-úsáideacha.
Déantar foráil i Rogha 1 maidir le dramh réamhthomhaltais a áireamh mar réamhtheachtaí SCCT. Soláthraítear leis freisin cumhacht don Choimisiún, i gcás ina ndearbhaítear astaíochtaí iarbhír, fianaise bhreise a iarraidh chun an t‑ionad táirgthe a chruthú. Bheadh an cumhachtú sin chun inrianaitheacht earraí a fheabhsú teoranta d’fhothacar de chóid AC agus de thionscnaimh lena mbaineann an riosca is mó maidir le déine astaíochtaí a mhídhearbhú.
Déantar foráil i Rogha 2 maidir le dramh réamhthomhaltais agus iarthomhaltais araon a áireamh mar réamhtheachtaí SCCT. Ina theannta sin, bheadh feidhm ag an gcumhachtú chun fianaise bhreise a iarraidh maidir leis an láthair táirgthe i gcás gach cód AC agus gach tionscnamh.
Tá dhá bheart comhbheartais i bpáirt ag an dá rogha freisin: 1) cumhacht a thabhairt don Choimisiún cóid AC a mhionsonrú a thuilleadh chun comhdhéanamh ábharach sonrach na dtáirgí éagsúla a thagann faoi aon chód AC ar leith faoi raon feidhme SCCT a ghabháil ar bhealach níos fearr, 2) cumhacht a thabhairt don Choimisiún coinníollacha breise a chur i gceangal le húsáid astaíochtaí iarbhír le haghaidh earraí sainaitheanta a bhfuil ardriosca cleachtais mhí-úsáideacha ag baint leo.
Leictreachas
Rinneadh ceithre rogha a mheas. Baineann éagsúlacht leo maidir leis an modheolaíocht chun an fachtóir astaíochta a ríomh agus maidir leis na coinníollacha chun luachanna iarbhír a dhearbhú. Cumhdaíonn siad na ceithre theaglaim fhéideartha de dhá phríomhrogha beartais: (i) fachtóir astaíochta CO2 na tíre is onnmhaireoir a choinneáil nó athrú go dtí meánfhachtóir astaíochta eangaí na tíre is onnmhaireoir; (ii) an critéar a bhaineann le plódú a mhodhnú trí thagairt a dhéanamh don easpa plódaithe struchtúraigh, nó í a bhaint ar fad. Áirítear leis na roghanna uile critéar modhnaithe a bhaineann le comhaontuithe ceannaigh cumhachta (CCC) lena soiléirítear nach n‑áirítear ann ach CCC fisiceacha agus a raon feidhme a leathnú an tráth céanna chuig CCC indíreacha freisin. Áirítear sna roghanna uile freisin athruithe ar an gcoinníoll a bhaineann le hainmniúcháin acmhainneachta, nár cheart feidhm a bheith acu ach amháin i gcás leithdháileadh acmhainneachta sainráite.
Na roghanna ab fhearr
Tacaíonn an measúnú tionchair seo le teaglaim de rogha 2 le haghaidh an leathnaithe iartheachtaigh, rogha 1 le haghaidh na sraithe frithsheachanta agus rogha 4 le haghaidh leictreachais (athrú go dtí meánfhachtóir astaíochta eangaí na tíre is onnmhaireoir, critéir mhodhnaithe a bhaineann le comhaontuithe ceannaigh cumhachta agus ainmniúchán acmhainneachta, agus deireadh a chur leis an gcritéar a bhaineann le plódú) toisc go meastar go soláthróidh siad glanghnóthachain chomhshaoil i gcomparáid le dearadh reatha SCCT, agus go bhfanfaidh siad comhréireach le scála na bhfadhbanna freisin agus go gcoinneofar an t‑ualach riaracháin breise chomh híseal agus is féidir.
|
|
Cad iad tuairimí na ngeallsheallbhóirí éagsúla? Na geallshealbhóirí éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
|
Tugadh le fios sa chomhairliúchán poiblí go n‑aithnítear go forleathan gur saincheist é an riosca go sceithfear carbón iartheachtach, nach mór aghaidh a thabhairt air trí earraí iartheachtacha a chuimsiú faoi raon feidhme SCCT. Ar an gcaoi chéanna, dhearbhaigh tromlach soiléir go bhfuil rioscaí imchéimnithe ann a fhágann gur den riachtanas an rialachán maidir le SCCT a neartú a thuilleadh. Thairis sin, tacaíodh le breis gráinneachta san fhaisnéis maidir le comhdhéanamh ábharach táirgí éagsúla laistigh de chóid AC. Maidir le leictreachas, chuir formhór mór na ngeallsealbhóirí in iúl sa chomhairliúchán poiblí nach leor na luachanna réamhshocraithe reatha a úsáidtear in SCCT agus go dtacaíonn siad le leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina n‑úsáidtear astaíochtaí iarbhír. Maidir leis an dara ceann sin, bhí mar thoradh ar an gcomhairliúchán freisin go ndearnadh moltaí sonracha chun athbhreithniú a dhéanamh ar chritéir a bhain le comhaontuithe ceannaigh cumhachta, plódú líonra, ainmniúcháin idirnascaire, a mheastar a bheith neamhphraiticiúil nó mí-ailínithe le réaltachtaí an mhargaidh. Deimhníodh le toradh an chomhairliúcháin phoiblí go bhfuarthas aiseolas ó gheallsealbhóirí trí fhóraim eile.
|
|
C. Tionchar na rogha ab fhearr
|
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha ab fhearr (más ann dóibh, agus murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
|
Is é atá sa rogha ab fhearr teaglaim de Rogha 2 chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin iartheachtaigh, Rogha 1 chun aghaidh a thabhairt ar sheachaint agus Rogha 4 chun aghaidh a thabhairt ar leictreachas. Beidh tairbhí soiléire comhshaoil ag gabháil leis an bpacáiste beartais sin, laghdófar an riosca sceite carbóin, agus spreagtar dícharbónú ar bhealach indéanta agus costéifeachtach. Go sonrach maidir leis an leathnú iartheachtach, faoi Rogha 2, meastar gur laghdú ar astaíochtaí bliantúla GCT thart ar 0,7 Mt d’astaíochtaí coibhéise CO2 (CO2e) a bheadh ann faoi 2030. Meastar freisin go dtiocfaidh laghdú suntasach ar an sceitheadh carbóin leis an rogha sin. Faoin rogha ab fhearr chun aghaidh a thabhairt ar sheachaint SCCT, soláthraítear na coimircí is gá chun a áirithiú nach mbainfear an bonn d’éifeachtacht agus de thairbhí comhshaoil SCCT. Maidir le leictreachas, áiritheofar leis an rogha ab fhearr go dtabharfar léiriú níos fearr ar iarrachtaí dícharbónaithe na dtíortha onnmhairiúcháin agus go simpleofar tuairisciú na luachanna astaíochtaí iarbhír freisin.
Is beag na tionchair mhaicreacnamaíocha atá ann agus eascraíonn a bhformhór ón leathnú iartheachtach. Meastar go dtiocfaidh mionmhéadú ar aschur an Aontais i roinnt earnálacha iartheachtacha. Maidir le tionchair shóisialta, i gcás an leathnaithe iartheachtaigh, foráiltear leis an rogha ab fhearr go dtiocfaidh méadú beag 0,05 % ar an bhfostaíocht sna hearnálacha iartheachtacha a chumhdaítear.
|
|
Cad iad costais na rogha ab fhearr (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
Is ar éigean a bheidh aon chostais mhaicreacnamaíocha ann, agus meastar gur athrú níos lú ná -0,001 % a thiocfaidh ar OTI an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, is tionchar imeallach a bheadh ar phraghsanna tomhaltais phríobháidigh freisin.
Meastar go mbeidh costais riaracháin agus chomhlíontachta ann do ghnólachtaí agus d’údaráis (údaráis inniúla náisiúnta agus údaráis chustaim) a eascraíonn ón leathnú iartheachtach den chuid is mó. Cé gur deacair na costais sin a mheasúnú go beacht, léiríonn meastacháin bunaithe ar shuirbhéanna ar gheallsealbhóirí go bhféadfadh costais athfhillteacha chomhiomlána EUR 8 milliún go 43 mhilliún in aghaidh na bliana a bheith ann do ghnólachtaí faoin rogha ab fhearr maidir le leathnú iartheachtach, chomh maith le costais aonuaire EUR 31 mhilliún. Meastar gur costais forfheidhmiúcháin athfhillteacha idir EUR 1,3 milliún agus 10,0 milliún a bheidh ann d’údaráis le haghaidh na mBallstát uile le chéile. Is ar éigean a bheidh costas riaracháin breise ar údaráis leis an rogha ab fhearr chun aghaidh a thabhairt ar sheachaint agus ní bheidh ach tionchar teoranta aige ar an ngnó freisin. Ní mheastar i gcás sraith an leictreachais go mbeidh aon chostais bhreise riaracháin agus chomhlíontachta i gceist faoin rogha ab fhearr d’allmhaireoirí an Aontais ná do tháirgeoirí leictreachais tríú tír ach a mhalairt, go laghdófar na costais sin mar thoradh ar chuíchóiriú na gcoinníollacha chun astaíochtaí iarbhír a dhearbhú.
|
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
|
I mí Dheireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa Rialachán (AE) 2025/2083 maidir le SCCT a shimpliú, lenar tugadh isteach, i measc feabhsuithe eile, díolúine tairsí de minimis de mhais 50 tona lena gcoinneofaí 99 % d’astaíochtaí faoi raon feidhme SCCT i gcónaí, agus lena ndíolmhófaí thart ar 90 % de na hallmhaireoirí. Cuireann sí teorainn shuntasach leis an ualach riaracháin ar FBManna agus téann sí chun tairbhe d’allmhaireoirí iartheachtacha beaga. Tá tionchar measartha ag leathnú iartheachtach SCCT ar dhearbhlíon na n‑allmhaireoirí ar FBManna iad a tugadh isteach i raon feidhme SCCT. Is ionann cion na n‑allmhaireoirí ar FBManna iad agus thart ar 50 % de na hallmhaireoirí breise atá faoin raon feidhme. Is ionann sin agus 3800-3900 allmhaireoir breise ar FBManna iad. Tá tionchair imeallacha dhearfacha ar an iomaíochas i gcoitinne ag an bpacáiste beartais arb é an rogha ab fhearr é. I measc na dtrí shnáithe, bheadh na himpleachtaí iomaíochais is suntasaí ag baint leis an leathnú iartheachtach toisc go gcruthaítear cothrom iomaíochta leis do tháirgí iartheachtacha atá dian ar chruach agus ar alúmanam i ndáil leis na costais charbóin atá rompu, bídís ina dtáirgí intíre nó ina n‑allmhairí.
|
|
An imreofar tionchar mór ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Meastar go nginfidh an leathnú iartheachtach faoi rogha 2 ioncaim thart ar EUR 0,58 billiún in 2030, agus go rannchuideoidh na bearta frithsheachanta lena áirithiú go mbaileofar ioncaim iarbhír.
|
|
An mbeidh aon tionchar mór eile i gceist?
|
|
Ní cosúil go mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist.
|
|
Comhréireacht?
|
|
Comhlíontar leis an rogha ab fhearr cuspóirí an tionscnaimh ar bhealach comhréireach.
|
|
D. Obair leantach
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Beidh SCCT faoi réir athbhreithnithe rialta dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le SCCT. Déanfar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na n‑athruithe atá beartaithe ar an Rialachán a ndearnadh measúnú orthu faoin measúnú tionchair seo i gcomhthéacs na dtuarascálacha athbhreithnithe leathbhliantúla ar chur chun feidhme SCCT dá bhforáiltear faoi Airteagal 30 den Rialachán maidir le SCCT.
|