AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.11.2025
COM(2025) 719 final
2025/0373(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gCoimisiún Ullmhúcháin agus ag an gcéad Chomhdháil de chuid na bPáirtithe sa Chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chruinniú deiridh den Choimisiún Ullmhúcháin agus sa chéad chruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta i ndáil le glacadh beartaithe rialacha nós imeachta Chomhdháil na bPáirtithe agus na rialacha airgeadais lena rialaítear cistiú Chomhdháil na bPáirtithe, mar aon le cistiú na rúnaíochta agus aon fhochomhlachta, agus oibríochtú shásra airgeadais an Chomhaontaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta
Is é is aidhm don Chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (‘Comhaontú BBNJ’) bithéagsúlacht mhuirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta a chosaint agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Cumhdaíonn na limistéir sin beagnach dhá thrian d’aigéan an domhain agus thart ar 95 % dá thoirt agus cuimsítear iontu an mhórmhuir agus limistéar ghrinneall na farraige idirnáisiúnta. Cumhdaítear go sonrach i gComhaontú BBNJ saincheisteanna a bhaineann le hacmhainní géiniteacha muirí, lena n‑áirítear ceisteanna a bhaineann le comhroinnt tairbhí, bearta amhail uirlisí bainistithe limistéarbhunaithe, lena n‑áirítear limistéir mhuirí faoi chosaint, measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol agus fothú acmhainneachta agus aistriú teicneolaíochta muirí. Tiocfaidh Comhaontú BBNJ i bhfeidhm an 17 Eanáir 2026. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí i gComhaontú BBNJ.
Rinne an Coimisiún caibidlíocht ó 2016 go 2023 d’fhonn Comhaontú BBNJ a thabhairt i gcrích ar bhonn na gCinntí ábhartha ón gComhairle. An 19 Meitheamh 2023 ghlac Comhdháil Idir-rialtasach BBNJ téacs críochnaitheach Chomhaontú BBNJ. Shínigh an tAontas Comhaontú BBNJ an 20 Meán Fómhair 2023 agus dhaingnigh sé é an 28 Bealtaine 2025.
2.2.Comhdháil na bPáirtithe i gComhaontú BBNJ
Bunaítear Comhdháil na bPáirtithe i gComhaontú BBNJ (‘Comhdháil na bPáirtithe’) le hAirteagal 47(1) de Chomhaontú BBNJ. Déantar foráil in Airteagal 47(2) go dtionólfaidh Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe an chéad chruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe tráth nach déanaí ná 1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i.e. faoin 17 Eanáir 2027.
De réir Chomhaontú BBNJ, féadfar a iarraidh ar Chomhdháil na bPáirtithe gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
De bhun Airteagal 47(4) de Chomhaontú BBNJ, le linn an chéad chruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe, glacfaidh sí, de chomhthoil, rialacha nós imeachta di féin (‘na rialacha nós imeachta’) agus na rialacha airgeadais lena rialaítear a cistiú féin agus cistiú na rúnaíochta agus aon fhochomhlachta (‘na rialacha airgeadais’).
2.3.An Coimisiún Ullmhúcháin le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta
Bhunaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Coimisiún Ullmhúcháin le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (‘an Coimisiún Ullmhúcháin’) chun ullmhú do thionóil an chéad chruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe. Ag an gcruinniú deiridh a bheidh ag an gCoimisiún Ullmhúcháin, déanfaidh sé cinntí maidir le haon mholadh do Chomhdháil na bPáirtithe.
Tá an Coimisiún Ullmhúcháin oscailte do na Stáit uile is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe, do na comhaltaí uile de na sainghníomhaireachtaí agus do na páirtithe uile i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (‘UNCLOS’). Tar éis an 20 Meán Fómhair 2025, is iad na Stáit agus na heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta a shínigh an Comhaontú nó a rinne an Comhaontú a dhaingniú nó a fhormheas, a ghlac leis nó a d’aontaigh dó, agus iad sin amháin, a bheidh rannpháirteach sna cinntí ón gCoimisiún Ullmhúcháin. Déanfaidh an Coimisiún Ullmhúcháin gach iarracht de mheon macánta chun teacht ar chomhaontú maidir le hábhair shubstainteacha de chomhthoil. Tiocfaidh deireadh leis ag deireadh na chéad Chomhdhála de chuid na bPáirtithe.
Tá an tAontas ina pháirtí in UNCLOS agus dhaingnigh sé Comhaontú BBNJ. Dá bhrí sin, is páirtí é an tAontas atá rannpháirteach sa Choimisiún Ullmhúcháin.
Tá an chéad chruinniú eile den Choimisiún Ullmhúcháin beartaithe le haghaidh na tréimhse ón 23 Márta go dtí an 3 Aibreán 2026.
2.4.Na gníomhartha atá beartaithe ag an gCoimisiún Ullmhúcháin agus ag Comhdháil na bPáirtithe
Le linn an chruinnithe deiridh a bheidh ag an gCoimisiún Ullmhúcháin, tá sé le moladh do Chomhdháil na bPáirtithe i gComhaontú BBNJ a ghlacadh maidir leis na rialacha nós imeachta, na rialacha airgeadais agus oibríochtú an tsásra airgeadais. Le linn an chéad chruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe i gComhaontú BBNJ, glacfaidh sí rialacha nós imeachta di féin agus rialacha airgeadais lena rialófar a cistiú féin agus cistiú na rúnaíochta agus aon fhochomhlachta, mar aon le cinntí maidir le hoibríochtú an tsásra airgeadais, bunaithe ar na moltaí arna nglacadh ag an gCoimisiún Ullmhúcháin.
Tá sé beartaithe leis na rialacha nós imeachta aghaidh a thabhairt ar mhinicíocht, suíomh, eagrú agus seoladh na gcruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe, rannpháirtíocht breathnóirí, ullmhú na gclár oibre, ionadaíocht agus dintiúir, bunú agus feidhmiú an Bhiúró, ról na rúnaíochta, ról cheann na rúnaíochta, vótáil agus cinnteoireacht, leasuithe ar na rialacha nós imeachta, bunú fochomhlachtaí, nósanna imeachta sonracha le haghaidh fochomhlachtaí de réir mar is gá, córas teanga, rialacha maidir le toghcháin, nósanna imeachta chun tuairimí comhairleacha a iarraidh ar an mBinse Idirnáisiúnta um Dhlí na Farraige, sásra comhair le hionstraim agus creataí ábhartha dlí agus comhlachtaí ábhartha domhanda, réigiúnacha, foréigiúnacha agus earnála, agus aon riail ábhartha eile i gcomhréir leis an gComhaontú. Beidh tionchar ag na rialacha nós imeachta ar an gcaoi a ndéanann Comhdháil na bPáirtithe cinntí.
Bunófar leis na rialacha airgeadais na rialacha lena rialófar cistiú Chomhdháil na bPáirtithe, a rúnaíochta agus aon fhochomhlachta, lena n‑áirítear an bonn leis an ranníocaíocht mheasúnaithe ó na Páirtithe, agus ranníocaíocht an Aontais le buiséad an Chomhaontaithe agus beidh siad ceangailteach ó thaobh dlí ar na páirtithe sa Chomhaontú.
Le hoibríochtú shásra airgeadais an Chomhaontaithe a bhunaítear le hAirteagal 52, saineofar an chaoi a gcuirfidh eilimintí éagsúla an tsásra airgeadais soláthar acmhainní airgeadais faoin gComhaontú in iúl agus an chaoi a rannchuideoidh siad leis an soláthar sin chun cúnamh a thabhairt do na Stáit is Páirtithe i mbéal forbartha é a chur chun feidhme go héifeachtach.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Chun feidhmiú cuí Chomhaontú BBNJ a áirithiú, ba cheart don Aontas tacú le rialacha nós imeachta lena ndéantar foráil maidir le feidhmiú agus eagrú éifeachtúil costéifeachtach trédhearcach ordúil na gcruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe, agus lena gceadaítear rannpháirtíocht iomlán an Aontais mar Pháirtí i gcomhréir le Comhaontú BBNJ.
Chun a áirithiú go ndéanfar Comhaontú BBNJ a chistiú i gceart, ba cheart don Aontas tacú le rialacha airgeadais agus le hoibríochtú sásra airgeadais ar bhealach lena mbunaítear próiseas cothrom trédhearcach a fhreagraíonn d’imthosca gach Páirtí, d’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh gach Páirtí le hinbhuanaitheacht airgeadais Chomhaontú BBNJ agus lena chur chun feidhme ar bhealach atá cothrom agus comhsheasmhach le hacmhainneacht an Pháirtí sin rannchuidiú.
Is gá na rialacha nós imeachta agus na rialacha airgeadais a ghlacadh ar mhaithe le cur chun feidhme agus feidhmiú Chomhaontú BBNJ.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coimisiún Ullmhúcháin a bhunaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe a bunaíodh le Comhaontú BBNJ.
Le linn an chruinnithe deiridh a bheidh ag an gCoimisiún Ullmhúcháin, glacfar cinntí le haghaidh moltaí do Chomhdháil na bPáirtithe i ndáil leis na rialacha nós imeachta agus na rialacha airgeadais. Ag an gcéad chruinniú a bheidh ag Comhdháil na bPáirtithe, tá sé beartaithe aici rialacha nós imeachta agus rialacha airgeadais a ghlacadh bunaithe ar na moltaí ón gCoimisiún Ullmhúcháin. Na gníomhartha a iarrtar ar an gCoimisiún Ullmhúcháin agus ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh ag a gcruinniú deiridh agus ag a gcéad chruinniú faoi seach, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
Tá éifeachtaí dlíthiúla ag na rialacha nós imeachta toisc go n‑imríonn siad tionchar ar an gcaoi a ndéanfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinntí, ar cinntí iad a bheidh ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta nó a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais.
Cinnfear leis na rialacha airgeadais an bonn le ranníocaíocht an Aontais le buiséad Chomhaontú BBNJ agus beidh siad ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chomhaontú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
I gcomhréir le hAirteagal 191 agus Airteagal 192(1) CFAE, ceanglaítear ar an Aontas rannchuidiú le saothrú na gcuspóirí seo a leanas: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú agus a chosaint agus feabhas a chur uirthi; sláinte an duine a chosaint; acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach; agus bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, agus go háirithe chun an t‑athrú aeráide a chomhrac.
Agus cuspóirí agus rialacha substainteacha Chomhaontú BBNJ mar aon le bearta uile ábhartha is infheidhme an Aontais á gcur san áireamh, tugtar le fios leis an gcur chuige meáchanláir gurb é an bunús dlí comhshaoil an bunús dlí substainteach is iomchuí leis an gComhaontú atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 192(1) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
Ní chumhdaítear leis an gcinneadh seo faoi Airteagal 218(9) CFAE ach ábhair de chineál nós imeachta ná ní athraítear leis roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit le haghaidh na n‑ábhar a rialaítear le Comhaontú BBNJ. Ní bhaineann an cinneadh seo faoi Airteagal 218(9) CFAE le ranníocaíochtaí na mBallstát le buiséad Chomhaontú BBNJ, a bhfuil na Ballstáit fós inniúil ina leith.
5.Impleacht Bhuiséadach
Cruthaítear struchtúr institiúideach tiomnaithe le Comhaontú BBNJ. Cuirtear san áireamh leis sin rúnaíocht, Comhlacht Eolaíoch agus Teicniúil, Teach Imréitigh, coiste um fhothú acmhainneachta agus um aistriú teicneolaíochta muirí, coiste um rochtain agus comhroinnt tairbhí, coiste airgeadais agus coiste um chomhlíonadh. Mar a bhunaítear in Airteagal 52(2) de Chomhaontú BBNJ, maoineofar na hinstitiúidí sin trí ranníocaíochtaí measúnaithe na bPáirtithe, bunaithe ar na rialacha airgeadais.
Is i ndiaidh chéad Chomhdháil na bPáirtithe, inar cheart buiséad tosaigh a chomhaontú le haghaidh BBNJ, a bheidh na costais institiúideacha airgeadais ar an Aontas ar eolas a bhainfidh le cur chun feidhme Chomhaontú BBNJ. De réir Airteagal 47(6)(e) de Chomhaontú BBNJ, glacfaidh Comhdháil na bPáirtithe buiséad agus cinnfidh sí a mhinicíocht agus a thréimhse airgeadais.
Sa bhreis ar na costais institiúideacha, is dócha go nginfidh cur chun feidhme Chomhaontú BBNJ riachtanais airgeadais chun acmhainneacht a fhothú i dtíortha i mbéal forbartha agus cuidiú le haistriú teicneolaíochta muirí, ach, chomh maith leis sin, mar shampla, chun an t‑eolas eolaíoch is gá a ghiniúint chun limistéir atá faoi chosaint mhuirí a bhunú, agus chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Déantar foráil in Airteagal 14(6) de Chomhaontú BBNJ, chun na críche sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, go ndéanfaidh na Páirtithe forbartha ranníocaíochtaí bliantúla leis an gciste speisialta dá dtagraítear in Airteagal 52 de Chomhaontú BBNJ a bheidh cothrom le 50 faoin gcéad de ranníocaíocht mheasúnaithe an Pháirtí sin leis an mbuiséad arna ghlacadh ag Comhdháil na bPáirtithe faoi Airteagal 47(6)(e) de Chomhaontú BBNJ. Leanfar den íocaíocht sin go dtí go ndéanfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinneadh faoi Airteagal 14(7) de Chomhaontú BBNJ. Déanfar na costais dhomhanda a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas faoi Chomhaontú BBNJ in am trátha, bunaithe ar oibríochtú shásraí airgeadais an Chomhaontaithe.
2025/0373 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gCoimisiún Ullmhúcháin agus ag an gcéad Chomhdháil de chuid na bPáirtithe sa Chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle, d’fhormheas an Comhphobal Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (‘UNCLOS’) agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de.
(2)Thug an tAontas an Comhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (‘an Comhaontú’) i gcrích de bhua Chinneadh 2024/1830 ón gComhairle agus [tiocfaidh sé] i bhfeidhm an 17 Eanáir 2026.
(3)Bunaíodh Comhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú (‘Comhdháil na bPáirtithe’) le hAirteagal 47(1) den Chomhaontú. De bhun Airteagal 47(4) den Chomhaontú, le linn an chéad chruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe, glacfaidh sí, de chomhthoil, rialacha nós imeachta di féin (‘na rialacha nós imeachta’) agus na rialacha airgeadais lena rialaítear a cistiú féin agus cistiú na rúnaíochta agus aon fhochomhlachta (‘na rialacha airgeadais’).
(4)I Rún 78/272 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe arna ghlacadh an 24 Aibreán 2024, chinn sé coimisiún ullmhúcháin a bhunú chun ullmhú do theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus chun ullmhú do thionól an chéad chruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú (‘an coimisiún ullmhúcháin’), ar lena thabhairt i gcrích a thiocfaidh deireadh leis an gcoimisiún ullmhúcháin.
(5)De bhun mhír 9 den Rún ón gComhthionól Ginearálta, tá sé beartaithe go ndéanfaidh an coimisiún ullmhúcháin cinntí ag an gcruinniú deiridh a bheidh aige maidir le moltaí do Chomhdháil na bPáirtithe i ndáil leis na rialacha nós imeachta agus na rialacha airgeadais.
(6)Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na gníomhartha atá beartaithe ag an gcoimisiún ullmhúcháin agus ag Comhdháil na bPáirtithe.
(7)Dá bhrí sin, is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chruinniú deiridh a bheidh ag an gcoimisiún ullmhúcháin agus sa chéad Chomhdháil de chuid na bPáirtithe a bhunú chun feidhmiú cuí an Chomhaontaithe a áirithiú agus ba cheart don Aontas tacú le rialacha nós imeachta lena ndéantar foráil maidir le feidhmiú agus eagrú éifeachtúil costéifeachtach trédhearcach ordúil na gcruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe, agus lena gceadaítear rannpháirtíocht iomlán an Aontais mar Pháirtí i gcomhréir leis an gComhaontú.
(8)Chun a áirithiú go ndéanfar feidhmiú agus cur chun feidhme Chomhaontú BBNJ a chistiú i gceart, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na rialacha airgeadais agus oibríochtú sásra airgeadais lena mbunaítear próiseas cothrom trédhearcach a fhreagraíonn d’imthosca gach Páirtí, d’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh gach Páirtí le hinbhuanaitheacht airgeadais Chomhaontú BBNJ agus lena chur chun feidhme ar bhealach atá cothrom agus comhsheasmhach le hacmhainneacht gach Páirtí rannchuidiú. Le hoibríochtú an tsásra airgeadais arna bhunú ag an Aontas, ba cheart a áirithiú freisin go soláthrófar cúnamh do na Stáit is Páirtithe i mbéal forbartha ina n‑iarrachtaí an Comhaontú a chur chun feidhme.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chruinniú deiridh den choimisiúin ullmhúcháin agus sa chéad chruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú:
(1)Tacóidh an tAontas le glacadh na rialacha nós imeachta lena ndéantar foráil maidir le feidhmiú agus eagrú éifeachtúil costéifeachtach trédhearcach ordúil na gcruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú, agus lena gceadaítear rannpháirtíocht iomlán an Aontais mar Pháirtí i gcomhréir leis an gComhaontú.
(2)Tacóidh an tAontas le glacadh na rialacha airgeadais agus oibríochtú sásra airgeadais lena mbunaítear próiseas cothrom trédhearcach a fhreagraíonn d’imthosca gach Páirtí, d’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh gach Páirtí le hinbhuanaitheacht airgeadais an Chomhaontaithe agus lena chur chun feidhme ar bhealach atá cothrom agus comhsheasmhach le hacmhainneacht gach Páirtí rannchuidiú, agus i gcás ina n‑áirithítear leis an sásra airgeadais freisin go soláthraítear cúnamh do Stáit is Páirtithe i mbéal forbartha ina n‑iarrachtaí an Comhaontú a chur chun feidhme.
Airteagal 2
Maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh a leagtar amach i gcomhréir leis an gCinneadh seo agus atá comhsheasmhach le seasamh an Aontais a leagtar amach in Airteagal 1 UNCLOS, sa Chomhaontú agus i ndlí an Aontais, féadfaidh an tAontas iad a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán