An Bhruiséil,3.9.2025

SWD(2025) 593 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

maidir leis an gClár um an Margadh Aonair agus Custam

A ghabhann leis an doiciméad

Togra le hAghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear an Clár um an Margadh Aonair agus Custam le haghaidh na tréimhse 2028-2034 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2021/444, (AE) 2021/690, (AE) 2021/785, (AE) 2021/847 agus (AE) 2021/1077

{COM(2025) 590 final} - {SEC(2025) 592 final} - {SWD(2025) 592 final}


Measúnú tionchair ar an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais Eorpaigh (CAI) - CLÁR UM AN MARGADH AONAIR AGUS CUSTAM

1.An gá atá le beart

Cad iad na fadhbanna?

Réamhriachtanas is ea margadh aonair dea-fheidhmiúil le haghaidh iomaíochas an Aontais agus chun rathúnas inbhuanaithe agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa a áirithiú. Is gá beart a dhéanamh fós, áfach, chun an Margadh Aonair a chomhlánú, agus chun Aontas Custaim a fheidhmíonn go maith a áirithiú, a bheidh in ann dul in oiriúint d’éiginnteachtaí geopholaitiúla agus do ghréasáin agus dúshláin trádála idirnáisiúnta atá ag éirí níos luainí. Tá ábharthacht an Mhargaidh Aonair agus an Aontais Custaim ghaolmhair ag dul i méid i bhfianaise na ndúshlán polaitiúil atá ag teacht chun cinn agus a sainaithníodh sna Treoirlínte Polaitiúla agus i dtuarascálacha le déanaí ó Enrico Letta agus Mario Draghi.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cistiú leanúnach a áirithiú i réimse an Mhargaidh Aonair, agus feabhas a chur ar an gcomhar idir riaracháin náisiúnta. Tá easpa solúbthachta agus sineirgí sa timpeallacht chasta cistiúcháin atá ann faoi láthair, agus cuireann bacainní bac ar rochtain éifeachtach ar na cistí atá ar fáil. Le níos mó solúbthachta i gcóras cistiúcháin CAI, beidh sé níos éasca cláir a chur in oiriúint do thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus, an tráth céanna, Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus iomaíochas domhanda an Mhargaidh Aonair a chothú agus cuidiú le cothroime iomaíochta níos fearr a chruthú.

D’ainneoin acmhainní móra a bheith ar fáil trí Chlár an Mhargaidh Aonair, tríd an gclár Custaim 1 , trí chlár Fiscalis, agus trí Chlár Frithchalaoise an Aontais atá ann cheana agus atá mar ábhar don mheasúnú tionchair seo, cuireann raon tosca bac fós ar a leithdháileadh agus ar a nglacadh éifeachtach.

Cad atá le baint amach?

Tá sé de chuspóir ginearálta ag an tionscnaimh seo feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus é a dhoimhniú agus an tAontas Custaim a neartú, leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint trí sholúbthacht níos fearr, trí shimpliú níos fearr agus trí shineirgí níos fearr.

Go sonrach, tugtar aghaidh sa tionscnamh seo ar dhúshlán na hilroinnte, na castachta agus na n‑easnamh comhordúcháin sna trí réimse seo a leanas, ina bhfuil fianaise mar bhonn taca leis an ngá atá le hidirghabháil ón Aontas i bhfoirm cistiú ón Aontas.

·Tá bearnaí eolais agus sonraí i measc na mbacainní lena gcuirtear cosc ar shaoránaigh, ar thomhaltóirí, ar ghnólachtaí, agus ar oibreoirí eacnamaíocha tairbhiú den mhargadh aonair.

·Tá fothú acmhainneachta, comhar riaracháin agus comhar oibríochtúil i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach fo-optamach fós.

·D’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann ceapadh rialacha, socrú caighdeán agus forfheidhmiú ar leibhéal an Aontais a chur in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú.

In éagmais beart ón Aontas lena n‑áiritheofaí cistiú comhordaithe i réimse an Mhargaidh Aonair, an Aontais Custaim, an chánachais agus na mbeartas frithchalaoise, leanfadh na saincheisteanna a sainaithníodh agus a bhfréamhacha de bheith ann. D’fhéadfadh timpeallacht cistiúcháin gan athrú teorainn a chur le cumas an Choimisiúin Eorpaigh gníomhaíochtaí a cheanglaítear lena oibleagáidí dlíthiúla a choinneáil ar bun agus measúnú iomlán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú dhlí an Aontais. Chuirfeadh sé sin bac ar iarrachtaí feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus é a chomhlánú a thuilleadh agus an tAontas Custaim a neartú.

2.Réitigh

Cur síos ar roghanna beartais

Breithníodh dhá rogha beartais, is iad sin cás comhtháite agus cás aontaithe. Tá an dá rogha bunaithe ar leibhéil éagsúla uaillmhianta chun na hionstraimí cistiúcháin atá ann faoi láthair a chomhtháthú.

Le comhchuibhiú feabhsaithe ar fhorálacha dlíthiúla, bunaítear leis an gcás comhtháite creat solúbtha aonair níos cuíchóirithe, ach tá deighilt shoiléir fós ann idir na ceithre chlár atá ann cheana. Chiallódh sé go ndéanfadh an clár a bheidh ann amach anseo macasamhlú ar chur chuige colúnbhunaithe agus samhlacha rialachais Chlár an Mhargaidh Aonair atá ann faoi láthair agus go n‑ionchorprófaí na sraitheanna nua (custaim, cánachas agus frithchalaois) mar cholúin nua (cé go n‑eisiafaí na sraitheanna FBM agus bia agus beatha).

Is éard atá i gceist leis an gcás aontaithe cumasc iomlán na dtosaíochtaí beartais uile laistigh den raon feidhme, le bunghníomh coiteann amháin, i.e. sraith amháin ceanglas dlíthiúil agus institiúideach le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile a chumhdaítear. D’fhéadfadh an cás sin níos mó solúbthachtaí a chur ar fáil trí dheiseanna níos mó a bheith ar fáil freagairt d’imthosca nó do riachtanais atá ag athrú agus solúbthacht níos fearr a bheith ann leithreasuithe buiséid a aistriú idir réimsí beartais éagsúla.

Comparáid idir na roghanna

Tá acmhainneacht theoranta ag an gcás comhtháite maidir le solúbthachtaí, sineirgí agus simplithe méadaithe. Is gá gníomhaíochtaí breise nó feabhsaithe a chumasú go láidir, amhail freagairt níos tapúla agus níos fearr ar imthosca athraitheacha, agus níos mó gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chruthú.

Cé go bhféadfadh an cás aontaithe a bheith casta ó thaobh riaracháin de mar gheall ar riachtanais bhainistíochta agus chomhordúcháin níos déine, tá sé d’acmhainn aige creat láidir solúbtha a shocrú agus feabhsuithe incriminteacha a bheith mar thoradh air i gcomparáid le staid reatha na gceithre chlár. Bheadh próisis shimplithe agus chuíchóirithe, sineirgí trasbheartais, uirlisí digiteacha comhtháite le haghaidh rochtain ar chistiú, chomh maith le cur chun feidhme agus tuairisciú éifeachtach clár le haghaidh gach réimse beartais mar thoradh air, gan cur leis an ualach riaracháin ar pháirtithe leasmhara.

An rogha ab fhearr

Tar éis measúnú a dhéanamh ar an dá rogha beartais, ag díriú go príomha ar a ndearaí, is é an cás aontaithe an rogha ab fhearr. Trína dhearadh agus trí na réimsí beartais a chumhdaítear leis, is leis a bhaineann an acmhainneacht is mó cuspóir ginearálta an chláir a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus ar na cúiseanna fadhbanna uile a sainaithníodh.

Is fearr is féidir dul i ngleic le riachtanais na réimsí beartais lena mbaineann leis an gcás aontaithe lena gcomhdhlúthaítear ceithre chlár a tháinig roimhe trí nósanna imeachta a shimpliú agus a chuíchóiriú. Chuideodh sé sin le beartais agus cláir an Aontais a chur chun cinn, le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a spreagadh, agus le hábharthacht na ngníomhaíochtaí a mhéadú. Leis an gcás aontaithe, cuirtear feabhas ar shineirgí oibríochtúla agus riaracháin, cuirtear leis an tsolúbthacht, cothaítear simpliú agus laghdaítear an t‑ualach riaracháin trí nósanna imeachta cistiúcháin simplithe de chuid an Aontais agus trí cheapadh beartas feabhsaithe atá ullamh don digitiú agus bunaithe ar fhianaise.

3.Tionchair an cháis ab fhearr

Leis an gcás aontaithe, bheadh na gníomhaíochtaí cothrománacha chun tacú leis na húdaráis náisiúnta agus le ról ceaptha beartas agus forfheidhmithe dlí an Choimisiúin níos éifeachtaí. D’fhéadfadh tairbhí breise teacht chun cinn i réimsí trasbheartais agus i ngníomhaíochtaí cothrománacha, mar aon le hinoiriúnaitheacht mhéadaithe agus acmhainneacht mhéadaithe le haghaidh sineirgí agus simpliú i mbainistiú agus i riarachán clár, rud a d’fhéadfadh na hualaí riaracháin a laghdú agus costais a laghdú.

Tá sé tábhachtach tosaíocht a thabhairt do ghealltanais dhlíthiúla a bhaineann go sonrach le beartas, agus an tsolúbthacht is mó is féidir a cheadú i rialachas agus i gcur chun feidhme foriomlán an chláir an tráth céanna.

4.Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an tionscnamh?

Déanfar faireachán ar an tionscnamh sin tríd an gcreat feidhmíochta le haghaidh an bhuiséid tar éis 2027, rud a ndéanfar scrúdú air i measúnú tionchair ar leithligh. Déantar foráil sa chreat feidhmíochta maidir le tuarascáil cur chun feidhme le linn chéim cur chun feidhme an chláir, chomh maith le meastóireacht chúlghabhálach atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr agus beidh sí bunaithe ar tháscairí atá ábhartha do chuspóirí an chláir.

(1)

Lena n‑áirítear idirghabhálacha arna ndéanamh tríd an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim, atá mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha in CAI 2021-2027.