AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.11.2025
COM(2025) 838 final
2025/0358(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
{SWD(2025) 837 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.11.2025
COM(2025) 838 final
2025/0358(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
{SWD(2025) 837 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhunú. Is é is aidhm don ionstraim dlí creat digiteach comhchuibhithe, iontaofa agus soláimhsithe a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí chun sonraí a bhfuil éifeacht dhlíthiúil iomlán acu thar theorainneacha an Aontais a shainaithint, a fhíordheimhniú agus a mhalartú go slán.
Mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha le déanaí, tá gá le cur chuige nua comhchuibhithe agus digiteach maidir le hidirghníomhaíochtaí gnólacht le rialtas agus gnólacht le gnólacht. Tá an intleacht shaorga, an néalríomhaireacht agus an chéannacht dhigiteach shlán ag gluaiseacht ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, rud a dhéanann difear don bhealach a ndéantar gnó san Eoraip: tá próisis athraithe ó bheith bunaithe ar dhoiciméid go dtí uathoibrithe agus sonraíbhunaithe. Mar shampla, measann 91 % de ghnólachtaí atá i mbun fáis go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha ríthábhachtach dá bhfás. Leis na forbairtí sin, mar aon le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais maidir le hiomaíochas, ceannasacht dhigiteach, simpliú agus seirbhísí poiblí digiteacha mar réamhshocrú, cruthaítear an gá atá le réitigh shofhreagrúla lenar féidir tacú le hidirbhearta gnó trasteorann iontaofa ar scála.
Tugadh rabhadh i dtuarascálacha Draghi agus Letta go lagaíonn ualaí riaracháin leanúnacha, agus ilroinnt an Mhargaidh Aonair iomaíochas na hEorpa go mór, go ndíspreagann siad gnólachtaí an Aontais ó uas-scálú, agus go méadaíonn siad an spleáchas ar sholáthraithe ardriosca. Mar sin féin, tá an bonneagar digiteach atá ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí agus d’oibreoirí eacnamaíocha fós ilroinnte agus, tá oibleagáidí comhlíontachta agus tuairiscithe casta: chuir formhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo i dtábhacht an easpa idir-inoibritheachta trasteorann mar mhórfhoinse rómhaorlathais. Ar fud an Aontais, oibríonn údaráis phoiblí fós laistigh de thimpeallachtaí digiteacha ilchineálacha a chuireann teorainn le cur i gcrích iomlán na seirbhísí poiblí trasteorann: léirítear le Tagarmharc r-Sheirbhísí Rialtais 2024, cé go bhfuil 88 % de na seirbhísí poiblí ar fáil ar líne d’úsáideoirí náisiúnta, nach féidir le húsáideoirí trasteorann rochtain dhigiteach a fháil ach ar 56 % de na seirbhísí sin agus go bhfuil bacainní idir-inoibritheachta fós i measc na mbacainní is mó ar r-sheirbhísí rialtais éifeachtúla. I gcás oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach i roinnt Ballstát, tá sé ríthábhachtach idirbheart rianúil a áirithiú, amhail clárú cánach, ceadúnú nó feidhmchláir soláthair, chun leanúint de bheith iomaíoch.
Tá ualach mór ag baint le hiarmhairtí praiticiúla an status quo. Thuairiscigh páirtithe leasmhara, mar shampla, gur fostaíodh beirt bhall foirne lánaimseartha le haghaidh oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta amháin, nó gur tabhaíodh costais os cionn EUR 100 000 le haghaidh sainchomhairleoireacht speisialaithe sa réimse sin. Chomh maith leis sin, measann oibreoirí eacnamaíocha go nglacann gníomhaíochtaí a bhaineann le comhlíonadh thart ar 20 % d’am foirne. I gcomhthéacsanna trasteorann, is minic a bhíonn gá le fíorú de láimh nó fíorú páipéarbhunaithe lena gcuirtear moill ar idirbhearta agus lena n‑iolraítear costais riaracháin. Tá na costais sin díréireach go háirithe do FBManna, i gcás ina n‑atreoraíonn oibleagáidí comhlíontachta acmhainní móra ó ghníomhaíochtaí straitéiseacha ardluacha: measann an Banc Eorpach Infheistíochta go n‑ídíonn comhlíonadh rialála 1.8 % den láimhdeachas do ghnólachtaí ar an iomlán agus 2.5 % i gcás cuideachtaí beaga. D’fhéadfadh sé go dtógfadh nósanna imeachta ‘Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ san earnáil airgeadais amháin 30 go 50 lá in aghaidh an chliaint chorparáidigh, agus éilíonn gach sainchomhad na scórtha uaireanta próiseála láimhe.
I gcás chomhlachtaí na hearnála poiblí, cuireann bacainní struchtúracha cosc ar an aistriú iomlán chuig seirbhísí nua-aimseartha, digiteacha agus inrochtana agus ar spás riaracháin rianúil de chuid an Aontais a chruthú. Cé go bhfuil comharthaí aibíochta méadaithe ag baint le digitiú na seirbhísí poiblí, ní bhainfidh sé amach, ag na rátaí atá ann faoi láthair, an sprioc a leagtar síos i dTuarascáil na hEorpa ar an Deacáid Dhigiteach maidir le 100 % de sheirbhísí poiblí a bheith ar líne faoi 2030. Cuireann an cás sin teorainn le hinscálaitheacht, ardaíonn sé costais riaracháin, agus cuireann sé moill ar sheachadadh seirbhíse. Is éard atá i gceist le hidirghníomhaíochtaí a dhigitiú nósanna imeachta riaracháin níos éifeachtúla, seachadadh seirbhíse níos fearr agus deiseanna chun acmhainní poiblí a athcháiliú chuig cúraimí níos straitéisí. Léirítear le fianaise gur féidir leis an digitiú san earnáil phoiblí riaracháin a dhéanamh níos éifeachtaí, trí sheirbhísí a leathnú gan buiséad breise nó trí acmhainní daonna a ath-imlonnú i dtreo gníomhaíochtaí ar luach níos airde.
In éagmais bealach iontaofa caighdeánaithe le haghaidh idirghníomhaíocht gnólacht le rialtas agus gnólacht le gnólacht lenar féidir tréithe a mhalartú, baintear an bonn den inrianaitheacht agus den tslándáil. Is minic a roinntear dintiúir trí ríomhphost nó trí thairseacha dílseánaigh, lena dtugtar ráthaíochtaí teoranta barántúlachta, rud a mhéadaíonn nochtadh do chleachtais chalaoiseacha, amhail camscéimeanna sonraisc, a ghineann os cionn EUR 26 mhilliún in aghaidh na bliana cheana féin i mbrabúis aindleathacha, de réir Europol agus EUIPO. Dá bhrí sin, cé go bhfuil príobháideachas agus nochtadh íosta fíor-riachtanach do dhaoine nádúrtha, éilíonn gnólachtaí trédhearcacht agus inrianaitheacht malartuithe chun tacú le bainistiú riosca, comhlíonadh agus cosc calaoise. Tá cloch mhíle mhór bainte amach ag an Aontas cheana féin ina chlár oibre simpliúcháin leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach - córas úrscothach idir-inoibritheach atá fabhrach don phríobháideachas le haghaidh sainaithint dhigiteach lena gcumhachtaítear saoránaigh agus eintitis dhlítheanacha chun sonraí a chomhroinnt go slán thar theorainneacha. Is é is aidhm don togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a chomhlánú trí uirlis dhigiteach faoi thionchar an mhargaidh a thabhairt isteach atá deartha le haghaidh riachtanais shonracha na n‑idirbheart gnó.
Tá an feachtas atá ann faoi láthair chun simpliú agus digitiú a dhéanamh fréamhaithe i gclár oibre polaitiúil an Aontais. I gClár Oibre Straitéiseach an Aontais 2024-2029, sna conclúidí ón gComhairle Eorpach agus i gCompás Iomaíochais an Choimisiúin, leagtar béim ar a phráinní atá sé ualaí riaracháin a laghdú, agus spriocanna sainráite ann maidir le hualaí foriomlána a laghdú 25 % agus 35 % do FBManna. Sainaithnítear i dtuarascálacha Draghi agus Letta ilroinnt agus castacht riaracháin mar bhacainní móra ar iomaíochas na hEorpa, agus cuireadh in iúl go soiléir i Staid an Aontais 2025 ón Uachtarán von der Leyen go bhfuil bacainní inmheánacha fós ag cur bac ar oibreoirí eacnamaíocha níos mó ná bacainní seachtracha. I mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh 2025, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an gá atá le ‘simplíocht trí dhearadh’, agus go luath in 2025, shainaithin an Coimisiún go sainráite bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa mar bhunchloch le haghaidh Eoraip níos simplí agus níos tapúla.
I bhfianaise an chúlra eacnamaíoch agus pholaitiúil sin, leis an togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, comhlíontar an t‑éileamh ar shimpliú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach:
–Ualaí riaracháin a laghdú, próisis chomhlíontachta a chuíchóiriú, agus seachadadh seirbhíse a fheabhsú
–A áirithiú go mbeidh rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí ar shainaithint dhigiteach shlán iontaofa thar theorainneacha, lena bhfreastalófar ar riachtanais agus ar éileamh úsáideoirí
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, cuirtear leis an éiceachóras a bunaíodh faoin gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach - Rialachán (AE) 910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1183. Is é is aidhm do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa Creat CDE a chomhlánú trí fheidhmiúlachtaí a thairiscint atá saincheaptha do riachtanais chomhlachtaí na hearnála poiblí agus oibreoirí eacnamaíocha, lena n‑áirítear bainistiú digiteach ar chearta agus sainorduithe ionadaíochta, agus bealach slán chun doiciméid agus fianuithe oifigiúla a mhalartú le tacaíocht ó eolaire coiteann. Ráthófar idir-inoibritheacht iomlán le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití.
Tá an togra comhlántach le acquis dhlí cuideachtaí an Aontais agus úsáidtear ann an tAitheantóir Uathúil Eorpach atá ann cheana agus atá ag gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus ag gach comhpháirtíocht tráchtála (chomh maith le comhlachtaí an 28ú córas a bheidh ann amach anseo) i gcomhréir le dlí cuideachtaí an Aontais. Ina theannta sin, tá an togra comhoiriúnach le Córas Idirnasctha na gClár Gnó, a forbraíodh i gcomhréir leis an Treoir chódaithe maidir le Dlí na gCuideachtaí (AE) 2017/1132. Ar deireadh, tá an togra i gcomhréir freisin le Córas Idirnasctha na gClár um Úinéireacht Thairbhiúil, a forbraíodh i gcomhréir leis an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid (AE) 2015/849. Baineann na hidirnaisc sin úsáid as an Aitheantóir Uathúil Eorpach chun cuideachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile, agus socruithe dlíthiúla san Aontas a shainaithint go huathúil, ach ní chumhdaítear leo gach oibreoir eacnamaíoch ná comhlacht de chuid na hearnála poiblí, amhail trádálaithe aonair, daoine féinfhostaithe nó institiúidí poiblí. Le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, leathnaítear an t‑éiceachóras sin trí mheán iontaofa agus idir-inoibritheach a chur ar fáil do na heintitis sin uile.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo leabaithe i gclár oibre beartais níos leithne an Aontais chun borradh a chur faoin iomaíochas, chun ualaí riaracháin a laghdú agus chun Margadh Aonair atá comhtháite go digiteach a chur ar fáil. Rannchuidíonn sé go díreach leis na spriocanna a leagtar amach i Straitéis an Choimisiúin maidir leis an Margadh Aonair ina n‑iarrtar digitiú níos éifeachtaí san Aontas chun feidhmiú optamach an Mhargaidh Aonair a chumasú chomh maith le Clár Oibre Straitéiseach an Aontais 2024-2029, an Compás Iomaíochais, Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach, agus Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach. Leagtar béim i ngach ceann acu ar an ngá atá le simpliú, le hidir-inoibritheacht agus le seirbhísí poiblí digiteacha mar réamhshocrú. Leis an togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, baintear na tosaíochtaí straitéiseacha sin amach trí ionstraim nithiúil a thairiscint chun comhlíonadh agus idirghníomhaíochtaí trasteorann a dhéanamh níos simplí, níos tapúla agus níos iontaofa d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí.
Ina theannta sin, áirithítear leis an togra comhlántacht le príomhthionscnaimh reachtacha mar a leanas:
–Leis an Tairseach Aonair Dhigiteach (TAD) agus a Córas Teicniúil Aonuaire (CTA), cuirtear prionsabal na haonuaire chun feidhme, lena gceanglaítear ar údaráis sonraí atá á gcoinneáil cheana féin i mBallstát eile a athúsáid gan taiscthí a bheith déanta arís agus arís eile ag gnólachtaí. Leis an togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, comhlánófar an Tairseach Aonair Dhigiteach agus an Córas Teicniúil Aonuaire trí shainaithint agus fíordheimhniú iontaofa oibreoirí eacnamaíocha agus riarachán poiblí agus sraith shlán malartaithe a sholáthar lena gcuirfear ar a gcumas do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí na hearnála poiblí sonraí fíoraithe agus fianuithe oifigiúla a chomhroinnt agus a athúsáid go rianúil thar theorainneacha.
–Braitheann an Pas Táirge Digiteach (PTD), atá lárnach i gclár oibre an Aontais don gheilleagar ciorclach, ar rochtain iontaofa ar shonraí comhréireachta agus inbhuanaitheachta. Leis an togra maidir le Tiachóga Gnó is féidir céannacht dhlíthiúil agus aon cheart rochtana a dheonaítear a chruthú, cead a thabhairt dearbhuithe comhréireachta a shíniú agus a shéalú, agus a áirithiú go ndéantar sonraí táirgí a mhalartú go slán agus go hinfhíoraithe thar theorainneacha.
–Leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach (GEI), bunaítear an creat le haghaidh idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí. Leis an togra maidir le Tiachóga Gnó comhlánófar é sin trí fheidhmiú mar bhonneagar iontaofa ar féidir le riaracháin é a chomhtháthú i seachadadh seirbhíse digiteach mar réamhshocrú, rud a threiseoidh baint bacainní teicniúla agus eagraíochtúla.
–Leis an togra atá ar na bacáin maidir le creat dlíthiúil corparáideach an 28ú córas, cuirfear nósanna imeachta simplí, solúbtha agus tapa ar fáil do chuideachtaí chun infheistíocht a chur ar bun agus a oibriú agus a mhealladh san Aontas trí réitigh dhigiteacha. Leis sin áiritheofar gur féidir uirlisí digiteacha amhail deimhniú cuideachta an Aontais agus cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a úsáid i dTiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa.
–Leis an bpacáiste CBL sa Ré Dhigiteach (CRD), déantar tuairisciú CBL a nuachóiriú, tugtar isteach ríomhshonrascadh sainordaitheach thar theorainneacha agus neartaítear cosc calaoise. Leis an togra maidir le Tiachóga Gnó, beifear in ann fianuithe CBL agus sonraí idirbhirt a stóráil go slán agus a mhalartú ar bhealach infhíoraithe, rud a thacóidh le tuairisciú fíor-ama agus le sonrascadh iontaofa.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra, lena ndéantar foráil maidir le bearta a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Tá sainaithint shlán, seirbhísí iontaoibhe, agus malartú rianúil ríomhdhearbhuithe infhíoraithe fíor-riachtanach chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí rannpháirteach go héifeachtach sa Mhargadh Aonair.
Braitheann feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar rialacha aonfhoirmeacha comhsheasmhacha a chuirtear i bhfeidhm ar fud chomhlachtaí ábhartha uile na hearnála poiblí a dhéanann feidhmeanna coibhéiseacha nó a sholáthraíonn seirbhísí inchomparáide. Is minic a dhéanann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh (eintitis de chuid an Aontais) gníomhaíochtaí atá cosúil le gníomhaíochtaí comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí agus bíonn príomhróil mhaoirseachta agus rialála acu. Dá bhrí sin, tá gá lena rannpháirtíocht chun tacú le feidhmiú cuí an Mhargaidh Aonair. Dá n‑eisiafaí iad, chruthófaí bearnaí rialála, ilroinnt agus cur i bhfeidhm míchothrom na rialacha, rud a bhainfeadh an bonn de chuspóir na Tiachóige Gnó sláine, cobhsaíocht agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a chosaint. Ina theannta sin, tá an simpliú fós ina phríomhspreagadh do thiomantas an Aontais Aontas níos ceannasaí, níos simplí agus níos tapúla a thógáil. Chun Margadh Aonair iomaíoch agus dea-fheidhmiúil a bhaint amach, tá gá le rannpháirtíocht ghníomhach ó údaráis náisiúnta agus ó údaráis ar leibhéal an Aontais araon, agus dea-shampla á thabhairt ag na húdaráis sin ón Aontas. Dá réir sin, ba cheart d’eintitis an Aontais Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a ghlacadh agus a úsáid, rud a leathnóidh simpliú agus éifeachtúlacht chuig a n‑idirghníomhaíochtaí le hoibreoirí eacnamaíocha.
Na héagothromaíochtaí atá ann faoi láthair maidir leis an gcaoi a ndéanann na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint, sainorduithe a fhíorú agus sonraí agus doiciméadacht oifigiúil a mhalartú i bhfoirm dhigiteach, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leo maidir le bacainní ar shaoirsí bunúsacha nó d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le saobhadh mór ar an iomaíocht. Trí réiteach comhchuibhithe a chur ar fáil maidir le sainaithint shlán gnó agus malartú slán sonraí, is é is aidhm don togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa bacainní riaracháin a bhaint, tuilleadh éagsúlachtaí a chosc, agus a áirithiú gur féidir le gach oibreoir eacnamaíoch dul san iomaíocht ar bhonn cothrom iomaíochta laistigh den Aontas.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí ar fud an Aontais a bheith in ann brath ar réitigh maidir le céannacht dhigiteach atá an-slán agus iontaofa, lena n‑áirítear inaistritheacht ríomhdhearbhuithe tréithe, ar réitigh iad is féidir a úsáid ar fud an Mhargaidh Aonair ar bhealach atá soláimhsithe agus éifeachtúil. Ní féidir leis na Ballstáit na riachtanais sin a chomhlíonadh go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, ós rud é go bhfuil na réitigh náisiúnta fós ilroinnte ó thaobh raon feidhme, éifeachta agus dearadh teicniúil de.
Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go n‑aithneoidh gach údarás poiblí, idir údaráis náisiúnta agus údaráis Eorpacha, na réitigh idir-inoibritheacha chéanna agus iad ag idirghníomhú le hoibreoirí eacnamaíocha agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad. Ráthaítear leis sin timpeallacht rialála chomhleanúnach agus seachnaítear nósanna imeachta comhthreomhara nó córais neamh-chomhoiriúnacha a bheadh contrártha do chuspóirí an tsimplithe agus fheidhmiú barrmhaith an mhargaidh inmheánaigh. Tagann bacainní ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar chun cinn toisc nach féidir dintiúir a eisítear go digiteach i mBallstát amháin a athúsáid i gcónaí ná brath orthu i mBallstát eile.
Ina theannta sin, tarlaíonn saobhadh iomaíochta nuair a bhíonn ar oibreoirí aghaidh a thabhairt ar dhálaí éagothroma ag brath ar a n‑áit bhunaíochta amháin. Sna Ballstáit ina bhfuil nósanna imeachta digitithe go hiomlán, is féidir le cuideachtaí clárú le haghaidh CBL nó fianuithe a sholáthar laistigh de laethanta ar chostas íseal, agus i dtimpeallachtaí intíre nach bhfuil chomh digitithe céanna, d’fhéadfadh sé go n‑éileodh an próiseas céanna seirbhísí cúiréireachta, nó seiceálacha fada láimhe, agus seachtainí á dtógáil agus baill foirne á n‑atreorú ó ghníomhaíochtaí táirgiúla. Léirítear le Tagarmharc r-Sheirbhísí Rialtais 2024 difríochtaí substaintiúla ar fud na mBallstát maidir le hinfhaighteacht dhigiteach agus inúsáidteacht dhigiteach na bpríomhsheirbhísí poiblí: is é 87 bpointe meánscór foriomlán na 10 ngníomhaire is fearr laistigh de AE27, i gcomparáid le 64 phointe le haghaidh na 10 ngníomhaire ag an mbun - bearna a leagann béim ar éagothromaíochtaí leanúnacha i ndigitiú sheirbhísí poiblí an Aontais. Fágann na héagothromaíochtaí sin go ndéanann costais chomhlíontachta éagsúla a bhaineann leis an digitiú dochar díréireach do FBManna agus do mhicrifhiontair, rud a lagaíonn a gcumas dul san iomaíocht sa Mhargadh Aonair agus a chuireann teorainn lena rannpháirtíocht i ndeiseanna eacnamaíocha amhail soláthar poiblí.
Is í idirghabháil ar leibhéal an Aontais an bealach is éifeachtúla chun cothrom iomaíochta a athbhunú: áirithítear le creat coiteann comhchuibhithe gur féidir le gach oibreoir eacnamaíoch, gan beann ar a mhéid ná ar a shuíomh, brath ar uirlis aonair chun idirghníomhú le húdaráis phoiblí agus le comhpháirtithe ar fud an Aontais. Trí bhacainní riaracháin a bhaint agus coinníollacha aonfhoirmeacha a chruthú, leis an togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa neartaítear deimhneacht dhlíthiúil, iontaoibh agus iomaíochas.
Maidir le breisluach, le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa cuirfear deireadh le dúbailt agus laghdófar costais chomhlíontachta, feabhsófar cáilíocht agus trédhearcacht sonraí, agus cuirfear faisnéis níos iontaofa ar fáil do chomhlachtaí na hearnála poiblí, rud a chuirfidh feabhas ar sheachadadh seirbhíse. I gcás oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, ciallaíonn sé sin gur féidir an t‑am agus na hacmhainní a shábhálfar a atreorú chuig nuálaíocht, fás agus leathnú idirnáisiúnta. An tráth céanna, le comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, cuirtear cosc ar spleáchas ar sholáthraithe ardriosca, neartaítear athléimneacht na mbonneagar criticiúil, agus comhdhlúthaítear ceannasacht dhigiteach an Aontais. Lasmuigh den mhargadh inmheánach, is féidir leis an tionscnamh feabhas a chur ar ról an Aontais mar bhunaitheoir caighdeán domhanda le haghaidh bonneagair dhigiteacha iontaofa, rud a thacóidh le hiomaíochas na hEorpa sa trádáil idirnáisiúnta.
•Comhréireacht
Tá an tionscnamh seo comhréireach leis na cuspóirí atá á lorg, toisc go ndéantar leis oibleagáidí a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun creat slán, comhchuibhithe agus idir-inoibritheach a áirithiú le haghaidh idirghníomhaíochtaí digiteacha idir oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí na hearnála poiblí. Ní fhorordaítear samhail ghnó dhocht aonair ná dearadh teicniúil aonair leis na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ach leagtar síos creat lena gcomhcheanglaítear idir-inoibritheacht le solúbthacht, lena gcothaítear iomaíocht agus nuálaíocht.
Ina theannta sin, déantar oibleagáidí do chomhlachtaí earnála poiblí a chothromú le socruithe idirthréimhseacha: le tréimhsí solúbtha cur chun feidhme, tugtar dóthain ama do chomhlachtaí earnála poiblí a gcórais riaracháin agus TF a oiriúnú agus suaitheadh a chosc. Ní chruthaítear leis an togra nósanna imeachta riaracháin nua nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha nó do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a chur i gcrích. Ina ionad sin, cuireann sé bealach coiteann iontaofa ar fáil chun oibleagáidí atá ann cheana faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil sé il-oiriúnach ó thaobh earnála de, ní bhaineann an tionscnamh le hábhar na n‑oibleagáidí atá ann faoi láthair agus ní dhéanann sé ach bealach a sholáthar chun comhlíonadh rialacha Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana a shimpliú, agus an tráth céanna cuidiú le hilroinnt agus éagothromaíochtaí cóireála ar fud an Mhargaidh Aonair a shárú.
Seasfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí na costais a bhaineann le glacadh agus cothabháil. Baineann siad sin go háirithe le hionduchtú, oiliúint agus oiriúnú TF. Mar sin féin, is mó na gnóthachain éifeachtúlachta ó phróisis shimplithe, dúbailt laghdaithe, agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr ná na costais sin. Thairis sin, d’fhéadfaí tacú go páirteach le costais oiliúna, arb iad na costais aonuaire is substaintiúla iad, le tionscnaimh de chuid an Aontais atá ann cheana maidir le claochlú digiteach agus fothú acmhainneachta, rud a d’fhéadfadh cabhrú le costais oiliúna agus oiriúnaithe a mhaolú.
Tá an togra comhréireach freisin i dtéarmaí an tionchair a mheastar a bheidh aige ar oibreoirí eacnamaíocha. Baineann sé úsáid freisin as an Aitheantóir Uathúil Eorpach atá ann cheana, lena seachnaítear costais bhreise do 18 milliún cuideachta. Maidir le FBManna agus micrifhiontair, a bhfuil an t‑ualach coibhneasta is mó orthu mar gheall ar chastacht riaracháin, i dtéarmaí costas agus am foirne araon, meastar go mbainfidh siad an tairbhe is mó as an simpliú agus as na gnóthachain éifeachtúlachta a eascraíonn as Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid. Tá sé sin go hiomlán comhsheasmhach le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, lena n‑áirítear Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, an 28ú córas atá ar na bacáin agus moltaí Thuarascáil Draghi, ina leagtar béim ar an ngá atá le rómhaorlathas agus bacainní riaracháin a laghdú mar réamhriachtanas d’iomaíochas agus d’fhás FBManna.
Go háirithe, ní fhorchuirtear leis an togra aon oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha. Ceanglaítear leis ar chomhlachtaí earnála poiblí úsáid Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a chumasú le haghaidh feidhmiúlachtaí sonraithe, lena n‑áiritheofar go mbeidh an rogha ag oibreoirí eacnamaíocha amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide na Tiachóga Gnó a ghlacadh agus tairbhe a bhaint as nósanna imeachta simplithe. Tá an cur chuige sin ag teacht leis an bprionsabal ‘Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús’ trí bhrú rialála nach bhfuil gá leis ar FBManna a sheachaint. Féadfaidh daoine féinfhostaithe agus trádálaithe aonair brath freisin ar a dTiachóga Eorpacha Céannachta Digití chun rochtain a fháil ar sheirbhísí iontaoibhe a thairgtear le haghaidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑áirítear an bealach cumarsáide slán nó ríomhshínithe, gan gá le Tiachóg Ghnó lánfheidhme a fháil. Áirithítear leis sin go gcaithfear go comhréireach le hoibreoirí beaga trí chosc a chur ar ualach míchuí a fhorchur.
Ar deireadh, tá an tionscnamh comhréireach freisin ina dhearadh rialála, toisc go mbraitheann sé ar mhaoirseacht ex post ag na comhlachtaí maoirseachta sonraithe agus ar nós imeachta um fhógra a thabhairt seachas réamhúdarú. Áirithítear leis an gcur chuige sin maoirseacht agus cuntasacht éifeachtach soláthraithe gan moilleanna ná costais riaracháin nach bhfuil gá leo a thabhairt isteach, agus ardleibhéal iontaoibhe agus slándála á choinneáil an tráth céanna.
I dteannta a chéile, léirítear leis na gnéithe sin go n‑urramaítear leis an togra prionsabal na comhréireachta. Trí chreat coiteann soiléir a chomhcheangal le solúbthacht don nuálaíocht, cuirtear ar fáil leis sin, ar an mbealach is éifeachtúla, aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí araon.
•An rogha ionstraime
Tá údar maith le rialachán a roghnú mar an ionstraim dlí mar gheall ar an ngá atá le creat aonfhoirmeach cur i bhfeidhm a áirithiú le haghaidh sainaithint, fíordheimhniú agus malartú slán fianuithe ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag comhlachtaí earnála poiblí ar fud an Mhargaidh Aonair. Is le rialacha atá infheidhme go díreach amháin is féidir a ráthú go n‑oibreoidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa go rianúil ar fud an Mhargaidh Aonair agus go n‑aithneofar a n‑éifeachtaí dlíthiúla agus go gcuirfear i bhfeidhm go cothrom iad sna Ballstáit uile, rud atá fíor-riachtanach chun na saoirsí bunúsacha bunaíochta agus soláthar seirbhísí a choimirciú, rud atá lagaithe faoi láthair mar gheall ar réitigh náisiúnta éagsúla agus nósanna imeachta ilroinnte.
Le hinfheidhmeacht dhíreach rialacháin, i gcomhréir le hAirteagal 288 CFAE, cuirfear cosc ar thuilleadh ilroinnte dlíthiúla agus áiritheofar gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí brath ar ionstraim choiteann a bhfuil an deimhneacht dhlíthiúil chéanna aici ar fud an Aontais.
Ina theannta sin, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na n‑ionstraimí gaolmhara uile a ráthú agus é á chur san áireamh go mbunaítear Creat CECD féin le Rialachán, ba cheart an togra seo a bheith san fhoirm dhlíthiúil chéanna.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinneadh comhairliúcháin spriocdhírithe go sonrach i dtaobh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, rud a léiríonn a bhfócas ar leith ar idirghníomhaíochtaí gnólacht le rialtas agus gnólacht le gnólacht. Reáchtáladh glao ar fhianaise idir mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2025 agus fuair sé beagnach céad aighneacht ó chuideachtaí, comhlachais ghnó, clárlanna, údaráis phoiblí agus saoránaigh ar fud 17 mBallstát agus roinnt tríú tíortha. Rinne an Coimisiún suirbhéanna, agallaimh dhoimhne agus sraith ceardlann tiomnaithe leis na Ballstáit, le clárlanna, le FBManna, le hionadaithe tionscail agus le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe. Comhlánaíodh an t‑aiseolas le hionchur ó chomhdhálacha agus ó idirphlé ad hoc le páirtithe leasmhara le linn 2025.
Díríodh leis an straitéis chomhairliúcháin ar shaincheisteanna sonracha atá ábhartha d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí, lena n‑áirítear ceanglais oibríochtúla, comhtháthuithe teicniúla, barrfheabhsú sreafa oibre, agus comhtháthú oibleagáidí tuairiscithe, atá saincheaptha chun na réaltachtaí teicniúla agus praiticiúla atá os comhair úsáideoirí gairmiúla a ghabháil.
Chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht go bhfuil na huirlisí agus na bealaí digiteacha atá ann cheana le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin an-ilroinnte, go háirithe i gcás malartuithe trasteorann, rud a fhágann go gcuirtear sonraí isteach arís agus arís eile agus go mbíonn ualaí riaracháin ann. Tuairiscíodh go raibh ualach trom ag baint le roinnt gníomhaíochtaí riaracháin, go háirithe iad siúd a bhaineann le malartú doiciméad, comhlíonadh agus fíorú ar fud na mBallstát. Is minic a bhíonn na gníomhaíochtaí sin am-íditheach, atriallach agus i mbaol earráid dhaonna.
Bhí na freagróirí ag súil go bhféadfadh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa costas agus castacht na gcúraimí riaracháin a laghdú go mór. I measc na dtairbhí a luadh bhí seirbhísí níos tapúla, cruinneas sonraí feabhsaithe, agus oibríochtaí trasteorann feabhsaithe. Chuir go leor páirtithe leasmhara in iúl go raibh siad sásta réiteach néalbhunaithe a ghlacadh amhail Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, go háirithe má dhéanann sé próisis a chuíchóiriú agus costais a laghdú. Mar sin féin, cuireadh ábhair imní in iúl faoi dhúshláin lánpháirithe agus faoin ngá atá le treoir agus tacaíocht shoiléir. Ina theannta sin, shainaithin páirtithe leasmhara cásanna úsáide éagsúla agus deiseanna coigilte costais éagsúla, lena n‑áirítear fíorú céannachta a uathoibriú, próisis chomhlíontachta a chuíchóiriú, agus idirbhearta trasteorann slána a chumasú. Cainníochtaíodh na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtéarmaí an ama a sábháladh ar chúraimí riaracháin agus i dtéarmaí laghdú na bpróiseas láimhe.
Cuireadh i dtábhacht i dtorthaí an chomhairliúcháin an gá atá le cur chuige comhchuibhithe maidir le haitheantas gnó, ionadaíocht ghnó agus comhlíonadh rialála. Áiríodh sna moltaí an gá atá le neodracht theicneolaíoch, lena n‑áirithítear go mbeidh na Tiachóga neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, solúbtha agus slán i bhfad na haimsire, ag brath ar chaighdeáin agus ar phrótacail chomhchuibhithe. Tá an idir-inoibritheacht ríthábhachtach, agus na Tiachóga comhtháite leis na creataí atá ann cheana, amhail an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, chun oibríochtaí trasteorann rianúla a áirithiú. Ba cheart na Tiachóga a bheith bunaithe ar shamhlacha inbhuanaithe atá faoi thionchar an mhargaidh, le treoirlínte soiléire agus tacaíocht don ghlacadh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna, i bhfianaise na ndúshlán atá rompu maidir le huirlisí digiteacha a ghlacadh agus an ghá atá le cásanna úsáide soiléire inghníomhaithe.
Leis an straitéis chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, tugadh léargas luachmhar ar riachtanais, ar dhúshláin agus ar ionchais oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí maidir leis na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa. Bhí na torthaí mar bhonn eolais d’fhorbairt an rialacháin, lena n‑áirithítear go dtugtar aghaidh ann ar riachtanais shonracha na n‑úsáideoirí gairmiúla tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus slán i bhfad na haimsire; aisghabháil shlán sonraí ó chlárlanna gnó agus ó fhoinsí barántúla eile a chumasú, lena ráthaítear idirghníomhaíocht inrianaithe; samhail atá faoi thionchar an mhargaidh a cheadú agus, ar deireadh, glacadh na dTiachóg Gnó a dhéanamh éigeantach do chomhlachtaí na hearnála poiblí chun glacadh comhsheasmhach agus éifeachtach a áirithiú ar fud an Aontais.
Cuireann an tionscnamh freisin leis an gcomhairliúchán poiblí fairsing a rinneadh in 2021 i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán eIDAS, lenar bailíodh aiseolas leathan maidir le céannacht dhigiteach agus seirbhísí iontaoibhe. Tá torthaí an chomhairliúcháin sin fós bailí chun tuiscint a fháil ar ionchais úsáideoirí maidir le hidir-inoibritheacht, deimhneacht dhlíthiúil, inúsáidteacht trasteorann, agus iontaoibh. Dá bhrí sin, níor reáchtáladh aon chomhairliúchán poiblí oscailte.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Agus an tionscnamh seo á ullmhú, bhain an Coimisiún leas as saineolas seachtrach. Sa bhreis ar mhalartuithe rialta le saineolaithe ó na Ballstáit, le clárlanna gnó agus le hionadaithe tionscail, rinne an Coimisiún conradh le gnólachtaí sainchomhairleoireachta speisialaithe chun tacú le fianaise a bhailiú agus a anailísiú. Rinne na conraitheoirí sin agallaimh agus suirbhéanna spriocdhírithe le páirtithe leasmhara, bhailigh siad aiseolas cáilíochtúil agus cainníochtúil, agus rinne siad anailís ar chostais agus tairbhí don Doiciméad Inmheánach Oibre. Comhlánaíodh a gcuid oibre le saineolas inmheánach an Choimisiúin.
• Doiciméad Inmheánach Oibre
I gcás an togra seo, deonaíodh maolú ar mheasúnú tionchair toisc go gcuireann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa go díreach leis an rogha beartais a ndearnadh measúnú uirthi cheana in 2021 le haghaidh an Chreata Eorpaigh um Chéannacht Dhigiteach, agus go gcuireann siad in oiriúint é do chomhthéacs sonrach agus do riachtanais shonracha na n‑oibreoirí eacnamaíocha agus na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí. Dá bhrí sin, leanann an togra rogha thosaíochta 2021, is é sin creat comhchuibhithe tiachóige a bhunú a mbeidh éifeacht dhlíthiúil uile-Aontais aige, agus é a shaincheapadh d’idirghníomhaíochtaí gairmiúla. Mar sin féin, ullmhaíodh Doiciméad Inmheánach Oibre ina ndearnadh mionanailís ar chostais agus ar thairbhí ionchasacha an togra. Soláthraítear sa doiciméad an loighic idirghabhála (fadhbanna, spreagthaí agus cuspóirí), déantar cur síos ar an rogha beartais, agus déantar cainníochtú ar na tionchair eacnamaíocha do chomhlachtaí earnála poiblí agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon ar bhonn taighde ar mhodhanna measctha lena n‑áirítear anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil ar fhoinsí poiblí, sonraí suirbhé agus sonraí agallaimh in éineacht le foinsí tánaisteacha (soláthraítear sonraí iomlána maidir leis an modheolaíocht sa Doiciméad Inmheánach Oibre).
Chun na cuspóirí maidir le simpliú, laghdú ar an ualach riaracháin agus idirghníomhaíochtaí digiteacha trasteorann slána a bhaint amach, ceanglaítear leis an tionscnamh ar gach comhlacht de chuid na hearnála poiblí san Aontas glacadh le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus iad ag idirghníomhú le hoibreoirí eacnamaíocha chun críche na gcroífheidhmiúlachtaí íosta (sainaithint/fíordheimhniú; síniú/séalú; doiciméid agus fógraí oifigiúla a chur isteach agus a fháil), a bhfuil éifeacht dhlíthiúil acu atá coibhéiseach le próisis pháipéir nó próisis phearsanta ar fud an Aontais. Tá an ionstraim neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus faoi thionchar an mhargaidh: ní fhorordaítear leis dearadh aonair, fágtar spás do ghnéithe nuálacha lasmuigh den tsraith choiteann, agus áirithítear idir-inoibritheacht le seirbhísí iontaoibhe eIDAS agus le foinsí barántúla.
Leagtar amach tionchair na rogha beartais go mion in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre. Léirítear san anailís ar chostais agus tairbhí go bhfuil costais dhíreacha bhliantúla ann d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí araon. Roinntear iad ina gcostais aonuaire le haghaidh oiliúint agus ionduchtú, gníomhachtú agus cur chun feidhme TF, costais chonarthacha/soláthair, agus costais athfhillteacha le haghaidh táillí ceadúnais agus cothabhála. Ar an iomlán, nuair a bhainfeadh na Tiachóga Gnó barr a gcumais amach agus nuair a shroichfeadh an ráta glactha 100 %, i gcás comhlachtaí earnála poiblí agus oibreoirí eacnamaíocha araon, d’fhéadfadh na costais agus na tairbhí measta iomlána na figiúirí seo a leanas a bhaint amach:
|
Páirtí Leasmhar |
Líon san Aontas Eorpach |
Bliain 1 (EUR billiún) |
Bliain 2 (EUR billiún) |
||||
|
Sochair |
Costas |
Glansochair |
Sochair |
Costas |
Glansochair |
||
|
Comhlachtaí earnála poiblí |
95 825 |
19,13 |
7,32 |
11,81 |
19,13 |
1,15 |
17,98 |
|
Oibreoirí eacnamaíocha |
32 721 957 |
205,82 |
60,67 |
145,15 |
205,82 |
27,23 |
178,59 |
|
Iomlán |
224,95 |
67,99 |
156,96 |
224,95 |
28,38 |
196,57 |
|
I measc micrifhiontar, d’fhéadfadh daoine féinfhostaithe agus trádálaithe aonair a dTiachóga Eorpacha Céannachta Digití a úsáid chun rochtain a fháil ar an mbealach cumarsáide a tugadh isteach le déanaí chun idirghníomhú le héiceachóras na Tiachóige Gnó, gan an Tiachóg Ghnó iomlán a cheannach. Bunaithe ar phraghsanna reatha an mhargaidh ar fud an Aontais, is é thart ar EUR 45 an costas athfhillteach bliantúil a mheastar a bheidh ar an tseirbhís sin, rud a thugann le fios go bhféadfadh na hoibreoirí sin nascadh leis an éiceachóras ar chostas réasúnta íseal.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Bunaítear leis an togra seo Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa mar uirlis chomhchuibhithe aonair d’oibreoirí eacnamaíocha chun doiciméid a shainaithint, a shíniú, a stóráil, a chur isteach agus a fháil ina n‑idirghníomhaíochtaí le húdaráis phoiblí. Leis sin, beifear in ann réiteach slán idir-inoibritheach a chur in ionad nósanna imeachta náisiúnta ilroinnte, rud a chuirfidh deireadh le castacht riaracháin agus a laghdóidh costais chomhlíontachta.
I gcás comhlachtaí earnála poiblí, déantar próisis tuairiscithe agus fíoraithe a chuíchóiriú leis, rud a chumasaíonn maoirseacht agus coimeád taifead níos éifeachtúla. I gcás oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, cuireann sé deireadh le nósanna imeachta dúblacha agus le hualaí díréireacha. Is é an dara ceann acu sin is mó a bhainfidh tairbhe as, ós rud é go gcuireann nósanna imeachta riaracháin ilroinnte agus dúblacha ualach díréireach orthu. Meastar gur EUR 4 000 in aghaidh na bliana atá i gceist le sochair dhíreacha ar an leibhéal aonair do mhicrifhiontair agus EUR 42 250 in aghaidh na bliana do FBManna níos mó, ach tá níos mó i gceist leis an tionchar ná coigilteas costais: le nósanna imeachta trasteorann simplithe, cumasófar bunú níos tapúla thar lear, rochtain níos éasca ar mhaoiniú, agus rannpháirtíocht níos láidre i margaí soláthair. Trí dheimhneacht dhlíthiúil agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú, leis an togra cuirtear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí chun cinn, agus an tráth céanna cothaítear nuálaíocht, rud a fhágann go mbeidh borradh faoi ghnéithe atá faoi thionchar an mhargaidh.
•Cearta bunúsacha
Cé go ndíríonn an togra reachtach seo go príomha ar dhaoine dlítheanacha, tacaíonn sé go hindíreach le cosaint roinnt ceart bunúsach a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Trí ionstraim chomhchuibhithe iontaofa a chur ar fáil le haghaidh idirghníomhaíochtaí gnó trasteorann, neartaítear leis an tionscnamh an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16) trí bhacainní neamhriachtanacha sa Mhargadh Aonair a bhaint. Éascaíonn sé freisin feidhmiú na saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh (Airteagal 15), toisc gur féidir le gnólachtaí agus gairmithe a ngníomhaíochtaí a leathnú thar theorainneacha ar bhealach níos éasca agus ar chostas níos ísle.
Ina ról mar ‘gheatóirí’ ar nósanna imeachta riaracháin laistigh den Mhargadh Aonair, cuirfear ar chumas comhlachtaí earnála poiblí nósanna imeachta níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla a thairiscint, rud a threiseoidh go hindíreach an ceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41). Cuidíonn Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa freisin le hardleibhéal cosanta a áirithiú do shonraí pearsanta (Airteagal 8) i gcomhréir le dlíthe an Aontais atá ann cheana, go háirithe Rialachán (AE) 2016/67. Mar shampla, feidhmíonn an ghné nochta roghnaitheach, arna spreagadh ag an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach, mar bheart chun sonraí pearsanta a chosaint toisc go bhfuil úsáideoirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa in ann cineál agus méid na sonraí a chuirtear in iúl d’úinéirí agus do pháirtithe is úsáideoirí eile Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a rialú. Ina theannta sin, agus cur chun feidhme an Eolaire Dhigitigh Eorpaigh á ullmhú, ba cheart na prionsabail agus na hoibleagáidí ábhartha maidir le cosaint sonraí, amhail íoslaghdú sonraí agus cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, a mheas.
Ar deireadh, trí chruinneas agus iontaofacht na ndintiúr gnó a mhéadú, neartaítear leis an togra cosaint tomhaltóirí go hindíreach (Airteagal 38) agus cuirtear le hiontaoibh agus muinín fhoriomlán i ndinimic an Mhargaidh Aonair.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Beidh impleachtaí airgeadais ag baint le cuimsiú eintitis an Aontais, a chumhdófar go príomha le buiséad an Aontais faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034. Baineann na costais sin go príomha le heintitis an Aontais na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a chur chun feidhme agus a úsáid agus le bunú agus cothabháil an Eolaire Dhigitigh Eorpaigh laistigh den Choimisiún.
Cuirtear ar fáil forléargas mionsonraithe ar na costais atá i gceist sa ‘ráiteas airgeadais’ atá nasctha leis an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus meastóireacht ar thionchar an Rialacháin atá beartaithe i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, lena gcumhdaítear a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm. Is cuid thábhachtach den togra é an socrú faireacháin. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar a chur chun feidhme d’fhonn an fhaisnéis ábhartha is gá a ghiniúint a chuirfidh le meastóireacht a dhéanfar amach anseo agus chun fianaise dhaingean a sholáthar le haghaidh ceapadh beartas. Déanfar meastóireacht agus faireachán ar na gnéithe seo a leanas go háirithe: 1) an t‑ualach riaracháin a bhaineann le comhlíonadh rialála agus ceanglais tuairiscithe ar ghnólachtaí a laghdú trí thairbhí eacnamaíocha inléirithe; 2) feabhas a chur ar sheachadadh seirbhíse poiblí agus 3) feabhas a chur ar an iomaíochas a bhuí le tabhairt isteach na dTiachóg Gnó.
I bhfianaise raon cothrománach an rialacháin seo agus i bhfianaise na gcásanna úsáide fairsinge a bhféadfadh Tiachóga Gnó tacú leo ar fud earnálacha eacnamaíocha éagsúla, beidh sé tábhachtach comhordú éifeachtúil agus comhoibríoch a áirithiú maidir lena chur chun feidhme. Chuige sin, bunófar grúpa idirsheirbhíse tras-Choimisiúin faoi chathaoirleacht AS CONNECT.
Maidir le cur i bhfeidhm na hionstraime atá beartaithe, déanfaidh an Coimisiún Eorpach agus na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta measúnú freisin ar an méid seo a leanas: 1) margadh a fhorbairt le haghaidh sainaithint dhigiteach shlán agus seirbhísí iontaoibhe idir oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí; 3) iontaofacht agus slándáil na réiteach atá ar fáil agus a gcomhlíontacht leis na ceanglais uile chun Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar agus 3) glacadh na dTiachóg Gnó i measc earnálacha éagsúla.
4 bliana tar éis ghlacadh an Rialacháin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí a bhain Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a gcuspóirí amach. Breathnófar sa mheastóireacht go háirithe ar inúsáidteacht chroífheidhmiúlachtaí íosta na dtiachóg, ar leibhéal comhlíontachta sholáthraithe na dtiachóg, ar fheidhmiú na maoirseachta agus na bpionós náisiúnta, ar fheidhmíocht na ríomhsheirbhís seachadta cáilithe cláraithe agus ar úsáid na dTiachóg Gnó agus na seirbhíse seachadta cláraithe cáilithe. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí agus an fhianaise is gá ar fáil don Choimisiún don mheasúnú sin (chun mionanailís a dhéanamh ar ghné an fhaireacháin agus na meastóireachta, féach Caibidil 9 den Doiciméad Inmheánach Oibre).
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar amach i gCaibidil I ábhar agus raon feidhme an togra a bhfuil feidhm aige maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar agus a ghlacadh. Leagtar amach freisin ann na sainmhínithe a úsáidtear tríd an ionstraim. Tá an sainmhíniú ar Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa leathan agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de d’aon ghnó chun solúbthacht a cheadú le haghaidh réitigh éagsúla atá faoi thionchar an mhargaidh, agus forbairtí teicneolaíocha amach anseo, tiachóg dhigiteach lena gceadaítear d’úinéirí sonraí aitheantais fíoraithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe a stóráil, a bhainistiú agus a chomhroinnt, chomh maith le sainorduithe a eisiúint agus a tharmligean ar bhealach a aithnítear go dlíthiúil.
Le Caibidil II bunaítear na príomh-chomhpháirteanna do chreat na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. Leagtar amach ann prionsabal na coibhéise dlíthiúla, a fheidhmíonn mar fhoráil arb ionann í agus gníomhaíochtaí a dhéantar trí Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i bpearsa, ar pháipéar, nó trí aon mhodh nó próiseas eile: gné riachtanach chun deireadh a chur le heasaontais riaracháin i malartuithe lena mbaineann. Tá feidhm ag prionsabal na coibhéise freisin maidir leis an úsáid a bhaineann daoine féinfhostaithe agus trádálaithe aonair as an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe. Sa chaibidil chéanna, sainítear tacar íosta idir-inoibritheach croífheidhmiúlachtaí, mar aon le ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe mar sheirbhís neamhspleách d’úsáideoirí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, in éineacht le ceanglais theicniúla, a leathnaítear a thuilleadh san Iarscríbhinn agus a bheartaítear a chomhlánú le gníomhartha cur chun feidhme. Tugtar aghaidh i bhforálacha na caibidle seo freisin ar cé atá in ann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar, ar na ceanglais ábhartha nach mór do na daoine dlítheanacha sin a chomhlíonadh agus ar an bpróiseas nach mór d’eintiteas incháilithe dul faoi ar an leibhéal náisiúnta chun go gcuirfear ar liosta iontaofa na soláthraithe é. Chun aitheantas comhsheasmhach trasteorann a ráthú, braitheann an togra ar shonraí aitheantais úinéirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa arna n‑eisiúint mar ríomhdhearbhuithe tréithe ag soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe, ag comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta, nó ag an gCoimisiún le haghaidh eintitis an Aontais. Trí na fianuithe sin a úsáid, áirithítear gur féidir gach úinéir Tiachóige Gnó a shainaithint go hiontaofa ar bhonn faisnéis oifigiúil infhíoraithe. Ina theannta sin, sanntar aitheantóir uathúil do gach úinéir Tiachóige Gnó. I gcás ina sanntar Aitheantóir Uathúil Eorpach faoi Threoir (AE) 2017/1132 maidir le Dlí na gCuideachtaí nó faoin Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid, úsáidfidh na Tiachóga Gnó an tAitheantóir Uathúil Eorpach mar an t‑aitheantóir uathúil. I gcásanna eile, ainmníonn na Ballstáit cláir náisiúnta atá ann cheana agus uimhreacha clárúcháin comhfhreagracha mar fhoinse bharántúil chun aitheantóir coibhéiseach a ghiniúint. Saineofar struchtúr agus sonraíochtaí teicniúla an aitheantóra sin, lena n‑áiritheofar uathúlacht agus idir-inoibritheacht uile-Aontais, trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Chun cumarsáid shimplí a chumasú trí na Tiachóga Gnó, bunaítear leis an togra freisin Eolaire Digiteach Eorpach, a chruthóidh agus a choinneoidh an Coimisiún ar bun, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann teagmháil a dhéanamh go héasca le hoibreoirí eacnamaíocha agus le comhlachtaí earnála poiblí, agus bearta leordhóthanacha á gcur chun feidhme an tráth céanna chun sonraí pearsanta a chosaint. I ndáil leis sin, bunóidh an Coimisiún caighdeáin, sonraíochtaí teicniúla agus na catagóirí faisnéise a chuirfear in iúl don Choimisiún le haghaidh an Eolaire trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Bunaítear an sásra rialachais agus maoirseachta i gCaibidil II freisin. Chun ilroinnt a íoslaghdú agus an saineolas atá ann cheana a ghiaráil, ainmnítear sa togra comhlachtaí maoirseachta eIDAS atá ann cheana chun gníomhú mar údaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát do sholáthraithe Tiachóg Gnó atá bunaithe sna críocha faoi seach. Cuidíonn na húdaráis sin freisin le soláthraithe Tiachóg Gnó rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá chun go n‑eiseoidh eisitheoirí sonraí aitheantais úinéara bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil ó fhoinsí barántúla, comhoibreoidh siad go dlúth leis na húdaráis inniúla le haghaidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi na clárlanna náisiúnta ina bhfuil sonraí maidir le hoibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí. I ndáil leis sin, déantar foráil sa Rialachán maidir le ról agus cúraimí na n‑údarás sin. I bhfianaise chothromaíocht institiúideach na gConarthaí, níl institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (eintiteas de chuid an Aontais) faoi réir mhaoirseacht na mBallstát. Ina ionad sin, soláthraítear leis an togra socrú maoirseachta ar leibhéal an Aontais faoin gCoimisiún.
I gCaibidil III, leagtar amach na hoibleagáidí a chuirtear ar chomhlachtaí earnála poiblí. Áirithítear leis na forálacha sin go gcuirfidh comhlachtaí earnála poiblí ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid chun críocha sainaithint, fíordheimhniú, síniú nó séalú, doiciméid a chur isteach, agus fógraí a sheoladh nó a fháil i nósanna imeachta riaracháin nó tuairiscithe. Chun doiciméid agus fógraí a mhalartú, ní mór do chomhlachtaí earnála poiblí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith acu féin agus an bealach cumarsáide slán a úsáid. Ní mór na hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi am socraithe. Féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí úsáid na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus an bhealaigh cumarsáide (do thrádálaithe aonair agus do dhaoine féinfhostaithe) a aithint freisin mar an t‑aon mhodh amháin chun doiciméid leictreonacha agus fianuithe leictreonacha a chur isteach nuair a cheanglaítear sin faoi dhlí an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na hoibleagáidí sin agus ar a raon feidhme le himeacht ama.
Leagtar amach i gCaibidil IV gné idirnáisiúnta an chreata um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena mbunaítear an fhéidearthacht aitheantas a thabhairt do chórais a fhorbraítear i dtríú tíortha a thairgeann feidhmiúlachtaí atá coibhéiseach leis an togra i gcás ina ráthaítear le coinníollacha ábhartha leibhéal inchomparáide iontaoibhe, slándála agus idir-inoibritheachta. Leis an gcur chuige sin, cuirtear ar chumas an Aontais malartuithe domhanda iontaofa a éascú le comhpháirtithe nach comhpháirtithe de chuid an Aontais iad agus ardchaighdeáin an Aontais maidir le céannacht dhigiteach, fíordheimhniú agus sláine sonraí á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.
Tá na forálacha cothrománacha agus deiridh i gCaibidil V. Déantar foráil ann maidir le meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán atá beartaithe chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht a chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an chreata maoirseachta.
2025/0358 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa( 1 ) ,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’( 2 ) d’fhógair sé go mbeidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, ag tógáil ar an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach, mar bhunchloch chun gnó a dhéanamh ar bhealach simplí digiteach laistigh den Aontas, rud a chuirfidh timpeallacht rianúil ar fáil do chuideachtaí ina bhféadfaidh siad idirghníomhú le riaracháin phoiblí.
(2)Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle( 3 ), bunaítear an Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach agus tugtar isteach Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí a gcéannacht dhigiteach agus a ríomhdhearbhuithe tréithe a stóráil agus a bhainistiú go slán, agus rochtain a fháil ar raon leathan seirbhísí ar líne. Tá seirbhísí nua iontaoibhe sa Chreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach, lena n‑áirítear ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint, rud a fheabhsaíonn slándáil agus iontaofacht idirbheart agus idirghníomhaíochtaí ar líne.
(3)Chun geilleagar Eorpach iomaíoch agus digiteach a chothú, agus chun gnó trasteorann a éascú, is gá timpeallacht shlán rianúil a bhunú le haghaidh idirghníomhaíocht dhigiteach idir oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí i bhfoirmíochtaí éagsúla.
(4)Chun idir-inoibritheacht agus slándáil Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na sonraíochtaí teicniúla a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus ag rialacháin cur chun feidhme ina dhiaidh sin a bhunaítear de bhun an Rialacháin sin chomh maith leis na forbairtí teicneolaíochta agus caighdeán agus an obair a dhéantar ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946, agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha, agus tosaíocht ag na sonraíochtaí a leagtar síos sa Rialachán seo i gcás aon neamhréireachta.
(5)Chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh, idir-inoibritheacht a áirithiú agus ualaí riaracháin a laghdú, tá sé ríthábhachtach comhoiriúnacht a áirithiú idir Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus na córais agus na réitigh atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Mar a fhorordaítear leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, agus chun feabhas a chur ar mhalartuithe sonraí slána agus éifeachtúla ar fud an Aontais, ba cheart, le cur chun feidhme na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, a mhéid is féidir, i gcás inarb iomchuí agus tar éis anailís theicniúil a dhéanamh, úsáid a bhaint as bonneagair dhigiteacha agus bloic thógála an Aontais atá ann cheana, lena n‑áirítear iad siúd a forbraíodh faoin gCóras Teicniúil Aonuaire, faoi Chóras Idirnasctha na gClár Gnó agus faoin Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, agus ar an gcaoi sin comhlántacht, idir-inoibritheacht agus úsáid éifeachtúil acmhainní poiblí a áirithiú.
(6)Is uirlis dhigiteach iad na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa d’oibreoirí eacnamaíocha chun idirghníomhú le comhlachtaí earnála poiblí i gcomhthéacs oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh agus nósanna imeachta riaracháin a chomhlíonadh. Úsáid chroífheidhmiúlachtaí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa chun doiciméid a shainaithint agus a fhíordheimhniú, a shíniú nó a shéalú, chun doiciméid a chur isteach agus chun fógraí a sheoladh nó a fháil, ba cheart an úsáid sin a bheith gan dochar do cheanglais nós imeachta a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de nós imeachta riaracháin agus nach féidir a chomhlíonadh le croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. Féadfar a áireamh ar na ceanglais nós imeachta sin aon choimirce nó fíorú breise, amhail seiceálacha chun feasacht nó tuiscint a áirithiú ar ábhar doiciméid nó ar na himpleachtaí a bhaineann le síniú conartha, nó gníomhaíochtaí sonracha a cheanglaítear mar chuid de nós imeachta riaracháin agus nach dtacaíonn croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa leo. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí earnála poiblí a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais nós imeachta ábhartha uile, lena n‑áirítear aon ghníomhaíocht nó próiseas sonrach is gá a chomhlíonadh mar chuid de nós imeachta riaracháin agus nach féidir a dhéanamh trí Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa.
(7)Tá an tsolúbthacht ag comhlachtaí earnála poiblí cinneadh a dhéanamh maidir le conas a áirithiú gur féidir leo glacadh le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa i bhfianaise éagsúlacht a mbonneagair TF agus a riachtanas le haghaidh idir-inoibritheachta. Leis an gcur chuige sin, cuirtear ar a gcumas do chomhlachtaí earnála poiblí na creataí oibríochtúla atá acu cheana a choinneáil ar bun, agus tairbhe á baint acu an tráth céanna as buntáistí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa.
(8)Tá an Rialachán seo gan dochar don neamhspleáchas nós imeachta, do na ceanglais bhunreachtúla agus don neamhspleáchas breithiúnach lena rialaítear eagrú agus feidhmiú chórais cheartais náisiúnta na mBallstát, agus do chreat, sláine agus coimircí nós imeachta imeachtaí breithiúnacha.
(9)Tá an Rialachán seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát an tslándáil náisiúnta a choimirciú agus gan dochar dá gcumhacht feidhmeanna fíor-riachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n‑áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an t‑ord poiblí a choinneáil ar bun.
(10)Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do cheart daoine dlítheanacha gan faisnéis a chur faoi bhráid comhlachtaí earnála poiblí ach aon uair amháin agus do cheart na mBallstát leanúint de chórais eile a úsáid chun doiciméid agus sonraí a chur isteach idir údaráis inniúla mar a bhunaítear faoi dhlí an Aontais, amhail i Rialachán 2018/1724( 4 ) agus i dTreoir (AE) 2017/1132 lena mbunaítear Córas Idirnasctha na gClár Gnó.
(11)Chun an t‑ualach riaracháin a laghdú agus chun feabhas a chur ar an iomaíochas, ba cheart gach eintiteas a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n‑áirítear cuideachtaí, eagraíochtaí, daoine féinfhostaithe, trádálaithe aonair agus aon chineál eile gnó, gan beann ar mhéid, earnáil nó foirm dhlíthiúil, a bheith in ann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid. Chun a áirithiú gur féidir fógraí atá bailí ó thaobh an dlí de agus doiciméid a mhalartú, agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh trí bhíthin na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, is gá bealach cumarsáide iontaofa agus slán a bhunú is féidir le húinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe a chomhtháthú mar bhealach cumarsáide slán i dTiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus ba cheart malartú slán faisnéise atá bailí ó thaobh an dlí de idir páirtithe a chumasú léi, dá bhforáiltear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.
(12)Chun réiteach saincheaptha a chur ar fáil do dhaoine féinfhostaithe agus do thrádálaithe aonair, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a chomhtháthú go rianúil le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa. Leis an gcomhtháthú sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do na daoine sin fíordheimhniú a dhéanamh trí úsáid a bhaint as a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití agus rochtain a fháil ar sheirbhísí iontaoibhe a thairgtear do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑áirítear an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe a bhunaítear mar bhealach cumarsáide slán leis an Rialachán seo, trí úsáid a bhaint as na Tiachóga sin, gan gá le céannacht ghnó ar leithligh a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an bealach cumarsáide slán a thairiscint mar sheirbhís neamhspleách do dhaoine féinfhostaithe agus do thrádálaithe aonair a úsáideann Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití i gcáil ghnó, agus idir-inoibritheacht á háirithiú chun malartú aipeanna a éascú, chomh maith le seirbhísí iontaoibhe amhail ríomhshínithe agus seirbhísí stampála ama cáilithe agus neamhcháilithe. Ba cheart rochtain den sórt sin ar an mbealach cumarsáide slán do dhaoine féinfhostaithe agus do thrádálaithe aonair a chur chun cinn trí thairiscint a áirithiú, ar phraghsanna réasúnta agus inacmhainne, atá i gcomhréir leis na riachtanais úsáide agus lena ngabhann téarmaí úsáide nach gcuireann ualach míchuí ar na daoine sin.
(13)Ba cheart do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, i gcomhar le Rialachán (AE) 2018/1724, tacú leis an 28ú Córas( 5 ) atá ar na bacáin tríd an mbonneagar digiteach a sholáthar le haghaidh nósanna imeachta atá go hiomlán digiteach, rud a chuirfeadh ar chumas gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú oibríochtaí uile-Aontais a dhéanamh ar bhealach tapa agus éifeachtúil. Ba cheart do Thiachóga Gnó an bonneagar digiteach a sholáthar do straitéis ‘tús áite don digitiú’ an 28ú Córas, rud lena gcuíchóireofar idirghníomhaíochtaí trasteorann agus lena laghdófar an t‑ualach riaracháin, amhail stóráil agus síniú slán conarthaí agus deimhnithe a éascú nó iarratais agus doiciméid leictreonacha a chur isteach, a fháil agus a chomhroinnt. Tríd an mbonneagar sin a sholáthar, ba cheart go gcuideodh na Tiachóga Gnó leis an bprionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ a fhíorú, rud a d’éascódh fás agus forbairt chuideachtaí an Aontais agus a chuirfeadh feabhas ar a n‑iomaíochas.
(14)I bhfianaise an chuspóra maidir le héiceachóras digiteach aontaithe a chruthú le haghaidh ríomh-shainaitheantais, ríomh-fhíordheimhnithe agus malartú doiciméad leictreonach, fógraí agus ríomhdhearbhuithe tréithe, is gá eintitis de chuid an Aontais a chuimsiú i measc na gcomhlachtaí earnála poiblí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Le cuimsiú den sórt sin, ba cheart creat comhleanúnach a chruthú d’úinéirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa chun dul i dteagmháil le gach leibhéal riaracháin phoiblí agus, ar an gcaoi sin, castachtaí riaracháin a laghdú agus glacadh na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a spreagadh.
(15)Chun eisiúint agus comhtháthú cuí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú ar fud oibríochtaí agus chórais eintitis an Aontais, ba cheart aird chuí a thabhairt sa Rialachán seo ar chineál agus ar struchtúr sonrach na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí sin. chun a áirithiú go n‑urramófar uathriail riaracháin agus slándáil eintitis an Aontais. Ba cheart cead a bheith acu Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a fháil ó sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa atá bunaithe cheana féin, nó a dTiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa féin a fhorbairt nó gníomhú iad féin mar sholáthraí d’eintitis an Aontais. I gcás ina ngníomhaíonn eintitis an Aontais mar sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, ba cheart iad a bheith faoi réir creat maoirseachta freisin. Sna cásanna sin, ba cheart a chur de chúram ar an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh ar eintitis an Aontais Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar.
(16)Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, bunaítear creat le haghaidh ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe sa mhargadh inmheánach. Ag tógáil ar an éiceachóras a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ba cheart réiteach slán iontaofa a thairiscint d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí maidir le sainaithint dhigiteach agus fíordheimhniú digiteach, comhroinnt sonraí, agus seachadadh fógraí atá bailí ó thaobh an dlí de. Leis an gcreat iontaoibhe do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑áirítear liostaí iontaofa a úsáid, ba cheart cur leis na struchtúir a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.
(17)Le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, ba cheart a chur ar a gcumas do dhaoine aonair dá ndeonaítear an chumhacht chun gníomhú thar ceann eintitis in ábhair dhlí, airgeadais agus riaracháin a bhfeidhmeanna a fheidhmiú trí aon fhianú, dearbhú, nó doiciméad a shíniú arna bhforghníomhú trí ríomhshíniú atá bailí de réir dlí de réir bhrí Rialachán (AE) 910/2014, lena mbunaítear go mbeidh éifeacht dhlíthiúil choibhéiseach ag ríomhshínithe agus ag sínithe lámhscríofa.
(18)Chun tacú le tarmligean cumhachtaí agus sainorduithe laistigh de chomhthéacs gairmiúil, ba cheart sainordú agus córas údaraithe rólbhunaithe a chuimsiú le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí agus idirbhearta laistigh den Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ar bhealach lena gcaomhnaítear sláine chéannacht úinéir na Tiachóige sin. Leis an gcóras sin, ba cheart é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí cearta a shannadh d’ionadaithe údaraithe trí shainorduithe teicniúla atá sainithe go soiléir lena gceadófar d’úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ar leith cearta iomlána a dheonú chun an réiteach a úsáid go ginearálta agus gníomhú thar a cheann, agus trí shainordú riaracháin lena gceadófar d’úinéir Tiachóige Gnó róil agus freagrachtaí a shannadh d’úsáideoirí éagsúla an réitigh laistigh dá n‑eagraíocht. Leis an gcóras údaraithe sin, ba cheart comhoiriúnacht le cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a áirithiú, mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2025/25 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 . Ba cheart an córas údaraithe sin a bheith láidir agus inscálaithe, chun a áirithiú gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí, mar úinéirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, údarás a tharmligean chuig úsáideoirí iomadúla, lena n‑áirítear fostaithe nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha údaraithe eile, agus ar an gcaoi sin, déanfar bainistiú éifeachtúil agus slán gníomhaíochtaí inmheánacha a éascú agus a áiritheofar go ndéanfar rochtain ar Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ar a bhfeidhmeanna a rialú agus go mbeidh siad in-iniúchta. Leis an gcóras sin, ba cheart rochtain ar sheirbhísí agus ar idirbhearta laistigh den Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a rialú, agus sláine chéannacht na n‑úinéirí á caomhnú.
(19)Chun idirbhearta gnó trasteorann a éascú, ualaí riaracháin a laghdú, agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn, is gá creat dlíthiúil soiléir intuartha a bhunú lena n‑aithnítear an choibhéis dhlíthiúil idir úsáid na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, nó a gcroífheidhmiúlachtaí, agus an bhealaigh cumarsáide sláin i gcás ina n‑úsáideann daoine féinfhostaithe agus trádálaithe aonair an bealach cumarsáide slán sin, agus modhanna eile a nglactar leo i gcás oibreoirí eacnamaíocha chun doiciméid a shainaithint, a fhíordheimhniú agus a chur isteach agus fógraí a fháil agus iad ag idirghníomhú le comhlachtaí earnála poiblí san Aontas. Chuige sin, ba cheart an éifeacht dhlíthiúil chéanna a bheith ag úsáid croífheidhmiúlachtaí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, nó ag an mbealach cumarsáide slán i gcás ina n‑úsáideann daoine féinfhostaithe agus trádálaithe aonair é, amhail is dá ndéanfaí go dleathach é i bpearsa, ar pháipéar, nó ar aon mhodh nó trí aon phróiseas eile a mheasfaí a bheith i gcomhréir leis na ceanglais dlí, riaracháin nó nós imeachta is infheidhme ar shlí eile.
(20)Chun eispéireas comhsheasmhach úsáideora a áirithiú agus chun fóntas, iontaofacht agus idir-inoibritheacht Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a ráthú ar fud an Aontais, ba cheart do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa croí-thacar feidhmiúlachtaí a chur chun feidhme. Ba cheart dóibh an tsaoirse a choinneáil chun gnéithe breise a thairiscint mar chuid dá dtairiscint tráchtála, chun nuálaíocht a chothú agus chun freagairt do riachtanais an mhargaidh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forbairt agus úsáid na gcroífheidhmiúlachtaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na ceanglais agus na sonraíochtaí teicniúla is gá a leagan amach chun idir-inoibritheacht agus feidhmiú rianúil ar fud an Aontais a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle( 7 ) agus ba cheart a áireamh iontu na cumhachtaí chun na caighdeáin agus na prótacail is gá a shainiú don bhealach cumarsáide slán, agus na forbairtí teicneolaíocha is déanaí á gcur san áireamh.
(21)Le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, ba cheart na hidirghníomhaíochtaí casta idir oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí a shimpliú, agus d’fhéadfaí idirghníomhaíochtaí idir oibreoirí eacnamaíocha iad féin a éascú freisin, rud a laghdódh an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha i raon leathan earnálacha eacnamaíocha. Chun an nuálaíocht agus an t‑iomaíochas a chothú, le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ba cheart cásanna úsáide earnáilsonracha a chumasú agus éifeachtúlachtaí oibríochtúla a fheabhsú, agus solúbthacht agus inoiriúnaitheacht á n‑áirithiú an tráth céanna chun tacú le ceanglais uathúla earnálacha éagsúla, lena n‑áirítear an talmhaíocht, an fuinneamh, an comhshaol, comhordú na slándála sóisialta, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.
(22)Le húsáid na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa sna comhthéacsanna sin, is féidir cabhrú le costais a laghdú agus raon leathan feidhmeanna agus cásanna úsáide a chur chun cinn ar fud an Aontais, amhail dearbhuithe a chur isteach, iarratais ar chistiú poiblí, rochtain ar sheirbhísí poiblí agus comhroinnt shlán sonraí agus rochtain shlán laistigh de spásanna sonraí a éascú, amhail deimhnithe A1 a chur isteach maidir le hoibrithe ar postú dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 883/2004.
(23)Le bunú na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa in éineacht leis an gCóras Teicniúil Aonuaire, meastar go gcruthófar sineirgí cumhachtacha lena n‑uasmhéadófar éifeachtúlacht agus éascaíocht oibríochtúil. Go háirithe, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid chun fianaise arna haisghabháil ó údaráis phoiblí inniúla a choinneáil agus a tharchur tríd an gCóras Teicniúil Aonuaire. I gcás inarb iomchuí, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann fianaise atá i dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chomhcheangal le fianaise a aisghabhtar tríd an gCóras Teicniúil Aonuaire i gcomhthéacs nósanna imeachta poiblí. Dá bhrí sin, trí ardán digiteach slán a sholáthar chun doiciméid ghnó a stóráil agus a mhalartú, ba cheart do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa malartú na ndoiciméad sin idir comhlachtaí earnála poiblí a éascú trí na sásraí arna mbunú faoin gCóras Teicniúil Aonuaire.
(24)Chun comhordú a áirithiú idir digitiú leanúnach an Aontais ar an gcomhar breithiúnach, nuachóiriú ar mhalartú slán faisnéise trasteorann, agus an gá atá le huirlisí digiteacha éifeachtúla a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha chun idirghníomhú leis na húdaráis, is gá creat comhleanúnach a bhunú lena gcumasófar idirghníomhaíocht rianúil idir na córais ábhartha sin. Trí chomhordú den sórt sin a fheabhsú, laghdófar an t‑ualach riaracháin, cuirfear feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil, agus neartófar éifeachtacht an chomhair trasteorann, trína áirithiú go bhfeidhmeoidh na bealaí cumarsáide a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha go rianúil laistigh de mhargadh digiteach na hEorpa. Sa chomhthéacs sin, le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ba cheart na córais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/2844 agus i Rialachán (AE) 2023/969 a chomhlánú, agus ba cheart idirghníomhaíocht rianúil idir na córais sin agus na Tiachóga Gnó a choinneáil ar bun trí thairseach na dTiachóg Gnó, rud a chuirfeadh ar chumas na n‑údarás ábhartha na córais sin a choinneáil ar bun agus simpliú do chuideachtaí Eorpacha á chur chun cinn an tráth céanna.
(25)Chun malartú solúbtha éifeachtúil faisnéise agus seirbhísí a éascú agus Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa á n‑úsáid, agus chun comhtháthú rianúil na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa le réitigh chéannachta digití atá ann cheana a áirithiú, ba cheart é a bheith indéanta Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití agus ríomhdhearbhuithe tréithe a úsáid chun ionduchtú chuig Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus chun iad a bhainistiú. Leis sin, ba cheart é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí céannachtaí digiteacha agus ríomhdhearbhuithe tréithe atá ann cheana a ghiaráil chun rochtain a fháil ar Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus ar an gcaoi sin an próiseas ionduchtaithe a chuíchóiriú agus eispéireas foriomlán an úsáideora a fheabhsú. Le húsáid ríomhdhearbhuithe tréithe i gcomhthéacs na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, ba cheart freastal ar riachtanais éagsúla úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus féadfar iad a úsáid chun fíorú slán iontaofa príomh-shaintréithe a eisiúint agus a chumasú, amhail seoladh reatha úinéara, uimhir chlárúcháin CBL, uimhir thagartha cánach, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) agus uimhir mháil. Le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ba cheart tacú le raon leathan cásanna úsáide, idir fhíordheimhniú agus sainaithint shimplí agus idirbhearta agus idirghníomhaíochtaí níos casta.
(26)Chun oibriú slán iontaofa na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú go bhfuil gach Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthraíonn siad réamhchumraithe chun idirghníomhú le seirbhísí iontaoibhe áirithe, a bhfuil gá leo chun croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chumasú, lena n‑áirítear ríomhshínithe cáilithe a chruthú, ríomhshéalaí cáilithe a chruthú, agus ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus neamhcháilithe a eisiúint agus a bhailíochtú. Chun tacú leis na feidhmiúlachtaí sin, trí bhíthin na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ba cheart a bheith in ann faisnéis shonrach agus doiciméid shonracha a bhaineann leis an úinéir a chomhroinnt agus a stóráil, amhail teachtaireachtaí agus doiciméid don bhealach cumarsáide slán, doiciméid shínithe agus shéalaithe, agus tacair tréithe le haghaidh seirbhísí a bhaineann le fianú.
(27)Chun gur féidir aitheantas dlíthiúil a thabhairt do ríomhdhearbhuithe tréithe a chuirtear i láthair trí Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, is gá foráil a dhéanamh maidir le fianuithe nasctha a chruthú agus a bhailíochtú, lena mbeidh fianú amháin nasctha go cripteagrafach le ceann eile ar bhealach lenar féidir barántúlacht agus sláine gach fianaithe aonair, agus na bhfianuithe uile nasctha i dteannta a chéile, a fhíorú. Chuige sin, le bonneagar na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, trí úsáid a bhaint as an slabhra fianuithe, ba cheart a bheith in ann aon ásc amháin d’fhianú a chur isteach agus a athúsáid ina dhiaidh sin thar nósanna imeachta ábhartha a éascú. Leis an bhfeidhmiúlacht sin, ba cheart úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith in ann tagairt do dhoiciméad a tharchur i gcás inarb iomchuí le heilimint chripteagrafach, amhail hais-eochair d’fhianú séalaithe arna eisiúint ag Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus ar an gcaoi sin sláine agus barántúlacht an taiscthe bunaidh a fhianú.
(28)Chun a áirithiú go n‑áiritheofar na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ar fud réitigh éagsúla, is gá na caighdeáin agus na prótacail le haghaidh na gcroífheidhmiúlachtaí agus na ceanglais theicniúla do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a shainiú in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart na ceanglais maidir le cur chun feidhme na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a leagan amach san Iarscríbhinn. Chun inmharthanacht agus éifeachtacht fhadtéarmach na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na nósanna imeachta agus na sonraíochtaí teicniúla maidir le cur chun feidhme na gcroífheidhmiúlachtaí a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí gnéithe breise agus teicneolaíochtaí nua a chomhtháthú lena gcumasófaí cásanna úsáide nua, amhail intleacht shaorga ghníomhach nó céannacht dhigiteach a sholáthar do shócmhainn úinéara, agus rud a chuirfeadh ar chumas na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa leanúint de thacaíocht a thabhairt do riachtanais athraitheacha na n‑oibreoirí eacnamaíocha ar bhealach slán iontaofa. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. A mhéid is féidir, ba cheart a chur san áireamh i gcaighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa réitigh agus caighdeáin theicniúla ábhartha a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha sna córais TFC atá ann cheana, rud a d’éascódh ailíniú na gcóras sin leis an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus a d’fhágfadh go mbeidís idir-inoibritheach léi.
(29)Chun tacú le forbairt thráthúil an mhargaidh do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, ba cheart tosaíocht a thabhairt do ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme maidir le croífheidhmiúlachtaí agus na sonraíochtaí teicniúla a ghabhann leo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh sin cur leis na caighdeáin atá ann cheana, lena n‑áirítear na caighdeáin atá sa Chreat Ailtireachta agus Tagartha dá bhforáiltear i gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, chun tacú le hathúsáid caighdeán teicniúil seanbhunaithe agus le glacadh na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa.
(30)Chun an t‑ardleibhéal iontaoibhe, feidhmiúlachta agus slándála a áirithiú do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, rud is gá chun a seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann, agus go háirithe chun an riosca calaoise a mhaolú, ba cheart soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith faoi réir ceanglais agus oibleagáidí soiléire comhréireacha gan bheith faoi réir ceanglais náisiúnta bhreise.
(31)Chun maoirseacht chuí a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart a cheangal ar eintitis ar mhaith leo a bheith ina soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa fógra a thabhairt do na comhlachtaí maoirseachta go bhfuil sé beartaithe acu Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa den sórt sin a sholáthar sula dtairgfidh siad a gcuid seirbhísí. Chun sláine agus cuntasacht sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chosaint agus chun slándáil na sonraí a stóráiltear nó a mhalartaítear in éiceachóras na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú, ba cheart soláthraithe a bheith bunaithe laistigh den Aontas. Ba cheart a áirithiú leis sin go dtagann na soláthraithe sin faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht comhlachta inniúil i mBallstát, rud a fhágann gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus cearta agus sonraí úsáideoirí a chosaint. Thairis sin, níor cheart riosca do shlándáil an Aontais a bheith ag baint le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, is é sin trí gan a bheith faoi réir rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, chun a áirithiú go leanfaidh bonneagar digiteach criticiúil an Aontais de bheith slán agus athléimneach. I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun comhar agus idir-inoibritheacht a áirithiú le réitigh arna mbunú nó arna bhformhuiniú ag comhpháirtithe an Aontais atá ar aon intinn leis.
(32)Ní mór don Aontas a leas slándála a chosaint ar sholáthraithe a d’fhéadfadh a bheith ina riosca slándála leanúnach mar gheall ar an gcur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ó thríú tíortha. Chuige sin, is gá laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le spleáchas leanúnach ar sholáthróirí ardriosca sa mhargadh inmheánach, lena n‑áirítear sa slabhra soláthair TFC, toisc go bhféadfadh tionchair dhiúltacha thromchúiseacha a bheith acu ar shlándáil oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí ar fud an Aontais agus ar bhonneagar criticiúil an Aontais, go háirithe maidir le sláine, rúndacht agus infhaighteacht sonraí agus seirbhísí. Ba cheart aon srian a bheith bunaithe ar mheasúnú riosca comhréireach agus ar bhearta maolaithe comhfhreagracha mar a shainítear i mbeartais agus i ndlíthe an Aontais. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag na srianta sin, mar shampla, maidir le soláthróirí ardriosca, mar a shainaithnítear faoi dhlí an Aontais.
(33)Chun céannacht oibreoirí eacnamaíocha a shuí ar bhealach slán iontaofa, ba cheart a cheadú leis an Rialachán seo ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a úsáid chun sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint. Is féidir ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a thabhairt cothrom le dáta nó a chúlghairm go héasca. Trí ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a úsáid chun céannacht oibreoirí eacnamaíocha a shuí, soláthraítear réiteach éifeachtúil slán atá oiriúnach do riachtanais an gheilleagair dhigitigh. Soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe a eisíonn na fianuithe sin, rialaítear iad faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus tá siad faoi réir ceanglais dhochta agus grinnscrúdú dian, rud a áirithíonn ardleibhéal slándála agus iontaoibhe sa phróiseas eisiúna. Is éard atá sna foinsí barántúla a úsáidtear chun na sonraí atá sna ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a fhíorú cláir ghnó agus cláir eile, agus ba cheart úsáid Chóras Idirnasctha na gClár Gnó agus Chóras Idirnasctha na gClár Úinéireachta Tairbhiúla a chur chun cinn chun fíorú na sonraí sin a éascú, agus ar an gcaoi sin cruinneas agus iontaofacht na sonraí aitheantais a áirithiú.
(34)Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d’fheidhmiú ná do ról na gclár gnó mar fhoinsí barántúla agus níor cheart dó an bealach a n‑oibríonn siad ná na sonraí a chomhdaítear iontu a athrú ach ba cheart dó cur leis an mbonneagar atá ann cheana agus é a chomhlánú. I ndáil leis sin, i gcás ina n‑eisíonn foinse bharántúil ríomhdhearbhuithe tréithe nó ina n‑eisítear iad thar a ceann, amhail clár gnó, d’fhéadfaí na sonraí ábhartha a eisiúint go díreach ón gclár, rud a chuirfeadh tuilleadh feabhais ar shlándáil agus ar iontaofacht an phróisis sainaitheantais.
(35)Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bearta chun é a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe barántúlacht na dtréithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a fhíorú trí mheán leictreonach, arna iarraidh sin don úsáideoir, amhail cáilíochtaí oideachais agus gairmiúla, teidil agus ceadúnais, cumhachtaí agus sainorduithe chun ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, ceadanna agus ceadúnais phoiblí agus sonraí airgeadais agus cuideachta. Leis an gcreat um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, ba cheart cur leis an gceanglas sin atá ann cheana gur cheart na sonraí oifigiúla uile atá ábhartha d’oibreoirí eacnamaíocha i gcomhthéacs na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chumhdach agus fíorú leictreonach tréithe a chumasú chun eisiúint sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ríomhdhearbhuithe tréithe eile a éascú.
(36)Ós rud é gur cheart do gach oibreoir eacnamaíoch agus eintiteas a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheith in ann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid, lena n‑áirítear daoine féinfhostaithe agus trádálaithe aonair, ba cheart sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar ar bhealach atá deartha go sonrach chun a gcéannacht agus a dtréithe dearbhaithe a fhíorú laistigh de chomhthéacs gnó. Chun comhsheasmhacht le creataí an Aontais atá ann cheana a áirithiú agus chun idir-inoibritheacht trasteorann a éascú, leis an gcreat um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ba cheart úsáid a bhaint as an Aitheantóir Uathúil Eorpach dá bhforáiltear leis an Treoir chódaithe maidir le Dlí na gCuideachtaí (AE) 2017/1132( 8 ) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/369( 9 ) ) ón gCoimisiún chomh maith le Rialachán (AE) 2024/1624( 10 ) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/369 ón gCoimisiún( 11 ). Sanntar Aitheantóir Uathúil Eorpach do chuideachtaí agus d’eintitis dhlíthiúla eile chomh maith le socruithe amhail iontaobhais chun gur féidir iad a shainaithint go haonchiallach i gcásanna trasteorann. Cuirtear an tAitheantóir Uathúil Eorpach ar fáil go poiblí faoi láthair trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó agus úsáideann Córas Idirnasctha na gClár Úinéireachta Tairbhiúla é. Dá réir sin, ba cheart an creat um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith ag brath ar phróiseas eisiúna agus taifeadta Aitheantóirí Uathúla Eorpacha mar mhodh chun fíorú a dhéanamh ar chéannacht na n‑oibreoirí eacnamaíocha dá soláthraítear Aitheantóirí Uathúla Eorpacha i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/1132. Ba cheart an creat um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith ag brath ar phróiseas eisiúna agus taifeadta Aitheantóirí Uathúla Eorpacha i gcás oibreoirí eacnamaíocha eile a thagann faoi Threoir (AE) 2015/849.
(37)Chun a áirithiú gur féidir na húinéirí uile a bhfuil Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa acu a shainaithint go hiontaofa agus go mbaineann a ríomhdhearbhú tréithe le heintiteas uathúil, is gá freisin aitheantóir uathúil a shannadh d’oibreoirí eacnamaíocha eile agus do chomhlachtaí earnála poiblí. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le haitheantóirí uathúla a chur chun feidhme, go háirithe a n‑éifeachtacht agus a gcomhsheasmhacht, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na ceanglais mhionsonraithe le haghaidh na n‑aitheantóirí uathúla a shonrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I bhfianaise na gcur chuige éagsúil i measc na mBallstát maidir le roinnt oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí a chlárú, tá sé tábhachtach trédhearcacht agus inrochtaineacht a áirithiú do sholáthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na foinsí barántúla atá ábhartha maidir le sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint.
(38)Chun feidhmiú éifeachtúil, slán agus trédhearcach an chreata um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú, is gá Eolaire Digiteach Eorpach a bhunú, ina bhfuil sonraí pearsanta oibreoirí eacnamaíocha. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún an tEolaire sin a chur ar bun agus a choinneáil ar bun, mar fhoinse iontaofa faisnéise faoi oibreoirí eacnamaíocha agus faoi chomhlachtaí earnála poiblí a úsáideann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa. Leis an Eolaire, ba cheart a bheith in ann teagmháil a dhéanamh go héasca le húinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa chun deimhneacht dhlíthiúil a chur chun cinn i ndáil le déileálacha idir gnólachtaí agus i ndáil le hidirghníomhaíochtaí le comhlachtaí earnála poiblí, go háirithe d’fhonn trádáil idir na Ballstáit a chur chun cinn. Ba cheart do Sholáthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus iad i gcomhar leis an gCoimisiún, an fhaisnéis is gá a chur isteach chun tacú le feidhmiú an Eolaire Dhigitigh Eorpaigh agus dul i gcomhar leis na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha chun a áirithiú go leanfaidh na sonraí a chuirtear isteach de bheith cruinn. Ní chruthóidh na gníomhaíochtaí sin ceanglas go hindíreach ar oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta. I ndáil leis an méid sin, beidh an tEolaire Digiteach ag brath ar an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil le cláir gnó freisin trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó agus áiritheofar an tráth céanna nach ndéanfar an fhaisnéis sin a dhúbailt.
(39)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gach gníomhaíocht próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. I gcás ina n‑áirítear próiseáil sonraí pearsanta leis an Eolaire Digiteach Eorpach, déanfar é sin i gcomhréir leis na prionsabail ábhartha maidir le cosaint sonraí, amhail prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus an teorannaithe de réir cuspóra, oibleagáidí, amhail cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, agus áireofar leis, i gcás inarb iomchuí, gnéithe d’ainm bréige a chur i bhfeidhm.
(40)Chun ualaí rialála iomarcacha a sheachaint, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht ex post ar sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus faireachán ar a ngníomhaíochtaí, seachas a cheangal go ndéanfaí fíorú comhlíontachta roimh ré le haghaidh gach gné dá n‑oibríochtaí. Leis an gcur chuige sin, ba cheart timpeallacht rialála níos solúbtha agus níos éifeachtúla a bheith ann, agus na coimircí is gá á gcoinneáil ar bun an tráth céanna chun úsáideoirí a chosaint agus chun comhlíonadh cheanglais an chreata um Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú. Ba cheart an próiseas fógartha do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chuíchóiriú agus a dhéanamh éifeachtúil, agus ba cheart ceanglais agus amlínte soiléire a bheith ann d’iarratasóirí. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe, atá faoi réir creat rialála láidir cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, tairbhe a bhaint as próiseas an-éadrom chun bheith in ann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar.
(41)Chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú in éiceachóras na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, ba cheart don Choimisiún liosta a bheidh ar fáil go poiblí de sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ar tugadh fógra ina leith a bhunú agus a choinneáil ar bun. Ba cheart a áireamh ar an liosta sin faisnéis arna tarchur ag na comhlachtaí maoirseachta náisiúnta maidir le soláthraithe, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe, a bhfuil an próiseas fógartha curtha i gcrích acu. Tríd an bhfaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí, ba cheart go gcuirfí ar a gcumas d’úsáideoirí barántúlacht agus iontaofacht soláthraithe a fhíorú, agus ar an gcaoi sin ardleibhéal slándála agus iontaoibhe in éiceachóras na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a chur chun cinn.
(42)Tá maoirseacht éifeachtach arna déanamh ag comhlachtaí maoirseachta, a bhfuil cumhachtaí leordhóthanacha acu agus a gcuirtear acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh, fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a chuirtear ar fáil san Aontas na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Chun an fhormhaoirseacht sin agus an saineolas ábhartha sin a áirithiú ar an mbealach is fearr, ba cheart do na Ballstáit an comhlacht maoirseachta céanna nó na comhlachtaí maoirseachta céanna a ainmniú arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 46a(1) agus Airteagal 46b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.
(43)Ba cheart aird chuí a thabhairt ar chomhar éifeachtach a áirithiú idir comhlachtaí maoirseachta arna n‑ainmniú faoin Rialachán seo, faoi Airteagal 46b de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle( 12 ). Ós rud é gur eintitis ar leith iad na húdaráis inniúla, ba cheart dóibh oibriú i ndlúthchomhar agus go tráthúil, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar sholáthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus faoi Threoir (AE) 2022/2555.
(44)Chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a chomhchuibhiú, ba cheart an chumhacht a thabhairt do chomhlachtaí maoirseachta náisiúnta fíneálacha riaracháin a fhorchur. Is gá uasteorainn na bhfíneálacha riaracháin agus na critéir maidir lena gcinneadh a shonrú chun cóir chomhionann do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chur chun cinn ar fud an Aontais gan beann ar a mBallstát bunaíochta. Ba cheart don údarás maoirseachta inniúil measúnú a dhéanamh ar gach cás ar bhonn aonair, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh, lena n‑áirítear cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, a iarmhairtí agus aon bheart a rinneadh chun comhlíonadh a áirithiú agus díobháil a mhaolú. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta lena gceadaítear don chomhlacht maoirseachta pionóis a fhorchur faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na rialacha sin.
(45)Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun cearta oibreoirí eacnamaíocha a chosaint, is gá sásra a bhunú don Choimisiún chun idirghabháil a dhéanamh i gcásanna ina gcinntear nach gcomhlíonann soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ceanglais an Rialacháin seo agus nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag an údarás maoirseachta inniúil chun an scéal a leigheas. Leis an sásra sin, ba cheart a chur ar a chumas don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh, dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an soláthraí, agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin gníomhaíocht thapa agus éifeachtach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhchomhlíonadh agus chun a áirithiú go n‑úsáidfear Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ar bhealach slán iontaofa.
(46)Ba cheart an fhreagracht bhreise a thabhairt don Ghrúpa Comhair arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 as comhordú na gcleachtas agus na mbeartas náisiúnta a bhaineann leis an Rialachán seo agus ba cheart dó plé a éascú idir na húdaráis inniúla maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin, agus ar an gcaoi sin cuspóirí bhunú an Ghrúpa Comhair a bhaint amach agus saineolas a choinneáil ar mhaithe leis an gcreat um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a chur chun feidhme.
(47)Chun tacú le glacadh agus idir-inoibritheacht éifeachtach, ba cheart a cheangal ar gach comhlacht earnála poiblí úsáid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a chumasú i ngach nós imeachta riaracháin ábhartha chun críoch sainaitheantais agus fíordheimhnithe, chun doiciméid a shíniú nó a shéalú, chun doiciméid a chur isteach agus chun fógraí a sheoladh nó a fháil. I ndáil leis sin, ba cheart do chomhlachtaí earnála poiblí a áirithiú, faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid agus, i gcás ina bhfuil fáil nó cur in iúl doiciméad nó fógraí i gceist, go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar bhealach cumarsáide slán na dTiachóg Gnó. Chun cur i bhfeidhm rianúil agus idir-inoibritheach an Rialacháin seo a áirithiú i ndáil leis sin, ba cheart do chomhlachtaí earnála poiblí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith ina seilbh acu chun doiciméid agus fógraí a fháil nó a sheoladh. An oibleagáid atá ar chomhlachtaí earnála poiblí glacadh le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ó oibreoirí eacnamaíocha, níor cheart dó difear a dhéanamh do chórais a úsáidtear chun doiciméid nó sonraí a mhalartú nó a chur isteach idir údaráis inniúla.
(48)Ionas nach gcuirfear isteach ar idirghníomhaíochtaí atá ann cheana idir oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí, is gá idirthréimhse a chumasú go dtí [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Le linn na tréimhse sin, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí a roghnú gan bealach cumarsáide slán na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a thairiscint agus ina ionad sin tacú le réitigh mhalartacha atá i bhfeidhm cheana lena gcuirtear ar chumas oibreoirí eacnamaíocha cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí earnála poiblí sula dtairgfidh siad bealach cumarsáide slán na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. Chun leibhéal leordhóthanach slándála agus idir-inoibritheachta a áirithiú, ba cheart aon réiteach malartach a úsáidfear le linn na hidirthréimhse sin na ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe cáilithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chomhlíonadh agus tairseach chuig Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a thairiscint. Ba cheart don tairseach é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa rochtain a fháil ar na réitigh mhalartacha a úsáidtear le linn na hidirthréimhse. Tar éis na tréimhse sin, ba cheart do chomhlachtaí earnála poiblí tacú le bealach cumarsáide slán na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa chun modh cumarsáide comhchuibhithe éifeachtúil a áirithiú ar fud an Aontais, rud a rachaidh chun tairbhe do ghnólachtaí Eorpacha.
(49)Rannchuidíonn Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa le seirbhís phoiblí dhigiteach trasteorann a sholáthar de réir bhrí an Ghnímh um Eoraip Idir-inoibritheach (AE) 2024/903. Rinneadh an measúnú a cheanglaítear faoin Rialachán sin, agus foilseofar an tuarascáil a thiocfaidh as sin ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.
(50)Chun a áirithiú go leanfaidh éiceachóras na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa de bheith ag freastal ar riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí, is gá measúnú a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus ar a thionchar i bhfianaise chuspóir an Rialacháin seo. Ba cheart a chur san áireamh sa mheastóireacht, go háirithe, an riosca a bhaineann le hilroinnt dhlíthiúil laistigh den mhargadh inmheánach maidir le doiciméid agus dearbhuithe tréithe a chur isteach go leictreonach chomh maith le forbairtí teicneolaíocha agus dul chun cinn an mhargaidh le haghaidh na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus seirbhísí iontaoibhe gaolmhara.
(51)Chun dúbláil a sheachaint agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, níor cheart do chomhlachtaí earnála poiblí a cheangal go gcuirfí an fhaisnéis nó na doiciméid chéanna isteach arís trí mhodhanna fisiceacha nó trí mhodhanna digiteacha malartacha, nó a mhalairt, nuair a bheidh siad tarchurtha go bailí tríd an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa i gcomhréir leis an Rialachán seo. Dá réir sin, níor cheart do na Ballstáit ceanglais náisiúnta bhreise a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, mura ndéantar foráil go sainráite maidir leis sin sa Rialachán seo, ós rud é go ndéanfadh sé sin difear do chur i bhfeidhm díreach agus aonfhoirmeach an Rialacháin.
(52)Chun rochtain éifeachtach ar nósanna imeachta agus ar mhargaí an Aontais a chumasú agus chun rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas a éascú sa chreat um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, is gá a chur ar chumas sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint do na hoibreoirí sin, ar choinníoll gur féidir a gcéannacht a fhíorú le hardleibhéal cinnteachta. Chun clárúcháin dhúblacha a chosc agus chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, níor cheart cead a bheith ag na hoibreoirí sin níos mó ná tacar amháin sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus aitheantóir uathúil amháin a fháil. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile chun an riosca a bhaineann le clárúcháin dhúblacha a mhaolú agus chun uathúlacht clárúchán oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas a áirithiú.
(53)Leis an ngníomh cur chun feidhme a bhaineann leis na ceanglais agus na nósanna imeachta le haghaidh an aitheantóra uathúil, ba cheart na coinníollacha maidir lena n‑eisiúint d’oibreoirí eacnamaíocha tríú tír a chuimsiú. Go háirithe, ba cheart na coinníollacha a leagan síos lena gcuirtear comhordú chun cinn idir soláthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, chun a áirithiú nach sannfar ach aitheantóir uathúil amháin do gach oibreoir eacnamaíoch tríú tír chun críche sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa. Sula soláthrófar Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa d’oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe lasmuigh den Aontas, ba cheart don soláthraí ábhartha a dheimhniú gur comhlíonadh na coinníollacha chun céannacht an oibreora eacnamaíoch a fhíorú. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid, agus slándáil agus iontaofacht an éiceachórais á gcaomhnú an tráth céanna.
(54)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme aitheantais agus idir-inoibritheachta tiachóg gnó nó córas agus creataí comhchosúil ó thríú tíortha chun tacú le comhpháirtíochtaí agus comhar agus chun iad a chur chun cinn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na coinníollacha a leagan síos faoina dtairbhíonn córais nó creat comhchosúil den sórt sin d’fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(55)Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, cuirtear modh slán áisiúil ar fáil do dhaoine nádúrtha, amhail saoránaigh agus cónaitheoirí, chun iad féin a shainaithint agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne. Ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití do dhaoine dlítheanacha, in ainneoin easpa soiléireachta maidir le cur chun feidhme teicniúil sonrach na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití do dhaoine dlítheanacha. Leis an éiginnteacht sin maidir le cuspóir agus feidhmiú na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití do dhaoine dlítheanacha, méadaítear an chastacht dhlíthiúil agus theicniúil do na Ballstáit. Is gá, dá bhrí sin, Airteagal 5a de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a leasú chun a áirithiú nach mbainfidh eisiúint éigeantach na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití ach le daoine nádúrtha.
(56)Leis an gcreat a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart bonneagar digiteach slán uile-Aontais a sholáthar agus, dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhionstraim chun na gcríoch sin. Chun tairbhí an chreata um Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhaint amach go hiomlán d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí araon, is gá a úsáid a chur chun cinn mar an uirlis réamhshocraithe le haghaidh sainaithint dhigiteach shlán, fíordheimhniú, agus malartú doiciméad leictreonach agus ríomhdhearbhuithe tréithe.
(57)Chun cur i bhfeidhm comhleanúnach agus cothrománach reachtaíocht an Aontais a áirithiú ar fud earnálacha, chun costas riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, agus chun éifeachtúlacht bhuiséadach a fheabhsú, ba cheart dlí an Aontais maidir le ríomh-shainaitheantas, ríomh-fhíordheimhniú, nó malartú doiciméad leictreonach, fógraí, nó ríomhdhearbhuithe tréithe, go háirithe i gcás ina mbunaítear ceanglais theicniúla shonracha, córais theicniúla shonracha, nó prótacail theicniúla shonracha, a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis an Rialachán seo. Dá réir sin, ba cheart aon tionscnamh reachtach nó neamhreachtach a bheidh ann amach anseo sna réimsí sin a bheith i gcomhréir leis an bprionsabal ‘Tiachóg Ghnó mar réamhshocrú’ agus ba cheart iad a dhearadh agus a fhorbairt chun cur le húsáid na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus chun an úsáid sin a chumasú. I gcás nach féidir ailíniú den sórt sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún bonn cirt i scríbhinn a sholáthar trí Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an tionscnamh ábhartha, ina leagfar amach na cúiseanna gan úsáid na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chumasú. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 3 bliana tar éis an ghlactha] agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Tá an t‑athbhreithniú sin fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht leanúnach na gcroífheidhmeanna agus na sonraíochtaí teicniúla forordaithe, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe mar bhealach cumarsáide slán, i gcomhthéacs an dul chun cinn teicneolaíoch is déanaí. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt i gcás soláthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, chomh maith le cur chun feidhme agus éifeachtacht na rialacha maidir le pionóis arna mbunú ag na Ballstáit, chun meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar leibhéil chomhlíontachta.
(58)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle( 13 ), agus thug an Maoirseoir tuairim an [cuir dáta isteach].
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I ‑ Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, cumasaítear sainaithint agus fíordheimhniú digiteach slán, comhroinnt sonraí agus fógraí atá bailí ó thaobh an dlí de, laghdaítear ualaí riaracháin agus costais chomhlíontachta, agus tacaítear le gnó agus iomaíochas trasteorann. Déanann sé an méid seo a leanas, go háirithe:
(1)creat a bhunú chun Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar;
(2)prionsabal na coibhéise a bhunú, lena dtugtar éifeacht dhlíthiúil choibhéiseach do ghníomhaíochtaí agus d’idirbhearta a dhéantar trí Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa mar atá ann i gcás gníomhaíochtaí agus idirbhearta a dhéantar go dleathach i bpearsa, i bhfoirm páipéir, nó trí aon mhodh nó próiseas eile a mheasfaí a bheith i gcomhréir leis na ceanglais dlí, riaracháin nó nós imeachta is infheidhme;
(3)rialacha a bhunú maidir le sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint chun oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí a shainaithint;
(4)an tEolaire Digiteach Eorpach a bhunú;
(5)an t‑aitheantóir uathúil Eorpach, arna bhunú agus arna rialú le Treoir (AE) 2017/1132, a ainmniú mar an aitheantóir uathúil d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus aitheantóir uathúil comhchosúil a bhunú d’úinéirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa nach bhfuil an t‑aitheantóir uathúil Eorpach ar fáil dóibh;
(6)an sásra fógartha a leagan síos faoina mbunófar soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(7)oibleagáidí a leagan síos do chomhlachtaí earnála poiblí maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(8)creat a sholáthar chun maoirseacht a dhéanamh ar eintitis an Aontais, i gcás ina soláthraíonn na comhlachtaí earnála poiblí sin Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(9)creat a chur ar fáil chun aitheantas a thabhairt do chórais tríú tír atá cosúil le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus chun Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint d’oibreoirí eacnamaíocha tríú tír.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar agus glacadh Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus maidir le heisiúint agus glacadh sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus maidir le hoibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid.
2.Tá an Rialachán seo gan dochar do na córais agus do na nósanna imeachta atá ann cheana agus atá sainordaithe le dlí an Aontais lena rialaítear malartú doiciméad agus sonraí idir údaráis inniúla.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)Ciallaíonn ‘Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa’ réiteach digiteach a chuireann ar a gcumas d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ríomhdhearbhuithe tréithe a stóráil, a bhainistiú agus a chur i láthair go slán do pháirtithe is úsáideoirí Tiachóige Gnó agus d’eintitis eile a úsáideann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití chun na gcríoch seo a leanas:
(a)na cruthúnais fhíoraithe a éilíonn páirtí is úsáideoir a fhíordheimhniú agus a sholáthar;
(b)rochtain a fháil ar ríomhdhearbhuithe tréithe, ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe, agus ríomhstampaí ama agus iad a úsáid;
(c)cruthú agus bainistiú sainorduithe a chumasú agus tarmligean sainorduithe chuig ionadaithe údaraithe a chumasú;
agus a d’fhéadfadh tacú le feidhmiúlachtaí breise i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(2)Ciallaíonn ‘sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ tacar sonraí lenar féidir céannacht úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhunú agus a eisíonn soláthraí sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(3)ciallaíonn ‘soláthraí sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe nó comhlacht earnála poiblí nó an Coimisiún a eisíonn sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(4)ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa daoine den sórt sin, lena n‑áirítear comhlachais shealadacha gnóthas, a ghníomhaíonn i gcáil tráchtála nó ghairmiúil chun críocha a bhaineann lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird nó lena ngairm;
(5)ciallaíonn ‘comhlacht earnála poiblí’ eintiteas de chuid an Aontais, údarás náisiúnta, stáit, réigiúnach nó áitiúil, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas arna bhunú ag eintiteas nó ag comhlacht amháin nó ag roinnt eintiteas nó comhlachtaí den sórt sin, nó eintiteas príobháideach arna shainordú ag eintiteas, údarás, comhlacht nó comhlachas amháin den sórt sin ar a laghad chun seirbhísí poiblí a sholáthar, agus é ag gníomhú faoin sainordú sin;
(6)Ciallaíonn ‘eintiteas de chuid an Aontais’ institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais arna gcur ar bun leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, nó arna gcur ar bun dá mbun;
(7)Ciallaíonn ‘úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ oibreoir eacnamaíoch nó comhlacht earnála poiblí ar leis Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa nó a bhfuil ceart úsáide Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa aige;
(8)ciallaíonn ‘seirbhís iontaoibhe’ seirbhís iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(9)ciallaíonn ‘tréith’ tréith mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (43), de Rialachán (AE) 910/2014;
(10)ciallaíonn ‘ríomhdhearbhuithe tréithe’ ríomhdhearbhuithe tréithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (44) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(11)ciallaíonn ‘ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe’ ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (45) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(12)Ciallaíonn ‘Tiachóg Eorpach Céannachta Digití’ Tiachóg Eorpach Céannachta Digití mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (42) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(13)ciallaíonn ‘ríomhshíniú’ ríomhshíniú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(14)ciallaíonn ‘ríomhshíniú cáilithe’ ríomhshíniú cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(15)ciallaíonn ‘ríomhshéala’ ríomhshéala mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (25) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(16)ciallaíonn ‘ríomhshéala cáilithe’ ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(17)ciallaíonn ‘ríomhstampa cáilithe’ ríomhstampa cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (34), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(18)ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú thar ceann úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa chun feidhmeanna Tiachóige ainmnithe le haghaidh Ghnó na hEorpa a fhorghníomhú agus a oibriú, ar bhonn údarú arna dheonú ag úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(19)ciallaíonn ‘sainordú’ an t‑údarú a dheonaíonn úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa d’ionadaí údaraithe, lena gcuirtear ar chumas an ionadaí sin gníomhú thar ceann an úinéara chun feidhmeanna Tiachóige ainmnithe le haghaidh Ghnó na hEorpa a fheidhmiú agus a oibriú;
(20)ciallaíonn ‘ríomhdhoiciméad’ ríomhdhoiciméad mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (35) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(21)ciallaíonn ‘ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe’ ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (37) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(22)ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht do dhuine nádúrtha eile nó do dhuine dlítheanach, a úsáideann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa nó modhanna ríomh-shainaitheantais Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa arna soláthar i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(23)Ciallaíonn ‘páirtí is úsáideoir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ duine nádúrtha, oibreoir eacnamaíoch nó comhlacht earnála poiblí a úsáideann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(24)ciallaíonn ‘fianú aonaid tiachóige’ oibiacht sonraí lena dtugtar tuairisc ar chomhpháirteanna an aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa nó lenar féidir na comhpháirteanna sin a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú;
(25)ciallaíonn ‘aonad Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ cumraíocht uathúil de réiteach Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑áirítear tosach Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus cúl Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóige, agus gairis chripteagrafacha shlána tiachóige, arna soláthar ag soláthraí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa d’úinéir sonrach Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(26)Ciallaíonn ‘réiteach Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ teaglaim de bhogearraí, crua-earraí, seirbhísí, socruithe, agus cumraíochtaí, lena n‑áirítear tosach agus cúl Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó ná sin agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó ná sin;
(27)ciallaíonn ‘sócmhainní criticiúla’ sócmhainní laistigh d’aonad Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa , nó i ndáil leis, a bhfuil tábhacht chomh hollmhór sin ag baint leo go mbeadh tionchar an-tromchúiseach díblithe ar an gcumas brath ar an aonad Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa dá gcuirfí infhaighteacht, rúndacht nó sláine na sócmhainní sin i mbaol;
(28)ciallaíonn ‘feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige’ feidhmchlár lena mbainistítear sócmhainní criticiúla trína bheith nasctha leis na feidhmeanna cripteagrafacha agus neamh-chripteagrafacha a sholáthraíonn an gaireas cripteagrafach slán tiachóige agus trí na feidhmeanna sin a úsáid;
(29)ciallaíonn ‘gaireas cripteagrafach slán tiachóige’ gaireas crioscaíldíonach lena soláthraítear timpeallacht atá nasctha leis an bhfeidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige agus a úsáideann an feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige chun sócmhainní criticiúla a chosaint agus chun feidhmeanna cripteagrafacha a sholáthar chun oibríochtaí criticiúla a fhorghníomhú ar bhealach slán;
(30)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí iontaoibhe’ soláthraí seirbhísí iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(31)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe’ soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (20), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(32)ciallaíonn ‘ríomhdhearbhú tréithe arna n‑eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann’ ríomhdhearbhú tréithe arna eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil, nó thar a cheann, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (46) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(33)ciallaíonn ‘foinse bharántúil’ foinse bharántúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (47) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(34)ciallaíonn ‘scéim dearbhaithe’ tacar rialacha is infheidhme maidir le cineál ríomhdhearbhaithe tréithe amháin nó níos mó ná sin;
(35)ciallaíonn ‘catalóg scéimeanna’ stór digiteach ina liostaítear scéimeanna um dhearbhú tréithe atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a dhéanann an Coimisiún é a choinneáil ar bun agus a fhoilsiú ar líne;
(36)Ciallaíonn ‘aitheantóir uathúil Eorpach’ an tAitheantóir Uathúil Eorpach dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/1132;
(37)ciallaíonn ‘clár náisiúnta’ bunachar sonraí oifigiúil nó córas oifigiúil arna bhunú agus arna chothabháil ag rialtas náisiúnta nó ag a údarás ainmnithe nó thar a cheann, a dhéanann faisnéis a bhaineann le heintitis dhlítheanacha a thaifeadadh, a stóráil agus a bhainistiú, lena n‑áirítear cuideachtaí, comhpháirtíochtaí, fondúireachtaí, comhlachais chomh maith le gnólachtaí mar dhaoine nádúrtha amhail trádálaithe aonair agus daoine féinfhostaithe nó daoine nó eagraíochtaí inchláraithe eile ach gan a bheith teoranta dóibh;
(38)ciallaíonn ‘Comhéadan Feidhmchláir’ tacar sainmhínithe agus prótacal chun feidhmchlár bogearraí a thógáil agus a chomhtháthú le sonraí a chomhroinnt;
(39)ciallaíonn ‘taisceadh’ nó ‘taisc’ aon tarchur sonraí, comhad, foirmeacha nó taifead struchtúrtha nó neamhstruchtúrtha idir comhlacht earnála poiblí agus oibreoir eacnamaíoch nó idir oibreoirí eacnamaíocha nó idir comhlachtaí earnála poiblí, i gcás ina gceanglaítear, ina n‑iarrtar nó ina gceadaítear an tarchur sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus ina bhfuil sé beartaithe chun tacú le críoch dhlíthiúil, riaracháin nó nós imeachta;
(40)ciallaíonn ‘fógra’ aon tarchur faisnéise, cinntí, iarrataí nó admhálacha idir comhlacht earnála poiblí agus oibreoir eacnamaíoch nó idir oibreoirí eacnamaíocha nó idir comhlachtaí earnála poiblí, a cheanglaítear, a iarrtar nó a cheadaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, agus atá beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige nó chun an faighteoir a chur ar an eolas faoi chearta, faoi oibleagáidí nó faoi fhorbairtí nós imeachta;
(41)ciallaíonn ‘nós imeachta riaracháin’ seicheamh gníomhaíochtaí, arna shainiú le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha nó do chomhlachtaí earnála poiblí a dhéanamh chun oibleagáidí a chomhlíonadh, faisnéis a sholáthar, nó cinneadh nó údarú a fháil nó tairbhe a bhaint as comhlacht earnála poiblí i bhfeidhmiú feidhmeanna riaracháin;
(42)Ciallaíonn ‘tosach Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ comhpháirt an chomhéadain úsáideora, gan beann ar ardán nó fachtóir foirme, a idirghníomhaíonn le húsáideoirí atá ag gníomhú thar ceann an úinéara, agus atá mar chuid d’aonad Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(43)Ciallaíonn ‘cúl Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa’ na comhpháirteanna ar thaobh an fhreastalaí, lena n‑áirítear bogearraí, seirbhísí agus bonneagar, lena soláthraítear an fheidhmiúlacht agus an tacaíocht is gá don tosach Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus atá mar chuid d’aonad Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa.
Caibidil II — Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa
Airteagal 4
Prionsabal na coibhéise
I gcás ina mbainfidh úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa úsáid as aon cheann de chroífheidhmiúlachtaí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 5(1), beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag an ngníomhaíocht agus a bheadh ann dá ndéanfaí an ghníomhaíocht go dleathach i bpearsa, i bhfoirm páipéir, nó ar aon mhodh eile nó trí aon phróiseas eile a mheasfaí a bheith i gcomhréir leis na ceanglais dlí, riaracháin nó nós imeachta is infheidhme.
I gcás ina mbaineann duine féinfhostaithe nó trádálaí aonair úsáid as an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe sna himthosca a leagtar amach in Airteagal 5(3), beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag an ngníomhaíocht a eascraíonn as sin agus a bheadh ann dá ndéanfaí an ghníomhaíocht sin go dleathach i bpearsa, i bhfoirm páipéir, nó ar aon mhodh eile nó trí aon phróiseas eile a mheasfaí a bheith i gcomhréir leis na ceanglais dlí, riaracháin nó nós imeachta is infheidhme.
Airteagal 5
Croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
1.Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go gcuirfidh na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthraíonn siad ar a gcumas d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa úsáid a bhaint as na croífheidhmiúlachtaí seo a leanas:
(a)ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint, a iarraidh, a fháil, a roghnú, a chomhcheangal, a stóráil, a scriosadh, a chomhroinnt agus a chur i láthair go slán;
(b)sonraí aitheantais agus tréithe úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa atá i ríomhdhearbhuithe tréithe a nochtadh go roghnaitheach, i gcomhthéacs na bhfeidhmiúlachtaí a liostaítear i bpointe a;
(c)sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ríomhdhearbhuithe tréithe a iarraidh agus a chomhroinnt ar bhealach slán idir Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití agus le páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(d)síniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe agus séalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe, de réir mar is infheidhme;
(e)sonraí i bhfoirm leictreonach a cheangal d’am ar leith trí bhíthin ríomhstampaí ama cáilithe;
(f)ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití;
(g)ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint trí Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa de chuid an úinéara, lena gceadaítear an fianú eisithe a nascadh le fianuithe ábhartha eile atá mar chuid de shlabhra;
(h)úsáid ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus neamhcháilithe a chumasú chun go mbeidh úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus a n‑ionadaithe údaraithe in ann iad féin a fhíordheimhniú;
(i)doiciméid agus sonraí leictreonacha a tharchur agus a fháil trí bhíthin ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe is féidir tacú le rúndacht agus sláine;
(j)úsáideoirí iomadúla a údarú chun rochtain a fháil ar Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa de chuid an úinéara agus í a oibriú, agus úinéir na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith in ann na húdaruithe sin a bhainistiú agus a chúlghairm;
(k)údarú a thabhairt do pháirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ríomhdhearbhuithe tréithe arna n‑eisiúint d’úinéir na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a iarraidh, agus úinéir na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a bheith in ann na húdaruithe sin a bhainistiú agus a chúlghairm;
(l)a gcuid sonraí a onnmhairiú, lena n‑áirítear sonraí aitheantais eisithe úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, ríomhdhearbhuithe tréithe, logaí cumarsáide, agus taifid idirghníomhaíochta, i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín, arna iarraidh sin don úinéir nó i gcás ina ndéanfar seirbhís a fhoirceannadh nó fógra soláthraí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a chúlghairm;
(m)rochtain a fháil ar loga na n‑idirbheart uile;
(n)rochtain a fháil ar dheais choiteann chun rochtain a fháil ar chumarsáid a mhalartaítear tríd an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear i bpointe (i), agus chun an chumarsáid sin a stóráil agus a fhíorú.
2.Féadfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa feidhmiúlachtaí breise a thairiscint thar na cinn a liostaítear i mír 1 ar choinníoll nach gcuirfidh na feidhmiúlachtaí sin isteach ar rúndacht, infhaighteacht ná sláine na gcroífheidhmiúlachtaí íosta ná ar iontaofacht agus idir-inoibritheacht na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthraíonn siad ná nach gcuirfidh siad na gnéithe sin i mbaol.
3.Cumasóidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa soláthar na ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe cáilithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (i) mar sheirbhís neamhspleách d’úsáideoirí Tiachóg Eorpach Céannachta Digití.
4.Cuirfidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn.
5.Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh croífheidhmiúlachtaí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19.
Airteagal 6
Gnéithe teicniúla na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
1.Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go dtacóidh na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthraíonn siad le prótacail agus comhéadain choiteanna:
(a)chun sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus neamhcháilithe agus deimhnithe cáilithe agus neamhcháilithe a eisiúint do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(b)chun go bhféadfaidh páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ríomhdhearbhuithe tréithe a iarraidh agus a bhailíochtú;
(c)chun sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, ríomhdhearbhú tréithe agus sonraí arna nochtadh go roghnaitheach a chomhroinnt agus a chur i láthair na bpáirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(d)chun idirghníomhaíocht le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a cheadú go huathoibríoch gan idirghabháil láimhe nó trí ghníomhaíocht dhíreach úsáideoirí;
(e)chun úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a ionduchtú go slán ó chian trí ionadaí údaraithe trí bhíthin mhodh ríomh-shainaitheantais an ionadaí údaraithe sin a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe ‘suntasach’ nó ‘ard’;
(f)i gcás idirghníomhaíocht idir Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus idir Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití chun sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ríomhdhearbhuithe tréithe a fháil, a bhailíochtú agus a chomhroinnt ar bhealach slán;
(g)chun páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a fhíordheimhniú trí shásraí fíordheimhnithe a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil gá le fíordheimhniú;
(h)chun go bhfíoróidh páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa barántúlacht agus bailíocht Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, i gcás inar gá barántúlacht agus bailíocht na dTiachóg sin a fhíorú;
(i)chun an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (i), a sholáthar, lena n‑áirítear comhéadan leis an Eolaire Digiteach Eorpach arna bhunú de bhun Airteagal 10;
(j)chun seoladh digiteach uathúil amháin ar a laghad a shannadh do gach úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, chun críocha na ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (i) agus an Eolaire Dhigitigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 10;
(k)chun fianuithe aonaid tiachóige a sholáthar d’aonaid uile Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, ina bhfuil eochracha poiblí agus eochracha príobháideacha comhfhreagracha a chosnaítear le gaireas cripteagrafach slán tiachóige;
(l)chun sócmhainní criticiúla a bhainistiú, chun feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin ar a laghad a úsáid agus, i gcás ina mbaineann sócmhainní criticiúla le ríomh-shainaitheantas a dhéanamh ar an leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’, chun a áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí cripteagrafacha sin nó oibríochtaí eile lena bpróiseáiltear sócmhainní criticiúla i gcomhréir leis na ceanglais maidir le saintréithe agus dearadh modhanna ríomh-shainaitheantais ar an leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’ mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún.
2.Déanfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an méid seo a leanas freisin:
(a)a áirithiú go mbeidh baint dhigiteach ag sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa le Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa de chuid an úinéara;
(b)a áirithiú, chun críocha na feidhmiúlachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (j):
–go mbeidh mapálacha idir róil agus tréithe infhíoraithe, in-iniúchta, in-chúlghairthe agus inrianaithe chuig a n‑eisitheoirí dlisteanacha;
–go ndéanfar coinbhleachtaí ról, ró-tharmligean, nó údaruithe atá imithe in éag a bhrath agus a chosc go huathoibríoch i bhfíor-am;
–go bhfuil an loighic údaraithe uile idir-inoibritheach ar fud na mBallstát.
(c)slándáil trí dhearadh a áirithiú;
(d)sásraí bailíochtaithe a sholáthar, chun a áirithiú gur féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a fhíorú;
(e)sásra a sholáthar lena gcuirfear ar chumas úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa tacaíocht theicniúil a iarraidh go héasca agus fadhbanna teicniúla nó aon teagmhas eile a bhfuil tionchar diúltach aige ar úsáid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a thuairisciú;
(f)a áirithiú gur féidir bailíocht Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a chúlghairm sna himthosca seo a leanas:
–arna iarraidh sin go sainráite d’úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
–i gcás inar cuireadh slándáil na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa i mbaol;
–ar scor buan nó sealadach de ghníomhaíocht úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
–i gcás nach n‑áirítear soláthraí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12(5).
(g)fógra a thabhairt don Choimisiún gan moill mhíchuí maidir leis an méid seo a leanas:
–an sásra lenar féidir sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhailíochtú;
–an sásra trínar féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a fhíorú.
3.An fhaisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 2, pointe (g) den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún í ar fáil go poiblí trí bhealach slán, i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach don phróiseáil uathoibríoch.
4.Cuirfidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa na gnéithe teicniúla dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn.
5.Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh saintréithe teicniúla Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19.
Airteagal 7
Ceanglais agus oibleagáidí ar sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
1.Is iad soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirítear sa liosta arna bhunú de bhun Airteagal 12(5) a sholáthróidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa.
2.I bhfianaise ról na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa i mbonneagar digiteach an Aontais, beidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa bunaithe san Aontas, beidh a bpríomháit ghnó agus a bpríomhoibríochtaí acu san Aontas agus ní bheidh riosca ag baint leo do shlándáil an Aontais. Ní bheidh siad faoi réir rialú ag tríú tír ná ag eintiteas tríú tír go háirithe.
3.Comhlíonfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19a de Rialachán (AE) 910/2014. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ar soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe iad.
4.Comhlíonfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais.
5.Comhlíonfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa na ceanglais chibearshlándála is infheidhme a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, lena n‑áirítear na ceanglais sin a bhaineann le soláthróirí ardriosca a shainaithint. Áiritheoidh soláthraithe freisin go gcomhlíonfaidh a soláthróirí bogearraí agus réiteach slándála na ceanglais sin agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na caighdeáin agus na ceanglais slándála ábhartha.
6.Déanfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an méid seo a leanas:
(a)bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun rúndacht, sláine, barántúlacht, idir-inoibritheacht agus infhaighteacht na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthraíonn siad le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa eile agus le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a áirithiú;
(b)a áirithiú go gcuirfear úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ar an eolas go soiléir ar bhealach soláimhsithe, gonta agus inrochtana, faoi théarmaí agus coinníollacha úsáide na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑áirítear raon feidhme agus teorainneacha na gcroífheidhmiúlachtaí agus na bhfeidhmiúlachtaí breise, caighdeáin chibearshlándála, agus cearta úinéir na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa maidir le hiniomparthacht sonraí, sásamh agus foirceannadh seirbhíse;
(c)a áirithiú go gcuirfear ionadaithe údaraithe úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ar an eolas go soiléir, ar bhealach soláimhsithe, gonta agus inrochtana, faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí i ndáil lena n‑aonad Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, go háirithe an ceart cúlghairm a bhfianaithe aonaid tiachóige a iarraidh, trí úsáid a bhaint as an sásra fíordheimhnithe dá bhforáiltear i bpointe 1 den Iarscríbhinn;
(d)oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí inniúla maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 13(1), nó leis an gCoimisiún sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 13(10) agus in Airteagal 14(1) agus freagra a thabhairt gan moill mhíchuí ar aon iarraidh ar fhaisnéis nó ar dhoiciméadacht is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú;
(e)fógra a thabhairt do na comhlachtaí maoirseachta náisiúnta ábhartha, nó don Choimisiún sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(1), faoi aon athrú substainteach ar a seirbhísí nó ar a struchtúr foriomlán a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chomhlíonadh an tsoláthraí leis an Rialachán seo;
(f)fógra a thabhairt d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa i gcás ina ndéanfar seirbhísí sholáthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a fhoirceannadh go deonach agus i gcás ina mbainfear soláthraí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa den liosta arna bhunú de bhun Airteagal 12(5) agus a áirithiú go ndéanfar sonraí úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a aistriú nó a scriosadh i gcomhréir leis na treoracha d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑áirítear sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(g)a áirithiú go dtabharfar fógra don Choimisiún faoin bhfaisnéis maidir le húinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, de bhun Airteagal 10(2), agus go gcoimeádfar an fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin ar dtús cothrom le dáta agus go gcomhthacófar léi trí úsáid a bhaint as soláthraithe na sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisíonn na haitheantóirí uathúla dá dtagraítear in Airteagal 8(5), pointe (b).
Airteagal 8
Sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa
1.Soláthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eiseoidh sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa de chuid úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa. I gcás inar eintitis de chuid an Aontais iad úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, eiseoidh an Coimisiún sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa na n‑eintiteas sin de chuid an Aontais.
2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na foinsí barántúla ábhartha le haghaidh fhíorú na dtréithe is gá chun sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint. Ar bhonn na faisnéise a gheofar de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún liosta de na foinsí barántúla ábhartha ar tugadh fógra ina leith ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, i bhformáid mheaisín-inléite.
3.Eiseofar sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa i bhformáid atá i gcomhréir le ceann de na caighdeáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún agus mar seo a leanas:
(a)ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe, i gcás ina soláthraíonn soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe iad;
(b)ríomhdhearbhuithe tréithe a eisíonn comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó a eisítear thar a cheann, i gcás ina soláthraíonn comhlacht earnála poiblí atá freagrach ar an gcaoi sin iad;
(c)ríomhdhearbhuithe tréithe, nuair a sholáthraíonn an Coimisiún iad.
4.Beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisíonn an Coimisiún agus atá ag ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ag dearbhuithe tréithe a eisíonn comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil, nó a eisítear thar a cheann.
5.Beidh na tréithe seo a leanas ar a laghad i sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa:
(a)ainm oifigiúil an oibreora eacnamaíoch nó an chomhlachta earnála poiblí, mar a thaifeadtar sa chlár ábhartha nó sa taifead oifigiúil ábhartha;
(b)an t‑aitheantóir uathúil ábhartha a shanntar i gcomhréir le hAirteagal 9.
6.Déanfaidh an Coimisiún scéim fianaithe a bhunú agus a choinneáil ar bun le haghaidh sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa. Liostófar an scéim sin i gcatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569.
7.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais a leagan amach maidir le sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisítear de bhun an Airteagail seo, lena n‑áirítear nósanna imeachta do na Ballstáit chun fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na foinsí barántúla ábhartha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19.
Airteagal 9
Aitheantóirí uathúla
1.I gcás inar sannadh Aitheantóir Uathúil Eorpach d’oibreoir eacnamaíoch, úsáidfear an t‑aitheantóir sin mar an t‑aitheantóir uathúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4), pointe (b), den Rialachán seo.
2.I gcás nár sannadh Aitheantóir Uathúil Eorpach d’oibreoir eacnamaíoch nó do chomhlacht earnála poiblí, cruthófar aitheantóir uathúil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4.
3.I gcás inar eintiteas de chuid an Aontais é comhlacht earnála poiblí, cruthóidh agus sannfaidh an Coimisiún aitheantóir uathúil don eintiteas sin de chuid an Aontais i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.
4.Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí, ceanglais agus nósanna imeachta a bhaineann leis an aitheantóir uathúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n‑áirítear bearta chun a áirithiú nach sannfar níos mó ná aitheantóir uathúil amháin d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19.
Airteagal 10
Eolaire Digiteach Eorpach
1.Déanfaidh an Coimisiún Eolaire Digiteach Eorpach a bhunú, a oibriú agus a choinneáil ar bun a ghníomhóidh mar an fhoinse iontaofa faisnéise d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus a bheidh i bhfoirm feidhmchláir gréasáin ina mbeidh dhá chomhéadan:
(a)comhéadan meaisín-inléite a nochtar trí Chomhéadan Feidhmchláir le haghaidh cumarsáid uathoibrithe córas le córas;
(b)ardán slán gréasánbhunaithe lena soláthraítear rochtain d’úsáideoirí fíordheimhnithe agus údaraithe agus ar tairseach ar líne córais é d’úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa.
2.Chun an tEolaire Digiteach Eorpach a choinneáil ar bun, déanfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, ar Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar, na catagóirí faisnéise a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 a sholáthar don Choimisiún.
3.Áiritheoidh an Coimisiún go n‑áireofar an fhaisnéis ábhartha san Eolaire Digiteach Eorpach.
4.Ní chuirfidh an Coimisiún an tEolaire Digiteach Eorpach ar fáil ach amháin d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus dá n‑ionadaithe údaraithe agus do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa.
5.Déanfaidh soláthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa aon mhodhnú nó aon chúlghairm a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl go díreach don Choimisiún, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de lá oibre amháin, chun an tEolaire Digiteach Eorpach a choinneáil ar bun.
6.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla a leagan síos le haghaidh na seoltaí digiteacha uathúla agus na gcatagóirí faisnéise atá le cur in iúl don Choimisiún chun críoch an Eolaire Dhigitigh Eorpaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19.
Airteagal 11
Fógra a thabhairt do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
1.Eintitis a bhfuil sé beartaithe acu Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar, tabharfaidh siad fógra don chomhlacht maoirseachta inniúil go bhfuil an méid sin beartaithe acu in éineacht leis an bhfaisnéis a liostaítear i mír 2.
2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:
(a)ainm dlíthiúil an eintitis, aon ainm tráchtála a úsáidtear, URL an tsuímh gréasáin, ríomhphost teagmhála, uimhir theileafóin, agus seoladh fisiceach;
(b)uimhir chláir an eintitis arna heisiúint ag clár náisiúnta, i gcás ina mbeidh sí ar fáil
(c)tuairisc ar an gcaoi a dtairgfidh na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas a sholáthar na croífheidhmiúlachtaí, a leagtar amach in Airteagal 5(1);
(d)tuairisc ar aon fheidhmiúlacht bhreise, a dtacaíonn Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa leo, a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas iad a sholáthar;
(e)dearbhú comhréireachta le ceanglais an Rialacháin seo.
3.Ní bheidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe faoi réir an nós imeachta athbhreithnithe agus fíoraithe a leagtar amach i míreanna 4 go 6. Tar éis an fhaisnéis a liostaítear i mír 2 a chur isteach, cuirfidh an comhlacht maoirseachta inniúil an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 lá oibre d’fhonn an soláthraí sin a chur leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12(5) agus féadfaidh sé Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a thairiscint láithreach.
4.Tar éis fógra a fháil, beidh 30 lá ag an gcomhlacht maoirseachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach.
I gcás ina dtiocfaidh an comhlacht maoirseachta ar an gconclúid san athbhreithniú sin go bhfuil an fhaisnéis iomlán agus go ndealraíonn sé go gcomhfhreagraíonn an tuairisc dá dtagraítear i mír 2 pointe (c) do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 lá oibre d’fhonn an soláthraí sin a chur leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12(5).
5.I gcás ina dtiocfaidh an comhlacht maoirseachta ar an gconclúid san athbhreithniú sin nach bhfuil an fhaisnéis iomlán nó go ndealraíonn sé nach gcomhfhreagraíonn an tuairisc dá dtagraítear i mír 2 pointe (c) do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), iarrfaidh sé faisnéis bhreise nó mínithe breise ar an eintiteas a thugann fógra agus socróidh sé sprioc-am réasúnach, nach faide ná 15 lá féilire, chun freagra a thabhairt. Má chuireann an fhaisnéis nó na mínithe sin ar chumas an chomhlachta maoirseachta a chinneadh go bhfuil an fhaisnéis iomlán agus go ndealraíonn sé go gcomhfhreagraíonn an tuairisc dá dtagraítear i mír 2 pointe (c) do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 lá oibre d’fhonn an soláthraí sin a chur leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12(5). Mura gcuireann, nó mura bhfaighfear aon fhreagra, cuirfidh an comhlacht maoirseachta in iúl don eintiteas a thugann fógra nach gcuirfear leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12(5) é.
6.I gcás nár thug an comhlacht maoirseachta freagra substainteach don eintiteas a thugann fógra ar thoradh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 4 laistigh de 30 lá féilire ón bhfógra a fháil, measfar go bhfuil an fhaisnéis iomlán agus measfar go gcomhfhreagraíonn an tuairisc dá dtagraítear i mír 2 pointe (c) do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), agus cuirfidh an comhlacht maoirseachta an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 lá oibre d’fhonn an soláthraí sin a chur leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12(5).
7.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag na heintitis a thugann fógra leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil in aghaidh cinneadh ón údarás maoirseachta, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, i gcásanna ina ndiúltaíonn an t‑údarás maoirseachta iad a liostú mar sholáthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa nó nach ndéanann sé aon chinneadh laistigh de thréimhse ama réasúnta.
Airteagal 12
Liosta de sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa faoinar tugadh fógra
1.Cuirfidh comhlachtaí maoirseachta an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear de bhun Airteagal 11, laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh bheith ar an eolas faoi aon athrú.
2.Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthróidh na comhlachtaí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 12(1):
(a)cuspóir an taiscthe, a d’fhéadfadh a bheith ar cheann díobh seo a leanas:
–clárú soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa faoinar tugadh fógra nach raibh ar an liosta dá dtagraítear i mír 5 roimhe seo;
–athrú ar fhaisnéis a cuireadh isteach cheana maidir le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa atá ar an liosta dá dtagraítear i mír 5 faoi láthair;
–iarraidh ar sholáthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 5;
(b)ainm agus, i gcás inarb infheidhme, ainm tráchtála an tsoláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(c)an Ballstát ina bhfuil a phríomháit bhunaíochta ag an soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(d)ainm an chomhlachta maoirseachta inniúil;
(e)léiriú i dtaobh an soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe é an soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa.
3.Ar bhonn na faisnéise a gheofar de bhun an Airteagail seo, bunóidh an Coimisiún liosta de sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus coinneoidh sé ar bun é ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, i bhformáid mheaisín-inléite.
Airteagal 13
Rialachas agus maoirseacht
1.I ngach Ballstát, is iad na comhlachtaí maoirseachta a ainmnítear de bhun Airteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a bheidh ina gcomhlachtaí maoirseachta freisin chun críocha an Rialacháin seo.
2.Beidh na comhlachtaí maoirseachta sin freagrach as cúraimí maoirseachta a mhéid a bhaineann le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhfuil a bpríomháit bhunaíochta acu sa Bhallstát sin.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha ag na comhlachtaí maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 chun a gcúraimí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus neamhspleách.
4.Is é an ról a bheidh ag na comhlachtaí maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo agus gníomhaíocht a dhéanamh, más gá, i ndáil le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex post;
(b)gníomhú mar an phríomhoifig idirchaidrimh do sholáthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑éascaítear rochtain ar fhaisnéis ó údaráis agus clárlanna náisiúnta ábhartha, i gcás inar gá, chun sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus aitheantóirí uathúla a eisiúint.
5.Áireofar an méid seo a leanas i gcúraimí na gcomhlachtaí maoirseachta dá dtagraítear i mír 1:
(a)athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na fógraí a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11;
(b)imscrúdú a dhéanamh ar mhaíomhanna cuí-réasúnaithe, go háirithe iad siúd a dhéanann úinéirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, nach gcomhlíonann soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa aon cheann dá oibleagáidí faoin Rialachán seo agus gníomhaíocht a dhéanamh más gá;
(c)a fhíorú gurb ann do phleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm i gceart i gcás ina gcuireann soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa deireadh lena ghníomhaíochtaí, lena n‑áirítear an chaoi a gcoimeádtar rochtain ar fhaisnéis;
(d)a áirithiú go ndéanann soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an cás a leigheas i gcás nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán;
(e)pionóis a fhorchur i gcomhréir le míreanna 6 go 9;
(f)na húdaráis inniúla ábhartha a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aon sárú mór slándála nó aon chaillteanas sláine a bhfaigheann siad amach fúthu agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus, i gcás sárú mór slándála nó caillteanas sláine a bhaineann le Ballstáit eile, an pointe teagmhála aonair a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus na pointí teagmhála aonair a ainmnítear de bhun Airteagal 46c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 sna Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas, agus an pobal a chur ar an eolas nó a cheangal ar an soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa é sin a dhéanamh i gcás ina gcinneann an comhlacht maoirseachta gur ar mhaithe le leas an phobail é an sárú slándála nó an caillteanas sláine a nochtadh;
(g)dul i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta a bhunaítear de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe, trína gcur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás ina ndealraíonn sé gur sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus faoi sháruithe slándála a ndealraíonn sé gur sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta iad;
(h)oibriú i gcomhar, de réir mar is iomchuí, le comhlachtaí maoirseachta náisiúnta eile;
(i)sásra gearán a chur ar bun agus poiblíocht shoiléir air a áirithiú trínar féidir le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa gearáin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(7);
(j)tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir lena phríomhghníomhaíochtaí;
(k)cuimsiú soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ar an liosta arna bhunú de bhun Airteagal 12(5) a chúlghairm má chinneann an comhlacht maoirseachta nach gcomhlíonann an soláthraí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh nó nár chomhlíon an soláthraí na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo;
(l)oibriú i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta a ainmníonn na Ballstáit de bhun Airteagal 46b de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, go háirithe, chun a áirithiú nach n‑eiseofar ach tacar amháin sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus aitheantóir uathúil Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa d’oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas.
6.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha lena gceadófar don chomhlacht maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo pionóis a fhorchur a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ní dhéanfaidh na rialacha sin difear d’Airteagal 31 de Threoir (AE) 2022/2555 ná d’Airteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679.
7.Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha a leag na Ballstáit síos i gcomhréir le mír 6 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na rialacha. Tabharfaidh an Coimisiún an clár poiblí de na rialacha sin, a mbeidh rochtain éasca air, cothrom le dáta go tráthrialta agus coinneoidh sé ar bun é.
8.Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir neamh-uileghabhálacha tháscacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i gcomhréir le mír 6:
(a)nádúr, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;
(b)aon ghníomhaíocht a rinne an páirtí sáraitheach chun an damáiste a rinne an sárú a mhaolú nó a leigheas;
(c)aon sárú a rinne an páirtí sáraitheach roimhe sin;
(d)na sochair airgeadais a ghnóthaigh an páirtí sáraitheach, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;
(e)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis;
(f)láimhdeachas bliantúil iomlán an pháirtí sháraithigh sa bhliain airgeadais roimhe sin san Aontas.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sáruithe ar an Rialachán seo a dhéanann soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa faoi réir fíneálacha riaracháin nach mó ná 2 % den láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin.
9.I gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit maidir le húdaráis riaracháin fíneálacha riaracháin a fhorchur, fíneálacha a thionscnaíonn an comhlacht maoirseachta agus a fhorchuireann cúirteanna náisiúnta inniúla, a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu leis na fíneálacha riaracháin a fhorchuireann comhlachtaí maoirseachta, measfar na fíneálacha sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 6. In aon chás, beidh na fíneálacha a ghearrtar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha na ndlíthe a ghlacann sé de bhun na míre seo faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus, gan mhoill, faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
10.In imthosca a thugann údar cuí le hidirghabháil láithreach a dhéanamh chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag an gCoimisiún a mheas nach gcomhlíonann Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthraíonn soláthraí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus nach ndearna an t‑údarás maoirseachta inniúil aon bheart éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis ábhartha ar an eolas dá réir sin agus oibreoidh an soláthraí i gcomhar de réir mar is gá.
11.Bunaithe ar an meastóireacht, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an soláthraí, féadfaidh an Coimisiún an cur chuige iomchuí a chinneadh. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cineál agus déine an neamhchomhlíonta, chomh maith leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an margadh inmheánach agus ar chearta na n‑oibreoirí eacnamaíocha.
12.Ar bhonn an chomhairliúcháin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha, lena n‑áirítear an soláthraí a chur ar fionraí go sealadach ón liosta soláthraithe faoina dtugtar fógra nó a cheangal ar an soláthraí gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.
13.Cuirfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme in iúl láithreach don soláthraí agus cuirfidh na Ballstáit na gníomhartha cur chun feidhme sin chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Beidh na bearta sin infheidhme ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a thug údar maith le hidirghabháil an Choimisiúin, ar choinníoll nach ndéanfar na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa lena mbaineann a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 14
Grúpa Comhair maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach
Beidh an Grúpa Comhair maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach a bunaíodh de bhun Airteagal 46e de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 freagrach as comhar agus comhroinnt faisnéise a éascú i measc na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le hábhair a bhaineann le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa. Áireofar leis sin dea-chleachtais a chomhroinnt, saincheisteanna teicniúla agus oibríochtúla a phlé, agus iarrachtaí a chomhordú chun cur chun feidhme agus feidhmiú cuí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú.
Airteagal 15
Rialachas agus maoirseacht ar eintitis de chuid an Aontais ar soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa iad
1.I gcás inar soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa é eintiteas de chuid an Aontais, is é an Coimisiún a bheidh ina chomhlacht maoirseachta aige.
2.Is é an ról a bheidh ag an gCoimisiún, ag gníomhú dó mar chomhlacht maoirseachta i gcomhréir le mír 1, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo agus gníomhaíocht a dhéanamh, más gá, i ndáil le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex post.
3.Agus é ag gníomhú mar chomhlacht maoirseachta i gcomhréir le mír 1, déanfaidh an Coimisiún na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 13(5), pointí a, b, c, d, h agus k.
Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí i ndáil leis sin.
Caibidil III — Glacadh le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa
Airteagal 16
Oibleagáidí ar chomhlachtaí earnála poiblí
4.Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh comhlachtaí earnála poiblí ar chumas oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh trí úsáid a bhaint as croífheidhmiúlachtaí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa mar a leagtar amach in Airteagal 5(1):
(a)sainaithint agus fíordheimhniú;
(b)síniú nó séalú;
(c)doiciméid a chur isteach;
(d)fógraí a sheoladh nó a fháil.
Déanfar na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír chun oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh nó chun nós imeachta riaracháin a chomhlíonadh.
5.Chun críocha mhír 1, pointí (c) agus (d), beidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ag comhlachtaí earnála poiblí, lena n‑áirítear an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (i).
6.De mhaolú ar mhír 2 agus go dtí an [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí a roghnú gan an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (i), a thairiscint agus tacú ina ionad sin le réitigh mhalartacha eile atá ann cheana a chuireann ar chumas oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí a liostaítear i mír 1, pointí (c) agus (d), a dhéanamh, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na réitigh sin:
(a)comhlíonfaidh siad na ceanglais is infheidhme maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe cáilithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(b)tairgfidh siad tairseach lena gcuirfear ar chumas úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa doiciméid a chur isteach agus fógraí a sheoladh agus a fháil trí úsáid a bhaint as an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (i).
Tar éis dhul in éag na tréimhse maolaithe a leagtar síos sa mhír seo, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí leanúint de thacaíocht a thabhairt do na réitigh mhalartacha dá dtagraítear san fhomhír sin ach beidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa acu, i gcomhréir le mír 2, lena n‑áirítear an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 5(1), pointe (i).
Caibidil IV - Gnéithe idirnáisiúnta
Airteagal 17
Tiachóga gnó agus ionstraimí agus creataí comhchosúla eile a thairgtear i dtríú tíortha
1.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena suífear go measfar go dtugann tiachóga gnó nó córais ghnó a thairgeann feidhmeanna comhchosúla a eisíonn soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha dearbhuithe atá coibhéiseach le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil na tiachóga gnó nó na córais ghnó sin idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a leagtar síos i Rialachán (AE) 910/2014 agus gur féidir leo tacú le feidhmiúlacht sainaitheantais agus fíordheimhnithe agus le malartú ríomhdhearbhuithe tréithe ar a laghad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19.
2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena suitear go measfar go dtugann creataí tríú tír le haghaidh córais a thairgeann feidhmeanna comhchosúla leis na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa dearbhuithe atá coibhéiseach le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil na córais a sholáthraítear faoin gcreat sin idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a leagtar síos i Rialachán (AE) 910/2014 agus gur féidir leo tacú le feidhmiúlacht sainaitheantais agus fíordheimhnithe agus le malartú ríomhdhearbhuithe tréithe ar a laghad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19.
3.Sula nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú chun a fháil amach an féidir a mheas go bhfuil na dearbhuithe coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo.
4.I gcás ina léireoidh an fhaisnéis atá ar fáil nach féidir a mheas a thuilleadh go bhfuil na dearbhuithe sin coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an gníomh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí a mhéid is gá trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.
5.Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de chreataí, de thiachóga gnó nó de chórais lena dtairgtear feidhmeanna comhchosúla arna n‑eisiúint ag soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 18
Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint chuig oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas
1.Féadfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtríú tír ar choinníoll gur eisíodh sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus aitheantóir uathúil do na hoibreoirí eacnamaíocha sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2.Chun críocha an Airteagail seo, ní iarrfaidh oibreoirí eacnamaíocha ach tacar amháin de shonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ó sholáthraí amháin sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa.
3.I gcás ina n‑iarrfaidh oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe lasmuigh den Aontas Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, tabharfaidh an soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa fógra faoin iarraidh sin do chomhlacht maoirseachta an Bhallstáit ina dtugtar fógra faoin soláthraí.
4.Iarrfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ó sholáthraí sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa thar ceann an oibreora eacnamaíoch atá bunaithe i dtríú tír.
5.Féadfaidh soláthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus aitheantóirí uathúla de bhun Airteagail 8 agus 9 a eisiúint d’oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas, ar choinníoll:
(a)go gcomhlíonann cruthú agus fíorú céannachta na n‑oibreoirí eacnamaíocha sin ceann amháin nó, i gcás inar gá, meascán de na modhanna chun céannacht a fhíorú a leagtar amach in Airteagal 24 (1a) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(b)nár eisíodh tacar eile sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa don oibreoir eacnamaíoch.
6.Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a fhíorú nár eisíodh sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa go fóill d’oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe lasmuigh den Aontas.
Caibidil V – Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 19
Nós imeachta coiste
Tabharfaidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 20
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
I Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, leasaítear Airteagal 5a mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain trasteorann shlán, iontaofa agus rianúil ag gach duine nádúrtha san Aontas ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus smacht iomlán acu ar a gcuid sonraí, déanfaidh gach Ballstát ar a laghad Tiachóg Eorpach Céannachta Digití amháin a sholáthar laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 23 den Airteagal seo agus in Airteagal 5c(6).’
(2) i mír 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f) áiritheofar go ndéanfar, le sonraí sainaitheantais duine, atá ar fáil ón scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear Tiachóg Eorpach Céannachta Digití á soláthar, léiriú uathúil ar an duine nádúrtha nó ar an duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, agus go mbeidh baint ag na sonraí leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití sin;’;
(3) i mír 9 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) ar bhás an úsáideora.’;
(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:
‘15. Is go deonach a úsáidfear Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, rochtain ar mhargadh an tsaothair agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, ní dhéanfar iad a shrianadh ar aon bhealach ná ní dhéanfar míbhuntáisteach iad i gcás daoine nádúrtha nach n‑úsáideann Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Beifear fós in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha trí mhodhanna sainaitheantais agus fíordheimhnithe eile atá ann cheana.’.
Airteagal 21
Meastóireacht agus athbhreithniú
7.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta — 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm], cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar éifeachtacht fhorálacha an Rialacháin seo maidir le taisceadh doiciméad leictreonach agus ríomhdhearbhuithe a éascú do chomhlachtaí earnála poiblí, trí Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid, chomh maith le forbairtí teicneolaíocha, margaidh agus dlíthiúla. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin an gá raon feidhme an Rialacháin seo nó a fhorálacha sonracha a mhodhnú chun oibleagáid a leagan amach maidir le húsáid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hilroinnt dhlíthiúil.
8.Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:
(a)croífheidhmiúlachtaí íosta Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(b)leibhéal comhlíontachta soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus an nós imeachta um fhógra a thabhairt agus na critéir maidir le fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 11;
(c)cur i bhfeidhm agus feidhmiú na rialacha maidir le pionóis a leagann na Ballstáit síos de bhun Airteagal 13;
(d)na ceanglais mhionsonraithe agus na sonraíochtaí teicniúla maidir leis an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe I;
Tráth nach déanaí ná bliain amháin sula mbeidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 dlite, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha a ullmhú.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta — bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Foras an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12
3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24
3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25
3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26
3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29
4.Gnéithe digiteacha29
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30
4.2.Sonraí30
4.3.Réitigh dhigiteacha31
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a bhunú
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Líonraí Cumarsáide, Ábhar agus Teicneolaíocht
Margadh Inmheánach
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí riachtanais shonracha na n‑oibreoirí eacnamaíocha agus na gcomhlachtaí earnála poiblí a chomhlíonadh i réimse na sainaitheanta digití agus na seirbhísí iontaoibhe, agus ionstraim chomhchuibhithe iontaofa sholáimhsithe a sholáthar dóibh le haghaidh sainaithint, fíordheimhniú agus malartú sonraí atá slán agus bailí ó thaobh an dlí de
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh. 1
Ualaí riaracháin a laghdú, próisis chomhlíontachta a chuíchóiriú, agus seachadadh seirbhíse a fheabhsú.
Cuspóir sonrach Uimh. 2
A áirithiú go mbeidh rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí ar shainaithint dhigiteach shlán iontaofa thar theorainneacha, lena bhfreastalófar ar riachtanais úsáideoirí agus ar éileamh an mhargaidh.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Ar an iomlán, is iad oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí na príomhthairbhithe is mó a bhfuiltear ag súil leo ón tionscnamh. Trí chreat digiteach comhchuibhithe iontaofa a bhunú le haghaidh sainaithint, fíordheimhniú agus malartú agus stóráil doiciméad gnó, leis an tionscnamh laghdófar ualaí riaracháin agus costais chomhlíontachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Leis na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, beidh cuideachtaí in ann idirghníomhú gan uaim le húdaráis phoiblí agus le comhpháirtithe gnó thar theorainneacha, rud a chuirfidh deireadh le sonraí a chur isteach arís agus arís eile agus a chuirfidh dlús le príomhphróisis amhail clárú, ceadúnú agus tuairisciú. Bainfidh FBManna agus micrifhiontair go háirithe tairbhe as bealaí digiteacha simplithe, slána agus idir-inoibritheacha, rud a shaorfaidh acmhainní don nuálaíocht, don fhás agus don leathnú trasteorann.
Rachaidh éifeachtúlacht, cáilíocht agus iontaofacht an tseachadta seirbhíse chun tairbhe do chomhlachtaí na hearnála poiblí. Leis na Tiachóga Gnó, déanfar nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú trí uathoibriú fíoraithe agus láimhseála doiciméad a chumasú, rud a laghdóidh idirghabháil láimhe, dúbailt agus rátaí earráide. Leis an mbealach cumarsáide slán, cuirfear feabhas ar cháilíocht agus trédhearcacht sonraí, tacófar le maoirseacht rialála níos fearr agus éascófar úsáid réiteach nuálach teicneolaíochta rialála.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Chun comhsheasmhacht agus comhréireacht a áirithiú, baineann an creat faireacháin leas as an struchtúr trí cholún dá dtagraítear sa mheasúnú tionchair le haghaidh an athbhreithnithe ar Rialachán eIDAS, ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm agus ar tháscairí comhthéacsúla, agus cuirtear in oiriúint é do raon feidhme sonrach na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. Áirithítear leis sin ailíniú agus dúbláil oibleagáidí faireacháin á seachaint agus prionsabail na Rialála Níos Fearr á n‑urramú, lena n‑áirítear comhréireacht agus athúsáid sruthanna sonraí atá ann cheana. Ina theannta sin, déanfar tacar táscairí breise, atá nasctha go sonrach leis na Cuspóirí Sonracha, a ghiaráil chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí an tionscnaimh trí athróga ionadacha. Tá na treochtaí maicreacnamaíocha agus ualaigh riaracháin níos leithne sin fós comhthéacsúil agus léirmhíneofar iad in éineacht le sonraí eIDAS chun tacú le tátal staidrimh seachas cúisíocht dhíreach a thabhairt le tuiscint.
Tuairiscítear an tacar nua táscairí atá nasctha leis na Cuspóirí Sonracha thíos:
|
Gné an fhaireacháin agus na meastóireachta agus cuspóirí ábhartha |
Táscaire/táscairí |
Freagracht as an mbailiú |
Foinse/foinsí |
|
SO1: Ualaí riaracháin a laghdú, próisis chomhlíontachta a chuíchóiriú, agus seachadadh seirbhíse a fheabhsú. |
|||
|
An t‑ualach riaracháin a bhaineann le comhlíonadh rialála agus ceanglais tuairiscithe ar ghnólachtaí a laghdú trí thairbhí eacnamaíocha inléirithe |
Táscaire maidir le laghdú inchainníochtaithe ar ualach na rialála rialtais |
An Coimisiún Eorpach |
Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh agus an Iomaíochais 14 |
|
Feabhas a chur ar sheachadadh seirbhíse poiblí |
Feabhsuithe tomhaiste ar tháscairí Seirbhísí Poiblí Digiteacha do Ghnó faoin tagarmharc eGov, go háirithe i ndáil le seachadadh seirbhíse ar líne agus comharthaí idir-inoibritheachta (táscairí sonracha: infhaighteacht ar líne (trasteorann); ríomh-shainaitheantas (trasteorann); foirmeacha réamhlíonta; córas teicniúil aonuaire (CTA)) |
An Coimisiún Eorpach |
staidéar tagarmhairc r-Rialtais lena gcothaítear an Clár Beartais don Deacáid Dhigiteach |
|
Iomaíochas na hEorpa a fheabhsú |
Feabhsuithe intomhaiste ar onnmhairiú earraí chuig tíortha eile san Aontas ag FBManna san earnáil thionsclaíoch (% de FBManna) |
An Coimisiún Eorpach |
Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh agus an Iomaíochais |
|
SO2: A áirithiú go mbeidh rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí ar shainaithint dhigiteach shlán iontaofa thar theorainneacha, lena bhfreastalófar ar riachtanais úsáideoirí agus ar éileamh an mhargaidh. |
|||
|
Margadh a fhorbairt le haghaidh sainaithint dhigiteach shlán agus seirbhísí iontaoibhe idir oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí |
An líon soláthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa atá comhlíontach agus ar tugadh fógra ina leith, lena n‑áirítear Soláthraithe Seirbhísí Iontaoibhe Cáilithe |
Comhlachtaí maoirseachta |
Sonraí a thuairiscítear don Choimisiún Eorpach Eolaire Digiteach Eorpach |
|
A chinntiú go mbeidh na réitigh atá ar fáil iontaofa agus slán agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais uile chun Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthar |
An líon údaruithe a tarraingíodh siar le haghaidh soláthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ar tugadh fógra ina leith, gan aon soláthraí a chur san áireamh a scoir go deonach dá soláthar tráchtála tiachóg gnó agus seirbhísí gaolmhara Líon agus leibhéal na bpionós arna bhforchur ar sholáthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Comhlachtaí maoirseachta |
Sonraí a thuairiscítear don Choimisiún Eorpach |
|
Glacadh Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a spreagadh ar fud earnálacha uile an gheilleagair |
An líon Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa arna n‑eisiúint d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí agus atá cláraithe san Eolaire Digiteach Eorpach 15 |
An Coimisiún Eorpach |
Eolaire Digiteach Eorpach |
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 16
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Leis an Rialachán, ceanglófar ar chomhlachtaí earnála poiblí glacadh le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa chun críocha aitheantais agus fíordheimhnithe, doiciméid a shíniú nó a shéalú, doiciméid a thaisceadh, agus fógraí a sheoladh nó a fháil. Tá 24 mhí ag comhlachtaí na hearnála poiblí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin chun a áirithiú gur féidir leo glacadh le Tiachóga Gnó chun na gcríoch sin. Ar feadh idirthréimhse suas le 36 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí leanúint de thacaíocht a thabhairt do réitigh chumarsáide eile atá ann cheana seachas bealach cumarsáide na dTiachóg Gnó a chur chun feidhme, ar choinníoll go gcomhlíonann na réitigh sin na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i Rialachán (AE) 910/2014 agus go dtairgeann siad tairseach idir na réitigh sin atá ann cheana agus bealach cumarsáide na dTiachóg Gnó. Tar éis na hidirthréimhse sin, beidh ar chomhlachtaí na hearnála poiblí tacú le bealach cumarsáide na dTiachóg Gnó, in ionad nó sa bhreis ar réitigh eile a chomhlíontar le eIDAS.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)
Cuireann réitigh éagsúla maidir le céannacht dhigiteach náisiúnta bac ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, rud a bhaineann an bonn d’fheidhmiú optamach an Mhargaidh Aonair. Cruthaíonn an ilroinnt atá ann faoi láthair dúbailt, moilleanna agus costais bhreise d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe oibreoirí trasteorann. D’fhéadfadh leibhéil mhíchothroma digitithe comhlachtaí earnála poiblí an iomaíocht a shaobhadh freisin, rud a thabharfadh buntáiste nós imeachta d’oibreoirí eacnamaíocha i mBallstáit níos forbartha agus a lagódh cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair.
Braitheann feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar rialacha aonfhoirmeacha comhsheasmhacha a chuirtear i bhfeidhm ar fud chomhlachtaí ábhartha uile na hearnála poiblí a dhéanann feidhmeanna coibhéiseacha nó a sholáthraíonn seirbhísí inchomparáide. Is minic a dhéanann an Coimisiún gníomhaíochtaí atá cosúil le gníomhaíochtaí chomhlachtaí náisiúnta na hearnála poiblí agus bíonn príomhróil mhaoirseachta agus rialála aige. Dá bhrí sin, tá gá lena rannpháirtíocht chun tacú le feidhmiú cuí an Mhargaidh Aonair. Dá n‑eisiafaí iad, chruthófaí bearnaí rialála, ilroinnt agus cur i bhfeidhm míchothrom na rialacha, rud a bhainfeadh an bonn de chuspóir na Tiachóige Gnó sláine, cobhsaíocht agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a chosaint. Ina theannta sin, tá an simpliú fós ina phríomhspreagadh do thiomantas an Aontais Aontas níos ceannasaí, níos simplí agus níos tapúla a thógáil, mar a leagtar amach i gClár Oibre 2025. Chun Margadh Aonair iomaíoch agus dea-fheidhmiúil a bhaint amach, tá gá le rannpháirtíocht ghníomhach ó údaráis náisiúnta agus ó údaráis ar leibhéal an Aontais araon, agus dea-shampla á thabhairt ag na húdaráis sin ón Aontas. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a ghlacadh agus a úsáid, rud a leathnódh simpliú agus éifeachtúlacht chuig a n‑idirghníomhaíochtaí le hoibreoirí eacnamaíocha.
Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post)
Leis na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, cuirfear deireadh le dúbláil agus laghdófar costais chomhlíontachta, agus an tráth céanna cuirfear feabhas ar thrédhearcacht agus ar cháilíocht sonraí, agus cuirfear faisnéis níos iontaofa ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí, rud a chuirfidh feabhas ar sheachadadh seirbhíse. An tráth céanna, le comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, cuirtear cosc ar spleáchas ar sholáthraithe ardriosca, neartaítear athléimneacht na mbonneagar criticiúil, agus comhdhlúthaítear ceannasacht dhigiteach an Aontais. Lasmuigh den mhargadh inmheánach, is féidir leis an tionscnamh feabhas a chur ar ról an Aontais mar bhunaitheoir caighdeán domhanda le haghaidh bonneagair dhigiteacha iontaofa, rud a thacóidh le hiomaíochas na hEorpa sa trádáil idirnáisiúnta.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Leis an togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, cuirtear leis an éiceachóras iontaoibhe a bunaíodh faoin gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach — Rialachán (AE) 910/2014, an tagairt dhlíthiúil san Aontas maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1183, agus leathnaítear an t‑éiceachóras sin. Is cloch mhíle mhór cheana féin i gclár oibre an Aontais maidir le simpliú é an creat sin - córas úrscothach, atá fabhrach don phríobháideachas agus idir-inoibritheach le haghaidh sainaithint dhigiteach, lena gcumhachtaítear saoránaigh agus eintitis dhlíthiúla chun sonraí a chomhroinnt go slán thar theorainneacha.
Is é is aidhm don togra maidir le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a chomhlánú trí chreat digiteach atá faoi thionchar an mhargaidh a thabhairt isteach, creat a cheapfar le haghaidh riachtanais shonracha idirbheart gnólachtaí, lena n‑áirítear inrianaitheacht, bainistiú digiteach ar chearta agus sainorduithe ionadaíochta, agus bealach slán chun doiciméid agus fianuithe oifigiúla a fhaigheann tacaíocht ó eolaire coiteann a mhalartú. Bainfear an méid sin ar fad amach agus idir-inoibritheacht iomlán le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití á ráthú an tráth céanna
Mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha le déanaí, tá gá le cur chuige nua comhchuibhithe agus digiteach maidir le hidirghníomhaíochtaí gnólacht le rialtas agus gnólacht le gnólacht. Tá an intleacht shaorga, an néalríomhaireacht agus an chéannacht dhigiteach shlán ag gluaiseacht ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, rud a dhéanann difear don bhealach a ndéantar gnó san Eoraip: tá próisis athraithe ó bheith bunaithe ar dhoiciméid go dtí uathoibrithe agus sonraíbhunaithe. Mar shampla, measann 91 % de ghnólachtaí atá i mbun fáis go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha ríthábhachtach dá bhfás. Leis na forbairtí sin, mar aon le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais maidir le hiomaíochas, ceannasacht dhigiteach, simpliú agus seirbhísí poiblí digiteacha mar réamhshocrú, cruthaítear an gá atá le réitigh shofhreagrúla lenar féidir tacú le hidirbhearta gnó trasteorann iontaofa ar scála.
Mar thoradh air sin, tá méadú as cuimse tagtha ar an éileamh ar mhodhanna chun dintiúir ghnó éagsúla a shainaithint, a mhalartú agus a stóráil, ar bhealach slán agus le héifeacht dhlíthiúil iomlán thar theorainneacha.
Cuireann an Rialachán freisin leis an méid a baineadh amach le Treoir (AE) 2025/25, lenar tugadh isteach Deimhniú Cuideachta an Aontais agus cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais. Is é is aidhm do na huirlisí ceannródaíocha sin ualaí riaracháin in oibríochtaí trasteorann a laghdú do chuideachtaí an Aontais tríd an ilroinnt a laghdú. Leis an rialachán seo, glactar an chéad chéim eile chun uirlis a chur ar fáil chun é a chur ar a gcumas do chuideachtaí Deimhnithe Cuideachta an Aontais agus cumhachtaí aturnaetha digiteacha a mhalartú go rianúil trí Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Leis an tionscnamh tacaítear le spriocanna simplithe agus iomaíochais an Aontais trí uirlisí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha amhail na Tiachóga Gnó, rud a chumasóidh comhlíonadh iontaofa, slán agus soláimhsithe na gceanglas riaracháin trí shainaithint, fíordheimhniú agus malartú sonraí comhchuibhithe. Dá bhrí sin, tá sé i gcomhréir go hiomlán le cuspóirí CAI.
Beidh impleachtaí airgeadais ag baint le cuimsiú an Choimisiúin, a chumhdófar go príomha le buiséad an Aontais faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034. Baineann na costais sin go príomha le cur chun feidhme agus úsáid na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, le bunú agus cothabháil an Eolaire Dhigitigh Eorpaigh laistigh den Choimisiún, lena gcomhtháthú le córais TF atá ann cheana agus le bunú gníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa.
Thart ar EUR 7 milliún le linn na chéad bhliana atá i gceist le costais dhíreacha mheasta don Choimisiún mar gheall ar chaiteachas ar chur chun feidhme tosaigh (próiseas soláthair), táille cheadúnúcháin agus costais chothabhála le haghaidh Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. Ón dara bliain ar aghaidh, tabhóidh an Coimisiún EUR 5 mhilliún breise i gcostais bhliantúla athfhillteacha. Maidir leis an Eolaire Digiteach Eorpach, meastar go mbeidh an costas socraithe beagán faoi bhun EUR 2 mhilliún, agus réamh-mheastar go mbeidh costais chothabhála bhliantúla EUR 1,7 milliún ann sa dara bliain agus EUR 1,3 milliún sna blianta ina dhiaidh sin.
Ina theannta sin, meastar gur EUR 33,8 milliún don chéad bhliain agus EUR 7,5 milliún don dara bliain a d’fhéadfadh a bheith sna costais chun Tiachóga Gnó a chomhtháthú sna córais TF ábhartha uile. Ós rud é go bhfuil na córais i bhfeidhm cheana féin, baineann na costais leis an gcéad dá bhliain toisc gur comhtháthú é seachas córas nua a fhorbairt.
Léirítear sineirgí le hionstraimí eile mar a leanas:
- Leis an Tairseach Aonair Dhigiteach (TAD) agus a Córas Teicniúil Aonuaire (CTA), cuirtear prionsabal na haonuaire chun feidhme, lena gceanglaítear ar údaráis sonraí atá á gcoinneáil cheana féin i mBallstát eile a athúsáid gan taiscthí a bheith déanta arís agus arís eile ag gnólachtaí. Comhlánóidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa an Tairseach Aonair Dhigiteach agus an Córas Teicniúil Aonuaire trí shainaithint agus fíordheimhniú iontaofa oibreoirí eacnamaíocha agus riarachán poiblí agus sraith shlán malartaithe a sholáthar lena gcuirfear ar a gcumas do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí earnála poiblí sonraí fíoraithe agus fianuithe oifigiúla a chomhroinnt agus a athúsáid go rianúil thar theorainneacha.
- Braitheann an Pas Táirge Digiteach, atá lárnach i gclár oibre an Aontais don gheilleagar ciorclach, ar rochtain iontaofa ar shonraí comhréireachta agus inbhuanaitheachta. Is féidir leis na Tiachóga Gnó céannacht dhlíthiúil agus aon cheart rochtana a dheonaítear a chruthú, cumas a thabhairt dearbhuithe comhréireachta a shíniú agus a shéalú, agus a áirithiú go malartaítear sonraí táirge go slán agus go hinfhíoraithe thar theorainneacha.
- Leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, bunaítear an creat le haghaidh idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí. Comhlánóidh na Tiachóga Gnó é sin trí fheidhmiú mar bhonneagar iontaofa ar féidir le rialtais é a chomhtháthú i seachadadh seirbhíse digiteach mar réamhshocrú, rud a threiseoidh baint bacainní teicniúla agus eagraíochtúla.
- Leis an togra atá ar na bacáin maidir le creat dlíthiúil corparáideach an 28ú córas, cuirfear nósanna imeachta simplí, solúbtha agus tapa ar fáil do chuideachtaí chun infheistíocht a chur ar bun agus a oibriú agus a mhealladh san Aontas trí réitigh dhigiteacha. Áiritheofar leis idir-inoibritheacht leis an tiachóg ghnó agus áiritheoidh sé go mbeidh uirlisí digiteacha amhail deimhniú Cuideachta an Aontais agus Cumhacht Aturnae Dhigiteach an Aontais comhoiriúnach leis an Tiachóg Ghnó ionas gur féidir le cuideachtaí iad sin a úsáid lena dTiachóg Ghnó.
- Leis an bpacáiste CBL sa Ré Dhigiteach (CRD), déantar tuairisciú CBL a nuachóiriú, tugtar isteach ríomhshonrascadh sainordaitheach thar theorainneacha agus neartaítear cosc calaoise. Leis na Tiachóga Gnó beifear in ann fianuithe CBL agus sonraí idirbhirt a stóráil go slán agus a mhalartú ar bhealach infhíoraithe, rud a thacóidh le tuairisciú fíor-ama agus le sonrascadh iontaofa.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Ath-imlonnófar na baill foirne arna n‑iarraidh sa mhéid 20 FTE trí leithdháiltí reatha na hArd-Stiúrthóireachta a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta nó seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin faoina gcúram.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
– i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
– tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2028 go dtí 2029,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Déanfar athbhreithniú ar an Rialachán trí bliana tar éis a chur i bhfeidhm go hiomlán. Ní mór don Choimisiún na torthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Bunaítear leis an Rialachán rialacha comhchuibhithe maidir le ríomh-shainaitheantas agus ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí sa mhargadh inmheánach agus urraim d’iontaoibh agus do smacht úsáideoirí ar a gcuid sonraí féin á n‑áirithiú an tráth céanna. Ceanglaítear leis na rialacha nua sin sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla a fhorbairt, agus maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
Ina theannta sin, is gá a chur san áireamh freisin na hacmhainní is gá chun cumarsáid agus comhordú a dhéanamh le tríú tíortha maidir le hidir-inoibritheacht agus coibhéis réiteach tríú tír.
Chun aghaidh a thabhairt ar na cúraimí sin, is gá acmhainní iomchuí a sholáthar do sheirbhísí an Choimisiúin. Meastar go mbeidh 20 FTE de dhíth chun forálacha an Rialacháin nua a fhorfheidhmiú.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Ceann de na príomh-shaincheisteanna as a n‑eascraíonn easnaimh sa chreat reachtach atá ann faoi láthair is ea easpa comhchuibhithe na gcóras náisiúnta i gcomhthéacs idirghníomhaíochtaí gnólacht le rialtas, rud a fhágann go mbíonn rómhaorlathas agus ualaí riaracháin ann, go háirithe thar theorainneacha. Chun an tsaincheist sin a mhaolú, cuireann an tionscnamh le rannpháirtíocht luath le soláthraithe féideartha agus le comhordú le Treoirthionscadail Mhórscála atá ar siúl faoi láthair chun ullmhacht theicneolaíoch agus idir-inoibritheacht a áirithiú. An tráth céanna, cuideoidh dlúthchomhar leis na Ballstáit agus le tionscnaimh ghaolmhara de chuid an Aontais le tuilleadh ilroinnte a chosc agus le héiceachóras soláthraithe comhleanúnach, iomaíoch agus iontaofa a chothú laistigh den Mhargadh Aonair.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Maidir leis an gcaiteachas a bhaineann le cruinnithe de chuid an tsainghrúpa, i bhfianaise an luacha ísil in aghaidh an idirbhirt (e.g. costais taistil a aisíoc le toscaire le haghaidh cruinnithe más rud é gur cruinniú fisiciúil atá i gceist), is cosúil gur leor nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh caighdeánacha.
Chomh maith leis sin, i gcás treoirthionscadal, ba cheart nósanna imeachta caighdeánacha AS CNECT a bheith leordhóthanach.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Leis na bearta coiscthe calaoise is infheidhme maidir leis an gCoimisiún atá ann cheana, cumhdófar aon leithreasú breise is gá maidir leis an Rialachán seo.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Líne bhuiséid |
Cineál caiteachais |
Ranníocaíocht |
|||
|
Uimhir
|
Difr./Neamhdhifr 17 . |
ó thíortha de chuid CSTE 18 |
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 19 |
Ó thríú tíortha eile |
ioncam sannta eile |
|
|
Ceannteidil agus línte buiséid CAI atá le cinneadh 20 |
LD/LN |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
|
|
[XX.YY.YY.YY] |
LD/LN |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
|
|
[XX.YY.YY.YY] |
LD/LN |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Líne bhuiséid |
Cineál caiteachais |
Ranníocaíocht |
|||
|
Uimhir
|
LD/LN |
ó thíortha de chuid CSTE |
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha |
Ó thríú tíortha eile |
ioncam sannta eile |
|
|
[XX.YY.YY.YY] |
LD/LN |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
|
|
[XX.YY.YY.YY] |
LD/LN |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
|
|
[XX.YY.YY.YY] |
LD/LN |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
– Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
–Is méideanna táscacha amháin iad na méideanna a léirítear, go dtí go bhfaighfear toradh deiridh chaibidlíocht CAI 2028-2034.
–Maoineofar an tionscnamh seo trí athshannadh laistigh de chláir oibríochtúla an chéad CAI eile, agus go páirteach trí chaiteachas riaracháin. Ag an gcéim seo, ní féidir an ranníocaíocht ó gach ceannteideal agus clár de CAI a léiriú go cruinn, agus meastar go dtiocfaidh ranníocaíocht mhór ó chláir faoi cheannteideal 2 de CAI 2028-2034 (e.g. an Ciste Eorpach um Iomaíochas).
–
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
An Chéad Bhliain |
An Dara Bliain |
Na blianta ina dhiaidh sin (méid bliantúil) |
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 |
Gealltanais |
45,442 |
16,867 |
8,929 |
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
45,442 |
16,867 |
8,929 |
Is figiúirí táscacha amháin iad na figiúirí mar a léirítear sa tábla thuas go dtí go mbeidh toradh ar an gcaibidlíocht maidir le CAI.
|
|
An Chéad Bhliain |
An Dara Bliain |
Na blianta ina dhiaidh sin (méid bliantúil) |
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 |
Gealltanais |
45,442 |
16,867 |
8,929 |
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
45,442 |
16,867 |
8,929 |
Is figiúirí táscacha amháin iad na figiúirí mar a léirítear sa tábla thuas go dtí go mbeidh toradh ar an gcaibidlíocht maidir le CAI.
3.2.2.An t‑aschur measta arna chistiú ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir |
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn1.6) |
IOMLÁN |
|||||||||||||
|
ASCHUIR |
|||||||||||||||||||
|
Cineál 21 |
Meánchostas |
Níl |
Costas |
Níl |
Costas |
Níl |
Costas |
Níl |
Costas |
Níl |
Costas |
Níl |
Costas |
Níl |
Costas |
Líon iomlán |
Costas iomlán |
||
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 22 … |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 |
|||||||||||||||||||
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 |
|||||||||||||||||||
|
IOMLÁIN |
|||||||||||||||||||
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
– Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFÁBHAR |
An Chéad Bhliain |
An Dara Bliain |
Na blianta ina dhiaidh sin (méid bliantúil) |
|
Acmhainní daonna |
2,629 |
2,629 |
2,629 |
|
Caiteachas riaracháin eile |
pm |
pm |
pm |
|
IOMLÁN |
2,629 |
2,629 |
2,629 |
Is figiúirí táscacha amháin iad na figiúirí mar a léirítear sa tábla thuas go dtí go mbeidh toradh ar an gcaibidlíocht maidir le CAI.
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFÁBHAR |
An Chéad Bhliain |
An Dara Bliain |
Na blianta ina dhiaidh sin |
||
|
Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |
|||||
|
20 01 02 01(Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) |
7 |
7 |
7 |
||
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
||
|
(Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
||
|
(Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
||
|
Línte buiséid eile (sonraigh) |
0 |
0 |
0 |
||
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha) |
|||||
|
20 02 01(AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) |
13 |
13 |
13 |
||
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
||
|
Riarachán Líne thacaíochta |
-sa cheanncheathrú |
0 |
0 |
0 |
|
|
[XX.01.YY.YY] |
i dToscaireachtaí an Aontais |
0 |
0 |
0 |
|
|
(AC, END - Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
||
|
(AC, END – Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
||
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 4 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 4 |
0 |
0 |
0 |
||
|
IOMLÁN |
20 |
20 |
20 |
||
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 4, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá.
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
Le cumhdach ag baill foirne atá ann faoi láthair atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin |
Foireann bhreise eisceachtúil* |
|||
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 4 nó Taighde |
Le maoiniú ó líne BA |
Le maoiniú ó tháillí |
||
|
Poist sa phlean bunaíochta |
7 |
Ní bhaineann le hábhar |
||
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT) |
13 |
|||
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach |
Baineann na cúraimí atá le déanamh ag na hoifigigh agus ag an bhfoireann shealadach leis an sruth oibre dlíthiúil, leis an sruth oibre teicniúil, leis an gcomhordú agus leis an bhfor-rochtain idirnáisiúnta agus leis an ról maoirseachta. |
|
Pearsanra seachtrach |
Baineann na cúraimí atá le déanamh ag an bhfoireann sheachtrach leis an sruth oibre dlíthiúil, leis an sruth oibre teicniúil, leis an gcomhordú agus leis an bhfor-rochtain idirnáisiúnta agus leis an ról maoirseachta. |
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.
Is é rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ ceannach/ forbairt ardán/ uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF |
An Chéad Bhliain |
An Dara Bliain |
Na blianta ina dhiaidh sin |
|
Caiteachas TF |
42,813 |
14,238 |
6,300 |
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 atá beartaithe
– is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
– is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
– déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iomlán |
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe |
|||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe |
3.3.
An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
–Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
– Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
– maidir le hacmhainní dílse
– maidir le hioncam eile
– má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim: |
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha |
Tionchar an togra/tionscnaimh 23 |
|||
|
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
||
|
Airteagal …………. |
|||||
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
9.4. GNÉITHE DIGITEACHA
4.1. Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
Má mheastar nach bhfuil aon cheanglas a bhaineann le cúrsaí digiteacha ag roinnt leis an tionscnamh beartais:
An bonn cirt leis an bhfáth nach féidir modhanna digiteacha a úsáid chun feabhas a chur ar chur chun feidhme beartais agus leis an bhfáth nach bhfuil an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ infheidhme
|
Ní bhaineann le hábhar |
Ina mhalairt de chás:
Tuairisc ardleibhéil ar na ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha, agus ar na catagóirí gaolmhara (sonraí, digitiú agus uathoibriú próiseas, réitigh dhigiteacha agus/nó seirbhísí poiblí digiteacha)
|
Tagairt don cheanglas |
Tuairisc ar an gceanglas |
Gníomhaithe a ndéanann an ceanglas difear dóibh nó a bhfuil baint aige leo |
Próisis Ardleibhéil |
Catagóirí |
|
Airteagal 4 |
Prionsabal na coibhéise |
Úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Daoine féinfhostaithe Trádálaithe aonair Eintitis de chuid an Aontais |
TGE agus an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe a úsáid mar réitigh dhigiteacha |
An próiseas a dhigitiú Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 5(1), (2), (3), (4) |
Feidhmiúlachtaí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa (TGE) |
Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Ionadaithe údaraithe úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Forbairt TF (croífheidhmiúlachtaí) |
Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach An próiseas a dhigitiú |
|
Airteagal 6(1),(2),(4) |
Gnéithe teicniúla na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Forbairt TF (gnéithe teicniúla) |
Sonraí Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 6(3) |
Faisnéis faoina dtugtar fógra a chur ar fáil |
An Coimisiún Eorpach An pobal i gcoitinne |
Sásraí bailíochtaithe a fhoilsiú |
Sonraí Uathoibriú próisis Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 6(5) |
Tacar caighdeán tagartha agus sonraíochtaí a bhunú |
An Coimisiún Eorpach |
Gníomhartha cur chun feidhme a fhorbairt |
Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 7 |
Ceanglais agus oibleagáidí ar sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Ionadaithe údaraithe úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Comhlachtaí maoirseachta inniúla An Coimisiún Eorpach |
Ceanglais agus oibleagáidí a bhunú do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Réitigh dhigiteacha Sonraí Seirbhís phoiblí dhigiteach An próiseas a dhigitiú |
|
Airteagal 8 |
Sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Soláthraithe sonraí aitheantais Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Eintitis de chuid an Aontais An Coimisiún Eorpach |
Sonraí aitheantais úinéara a bhaineann le húinéirí TGE a bhainistiú |
Sonraí Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 9 |
Aitheantóirí uathúla le haghaidh úinéirí TGE |
Soláthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Oibreoirí eacnamaíocha Comhlachtaí earnála poiblí An Coimisiún Eorpach |
Aitheantóirí uathúla a leithdháileadh d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Sonraí Réitigh dhigiteacha Seirbhísí poiblí digiteacha |
|
Airteagal 10 |
Eolaire Digiteach Eorpach |
An Coimisiún Eorpach Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
An tEolaire Digiteach Eorpach a bhunú, a oibriú agus a chothabháil |
Réitigh dhigiteacha Sonraí Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 11 |
Fógra a thabhairt do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Comhlacht maoirseachta sa Bhallstát bunaíochta |
Nós imeachta um fhógra a thabhairt le haghaidh soláthraithe TGE |
Sonraí Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 12 |
Fógra ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Na Ballstáit An Coimisiún Eorpach |
Fógra a thabhairt Foilsiú |
Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach Sonraí |
|
Airteagal 13 |
Maoirseacht na mBallstát |
Comhlachtaí maoirseachta i ngach Ballstát An Coimisiún Eorpach Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Maoirseacht ar sholáthraithe TGE Fógra a thabhairt faoi chlárlanna náisiúnta ábhartha |
Sonraí Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 14 |
Síneadh a chur le tacaíocht Ghrúpa Comhair maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach do TGE |
Grúpa Comhair maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach An Coimisiún Eorpach Na Ballstáit |
Malartú agus comhordú faisnéise |
Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 15 |
Rialachas agus maoirseacht eintitis an Aontais ar soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa iad (tuarascálacha) |
Sonraí |
||
|
Airteagal 16 |
Oibleagáidí ar chomhlachtaí earnála poiblí chun úsáid EBW a chumasú agus Ríomhsheirbhís Seachadta Chláraithe Cháilithe a sholáthar |
Comhlachtaí earnála poiblí Úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Sainaitheantas Fíordheimhniú Síniú agus Séala Doiciméid a thaisceadh Fógra a thabhairt |
Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach An próiseas a dhigitiú |
|
Airteagal 17 |
Liosta na dTiachóg Gnó agus ionstraimí comhchosúla eile a thairgtear i dtríú tíortha |
An Coimisiún Eorpach Tíortha nach Ballstáit den Aontas iad |
Córais choibhéiseacha ó thríú tíortha a fhoilsiú |
Sonraí Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 18 |
Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint chuig oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas |
Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtríú tír Soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe atá bunaithe i mBallstát Ballstáit na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe |
Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint Céannacht a phromhadh agus a fhíorú |
Sonraí Réiteach digiteach Seirbhís phoiblí dhigiteach |
|
Airteagal 20 |
Daoine dlítheanacha a bhaint de Rialachán (AE) 910/2014, mar gheall ar dhífheidhmeacht le teacht TGE |
Duine dlítheanach Na Ballstáit |
Sainaithint, fíordheimhniú agus comhroinnt sonraí an duine dhlítheanaigh |
Seirbhís phoiblí dhigiteach Réiteach digiteach Sonraí |
4.2. Sonraí
Tuairisc ardleibhéil ar na sonraí atá faoin raon feidhme
|
Cineál sonraí |
Tagairt do na ceanglais |
Caighdeán agus/nó sonraíocht (más infheidhme) |
|
// |
||
|
Sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Airteagal 8(1) |
Eiseofar sonraí aitheantais úinéara EBW i bhformáid de réir ceann de na caighdeáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún agus mar a leanas: -Ríomhdhearbhuithe Tréithe Cáilithe nuair a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe é; -Ríomhdhearbhuithe Tréithe nuair a eisíonn comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil é, nó nuair a eisítear thar a cheann é, nuair a sholáthraíonn comhlacht earnála poiblí é; -Ríomhdhearbhuithe Tréithe nuair a sholáthraíonn an Coimisiún é. |
|
RT/RTC (Ríomhdhearbhuithe Tréithe/Ríomhdhearbhuithe Tréithe Cáilithe) |
Airteagal 8(1) |
Ceanglais an eisitheora: I gcás RTC, ní mór don eisitheoir a bheith ina Sholáthraí Seirbhísí Iontaoibhe Cáilithe, a chomhlíonann ceanglais dhlíthiúla agus theicniúla. Caighdeáin / formáidí: Ní mór do na fianuithe na scéimrí/formáidí a fhorordaítear (laistigh de ARF/bosca uirlisí) le haghaidh fianuithe tréithe a leanúint. Ní mór na tréithe féin a bheith cruinn, díorthaithe ó fhoinsí barántúla. Fíorú idir-inoibritheachta / iontaoibhe: D’fhéadfadh sé go mbeadh páirtithe is úsáideoirí in ann iad a fhíorú, ní mór sásraí cúlghairme/fionraíochta a bheith ann, agus ní mór a mbailíocht a áirithiú le bonneagar iontaoibhe. Rialachán (AE) 2024/1183 (eIDAS 2.0) — Iarscríbhinn V; ETSI TS 119 471; ETSI EN 319 412 (sraith); ETSI TS 119 182-1; ETSI TS 119 102-1; ETSI TS 119 102-2; ETSI EN 319 401; ETSI EN 319 411-1 / 411-2; ETSI TS 119 461; ETSI TS 119 172-4; CEN/EN 319 521 |
|
Eilimintí sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Airteagal 8(6) |
Ní mór na tréithe seo a leanas ar a laghad a bheith ann: ainm oifigiúil an oibreora eacnamaíoch nó an chomhlachta earnála poiblí, mar a thaifeadtar sa chlár ábhartha nó sa taifead oifigiúil ábhartha, an t‑aitheantóir uathúil ábhartha a shanntar i gcomhréir le hAirteagal 9. |
|
Aitheantóirí uathúla le haghaidh úinéirí TGE |
Airteagal 9(1) |
Ní mór aitheantóir uathúil Eorpach a úsáid má thagann oibreoir eacnamaíoch faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1132 nó Threoir (AE) 2015/849 |
|
Faisnéis chun EDD a choinneáil ar bun |
Airteagal 10(3)(6) |
Caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh EDD atá le bunú sna gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh |
|
Fógra a thabhairt faoi sholáthraithe TGE |
Airteagal 11(2) |
Liostaítear gnéithe atá le cur san áireamh san fhógra |
|
Liosta de sholáthraithe TGE ar tugadh fógra ina leith |
Airteagal 12 |
Formáid atá inléite ag meaisín |
|
Liosta de chomhlachtaí maoirseachta na mBallstát |
Airteagal 13(3) |
Eilimintí sonraí atá le cur san áireamh: ainmneacha agus seoltaí |
|
Faisnéis maidir le clárlanna náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí earnála poiblí |
Airteagal 13(5)(f) |
Ní shonraítear |
|
Liosta na dTiachóg Gnó agus ionstraimí comhchosúla eile a thairgtear i dtríú tíortha |
Airteagal 17(4) |
Ní shonraítear |
|
Sonraí úinéara TGE chun críocha iniomparthachta |
Iarscríbhinn |
Formáid oscailte |
Ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
Míniú ar an gcaoi a bhfuil na ceanglais ailínithe leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
|
Tá an togra ag teacht leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí trí chur chuige sonraíbhunaithe i leith na nuálaíochta a chur chun feidhme agus tríd an ngeilleagar digiteach a fheabhsú. Is é is aidhm dó ualaí riaracháin a laghdú, próisis chomhlíontachta a chuíchóiriú, agus feabhas a chur ar sheachadadh seirbhíse trí réitigh atá faoi thionchar an mhargaidh a sholáthar, rud a chuirfidh tuilleadh feabhais ar an iomaíochas. Éascaíonn Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa malartú faisnéise go rianúil thar theorainneacha ar bhealach trédhearcach, iontaofa agus slán. Cuireann an togra idir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht leis na córais atá ann cheana chun cinn. |
Ailíniú le prionsabal na haonuaire
Míniú ar an gcaoi ar cuireadh prionsabal na haonuaire san áireamh agus ar an gcaoi ar fiosraíodh arbh fhéidir sonraí atá ann cheana a athúsáid
|
Cuireann an togra prionsabal na haonuaire chun cinn trí cheangal a chur ar údaráis sonraí atá i seilbh cheana féin i mBallstát eile a athúsáid gan gá a bheith le taiscthí arís agus arís eile ó ghnólachtaí. Comhlánóidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa an Tairseach Aonair Dhigiteach agus an Córas Teicniúil Aonuaire trí shainaithint agus fíordheimhniú iontaofa oibreoirí eacnamaíocha agus riarachán poiblí agus sraith shlán malartaithe a sholáthar lena gcuirfear ar a gcumas do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí earnála poiblí sonraí fíoraithe agus fianuithe oifigiúla a chomhroinnt agus a athúsáid go rianúil thar theorainneacha. Ina theannta sin, cé go ndírítear le Córas Teicniúil Aonuaire ar na hidirghníomhaíochtaí i measc Comhlachtaí Earnála Poiblí (G2G), dírítear le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa ar na hidirghníomhaíochtaí idir Comhlachtaí Earnála Poiblí agus oibreoirí eacnamaíocha (B2G) agus idir oibreoirí eacnamaíocha (B2B). |
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sonraí nuachruthaithe inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte, agus ar an gcaoi a gcomhlíonann siad caighdeáin ardcháilíochta
Cloíonn sonraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa nuachruthaithe le prionsabail FAIR trí chaighdeáin agus sonraíochtaí a úsáid lena bhfeabhsaítear inchuardaitheacht agus rochtain shlán. Ceapadh é freisin chun comhtháthú go rianúil le Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach níos mó arna shainiú faoi eIDAS.
Sreabha sonraí
Tuairisc ardleibhéil ar na sreabha sonraí
|
Cineál sonraí |
Tagairtí do na ceanglais |
Gníomhaithe a sholáthraíonn na sonraí |
Gníomhaithe a fhaigheann na sonraí |
Truicear don mhalartú sonraí |
Minicíocht (más infheidhme) |
|
Faisnéis maidir le sásraí bailíochtaithe |
Airteagal 6(2)(g) |
Soláthraithe TGE |
An Coimisiún |
Gan moill mhíchuí |
// |
|
Faisnéis maidir le sásraí bailíochtaithe
|
Airteagal 6(3) |
An Coimisiún |
An pobal i gcoitinne |
Fógra ó sholáthraí TGE |
// |
|
Fógra maidir le téarmaí, coinníollacha, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le TGE |
Airteagal 7(6)(b)(c) |
Soláthraithe TGE |
Úinéirí TGE/ionadaithe úinéirí TGE |
TGE a úsáid |
// |
|
Fógra maidir le hathruithe substainteacha ar sheirbhís TGE |
Airteagal 7(6)(e) |
Soláthraithe TGE |
Comhlacht maoirseachta náisiúnta nó an Coimisiún |
// |
// |
|
Fógra maidir le seirbhís TGE a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a fhoirceannadh go deonach |
Airteagal 7(6)(f) |
Soláthraithe TGE |
Úinéirí TGE |
// |
// |
|
Faisnéis faoi úinéirí TGE (agus athruithe ina dhiaidh sin) |
Airteagal 7(6)(g) |
Soláthraithe TGE |
An Coimisiún |
// |
// |
|
Sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Airteagal 8(1) |
Soláthraithe sonraí aitheantais TGE |
Úinéir TGE |
Iarraidh ó úinéir TGE |
uair amháin |
|
RT/RTC (Ríomhdhearbhuithe Tréithe/Ríomhdhearbhuithe Tréithe Cáilithe) |
Airteagal 8 |
Soláthraithe RT/RTC |
Úinéir TGE |
Iarraidh ó úinéir TGE |
Arna iarraidh sin |
|
Fógra maidir leis na cláir náisiúnta agus na huimhreacha clárúcháin gaolmhara |
Airteagal 9(6) |
BALLSTÁIT |
An Coimisiún |
Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm |
// |
|
Faisnéis chun EDD a choinneáil ar bun |
Airteagal 10(3)(6) |
Soláthraí TGE |
An Coimisiún |
Ar TGE a eisiúint (chun EDD a choinneáil ar bun) |
// |
|
Fógra maidir le soláthraithe TGE |
Airteagal 11(1) |
An t‑eintiteas a thugann fógra |
Comhlacht maoirseachta an Bhallstáit |
// |
// |
|
Fógra maidir le soláthraithe TGE |
Airteagal 11(4),(5),(6) |
Comhlachtaí maoirseachta na mBallstát |
An t‑eintiteas a thugann fógra |
Fógra seolta ag an eintiteas a thugann fógra – 30 lá |
// |
|
Liosta de sholáthraithe TGE ar tugadh fógra ina leith |
Airteagal 12(1),(2),(3) |
BALLSTÁIT |
An Coimisiún |
24 uair an chloig tar éis dhul in éag na tréimhse 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 11 |
// |
|
Liosta de chomhlachtaí maoirseachta na mBallstát |
Airteagal 13(3) |
BALLSTÁIT |
An Coimisiún |
// |
// |
|
Liosta de chomhlachtaí maoirseachta na mBallstát |
Airteagal 13(3) |
An Coimisiún |
An pobal i gcoitinne |
// |
// |
|
Faisnéis maidir le clárlanna náisiúnta |
Airteagal 13(5)(f) |
Comhlachtaí maoirseachta na mBallstát |
An Coimisiún |
// |
// |
|
Oibleagáidí tuairiscithe ar na príomhghníomhaíochtaí |
Airteagal 13(5)(k) |
Comhlachtaí maoirseachta na mBallstát |
An Coimisiún |
// |
// |
|
Liosta na dTiachóg Gnó agus ionstraimí comhchosúla eile a thairgtear i dtríú tíortha |
Airteagal 17(4) |
An Coimisiún |
An pobal i gcoitinne |
// |
// |
4.3. Réitigh dhigiteacha
Tuairisc ardleibhéil ar réitigh dhigiteacha
|
Réiteach digiteach |
Tagairtí do na ceanglais |
Na príomhfheidhmiúlachtaí sainordaithe |
An comhlacht atá freagrach |
Conas a dhéantar freastal ar an inrochtaineacht? |
Conas a chuirtear an ath-inúsáidteacht san áireamh? |
Úsáid teicneolaíochtaí IS (más infheidhme) |
|
Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Airteagal 4 Airteagal 5(1),(3),(5) Airteagal 6(1), (2),(4) Airteagal 7 Airteagal 9 Airteagal 16 Airteagal 17(1),(3) Airteagal 18 Iarscríbhinn |
Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go gcuirfidh na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a sholáthraíonn siad ar a gcumas d’úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad: (10)ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint, a iarraidh, a fháil, a roghnú, a chomhcheangal, a stóráil, a scriosadh, a chomhroinnt agus a chur i láthair go slán; (1)sonraí aitheantais agus tréithe úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa atá i ríomhdhearbhuithe tréithe a nochtadh go roghnaitheach, i gcomhthéacs na bhfeidhmiúlachtaí a liostaítear faoi phointe a; (2)sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ríomhdhearbhuithe tréithe a iarraidh agus a chomhroinnt ar bhealach slán idir Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití agus le páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa; (3)síniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe agus séalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe, de réir mar is infheidhme; (4)sonraí i bhfoirm leictreonach a cheangal d’am ar leith trí bhíthin ríomhstampaí ama cáilithe; (5)ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití; (6)ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint trí Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an úinéara, lena gceadaítear an dearbhú eisithe a nascadh le dearbhuithe ábhartha eile atá mar chuid de shlabhra. (7)úsáid ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus neamhcháilithe a chumasú chun go mbeidh úinéirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus a n‑ionadaithe dlíthiúla in ann fíordheimhniú a dhéanamh (8)doiciméid agus sonraí leictreonacha a tharchur agus a fháil trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe atá in ann tacú le rúndacht; (9)údarú a thabhairt d’úsáideoirí iomadúla Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an úinéara a rochtain agus a oibriú, agus údarú a thabhairt d’úinéir na Tiachóige Gnó na húdaruithe sin a bhainistiú agus a chúlghairm; (10)páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a údarú chun ríomhdhearbhuithe tréithe arna n‑eisiúint d’úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a iarraidh, agus údarú a thabhairt d’úinéir na Tiachóige Gnó na húdaruithe sin a bhainistiú agus a chúlghairm; (11)ceart úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa chun iniomparthachta sonraí a fheidhmiú agus a chuid sonraí a onnmhairiú, lena n‑áirítear sonraí aitheantais eisithe úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, ríomhdhearbhuithe tréithe, logaí cumarsáide, agus taifid idirghníomhaíochta, i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín, arna iarraidh sin don úinéir nó i gcás ina ndéanfar seirbhís a fhoirceannadh nó fógra sholáthraí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a chúlghairm; (12)rochtain a fháil ar loga na n‑idirbheart uile; (13)rochtain a fháil ar dheais choiteann chun rochtain a fháil ar chumarsáid a mhalartaítear tríd an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe dá dtagraítear i bpointe (i), agus chun an chumarsáid sin a stóráil agus a fhíorú. |
Soláthraithe Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Tagróidh na caighdeáin agus an tsonraíocht a shaineofar sna gníomhartha cur chun feidhme do cheanglais inrochtaineachta mar a bhí i gcás EUDIW. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a mheas gurb í an earnáil phríobháideach a bheidh ina soláthraithe réitigh agus, dá réir sin, go mbeidh orthu Treoir 2019/882 maidir le hInrochtaineacht a chomhlíonadh. |
Trí bhéim a leagan ar chaighdeáin oscailte, ar idir-inoibritheacht agus ar iniomparthacht sonraí, áirithítear gur féidir na Tiachóga a athúsáid nó a chomhtháthú ar fud ardáin agus seirbhísí éagsúla gan gaibhniú díoltóirí. Ina theannta sin, tá an Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach á athúsáid ag Tiachóg Ghnó agus forordaítear comhoiriúnacht le EUDIW. |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Eolaire Digiteach Eorpach |
Airteagal 10 |
Déanfaidh an Coimisiún Eolaire Digiteach Eorpach a bhunú, a oibriú agus a chothabháil mar fheidhmchlár gréasáin ina mbeidh dhá chomhéadan: ·comhéadan meaisín-inléite a nochtar trí Chomhéadan Feidhmchláir le haghaidh cumarsáid uathoibrithe córas le córas; ·tairseach ar líne d’úsáideoirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, atá bunaithe ar Chomhéadan Feidhmchlár agus a dhéanann cumarsáid leis, lena n‑áirithítear comhsheasmhacht idir an dá chomhéadan. |
An Coimisiún Eorpach |
- |
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
Feidhmchláir cruthaithe sínithe |
Iarscríbhinn |
Sonraí a chuireann úsáideoirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ar fáil a shíniú nó a shéalú. Sonraí a chuireann na páirtithe is úsáideoirí ar fáil a shíniú nó a shéalú. Sínithe nó séalaí a chruthú i gcomhréir leis an bhformáid éigeantach ar a laghad. Sínithe nó séalaí a chruthú i gcomhréir leis an bhformáid roghnach. Úsáideoirí Tiachóg a chur ar an eolas faoi thoradh an phróisis cruthaithe sínithe nó séala. |
Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa Soláthraithe seirbhísí iontaoibhe Páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
- |
- |
|
|
Ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe |
Iarscríbhinn |
I gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, déanfaidh Tiachóga Gnó úsáid ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe cáilithe sonraí a chomhtháthú agus tacóidh siad leis an úsáid sin i gcomhréir le hAirteagail 43 agus 44 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Beidh idir-inoibritheacht idir Tiachóga Gnó agus an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe ainmnithe éigeantach. Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg Gnó comhtháthú teicniúil i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme. |
An Coimisiún Eorpach |
- |
- |
Míniú, i gcás gach réitigh dhigitigh, ar an gcaoi a gcomhlíonann an réiteach digiteach na beartais dhigiteacha agus na hachtacháin reachtacha is infheidhme
Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
|
Beartas digiteach agus/nó earnálach (i gcás inarb infheidhme) |
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ailínithe |
|
An Gníomh um an Intleacht Shaorga |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Creat Cibearshlándála an Aontais |
Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa sláine, barántúlacht agus rúndacht na cumarsáide idir feidhmchláir chripteagrafacha agus gaireas cripteagrafach cúil, tosaigh agus slán na Tiachóige Gnó. Comhlíonfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ceanglais Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle freisin maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais. |
|
eIDAS |
Cuireann Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach arna shainiú faoi eIDAS agus leathnaítear é chuig gach oibreoir eacnamaíoch agus comhlacht de chuid na hearnála poiblí. Ní thabharfar rochtain ar Aonad na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go dtí go mbeidh úsáideoir na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa fíordheimhnithe go rathúil mar a shonraítear faoi iarscríbhinn I (1) (2). Idir-inoibritheacht idir Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití: sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa agus ríomhdhearbhuithe tréithe a iarraidh agus a chomhroinnt ar bhealach slán idir Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. |
|
Tairseach Aonair Dhigiteach agus IMI |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Eile |
Ní bhaineann le hábhar |
Eolaire Digiteach Eorpach
|
Beartas digiteach agus/nó earnálach (i gcás inarb infheidhme) |
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ailínithe |
|
An Gníomh um an Intleacht Shaorga |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Creat Cibearshlándála an Aontais |
Ní chuirfidh an Coimisiún an tEolaire Digiteach Eorpach ar fáil ach amháin d’úinéirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus do sholáthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún an tEolaire Digiteach Eorpach chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail ábhartha maidir le cosaint sonraí lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, na gnéithe a bhaineann le bréagainmniú. Ailíniú le Treoir 2022/2555. |
|
eIDAS |
|
|
Tairseach Aonair Dhigiteach agus IMI |
|
|
Eile |
Feidhmchláir cruthaithe sínithe
|
Beartas digiteach agus/nó earnálach (i gcás inarb infheidhme) |
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ailínithe |
|
An Gníomh um an Intleacht Shaorga |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Creat Cibearshlándála an Aontais |
- |
|
eIDAS |
Ríomhshínithe agus ríomhshéalaí a úsáid. |
|
Tairseach Aonair Dhigiteach agus IMI |
- |
|
Eile |
- |
4.4. Measúnú idir-inoibritheachta
Tuairisc ardleibhéil ar na seirbhísí poiblí digiteacha a ndéanann na ceanglais difear dóibh
|
Seirbhís phoiblí dhigiteach nó catagóir de sheirbhísí poiblí digiteacha |
Tuairisc |
Tagairtí do na ceanglais |
Réitigh um Eoraip Idir-Inoibritheach (NEAMHBHAINTEACH) |
Réitigh idir-inoibritheachta eile |
|
Fíorú agus údarú céannachta digití, Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa (COFOG 01.6 - BT.1 - Seirbhísí poiblí ginearálta) |
Éascaíonn an tseirbhís phoiblí idirbhearta trasteorann slána trí chreat a sholáthar le haghaidh céannacht dhigiteach agus fíordheimhniú digiteach d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí san earnáil phoiblí. |
Airteagal 4; Airteagal 5(1), (3), (5); Airteagal 6(1), (2),(4); Airteagal 6(3); Airteagal 6(5); Airteagal 7; Airteagal 8; Airteagal 9; Airteagal 10; Airteagal 11; Airteagal 12; Airteagal 13; Airteagal 18(1),(3); Airteagal 19; Airteagal 21. |
// |
Córas Idirnasctha na gClár Gnó agus Córas Idirnasctha na gClár um Úinéireacht Thairbhiúil SFI Tiachóg PTD EDD |
|
Seirbhísí poiblí digiteacha sna Ballstáit a bhfuil sainordú acu glacadh le fianaise trí Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Seirbhísí poiblí digiteacha náisiúnta a bhfuil tionchar ag úsáid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa orthu i nósanna imeachta riaracháin ina gceanglaítear ar chomhlachtaí earnála poiblí glacadh le sainaithint agus fíordheimhniú, ríomhshíniú nó ríomhshéala, doiciméid a chur isteach, fógraí a sheoladh nó a fháil. |
Airteagal 16(1) (2) |
// |
An tionchar atá ag na ceanglais, ó thaobh na hidir-inoibritheachta trasteorann de, i gcás gach seirbhíse poiblí digití ar leith
Seirbhís phoiblí dhigiteach #1: Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
|
Measúnú |
Bearta |
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme) |
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha infheidhme a sainaithníodh |
Cuirfidh Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa leis an éiceachóras iontaoibhe arna bhunú faoin gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach, arna bhunú le Rialachán (AE) 910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/118318 (lena n‑áirítear gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh). Ní mór do sholáthraithe na dtiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ceanglais Threoir (AE) 2022/2555 (NIS2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, oibreofar an tEolaire Digiteach Eorpach i gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear faoi NIS2. Déanfar oibreoirí cripteagrafacha nó oibríochtaí eile lena bpróiseáiltear sócmhainní criticiúla i gcomhréir leis na ceanglais maidir le saintréithe agus dearadh modhanna ríomh-shainaitheantais ar leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’ mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún. Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725. Meastar sa togra gur cheart leis na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa malartú fianuithe a chumasú freisin chun cumhacht aturnae dhigiteach a tharmligean, mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2025/25, lena gceadaítear d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí earnála poiblí fianuithe a mhalartú lena dTiachóga Gnó chun údarás a tharmligean chuig ionadaithe. |
|
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe |
I ngach Ballstát, is iad na comhlachtaí maoirseachta a ainmnítear de bhun Airteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a bheidh ina gcomhlachtaí maoirseachta freisin chun críocha an Rialacháin seo. Déantar foráil sa Rialachán maidir le ról agus cúraimí na n‑údarás sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na comhlachtaí maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 chun a gcúraimí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus neamhspleách. I gcás inar soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa é eintiteas de chuid an Aontais, is é an Coimisiún a bheidh ina chomhlacht maoirseachta freagrach. |
|
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí Liostaigh na bearta sin |
Eiseofar sonraí aitheantais úinéara TGE i bhformáid de réir ceann de na caighdeáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún agus mar RTC nó RT ag brath ar an eintiteas eisiúna. Sainítear sna hiarscríbhinní na ceanglais ardleibhéil a dhéanfar a áscú ansin i sonraíochtaí agus i gcaighdeáin sa ghníomh cur chun feidhme atá ar na bacáin chun comhthuiscint ar na sonraí a áirithiú. Tacóidh Tiachóga Gnó le honnmhairiú agus iniomparthacht shlán sonraí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa de chuid úinéara i bhformáid oscailte ar a laghad. |
|
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe Liostaigh na bearta sin |
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun caighdeáin tagartha agus sonraíochtaí a shainiú. |
Seirbhís phoiblí dhigiteach #2: Seirbhísí poiblí digiteacha sna Ballstáit a bhfuil sainordú acu fianaise a fháil trí Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa
|
Measúnú |
Bearta |
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme) |
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha infheidhme a sainaithníodh |
Áirithítear ailíniú le haghaidh na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, mar a shonraítear thuas. |
|
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe |
Le hAirteagal 16 tugtar sainordú do na Ballstáit é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a mhalartú le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí tríd an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. |
|
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí Liostaigh na bearta sin |
||
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe Liostaigh na bearta sin |
4.5. Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
Tuairisc ardleibhéil ar bhearta a thacaíonn leis an gcur chun feidhme digiteach
|
Tuairisc ar an mbeart |
Tagairtí do na ceanglais |
Ról an Choimisiúin (más infheidhme) |
Gníomhaithe le bheith páirteach (más infheidhme) |
An amlíne a bhfuil coinne léi (más infheidhme) |
|
Liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh chroífheidhmiúlachtaí na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Airteagal 5(3)(5) |
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh |
// |
// |
|
Liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh ghnéithe teicniúla na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Airteagal 6(5) |
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh |
// |
// |
|
Ceanglais maidir le heisiúint sonraí aitheantais úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa |
Airteagal 8(6) |
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh |
// |
// |
|
Sonraíochtaí agus ceanglais mhionsonraithe maidir leis an aitheantóir uathúil |
Airteagal 9 (4) |
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh |
// |
// |
|
Caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh an Eolaire Dhigitigh Eorpaigh |
Airteagal 10(6) |
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh |
// |
// |
|
Gníomhartha lena mbunaítear go measfar Tiachóga Gnó nó córais lena gcuirtear feidhmeanna comhchosúla ar fáil a eisíonn soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha a bheith coibhéiseach le Tiachóga Gnó Eorpacha |
Airteagal 18(1) |
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh |
// |
// |
IO C 365, 23.9.2022, lch. 18.
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n ‑ aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj)
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.11.2025
COM(2025) 838 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
{SWD(2025) 837 final}
IARSCRÍBHINN
Ceanglais maidir le feidhmiúlachtaí íosta agus ceanglais theicniúla Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
1.Fíordheimhniú Aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
Ní dheonófar rochtain ar Aonad Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go dtí go mbeidh úsáideoir Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa fíordheimhnithe go rathúil trí bhíthin ceachtar de na modhanna seo a leanas:
(1)modh ríomh-shainaitheantais faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, lena gcomhlíontar ar a laghad na ceanglais le haghaidh leibhéal suntasach dearbhaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 8 den Rialachán sin agus mar a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún; nó
(2)sásra fíordheimhnithe malartach a aithnítear a bheith coibhéiseach agus a chomhlíonann ar a laghad na ceanglais le haghaidh leibhéal suntasach dearbhaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus mar a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún.
Go dtí go mbeidh an fíordheimhniú sin curtha i gcrích, ní chuirfear aon fheidhmiúlacht de chuid Aonad Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ná aon fheidhmiúlacht eile ar fáil don úsáideoir Tiachóg.
2.Sláine Aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
Déanfaidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, i gcás gach aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa, fianú aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a ghiniúint agus a shíniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe 5. Eiseofar an deimhniú a úsáidfear chun an fianú aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a shíniú nó a shéalú faoi dheimhniú a liostaítear sa liosta iontaofa dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 ón gCoimisiún.
3.Cumarsáid shlán agus bainistiú sócmhainní criticiúla i dTiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa
(1)Úsáidfidh cúl Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa feidhmchlár cripteagrafach slán Tiachóige agus gaireas cripteagrafach slán Tiachóige amháin ar a laghad chun sócmhainní criticiúla a bhainistiú.
(2)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa sláine, barántúlacht agus rúndacht na cumarsáide idir feidhmchláir chripteagrafacha agus gaireas cripteagrafach cúil, tosaigh agus slán na Tiachóige Gnó.
(3)I gcás ina mbaineann sócmhainní criticiúla le ríomh-shainaitheantas a dhéanamh ar leibhéal dearbhaithe substaintiúil, déanfar na hoibríochtaí cripteagrafacha Tiachóige haghaidh Ghnó na hEorpa nó na hoibríochtaí eile lena bpróiseáiltear sócmhainní criticiúla i gcomhréir leis na ceanglais maidir le saintréithe agus dearadh modhanna ríomh-shainaitheantais ar leibhéal dearbhaithe substaintiúil, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún.
4.Feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóg
(1)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go ndéanfaidh feidhmchláir agus gléasanna cripteagrafacha slána Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an méid seo a leanas:
(a)go ndéanfaidh siad oibríochtaí cripteagrafacha na tiachóige lena mbaineann sócmhainní criticiúla seachas na sócmhainní sin a bhfuil gá leo chun gur féidir leis an aonad Tiachóige úinéir na Tiachóige a fhíordheimhniú i gcásanna ina bhfuil úsáideoirí Tiachóige fíordheimhnithe go rathúil ag na feidhmchláir sin, agus sna cásanna sin amháin;
(b)i gcás ina bhfíordheimhníonn siad úinéir Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa i gcomhthéacs ríomh-shainaitheantas a dhéanamh ar leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’ mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502;
(c)go mbeidh siad in ann eochracha cripteagrafacha nua a ghiniúint go slán;
(d)go mbeidh siad in ann sócmhainní criticiúla a léirscriosadh go slán;
(e)go mbeidh siad in ann cruthúnas a ghiniúint go bhfuil eochracha príobháideacha ina seilbh acu;
(f)go gcosnóidh siad na heochracha príobháideacha a ghintear leis na feidhmchláir agus gléasanna cripteagrafacha slána Tiachóg sin le linn na heochracha a bheith ann;
(g)go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le saintréithe agus dearadh modhanna ríomh-shainaitheantais ar leibhéal dearbhaithe substaintiúil, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502.
5.Barántúlacht agus bailíocht aonaid Tiachóg
(1)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go mbeidh eochracha poiblí i bhfianuithe aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa dá dtagraítear i bpointe 1 agus go gcosnófar na heochracha príobháideacha comhfhreagracha le gaireas cripteagrafach slán Tiachóg.
(2)Soláthróidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa sásraí, neamhspleách ar aonaid Tiachóg, chun úsáideoirí Tiachóg a shainaithint agus a fhíordheimhniú ar bhealach slán.
6.Cúlghairm fianuithe aonaid Tiachóg
(1)Bunóidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa beartas a bheidh ar fáil go poiblí ina sonrófar na coinníollacha agus an tréimhse ama chun fianuithe aonaid Tiachóg a chúlghairm.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 6, i gcás ina gcúlghairfidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa fianuithe aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, cuirfidh siad na húsáideoirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ó chúlghairm a n‑aonad Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, lena n‑áirítear an chúis leis an gcúlghairm agus na hiarmhairtí don úsáideoir Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa. Soláthrófar an fhaisnéis sin ar bhealach atá gonta, inrochtana go héasca agus i dteanga shoiléir shimplí.
(3)I gcás ina mbeidh fianú aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa cúlghairthe ag soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, cuirfidh siad stádas bailíochta an fhianaithe aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa ar fáil go poiblí agus tabharfaidh siad tuairisc ar shuíomh na faisnéise sin i bhfianú aonaid na Tiachóige Gnó.
7.Logaí beartaíochta
(1)Soláthróidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa beartas logála iomchuí lena n‑áireofar, ar a laghad, ríomhshíniú, ríomhshéalú, agus fógraí maidir le gach idirbheart le páirtithe is úsáideoirí Tiachóige gnó, aonaid eile Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, agus aonaid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, gan beann ar cibé acu a chuirtear an t‑idirbheart i gcrích go rathúil nó nach gcuirtear.
(2)Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis arna logáil:
(a)am agus dáta an idirbhirt;
(b)ainm, sonraí teagmhála, agus aitheantóir uathúil an pháirtí is úsáideoir Tiachóige chomhfhreagraigh le haghaidh Ghnó na hEorpa agus an Bhallstáit ina bhfuil an páirtí is úsáideoir Tiachóige sin le haghaidh Ghnó na hEorpa bunaithe, nó i gcás aonaid Tiachóg eile, faisnéis ábhartha ón bhfianú aonaid Tiachóg;
(c)cineál nó cineálacha na sonraí a iarradh agus a cuireadh i láthair san idirbheart;
(d)i gcás idirbhearta nár cuireadh i gcrích, an chúis nár cuireadh i gcrích iad.
(3)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa sláine, barántúlacht agus rúndacht na faisnéise logáilte.
(4)Le bogearra cúil Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa logálfar tuarascálacha ó úsáideoir na dTiachóg chuig na húdaráis inniúla tríd an aonad Tiachóige, lena n‑áirítear idirghníomhaíochtaí a bhaineann le fógraí, comhlíonadh rialála, comhroinnt sonraí, nó iarrataí ar iniúchadh.
(5)Beidh rochtain ag an soláthraí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ar na logaí dá dtagraítear i bhfophointí 1 agus 2, i gcás inar gá sin chun seirbhísí Tiachóg a sholáthar.
(6)Beidh rochtain ar na logaí dá dtagraítear i bhfophointí 1 agus 2 a fhad a cheanglaítear iad a bheith inrochtana le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
8.Ríomhshínithe agus ríomhshéalaí cáilithe
(1)I gcomhréir le hAirteagal 6, áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go mbeidh úsáideoirí Tiachóg in ann deimhnithe cáilithe a fháil le haghaidh ríomhshínithe cáilithe nó ríomhshéalaí cáilithe atá nasctha le gléasanna cruthaithe sínithe nó séala cáilithe atá áitiúil, seachtrach nó cianda i ndáil leis an aonad Tiachóg.
(2)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa gur féidir le réitigh Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa comhéadan slán a dhéanamh le ceann de na cineálacha gléasanna cruthaithe sínithe nó séala cáilithe seo a leanas: gléasanna cruthaithe sínithe nó séala logánta, seachtracha nó a bhainistítear ó chian chun na deimhnithe cáilithe dá dtagraítear i bhfophointe 1 a úsáid.
9.Feidhmchláir cruthaithe sínithe
(1)Maidir leis na feidhmchláir cruthaithe sínithe a úsáideann aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, féadfaidh soláthraithe Tiachóg haghaidh Ghnó na hEorpa, soláthraithe seirbhísí iontaoibhe nó páirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa iad a sholáthar.
(2)Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag feidhmchláir cruthaithe sínithe:
(a)sonraí a shíniú nó a shéalú a chuireann úsáideoirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ar fáil;
(b)sonraí a shíniú nó a shéalú a chuireann na páirtithe is úsáideoirí ar fáil;
(c)sínithe nó séalaí a chruthú i gcomhréir leis an bhformáid éigeantach ar a laghad;
–sínithe nó séalaí a chruthú i gcomhréir leis an bhformáid roghnach;
–úsáideoirí Tiachóg a chur ar an eolas faoi thoradh an phróisis cruthaithe sínithe nó séala.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 lena sonraítear na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear i bhfophointe 2, litreacha (c) agus (c)(ii).
(3)Féadfar na feidhmchláir cruthaithe sínithe a chomhtháthú i gcúl Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa nó a bheith lasmuigh díobh. I gcás ina mbraitheann feidhmchláir cruthaithe sínithe ar ghléasanna cruthaithe sínithe cianda cáilithe agus i gcás ina gcomhtháthaítear iad i gcúl Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, tacóidh siad leis an gcomhéadan feidhmchláir a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme, ar comhéadan é a dtugtar de chumhacht don Choimisiún é a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
10.Onnmhairiú agus iniomparthacht sonraí
Tacóidh Tiachóga Gnó le honnmhairiú agus iniomparthacht shlán sonraí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa de chuid úinéara i bhformáid oscailte ar a laghad. Cuirfidh sé sin ar chumas an úinéara a shonraí a aistriú chuig réiteach Tiachóg Gnó eile agus leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’ ar a laghad á áirithiú an tráth céanna, mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502.
11.Bealach Cumarsáide Dlíthiúil Slán le haghaidh na Tiachóige Gnó
(1)I gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, comhtháthóidh Tiachóga Gnó úsáid ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe cáilithe sonraí agus tacóidh siad leis an úsáid sin i gcomhréir le hAirteagail 43 agus 44 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.
(2)Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:
(a)ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe amháin a ainmniú, a bheidh ina bealach cumarsáide dlíthiúil slán éigeantach do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa;
(b)sainiú a dhéanamh ar na híoscheanglais theicniúla agus idir-inoibritheachta nach mór don ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe sin a chomhlíonadh, lena n‑áirítear ailíniú leis na caighdeáin tagartha, sonraíochtaí agus nósanna imeachta a bhunaítear faoi Airteagail 43 agus 44 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(c)a áirithiú go bhfuil an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe roghnaithe bunaithe ar chaighdeáin oscailte, atá ar fáil go poiblí agus saor ó ríchíosanna chun idir-inoibritheacht a ráthú agus chun gaibhniú díoltóirí a chosc;
(d)a áirithiú go soláthróidh an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe roghnaithe criptiú ó cheann go ceann chun rúndacht a ráthú;
(e)nósanna imeachta a bhunú chun infhaighteacht leanúnach, iomarcaíocht agus sásraí cúltaca a áirithiú i gcás ina dteipfeadh ar sheirbhís.
(3)Beidh idir-inoibritheacht idir Tiachóga Gnó agus an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe ainmnithe éigeantach. Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg Gnó comhtháthú teicniúil i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bhfophointe 2.
12.An Sásra um Rialú Rochtana i dTiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa
(1)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go mbeidh cinntí údarúcháin faoin sásra um rialú rochtana bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas, de réir mar is iomchuí maidir leis an iarraidh shonrach ar rochtain:
(a)ríomhdhearbhú tréithe an ábhair ghníomhaigh;
(b)ról foirmiúil na n‑ábhar gníomhach laistigh de struchtúr eagraíochtúil aitheanta nó d’oibreoir eacnamaíoch aitheanta;
(c)raon feidhme, bailíocht agus srianta aon sainordaithe, tarmligin, nó cumhachta aturnae;
(d)faisnéis chomhthéacsúil nó beartais agus rialacha arna nglacadh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta maidir le comhlíonadh earnáilsonrach.
(2)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go gcumasófar leis an sásra rialaithe rochtana torthaí údaraithe mionsonraithe agus in-iniúchta, lena n‑áiritheofar an méid seo a leanas:
(a)go mbeidh infheictheacht na ndintiúr agus na bhfianuithe roghnaitheach agus coinníollach ar chearta rochtana;
(b)go rialófar rochtain ar phróisis ghnó, ar nósanna imeachta digiteacha nó ar chomhéadain tíolactha le bailíochtú fíor-ama ar róil agus ar shainorduithe;
(c)go ndéantar gach imeacht rochtana agus forghníomhaithe a logáil, a stampáil ó thaobh ama de, agus go mbeidh siad ceangailte le cruthúnais údaraithe atá infhíoraithe go cripteagrafach, atá oiriúnach d’imeachtaí iniúchóireachta agus dlíthiúla.
(3)Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an méid seo a leanas:
(a)go mbeidh mapálacha idir róil agus tréithe infhíoraithe, in-iniúchta, in-chúlghairthe agus inrianaithe chuig a n‑eisitheoirí dlisteanacha;
(b)go ndéanfar coinbhleachtaí ról, ró-tharmligean, nó údaruithe atá imithe in éag a bhrath agus a chosc go huathoibríoch i bhfíor-am;
(c)go bhfuil an loighic údaraithe uile idir-inoibritheach ar fud na mBallstát.
(4)Saineofar an liosta caighdeán tagartha, sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm chun an sásra um rialú rochtana a chur chun feidhme sna gníomhartha cur chun feidhme, a dtugtar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Cumhdófar an méid seo a leanas go háirithe leo sin:
(a)na formáidí chun róil agus tréithe a léiriú;
(b)sásraí idir-inoibritheachta le haghaidh sainorduithe agus tarmligin ar fud na dtiachóg;
(c)prótacail, teanga bheartais agus forfheidhmiú srianta;
(d)ceanglais maidir le logáil shlán, stampáil ama agus in-iniúchóireacht imeachtaí údarúcháin.
(5)Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíontar na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i bhfophointe 1.
13.Forálacha ginearálta maidir le prótacail agus comhéadain
I gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo, áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go ndéanfaidh aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an méid seo a leanas:
(1)iarrataí a údarú agus, i gcás inarb infheidhme, iad siúd a dhéantar trí dheimhnithe rochtana an pháirtí is úsáideoir nó trí fhianuithe aonaid Tiachóige a fhíordheimhniú. Beidh fíordheimhniú an pháirtí is úsáideoir ag teastáil i gcás ina bhfuil fianuithe beartaithe do lucht féachana srianta; i ngach cás eile, féadfaidh aon pháirtí iarrthach fianuithe a thíolacadh;
(2)faisnéis a chur ar taispeáint d’úsáideoirí Tiachóige atá i ndeimhnithe rochtana an pháirtí is úsáideoir tiachóige gnó, nó i bhfianuithe aonaid na dTiachóg i gcás inarb infheidhme;
(3)go dtaispeánfar na tréithe a iarrtar ar úsáideoirí Tiachóg a chur i láthair d’úsáideoirí Tiachóg, i gcás inarb infheidhme;
(4)fianuithe aonaid Tiachóige an aonaid Tiachóige a chur faoi bhráid páirtithe is úsáideoirí Tiachóige gnó nó na n‑aonad Tiachóg a iarrann iad.
14.Eisiúint ríomhdhearbhuithe tréithe d’aonaid Tiachóg
(1)I gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa go mbeidh aonaid Tiachóige Gnó a iarrann go n‑eiseofar ríomhdhearbhuithe tréithe in ann páirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú.
(2)I ndáil le ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint d’aonad Tiachóige, áiritheoidh soláthraithe Tiachóg go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)i gcás ina n‑iarrfaidh úinéirí Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, trína n‑aonad Tiachóige Gnó, ar sholáthraí na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa sonraí aitheantais úinéara Tiachóg Gnó nó ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint ó sholáthraithe sonraí aitheantais úinéara Tiachóg Gnó nó ó sholáthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe lena gcumasaítear sonraí aitheantais nó ríomhdhearbhuithe tréithe úinéara Tiachóg Gnó a eisiúint i níos mó ná formáid amháin, iarrfaidh an t‑aonad Tiachóige iad i ngach formáid dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Tiachóga Gnó a mhéid a bhaineann le sláine agus croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg Gnó;
(b)i gcás ina n‑úsáideann úinéirí Tiachóg Gnó a n‑aonad Tiachóg Gnó chun idirghníomhú le húdaráis náisiúnta inniúla agus le soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe, cumasóidh aonaid Tiachóige fíordheimhniú agus bailíochtú chomhpháirteanna aonaid Tiachóige trí na fianuithe aonaid Tiachóige a chur isteach chuig na húdaráis agus chuig na soláthraithe náisiúnta inniúla sin arna iarraidh sin dóibh;
(c)Tacóidh réitigh tiachóige le sásraí lena gcuirfear ar chumas soláthraithe Sonraí Aitheantais Úinéara Tiachóg Gnó eisiúint, seachadadh agus gníomhachtú a fhíorú i gcomhréir le ceanglais an leibhéil dearbhaithe ‘suntasach’ a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún (11);
(d)Fíoróidh aonaid tiachóige barántúlacht agus bailíocht sonraí aitheantais úinéara Tiachóg Gnó agus ríomhdhearbhuithe tréithe.
15.Tréithe a chur i láthair na bpáirtithe is úsáideoirí Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa
I gcomhréir le hAirteagal 5, mír 1, pointe (d) agus pointe (k), áiritheoidh soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa an méid seo a leanas:
(1)go dtacaíonn réitigh Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa le prótacail agus comhéadain chun tréithe a chur i láthair páirtithe is úsáideoirí Tiachóige Gnó i gcomhréir leis na caighdeáin a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme;
(2)Arna iarraidh sin d’úsáideoirí, go bhfreagraíonn aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa d’iarrataí arna bhfíordheimhniú agus arna mbailíochtú go rathúil ó pháirtithe is úsáideoirí Tiachóige Gnó i gcomhréir leis na caighdeáin a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme;
(3)go dtacóidh aonaid Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa lena chruthú go bhfuil eochracha príobháideacha acu a chomhfhreagraíonn d’eochracha poiblí a úsáidtear i gceangaltáin chripteagrafacha.
16.Sonraí aitheantais Úinéara Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa a eisiúint d’aonaid Tiachóg
(1)Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfaidh sonraí aitheantais úinéara Tiachóg Gnó a eisítear d’aonaid Tiachóg Gnó na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo.
(2)Áiritheoidh na húdaráis náisiúnta inniúla go mbeidh sonraí aitheantais úinéara Tiachóg Gnó a eisíonn siad ceangailte go cripteagrafach leis an aonad Tiachóg dá n‑eisítear iad.
17.Eisiúint ríomhdhearbhuithe tréithe d’aonaid Tiachóg
(1)Comhlíonfaidh ríomhdhearbhuithe tréithe a eisítear d’aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa ceann amháin ar a laghad de na caighdeáin sa liosta a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.
(2)Déanfaidh soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe iad féin a shainaithint d’aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa trí úsáid a bhaint as a ndeimhniú rochtana um páirtí is úsáideoir tiachóige.
(3)Áiritheoidh soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe go mbeidh an fhaisnéis is gá chun na ríomhdhearbhuithe tréithe sin a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú i ríomhdhearbhuithe tréithe a eisítear d’aonaid Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa.