AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.12.2025
COM(2025) 942 final
2025/0382(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le comhtháthú na margaí caipitil agus an mhaoirseacht orthu a fhorbairt a thuilleadh laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2025) 943 final} - {SWD(2025) 943 final} - {SWD(2025) 944 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Cuid lárnach de shainordú an Choimisiúin Eorpaigh is ea geilleagar an Aontais a athbheochan agus a sheasamh idirnáisiúnta a neartú. Mar a shonraítear i dtuarascálacha Draghi agus Letta agus i dtreoirlínte polaitiúla 2024-2029 ón gCoimisiún, tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a thodhchaí féin a chinneadh. Sa Chompás Iomaíochais leagtar amach plean cuimsitheach chun geilleagar an Aontais a neartú agus chun leas a bhaint as a phoitéinseal, agus an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta ag gníomhú mar phríomhchumasóir don phlean sin. I mí an Mhárta 2025, chuir an Coimisiún a straitéis um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta i láthair go poiblí. Is iad aidhmeanna na straitéise é a dhéanamh níos éasca do shaoránaigh a saibhreas a mhéadú trí infheistíocht a dhéanamh i margaí caipitil, méadú a dhéanamh ar acmhainneacht infheistíochta an Aontais, agus margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú. Trí dheireadh a chur le bacainní sna margaí airgeadais agus trí shreafaí caipitil trasteorann a éascú, is féidir leis an straitéis um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta tacú le geilleagar an Aontais, cruthú post a spreagadh, agus iomaíochas a fheabhsú.
Aithníodh an gá le gníomhaíocht phráinneach go forleathan ar an leibhéal polaitiúil is airde, lena n‑áirítear i ráitis agus i nglaonna ar ghníomhaíocht ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle Eorpach, ón nGrúpa Euro, ón gCruinniú Mullaigh Euro, agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE). D’iarr an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta freisin go ndéanfaí gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar chomhtháthú an mhargaidh airgeadais atá fós ann.
Chun an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a chur chun feidhme, tá gá le bearta cuimsitheacha a mbeidh tionchar acu ar ghnéithe éagsúla de chóras airgeadais an Aontais, in éineacht le cur chuige iomlánaíoch lena gcuimseofar na margaí caipitil agus an earnáil baincéireachta araon. Tá na bearta sin grúpáilte i gceithre cholún idirnasctha: (i) saoránaigh agus coigilteas, (ii) infheistíochtaí agus maoiniú, (iii) comhtháthú agus scála an mhargaidh; agus (iv) maoirseacht éifeachtúil. Díríonn an tionscnamh reachtach seo ar chomhtháthú agus scála an mhargaidh, agus ar mhaoirseacht éifeachtúil.
Dírítear sa tionscnamh reachtach seo ar bhacainní a eascraíonn as easpa chomhchuibhiú na rialacha agus na gcur chuige maoirseachta san Aontas, rud a fhágann go bhfuil margaí caipitil an Aontais ilroinnte agus ag tearcfheidhmiú. Cuireann na bacainní sin bac ar iarrachtaí atá faoi thionchar an mhargaidh chun gnó a leathnú agus scála a thógáil ar fud an mhargaidh aonair trí ghníomhaíochtaí trasteorann. Cuireann siad bac ar úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha nuálacha freisin i dtrí réimse atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú rianúil agus éifeachtúil mhargaí caipitil an Aontais, mar atá, trádáil, iarthrádáil agus bainistíocht sócmhainní.
D’ainneoin chomhchuibhiú na gcreataí rialála agus pasanna seirbhísí airgeadais a bheith ann, fágann an ilroinnt leanúnach atá fós ann de dheasca na mbacainní sin go gcuirtear teorainn leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le margadh aonair an Aontais. Tagann na bacainní sin chun cinn de dheasca difríochtaí i gcuir chuige rialála, rud a bhíonn ina léiriú go minic ar an úsáid a bhaintear as discréidí i dtrasuí agus léirmhíniú threoracha an Aontais agus ar chuir éagsúla maidir le maoirseacht. Fágann na bacainní sin go mbíonn gníomhaíochtaí trasteorann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais níos casta ná mar is gá. Dá dheasca sin, ní féidir leo tairbhiú go hiomlán de bharainneacht scála ná d’éifeachtúlacht oibríochtúil fheabhsaithe ná ní bhíonn aon dreasacht leormhaith ann dóibh infheistíochtaí trasteorann a éascú. Méadaítear costais dá bharr sin, cuirtear moill ar an am a thógann sé táirgí agus seirbhísí airgeadais a chur ar an margadh, cuireann sé srian ar rogha na dtáirgí agus na seirbhísí sin atá ar fáil do ghnólachtaí agus don phobal, agus fágtar go mbíonn siad níos costasaí.
Leagtar béim sa tionscnamh seo freisin ar thábhacht na bhforbairtí teicneolaíochta agus na nuálaíochta san earnáil airgeadais. De dheasca bacainní rialála, tá bac á chur ar ghlacadh agus ar úsáid teicneolaíochtaí níos nuaí, amhail teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) agus téacschomharthú ionstraimí airgeadais. Tá an poitéinseal ag teicneolaíochtaí den sórt sin feabhas a chur ar sheirbhísí airgeadais do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Maidir le cleachtais mhaoirseachta atá éagsúil le chéile, is féidir leo gníomhú mar bhacainn ar chomhtháthú an mhargaidh caipitil freisin, ós rud é nach mór do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn thar theorainneacha ceanglais difriúla a bhainistiú ar fud an mhargaidh aonair. Trí ilroinnt sin na gcleachtas maoirseachta, cruthaítear costais bhreise, castacht mhéadaithe agus éiginnteacht dhlíthiúil d’oibreoirí, go háirithe dóibh siúd a bhfuil sé beartaithe acu gnó a dhéanamh agus infheistíocht a dhéanamh ar fud an Aontais. Fágann an éiginnteacht dhlíthiúil agus an míchothrom iomaíochta a chruthaítear dá dheasca sin nach bhfuil an tAontas ina cheann scríbe infheistíochta chomh tarraingteach céanna.
Cuspóirí an togra
Is é is cuspóir ginearálta don tionscnamh seo margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú agus feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais i seirbhísí airgeadais ar son leas infheisteoirí, ghnólachtaí agus gheilleagar an Aontais i gcoitinne. Rannchuidíonn an méid sin le príomhchuspóir an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta rochtain, is é sin go bhféadfaidh infheisteoirí agus gnólachtaí raon níos leithne deiseanna airgeadais a rochtain agus coigilteas a shlógadh ar son infheistiú táirgiúil.
Rannchuideoidh an tionscnamh leis an gcuspóir ginearálta a bhaint amach trí na cuspóirí sonracha seo a leanas.
Comhtháthú breise an mhargaidh agus éifeachtaí scála breise a chumasú
Tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe deireadh a chur le bacainní ar an gcomhtháthú i gcroí-earnálacha na trádála, na hiarthrádála agus na bainistíochta sócmhainní, agus feabhas a chur ar chumas na ngníomhaithe margaidh oibriú ar bhealach níos rianúla ó Bhallstát go chéile, agus ar an gcaoi sin comhtháthú agus scála an mhargaidh a chumasú. Cothóidh sé iomaíocht, á áirithiú go gcuirfear tairbhí a bhaineann le scála ar aghaidh chuig úsáideoirí deiridh go héifeachtach.
Maoirseacht chomhtháite a chumasú
Tá maoirseacht níos éifeachtúla agus níos comhchuibhithe fíor-riachtanach chun margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú. De réir mar a dhéantar dul chun cinn i dtreo comhtháthú níos doimhne sa mhargadh caipitil, tá sé ríthábhachtach go mbeidh forbairt chreat maoirseachta an Aontais céim ar chéim leis sin. Dá bhrí sin, is é is aidhm don tionscnamh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na neamhéifeachtúlachtaí sa chreat maoirseachta atá ann faoi láthair, trí dhul i ngleic le neamhréireachtaí agus castachtaí a eascraíonn as cuir chuige maoirseachta náisiúnta ilroinnte. Tá sé d’aidhm aige maoirseacht a dhéanamh níos éifeachtaí, níos fabhraí do ghníomhaíochtaí trasteorann, agus níos freagrúla do rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus laghdú a dhéanamh ar ualaí nach gá ar ghnólachtaí an tráth céanna. I gcás eintitis mhóra agus trasteorann áirithe i réimsí na trádála agus na hiarthrádála, agus i gcás eintitis i réimsí nua amhail soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, is féidir comhtháthú margaidh agus feidhmiú níos éifeachtúla na margaí caipitil a chur chun cinn trí mhaoirseacht a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais. I gcás grúpaí bainistíochta sócmhainní agus cistí infheistíochta móra, trí chóineasú agus comhordú níos láidre ar mhaoirseacht ar leibhéal an Aontais, cuirfear deireadh le bacainní agus déanfar méadú ar ghníomhaíochtaí trasteorann. Tríd is tríd, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh úsáid agus éifeachtacht na n‑uirlisí maidir le cóineasú maoirseachta atá ag an Údarás Eorpach h um Urrúis agus Margaí (ESMA) a neartú, agus uirlisí nua a thabhairt isteach, agus ar an gcaoi sin tacú le margadh aonair don tseirbhís airgeadais.
An nuálaíocht a éascú
Ar deireadh, is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe deireadh a chur le constaicí rialála ar nuálaíocht atá bunaithe ar Theicneolaíocht mórleabhar dáilte, d’fhonn creat a chruthú chun úsáid na dteicneolaíochtaí nua a chumasú i soláthar na seirbhísí airgeadais. Chun go mbeidh rath ar an nuálaíocht, trí Chóras Píolótach na Teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus an leabhar rialacha caighdeánach in éineacht le chéile, ba cheart an tionscal a bheith in ann Teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid chun réitigh éifeachtúla a thabhairt chuig an margadh, agus a áirithiú go maolófar rioscaí gaolmhara an tráth céanna. Trí dheireadh a chur leis na bacainní sin, is é is aidhm freisin do na leasuithe atá beartaithe méadú a dhéanamh ar an iomaíocht a i réimse na seirbhísí trádála agus iarthrádála, rud a fhágfaidh go mbainfear toradh níos fearr amach ar na margaí agus go bhfeabhsófar éifeachtúlacht an mhargaidh caipitil.
An simpliú a bhaint amach
Leis an athbhreithniú ar chomhaid reachtacha shonracha, tá deis ann dul i mbun simpliú trí ualaí riaracháin a laghdú. Is é is aidhm don phacáiste ceanglais rialála a chuíchóiriú, rud a fhágfaidh go mbeidh gníomhaíochtaí trasteorann níos costéifeachtaí. Saothraítear an simpliú ar roinnt bealaí: forálacha áirithe a aistriú ó threoracha go rialacháin; na féidearthachtaí, chun bearta ‘rórialála’ a fhorchur go náisiúnta, a chúngú; cumhachtuithe Leibhéal 2 a athscagadh; socruithe maoirseachta forluiteacha, costasacha agus neamhéifeachtúla a chuíchóiriú; agus ar bhonn níos ginearálta, deireadh a chur le bacainní atá i gcreataí an Aontais agus i gcreataí náisiúnta d’oibreoirí margaidh agus d’infheisteoirí.
Sa phacáiste um chomhtháthú agus maoirseacht an mhargaidh, tá trí thogra reachtacha, mar atá: tograí le haghaidh Máistir-Rialacháin agus Máistir-Threorach lena leasaítear roinnt píosaí reachtaíochta atá ann cheana maidir le margadh caipitil an Aontais, agus togra le haghaidh Rialacháin maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, lena leasaítear an Treoir maidir le Comhthaobhacht Airgeadais agus lena n‑aisghairtear an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na leasuithe atá beartaithe sa phacáiste seo i gcomhréir leis na forálacha atá ann cheana i réimse na seirbhísí airgeadais. Is é is aidhm dóibh comhtháthú níos láidre a chothú sa mhargadh agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) deireadh a chur le bacainní ar ghníomhaíocht trasteorann agus ar an nuálaíocht, (ii) cóineasú rialála agus maoirseachta a mhéadú; agus (iii) acmhainneacht mhaoirseachta a neartú sna hearnálacha ábhartha. Tá na leasuithe sin i gcomhréir leis na spriocanna atá ann maidir leis an iomaíochta, feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh aonair i seirbhísí airgeadais, agus cur chun cinn na saoirse chun seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais, gan cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh ná cosaint infheisteoirí a chur i mbaol. Áirithítear leis sin go mbeidh margadh airgeadais an Aontais sábháilte agus tarraingteach ar fud an domhain i gcónaí. Trí na leasuithe sin a chur chun feidhme mar phacáiste, is féidir comhsheasmhacht a áirithiú ar fud na reachtaíochta earnála atá faoi athbhreithniú. Rud atáthar ag féachaint a dhéanamh leis na leasuithe atá beartaithe freisin, is é sin aghaidh a thabhairt ar easnaimh agus neamhéifeachtúlachtaí sa chreat maoirseachta atá ann faoi láthair trí dhul i ngleic leis na neamhréireachtaí agus na castachtaí a eascraíonn as cuir chuige maoirseachta náisiúnta ilroinnte.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo i gcomhréir le príomhchuspóir straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, is é sin go bhféadfaidh infheisteoirí agus gnólachtaí raon níos leithne deiseanna airgeadais a rochtain, agus ar an gcaoi sin coigilteas a shlógadh ar son infheistiú táirgiúil. Tá an togra seo idirnasctha le tionscnaimh eile a chuimsítear i straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, mar shampla na tionscnaimh maidir le pinsin, maidir le méadú a dhéanamh ar an rannpháirtíocht sa mhiondíol i margaí caipitil, agus maidir le maoiniú margadhbhunaithe an fhíorgheilleagair. Ceapadh na tionscnaimh sin chun go dtreiseoidh siad a chéile agus chun rannchuidiú leis na spriocanna foriomlána in éineacht le chéile. Bearta eile i straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, amhail an straitéis um litearthacht airgeadais, an moladh maidir le cuntais choigiltis agus infheistíochta, an beart chun infheistíochtaí cothromais a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí chláir reachtacha, agus na bearta maidir le pinsin fhorlíontacha, ní bheidh siad chomh héifeachtach céanna mura gcuirfear deireadh leis na bacainní ar mhargaí caipitil an Aontais a chomhtháthú a thuilleadh agus má leantar de chostais arda a chur ar infheisteoirí agus ar ghnólachtaí de dheasca na mbacainní sin.
Tá an togra i gcomhréir le beartas an Aontais freisin maidir le iomaíochas na hEorpa a fheabhsú, leis an straitéis a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, leis an straitéis um an margadh aonair, le straitéis AE um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, agus leis an Teachtaireacht maidir le ‘Eoraip Níos Simplí agus Níos Tapa’.
Cuirfidh na leasuithe atá beartaithe borradh faoi tharraingteacht mhargaí caipitil an Aontais, rud a chuideoidh le tosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú. Déanfar amhlaidh leis na leasuithe, tríd an méid seo a leanas go háirithe: (i) na rialacha a chomhchuibhiú a thuilleadh; (ii) é a dhéanamh níos éasca d’ionaid trádála, do bhonneagair an mhargaidh airgeadais agus do chistí infheistíochta seirbhísí a oibriú agus a sholáthar thar theorainneacha, agus ar an gcaoi sin costais a laghdú do na rannpháirtithe uile sa mhargadh; agus (iii) a mhéid a bhaineann leis an nuálaíocht, trí áirithiú go mbeidh Córas Píolótach na Teicneolaíochta mórleabhar dáilte, a ceapadh chun tacú le nuálaíocht atá bunaithe ar an Teicneolaíocht mórleabhar dáilte i seirbhísí airgeadais, agus reachtaíocht iarthrádála, fós oiriúnach dá fheidhm ar mhaithe leis an nuálaíocht.
Tá an pacáiste seo i gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin maidir leis an simpliú agus leis an straitéis um an margadh aonair freisin agus ina rannchuidiú leo chomh maith. Déanfar amhlaidh leis an bpacáiste, tríd an méid seo a leanas go háirithe: (i) roinnt de na rialacha is infheidhme maidir leis an trádáil, an iarthrádáil agus cistí infheistíochta a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú; agus (ii) cuid de na ceanglais is infheidhme maidir leis na hearnálacha sin a aistriú ó Threoracha go Rialacháin.
Trí dheireadh a chur le bacainní ar na margaí caipitil a chomhtháthú a thuilleadh, comhlánaíonn na bearta faoin tionscnamh seo tionscnaimh eile de chuid an Aontais, amhail an 28ú córas.
Ar deireadh, tá an tionscnamh seo i gcomhréir le straitéis airgeadais dhigitigh an Choimisiúin, lena dtacaítear le teicneolaíochtaí nua a chur in úsáid i seirbhísí airgeadais, trí na rialacha atá ann cheana a oiriúnú go huaillmhianach chun freastal ar theicneolaíochtaí nua, amhail Teicneolaíocht mórleabhar dáilte.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
Le hAirteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta maidir le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú. Le hAirteagal 114 CFAE, ceadaítear don Aontas bearta a dhéanamh freisin chun na constaicí atá ann cheana ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha a dhíchur agus chun cosc a chur ar theacht chun cinn na gconstaicí sin, lena n‑áirítear na constaicí sin a fhágann go bhfuil sé deacair d’oibreoirí eacnamaíocha, lena n‑áirítear infheisteoirí, leas iomlán a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh.
Is é Airteagal 53(1) CFAE (sean-Airteagal 47(2) CE) an bunús dlí le Treoracha 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE. Is é an tAirteagal sin an bunús dlí iomchuí do na roghanna beartais atá roghnaithe agus do dhearadh sonrach na rialacha maidir le daoine féinfhostaithe a bheith ag gabháil le gníomhaíochtaí agus á seoladh. Úsáidtear é chun idirghabhálaithe airgeadais, agus a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a rialáil.
Leis na feabhsuithe atá beartaithe ar na creataí sin, féachtar leis an margadh a chomhtháthú a thuilleadh sna hearnálacha trádála agus bainistíochta sócmhainní, agus maoirseacht láidir fhoriomlán ar rioscaí cobhsaíochta airgeadais a áirithiú an tráth céanna.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. De réir an phrionsabail sin, ní fhéadfar gníomhaíocht AE a dhéanamh ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach agus na Ballstáit ag feidhmiú astu féin. Tá rialáil seirbhísí infheistíochta, rialacha maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochtaí in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIM) seanbhunaithe ar leibhéal an Aontais.
Glacadh Treoracha 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta, lena saothraítear na cuspóirí, atá ina gcuspóirí trasnáisiúnta go bunúsach, chun deireadh a chur le hilroinnt na margaí, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais agus ardleibhéal cosanta d’infheisteoirí a áirithiú. Ba í an Treoir an ionstraim a roghnaíodh chun cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, tá an togra seo, amhail na Treoracha lena bhféachtar iad a leasú tríd, i gcomhréir iomlán le prionsabal na coimhdeachta.
Maidir leis na bearnaí rialála a líonadh agus na cuspóirí sin a bhaint amach, ní féidir é sin a dhéanamh trí ghníomhaíocht aontaobhach ó na Ballstáit ina n‑aonar sna réimsí a chumhdaítear leis na Treoracha sin. Na dúshláin a eascraíonn as trasuí éagsúil na dTreoracha sna Ballstáit, is dúshláin thrasnáisiúnta iad go bunúsach agus ní féidir iad a réiteach go leormhaith trí iarrachtaí náisiúnta aonaracha agus neamhchomhordaithe. Fágann bearta náisiúnta chun margaí caipitil intíre a fhorbairt go bhfuil an riosca ann go méadófar an ilroinnt in ionad a bheith ag rannchuidiú le margaí náisiúnta a chomhtháthú a thuilleadh in aon mhargadh caipitil mór forbartha amháin. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige ar leibhéal an Aontais chun deireadh a chur leis na bacainní sin, chun soláthar gan uaim a chur chun cinn i leith seirbhísí agus táirgí airgeadais trasteorann agus chun an comhtháthú a éascú ar gá é chun an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach a thabhairt chun cinn.
•Comhréireacht
Leis na leasuithe atá beartaithe, urramaítear prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach maidir le margadh aonair a chur i gcrích i gcás bainistíocht agus trádáil sócmhainní, agus an tsaoirse bunaíochta d’eintitis airgeadais agus gníomhaíochtaí trasteorann agus iomaíocht á gcur chun cinn an tráth céanna, chomh maith le feidhmiú ordúil an mhargaidh aonair a choimirciú.
Tá sé beartaithe leis an tionscnamh seo deireadh a chur leis na bacainní atá roimh ionaid trádála, cuideachtaí bainistíochta GCUInna agus BCIManna. Tá sé d’aidhm go sonrach ag na hathruithe rialála deireadh a chur le bacainní laistigh den mhargadh aonair chun go bhféadfaidh iomaíocht níos mó a bheith ann agus go bhféadfar cur go mór le gnólachtaí atá ann cheana agus gnólachtaí nua a fhorbairt, agus an tráth céanna bainistiú riosca éifeachtach agus cosaint infheisteoirí a áirithiú, lena n‑áirítear trí mhaoirseacht éifeachtach fheabhsaithe. Tá an tionscnamh seo comhréireach toisc nach ndéantar leis ach deireadh a chur le ceanglais atá ar pháirtithe leasmhara, gan ceanglais nua a chur leo.
Is éard atá i gceist leis an bpacáiste athbhreithniú leathan a dhéanamh ar na rialacha maidir le trádáil agus bainistíocht sócmhainní, arb é is cuspóir dó ceanglais maidir le hoibríochtaí gnó a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú, lena n‑áirítear ceanglais áirithe laistigh de ghrúpaí a éascú agus i gcás seirbhísí a sholáthraítear ar bhonn trasteorann, faoi cheadúnas aonair. Gheobhadh cistí infheistíochta rochtain láithreach agus iomlán ar an margadh aonair tar éis dóibh údarú a fháil, agus bheadh grúpaí bainistíochta sócmhainní in ann oibriú ar bhealach níos éifeachtúla thar theorainneacha. Maidir le maoirseacht, is é is aidhm do na leasuithe úsáid agus éifeachtacht na n‑uirlisí agus na gcumhachtaí um chóineasú maoirseachta a neartú, ag díriú ar ESMA agus ar rialachas ESMA. D’aistreofaí cumhachtaí maoirseachta chuig ESMA freisin i gcás na mbonneagar is mó (ionaid trádála). Bheadh ról treisithe ag ESMA freisin maidir le cóineasú maoirseachta a chothú i gcás GCUInna agus cistí infheistíochta malartacha (CIManna) a mhargaítear ar bhonn trasteorann.
Cé go gcruthaítear neamhéifeachtúlachtaí agus ualaí sa mhargadh de dheasca chur i bhfeidhm éagsúil rialacha an Aontais agus difríochtaí idir dlíthe náisiúnta na mBallstát, cuirfear rialacha an Aontais maidir le gníomhaíochtaí trasteorann i bhfeidhm ar bhealach níos comhchuibhithe agus níos comhréirí de thoradh na leasuithe.
•An rogha ionstraime
Leasaítear codanna sonracha de Threoracha 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE leis an togra seo. Is é an cuspóir atá ann rialacha náisiúnta a chomhchuibhiú nó deireadh a chur leo, ar rialacha iad a fhágann go bhfuil an margadh aonair níos ilroinnte, rud a chruthaíonn neamhéifeachtúlachtaí sna margaí lena mbaineann. Tá sé d’aidhm ag an togra na caighdeáin rialála, nach mór do na Ballstáit a thrasuí ina ndlí náisiúnta, a chomhchuibhiú agus a shoiléiriú, rud lena ndéanfar an margadh a chomhtháthú a thuilleadh. Dá bhrí sin, Treoir lena dtugtar isteach na leasuithe riachtanacha ar na Treoracha atá ann cheana lena rialaítear gníomhaíochtaí BCIManna, GCUInna agus an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, is í sin an rogha is iomchuí. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil na leasuithe atá beartaithe ina leasuithe idirnasctha agus ina gcuid d’iarracht pholaitiúil níos leithne chun margadh aonair le haghaidh caipitil a chruthú trí na rialacha a chomhchuibhiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann sna hearnálacha airgeadais atá ina gcnámh droma do mhaoiniú na margaí caipitil. Tá sé ina chuidiú na leasuithe a chomhcheangal i bpacáiste reachtach chun a áirithiú go bhfuil an téacs foriomlán comhsheasmhach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Faoi láthair, níl aon réiteach éifeachtach ann chun soláthar trasteorann seirbhísí a áirithiú sna hearnálacha atá faoi raon feidhme an phacáiste seo nó cuireann rialacha náisiúnta éagsúla isteach ar an soláthar trasteorann sin. Thairis sin, is gá rialacha an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun é a dhéanamh níos éasca seirbhísí airgeadais a sholáthar trí theicneolaíochtaí nua a úsáid, go háirithe Teicneolaíocht mórleabhar dáilte, rud a d’fhéadfadh feabhas a chur ar éifeachtúlacht na margaí caipitil.
Is measa na saincheisteanna sin de dheasca cleachtais mhaoirseachta neamhailínithe agus uirlisí agus cumhachtaí laga ar leibhéal an Aontais maidir le cóineasú maoirseachta. Fágann na bacainní sin go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh, barainneacht scála theoranta, leachtacht laghdaithe i margaí caipitil, costais mhéadaithe ann d’infheisteoirí, rochtain shrianta ar bhonn infheisteoirí níos leithne thar theorainneacha, agus costais chaipitil níos airde ann do chuideachtaí an Aontais, rud a bhaineann an bonn de tháirgiúlacht agus d’iomaíochas gheilleagar an Aontais ar deireadh.
I réimse na trádála, tá timpeallacht trádála an Aontais thíos le heaspa oibriú trasteorann gan uaim sna bonneagair trádála, ar thaobh amháin, agus le heaspa rochtana ag úsáideoirí na mbonneagar sin, go háirithe stocbhróicéirí beaga, ar an taobh eile. Ní aithnítear struchtúir ghrúpa i rialacha na Treorach maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID). Dá dheasca sin, tá níos lú acmhainneachta ag grúpaí acmhainní a leithdháileadh gan bhac agus go héifeachtúil i measc na n‑eintiteas ar cuid den ghrúpa céanna iad. Dá réir sin, laghdaítear an poitéinseal leas a bhaint as barainneacht scála agus cuirtear bac ar chomhtháthú an mhargaidh. Dá bhrí sin, tá gá leis na ceanglais a shimpliú i gcás na n‑eintiteas sin nach mian leo a bheith ag brath ar dheiseanna níos fearr maidir le nós imeachta an phas, agus ar fearr leo leanúint de bheith ag oibriú mar ghrúpa bonneagar trádála.
Sa réimse iarthrádála, i gcás eintitis ar mian leo oibriú thar theorainneacha, tá costais comhlíontachta, oibríochtúla agus oiriúnúcháin nach beag rompu fós de dheasca tírdhreach rialála casta nach bhfuil comhchuibhithe go hiomlán, agus rialacha agus sainiúlachtaí náisiúnta forlíontacha ar minic nach ionann le chéile iad. Tá bacainní rialála roimh ghrúpaí a oibríonn bonneagair trádála ar fud Ballstáit iomadúla: maidir le hacmhainní a leithdháileadh ar an mbealach is fearr agus ní bhíonn siad in ann leas iomlán a bhaint as na sineirgí de thoradh comhdhlúthú dlíthiúil (i.e. cumaisc nó éadálacha). Ina theannta sin, in éagmais córas dea-shainithe maidir le nós imeachta an phas, cruthaítear éiginnteacht d’oibreoirí margaidh maidir le cé acu an féidir leo an bealach breise sin a úsáid chun seirbhísí trasteorann a sholáthar. Dá thoradh sin, níltear ag tapú iomlán na ndeiseanna a chuirtear ar fáil leis an margadh aonair, rud a fhágann go mbíonn torthaí fo-optamacha ann.
Déanann na saincheisteanna sin difear d’úsáideoirí bonneagair freisin toisc nach mbíonn siad in ann a mbealach a dhéanamh trí bhonneagar trádála an Aontais mar chomhthiomsú leachtachta comhtháite aonair, rud a chuireann teorainn lena gcumas oibriú ar fud an Aontais go héifeachtúil agus go héifeachtach. Dá thoradh sin, bíonn costais trádála níos airde roimh infheisteoirí deiridh, go háirithe infheisteoirí miondíola, go háirithe nuair is mian leo infheistíocht a dhéanamh thar theorainneacha, agus coinnítear uathu na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith acu trí na punanna dá gcuid a éagsúlú le raon deiseanna infheistíochta níos leithne. Chun deireadh a chur le bacainní a bhaineann leis an ilroinnt ó thaobh na maoirseachta de, ba cheart na forálacha gaolmhara in MiFID a leasú chun maoirseacht dhíreach a thabhairt isteach ar ionaid trádála áirithe ar leibhéal an Aontais.
Maidir le bainistíocht sócmhainní, rialaítear bainistiú agus margú GCUInna agus CIManna le Treoracha den chuid is mó, lena gceadaítear cumhachtaí lánroghnacha náisiúnta (discréidí) i mórán réimsí. Dá thoradh sin, cé go ndéantar foráil i reachtaíocht infheidhme an Aontais maidir le seirbhísí a bheith faoi nós imeachta an phas, fágann meascán ceanglas agus cleachtas náisiúnta go bhfuil sé an-deacair fós an bealach a dhéanamh trí mhargú agus bainistiú an phas aonair. De dheasca cleachtais náisiúnta agus ceanglais riaracháin éagsúla sa phróiseas údarúcháin, cruthaítear constaicí freisin ar fhíormhargadh aonair a fhorbairt i gcás GCUInna, cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna. Ina theannta sin, fágann Treoir 2011/61/AE agus Treoir 2009/65/CE, gur féidir le CIManna agus do GCUInna san Aontas rochtain theoranta thrasteorann a fháil ar sheirbhísí taisclainne, rud a fhágann go n‑ilroinntear na margaí agus tionchar ar leith aige sin ar na Ballstáit bheaga. Faoin gcreat atá ann faoi láthair, ní cheadaítear do GCUInna taisclann a cheapadh i mBallstát seachas a mBallstát baile, ach ceadaítear do BCIManna taisclann a cheapadh i mBallstát seachas Ballstát an chiste infheistíochta malartaí atá á bhainistiú acu faoi choinníollacha dochta agus i gcás ina bhfuil CIM i margadh ina bhfuil seirbhísí taisclainne neamhleora. Cé go raibh sé d’aidhm ag an gceanglas tosaigh maidir le taisclann intíre a cheapadh go n‑áiritheofaí maoirseacht rialála láidir agus cosaint láidir d’infheisteoirí, cruthaíodh roinnt dúshlán dá bharr a dhéanann dochar d’fheidhmiú agus d’iomaíochas mhargadh CIM agus GCUI ar fud an Aontais, rud a d’fhág go bhfuil táillí níos airde, cáilíocht na seirbhíse níos ísle agus an éifeachtúlacht oibríochtúil laghdaithe.
Thairis sin, sa chreat rialála atá ann faoi láthair, ní aithnítear an struchtúr grúpa i gcás cuideachtaí bainistíochta sócmhainní, rud a chuireann iallach ar gach cuideachta bainistíochta aonair nó bainisteoir aonair cistí infheistíochta malartacha an ceanglas eagraíochtúil a chomhlíonadh ar leithligh. Ina theannta sin, caitear le tarmligean inghrúpa na bhfeidhmeanna mar an gcéanna leis an tarmligean tríú páirtí, rud lena gcuirtear de cheangal ar chuideachtaí bainistíochta agus ar BCIManna gníomhaíochtaí díchill chuí, faireacháin agus formhaoirseachta a dhéanamh fiú agus iad ag tarmligean laistigh den ghrúpa céanna. Rannchuidíonn na saincheisteanna sin uile le GCUInna agus CIManna a chomhchruinniú i ndornán Ballstát ina bhfuil earnálacha airgeadais móra aibí, agus cuirtear teorainn le fás thionscal na gcistí i mBallstáit eile an tráth céanna.
Ar deireadh, leis na creataí atá ann faoi láthair, ní cheadaítear do ESMA rannchuidiú go héifeachtach le dul i ngleic le cleachtais maoirseachta náisiúnta éagsúla ná le heasaontais idir údaráis inniúla náisiúnta a réiteach a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann i leith cistí infheistíochta, bainisteoirí sócmhainní agus grúpaí bainistíochta sócmhainní, rud a fhágann go bhfuil samhlacha maoirseachta ilroinnte agus comhar teoranta ann idir na húdaráis náisiúnta. Dá thoradh sin, baineann na creataí atá ann faoi láthair an bonn de chuspóirí an mhargaidh aonair trí éagothromaíochtaí geografacha a bhuanú agus trí bhac a chur ar chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais. Chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní atá nasctha le hilroinnt mhargaí na gcistí infheistíochta, ba cheart na forálacha gaolmhara i dTreoir 2011/61/AE agus i dTreoir 2009/65/CE a leasú chun deireadh a chur leis na bacainní thuasluaite, chun margadh níos comhtháite a chruthú agus chun ról ESMA a neartú maidir le cóineasú maoirseachta a chothú.
Maidir le maoirseacht, tá dhá phríomh-shaincheist ann. Ar an gcéad dul síos, déantar maoirseacht ar eintitis airgeadais ar an leibhéal náisiúnta den chuid is mó. Fágann sé sin go bhfuil timpeallacht maoirseachta ilroinnte ann a chruthaíonn bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann de dheasca dlí an Aontais a bheith á chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla agus cleachtais, cuir chuige agus ceanglais maoirseachta éagsúla. Trí ghníomhartha forfheidhmiúcháin, amhail sáruithe, is féidir aghaidh a thabhairt ar chásanna sonracha neamhchomhlíontachta, agus is é is aidhm d’athbhreithnithe piaraí an cóineasú maoirseachta a mhéadú, ach ní leormhaith iad chun na cleachtais maoirseachta éagsúla fholuiteacha a réiteach. Ar an dara dul síos, tá cumhachtaí agus uirlisí teoranta ag an Aontas chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a fhorfheidhmiú i leith rialacha an Aontais agus chun cur chuige aontaithe a ghlacadh maidir le maoirseacht ar an margadh aonair. Tá úsáid na n‑uirlisí maidir le cóineasú maoirseachta treallach i gcónaí. Tá teorainneacha ag baint leo, ní úsáidtear go comhsheasmhach iad agus d’fhéadfaidís a bheith deacair a úsáid mar gheall ar shrianta nós imeachta agus easpa in-fhorfheidhmitheachta.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Cuidiú a bhí sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin seo a leanas ó thaobh ábhar an togra seo a mhúnlú:
·European Commission Call for evidence on the Savings and Investments Union: Fostering integration and scale and more efficient supervision in EU capital markets [An Coimisiún Eorpach Glao ar fhianaise maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta: Comhtháthú agus scála a chothú mar aon le maoirseacht níos éifeachtúla i margaí caipitil an Aontais], ón 8 Bealtaine go dtí an 5 Meitheamh 2025;
·Comhairliúchán spriocdhírithe ón gCoimisiún Eorpach maidir le ‘Margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú’ ón 15 Aibreán go dtí an 10 Meitheamh 2025.
Fuarthas 53 fhreagra de thoradh an ghlao ar fhianaise ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Comhlachais ghnó a bhí i gceist leis an ngrúpa is mó, agus tháinig 62,3 % de na freagairtí uathu sin, lena ndearnadh ionadaíocht ar na tionscail infheistíochta, baincéireachta agus bainistíochta sócmhainní. Tháinig 20,8 % de freagairtí ó chuideachtaí agus gnólachtaí, ón earnáil airgeadais go príomha. Is ó dhaoine aonair den phobal a tháinig 9,4 % de na freagairtí, agus maidir le catagóirí eile, lena n‑áirítear comhlachais tráchtála, comhlachais ghairmiúla agus gnólachtaí comhairleacha, is uathu a tháinig 5,7 %, agus 1,9 % ó eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna).
Is é ba chuspóir don ghlao ar fhianaise (i) tuairimí a bhailiú ó na páirtithe leasmhara maidir le bacainní a chuireann cosc ar bhonneagair trádála agus iarthrádála an Aontais leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le margadh aonair atá saoráideach i ndáiríre; (ii) scrúdú a dhéanamh an bhfuil an socrú rialála agus maoirseachta atá ann faoi láthair oiriúnach do na margaí caipitil agus go háirithe d’oibreoirí margaidh a bhfuil gníomhaíochtaí láidre trasteorann acu nó atá ag feidhmiú in earnálacha nua nó in earnálacha atá ag teacht chun cinn; agus (iii) athbhreithniú a dhéanamh ar bhosca uirlisí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar réimsí inar féidir a éifeachtacht agus a éifeachtúlacht a neartú agus feabhas a chur ar an éifeachtacht agus éifeachtúlacht sin.
Sna grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla uile, bhí comhaontú ginearálta ann maidir leis an ngá atá le margaí caipitil níos comhtháite agus le cóineasú maoirseachta feabhsaithe. Bhí glao comhchoiteann ag gabháil leis sin ar an simpliú, ar an gcomhréireacht agus ar an deimhneacht dhlíthiúil. D’aithin páirtithe leasmhara go forleathan go bhfeabhsófaí iomaíochas na hEorpa, go gcuirfí feabhas ar an rochtain ar mhaoiniú, agus go leathnófaí deiseanna infheistíochta ach éiceachóras airgeadais níos comhtháite agus níos éifeachtúla a bheith ann. Mar sin féin, chuir siad i bhfios go láidir nach mór na hathchóirithe a bheith cothrom, trédhearcach agus cuimsitheach i gcónaí, agus tairbhí coincréiteacha do shaoránaigh agus don fhíorgheilleagar a léiriú. Bhí éagsúlacht nach beag ann i measc na bpáirtithe leasmhara maidir leis an leibhéal tacaíochta ar son maoirseacht a lárú ar leibhéal an Aontais. Go hiondúil, b’fhearr le comhlachais ghnó agus le cuideachtaí dul chun cinn incriminteach a dhéanamh laistigh den struchtúr institiúideach atá ann faoi láthair, agus bhí ENRanna agus daoine áirithe den phobal i bhfabhar maoirseacht níos láidre ar leibhéal an Aontais chun comhsheasmhacht agus cuntasacht a áirithiú.
Sa bhreis ar an nglao ar fhianaise, bailíodh tuairimí ó ghrúpa leathan páirtithe leasmhara maidir le gnéithe éagsúla de mhargaí caipitil an Aontais sa chomhairliúchán spriocdhírithe maidir le ‘Margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú’. Rinneadh an ceistneoir ar líne a struchtúrú ina dhá chuid. I gCuid 1 cumhdaíodh creat rialála an Aontais a shimpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach a bhaineann leis sna hearnálacha trádála, iarthrádála agus bainistíochta sócmhainní, chomh maith le bacainní ar oibríochtaí trasteorann sa spás trádála agus ar dhoimhniú na leachtachta i margaí caipitil an Aontais, agus bacainní ar sholáthairtí trasteorann seirbhísí iarthrádála. I gCuid 2, cuimsíodh ceisteanna maidir leis an méid seo a leanas: bacainní trasearnála sna hearnálacha trádála agus iarthrádála (e.g. bacainní a bhaineann leis an nuálaíocht, sineirgí grúpa, ionstraimí airgeadais a eisiúint); bacainní ar sholáthar trasteorann seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus cistí infheistíochta; agus bacainní atá nasctha le maoirseacht go sonrach.
San iomlán, thug 297 bpáirtí leasmhar freagra ar an gcomhairliúchán spriocdhírithe trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Tháinig formhór na n‑aighneachtaí ó chomhlachais ghnó (31 %) agus ó chuideachtaí nó eintitis ghnó (27 %), agus ina dhiaidh sin ó údaráis phoiblí (12 %). Fuarthas ionchur breise ó eagraíochtaí neamhrialtasacha (4 %), ó shaoránaigh an Aontais (3 %), ó cheardchumainn (2 %), agus ó aon eagraíocht amháin ar son tomhaltóirí. Dá bhrí sin, mheall an comhairliúchán raon ilghnéitheach freagróirí ón tionscal, lena n‑áirítear rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachais ionadaíocha agus údaráis phoiblí.
I gcomhthráth leis sin, tionóladh cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara roghnaithe chun ionchur breise a bhailiú agus chun iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar ábhair imní shonracha. Thug an Coimisiún gnéithe éagsúla den athbhreithniú isteach freisin ag cruinniú le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó ataiséanna seirbhísí airgeadais na mBallstát i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2025.
Measadh torthaí an ghlao ar fhianaise agus an chomhairliúcháin spriocdhírithe sa togra agus d’fhéach an Coimisiún le leasanna difriúla na bpáirtithe leasmhara a cuireadh in iúl a chur san áireamh. Rinneadh scrúdú ar na réimsí ba mhó inar shainaithin freagróirí go bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh agus cuireadh san áireamh sa togra iad. Áirítear orthu sin glaonna ar chreat rialála níos comhréirí, níos simplí agus níos comhchuibhithe a bheith ann lena laghdaítear ualaí agus lena ndíchuirtear bacainní i réimsí na trádála, na hiarthrádála agus dháileadh trasteorann na gcistí infheistíochta, agus lena méadaítear éifeachtúlacht agus cóineasú na maoirseachta ar eintitis airgeadais chomh maith.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Agus an tionscnamh seo á ullmhú aige, cheadaigh an Coimisiún roinnt staidéar agus foinsí faisnéise. I mí Mheán Fómhair 2024, d’eagraigh an Coimisiún plé comhchéime maidir leis an gcomhdhlúthú in earnáil na gcistí infheistíochta agus sa bhonneagar trádála agus iarthrádála le páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí, agus le saineolaithe sna hearnálacha sin. Tá for-rochtain dhéthaobhach ar leithligh eagraithe ag an gCoimisiún freisin do phríomhpháirtithe leasmhara chomh maith le ceardlanna leis an tionscal. Rinneadh tagairt do na staidéir a úsáideadh chun an togra seo a ullmhú sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo agus ina ndéantar doiciméadú ar na bacainní a bhfuiltear ag féachaint aghaidh a thabhairt orthu leis an bpacáiste seo.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir leis an mbeartas um Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna malartacha beartais. De bhreis ar an rogha gan aon ghníomhaíocht AE a dhéanamh (Cás bunlíne – Rogha 1), sainaithníodh dhá phacáiste de roghanna beartais ar bhonn glao ar fhianaise, comhairliúcháin spriocdhírithe, rannpháirteachas eile le páirtithe leasmhara, staidéar ar an gcomhdhlúthú agus ar laghdú a dhéanamh ar an ilroinnt i mbonneagair thrádála agus iarthrádála san Eoraip, staidéar ar bhacainní ar a bheith ag cur go mór le cistí a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí nuálacha agus fáis, agus ar na nithe a spreagann an t‑uas-scálú sin, léirbhreithnithe ar an litríochta, agus tionscnaimh agus tuarascálacha a bhí ann roimhe ina ndearnadh doiciméadú ar na bacainní is mó atá ann le roinnt blianta cheana ar chomhtháthú mhargaí caipitil an Aontais agus nár tugadh aghaidh orthu go hiomlán fós.
Rogha 1, sin í an rogha bhunlíne gan aon rud ar bith a dhéanamh. Is éard atá i gceist le Rogha 2 léirbhreithniú leathan a dhéanamh ar na leabhair rialacha trádála, iarthrádála agus bainistíochta sócmhainní chun ceanglais maidir le hoibríochtaí gnó a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú, lena n‑áirítear ceanglais áirithe laistigh de ghrúpaí a éascú agus i gcás seirbhísí a sholáthraítear ar bhonn trasteorann, faoi cheadúnas aonair. I réimse na socraíochta, chuirfí feabhas freisin ar idircheangailteacht idir taisclanna lárnacha urrús (CSDanna). Chuimseofaí leasuithe i Rogha 2 ar reachtaíocht iarthrádála freisin chun í a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de, chomh maith le leasuithe ar Chóras Píolótach na Teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLTPR) chun a raon feidhme agus a scála a leathnú. Gheobhadh cistí infheistíochta rochtain láithreach agus iomlán ar an margadh aonair tar éis dóibh údarú a fháil, agus bheadh grúpaí bainistíochta sócmhainní in ann oibriú ar bhealach níos éifeachtúla thar theorainneacha. Maidir le maoirseacht, is é is aidhm do Rogha 2 úsáid agus éifeachtacht na n‑uirlisí agus na gcumhachtaí um chóineasú maoirseachta a neartú, ag díriú ar na hÚdaráis Eorpacha um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus ar rialachas ESMA. Is éard atá i gceist leis an rogha sin freisin cumhachtaí maoirseachta a aistriú chuig ESMA i gcás na mbonneagar is mó (contrapháirtithe lárnacha, CSDanna agus ionaid trádála) agus i gcás na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (SSCSanna), agus go mbeadh ESMA ag comhordú na maoirseachta ar bhainisteoirí sócmhainní agus cistí infheistíochta móra.
Le Rogha 3, táthar ag tógáil ar Rogha 2 ach tá sí níos forleithne, agus eilimintí breise i gceist chun margadh comhtháite a bhunú, amhail, mar shampla, nasc éigeantach idir ionaid trádála mhóra, sainordú a thabhairt go mbeadh naisc ann idir CSDanna, údarú ar leibhéal grúpa a chruthú i gcás bainisteoirí sócmhainní, solúbthacht iomlán in DLTPR, maoirseacht dhíreach ag ESMA ar na bonneagair, bainisteoirí sócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní uile.
Déantar measúnú san anailís ar na roghanna maidir le trí chuspóir: (i) comhtháthú breise an mhargaidh agus éifeachtaí scála breise a chumasú; (ii) maoirseacht chomhtháite a chumasú; agus (iii) an nuálaíocht a éascú. Léiríonn sé go mbeadh costais níos airde i gceist leis na heilimintí breise i Rogha 3 i gcás na n‑earnálacha agus na maoirseoirí, costais a bheadh níos mó ná na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, níl an rogha sin chomh comhleanúnach céanna le tionscnaimh bheartais eile de chuid an Aontais agus d’fhéadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe a bheith aici ar an iomaíocht agus ar rioscaí cobhsaíochta airgeadais.
Is é conclúid an mheasúnaithe gurb í Rogha 2 an pacáiste beartais ab fhearr toisc go soláthraíonn an pacáiste tairbhí nach beag ó thaobh an chomhtháthaithe de agus go bhfuil sé fós comhréireach i dtéarmaí costas agus na coimhdeachta. In éineacht le comhchuibhiú forleathan a dhéanamh ar na ceanglais sna creataí ábhartha trádála, iarthrádála agus bainistíochta sócmhainní, cuireann an pacáiste deireadh le bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann, agus uirlisí agus cumhachtaí níos láidre ann maidir le cóineasú maoirseachta agus maoirseacht ar leibhéal an Aontais ar na bonneagair is mó. Treisíonn na gnéithe sin a chéile. Trí chomhchuibhiú na rialacha sa phacáiste sin, d’éascófaí aistriú na maoirseachta ar oibreoirí agus ar mhargaí áirithe chuig leibhéal an Aontais agus, i gcás SSCSanna, i gcás na n‑eintiteas uile, agus bheifí in ann an leabhar rialacha aonair a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.
Trí dheireadh a chur le bacainní rialála míchuí ar an gcomhtháthú, d’éascódh na bearta faoin rogha sin ualaí rialála agus castacht oibríochtúil, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an éifeachtúlacht a bheadh i gceist le seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha agus comhtháthú an mhargaidh a chothú. Is ar bhonneagair agus ar údaráis náisiúnta go príomha a thitfeadh na costais leis na bearta a chur chun feidhme. Bheadh acmhainní móra agus forbairt nach beag riachtanach ar an mbonneagar ag ESMA leis an rogha sin, agus is le táillí a mhaoineofaí an chuid is mó de. Ach tá coinne leis gur mó ná na costais sin uile na gnóthachain éifeachtúlachta agus an simpliú a bheadh ann sa mheántéarma. Laghdódh an tionscnamh an éiginnteacht dhlíthiúil d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí, d’ísleodh sé costais comhlíontachta agus chuirfeadh sé feabhas ar an intuarthacht. Dá mbeadh solúbthacht mhéadaithe i Córas Píolótach na Teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus dá ndéanfaí athruithe ar reachtaíocht earnálach chun í a dhéanamh níos comhoiriúnaí le Teicneolaíocht mórleabhar dáilte, bheadh spreagadh níos mó ann chun an teicneolaíocht sin a ghlacadh. Dá mbeadh cóineasú maoirseachta níos láidre agus creat maoirseachta níos comhtháite ann, bhainfí cothrom iomaíochta amach, chuirfí teorainn le harbatráiste rialála agus laghdófaí an t‑ualach riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann.
Éascóidh an tionscnamh rochtain na n‑infheisteoirí ar raon leathan deiseanna infheistíochta agus cuirfidh sé ar a gcumas do chuideachtaí caipiteal a thiomsú thar theorainneacha, lena n‑áirítear FBManna. Dá bhrí sin, rannchuideodh sé le feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanaimid caipiteal a shlógadh san Eoraip agus fágfaidh sé go mbeidh an t‑éiceachóras maoiniúcháin ceart in ann teacht chun cinn chun tacú le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos láidre agus níos iomaíche.
D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála measúnú dearfach ar an measúnú tionchair tar éis dó tuairim dhiúltach a thabhairt ar an gcéad dul síos. Chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha a tharraing an Bord anuas, rinneadh athbhreithniú ar an measúnú tionchair chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) soiléiriú a dhéanamh ar an réasúnaíocht is bun le raon feidhme an tionscnaimh chomh maith lena ról laistigh de straitéis níos leithne an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, lena n‑áirítear a idirghníomhú le tionscnaimh eile; (ii) na ranna maidir le sainiú na faidhbe agus cúiseanna na faidhbe a chuíchóiriú; (iii) feabhas a chur ar na mínithe a bhaineann le nuálaíocht atá bunaithe ar an Teicneolaíocht mórleabhar dáilte; (iv) an loighic idirghabhála agus na cuspóirí a shoiléiriú. Rinneadh athbhreithniú ar an téacs freisin chun an anailís ar mhéid na bhfadhbanna a neartú, ar bhonn ionchuir chainníochtúla bhreise a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus ar bhonn staidéir eile atá ann cheana, chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar chostais/tairbhí. Tá an téacs níos trédhearcaí freisin maidir leis an teorainn ar infhaighteacht na sonraí agus tosca atá lasmuigh den raon feidhme agus a fhágann nach féidir samhaltú láidir iomlán a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí. Tugadh léiriú níos cuimsithí ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara tríd an téacs freisin, agus is fearr a cuimsíodh tionchar na mbeart atá beartaithe ar ghrúpaí páirtithe leasmhara difriúla.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leis na bearta atá beartaithe, éascófar ualaí rialála agus castacht oibríochtúil, rud a fhágfaidh go mbeidh an soláthar trasteorann seirbhísí níos éifeachtúla agus go gcothófar comhtháthú an mhargaidh. Is ar bhonneagair agus ar údaráis náisiúnta go príomha a thitfidh na costais leis na bearta a chur chun feidhme. Beidh gá ag ESMA le hacmhainní móra agus forbairt nach beag ar an mbonneagar freisin. Ach tá coinne leis gur mó ná na costais sin uile na gnóthachain éifeachtúlachta agus an simpliú a bheadh ann sa mheántéarma. Laghdóidh an tionscnamh an éiginnteacht dhlíthiúil d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí, ísleoidh sé costais chomhlíontachta agus cuirfidh sé feabhas ar an intuarthacht. Dá mbeadh solúbthacht mhéadaithe i Córas Píolótach na Teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus dá ndéanfaí athruithe ar reachtaíocht earnálach chun í a dhéanamh níos comhoiriúnaí le Teicneolaíocht mórleabhar dáilte, beidh spreagadh níos mó ann chun an teicneolaíocht sin a ghlacadh. Trí chóineasú maoirseachta níos láidre agus creat maoirseachta níos comhtháite, bainfear cothrom iomaíochta amach agus laghdófar an t‑ualach riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann. Bainfear an simpliú amach ar roinnt bealaí: forálacha áirithe a aistriú ó threoracha go rialacháin; na féidearthachtaí, chun bearta ‘rórialála’ a fhorchur go náisiúnta, a dhíchur; socruithe maoirseachta forluiteacha, costasacha agus neamhéifeachtúla a chuíchóiriú; agus ar bhonn níos ginearálta deireadh a chur le bacainní i gcreataí an Aontais agus sna creataí náisiúnta d’oibreoirí margaidh agus d’infheisteoirí. D’fhonn an creat rialála a shimpliú agus ualaí rialála agus riaracháin a laghdú, déanann an togra seo cumhachtuithe Leibhéal 2 a athscagadh trí chumhachtuithe a scriosadh agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n‑áirítear na cumhachtuithe sin a measadh, tar éis na gcomhairliúchán le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha, a bheith ina gcumhachtuithe nach bhfuil fíor-riachtanach d’fheidhmiú éifeachtach na bhforálacha comhfhreagracha sna bunghníomhartha. Thairis sin, tá iarracht déanta ag an gCoimisiún, sa togra seo, teorainn a chur leis an líon cumhachtuithe nua ar Leibhéal 2, a mhéid is féidir. •
Cearta bunúsacha
Urramaítear sa togra seo cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát (Airteagal 15(2), an tsaoirse fiontraíochta (Airteagal 16), an ceart chun maoine (Airteagal 17), rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta chun an comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn laistigh den Aontas (Airteagal 36) agus cosaint tomhaltóirí (Airteagal 38).
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Mínítear tionchar airgeadais agus buiséadach an phacáiste seo, lena n‑áirítear an Mháistir-Treoir, go mion sa ráiteas reachtach agus airgeadais atá i gceangal leis an Máistir-Rialachán.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí sonracha a bhaint amach ar bhonn an liosta nach bhfuil uileghabhálach de tháscairí a liostaítear i Roinn 9 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo. Díríonn an liosta ar na táscairí de réir earnála, ach déanfar faireachán ar tháscairí níos leithne freisin chun an tionchar níos leithne ar an margadh a thomhas, fiú mura féidir iad sin a chur i leith an tionscnaimh seo ar bhealach chomh díreach céanna leis na táscairí eile. Cuimsítear leis na táscairí sin bearta lena ndéantar measúnú ar an rochtain ar chaipiteal agus ar struchtúir maoiniúcháin chorparáidigh nó ar leibhéal rannpháirtíochta na n‑infheisteoirí miondíola sa mhargadh caipitil.
Is tosaíocht don Choimisiún é meastóireacht ex-post a dhéanamh ar na bearta reachtacha nua uile. Déanfaidh ranna an Choimisiúin athbhreithniú ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an tionscnaimh seo agus an ionstraim dlí tagtha i bhfeidhm. Tar éis 5 bliana, déanfaidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht eile ar na leasuithe atá sa togra seo, i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Meastar nach bhfuil gá le haon doiciméad míniúcháin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá trí phríomhroinn sa Treoir leasaitheach seo ina ndéantar tagairt do na Treoracha difriúla atá le leasú. In Airteagal 1 den togra, tá leasuithe ar Threoir 2009/65/CE (UCITSD). In Airteagal 2, tá leasuithe ar Threoir 2011/61/AE (AIFMD) in Airteagal 3, agus tá leasuithe ar Threoir 2014/65/AE (MiFID II). Mínítear sa mheabhrán míniúcháin seo na leasuithe atá beartaithe i gcás gach topaic ar fud na dTreoracha difriúla lena mbaineann.
Airteagail 1 agus 2 — Leasuithe ar GCUI agus an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFMD)
In Airteagail 1 agus 2, tathruithe beartaithe ag an gCoimisiún ar Threoir 2009/65/CE agus ar Threoir 2011/61/AE, agus é d’aidhm aige deireadh a chur le bacainní ar oibríochtaí trasteorann na mbainisteoirí cistí agus a ngrúpaí AE, discréidí náisiúnta a dhíchur ar discréidí iad a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh ceanglais náisiúnta agus cleachtais maoirseachta éagsúla ann, pas taisclainne uile-Aontais a chur chun feidhme agus cumhachtaí ESMA a neartú chun cultúr maoirseachta coiteann a chothú agus gníomhaíochtaí a chomhordú ar bhealach níos fearr i measc na n‑údarás inniúil náisiúnta.
Nósanna imeachta um údarú a chomhchuibhiú
Leasaítear Airteagal 5(6) de Threoir 2009/65/CE chun soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme agus ar uainiú an fhógra maidir le hathruithe ábhartha ar na coinníollacha a bhaineann le húdarú tosaigh an ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI). Leasaítear Airteagal 5(8) de Threoir 2009/65/CE freisin chun ESMA a chumhachtú leis an oibleagáid dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nósanna imeachta, na hamlínte, na foirmeacha agus na teimpléid a shonrú maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear mar chuid d’údarú GCUI.
Leasaítear Airteagal 7(6) agus (7) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 7(6) agus 29(5) agus (6) de Threoir 2009/65/CE chun deireadh a chur le ceanglais agus nósanna imeachta náisiúnta éagsúla in údarú na mbainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) agus na gcuideachtaí bainistíochta. Déantar é sin trí shainordú a thabhairt do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le soláthar do na húdaráis inniúla náisiúnta a shonrú, chomh maith leis an bhformáid, an teimpléad agus na nósanna imeachta chun an fhaisnéis sin a sholáthar.
Grúpaí AE de chuid cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna
Forlíontar Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE chun an coincheap a thabhairt isteach maidir le grúpa AE de chuid cuideachtaí bainistíochta nó BCIManna, lena gcuimseofar cuideachtaí bainistíochta údaraithe, BCIManna, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta. Sa chomhthéacs céanna, forlíontar Airteagal 7(2) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 7(1) de Threoir 2009/65/CE chun a shoiléiriú gur féidir le BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta a léiriú, tráth an údaraithe, go mbaineann siad úsáid as acmhainní daonna agus teicniúla eintiteas eile laistigh den ghrúpa AE céanna agus nach bhfuil sé de cheangal orthu a thuilleadh faisnéis a sholáthar maidir le tarmligean agus fo-tharmligean na bhfeidhmeanna chuig eintitis AE eile de chuid an ghrúpa sin. Thairis sin, forlíontar Airteagal 20 de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 13 de Threoir 2009/65/CE chun a shoiléiriú, i gcás ina mbraitheann BCIM nó cuideachta bhainistíochta ar eintitis AE eile laistigh dá ngrúpa AE chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh, nach gcáileofar socruithe den sórt sin mar tharmligean agus nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas maidir le tarmligean na bhfeidhmeanna, seachas an ceanglas údaráis inniúla Bhallstát baile BCIM nó na cuideachta bainistíochta a chur ar an eolas go cuí go bhfuil feidhmeanna nó seirbhísí á bhfeidhmiú ag eintitis eile laistigh den ghrúpa AE.
Discréidí náisiúnta a dhíchur
Leasaítear Airteagail 6(4), 7(2), 9(6), 21(3), 22(2) agus 29(2) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagail 6(3), 7(1), 29(1), 39(6), 45(2), 51(2) agus (3), 52(2) go (5), 53(1), 54(1), 55(1), agus (2), 56(3), 57(1), 69(2) agus (4) agus 83(2) de Threoir 2009/65/CE chun deireadh a chur le discréidí náisiúnta lena gceadaítear do na Ballstáit príomhrialacha a léirmhíniú, a fhorlíonadh, nó maolú orthu agus lena bhforchuirtear bacainní ar fhorbairt an Mhargaidh Aonair. Ar an gcaoi chéanna, leasaítear Airteagail 12(1) agus (3) agus 18(1) agus (2) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagail 12(1) agus (3), 14(1) agus (2) agus 31 de Threoir 2009/65/CE chun a áirithiú go gcuirtear rialacha iompair agus rialacha stuamachta comhchuibhithe maidir le BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta i bhfeidhm ar fud an Aontais.
Simpliú na n‑oibleagáidí maidir le nochtadh i gcás lipéid bhána
Leasaítear Airteagal 14(2a) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 14 (2a) de Threoir 2009/65/CE chun na hoibleagáidí maidir le nochtadh atá ar BCIManna agus ar chuideachtaí bainistíochta a shimpliú, ar BCIManna agus cuideachtaí iad a bhainistíonn GCUInna nó CIManna nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a bhainistiú ar thionscnamh tríú páirtí. In ionad faisnéis agus fianaise mhionsonraithe a nochtadh go gníomhach, leis an athrú atá beartaithe, cuirfear de cheangal ar BCIManna agus ar chuideachtaí bainistíochta anois an caidreamh sin a nochtadh d’údaráis inniúla a mBallstáit baile tráth an údaraithe agus a bheith i riocht a léiriú dóibh arna iarraidh sin go bhfuil na bearta réasúnacha uile déanta acu chun coimhlintí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu nó, i gcás inarb infheidhme, iad a nochtadh.
An pas bainistíochta a bharrfheabhsú i gcás cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna
Leasaítear Airteagal 17(3) agus Airteagal 18(2) de Threoir 2009/65/CE chun laghdú go mí amháin agus 15 lá faoi seach a dhéanamh ar an tréimhse faoinar cheart d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta an fhaisnéis a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta, a mhéid a bhaineann le rún na cuideachta bainistíochta oibriú i gcríoch an Bhallstáit óstaigh agus brainse a bhunú nó dá uireasa. Ar an gcaoi chéanna, leasaítear Airteagal 17(3) de Threoir 2009/65/CE chun laghdú go mí amháin a dhéanamh ar an tréimhse a bheadh ar fáil d’údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta chun ullmhú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha ag an gcuideachta bainistíochta, i leith na rialacha a bhfuil na húdaráis sin freagrach astu. Leasaítear an dá Airteagal chun a shoiléiriú nár cheart don Bhallstát óstach aon cheanglas breise a fhorchur ar na cuideachtaí bainistíochta atá ag oibriú ina chríoch.
Pas taisclainne de chuid an Aontais a thabhairt isteach
Leasaítear Airteagal 21(5) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 23(1) de Threoir 2009/65/CE chun pas taisclann de chuid an Aontais a bhunú, lena gcuirfear ar a gcumas do BCIManna agus GCUInna taisclann a cheapadh arna lonnú in aon áit laistigh den Aontas agus lena gceadófar do thaisclanna a seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasteorann. Beidh feidhm ag pas taisclainne den sórt sin maidir le taisclanna atá údaraithe mar institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta agus a thairbhíonn de phas de chuid an Aontais cheana féin faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE, faoi seach.
Coigeartuithe ar theorainneacha infheistíochta GCUI
Leasaítear Airteagal 56(2) de Threoir 2009/65/CE chun an teorainn 10 % atá ann faoi láthair ar urrús fiachais arna eisiúint ag eintiteas aonair a mhéadú go 15 % i gcás GCUInna a dhéanann infheistíocht in urrúsuithe arna n‑eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2402, agus aitheantas á thabhairt dá saintréithe ar leith agus dá gcoimircí rialála. Ina theannta sin, leasaítear Airteagal 53(1) de Threoir 2009/65/CE chun síneadh a chur leis an uasteorainn eisitheora 20 % is infheidhme faoi láthair maidir le GCUInna rianúcháin chun go gcuimseofar GCUInna atá á mbainistiú faoi threoir innéacs atá aitheanta ag ESMA.
Deireadh a chur leis an oibleagáid faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas i gcás Gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna)
Ós rud é go bhfuil sé de cheangal cheana féin ar chuideachtaí bainistíochta GCUInna agus ar chuideachtaí infheistíochta a bhainistíonn GCUInna a ndéantar a mhargú d’infheisteoirí miondíola doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas agus a chur ar fáil d’infheisteoirí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, baintear amach Caibidil IX, Roinn 3 de Threoir 2009/65/CE, lena gcuirtear de cheangal ar chuideachtaí bainistíochta GCUInna faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas d’infheisteoirí.
Rialacha maidir le margaíocht trasteorann a aistriú chuig Rialachán (AE) 2019/1156
Déantar Airteagail 30a, 31, 32 agus 32a de Threoir 2011/61/AE agus Caibidil XI de Threoir 2009/65/CE lena rialaítear margaíocht ar CIManna AE arna mbainistiú ag BCIManna AE agus ar GCUInna ar fud an Aontais a scriosadh agus a aistriú go Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta a éascú. I gcomhthráth leis sin, leasaítear Airteagal 45 de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 97(3), 98(3) agus (4) agus 108 de Threoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí Bhallstáit óstacha na mbainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus na ngnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe vis-a-vis na CIManna agus na GCUInna sin a mhargaítear ina gcríocha, agus déantar forálacha a bhaineann le cumhachtaí den sórt sin a scriosadh agus a aistriú go Rialachán (AE) 2019/1156.
Cumhachtaí maoirseachta ESMA
Comhlánaítear Treoir 2011/61/AE agus Treoir 2009/65/CE chun an chumhacht a thabhairt do ESMA na grúpaí bainistíochta sócmhainní is mó a shainaithint agus liosta díobh a choinneáil ar bun ar bhonn glanluachanna sócmhainní agus oibríochtaí agus gníomhaíochtaí trasteorann. Tá sé beartaithe thairis sin creat maoirseachta a bhunú lena ndéanfaidh ESMA, i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha, athbhreithnithe uair sa bhliain ar a laghad chun cleachtais mhaoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach nó easnamhach i gcásanna sonracha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach, agus ar deireadh, rud lena gcuirfear deireadh le bacainní ar oibríochtaí grúpaí móra bainistíochta sócmhainní ar deireadh. Baineann raon feidhme an athbhreithnithe bhliantúil le hoibríochtaí bainisteoirí sócmhainní, seachas cistí infheistíochta, agus tá sé bunaithe ar shonraí atá ar fáil cheana féin trí údaráis inniúla náisiúnta chun a áirithiú go seachnófar dúbailt na hiarrachta maidir le maoirseacht nó bailiú sonraí. Comhlánaítear Treoir AIFMD agus GCUI a thuilleadh chun an chumhacht a thabhairt do ESMA chun gníomhaíochtaí a shainaithint agus a shaothrú, ar gníomhaíochtaí iad chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí maoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach agus easnamhach agus lena gcuirtear bac ar oibríochtaí bainisteoirí sócmhainní agus taisclann a shaothraíonn a ngníomhaíocht ar bhonn trasteorann nó a sholáthraíonn seirbhísí ar bhonn trasteorann. Ina theannta sin, leasaítear na Treoracha chun an chumhacht a dheonú do ESMA idirghabháil a dhéanamh nuair nach gcuireann údaráis náisiúnta rialacha an Aontais i bhfeidhm go héifeachtach nó chun gníomhaíochtaí trasteorann bainisteora ciste nó taisclainne a chur ar fionraí go díreach i gcásanna áirithe.
Ar deireadh, forlíontar Treoir 2009/65/CE chun a shoiléiriú gur cheart údaráis inniúla a bheith in ann aon easaontas maidir le measúnuithe, gníomh, nó neamhghníomhartha a tharchur chuig ESMA, ar easaontais iad ar cheart do ESMA a shocrú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 3 – Leasuithe ar MiFID II
Na rialacha is infheidhme maidir le hionaid trádála a chomhchuibhiú
Leasaítear Treoir 2014/65/AE (MiFID II) chun na forálacha is infheidhme maidir le hoibriú ionad trádála a aistriú chuig Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (MiFIR). Trí na forálacha sin a aistriú, déantar na rialacha is infheidhme maidir le hionaid trádála san Aontas a chomhchuibhiú a thuilleadh.
Aistrítear forálacha lena rialaítear údarú margaí rialáilte ó Threoir 2014/65/AE go Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, á mbaint as Treoir 2014/65/AE go héifeachtach. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil gnólachtaí infheistíochta a oibríonn Saoráid Trádála Iltaobhach (MTF) nó Saoráid Trádála Eagraithe (OTF) fós faoi réir na gceanglas ginearálta maidir le húdarú i gcás gnólachtaí infheistíochta faoi Threoir 2014/65/AE, tá na forálacha ábhartha maidir le húdarú i gcás na n‑eintiteas sin fós i dTreoir 2014/65/AE. Dá bhrí sin, scriostar leis an togra Airteagail 18 go 20 de Threoir 2014/65/AE, Ranna 3 agus 4 de Theideal II, chomh maith le Teidil III agus IV.
Ina theannta sin, ós rud é go ndéanann an togra forálacha a chomhchuibhiú a thuilleadh, ar forálacha iad a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann ionad trádála faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, leasaítear Airteagail 34 agus 35 de Threoir 2014/65/AE chun a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag na hAirteagail sin maidir le soláthar seirbhísí ag gnólacht infheistíochta a oibríonn MTF nó OTF trí bhrainse ná tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.
Rochtain Oscailte
Déantar foráil in Airteagail 36 go 38 de Threoir 2014/65/AE maidir le rialacha a bhaineann leis an rochtain ar bhonneagar margaidh (contrapháirtithe lárnacha, taisclanna lárnacha urrús, ionaid trádála) atá ina rialacha iomarcacha, i bhfianaise forálacha maidir le rochtain atá ann agus a tugadh isteach cheana féin i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach) (EMIR). Dá bhrí sin, tá na forálacha sin maidir le rochtain i dTreoir 2014/65/AE le scriosadh.
2025/0382 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le comhtháthú na margaí caipitil agus an mhaoirseacht orthu a fhorbairt a thuilleadh laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 53 agus 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta ina cuid de straitéis an Choimisiúin chun fís den Aontas mar mhórchumhacht eacnamaíoch a sholáthar. Chun na críche sin, is gá margadh aonair a bhunú le haghaidh seirbhísí airgeadais trí aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh atá ann de dheasca na hilroinnte, agus is gá freisin na margaí caipitil Eorpacha fíor-chomhtháite a chruthú a bheidh inrochtana ag na saoránaigh agus na gnólachtaí uile ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach freisin go mbainfear leas as acmhainneacht an Aontais ó thaobh na margaí airgeadais de trí rochtain a sholáthar ar mhaoiniú níos éifeachtúla, ar maoiniú é atá bunaithe ar na margaí caipitil, agus trí shreafaí caipitil trasteorann a éascú, agus leis sin ba cheart go dtacófaí le geilleagar an Aontais, go spreagfaí cruthú post agus go bhfeabhsófaí an t‑iomaíochas.
(2)Is gá margadh caipitil gan uaim a chothú ar fud an Aontais tríd an gcreat maoirseachta a neartú agus trí aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt rialála, agus a áirithiú ar an gcaoi sin gur fearr a bheidh margaí caipitil comhtháite ar fud an Aontais. Go sonrach, cé gur cheart comhtháthú na margaí caipitil san Aontas a bheith ina phróiseas atá faoi thionchar an mhargaidh ar deireadh, is féidir le bacainní áirithe a eascraíonn as creat reachtach an Aontais go háirithe bac a chur ar an dul chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas díriú ar dheireadh a chur le bacainní in earnálacha na trádála, na hiarthrádála agus na bainistíochta sócmhainní, agus le bacainní lena gcuirtear bac ar ghlacadh na dteicneolaíochtaí nua. De réir mar a dhoimhnítear comhtháthú an mhargaidh, tá sé ríthábhachtach freisin go dtiocfaidh forbairt ar chreat maoirseachta an Aontais i gcomhréir leis.
(3)I gcomhthéacs an chuspóra pholaitiúil reachtaíocht na seirbhísí airgeadais a shimpliú agus beartais an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa, sheol sé litir an 1 Deireadh Fómhair 2025 lenar laghdaíodh an tosaíocht a tugadh do chumhachtuithe neamhriachtanacha chun go bhfeidhmeoidh reachtaíocht Leibhéal 1 go héifeachtach. I gcás na gcumhachtuithe sin ar laghdaíodh an tosaíocht a tugadh dóibh agus a mbeadh ceangal dlí ar an gCoimisiún gníomhú ina leith (‘déanfaidh + dáta’), d’fheabhsófaí an tsoiléireacht dhlíthiúil do pháirtithe leasmhara agus an bunghníomh á leasú freisin.
(4)Ba cheart Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ailíniú le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfógra faoi athruithe ábhartha ar raon feidhme an údaraithe. Dá bhrí sin, ba cheart é a chur de cheangal ar Ghnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (‘GCUInna’) agus ar a gcuideachtaí bainistíochta fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a mBallstáit baile sula gcuirfear chun feidhme aon athrú ábhartha ar na coinníollacha maidir le húdarú tosaigh agus ba cheart do na húdaráis sin a bheith in ann, laistigh de thréimhse shainithe insínte, cur i gcoinne na n‑athruithe sin nó iad a shrianadh.
(5)Ní aithnítear i dTreoracha 2009/65/CE ná 2011/61/AE coincheap an ghrúpa bainistíochta sócmhainní ná na sineirgí agus na rioscaí gaolmhara a ghabhann leis sin. Faoi láthair, tá ceangal ar ghrúpaí bainistíochta sócmhainní a oibríonn ar fud an Aontais acmhainní daonna agus teicniúla neamhspleácha a choinneáil ar bun ar leibhéal gach grúpeintitis agus tá tarmligean na bhfeidhmeanna chuig eintitis eile laistigh den ghrúpa céanna faoi réir raon feidhme iomlán na gceanglas maidir le tarmligean. Chun oibríochtaí grúpaí bainistíochta sócmhainní sa Mhargadh Aonair a éascú, ba cheart aitheantas a thabhairt i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE don choincheap maidir le grúpa AE de chuideachtaí bainistíochta agus Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (‘BCIManna’), coincheap lenar cheart na cuideachtaí bainistíochta údaraithe agus na BCIManna uile a chuimsiú, chomh maith le gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe go cuí faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach. Chun comhroinnt na n‑acmhainní uileghrúpa a éascú agus chun dúbailt neamhriachtanach na n‑acmhainní ar fud eintitis AE dhifriúla laistigh den ghrúpa a sheachaint, ba cheart a shonrú thairis sin gur cheart cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a bheith in ann úsáid a bhaint as acmhainní daonna agus teicniúla na n‑eintiteas eile laistigh dá ngrúpa AE chun a ngnó a dhéanamh. Thairis sin, chun laghdú a dhéanamh ar an ualach rialála atá ar chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a bhraitheann ar eintitis eile laistigh dá ngrúpa AE chun a bhfeidhmeanna nó a seirbhísí a dhéanamh, níor cheart na socruithe sin a cháiliú ina dtarmligean a thuilleadh agus níor cheart iad a bheith faoi réir na gceanglas maidir le tarmligean na bhfeidhmeanna, seachas an ceanglas údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta nó an BCIM a chur ar an eolas go cuí go bhfuil a bhfeidhmeanna nó a seirbhísí á bhfeidhmiú ag eintitis eile laistigh den ghrúpa AE. Chun a áirithiú go n‑oibreoidh na heintitis uile laistigh den ghrúpa céanna faoi chreat dlíthiúil, rialála agus maoirseachta coiteann, rud atá fíor-riachtanach chun ardleibhéal cosanta d’infheisteoirí agus formhaoirseacht éifeachtach a choinneáil ar bun, ba cheart a shoiléiriú thairis sin nach dtairbheoidh de na rialacha sin ach socruithe tarmligin agus comhroinnt acmhainní idir eintitis laistigh den ghrúpa céanna atá bunaithe san Aontas, agus ba cheart feidhm a bheith na rialacha sin gan beann ar cé acu atá máthairchuideachta grúpa AE lonnaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Maidir le forálacha Threoir 2009/65/CE agus Threoir 2011/61/AE a mhéid a bhaineann le grúpaí AE de chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna, ní dhéanfaidh na forálacha sin difear do dhliteanas na gcuideachtaí bainistíochta agus BCIManna i leith na bhfeidhmeanna a fheidhmíonn eintitis eile den ghrúpa AE ná do na ceanglais maidir le comhdhlúthú stuamachta i gcás institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
(6)Chun laghdú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí náisiúnta sna coinníollacha dlíthiúla agus oibríochtúla is infheidhme maidir le bainisteoirí sócmhainní agus cistí infheistíochta ar fud an Aontais, maidir le discréidí náisiúnta i dtaca le trasuí agus cur chun feidhme forálacha áirithe lena gceadaítear do na Ballstáit príomhrialacha a léirmhíniú, a fhorlíonadh, nó maolú orthu agus lena bhforchuirtear bacainní ar fhorbairt an Mhargaidh Aonair mar a leagtar síos faoi láthair i dTreoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE, is discréidí iad sin ba cheart a bhaint.
(7)Faoi láthair, tarraingíonn gach Ballstát rialacha náisiúnta iompair agus rialacha stuamachta suas nach mór do chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a chomhlíonadh, rud a fhágann go bhfuil leabhair rialacha náisiúnta éagsúla ann a chuireann bac ar fhíor-Mhargadh Aonair a fhorbairt le haghaidh bainisteoirí cistí. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus cur chun feidhme comhsheasmhach na rialacha stuamachta agus na rialacha iompair maidir le cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna ar fud an Aontais a áirithiú, féadfaidh ESMA treoirlínte a fhorbairt chun ábhar na rialacha sin a shonrú.
(8)Chun laghdú a dhéanamh ar an ualach rialála atá ar chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a bhainistíonn GCUInna agus CIManna nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a bhainistiú ar thionscnamh tríú páirtí, is gá é a chur de cheangal ar chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a nochtadh d’údaráis inniúla a mBallstáit baile tráth an údaraithe go bhfuil GCUInna agus CIManna á mbainistiú acu nó go bhfuil sé beartaithe acu iad a bhainistiú ar thionscnamh tríú páirtí agus go mbeidh siad i riocht a léiriú do na húdaráis inniúla sin, arna iarraidh sin dóibh agus sa chás sin amháin, go bhfuil na bearta réasúnta uile déanta acu chun coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu nó, i gcás inarb infheidhme, iad a nochtadh.
(9)Chun nach mbeidh ualaí nós imeachta gan údar ann i gcás gníomhaíochtaí trasteorann, is gá a áirithiú go gcuirfear an pas bainistíochta i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtúla faoi Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE. Chuige sin, na tréimhsí ar lena linn nach mór d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta agus BCIM an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig údaráis an Bhallstáit óstaigh maidir le rún na cuideachta bainistíochta nó BCIM oibriú sa chríoch sin, agus brainse acu nó gan brainse a bheith acu, ba cheart na tréimhsí sin a laghdú go mí amháin agus 15 lá faoi seach. I gcomhthráth leis sin, an tréimhse atá ar fáil d’údaráis óstacha na cuideachta bainistíochta chun na socruithe maoirseachta is gá a dhéanamh, ba cheart í a chiorrú go mí amháin freisin. Chun Treoir 2009/65/CE a ailíniú le Treoir 2011/61/AE, chun rialacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí bainistíochta agus chun deireadh a chur le héagsúlachtaí náisiúnta, arb éagsúlachtaí iad lena gcruthaítear constaicí riaracháin nach gá, ba cheart a leagan síos nach bhféadfaidh Ballstáit óstacha ceanglais bhreise a fhorchur ar chuideachtaí bainistíochta atá ag oibriú ina gcríoch.
(10)Chun an comhtháthú a éascú d’fhonn acmhainneacht iomlán an Mhargaidh Aonair a bhaint amach, chun na pasanna bainistíochta agus margaíochta atá ann cheana i gcás GCUInna, cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a chomhlánú agus chun deireadh a chur le bacainní rialála lena gcuirtear bac ar sholáthar trasteorann seirbhísí taisclainne, is iomchuí pas taisclainne AE a thabhairt isteach. Le pas taisclainne den sórt sin, ba cheart deireadh a chur leis an srian atá ann faoi láthair, lena n‑éilítear an taisclann a bheith bunaithe sa Bhallstát céanna leis an gciste, agus ceadófar do BCIManna agus do GCUInna taisclann atá bunaithe in áit ar bith san Aontas a cheapadh. Chun cosaint níos fearr a thabhairt d’infheisteoirí agus chun rioscaí cobhsaíochta airgeadais a mhaolú, níor cheart feidhm a bheith ag an bpas taisclainne ach amháin maidir le taisclanna atá údaraithe ina n‑institiúidí creidmheasa faoi Threoir 2013/36/AE nó ina ngnólachtaí infheistíochta faoi Threoir 2014/65/AE agus atá faoi réir ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta lena n‑áirithítear coimircí comhsheasmhacha ó Bhallstát go chéile cheana féin.
(11)Chun cineál éagsúlaithe bunúsach na n‑urrúsuithe agus na ceanglais rialála a bhaineann leo a aithint agus chun go mbeidh níos mó solúbthachta ann do GCUInna infheistíocht a dhéanamh sna táirgí sin, is gá an teorainn 10 % atá ann faoi láthair ar urrúis fiachais arna n‑eisiúint ag eintiteas aonair a mhéadú go 15 % i gcás GCUInna a dhéanann infheistíocht in urrúsuithe arna n‑eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2402.
(12)Chun cothrom iomaíochta a chruthú idir GCUInna a bhainistítear go gníomhach agus GCUInna a bhainistítear go héighníomhach lena macasamhlaítear comhdhéanamh innéacs agus chun a áirithiú nach gcuirfear iallach ar chuideachtaí bainistíochta GCUInna a bhainistítear go gníomhach gannualú a dhéanamh ar chuideachtaí sárfheidhmíochta nó iad a dhíol, is iomchuí síneadh a chur leis an uasteorainn eisitheora 20 % is infheidhme faoi láthair maidir le GCUInna rianúcháin chun go gcuimseofar GCUInna atá á mbainistiú faoi threoir innéacs atá aitheanta ag ESMA.
(13)Chun a áirithiú go ndéanfar ceanglais mhargaíochta a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go mbeidh siad níos comhchuibhithe ó Bhallstát go chéile, i gcás fhorálacha Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE a mhéid a bhaineann le CIManna AE arna mbainistiú ag BCIManna AE a mhargú d’infheisteoirí gairmiúla agus margú GCUInna ar fud an Aontais, chomh maith leis na forálacha maidir le cumhachtaí údaráis inniúla na mBallstát óstach ar GCUInna agus CIManna a mhargaítear ina gcríocha, aistrítear na forálacha sin chuig Rialachán (AE) 2019/1156 chun bheith infheidhme go díreach sna Ballstáit.
(14)Chun éifeachtúlacht na ngrúpaí bainistíochta sócmhainní móra a fheabhsú agus a gcuid oibríochtaí á struchtúrú acu agus chun deireadh a chur le bacainní ar a ngníomhaíocht trasteorann, tá sé fíor-riachtanach creat maoirseachta buan a bhunú lena ndéanfaidh ESMA, i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha, athbhreithnithe ar na grúpaí bainistíochta sócmhainní is mó ar bhonn bliantúil ar a laghad chun cleachtais mhaoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach nó easnamhach i gcásanna sonracha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach. Ba cheart na hathbhreithnithe bliantúla sin a bheith teoranta don anailís ar shonraí, ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadacht atá ar fáil cheana féin do ESMA agus d’údaráis inniúla náisiúnta trí bhealaí tuairiscithe atá ann cheana. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an athbhreithniú sin deireadh a chur le haon chonstaic ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair i gcás grúpaí bainistíochta sócmhainní móra agus a n‑oibríochtaí trasteorann a éascú. Dá bhrí sin, níor cheart a thuiscint gurb é atá sa chreat sin sainordú do ESMA samhlacha riosca nua ar leibhéal grúpa nó cineálacha cur chuige maoirseachta nua a fhorbairt, nach n‑eascraíonn as Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE cheana féin, ach ina ionad sin, gur socrú é an creat céanna chun éifeachtúlachtaí maoirseachta a fheabhsú do ghrúpaí de chuideachtaí bainistíochta agus de BCIManna. Ba cheart raon feidhme an athbhreithnithe sin a bheith teoranta do na ceanglais is infheidhme maidir le cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna laistigh de ghrúpaí AE agus, dá bhrí sin, níl sé beartaithe aon cheanglas a chuimsiú ann maidir le húdarú na gcistí infheistíochta atá á mbainistiú ag na cuideachtaí bainistíochta agus ag na BCIManna sin ná maidir le maoirseacht ar na cistí sin. Is iomchuí agus is comhréireach freisin na hiarrachtaí sin a dhíriú ar na grúpaí bainistíochta sócmhainní is mó san Aontas, áit ar féidir sineirgí oibríochtúla agus maoirseachta a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtaí. Ba cheart do ESMA na grúpaí sin a shainaithint ar bhonn mhéid mhór a láithreachta sa mhargadh agus a dtionchair laistigh den Aontas, arna dtomhas de réir a nglanluachanna sócmhainní agus fhairsinge a n‑oibríochtaí agus a ngníomhaíochtaí trasteorann.
(15)Chun a áirithiú gurb iad na heintitis sin a thairbhíonn de chomhordú maoirseachta feabhsaithe a íocfaidh na costais arna dtabhú ag ESMA agus na hathbhreithnithe á ndéanamh aige ar ghrúpaí móra AE de chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna, ba cheart do ESMA táillí comhréireacha a ghearradh ar na grúpaí sin. Ba cheart na costais réasúnta a bhaineann leis na hathbhreithnithe a ullmhú, a dhéanamh agus leis an obair leantach orthu a chumhdach leis na táillí sin. Beidh obair anailíseach agus chomhordúcháin nach beag i gceist leis na hathbhreithnithe sin, lena n‑áirítear sonraí ar leibhéal grúpa a bhailiú agus a chomhdhlúthú, measúnú a dhéanamh ar chineálacha éagsúla cur chuige maoirseachta ar fud roinnt Ballstát agus earnálacha, agus moltaí a cheapadh chun maoirseacht chomhsheasmhach agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas. Tá údar le táillí a ghearradh as na hathbhreithnithe sin a dhéanamh toisc go n‑áirithítear leis sin go mbeidh eintitis a thairbhíonn de thimpeallacht mhaoirseachta chomhchuibhithe, intuartha agus chuíchóirithe ag ranníoc go cothrom leis na costais a bhaineann lena cur ar fáil.
(16)Chun feidhmiú éifeachtach an Mhargaidh Aonair a áirithiú i gcás cistí infheistíochta, bainisteoirí sócmhainní agus taisclann agus chun constaicí maoirseachta, a chuireann bac ar fheidhmiú trasteorann chearta nós imeachta an phas, a bhaint, ba cheart ESMA a chumhachtú chun cásanna de chleachtais mhaoirseachta éagsúla, dhúblacha, iomarcacha nó easnamhacha a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu, ar cleachtais mhaoirseachta iad a chuireann bac ar oibríochtaí bainisteoirí sócmhainní agus taisclann sa Mhargadh Aonair, nó cásanna ina n‑oibríonn na gnóthais sin ar bhonn trasteorann gan dlí an Aontais a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, ba cheart do ESMA próiseas méadúcháin a chur chun feidhme, ag tosú le teagmháil a dhéanamh le húdaráis náisiúnta agus le páirtithe leasmhara, agus cóineasú níos fearr eatarthu a chothú, agus, i gcás inar gá, úsáid a bhaint as a chumhachtaí comhordúcháin agus idirghabhála, chun go ndéanfar srianta gan údar ar ghníomhaíochtaí trasteorann nó cásanna nach gcomhlíontar dlí an Aontais ina leith, a leigheas ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil. Ar na cúiseanna céanna, is gá a áirithiú, má leanann na fadhbanna sin ar aghaidh d’ainneoin an phróisis mhéadúcháin sin, gur cheart do ESMA a chumhachtaí a fheidhmiú ansin chun nósanna imeachta um shárú dhlí an Aontais a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, chun an ceart atá ag gnóthais seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 17aaa de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, chun idirghabháil cheangailteach a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 nó chun ardáin chomhair a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 19a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás inarb iomchuí, chun na fadhbanna sin a leigheas go héifeachtach.
(17)Chun Treoir 2009/65/CE a ailíniú le Treoir 2011/61/AE agus chun maoirseacht chomhsheasmhach agus comhar éifeachtach idir údaráis inniúla na mBallstát difriúil a áirithiú, ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann aon easaontas maidir le measúnuithe, gníomh, nó neamhghníomhartha, i réimsí ina gceanglaítear an comhordú de réir Threoir 2009/65/CE, a tharchur chuig ESMA, chun gur féidir le ESMA idirghabháil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(18)Chun laghdú a dhéanamh ar ualaí rialála nach gá ar chuideachtaí bainistíochta GCUI agus ar chuideachtaí infheistíochta, is iomchuí deireadh a chur leis an oibleagáid faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas. Go deimhin, cuideachtaí bainistíochta GCUInna agus cuideachtaí infheistíochta a bhainistíonn GCUInna a ndéantar a mhargú d’infheisteoirí miondíola, tá sé de cheangal orthu cheana féin doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú agus a chur ar fáil d’infheisteoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.
(19)Le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ón Aontas Eorpach agus ón gComhairle, leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionaid trádála a údarú agus a oibriú. Eascraíonn formhór na rialacha sin as forálacha a leagadh amach roimhe seo i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n‑áirítear forálacha a bhaineann le margaí rialáilte a údarú agus a oibriú agus le ceanglais ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil saoráid trádála iltaobhach (‘MTF’) nó saoráid trádála eagraithe (‘OTF’) á hoibriú acu. Chun aistriú na bhforálacha sin ó Threoir 2014/65/AE chuig Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a léiriú go leormhaith, is iomchuí na forálacha sin i dTreoir 2014/65/AE a scriosadh nó a leasú, i gcás inarb ábhartha. An tráth céanna, ba cheart forálacha áirithe de Threoir 2014/65/AE maidir le húdarú gnólachtaí infheistíochta a choinneáil ós rud é go bhfuil gnólachtaí infheistíochta a bhfuil MTF nó OTF á oibriú acu fós faoi réir na gceanglas ginearálta maidir le húdarú i gcás gnólachtaí infheistíochta faoin Treoir sin.
(20)In Airteagal 37 de Threoir 2014/65/AE déantar foráil maidir le rialacha a bhaineann leis an rochtain atá ag gnólacht infheistíochta ó Bhallstáit eile ar chontrapháirtí lárnach (‘CPL’), saoráidí imréitigh agus socraíochta chomh maith leis an gceart atá ag comhaltaí agus rannpháirtithe margaidh rialáilte córas socraíochta a ainmniú. In Airteagal 38 de Threoir 2014/65/AE déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh MTF socruithe rochtana le contrapháirtí lárnach agus le córas socraíochta i mBallstát eile chun go mbeifear in ann idirbhearta a thugtar i gcrích ina chórais a imréiteach agus a shocrú. I bhfianaise go leagtar amach forálacha maidir le rochtain anois i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go ndéantar na forálacha sin maidir le rochtain a chomhchuibhiú a thuilleadh le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is iomchuí Airteagal 37 agus Airteagal 38 araon a scriosadh ó Threoir 2014/65/AE.
(21)Leagtar amach in Airteagail 57 agus 58 de Threoir 2014/65/AE rialacha a mhéid a bhaineann le díorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh lamháltas astaíochtaí a thrádáil. Is infheidhme cuid de na rialacha sin maidir le hionaid trádála. Ós rud é go n‑aistrítear rialacha maidir le hionaid trádála a oibriú ó Threoir 2014/65/AE go Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is iomchuí Airteagail 57 agus 58 de Threoir 2014/65/AE a leasú chun a áirithiú go n‑aistreofar na rialacha sin chuig Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 freisin nuair is infheidhme iad maidir le hionaid trádála.
(22)Chun cistiú iomchuí do ESMA a áirithiú, is gá a leagan síos gur cheart ESMA a mhaoiniú ar bhonn 50 % ó chistí an Aontais agus 50 % trí ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, déanta i gcomhréir le hualú na vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha le haghaidh na gcúraimí nua atá beartaithe do ESMA leis an Treoir seo nach gcistítear le táillí.
(23)Cé gur tugadh isteach le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE rialacha comhchuibhithe maidir le GCUInna, cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a údarú, agus maidir leis an bhfaisnéis atá le cur faoi bhráid na n‑údarás inniúil náisiúnta chomh maith, tá cleachtais náisiúnta éagsúla sa phróiseas údarúcháin fós. Déanann na neamhréireachtaí sin oibríochtaí trasteorann níos casta agus cuireann siad bac ar fheidhmiú an phas bainistíochta. Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú maidir le GCUInna, cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a údarú, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin theicniúla rialála sin mionsonraí na faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla mar chuid den iarratas ar GCUInna, cuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a údarú, chomh maith leis na modhanna agus na socruithe chun na mionsonraí sin a chur ar fáil. Chun an próiseas údarúcháin a chaighdeánú, ba cheart teimpléid, caighdeáin sonraí, formáidí agus treoracha a bhunú leis na caighdeáin theicniúla rialála sin freisin maidir leis an bhfaisnéis sin a sholáthar. Thairis sin, chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha i bhfeidhm go comhsheasmhach, arb iad na forálacha a bhaineann leis an bhfaisnéis a mbeidh fógra le tabhairt fúithi ag gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE agus le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(24)Chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha i bhfeidhm go comhsheasmhach, arb iad na forálacha a bhaineann le formáid na faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt fúithi ag gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, agus a bhaineann le tuarascálacha maidir leis an staid de chuid gnólachtaí infheistíochta a ghabhann don trádáil díorthach tráchtearraí nó díorthach lamháltas astaíochtaí lasmuigh d’ionad trádála, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(25)
(26)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach i bhfianaise gur cruthaíodh bearnaí rialála de dheasca thrasuí éagsúil na dTreoracha atá ábhartha don togra seo, ar bearnaí iad nach féidir a réiteach ach amháin trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(27)Tugtar isteach leis an Treoir ceanglais cheangailteacha maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/903. Dá bhrí sin, tá measúnú idir-inoibritheachta tugtha i gcrích. Is í an chaibidil, maidir le Gnéithe Digiteacha den Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach, an tuarascáil atá ann de thoradh an mheasúnaithe sin. Foilseofar í sin freisin ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach tar éis ghlacadh an Ghnímh.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE
Leasaítear Treoir 2009/65/CE mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Gan dochar d’fhorálacha dhlí an Aontais lena rialaítear gluaiseachtaí caipitil ná d’fhorálacha Rialachán (AE) 2019/1156, ní chuirfidh aon Bhallstát aon fhoráil eile sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo i bhfeidhm maidir le GCUInna atá bunaithe i mBallstát eile ná maidir leis na haonaid arna n‑eisiúint ag GCUInna den sórt sin, i gcás ina margaíonn na GCUInna sin a gcuid aonad laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.’;
(2)in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):
‘(n) ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(44) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (r):
‘(r) ciallaíonn ‘cumasc intíre’ cumasc idir GCUInna atá bunaithe sa Bhallstát céanna i gcás inar tugadh fógra do cheann amháin ar a laghad de na GCUInna lena mbaineann de bhun Airteagal 17c de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;’;
(c)cuirtear isteach na pointí (v) go (x) seo a leanas:
‘(v) ciallaíonn ‘grúpa AE de chuideachta bainistíochta agus BCIM’ i ndáil le cuideachta bainistíochta nó BCIM ar leith, grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá comhdhéanta d’aon cheann díobh seo a leanas:
(a)cuideachtaí bainistíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) den Treoir seo, atá bunaithe san Aontas, agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir seo;
(b)bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin;
(c)gnólachtaí infheistíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Threoir 2014/65/AE, atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin;
(d)institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá bunaithe san Aontas, agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin.;
(w) ciallaíonn ‘IMU’ idirbheart um maoiniú urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(x) ciallaíonn ‘BCIM’ bainisteoir cistí infheistíochta malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b) de Threoir 2011/61/AE.’;
(3)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh GCUI, roimh an gcur chun feidhme, fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi aon athrú ábhartha atá beartaithe ar na coinníollacha maidir le húdarú tosaigh, go háirithe athruithe ábhartha atá beartaithe a mhéid a bhaineann leis an gcuideachta bainistíochta nó leis an taisclann, nó aon athrú ábhartha atá beartaithe ar a rialacha ciste nó ar na hionstraimí corpraithe.
Má chinneann údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI srianta a fhorchur nó na hathruithe sin a dhiúltú, cuirfidh siad an GCUI ar an eolas faoi sin laistigh de 1 mhí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla síneadh suas le 1 mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measfaidh siad go bhfuil gá leis sin mar gheall ar imthosca sonracha an cháis agus tar éis dóibh fógra a thabhairt don GCUI faoi. Cuirfear na hathruithe chun feidhme mura gcuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha i gcoinne na n‑athruithe laistigh den tréimhse measúnaithe ábhartha.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Chun a áirithiú go gcomhchuibheofar an tAirteagal seo go comhsheasmhach, déanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (dá ngairtear ‘ESMA’ anseo feasta), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)mionsonraí na faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla san iarratas ar GCUI a údarú, i gcomhréir leis an Airteagal seo;
(b)na nósanna imeachta agus na hamlínte atá le leanúint mar chuid den iarratas ar GCUI a údarú, i gcomhréir leis an Airteagal seo;
(c)na modhanna agus na socruithe chun an fhaisnéis atá le soláthar a chur ar fáil
Forbróidh ESMA réitigh TF, lena n‑áirítear teimpléid, caighdeáin sonraí, formáidí agus treoracha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(4)In Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘De mhaolú ar mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cuideachta bainistíochta a údarú chun na seirbhísí seo a leanas a sholáthar, sa bhreis ar GCUI a bhainistiú:’;
(5)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(1)leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Ní údaróidh na húdaráis inniúla cuideachta bainistíochta mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:’;
(b)i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘(c) tá clár gníomhaíochta ag gabháil leis an iarratas ar údarú, ina leagtar amach struchtúr eagrúcháin na cuideachta bainistíochta, agus ina sonraítear na hacmhainní daonna agus teicniúla a úsáidfear chun gnó na cuideachta bainistíochta a dhéanamh agus faisnéis faoi na daoine a dhéanann gnó na cuideachta bainistíochta sin go héifeachtach, lena n‑áirítear:’;
(c)i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘(e) soláthraíonn an chuideachta bainistíochta faisnéis faoi shocruithe arna ndéanamh chun feidhmeanna a tharmligean agus a fhotharmligean chuig tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 13, lena gcuimsítear an méid seo a leanas:’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), ní chuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar chuideachtaí bainistíochta suas le 50 % de mhéid breise na gcistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a)(i) a sholáthar i gcás ina dtairbhíonn na cuideachtaí bainistíochta sin de ráthaíocht i leith an mhéid chéanna arna tabhairt ag institiúid creidmheasa nó gnóthas árachais a bhfuil a hoifig nó a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil an institiúid nó an gnóthas sin faoi réir rialacha stuamachta a measann na húdaráis inniúla gur rialacha iad atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais.’;
(2)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. ‘De mhaolú ar mhír 1, pointe (e), ní chuirfidh na Ballstáit de cheangal ar chuideachta bainistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a sholáthar d’údaráis inniúla a Ballstáit baile, i gcás ina mbraitheann an chuideachta bainistíochta sin ar eintiteas amháin nó níos mó a bhaineann lena grúpa AE chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a fheidhmiú nó na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) a sholáthar.
Maidir leis an iarratas ar údarú cuideachta bainistíochta a bhraitheann ar acmhainní daonna agus teicniúla eintitis amháin nó níos mó a bhaineann lena grúpa AE chun a gnó a dhéanamh, sonrófar ann, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), na hacmhainní daonna agus teicniúla sin. Maidir le cuideachta bainistíochta a údarú, ní chuirfear é faoi réir an cheanglais go staonfaidh an chuideachta bainistíochta ó úsáid a bhaint as acmhainní eintitis amháin nó níos mó laistigh den ghrúpa AE céanna sin.’;
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Chun a áirithiú go gcomhchuibheofar an tAirteagal seo agus Airteagal 29 go comhsheasmhach, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)mionsonraí na faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla san iarratas ar údarú na cuideachta bainistíochta nó na cuideachta infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 29, lena n‑áirítear an clár gníomhaíochta; agus
(b)na nósanna imeachta agus na hamlínte atá le leanúint mar chuid den iarratas ar údarú na cuideachta bainistíochta nó na cuideachta infheistíochta;
(c)na modhanna agus na socruithe chun an fhaisnéis atá le soláthar a chur ar fáil.
Forbróidh ESMA réitigh TF, lena n‑áirítear teimpléid, caighdeáin sonraí, formáidí agus treoracha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(5)i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Má chinneann údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta srianta a fhorchur nó na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhiúltú, cuirfidh siad an chuideachta bainistíochta ar an eolas faoi sin laistigh de 1 mhí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla síneadh suas le 1 mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measfaidh siad gur gá sin mar gheall ar imthosca sonracha an cháis agus tar éis dóibh fógra a thabhairt don chuideachta bainistíochta faoi sin. Cuirfear na hathruithe chun feidhme mura gcuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha i gcoinne na n‑athruithe laistigh den tréimhse measúnaithe ábhartha.’;
(6)in Airteagal 8(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘3. Údarás inniúil a dheonaigh údarú do cheann de na cuideachtaí bainistíochta seo a leanas, cuirfidh sé údaráis inniúla an Bhallstáit eile lena mbaineann ar an eolas faoin údarú sin:’;
(7)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Cuideachtaí bainistíochta atá údaraithe i mBallstát, comhlíonfaidh siad rialacha stuamachta i gcónaí.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Cumhachtófar an Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 112a chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)na rialacha, na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1;
(b)na struchtúir agus na ceanglais eagrúcháin chun coinbhleachtaí leasa a íoslaghdú dá dtagraítear faoi mhír 1, an dara fomhír, pointe (b).
Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha stuamachta maidir le cuideachtaí bainistíochta i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach iad ó Bhallstát go chéile, féadfaidh ESMA treoirlínte a ghlacadh chun ábhar na rialacha sin a shonrú.’;
(8)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:
‘2. Ní dhéanfar difear do dhliteanas na cuideachta bainistíochta ná na taisclainne go bhfuil feidhmeanna nó seirbhísí tarmligthe ag an gcuideachta bainistíochta chuig tríú páirtí, ná gur bhraith an chuideachta ar eintiteas amháin nó níos mó laistigh dá grúpa AE chun a feidhmeanna a dhéanamh de bhun mhír 3, an dara fomhír. Ní tharmligfidh an chuideachta bainistíochta feidhmeanna ná seirbhísí eintitis amháin nó níos mó laistigh dá grúpa AE ná ní bhraithfidh sí ar na feidhmeanna ná ar na seirbhísí sin, a mhéid, go bunúsach, nach féidir a mheas a thuilleadh gurb í bainisteoir an GCUI í nó gurb í soláthraí na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) í agus a mhéid a bheidh sí ina heintiteas bosca poist.’;
(b)i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina mbraitheann cuideachta bainistíochta ar eintiteas laistigh dá grúpa AE chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a fheidhmiú nó na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) a sholáthar, ní mheasfar socrú den sórt sin a bheith ina tharmligean faoi réir na gceanglas a leagtar amach i mír 1, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)is cuid de ghrúpa AE na cuideachta bainistíochta é an t‑eintiteas;
(b)tá fógra tugtha ag an gcuideachta bainistíochta d’údaráis inniúla a Ballstáit baile go bhfuil sí ag brath ar eintiteas eile laistigh dá grúpa AE chun a cuid feidhmeanna nó seirbhísí a fheidhmiú;
(c)tá an t‑eintiteas údaraithe go cuí chun na feidhmeanna nó na seirbhísí sin a fheidhmiú thar ceann na cuideachta bainistíochta.’;
(9)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Cuideachtaí bainistíochta atá údaraithe i mBallstát, comhlíonfaidh siad rialacha iompair i gcónaí. Leis na rialacha iompair sin, áiritheofar an méid seo a leanas maidir le cuideachta bainistíochta:’;
(b)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha iompair dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach iad ó Bhallstát go chéile, féadfaidh ESMA treoirlínte a ghlacadh chun ábhar na rialacha sin a shonrú.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:
‘2a. I gcás ina mbainistíonn cuideachta bainistíochta GCUI nó ina bhfuil sé beartaithe aici GCUI a bhainistiú ar thionscnamh tríú páirtí, lena n‑áirítear cásanna ina n‑úsáideann an GCUI sin ainm tionscnóra tríú páirtí nó i gcás ina gceapann cuideachta bainistíochta tionscnóir tríú páirtí mar thoscaire de bhun Airteagal 13, cuirfidh an chuideachta bainistíochta údaráis inniúla a Ballstáit baile ar an eolas faoi sin tráth an údaraithe agus, aon choinbhleacht leasa á cur san áireamh, léireoidh sí, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla a Ballstáit baile go gcomhlíonann sí mír 1, pointe (d). Go háirithe, léireoidh an chuideachta bainistíochta na bearta réasúnta atá déanta aici chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as an gcaidreamh leis an tríú páirtí a chosc nó, i gcás nach féidir na coinbhleachtaí leasa sin a chosc, an chaoi a ndéanann sí na coinbhleachtaí leasa sin a shainaithint, a bhainistiú, an chaoi a ndéanann sí faireachán orthu agus, i gcás inarb infheidhme, an chaoi a nochtann sí iad, chun cosc a chur ar na coinbhleachtaí leasa sin dochar a dhéanamh do leasanna an GCUI agus a hinfheisteoirí.’;
(10)in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Cuirfidh cuideachtaí bainistíochta nó, i gcás inarb ábhartha, cuideachtaí infheistíochta na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 17b de Rialachán (AE) 2019/1156 ar fáil agus bunóidh siad nósanna imeachta agus socruithe iomchuí chun a áirithiú go ndéileálfaidh siad go cuí le gearáin ó infheisteoirí agus nach mbeidh aon srian ar infheisteoirí a gcearta a fheidhmiú sa chás ina mbeadh an chuideachta bainistíochta údaraithe i mBallstát seachas Ballstát baile an GCUI. Leis na bearta sin, beidh infheisteoirí in ann gearáin a dhéanamh i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla a mBallstáit.’;
(11)in Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘I gcás ina mbeartaíonn cuideachta bainistíochta, atá údaraithe amhlaidh, gan aonaid an GCUI atá á bhainistiú aici a mhargú, gan brainse a bhunú, ach amháin mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn II, pointe 2, (b) i mBallstát seachas Ballstát baile an GCUI, gan a mholadh go saothrófaí aon ghníomhaíocht nó seirbhís eile, ní bheidh an margú sin ach faoi réir cheanglais Rialachán (AE) 2019/1156.’;
(12)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘3. Mura bhfuil cúis ag údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta amhras a bheith orthu faoi leordhóthanacht struchtúr riaracháin nó staid airgeadais cuideachta bainistíochta, agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe á gcur san áireamh, déanfaidh siad, laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 2 a fháil, an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta agus cuirfidh siad an chuideachta bainistíochta ar an eolas dá réir sin. Cuirfidh siad sonraí in iúl freisin maidir le haon scéim cúitimh atá beartaithe chun infheisteoirí a chosaint.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Cuideachta bainistíochta a shaothraíonn gníomhaíochtaí trí bhíthin brainse laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh, comhlíonfaidh sí na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14, arna gcur chun feidhme ag Ballstát óstach na cuideachta bainistíochta.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Sula dtosóidh brainse cuideachta bainistíochta ar ghnó, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta, laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ullmhú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na cuideachta bainistíochta laistigh de na rialacha atá faoina bhfreagracht.’;
(d)cuirtear an mhír 7a seo a leanas isteach:
‘7a. Ní dhéanfaidh Ballstát óstach na cuideachta bainistíochta aon cheanglas breise a fhorchur ar an gcuideachta bainistíochta i leith ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo.’;
(13)Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, laistigh de 15 lá tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta;’;
(b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Ní dhéanfaidh Ballstát óstach na cuideachta bainistíochta aon cheanglas breise a fhorchur ar an gcuideachta bainistíochta i leith ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Cuideachta bainistíochta a shaothraíonn gníomhaíochtaí faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, comhlíonfaidh sí na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14, arna gcur chun feidhme ag Ballstát baile na cuideachta bainistíochta.’;
(14)in Airteagal 19(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
‘(h) ceanglais GCUI maidir le nochtadh agus tuairisciú, lena n‑áirítear an réamheolaire agus tuarascálacha tréimhsiúla;’;
(15)in Airteagal 20a, leasaítear mír 3 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI maidir leis an bhfaisnéis uile a bhailítear faoin Airteagal seo i leith na GCUInna uile a mhaoirsíonn siad, go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’údaráis inniúla ábhartha eile, ESMA, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 101.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI nó údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta faisnéis a sholáthar, gan mhoill, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 101, agus go déthaobhach d’údaráis inniúla na mBallstát eile lena mbaineann go díreach, más rud é go bhféadfadh cuideachta bainistíochta atá faoina bhfreagracht, nó GCUI atá á bhainistiú ag an gcuideachta bainistíochta sin, a bheith ina foinse nó ina fhoinse thábhachtach riosca creidmheasa contrapháirtí d’institiúid creidmheasa nó d’institiúidí eile a bhfuil ábharthacht shistéamach leo i mBallstáit eile, nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais i mBallstát eile.’;
(16)in Airteagal 23(1), cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:
‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an taisclann a hoifig chláraithe a lonnú nó a bhunú i mBallstát seachas Ballstát baile an GCUI, a mhéid atá an taisclann i gcatagóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) agus a mhéid atá sí údaraithe go cuí chun seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile de bhun Threoir 2013/36/AE.’;
(17)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(a)i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Ní dhéanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta infheistíochta údarú a dheonú do chuideachta infheistíochta nach bhfuil cuideachta bainistíochta ainmnithe aici mura bhfuil caipiteal tosaigh leordhóthanach EUR 300 000 ar a laghad ag an gcuideachta infheistíochta.’;
(b)scriostar míreanna 5 agus 6;
(18)Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Cuirfidh Ballstát baile gach cuideachta infheistíochta de cheangal ar chuideachtaí infheistíochta, nach bhfuil cuideachta bainistíochta ainmnithe acu atá údaraithe de bhun na Treorach seo, na rialacha stuamachta a chomhlíonadh i gcónaí.’;
(b)cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘2. Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha stuamachta maidir le cuideachtaí infheistíochta i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach iad ó Bhallstát go chéile, féadfaidh ESMA treoirlínte a ghlacadh chun ábhar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú a thuilleadh.’;
(19)Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) leagan cothrom le dáta de réamheolaire an GCUI ghlacthaigh, má tá sé bunaithe i mBallstát eile;’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘b. tugadh fógra don GCUI glacthach, i gcomhréir le hAirteagal 17c de Rialachán (AE) 2019/1156, a chuid aonad a mhargú sna Ballstáit uile ina n‑údaraítear an GCUI atá i mbun cumaisc, nó inar tugadh fógra dó a chuid aonad a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 17c de Rialachán (AE) 2019/1156; agus’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Ceadóidh údaráis inniúla do GCUInna glacthacha maolú ar Airteagail 52 go 55 ar feadh 6 mhí tar éis an dáta a thugtar an cumasc i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 57(1), an dara fomhír.’;
(20)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
(a)i mír 3, scriostar pointe (e);
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Má tugadh fógra don GCUI atá i mbun cumaisc nó don GCUI glacthach i gcomhréir le hAirteagal 17c de Rialachán (AE) 2019/1156, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát óstach ábhartha an GCUI, nó i dteanga arna formheas ag a údaráis inniúla. An GCUI a gcuirtear de cheangal air an fhaisnéis a sholáthar, is é sin a bheidh freagrach as an aistriúchán a chur ar fáil. Léireofar ábhar an bhuntéacs go dílis san aistriúchán sin.’;
(21)in Airteagal 45, leasaítear mír 2 mar a leanas:
‘2. Gan dochar do mhír 1, i gcás cumaisc idir GCUInna agus de mhaolú ar Airteagal 84(1), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal nó a cheadú go gcuirfear suibscríobh, athcheannach nó fuascailt aonad ar fionraí go sealadach ar choinníoll go bhfuil údar leis an bhfionraí sin chun na sealbhóirí aonad a chosaint.’;
(22)Leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Féadfaidh GCUInna infheistíocht a dhéanamh in idirbhearta um maoiniú urrús a bhaineann le hurrúis inaistrithe agus in ionstraimí margaidh airgid faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa Treoir seo.
Ní bheidh na hidirbhearta um maoiniú urrús sin ina gcúis i gcás ar bith le GCUI imeacht óna chuspóirí infheistíochta mar a leagtar síos i rialacha ciste, in ionstraimí corpraithe nó i réamheolaire an GCUI.’;
(b)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Féadfaidh GCUI infheistíocht a dhéanamh, mar chuid dá bheartas infheistíochta agus laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 52(5), in ionstraimí airgeadais dhíorthaigh ar choinníoll nach mó ar an iomlán an neamhchosaint ar na sócmhainní foluiteacha ná na teorainneacha infheistíochta a leagtar síos in Airteagal 52. Nuair a dhéanann GCUI infheistíocht in ionstraimí airgeadais dhíorthaigh innéacsbhunaithe, ní dhéanfar na hinfheistíochtaí sin a chomhcheangal chun críocha na dteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 52.’;
(23)Leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑ardófar an teorainn 5 % a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1 go 10 %, ar choinníoll nach mó ná 40 % de luach shócmhainní an GCUI iomlán na n‑urrús inaistrithe agus na n‑ionstraimí margaidh airgid atá i seilbh an GCUI i ngach comhlacht eisiúna ina ndéanann sé infheistíocht is mó ná 5 % dá shócmhainní. Ní bheidh feidhm ag an teorannú sin maidir le taiscí ná le hidirbhearta díorthacha thar an gcuntar arna ndéanamh le hinstitiúidí airgeadais atá faoi réir maoirseacht stuamachta.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an teorainn 5 % a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, a ardú go 35 %, i gcás inarb é Ballstát, a údaráis áitiúla, tríú tír nó comhlacht idirnáisiúnta poiblí lena mbaineann Ballstát amháin nó níos mó a eiseoidh nó a ráthóidh na hurrúis inaistrithe nó na hionstraimí margaidh airgid.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an teorainn 5 % a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, a ardú go 25 %, i gcás inar eisíodh bannaí roimh an 8 Iúil 2022 agus inar chomhlíon siad na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo de réir mar ab infheidhme ar dháta a n‑eisiúna, nó i gcás ina gcuimsítear bannaí faoin sainmhíniú ar bhannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle‘;
(d)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:
‘Ceadóidh na Ballstáit do GCUInna infheistíocht charnach suas le teorainn 20 % a dhéanamh in urrúis inaistrithe agus in ionstraimí margaidh airgid laistigh den ghrúpa céanna.’;
(24)in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Gan dochar do na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 56, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 52 a ardú go 20 % i gcás infheistíocht a dhéantar i scaireanna nó in urrúis fiachais arna n‑eisiúint ag an gcomhlacht céanna i gcás, de réir na rialacha ciste nó na n‑ionstraimí corpraithe, inarb é is aidhm do bheartas infheistíochta an GCUI comhdhéanamh stoic áirithe nó innéacs urrús fiachais áirithe a mhacasamhlú, nó i gcás ina mbainistítear an GCUI faoi threoir innéacs, agus ina n‑aithníonn ESMA an t‑innéacs sin, ar an mbonn seo a leanas:’;
(b)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Ón [Cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] déanfaidh ESMA liosta d’innéacsanna aitheanta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin.’;
(25)In Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. De mhaolú ar Airteagal 52, ceadóidh údaráis inniúla do GCUI infheistíocht suas le 100 % dá shócmhainní a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal an scaipthe rioscaí in urrúis inaistrithe éagsúla agus in ionstraimí margaidh airgid éagsúla arna n‑eisiúint nó arna ráthú ag Ballstát, ag ceann amháin nó níos mó dá údaráis áitiúla, ag tríú tír, nó ag comhlacht idirnáisiúnta poiblí lena mbaineann Ballstát amháin nó níos mó, ar choinníoll gur féidir leis an GCUI a léiriú d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile go bhfuil cosaint ag a shealbhóirí aonad atá coibhéiseach le cosaint sealbhóirí aonad in GCUI a chomhlíonann na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 52.
Sealbhóidh GCUI den sórt sin urrúis ó 6 eisiúint éagsúla ar a laghad, ach ní bheidh níos mó ná 30 % dá shócmhainní iomlána i gceist le hurrúis ó aon eisiúint aonair.’;
(26)Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ceadóidh údaráis inniúla do GCUI aonaid GCUInna nó gnóthais chomhinfheistíochta eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (e), a fháil, ar choinníoll nach n‑infheistítear níos mó ná 20 % dá shócmhainní in aonaid GCUI aonair nó gnóthais chomhinfheistíochta eile.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘I gcás ina bhfuil aonaid de chuid GCUI eile nó aonaid gnóthas comhinfheistíochta eile faighte ag GCUI, ní cheadóidh na Ballstáit go ndéanfar na sócmhainní sin a chomhcheangal chun críocha na dteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 52.’;
(27)Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:
‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), ní fhéadfaidh GCUI níos mó ná 15 % de na hurrúsuithe arna n‑eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2402 ag comhlacht eisiúna aonair a fháil.’;
(b)i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 maidir leis an méid seo a leanas:’;
(28)in Airteagal 57(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Agus comhlíonadh phrionsabal an scaipthe rioscaí á áirithiú, ceadóidh na húdaráis inniúla do GCUI atá údaraithe le déanaí maolú ar Airteagail 52 go 55 ar feadh 6 mhí tar éis dháta a n‑údaraithe.’;
(29)in Airteagal 58(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
Mura ndéanann máistir GCUI caipiteal a chruinniú ón bpobal i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe ach nach bhfuil ach fothaire GCUI amháin nó níos mó aige sa Bhallstát sin, ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1156.’;
(30)in Airteagal 59(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) réamheolaire an fhothaire GCUI agus an mháistir-GCUI;’
(31)in Airteagal 63, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 74 agus 82, seolfaidh an fothaire GCUI an réamheolaire agus aon leasú air, mar aon le tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla an mháistir GCUI, chuig údaráis inniúla a Bhallstáit baile.’;
(32)Leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:
(a)i mír 1, scriostar pointe (b);
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcás inar tugadh fógra don fhothaire GCUI i gcomhréir le hAirteagal 17c de Rialachán (AE) 2019/1156, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla, Bhallstát óstach an fhothaire GCUI, nó i dteanga arna formheas ag a údaráis inniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fothaire GCUI freagrach as an aistriúchán a chur ar fáil. Léireofar ábhar an bhuntéacs go dílis san aistriúchán sin.’;
(33)Leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear i Sceideal A d’Iarscríbhinn I sa réamheolaire, a mhéid nach bhfuil an fhaisnéis sin le feiceáil cheana i rialacha an chiste nó sna hionstraimí corpraithe atá i gceangal leis an réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 71(1).’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear i Ranna I go IV de Sceideal B d’Iarscríbhinn I sa tuarascáil leathbhliantúil. I gcás ina mbeidh díbhinn eatramhach íoctha ag GCUI nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag GCUI díbhinn eatramhach a íoc, ní mór a léiriú sna figiúirí na torthaí tar éis cánach le haghaidh na leathbhliana lena mbaineann agus an díbhinn eatramhach a íocadh nó atá beartaithe.’;
(34)in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcás ina ndéanann GCUI infheistíocht go príomha in aon chatagóir sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 50 seachas urrúis inaistrithe nó ionstraimí margaidh airgid, nó i gcás ina ndéanann GCUI stoc nó innéacs urrús fiachais a mhacasamhlú nó i gcás ina mbainistítear é faoi threoir innéacs i gcomhréir le hAirteagal 53, cuimseofar ina réamheolaire agus, i gcás inar gá, ina chumarsáid mhargaíochta, ráiteas feiceálach ina dtarraingeofar aird ar bheartas infheistíochta an GCUI agus ar a fhócas ar na hinfheistíochtaí sin.’;
(35)in Airteagal 75, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Beidh na tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla ar fáil d’infheisteoirí ar an mbealach a shonraítear sa réamheolaire. Seachadfar cóip pháipéir de na tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla chuig na hinfheisteoirí arna iarraidh sin agus sin saor in aisce.’;
(36)i gCaibidil IX, scriostar Roinn 3;
(37)in Airteagal 82b (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Ón 10 Eanáir 2028 ar aghaidh, áiritheoidh na Ballstáit maidir le cuideachtaí bainistíochta agus cuideachtaí infheistíochta, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 68(1) den Treoir seo á poibliú acu, go gcuirfidh siad an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’;
(38)in Airteagal 83(2), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘De mhaolú ar mhír 1, ceadóidh údaráis inniúla do GCUI iasachtaí a fháil ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an iasachtaíocht sin:’;
(39)Leasaítear Airteagal 84 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3b:
‘3b. Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta a iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a fheidhmiú, agus na cúiseanna leis an iarraidh sin á sonrú agus ESMA á chur ar an eolas faoi sin agus, i gcás ina bhféadfadh rioscaí a bheith ann do chobhsaíocht agus do shláine an chórais airgeadais, BERS á chur ar an eolas chomh maith.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3d:
‘3d. Ar bhonn na faisnéise a fhaightear de bhun mhíreanna 3b agus 3c, eiseoidh ESMA tuairim d’údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhír 2, pointe (b) gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA an tuairim sin in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3f:
‘3f. Féadfaidh ESMA treoirlínte a fhorbairt ina dtugtar tásca chun na húdaráis inniúla a threorú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí acu a leagtar amach i mír 2, pointe (b), agus tásca maidir leis na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis na hiarrataí dá dtagraítear i mír 3b a bheith á gcur ar aghaidh. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt ag ESMA, measfaidh sé na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag idirghabháil maoirseachta den sórt sin i gcás cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais i mBallstát eile nó san Aontas. Leis na treoirlínte sin, aithneofar gur ar an GCUI i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as riosca leachtachta a bhainistiú.’;
(40)scriostar Caibidil XI;
(41)in Airteagal 97, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Beidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar an GCUI sin lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, é sin de bhun Airteagal 19 den Treoir seo. Mar sin féin, beidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI inniúil chun an GCUI a mhaoirsiú sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 14a de Rialachán (AE) 2019/1156.’;
(42)in Airteagal 98, scriostar míreanna 3 agus 4;
(43)in Airteagal 99a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (s):
‘(s) GCUI a bhfuil a chuid aonad á margú aige i mBallstát seachas a Bhallstát baile, ní chomhlíonann sé an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17c de Rialachán (AE) 2019/1156.’;
(44)in Airteagal 101, scriostar mír 9;
(45)in Airteagal 106(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Beidh sé de dhualgas ar an duine sin aon fhíoras agus aon chinneadh a thuairisciú a dtagann sé ar an eolas faoi le linn cúram, mar a thugtar tuairisc air sa chéad fhomhír, a dhéanamh i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige mar thoradh ar ghaolmhaireacht rialaithe leis an GCUI nó i ngnóthas a rannchuidíonn le gníomhaíocht ghnó an GCUI, ar gnóthas é ina bhfuil an cúram sin á dhéanamh ag an duine sin.’;
(46)Leasaítear Airteagal 108 mar a leanas:
(a)in mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Beidh an chéad mhír gan dochar do chumhachtaí údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI beart a dhéanamh in aghaidh an GCUI sin de bhun Airteagal 14a de Rialachán (AE) 2019/1156.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcás ina bhfuil cuideachta bainistíochta GCUI bunaithe i mBallstát eile, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta aon chinneadh maidir le húdarú a tharraingt siar, nó aon bheart tromchúiseach eile arna dhéanamh in aghaidh GCUI, nó aon chás ina bhforchuirtear air eisiúint, athcheannach nó fuascailt a aonad a chur ar fionraí.’;
(c)scriostar míreanna 4 agus 5;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir, ó thaobh an dlí de, laistigh dá gcríocha na doiciméid dhlíthiúla is gá a sheirbheáil le haghaidh na mbeart a fhéadfaidh Ballstát baile an GCUI a dhéanamh in aghaidh na cuideachta bainistíochta de bhun mhír 2.’;
(47)cuirtear isteach na hAirteagail 110b go 110d seo a leanas:
‘Airteagal 110b
Athbhreithniú ESMA ar ghrúpaí móra AE de chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna
1. Faoin [cuir isteach dáta = 12 mhí ón teacht i bhfeidhm], sainaithneoidh ESMA gach grúpa AE de chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)tá glanluachanna sócmhainní comhiomlána uile-Aontais na gcuideachtaí bainistíochta agus BCIManna laistigh den ghrúpa os cionn EUR 300 billiún;
(b)tá na cuideachtaí bainistíochta agus na BCIManna laistigh den ghrúpa bunaithe i níos mó ná aon Bhallstát amháin, nó déanann na cuideachtaí bainistíochta agus na BCIManna sin GCUI agus CIManna a bhainistiú nó a mhargú i níos mó ná aon Bhallstát amháin.
Foilseoidh ESMA liosta de ghrúpaí AE de chuideachtaí bainistíochta agus BCIManna a shainaithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta gach 3 bliana.
2. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), le sócmhainní comhiomlána uile-Aontais faoi bhainistíocht, cuimseofar sócmhainní AE faoi bhainistíocht atá faoi raon feidhme na Treorach seo nó faoi raon feidhme Threoir 2011/61/AE.
3. Déanfaidh ESMA athbhreithniú, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar gach grúpa AE a shainaithnítear de bhun mhír 1, arb athbhreithniú é a dhéanfar i gcomhar le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na gcuideachtaí bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na BCIManna atá ina gcuid den ghrúpa AE.
Le linn an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ESMA measúnú ar na cineálacha cur chuige maoirseachta a chleachtann údaráis inniúla na gcuideachtaí bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, BCIManna laistigh de gach grúpa AE i gcur i bhfeidhm cheanglais na Treorach seo agus Threoir 2011/61/AE. Chun críoch an athbhreithnithe sin, úsáidfidh ESMA modheolaíocht lena n‑áirithítear inchomparáideacht agus comhsheasmhacht na gcur chuige maoirseachta sin.
4. San athbhreithniú dá dtagraítear i mír 3, déanfar measúnú, go háirithe, ar na cineálacha cur chuige maoirseachta maidir leis na nithe seo a leanas i ndáil le gach grúpa AE:
(a)struchtúr eagrúcháin agus socruithe rialachais;
(b)acmhainní agus leithdháileadh na n‑acmhainní sin laistigh agus lasmuigh den ghrúpa AE, lena n‑áirítear feidhmeanna na ndaoine a dhéanann gnó na gcuideachtaí bainistíochta go héifeachtach agus, i gcás inarb ábhartha, gnó na BCIManna, laistigh den ghrúpa AE;
(c)córais bainistithe riosca.
5. Chun críocha an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas a thiomsú agus a chomhdhlúthú ar leibhéal an ghrúpa:
(a)na sonraí uile atá ábhartha don athbhreithniú agus atá ar fáil dó nó d’údaráis inniúla cheana féin;
(b)cláir gníomhaíochtaí na gcuideachtaí bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, BCIManna laistigh den ghrúpa AE.
6. Tar éis gach athbhreithnithe, dá dtagraítear i mír 3, tar éis do ESMA dul i gcomhairle le húdaráis inniúla Bhallstáit baile na gcuideachtaí bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na BCIManna laistigh den ghrúpa AE, cinnfidh ESMA ar shainaithin sé aon chur chuige maoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach nó easnamhach.
Cuimseoidh ESMA na torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i dtuarascáil athbhreithniúcháin, a eiseoidh an Bord Feidhmiúcháin, ar tuarascáil í a dhíreofar chuig údaráis inniúla Bhallstáit bhaile na gcuideachtaí bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis inniúla Bhallstáit bhaile na BCIManna laistigh den ghrúpa AE.
7. Más rud é, le linn an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, go sainaithníonn ESMA réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíocht mhaoirseachta, eiseoidh a Bhord feidhmiúcháin moladh maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann, ar moladh é a bheidh le cur chun feidhme laistigh de thréimhse réasúnta ama, nach faide ná bliain amháin.
Cuirfidh ESMA údaráis inniúla Bhallstáit óstacha na gcuideachtaí bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis inniúla Bhallstáit óstacha na BCIManna ar an eolas faoina thorthaí freisin, lena n‑áirítear aon mholadh maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá eisithe aige de bhun na chéad fhomhíre.
8. Maidir le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na gcuideachtaí bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, BCIManna laistigh den ghrúpa AE, i gcás nach leanann siad an moladh arna eisiúint de bhun mhír 7, gníomhóidh ESMA i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 17, 17aa nó 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 110c
Cumhachtaí ESMA chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasteorann
1. Sainaithneoidh ESMA ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach agus easnamhach a eascraíonn as na húdaráis inniúla bhaile nó óstacha agus a chuireann bac ar fheidhmiú éifeachtach chearta an nós imeachta pas ag cuideachtaí bainistíochta i gcomhréir le Caibidil II, Roinn 4 den Treoir seo agus a chuireann bac ar thaisclanna a bhfeidhmeanna a dhéanamh ar bhonn trasteorann, de bhun Airteagal 23(1).
2. Chun críoch mhír 1, rachaidh ESMA i dteagmháil leis na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, baileoidh sé faisnéis bhreise chun saincheisteanna trasteorann atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.
I gcás ina sainaithneoidh ESMA, de bhun na chéad fhomhíre, saincheisteanna trasteorann atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, molfaidh sé gníomhaíochtaí ceartaitheacha do na húdaráis inniúla ábhartha chun deireadh a chur leis na saincheisteanna sin.
3. I gcás, d’ainneoin na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 2 nó toisc go mainníonn na húdaráis inniúla ábhartha na gníomhaíochtaí ceartaitheacha sin a chur chun feidhme, ina leanann na saincheisteanna a sainaithníodh de bhun mhír 2 ar aghaidh, feidhmeoidh ESMA, gan moill mhíchuí, ceann amháin ar a laghad de na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 17, 17aaa, 19 nó 19a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sna cásanna seo a leanas:
(a)cuireann údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta cosc ar chuideachta bainistíochta GCUInna a bhainistiú ina gcríoch, nó tá sé beartaithe ag na húdaráis sin cosc a chur ar chuideachta bainistíochta déanamh amhlaidh, nó forchuireann siad ceanglais ar bhainistiú den sórt sin, ar ceanglais iad nach gcomhlíonann an Treoir seo;
(b)cuireann údaráis inniúla Bhallstát bhaile an GCUI cosc ar cheapadh taisclainne atá bunaithe i mBallstát eile dá dtagraítear in Airteagal 23(1) nó tá sé beartaithe ag na húdaráis sin déanamh amhlaidh, nó forchuireann na húdaráis sin ceanglais ar cheapachán den sórt sin ar ceanglais iad nach gcomhlíonann an Treoir seo;
(c)déanann cuideachta bainistíochta nó taisclann feidhmeanna nó soláthraíonn sí seirbhísí ar bhonn trasteorann, nó tá sé beartaithe aici déanamh amhlaidh, gan dlí an Aontais á chomhlíonadh aici.
An oibleagáid ceann amháin ar a laghad de na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú, beidh sí gan dochar d’acmhainneacht ESMA aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a úsáid lasmuigh den nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo.
4. D’ainneoin na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, maidir le cumas cuideachta bainistíochta nó taisclainne aon fheidhm a dhéanamh agus aon seirbhís a sholáthar laistigh de chríoch Ballstáit eile, féadfaidh ESMA an cumas sin a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)ní chuireann na húdaráis inniúla nó na páirtithe leasmhara lena mbaineann chun feidhme cinneadh, tuairim, moladh nó gníomhaíocht a ghlac ESMA nó a chuir ESMA de cheangal orthu a chur chun feidhme, i gcomhréir le mír 3 nó tuairim a d’eisigh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(b)maidir le cuideachta bainistíochta nó taisclann a dhéanann a feidhmeanna nó a chuireann seirbhísí ar fáil ar bhonn trasteorann, chinn ESMA nach gcomhlíonann sí ceanglais na Treorach seo a thuilleadh.
Sula gcuirfear cumas cuideachta bainistíochta nó taisclainne ar fionraí maidir le haon fheidhm a dhéanamh nó aon seirbhís a sholáthar ar bhonn trasteorann dá dtagraítear sa chéad fhomhír, seolfaidh ESMA a dhréacht-torthaí chuig an gcuideachta bainistíochta nó chuig an taisclann lena mbaineann agus chuig údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta nó na taisclainne. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ráiteas réasúnaithe a chur faoi bhráid ESMA laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh na dréacht-torthaí a fháil.
Tabharfaidh ESMA fógra go pras don chuideachta bainistíochta nó don taisclann maidir le fionraí an chumais aon fheidhm a dhéanamh nó aon seirbhís a sholáthar ar bhonn trasteorann. Féadfar tús a chur leis an bhfionraí ar dháta an fhógra agus cuirfear tús léi tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an fhógra sin.
5. Is go bliantúil ar a laghad a fhoilseoidh ESMA tuarascáil maidir lena ghníomhaíocht i gcomhréir le míreanna 1 go 4.
Airteagal 110d
Réiteach díospóidí
I gcás n‑easaontaíonn údaráis inniúla le measúnú, le gníomhaíocht nó le neamhghníomh údaráis inniúil amháin i réimsí ina gceanglaítear leis an Treoir seo go mbeidh comhar nó comhordú ann idir údaráis inniúla ó níos mó ná aon Bhallstát amháin, féadfaidh údarás inniúil amháin nó níos mó an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA, a ghníomhóidh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(48)in Airteagal 117, scriostar an tríú fomhír;
(49)in Airteagal 118, scriostar mír 2;
(50)Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I den Treoir seo in ionad Iarscríbhinn II.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2011/61/AE
Leasaítear Treoir 2011/61/AE mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:
(a)scriostar pointe (aea);
(b)cuirtear isteach na pointí (av) agus (aw) seo a leanas:
‘(av) ciallaíonn ‘grúpa AE de BCIM agus cuideachta bainistíochta, i ndáil le BCIM nó cuideachta bainistíochta ar leith, grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá comhdhéanta d’aon cheann díobh seo a leanas:
(a)cuideachtaí bainistíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá bunaithe san Aontas, agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin;
(b)bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b) den Treoir seo, atá bunaithe san Aontas, agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir seo;
(c)gnólachtaí infheistíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin;
(d)institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá bunaithe san Aontas, agus atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin;
(aw) ciallaíonn ‘cuideachta bainistíochta GCUI’ cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2009/65/CE.’
(2)in Airteagal 6(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘De mhaolú ar mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar BCIM seachtrach a údarú chun na seirbhísí seo a leanas a sholáthar, sa bhreis ar bhainistiú CIManna:’;
(3)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. De mhaolú ar mhír 2, pointe (e), ní chuirfidh na Ballstáit de cheangal ar BCIM an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), a sholáthar d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile, i gcás ina mbraitheann an BCIM sin ar eintiteas amháin nó níos mó a bhaineann lena ghrúpa AE chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a fheidhmiú nó na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 6(4) a sholáthar.
San iarratas ar údarú BCIM a bhraitheann ar acmhainní daonna agus teicniúla eintitis amháin nó níos mó a bhaineann lena ghrúpa AE chun a ghnó a dhéanamh, sonrófar na hacmhainní daonna agus teicniúla sin sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (c). Maidir le BCIM a údarú, ní chuirfear é faoi réir an cheanglais go staonfaidh an BCIM ó úsáid a bhaint as acmhainní eintitis amháin nó níos mó laistigh den ghrúpa AE céanna sin.’;
(b)cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:
‘6. Chun comhchuibhiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)mionsonraí na faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla san iarratas ar BCIM a údarú, lena n‑áirítear an clár gníomhaíochta;
(b)na nósanna imeachta agus na hamlínte atá le leanúint mar chuid den iarratas ar BCIM a údarú;
(c)na modhanna agus na socruithe chun an fhaisnéis atá le soláthar a chur ar fáil
Forbróidh ESMA réitigh TF, lena n‑áirítear teimpléid, caighdeáin sonraí, formáidí agus treoracha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(4)in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh i mír 2:
‘Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údarás inniúil, a dheonaigh údarú do cheann amháin de na BCIManna seo a leanas, údaráis inniúla na mBallstát eile lena mbaineann a chur ar an eolas faoin údarú sin:’;
(5)in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh údaráis inniúla de cheangal ar BCIManna suas le 50 % de mhéid breise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar má thairbhíonn siad de ráthaíocht den mhéid céanna arna tabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais a bhfuil a hoifig nó a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil an institiúid nó an gnóthas sin faoi réir rialacha stuamachta a measann na húdaráis inniúla gur rialacha coibhéiseacha iad leo siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais.’;
(6)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘1. Maidir le BCIManna atá údaraithe sa Bhallstát sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh siad rialacha iompair i gcónaí. Leis na rialacha iompair sin, áiritheofar an méid seo a leanas maidir le BCIManna:’;
(b)i mír 3, cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:
‘Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha iompair dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach iad ó Bhallstát go chéile, féadfaidh ESMA treoirlínte a ghlacadh chun ábhar na rialacha sin a shonrú.’;
(7)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:
‘2a. I gcás ina mbainistíonn BCIM CIM nó ina bhfuil sé beartaithe aige CIM a bhainistiú ar thionscnamh tríú páirtí, lena n‑áirítear cásanna ina n‑úsáideann an CIM sin ainm tionscnóra tríú páirtí nó i gcás ina gceapann BCIM tionscnóir tríú páirtí mar thoscaire de bhun Airteagal 20, cuirfidh BCIM údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar an eolas faoi sin tráth an údaraithe agus, aon choinbhleacht leasa á cur san áireamh, léireoidh sé, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile go gcomhlíonann sé míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Go háirithe, léireoidh an BCIM na bearta réasúnta atá déanta aige chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as an gcaidreamh leis an tríú páirtí a chosc nó, i gcás nach féidir na coinbhleachtaí leasa sin a chosc, an chaoi a ndéanann sé na coinbhleachtaí leasa sin a shainaithint, a bhainistiú, an chaoi a ndéanann sé faireachán orthu agus, i gcás inarb infheidhme, an chaoi a nochtann sé iad, chun cosc a chur ar na coinbhleachtaí leasa sin dochar a dhéanamh do leasanna an CIM agus a infheisteoirí.’;
(8)in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2i:
‘2i. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2f den Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí].’
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2g den Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Aibreán 2025.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i míreanna 2f agus 2g a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(9)Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhoclaíocht tosaigh mhír 1:
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh BCIManna na rialacha stuamachta i gcónaí.’;
(b)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:
Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha stuamachta maidir le BCIManna i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach iad ó Bhallstát go chéile, féadfaidh ESMA treoirlínte a ghlacadh chun ábhar na rialacha sin a shonrú.’;
(10)Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Ní dhéanfar difear do dhliteanas an BCIM i leith a chliant, a chiste infheistíochta mhalartaigh ná a infheisteoirí go bhfuil feidhmeanna nó seirbhísí tarmligthe ag an BCIM chuig tríú páirtí, ná mar gheall ar aon fhotharmligean thairis sin, ná gur bhraith sé ar eintiteas amháin nó níos mó laistigh dá ghrúpa AE chun a fheidhmeanna a dhéanamh de bhun mhír 6a, an dara fomhír. Ní tharmligfidh an BCIM feidhmeanna ná seirbhísí eintitis amháin nó níos mó laistigh dá ghrúpa AE ná ní bhraithfidh sé ar fheidhmeanna ná ar sheirbhísí eintitis amháin nó níos mó laistigh dá ghrúpa AE, a mhéid, go bunúsach, nach féidir a mheas a thuilleadh gurb é bainisteoir an chiste infheistíochta mhalartaigh é nó gurb é soláthraí na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 6(4) é agus a mhéid a bheidh sé ina heintiteas bosca poist.’;
(b)i mír 6a, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina mbraitheann BCIM ar eintiteas laistigh dá ghrúpa AE chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a fheidhmiú nó na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 6(4) a sholáthar, ní mheasfar socrú den sórt sin a bheith ina tharmligean faoi réir na gceanglas a leagtar amach i mír 1, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)is le grúpa AE den BCIM an t‑eintiteas;
(b)tá fógra tugtha ag an BCIM d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile go bhfuil sé ag brath ar eintiteas eile laistigh dá ghrúpa AE chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú nó a seirbhísí a sholáthar;
(c)tá an t‑eintiteas údaraithe go cuí chun na feidhmeanna sin a fheidhmiú nó na seirbhísí sin a sholáthar thar ceann an BCIM.’;
(11)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 3 mar a leanas:
(a)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
‘(a) institiúid creidmheasa a bhfuil a hoifig chláraithe san Aontas agus atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE;
(b) gnólacht infheistíochta a bhfuil a oifig chláraithe aige san Aontas, agus atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE chun an tseirbhís choimhdeach a sholáthar do chuntais cliant maidir le slánchoinneáil agus riar ionstraimí airgeadais i gcomhréir le Roinn B, pointe (1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE; nó’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Ina theannta sin, i ndáil le CIManna nach bhfuil aon cheart fuascailte acu is infheidhmithe le linn na tréimhse 5 bliana ó dháta na n‑infheistíochtaí tosaigh agus, i gcomhréir lena bpríomhbheartas infheistíochta, nach ndéanann infheistíocht go ginearálta i sócmhainní nach mór a choimeád faoi chumhdach i gcomhréir le pointe (a) de mhír 8, nó a dhéanann infheistíocht go ginearálta in eisitheoirí nó i gcuideachtaí neamhliostaithe chun go bhféadfaidís rialú a fháil ar na cuideachtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 26, ceadóidh údaráis inniúla do na CIManna sin go bhféadfaidh an taisclann a bheith ina heintiteas a dhéanann feidhmeanna taisclainne mar chuid dá ghníomhaíochtaí gairmiúla nó gnó, ar gníomhaíochtaí iad ar ina leith atá an t‑eintiteas sin faoi réir clárú gairmiúil éigeantach, a aithnítear le dlí, nó faoi réir forálacha dlí nó rialála nó rialacha iompair ghairmiúil, agus ar féidir leis ráthaíochtaí airgeadais agus gairmiúla leormhaithe a sholáthar chun a chur ar a chumas dó na feidhmeanna taisclainne ábhartha a fheidhmiú go héifeachtach agus na gealltanais ar gné dhílis iad de na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.’;
(b)i mír 5, cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:
‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh BCIM taisclann a cheapadh le haghaidh CIM a bhainistíonn sé, ar taisclann í a bhfuil a hoifig chláraithe lonnaithe nó atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát baile an chiste infheistíochta mhalartaigh, ar choinníoll go bhfuil an taisclann i gceann de na catagóirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b) agus go bhfuil sí údaraithe go cuí chun seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile de bhun Threoir 2013/36/AE nó Airteagal 6(3) de Threoir 2014/65/AE, faoi seach.’;
(c)scriostar mír 5a;
(12)in Airteagal 22(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil:’;
(13)in Airteagal 29(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘San fhaisnéis bhreise atá le cuimsiú i dtuarascáil bhliantúil na cuideachta neamhliostaithe nó an chiste infheistíochta mhalartaigh, i gcomhréir le mír 1, beidh athbhreithniú cothrom ar fhorbairt ghnó na cuideachta neamhliostaithe, a bheidh ina léiriú ar an staid ag deireadh na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil bhliantúil. Tabharfar léiriú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas freisin:’;
(14)i gCaibidil VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘NA CEARTA ATÁ AG BCIManna AE CHUN CIManna AE A BHAINISTIÚ SAN AONTAS’;
(15)Scriostar Airteagail 30a, 31, 32 agus 32a;
(16)in Airteagal 33(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile BCIM an doiciméadacht iomlán a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM, laistigh de 15 lá tar éis dóibh an doiciméadacht iomlán a fháil i gcomhréir le mír 2 nó laistigh de 1 mhí amháin tar éis dóibh an doiciméadacht iomlán a fháil i gcomhréir le mír 3. Ní dhéanfar an tarchur sin ach amháin má chomhlíonann bainistiú an chiste infheistíochta mhalartaigh ag BCIM an Treoir seo, agus má leanann an bainistiú sin den Treoir a chomhlíonadh, agus má chomhlíonann BCIM an Treoir seo ar shlite eile seachas sin.’;
(17)in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh BCIM AE údaraithe aonaid nó scaireanna de CIManna neamh-AE atá á mbainistiú aige a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla san Aontas, mar aon le haonaid nó scaireanna d’fhothaire CIManna AE, i gcás, maidir leis an máistir-CIM, nach CIM AE é atá á bhainistiú ag BCIM AE údaraithe, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 10.’;
(18)In Airteagal 36(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘1. Gan dochar d’Airteagal 35, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do BCIM AE údaraithe aonaid nó scaireanna de CIManna neamh-AE atá á mbainistiú aige a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla, ina gcríoch féin amháin, mar aon le haonaid nó scaireanna d’fhothaire CIManna AE, i gcás, maidir leis an máistir-CIM, nach CIM AE é atá á bhainistiú ag BCIM AE údaraithe, ar choinníoll:’;
(19)In Airteagal 43a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Ní chuirfidh Ballstáit óstacha de cheangal ar BCIM láithreacht fhisiciúil a bheith aige ina gcríoch ná tríú páirtí a cheapadh sa Bhallstát óstach sin chun críocha mhír 1 ná chun aon chríoch eile a bhaineann le gníomhaíochtaí an BCIM sa Bhallstát óstach sin.’;
(20)Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Is iad údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a bheidh freagrach as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar BCIM, bíodh CIManna i mBallstát eile á mbainistiú nó á margú ag an BCIM nó ná bíodh, gan dochar do na forálacha sin den Treoir seo nó de Rialachán (AE) 2019/1156 lena dtugtar an fhreagracht d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM maoirseacht a dhéanamh ar an BCIM.
2. Is iad údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 12 agus 14 ag BCIM, i gcás ina mbainistíonn BCIM CIManna trí bhrainse sa Bhallstát sin.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM é a chur de cheangal ar BCIM a bhainistíonn CIManna ina chríoch, bíodh sin trí bhrainse nó ná bíodh, an fhaisnéis is gá a sholáthar chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha is infheidhme ag BCIM, arb iad sin na rialacha a bhfuil na húdaráis inniúla sin freagrach astu.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Maidir le húdaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM a bhfaigheann na húdaráis amach ina leith go bhfuil BCIM a bhainistíonn CIManna i gcríoch an Bhallstáit sin, bíodh sin trí bhíthin brainse nó ná bíodh, ag sárú ceann de na rialacha a bhfuil freagracht orthu as maoirseacht a dhéanamh ar a gcomhlíonadh, cuirfidh siad de cheangal ar an BCIM lena mbaineann deireadh a chur leis an sárú sin agus údaráis inniúla an Bhallstáit baile a chur ar an eolas faoi.’;
(d)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 7 agus 8:
‘7. Údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM a bhfuil forais shoiléire inléirithe acu lena chreidiúint go bhfuil an BCIM a bhainistíonn CIManna i gcríoch an Bhallstáit sin, bíodh sin trí bhíthin brainse nó ná bíodh, ag sárú na n‑oibleagáidí a eascraíonn as rialacha nach bhfuil aon fhreagracht orthu as maoirseacht a dhéanamh ar a gcomhlíonadh, tarchuirfidh siad na torthaí sin chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM sin, agus déanfaidh siad bearta iomchuí, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis mhaoirseachta ábhartha i dtríú tíortha.
8. Más rud é, d’ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM i gcomhréir le mír 7, nó toisc nár leor na bearta sin ar deireadh, nó toisc go mainníonn Ballstát baile an BCIM gníomhú laistigh de thráthchlár réasúnta, go leanann an BCIM de ghníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí an chiste infheistíochta mhalartaigh ábhartha, do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine an mhargaidh i mBallstát óstach an BCIM, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM dá dtagraítear i mír 7, tar éis dóibh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a chur ar an eolas, féadfaidh siad na bearta iomchuí uile is gá a dhéanamh chun infheisteoirí an chiste infheistíochta mhalartaigh lena mbaineann, cobhsaíocht airgeadais agus sláine an mhargaidh sa Bhallstát óstach a chosaint.’;
(21)cuirtear na hAirteagail 47a go 47c seo a leanas isteach:
‘Airteagal 47a
Athbhreithniú ESMA ar ghrúpaí móra AE de BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta
1. Faoin [cuir isteach dáta = 12 mhí ón teacht i bhfeidhm], sainaithneoidh ESMA gach grúpa AE de BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)tá glanluachanna sócmhainní comhiomlána uile-Aontais BCIManna agus na gcuideachtaí bainistíochta laistigh den ghrúpa os cionn EUR 300 billiún;
(b)tá na BCIManna agus na cuideachtaí bainistíochta laistigh den ghrúpa bunaithe i níos mó ná aon Bhallstát amháin, nó déanann na BCIManna agus na cuideachtaí bainistíochta sin CIManna agus GCUInna a bhainistiú nó a mhargú i níos mó ná aon Bhallstát amháin.
Foilseoidh ESMA liosta de na grúpaí AE de BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta a shainaithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta gach 3 bliana.
2. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), le sócmhainní comhiomlána uile-Aontais faoi bhainistíocht, cuimseofar sócmhainní AE faoi bhainistíocht atá faoi raon feidhme na Treorach seo nó faoi raon feidhme Threoir 2009/65/CE.
3. Déanfaidh ESMA athbhreithniú, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar gach grúpa AE a shainaithnítear de bhun mhír 1, arb athbhreithniú a dhéanfar i gcomhar le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile BCIManna agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na gcuideachtaí bainistíochta atá ina gcuid den ghrúpa AE.
Le linn an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ESMA measúnú ar na cineálacha cur chuige maoirseachta a chleachtann údaráis inniúla na BCIManna agus, i gcás inarb ábhartha, cuideachtaí bainistíochta laistigh de gach grúpa AE i gcur i bhfeidhm cheanglais na Treorach seo agus Threoir 2009/65/CE. Chun críoch an athbhreithnithe sin, úsáidfidh ESMA modheolaíocht lena n‑áirithítear inchomparáideacht agus comhsheasmhacht na gcur chuige maoirseachta sin.
4. San athbhreithniú dá dtagraítear i mír 3, déanfar measúnú, go háirithe, ar na cineálacha cur chuige maoirseachta maidir leis na nithe seo a leanas i ndáil le gach grúpa AE:
(a)struchtúr eagrúcháin agus socruithe rialachais;
(b)acmhainní agus leithdháileadh na n‑acmhainní sin laistigh agus lasmuigh den ghrúpa AE, lena n‑áirítear feidhmeanna na ndaoine a dhéanann gnó na BCIManna go héifeachtach agus, i gcás inarb ábhartha, gnó na gcuideachtaí bainistíochta, laistigh den ghrúpa AE;
(c)córais bainistithe riosca.
5. Chun críocha an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas a thiomsú agus a chomhdhlúthú ar leibhéal an ghrúpa:
(a)na sonraí uile atá ábhartha don athbhreithniú agus atá ar fáil dó nó d’údaráis inniúla cheana féin;
(b)cláir gníomhaíochtaí na BCIManna agus, i gcás inarb ábhartha, na gcuideachtaí bainistíochta laistigh den ghrúpa AE.
6. Tar éis gach athbhreithnithe, dá dtagraítear i mír 3, tar éis do ESMA dul i gcomhairle le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na BCIManna agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na gcuideachtaí bainistíochta laistigh den ghrúpa AE, cinnfidh ESMA ar shainaithin sé aon chur chuige maoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach nó easnamhach.
Cuimseoidh ESMA na torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i dtuarascáil ar athbhreithniú, a eiseoidh an Bord Feidhmiúcháin, ar tuarascáil í a dhíreofar chuig údaráis inniúla Bhallstáit bhaile na BCIManna agus, i gcás inarb ábhartha, chuig údaráis inniúla Bhallstáit bhaile na gcuideachtaí bainistíochta laistigh den ghrúpa AE.
7. I gcás, le linn an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, ina sainaithneoidh ESMA réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíocht mhaoirseachta, eiseoidh a Bhord feidhmiúcháin moladh maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann, ar moladh é a bheidh le cur chun feidhme laistigh de thréimhse réasúnta ama, nach faide ná bliain amháin.
Cuirfidh ESMA údaráis inniúla Bhallstáit óstacha na BCIManna agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis inniúla Bhallstáit óstacha na gcuideachtaí bainistíochta ar an eolas faoina thorthaí freisin, lena n‑áirítear aon mholadh maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá eisithe aige de bhun na chéad fhomhíre.
8. Maidir le húdaráis inniúla Bhallstáit bhaile na BCIManna agus, i gcás inarb ábhartha, na gcuideachtaí bainistíochta laistigh den ghrúpa AE, i gcás nach leanann siad an moladh arna eisiúint de bhun mhír 7, gníomhóidh ESMA i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 17, 17aa nó 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 47b
Cumhachtaí ESMA chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasteorann
1. Sainaithneoidh ESMA ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach agus easnamhach a eascraíonn as na húdaráis inniúla bhaile nó óstacha agus a chuireann bac ar fheidhmiú éifeachtach chearta an nós imeachta pas ag BCIManna i gcomhréir le hAirteagal 33 den Treoir seo agus a chuireann bac ar thaisclanna a bhfeidhmeanna a dhéanamh ar bhonn trasteorann, de bhun Airteagal 21(5).
2. Chun críoch mhír 1, rachaidh ESMA i dteagmháil leis na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, baileoidh sé faisnéis bhreise chun saincheisteanna trasteorann atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.
I gcás ina sainaithneoidh ESMA, de bhun na chéad fhomhíre, saincheisteanna trasteorann atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, molfaidh sé gníomhaíochtaí ceartaitheacha do na húdaráis inniúla ábhartha chun deireadh a chur leis na saincheisteanna sin.
3. I gcás, d’ainneoin na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 2 nó toisc go mainníonn na húdaráis inniúla ábhartha na gníomhaíochtaí ceartaitheacha sin a chur chun feidhme, ina leanann na saincheisteanna a sainaithníodh de bhun mhír 2 ar aghaidh, feidhmeoidh ESMA, gan moill mhíchuí, ceann amháin ar a laghad de na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 17, 17aaa, 19 nó 19aa de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
(a)cuireann údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM cosc ar BCIM CIManna a bhainistiú ina gcríoch, nó tá sé beartaithe acu cosc a chur ar BCIM déanamh amhlaidh, nó forchuireann na húdaráis sin ceanglais ar bhainistiú den sórt sin, ar ceanglais iad nach gcomhlíonann an Treoir seo;
(b)cuireann údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM nó údaráis inniúla Bhallstát baile an chiste infheistíochta mhalartaigh cosc ar cheapadh taisclainne atá bunaithe i mBallstát eile dá dtagraítear in Airteagal 21(5), nó tá sé beartaithe acu déanamh amhlaidh, nó forchuireann siad ceanglais ar cheapachán den sórt sin ar ceanglais iad nach gcomhlíonann an Treoir seo;
(c)déanann BCIM nó taisclann feidhmeanna nó soláthraíonn seirbhísí ar bhonn trasteorann, nó tá sé beartaithe aige nó aici déanamh amhlaidh, cé nach gcomhlíonann sé nó sí dlí an Aontais.
An oibleagáid ceann amháin ar a laghad de na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú, beidh sí gan dochar d’acmhainneacht ESMA aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a úsáid lasmuigh den nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo.
4. D’ainneoin na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, maidir le cumas BCIM nó taisclainne aon fheidhm a dhéanamh agus aon seirbhís a sholáthar laistigh de chríoch Ballstáit eile, féadfaidh ESMA an cumas sin a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)ní chuireann na húdaráis inniúla nó na páirtithe leasmhara lena mbaineann chun feidhme cinneadh, tuairim, moladh nó gníomhaíocht a ghlac ESMA nó a chuir ESMA de cheangal orthu a chur chun feidhme, i gcomhréir le mír 3 nó tuairim a d’eisigh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(b)maidir le BCIM nó taisclann a dhéanann a fheidhmeanna nó a feidhmeanna nó a chuireann seirbhísí ar fáil ar bhonn trasteorann, chinn ESMA nach gcomhlíonann sé nó sí ceanglais na Treorach seo a thuilleadh.
Sula gcuirfear cumas BCIM nó taisclainne ar fionraí maidir le haon fheidhm a dhéanamh nó aon seirbhís a sholáthar ar bhonn trasteorann dá dtagraítear sa chéad fhomhír, seolfaidh ESMA a dhréacht-torthaí chuig an BCIM nó chuig an taisclann lena mbaineann agus chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM nó na taisclainne. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ráiteas réasúnaithe a chur faoi bhráid ESMA laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh na dréacht-torthaí a fháil.
Tabharfaidh ESMA fógra go pras don BCIM nó don taisclann maidir le fionraí an chumais aon fheidhm a dhéanamh nó aon seirbhís a sholáthar ar bhonn trasteorann. Féadfar tús a chur leis an bhfionraí ar dháta an fhógra agus cuirfear tús léi tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an fhógra sin.
5. Is go bliantúil ar a laghad a fhoilseoidh ESMA tuarascáil maidir lena ghníomhaíocht i gcomhréir le míreanna 1 go 4.’;
(22)Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5g:
‘5g. I gcás ina ndearna BCIM taisclann atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát an chiste infheistíochta mhalartaigh a cheapadh le haghaidh CIM atá á bhainistiú aige, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 21(5), agus i gcás ina bhfuil ag údaráis inniúla Bhallstát baile CIM nó, i gcás nach rialáiltear an CIM, i gcás ina bhfuil ag údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a bhainistíonn an CIM, forais réasúnacha le bheith in amhras go bhfuil gníomhartha atá contrártha don Treoir seo á ndéanamh nó déanta ag taisclann nach bhfuil faoi réir mhaoirseacht na n‑údarás inniúil sin, tabharfaidh na húdaráis inniúla sin fógra gan mhoill do ESMA agus d’údaráis inniúla na taisclainne lena mbaineann ar bhealach chomh sonrach agus is féidir. Déanfaidh na húdaráis inniúla is faighteoirí gníomhaíocht iomchuí agus déanfaidh siad ESMA agus na húdaráis inniúla a thugann fógra a chur ar an eolas faoi thoradh na gníomhaíochta sin. Beidh an mhír seo gan dochar d’inniúlachtaí na n‑údarás inniúil a thugann fógra.
(b)cuirtear an mhír 5i seo a leanas isteach:
‘5i. De mhaolú ar mhíreanna 5b go 5f, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis inniúla Bhallstát óstach BCIM, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(r), pointe (ii), a iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM cumhachtaí a fheidhmiú de bhun Airteagal 46(2), déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14b de Rialachán (AE) 2019/1156.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Féadfaidh ESMA treoirlínte a fhorbairt ina dtugtar tásca chun na húdaráis inniúla a threorú maidir le feidhmiú na gcumhachtaí acu a leagtar amach in Airteagal 46(2), pointe (j), agus tásca maidir leis na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis na hiarrataí dá dtagraítear i míreanna 5b agus 5f a chur ar aghaidh. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt ag ESMA, measfaidh sé na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag idirghabháil maoirseachta den sórt sin i gcás cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais i mBallstát eile nó san Aontas. Leis na treoirlínte sin, aithneofar gur ar BCIManna fós atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta.’;
(23)in Airteagal 54, scriostar mír 4;
(24)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55:
‘Airteagal 55
Réiteach díospóidí
I gcás n‑easaontaíonn údaráis inniúla le measúnú, le gníomhaíocht nó le neamhghníomh údaráis inniúil amháin i réimsí ina gceanglaítear leis an Treoir seo go mbeidh comhar nó comhordú ann idir údaráis inniúla ó níos mó ná aon Bhallstát amháin, féadfaidh údarás inniúil amháin nó níos mó an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(25)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60:
‘I gcás ina mbainfidh Ballstát úsáid as maolú nó as rogha dá bhforáiltear le hAirteagal 15(4g) nó le hAirteagal 22, 28 nó 43, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin nó ar mhodhanna eile atá inrochtana go héasca.’;
(26)in Airteagal 61, scriostar mír 2;
(27)in Airteagal 69-a (1), scriostar pointe (d).
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE
Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Leis an Treoir seo bunaítear ceanglais i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)údarú agus dálaí oibriúcháin i gcás gnólachtaí infheistíochta;
(b)soláthar seirbhísí infheistíochta nó feidhmiú gníomhaíochtaí infheistíochta ag gnólachtaí tríú tír trí bhrainse a bhunú;
(c)maoirseacht ar ghnólachtaí infheistíochta, forfheidhmiú na rialacha is infheidhme ag údaráis inniúla, agus an comhar idir údaráis inniúla maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú den sórt sin.
3.Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas freisin maidir le hinstitiúidí creidmheasa a údaraítear faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE, nuair a sholáthraíonn siad seirbhís infheistíochta amháin nó níos mó nó nuair a dhéanann siad gníomhaíochtaí infheistíochta:
(a)Airteagal 2(2), Airteagal 9(3), Airteagal 14, agus Airteagail 16 go 17;
(b)Caibidil II de Theideal II cé is moite d’Airteagal 29(2), an dara fomhír;
(c)Caibidil III de Theideal II cé is moite d’Airteagal 34(2) agus (3) agus d’Airteagal 35(2) go (6) agus (9);
(d)Airteagail 67 go 75 agus Airteagail 80, 85 agus 86.’;
(2)in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 12 agus 13:
‘(12)
Ciallaíonn ‘margadh fáis FBManna’ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (8a), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;
(13)
ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ cuideachtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (8b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:
‘(18)
ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (10), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;’;
(c)cuirtear an pointe (18a) seo a leanas isteach:
‘(18a)
ciallaíonn ‘oibreoir margaidh uile-Eorpach’, nó ‘OMUE’ oibreoir margaidh uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10a), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 21 go 24:
‘(21)
ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (13), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;
(22)
ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach’ nó ‘MTF’ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (14) de Rialachán Uimh. 2014/600;
(23)
ciallaíonn ‘saoráid trádála eagraithe’ nó ‘OTF’ saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (15) de Rialachán Uimh. 600/2014;
(24)
ciallaíonn ‘ionad trádála’ ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 30:
‘(30)
ciallaíonn ‘brainse’ brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (20), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;’;
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 38:
‘(38)
ciallaíonn ‘trádáil bhunairgid mheaitseáilte’ idirbheart mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (52), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;’;
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 55 agus 56:
‘(55) ciallaíonn ‘Ballstát baile’:
(a)i gcás inar duine nádúrtha é an gnólacht infheistíochta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;
(b)i gcás inar duine dlítheanach é an gnólacht infheistíochta, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite;
(c)i gcás nach bhfuil aon oifig chláraithe ag an ngnólacht infheistíochta, faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;
(56)
ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina bhfuil brainse ag gnólacht infheistíochta, nó ina soláthraíonn sé seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta;’;
(3)in Airteagal 5, scriostar mír 2;
(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:
‘Airteagal 8
Údaruithe a tharraingt siar
Féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú a eisíodh do ghnólacht infheistíochta a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:
(a)níor úsáid an gnólacht infheistíochta sin an t‑údarú laistigh de 12 mhí tar éis a eisiúna, tréigeann sé an t‑údarú go sainráite nó mura bhfuil aon seirbhís infheistíochta soláthraithe aige nó aon ghníomhaíocht infheistíochta déanta aige sna 6 mhí roimhe sin, mura rud é go ndearna an Ballstát lena mbaineann foráil maidir le dul in éag an údaraithe i gcásanna den sórt sin;
(b)fuair an gnólacht infheistíochta sin an t‑údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;
(c)ní chomhlíonann an gnólacht infheistíochta sin na coinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú a thuilleadh, lena n‑áirítear neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
(d)sháraigh sé, ar bhealach tromchúiseach córasach, na forálacha a glacadh de bhun na Treorach seo nó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 lena rialaítear na dálaí oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta;
(e)tagann sé faoi réim aon cheann de na cásanna ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta maidir le tarraingt siar, i leith ábhair lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas faoi gach údarú a tharraingítear siar.
______________________
*
Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lgh. 1–63. ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2033/oj
).’;
(5)in Airteagal 16(5), cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:
‘Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le MTFanna ná OTFanna arna n‑oibriú ag gnólacht infheistíochta.’;
(6)in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 2g de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, maidir le gnólacht infheistíochta a ghabhann do thrádáil algartamach, measfar go bhfuil straitéis cruthaithe margaidh á saothrú aige nuair, mar chomhalta nó mar rannpháirtí d’ionad trádála amháin nó níos mó, a bhaineann straitéis an ghnólachta sin, agus é ag déileáil ar a chuntas féin, le luachana tairisceana agus iarrata comhuaineacha daingne, ar mhéid inchomparáide agus ar phraghsanna iomaíocha i gcás ionstraim airgeadais amháin nó níos mó, a bhreacadh go dtí ionad trádála aonair nó go dtí ionaid trádála éagsúla, agus gurb é is toradh air sin go soláthraítear leachtacht go tráthrialta agus go minic don mhargadh foriomlán.’;
(7)scriostar Airteagail 18 go 20;
(8)in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis inniúla, i gcás nach mbeidh ESMA i gceannas ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta a údarú agus a mhaoirsiú de bhun Airteagal 38fa de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla sin faireachán ar na gníomhaíochtaí sin chun a mheasúnú ar comhlíonadh na dálaí oibriúcháin dá bhforáiltear sa Treoir seo. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta iomchuí i bhfeidhm chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá a fháil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na ngnólachtaí infheistíochta leis na hoibleagáidí sin.’;
(9)i gCaibidil II de Theideal II, scriostar Ranna 3 agus 4;
(10)Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthar seirbhísí infheistíochta nó feidhmiú gníomhaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear i Roinn A, pointí (8) agus (9), d’Iarscríbhinn I.’;
(b)scriostar míreanna 6 agus 7;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis, faoina bhfuil fógra le tabhairt i gcomhréir le míreanna 2, 4 agus 5, a shonrú.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
‘9. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú maidir le faisnéis a tharchur i gcomhréir le míreanna 2, 3, 4 agus 5.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(11)in Airteagal 35(1), cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:
‘Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthar seirbhísí infheistíochta nó feidhmiú gníomhaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear i Roinn A, pointí (8) agus (9), d’Iarscríbhinn I.’;
(12)scriostar Airteagail 36 go 38;
(13)in Airteagal 41(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Brainse an ghnólachta tríú tír a bheidh údaraithe i gcomhréir le mír 1, comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 16, 17, 23, 24, 25 agus 27, Airteagal 28(1), agus Airteagail 30, 31 agus 32 den Treoir seo agus in Airteagail 2u, 2x, 2z, 3 go 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus na bearta arna nglacadh dá mbun agus beidh sé faoi réir mhaoirseacht an údaráis inniúil sa Bhallstát inar deonaíodh an t‐údarú.’;
(14)scriostar Teideal III;
(15)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Theideal IV:
‘TEIDEAL IV
TEORAINNEACHA SUÍMH I nDÍORTHAIGH TRÁCHTEARRAÍ AGUS TUAIRISCIÚ SUÍOMHANNA’;
(16)Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal 57:
‘Teorainneacha suímh i ndíorthaigh tráchtearraí’;
(b)scriostar mír 8;
(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 9 agus 10:
‘9. Beidh na teorainneacha suímh trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus sonrófar leo an chaoi a bhfuil feidhm acu maidir le daoine agus cuirfear san áireamh iontu cineál agus comhdhéanamh na rannpháirtithe sa mhargadh agus an úsáid a bhaineann siad as na conarthaí a chuirtear isteach chun a dtrádála.
10. Cuirfidh an t‑údarás inniúil mionsonraí na dteorainneacha suímh atá bunaithe aige in iúl do ESMA, a fhoilseoidh agus a choinneoidh ar bun bunachar sonraí ar a shuíomh gréasáin ina mbeidh achoimrí ar na teorainneacha suímh.’;
(d)cuirtear an mhír 15 seo a leanas isteach:
‘15. Chun críoch an Airteagail seo agus Airteagal 58, aon tagairt do chonarthaí thar an gcuntar, tuigfear gur conarthaí iad a thrádáiltear lasmuigh d’ionad trádála an Aontais.
Chun críoch an Airteagail seo agus Airteagal 58, aon tagairt d’údaráis inniúla, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, tuigfear gurb é an t‑údarás faireachais náisiúnta ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18a), den Rialachán sin,.’;
(17)Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal 58:
‘Tuairisciú suímh arna dhéanamh ag rannpháirtithe sa mhargadh’;
(b)scriostar mír 1;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Déanfar idirdhealú sna miondealuithe dá dtagraítear i mír 2 ar na nithe seo a leanas:
(a)suíomhanna a sainaithnítear gur suíomhanna iad lena laghdaítear ar bhealach atá intomhaiste go hoibiachtúil na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála;
(b)suíomhanna eile.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun formáid na miondealuithe dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás díorthaigh lamháltas astaíochtaí, ní dhéanfar dochar leis an tuairisciú do na oibleagáidí comhlíontachta faoi Threoir 2003/87/CE.’;
(e)scriostar míreanna 6 agus 7;
(18)in Airteagal 69, mír 2, cuirtear an pointe (la) seo a leanas isteach:
‘(la)
é a chur de cheangal ar ghnólacht infheistíochta agus ar oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála na rialacha maidir le margadh rialáilte, MTF nó OTF a leasú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;’;
(19)in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go measfar gur sárú ar an Treoir seo nó ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 sárú ar cheann amháin ar a laghad de na forálacha seo a leanas den Treoir seo nó de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014:
(a)maidir leis an Treoir seo:
(i) Airteagal 8, pointe (b);
(ii) Airteagal 9(1) go (6);
(iii) Airteagal 11(1) agus (3);
(iv) Airteagal 16(1) go (11);
(v) Airteagal 17(1) go (6);
(vi) Airteagal 21(1);
(vii) Airteagal 23(1), (2) agus (3);
(viii) Airteagal 24(1) go (5) agus (7) go (10) agus Airteagal 24(11), an chéad fhomhír agus an dara fomhír;
(ix) Airteagal 25(1) go (6);
(x) Airteagal 26(1), an dara habairt, agus Airteagal 26(2) agus (3);
(xi) Airteagal 27(1) go (8);
(xii) Airteagal 28(1) agus (2);
(xiii) Airteagal 29(2), an chéad fhomhír, Airteagal 29(2), an tríú fomhír, Airteagal 29(3), an chéad abairt, Airteagal 29(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 29(5);
(xiv) Airteagal 30(1), an dara fomhír, Airteagal 30(3), an dara fomhír, an chéad abairt;
(xv) Airteagal 34(2), Airteagal 34(4), an chéad abairt, Airteagal 34(5), an chéad abairt;
(xvi) Airteagal 35(2), Airteagal 35(7), an chéad fhomhír, Airteagal 35(10), an chéad abairt;
(xvii) Airteagal 57(1) agus (2);
(xviii) Airteagal 58(2) go 4;
(b)maidir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014:
(i) Airteagal 2a(1), (3) agus (4);
(ii) Airteagal 2d(1) go (6) agus (8);
(iii) Airteagal 2e(1) agus (2);
(iv) Airteagal 2f(1), (1a) agus (2);
(v) Airteagal 2g(1) go (8), Airteagal 2g(9), an chéad fhomhír, Airteagal 2g(10), an chéad fhomhír, an chéad abairt agus an dara habairt, agus an dara fomhír;
(vi) Airteagal 2h(1);
(vii) Airteagal 2i(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír, Airteagal 2i(2) go (4), agus Airteagal 2i(5), an dara habairt;
(viii) Airteagal 2j(1) agus (4);
(ix) Airteagal 2k(1), Airteagal 2k(2), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an ceathrú fomhír;
(x) Airteagal 2l(1), (2), (3), (3a), (5) agus (6);
(xi) Airteagal 2m;
(xii) Airteagal 2n(1), Airteagal 2n(2), an chéad fhomhír, agus Airteagal 2n(3), an chéad fhomhír;
(xiii) Airteagal 2o(2), an chéad fhomhír, an chéad abairt, agus Airteagal 2o(3), an chéad abairt;
(xiv) Airteagal 2q(5);
(xv) Airteagal 2r(1);
(xvi) Airteagal 2s(1);
(xvii) Airteagal 2u(1) go (5), 7 agus 8;
(xviii) Airteagal 2v;
(xix) Airteagal 2w;
(xx) Airteagal 2x(1) go (3), Airteagal 2x(3a), an chéad fhomhír agus an dara fomhír, agus Airteagal 2x(5);
(xxi) Airteagal 2y(3), (3a) agus (7);
(xxii) Airteagal 2z(1) go (4), Airteagal 2z(6), an chéad fhomhír agus an dara fomhír, agus Airteagal 2z(7), an chéad abairt agus an dara habairt;
(xxiii) Airteagail 3(1) agus (3);
(xxiv) Airteagal 4(3), an chéad fhomhír;
(xxv) Airteagal 5;
(xxvi) Airteagal 6;
(xxvii) Airteagal 7(1), an tríú fomhír, an chéad abairt;
(xxviii) Airteagal 8(1);
(xxix) Airteagal 8a(1) agus (2);
(xxx) Airteagal 8b;
(xxxi) Airteagal 10;
(xxxii) Airteagal 11(1), an dara fomhír, an chéad abairt, Airteagal 11(1a), an dara fomhír, Airteagal 11(1b) agus Airteagal 11(3), an ceathrú fomhír;
(xxxiii) Airteagal 11a(1), an dara fomhír, an chéad abairt, agus Airteagal 11a(1), an ceathrú fomhír;
(xxxiv) Airteagal 12(1);
(xxxv) Airteagal 13(1) agus (2);
(xxxvi) Airteagal 14(1), (2) agus (3);
(xxxvii) Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara fomhír, an chéad abairt agus an tríú habairt, agus an ceathrú fomhír, Airteagal 15(2) agus Airteagal 15(4), an dara habairt;
(xxxviii) Airteagal 17(1), an dara habairt;
(xxxix) Airteagal 17a(1);
(xl) Airteagal 20(1) agus (1a) agus Airteagal 20(2), an chéad abairt;
(xli) Airteagal 21(1), (2), agus (3);
(xlii) Airteagal 22(2);
(xliii) Airteagal 22a(1) agus (5) go (8);
(xliv) Airteagal 22b(1);
(xlv) Airteagal 22c(1);
(xlvi) Airteagal 23(1) agus (2);
(xlvii) Airteagal 25(1) agus (2);
‑(xlviii) Airteagal 26(1), an chéad fhomhír, Airteagal 26(2) go (5), Airteagal 26(6), an chéad fhomhír, Airteagal 26(7), an chéad fhomhír go dtí an cúigiú fomhír agus an tochtú fomhír;
(xlix) Airteagal 27(1);
(l) Airteagal 27f(1), (2) agus (3), Airteagal 27g(1) go (5) agus Airteagal 27i(1) go (4), i gcás ina bhfuil maolú ag APA nó ARM i gcomhréir le hAirteagal 2(3);
(li) Airteagal 28(1);
(lii) Airteagal 29(1) agus (2);
(liii) Airteagal 30(1);
(liv) Airteagal 31(3);
(lv) Airteagal 34a(1) agus Airteagal 34a(3), an chéad abairt;
(lvi) Airteagal 34b(1) agus (2);
(lvii) Airteagal 34c;
(lviii) Airteagal 35(1), (2) agus (3);
(lix) Airteagal 36(1), (2) agus (3);
(lx) Airteagal 37(1) agus (3);
(lxi) Airteagal 39a;
(lxii) Airteagail 40, 41 agus 42.
4. Measfar gur sárú ar an Treoir seo nó ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 é freisin seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a fheidhmiú gan an t‑údarú nó an formheas is gá i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas den Treoir seo nó de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014:
(a)Airteagal 5 nó Airteagal 6(2) nó Airteagal 34, 35 nó 39 den Treoir seo;
(b)Airteagal 2a, Airteagal 7(1), an tríú habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó Airteagal 11(1) den Rialachán sin, agus, i gcás ina bhfuil maolú ag APA nó ARM i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Rialachán sin, Airteagal 27b den Rialachán sin.’;
(20)Leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:
(a)scriostar mír 2;
(b)scriostar mír 8;
(21)Leasaítear Airteagal 86 mar a leanas:
(a)scriostar mír 3;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Aon bheart arna ghlacadh de bhun mhíreanna 1 nó 2 a bhaineann le smachtbhannaí nó le srianta ar ghníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta, tabharfar údar cuí leis agus cuirfear in iúl é don ghnólacht infheistíochta lena mbaineann’;
(22)in Airteagal 87a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 5:
‘1. Ón 10 Eanáir 2030 ar aghaidh, áiritheoidh na Ballstáit maidir le gnólachtaí infheistíochta nó eisitheoirí, nuair atá aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(3) á poibliú acu, go gcuirfidh siad an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna, chun go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis sin ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis na ceanglais seo a leanas:
(a)cuirfear an fhaisnéis isteach i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta nó an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta nó an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)méid an ghnólachta infheistíochta nó an eisitheora de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
2. Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na gnólachtaí infheistíochta nó na heisitheoirí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
3. Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(3) den Treoir seo a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA faoi sin.
4. Ón 10 Eanáir 2030 ar aghaidh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in 71(1) agus (2) den Treoir seo a chur ar fáil ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t‑údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis na ceanglais seo a leanas:
(a)cuirfear an fhaisnéis isteach i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
5. Ón 10 Eanáir 2030, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(3) ar fáil ar ESAP. Chun na críche sin, is é ESMA a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)cuirfear an fhaisnéis isteach i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
_______________________
*
Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj
).’;
(23)Leasaítear Airteagal 89 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 2(4), Airteagal 4(1)(2), an dara fomhír, Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 64(7), Airteagal 65(7) agus Airteagal 79(8), déanfar é a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón 2 Iúil 2014.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 2(4), Airteagal 4(1)(2), an dara fomhír, Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 64(7), Airteagal 65(7) agus Airteagal 79(8) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 2(4), Airteagal 4(1)(2), an dara fomhír, Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 64(7), Airteagal 65(7) nó Airteagal 79(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’.
Airteagal 4
Trasuí
1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán