An Bhruiséil,3.12.2025

COM(2025) 946 final

2025/0385(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Rialachán (AE) 2024/1252 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla (Rialachán (CE) Uimh. 2024/1252), soláthraíodh na cuspóirí agus an chéad tacar uirlisí don Aontas chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag tionscal an Aontais ar sholáthar slán inbhuanaithe na n‑amhábhar criticiúil. Tá gá le hamhábhair chriticiúla chun na teicneolaíochtaí straitéiseacha atá ríthábhachtach don aistriú glan agus don aistriú digiteach a mhonarú, chomh maith le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis. Mar sin féin, ó tháinig an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla i bhfeidhm an 23 Bealtaine 2024, méadaíodh geopholaitiú an tsoláthair amhábhar criticiúil de dheasca sraith srianta onnmhairiúcháin ón tSín ar dhúile tearc-chré agus ar amhábhair chriticiúla eile. I gcomhthráth leis sin, tá dlús curtha ag gníomhaithe domhanda eile le gníomhaíocht chun rochtain ar amhábhair chriticiúla a dhaingniú dá dtionscail trí thionscadail amhábhar criticiúil a mhaoiniú agus a soláthairtí a éagsúlú trí chomhpháirtíochtaí.

Is sa chomhthéacs sin a ghlac an Coimisiún an 3 Nollaig 2025 plean gníomhaíochta RESourceEU chun dlús a chur le baint amach an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus chun an Teachtaireacht maidir le Slándáil Eacnamaíoch na hEorpa a threisiú 1 . Tá bearta sa Phlean Gníomhaíochta maidir le dí-rioscú airgeadais agus tacaíocht rialála do thionscadail amhábhar criticiúil a bhfuil poitéinseal ann dul i mbun an éagsúlaithe ina leith láithreach, chomh maith le bearta chun a chomhpháirtíochtaí le tríú tíortha a oibríochtú, an Margadh Aonair a chosaint, agus margadh buan a chruthú le haghaidh soláthairtí éagsúlaithe d’amhábhair chriticiúla. I measc na mbeart chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá an Coimisiún ag moladh go ndéanfar leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2024/1252 (an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla nó ‘CRMA’) chun cuid áirithe de na rialacha a chuíchóiriú, a shoiléiriú agus a shimpliú chun feabhas a chur ar an gciorclaíocht, chun an acmhainneacht athchúrsála a mhéadú agus chun an margadh tánaisteach le haghaidh amhábhair chriticiúla a neartú.

Ar an gcéad dul síos, is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ar an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla margadh buan a chruthú do shlabhra luacha amhábhar an Aontais. Chun na críche sin, féachtar le hathléimneacht earnálacha tionsclaíochta an Aontais a mhonaraíonn táirgí teicneolaíochta straitéiseacha le hamhábhair straitéiseacha, ar fothacar d’amhábhair chriticiúla iad, a neartú trí na leasuithe. Agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla á chur chun feidhme faoi láthair, cuirtear i dtábhacht go bhfuil baol ann go ndéanfar an Margadh Aonair a ilroinnt de dheasca go bhféadfadh Ballstáit aonair na cuideachtaí móra a shainaithint ar bhealaí díchosúla, arb iad na cuideachtaí sin nach mór dóibh measúnú riosca a dhéanamh ar a slabhraí soláthair faoi Airteagal 24 den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla. Léiríonn baol sin na hilroinnte, i gcás inarb amhlaidh de dheasca clistí margaidh nach ngabhann cuideachtaí straitéisí um maolú de láimh chun teorainn a chur lena leochaileachtaí, go bhféadfadh sé go mbeadh údar le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún. Chomh maith le cuideachtaí a dhreasú chun infheistíocht a dhéanamh in athléimneacht na slabhraí soláthair dá gcuid, spreagfadh na leasuithe sin an t‑éileamh ar fhoinsí éagsúlaithe soláthair amhábhar criticiúil freisin.

Ar an dara dul síos, mar gheall gur gá láithreach táirgeadh na n‑amhábhar criticiúil a mhéadú go tapa, ní mór an creat ciorclaíochta a leathnú chun aisghabháil agus athúsáid na n‑amhábhar criticiúil a mhéadú, go háirithe i gcás buanmhaighnéad tearc-chré 2 . Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a leasú trí raon feidhme na dtáirgí a chumhdaítear le hoibleagáidí maidir le lipéadú a leathnú agus oibleagáidí maidir le faisnéis faoi Airteagal 28 den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla a shoiléiriú. Ar na cúiseanna céanna, tá an Coimisiún ag moladh freisin go gcuimseofar dramhaíl réamhthomhaltais leis an oibleagáid maidir leis an gcion athchúrsáilte le haghaidh buanmhaighnéid tearc-chré, i bhfianaise freisin go mbíonn sé níos éasca dramhaíl réamhthomhaltais a athchúrsáil agus go bhfuil sí níos inrochtana faoi láthair ná dramhaíl iarthomhaltais.

Ar deireadh, tá an Coimisiún ag moladh solúbthacht bhreise a thabhairt isteach sa líon glaonna a theastaíonn in aghaidh na bliana féilire, i bhfianaise an lín aird iarratas in aghaidh an ghlao agus gur gá a áirithiú go ndéantar measúnú comhleanúnach ar gach iarratas. Tá an togra seo bunaithe ar chur chun feidhme Airteagal 7 den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla ag an gCoimisiún maidir le Tionscadail Straitéiseacha a roghnú. Osclaíodh an chéad ghlao in 2024, agus roghnaíodh 47 dTionscadal Straitéiseacha san Aontas agus 13 Thionscadal Straitéiseacha lasmuigh den Aontas dá thoradh sin 3 . Sheol an Coimisiún an dara glao an 25 Meán Fómhair 2025.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis na leasuithe atá sa togra seo, áiritheofar an éifeachtúlacht acmhainne agus tacófar le soláthar slán inbhuanaithe na n‑amhábhar criticiúil. Neartóidh sé go háirithe uathriail straitéiseach an Aontais trí éagsúlú a shlabhraí soláthair a dhaingniú agus a áirithiú. Le tionscnamh Phlean Gníomhaíochta RESourceEU, treisítear bearta eile chun spriocanna an bheartais slándála tionsclaíche agus eacnamaíche de chuid an Aontais a thabhairt chun cinn agus rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus tá sé dlúthnasctha le Dúnghaois Slándála Eacnamaíche na hEorpa.

An tráth céanna, tacóidh na leasuithe leis an aistriú glan agus leis an aistriú digiteach, trí infhaighteacht na n‑acmhainní fíor-riachtanacha a úsáideann tionscail in earnálacha éagsúla a áirithiú. Leis na leasuithe, cuirfear feabhas ar an inrianaitheacht chun tacú leis an aisghabháil deireadh ré agus chun spreagadh a thabhairt go nglacfar amhábhair athchúrsáilte de réir a chéile, rud a rannchuideoidh le creat comhleanúnach agus ailínithe chun an chiorclaíocht a fheabhsú agus soláthar amhábhar criticiúil an Aontais a dhaingniú.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra sin comhsheasmhach agus áirithíonn sé comhlántacht agus sineirgí le beartais eile de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

I gcomhréir le hAirteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is é is aidhm don rialachán atá beartaithe rannchuidiú le dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, go háirithe trí na rialacha lena n‑áirithítear soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil don Aontas a neartú agus a shoiléiriú.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is é cuspóir foriomlán an togra an aonfhoirmeacht a áirithiú agus nósanna imeachta áirithe a chuíchóiriú ar leibhéal an Aontais, chun cuideachtaí móra atá ag oibriú i mBallstát amháin nó níos mó a ullmhú, chun aghaidh a thabhairt ar shuaití sna slabhraí soláthair agus chun bearta maoluithe a bheith i bhfeidhm acu.

Ní féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach le gníomhaíocht na mBallstát leo féin.

•Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an méid is lú is gá chun na cuspóirí atá sonraithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais ná thar an méid is gá chuige sin.

•An rogha ionstraime

Is ionstraim dlí iomchuí é rialachán lena leasaítear Rialachán an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla chun cuspóirí RESourceEU a chur chun feidhme.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cé nach ndearnadh aon chomhairliúchán foirmiúil le páirtithe leasmhara, tháinig na leasuithe atá beartaithe de thoradh ceardlanna teicniúla le hionadaithe shlabhra luacha iomlán na mbuanmhaighnéad, malartuithe faoi chuimsiú an Bhoird um Amhábhair Chriticiúla, agus as an obair theicniúil a ghabh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde de láimh chomh maith mar ullmhúchán don reachtaíocht thánaisteach faoi Airteagail 28 agus 29 den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Mar gheall ar chineál na leasuithe atá beartaithe agus ar an bpráinn a bhaineann leo, ní raibh aon bhailiú ná úsáid saineolais i gceist leis an togra seo.

•Measúnú tionchair

Ós togra práinneach é an togra, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

•Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag gabháil leis an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleachtaí ag baint leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Leasaítear an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla leis an togra seo agus cuimsítear athruithe ar na pleananna cur chun feidhme do na Ballstáit ann, go háirithe trí dheireadh a chur leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit cuideachtaí móra a shainaithint agus an oibleagáid sin a aistriú chuig an gCoimisiún. Leis an athrú sin, simplítear agus cuíchóirítear nósanna imeachta riaracháin ar leibhéal an Aontais.

Soiléirítear na hoibleagáidí agus na socruithe maidir le tuairisciú do chuideachtaí áirithe trí athruithe spriocdhírithe a dhéanamh ar líon an‑teoranta airteagal.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 leasaítear Rialachán (AE) 2024/1252.

Le hAirteagal 1, pointe (1), modhnaítear an líon scoithdhátaí le haghaidh glaonna oscailte ar iarratais ar thionscadail straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla.

Le hAirteagal 1, pointe (2)(a), cuíchóirítear an oibleagáid cuideachtaí móra a shainaithint tríd an oibleagáid a aistriú ó údaráis náisiúnta chuig an gCoimisiún.

Le hAirteagal 1, pointe (2)(b), cuirtear é de cheangal ar an gCoimisiún fógra a thabhairt do chuideachtaí móra faoina n‑oibleagáidí.

Le hAirteagal 1, pointe (2)(c) soiléirítear an oibleagáid atá ar chuideachtaí móra agus na gnéithe atá le meas dá measúnú riosca-ullmhachta.

Le hAirteagal 1, pointe (2)(d), soiléirítear na hoibleagáidí nach mór do chuideachtaí móra a chomhlíonadh i gcás na mbeart maolaithe.

Le hAirteagal 1, pointe (2)(e), neartaítear an oibleagáid atá ar chuideachtaí móra a mbord a choinneáil ar an eolas faoin measúnú riosca.

Le hAirteagal 1, pointe (2)(f), ceadaítear don Choimisiún faisnéis a iarraidh ó chuideachtaí móra maidir lena gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí measúnaithe riosca, agus tugtar de chumhacht don Choimisiún na bearta maolaithe a shonrú, más gá, do chuideachtaí móra trí ghníomhartha tarmligthe.

Le hAirteagal 1, pointe (2)(g), scriostar mír nach bhfuil oiriúnaithe a thuilleadh ós rud é go gcuirtear na hoibleagáidí faoi Airteagal 28 den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla ar an gCoimisiún.

Le hAirteagal 1, pointe (3), leathnaítear liosta na dtáirgí ina bhfuil buanmhaighnéid agus a mbeidh a lipéadú le meas ag an gCoimisiún.

Le hAirteagal 1, pointe (4), soiléirítear agus leathnaítear raon feidhme Airteagal 29 den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla, trí dhramhaíl réamhthomhaltais de bhuanmhaighnéid a chuimsiú chun gur féidir leis an gCoimisiún gníomhaíocht níos cuimsithí a dhéanamh ar mhaithe le buanmhaighnéid a athchúrsáil.

Le hAirteagal 1, pointe (5), oiriúnaítear na rialacha maidir leis an tarmligean a fheidhmiú chun an cumhachtú nua faoi Airteagal 1, pointe (2)(f) a chuimsiú.

2025/0385 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Rialachán (AE) 2024/1252 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 4 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ó tháinig Rialachán (AE) 2024/1252 i bhfeidhm an 23 Bealtaine 2024, tá sonraí agus faisnéis á mbailiú ag an gCoimisiún ó pháirtithe leasmhara agus ó na Ballstáit maidir lena chur chun feidhme.

(2)Tá rochtain ar amhábhair chriticiúla shlána agus inbhuanaithe fíor-riachtanach ar mhaithe le cuspóirí an Aontais maidir leis an aistriú glan agus leis an aistriú digiteach mar a leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 6 . Is comhpháirteanna fíor-riachtanacha iad do thionscail an Aontais freisin, sna réimsí uile lena n‑áirítear an chosaint. Mar gheall ar an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá soláthar agus slándáil amhábhar criticiúil an Aontais curtha i mbaol agus, dá bhrí sin, ba cheart an creat atá ann faoi láthair a neartú.

(3)Faoi Rialachán (AE) 2024/1252, cuirtear é de cheangal ar an gCoimisiún glaonna ar iarratais ar Thionscadail Straitéiseacha a chur ar bun lena ngabhfadh ceithre scoithdháta ar a laghad in aghaidh na bliana. I bhfianaise an lín aird iarratas ar aitheantas do Thionscadail Straitéiseacha a fhaightear in aghaidh gach glao chun Tionscadail straitéiseacha d’amhábhair chriticiúla straitéiseacha a shainaithint, agus chun a áirithiú go ndéanfar measúnú níos fearr ar na hiarratais éagsúla, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann teorainn a chur leis an líon glaonna sin in aghaidh na bliana.

(4)Faoi Rialachán (AE) 2024/1252, cuirtear é de cheangal ar na Ballstáit cuideachtaí móra a shainaithint faoi mhí na Bealtaine 2025 agus laistigh de 12 mhí ó gach nuashonrú ar liosta na n‑amhábhar straitéiseach de bhun Airteagal 3(3). Mar sin féin, is féidir le cuideachtaí móra a úsáideann amhábhair chriticiúla oibriú i níos mó ná Ballstát amháin. Chun dúbláil ar shainaithint na gcuideachtaí móra sin ag na húdaráis náisiúnta éagsúla a sheachaint agus chun baol na hilroinnte sa Mhargadh Aonair a chosc, ba cheart gur faoin gCoimisiún a bheadh sé na cuideachtaí móra sin atá ag feidhmiú san Aontas a shainaithint.

(5)Tá sé fíor-riachtanach riosca-ullmhacht na gcuideachtaí móra arna sainaithint ag an gCoimisiún a neartú, tá sé ríthábhachtach go neartófar a n‑oibleagáidí, agus dá bhrí sin ba cheart é a chur a cheangal ar chuideachtaí móra bearta a dhéanamh chun a leochaileachtaí a mhaolú, lena n‑áirítear trína slabhra soláthair amhábhar a éagsúlú. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an fhaisnéis maidir lena gcomhlíontacht a fháil, ar faisnéis í atá riachtanach chun faireachán éifeachtach a dhéanamh agus chun a áirithiú go mbeidh siad ullamh i gcás ina mbeidh suaitheadh soláthair ann. Ba cheart don Choimisiún na bearta maolaithe a shonrú ar cheart do chuideachtaí móra iad a ghlacadh i gcás leochaileachtaí, ba cheart dó a bheith in ann é sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(6)Ba cheart do chuideachtaí móra, mar chuid den mheasúnú riosca sin, mapáil a dhéanamh ar na háiteanna óna ndéantar na hamhábhair straitéiseacha a úsáideann siad a eastóscadh, a phróiseáil agus a athchúrsáil, agus anailís a dhéanamh ar na tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá soláthar agus measúnú a dhéanamh ar a leochaileachtaí i leith suaití soláthair. Chun tuiscint shoiléir a fháil ar a leochaileachtaí, ba cheart dóibh mapáil a dhéanamh ar shlabhra soláthair na gcomhpháirteanna ina bhfuil amhábhair chriticiúla freisin. Chun a n‑ullmhacht a threisiú, ba cheart do chuideachtaí móra tuairisciú ar a measúnú riosca do bhord stiúrthóirí nó do bhord bainistíochta na gcuideachtaí.

(7)Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid agus ar riosca-ullmhacht na gcuideachtaí móra, agus a n‑ullmhacht i gcás suaitheadh ina slabhraí soláthair a áirithiú. Chuige sin, agus nuair a chinneann sé amhlaidh, is féidir leis an gCoimisiún faisnéis a iarraidh ar chuideachtaí móra maidir lena gcomhlíontacht agus maidir lena mbearta maolaithe, mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

(8)Trí ábhair athchúrsáilte réamhthomhaltais a aithint, comhlánaítear aisghabháil na dramhaíola iarthomhaltais trí áirithiú gur féidir le monaróirí feabhas a chur ar an éifeachtúlacht acmhainne ghearrthéarmach agus dreasachtaí láidre á gcoinneáil ar bun an tráth céanna chun córais bailithe agus athchúrsála deireadh ré a thógáil agus a leathnú. Dá bhrí sin, tá catagóirí breise táirgí agus dramhaíl réamhthomhaltais fíor-riachtanach chun feabhas a chur ar an athchúrsáil, an inrianaitheacht a neartú agus infhaighteacht na n‑ábhar tánaisteach a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, tacú le héifeachtúlacht acmhainne agus slándáil soláthair fhoriomlán an Aontais.

(9)Chun na cuspóirí a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta RESourceEU a bhaint amach, ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2024/1252 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/1252

Leasaítear Rialachán (AE) 2024/1252 mar a leanas:

(1)in Airteagal 7(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Socrófar an chéad scoithdháta den sórt sin tráth nach déanaí ná an 24 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún scoithdhátaí a shocrú suas le ceithre huaire in aghaidh na bliana.’;

(2)Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Ó [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta a chomhfhreagraíonn do dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo móide 2 mhí] agus laistigh de 6 mhí ó gach nuashonrú ar liosta na n‑amhábhar straitéiseach, sainaithneoidh an Coimisiún na cuideachtaí móra atá ag oibriú san Aontas agus a úsáideann amhábhair straitéiseacha chun ceallraí don stóráil fuinnimh agus leictrea-shoghluaisteacht a mhonarú, mar aon le trealamh a bhaineann le táirgeadh agus úsáid hidrigine, trealamh a bhaineann le giniúint fuinnimh in‑athnuaite, aerárthaí, mótair tarraingthe, teaschaidéil, trealamh a bhaineann le tarchur agus stóráil sonraí, feistí leictreonacha móibíleacha, trealamh a bhaineann le monarú suimitheach, trealamh a bhaineann le róbataic, dróin, teilgeoirí roicéad, radar, satailítí nó ardsliseanna.’;

(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a. Cuirfidh an Coimisiún na cuideachtaí móra atá sainaitheanta aige faoi mhír 1 ar an eolas faoi bheith sainaitheanta ar an gcaoi sin agus faoina n‑oibleagáidí faoin Airteagal seo.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2. Laistigh de 6 mhí ón bhfaisnéis maidir lena sainaithint agus gach 3 bliana ar a laghad agus a mhéid atá an fhaisnéis a cheanglaítear ar fáil dóibh, déanfaidh cuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 measúnú riosca ar a slabhra soláthair amhábhar straitéiseach, lena n‑áirítear: 

(a) mapáil ar shlabhra soláthair na gcomhpháirteanna ina bhfuil amhábhair straitéiseacha;

b) mapáil den áit a ndéantar na hamhábhair straitéiseacha a úsáideann siad a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil;

c) anailís ar na tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá soláthar d’amhábhair straitéiseacha;

d) measúnú ar a leochaileachtaí i leith suaitheadh soláthair.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Má bhraitear leochaileachtaí suntasacha i leith suaití soláthair de thoradh an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh cuideachtaí móra dá dtagraítear faoi mhír 1 iarrachtaí na leochaileachtaí sin a mhaolú, lena n‑áirítear iarrachtaí trína slabhraí soláthair amhábhar a éagsúlú, trí amhábhair thánaisteacha a mheas, nó trí na hamhábhair straitéiseacha a ionadú.’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Cuirfidh cuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 torthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 2 i láthair a mboird stiúrthóirí nó a mboird bhainistíochta.’;

(f)cuirtear míreanna 5a agus 5b seo a leanas isteach:

‘5a. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar chuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíonann siad na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dóibh an iarraidh a fháil ón gCoimisiún.’

‘5b. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na bearta maolaithe riosca a shonrú, arb iad na bearta atá le déanamh ag na cuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nuair a bhraitear leochaileachtaí suntasacha i leith suaití soláthair i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

Bunóidh an Coimisiún na bearta maolaithe riosca sin ar mheasúnú ar an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le rioscaí soláthair, na sreafaí trádála idir an tAontas agus tríú tíortha, agus na constaicí a d’fhéadfadh a bheith i dtrádáil amhábhar criticiúil agus sonróidh sé sciartha uasta an spleáchais ar thríú tír aonair i slabhra soláthair na n‑amhábhar criticiúil.’;

(g)scriostar mír 6;

(3)in Airteagal 28(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1. Ó bhí 2 bhliain ann tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, gineadóirí fuinnimh gaoithe, róbait thionsclaíocha, mótarfheithiclí, modhanna éadroma iompair, gineadóirí fuarúcháin, teaschaidéil, mótair leictreacha lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil mótair leictreacha comhtháite i dtáirgí eile, meaisíní níocháin uathoibríocha, triomadóirí rothlaim, micreathonnáin, folúsghlantóirí, miasniteoirí, tiomántán diosca chrua, trasduchtóirí, callairí, dróin le haghaidh úsáid shibhialta nó bréagáin innealta, áiritheoidh an duine sin go mbeidh lipéad a bheidh feiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta ar na táirgí sin ar a léireofar an méid seo a leanas:’;

(4)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Faoin 24 Bealtaine 2027 nó 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh táirgí dá dtagraítear in Airteagal 28(1) ar an margadh ina n‑ionchorpraítear ceann amháin nó níos mó de na buanmhaighnéid dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (b)(i), (ii) agus (iii), agus ar mó meáchan iomlán na mbuanmhaighnéad uile sin ná 0,2 kg ina leith, déanfaidh an duine sin an cion neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt arna aisghabháil ó dhramhaíl réamhthomhaltais agus iarthomhaltais sna buanmhaighnéid a ionchorpraítear sa táirge a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, lena n‑áirítear na cionta den dramhaíl sin a tháirgtear laistigh den Aontas.’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘2. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú maidir leis an gcion neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt arna aisghabháil ó dhramhaíl réamhthomhaltais agus iarthomhaltais a ríomh agus a fhíorú, lena n‑áirítear na cionta den dramhaíl sin a tháirgtear laistigh den Aontas, atá sna buanmhaighnéid a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’;

(c)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘3. Tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2, agus ar aon chuma faoin 31 Nollaig 2031, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí íoschionta a leagan síos maidir le neoidimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bórón, samairiam, nicil agus cóbalt arna aisghabháil ó dhramhaíl réamhthomhaltais agus iarthomhaltais, lena n‑áirítear na cionta den dramhaíl sin a tháirgtear laistigh den Aontas, nó aon mheascán díobh nach mór a bheith sa bhuanmhaighnéad a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1.’;

(d)i mír 3, an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) An infhaighteacht atá ann cheana agus atá réamh-mheasta maidir le neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, bórón, samairiam, nicil agus cóbalt arna aisghabháil ó fhoinsí dramhaíola réamhthomhaltais agus iarthomhaltais chomh maith le hacmhainneacht athchúrsála an Aontais;’;

(5)Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘2.  Tabharfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 4(2), Airteagal 5(3), Airteagal 6(2), Airteagal 24(5b), Airteagal 28(12), Airteagal 29(2) agus (3), Airteagal 31(1) agus (8) agus Airteagal 34(1) a ghlacadh don Choimisiún do thréimhse ocht mbliana ón 24 Meitheamh 2024.’;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 4 (2), Airteagal 5(3), Airteagal 6(2), Airteagal 24(5b), Airteagal 28(12), Airteagal 29(2) agus (3), Airteagal 31(1) agus (8) agus Airteagal 34(1) a chúlghairm aon tráth.

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 4(2), Airteagal 5(3), Airteagal 6(2), Airteagal 24(5b), Airteagal 28(12), Airteagal 29(2) nó (3), Airteagal 31(1) nó (8) nó Airteagal 34(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’.

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM/2025/977 final
(2)    MC Govern, L., Tapoglou, E. agus Georgakaki, A., Material streams from wind energy decommissioning to 2050 [Sreafaí ábhar ón díchoimisiúnú fuinnimh gaoithe go dtí 2050], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2760/0326924, JRC139814
(3)     Tionscadail straitéiseacha a roghnaíodh faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla
(4)    IO C , , lch. .
(5)    IO C , , lch. .
(6)    COM(2025) 85 final