AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2025
COM(2025) 756 final
2025/0389(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive a mhéid a bhaineann leis an bhFochoiste um Athchóiriú ar an Riarachán Poiblí a bhunú faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive den pháirt eile, agus maidir le bunú an Chomhchoiste Comhairliúcháin idir Coiste Eorpach na Réigiún agus Poblacht na Moldóive a fhormhuiniú
2025/0389 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive a mhéid a bhaineann leis an bhFochoiste um Athchóiriú ar an Riarachán Poiblí a bhunú faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive den pháirt eile, agus maidir le bunú an Chomhchoiste Comhairliúcháin idir Coiste Eorpach na Réigiún agus Poblacht na Moldóive a fhormhuiniú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.
(2)Aithnítear sa Bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú gealltanas na bPáirtithe athchóirithe agus próisis chomhfhogasaithe a thabhairt chun cinn i bPoblacht na Moldóive, bunaithe ar luachanna coiteanna, lena n-áirítear, mar atá, urraim don dea-rialachas.
(3)Tagraítear in Airteagal 3 den Chomhaontú don sprioc maidir le hidirphlé polaitiúil, is é sin an urraim don dea-rialachas a threisiú, rud atá ríthábhachtach chun an caidreamh idir na Páirtithe a fheabhsú.
(4)In Airteagal 4 den Chomhaontú maidir le comhar i ndáil leis an athchóiriú intíre, iarrtar ar Pháirtithe an Chomhaontaithe oibriú i gcomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh a mbeartais inmheánacha bunaithe ar phrionsabail choiteanna, go háirithe cobhsaíocht agus éifeachtacht institiúidí daonlathacha.
(5)Dírítear in Airteagal 47 den Chomhaontú ar an gcomhar a fheabhsú i réimse bhainistíocht an airgeadais phoiblí lena n-áirithítear go bhforbrófar beartas buiséid agus córais iontaofa don smacht poiblí inmheánach agus don iniúchadh seachtrach, arna ailíniú le bunphrionsabail na cuntasachta, na trédhearcachta, na heacnamaíochta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.
(6)Le hAirteagal 107 den Chomhaontú, leagtar amach an sprioc chun comhthuiscint agus comhar déthaobhach a chur chun cinn i réimse an bheartais réigiúnaigh, maidir le modhanna foirmlithe agus cur chun feidhme beartas réigiúnach, lena n-áirítear rialachas agus comhpháirtíocht il-leibhéil, le béim ar leith ar cheantair faoi mhíbhuntáiste a fhorbairt agus ar chomhar críochach, agus leis sin bealaí cumarsáide a bhunú agus malartú faisnéise a fheabhsú idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, gníomhairí socheacnamaíocha agus an tsochaí shibhialta.
(7)Le hAirteagal 140 den Chomhaontú, ceadaítear do Phoblacht na Moldóive páirt a ghlacadh i ngníomhaireachtaí an Aontais atá ábhartha do chur chun feidhme an Chomhaontaithe, inar comhlacht comhairliúcháin de chuid an Aontais é Coiste Eorpach na Réigiún.
(8)Le hAirteagail 436 (1) den Chomhaontú, cumhachtaítear an Chomhairle Comhlachais chun cinntí a ghlacadh, chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.
(9)Le hAirteagal 439 (2) den Chomhaontú, déantar foráil gur féidir leis an gComhairle Comhlachais aon choiste nó comhlacht speisialta a bhunú i réimsí ar leith is gá do chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
(10)Déanfaidh an Chomhairle Comhlachais cinneadh maidir leis an bhFochoiste um Athchóiriú ar an Riarachán Poiblí a bhunú agus maidir le bunú an Chomhchoiste Comhairliúcháin idir Coiste Eorpach na Réigiún agus Poblacht na Moldóive a fhormhuiniú.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, go dtacófar le cruthú an Fhochoiste um Athchóiriú ar an Riarachán Poiblí agus go ndéanfar bunú an Chomhchoiste Comhairliúcháin idir Coiste Eorpach na Réigiún agus Poblacht na Moldóive a fhormhuiniú, agus beidh sé bunaithe ar an dréachtghníomh ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán