AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.11.2025
COM(2025) 696 final
2025/0353(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Ríocht na hIorua, den pháirt eile, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is í an Iorua an comhpháirtí Spáis is dlúithe atá ag an Aontas agus tá sí rannpháirteach i bhformhór na gcomhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais, cé is moite de roinnt eisceachtaí lena n‑áirítear comhpháirt GOVSATCOM.
An 20 Aibreán 2023 d’iarr an Iorua tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú d’fhonn a bheith rannpháirteach i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán. An 10 Nollaig 2024 d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais.
Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/588 maidir le Clár an Aontais um Nascacht Shlán (‘an Rialachán maidir le Nascacht Shlán’) agus i Rialachán (AE) 2021/696 maidir le Clár Spáis an Aontais (‘an Rialachán maidir leis an Spás’), eagrófar rannpháirtíocht tríú tíortha i Nascacht Shlán agus in GOVSATCOM faoi seach trí chomhaontú idirnáisiúnta neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.
Rannpháirtíocht na hIorua i Nascacht Shlán agus in GOVSATCOM, tabharfar i gcrích í i gcomhaontú amháin toisc go bhfuil an dá chlár fite fuaite ina chéile, ós rud é gurb é GOVSATCOM an lárionad seirbhíse le haghaidh Nascacht Shlán freisin agus toisc go bhfuil feidhm ag na coinníollacha céanna maidir le rannpháirtíocht na hIorua sa dá chlár.
Ó thaobh na geopholaitíochta de, is chun leas an Aontais rannpháirtíocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán toisc go rannchuideoidh sí le ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú mar go méadaíonn sí úsáid na Nascachta Sláine thar theorainneacha an Aontais agus go gcuirfidh sí an comhar idirnáisiúnta chun cinn freisin mar a shainmhínítear sa Straitéis Spáis don Eoraip. Le Comhaontú leis an Iorua, neartaítear seasamh straitéiseach an Aontais, ar cuspóir é de Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh um Shlándáil agus Cosaint.
Is chun leas an Aontais Eorpaigh í rannpháirtíocht tríú tír amhail an Iorua, toisc go ngintear léi ioncam don Aontas Eorpach freisin trí úsáid Nascachta Sláine a mhéadú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an Rialachán maidir le Nascacht Shlán, tugtar an deis an Clár um Nascacht Shlán a oscailt do thríú tíortha, ar tíortha CSTE LEE iad an chéad chatagóir díobh.
Le comhaontú leis an Iorua, comhlánófar Clár an Aontais um Nascacht Shlán. Le comhaontú, déanfar Nascacht Shlán a chur chun cinn agus a neartú lasmuigh den Aontas freisin, san Fhor-Tuaisceart lena mbaineann tábhacht straitéiseach.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
I bhfianaise shuíomh geografach tairbhiúil na hIorua gar don réigiún Artach, tá Nascacht Shlán tábhachtach chun tacú le príomhearnálacha eacnamaíocha, go háirithe earnálacha na teileachumarsáide agus an iompair.
Le comhaontú um Nascacht Shlán leis an Iorua, rannchuideofar le roinnt tosaíochtaí den Aontas, lena n‑áirítear an Comhaontú Glas, Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine agus Eoraip níos láidre sa Domhan.
I bhfianaise shuíomh geografach tairbhiúil na hIorua gar don réigiún Artach, le comhaontú, cuirfear freisin leis an tsíocháin agus leis an tslándáil agus le forbairt inbhuanaithe an Domhain.
Sa Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a ghlac an Chomhairle an 21 Márta 2022, moltar go gcuirfidh spáschórais an Aontais nascacht dhomhanda ar fáil do ghníomhaithe slándála agus cosanta. Iarrtar ann freisin ar an Aontas obair a dhéanamh ar an togra le haghaidh córas cumarsáide domhanda atá slán agus spásbhunaithe le haghaidh an Aontais Eorpaigh. Le comhaontú leis an Iorua, rannchuideofar leis an méid sin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
Faoi Airteagal 189(2) CFAE, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun cuspóirí Beartais Eorpaigh Spáis a bhaint amach. Beart amháin is ea comhaontuithe idirnáisiúnta um chomhar spáis a thabhairt i gcrích, amhail an comhaontú a ullmhaíodh faoin tionscnamh seo.
Foráiltear le hAirteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena n‑údarófar síniú an chomhaontaithe agus, más gá, cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tríd an Rialachán maidir le Nascacht Shlán agus tríd an Rialachán maidir leis an Spás, cuirtear de chúram ar an Aontas réitigh cumarsáide satailíte atá athléimneach, domhanda, slán, cosanta, gan bhriseadh, ráthaithe agus solúbtha a sholáthar, bunaithe ar bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch den Aontas, chun athléimneacht oibríochtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais a mhéadú.
Ós rud é gur cláir de chuid an Aontais iad Clár an Aontais um Nascacht Shlán agus Clár Spáis an Aontais, ní féidir le Ballstáit den Aontas rannpháirtíocht tríú tíortha sa dá chlár a bhaint amach iad féin.
•Comhréireacht agus an rogha ionstraime
Mar a shainmhínítear sa Rialachán maidir le Nascacht Shlán agus sa Rialachán maidir leis an Spás, eagrófar rannpháirtíocht tríú tíortha i Nascacht Shlán agus in GOVSATCOM faoi seach trí chomhaontú idirnáisiúnta neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE d’fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir na páirtithe.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Bailiú agus úsáid saineolais
Bhailigh an Coimisiún an fhaisnéis agus an saineolas ba ghá, ina phlé le Ballstáit den Aontas freisin, lena n‑áirítear an fhaisnéis agus an saineolas maidir le cearta agus oibleagáidí rannpháirtíochta tíortha nach Ballstáit den Aontas iad dá dtagraítear sa Rialachán maidir le Nascacht Shlán agus sa Rialachán maidir leis an Spás.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Rannchuideoidh an Iorua le Clár an Aontais um Nascacht Shlán agus le fo-chomhpháirt GOVSATCOM bunaithe ar a OTI, lena n‑áirítear an coigeartú le haghaidh 2023-2025 i gcás Nascacht Shlán an Aontais agus le haghaidh 2021-2025 i gcás GOVSATCOM.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an tAontas agus an Iorua faireachán ar chur chun feidhme an chomhaontaithe seo trí Chomhchoiste a bhunófar faoin gComhaontú.
2025/0353 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Ríocht na hIorua, den pháirt eile, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le litir dar dáta an 20 Aibreán 2023, léirigh Ríocht na hIorua a spéis fhoirmiúil tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú d’fhonn a bheith rannpháirteach i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán.
(2)An 10 Nollaig 2024 d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar a seirbhísí rialtais. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil an 4 Aibreán 2025.
(3)Tá comhar seanbhunaithe ag an Iorua leis an Aontas i réimse an spáis agus tá sí rannpháirteach i bhformhór na gcomhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais.
(4)Tá Comhaontú maidir leis an tSlándáil Faisnéise tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag an Iorua.
(5)Ó thaobh na geopholaitíochta de, le rannpháirtíocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, rannchuideofar le ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú agus cuirfear an comhar idirnáisiúnta chun cinn mar a shainmhínítear sa Straitéis Spáis don Eoraip. Le Comhaontú leis an Iorua, neartaítear seasamh straitéiseach an Aontais, ar cuspóir é de Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh um Shlándáil agus Cosaint.
(6)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
(7)I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go síneofar an Comhaontú, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Ríocht na hIorua, den pháirt eile, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar a seirbhísí (an ‘Comhaontú’), faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITIS AIRGEADAIS REACHTACHA
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘IONCAM’ - LE hAGHAIDH TOGRAÍ A bhFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU AR THAOBH AN IONCAIM DEN BHUISÉAD
1.AINM AN TOGRA:
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gClár an Aontais um Nascacht Shlán agus i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais
[an Iorua, Govsatcom]
2.LÍNTE BUISÉID:
Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim): 6 6 0 0
An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana lena mbaineann:
(i gcás ioncam sannta amháin):
Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim): 04 02 03.01.
3.TIONCHAR AIRGEADAIS
◻
Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra
◻
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam
x
Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta
Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:
(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)
|
Líne ioncaim
|
An tionchar ar ioncam
|
Tréimhse 12 mhí dar tús 1/1/2026 (más infheidhme)
|
Bliain N
|
|
6 6 0 0
|
1,4
|
|
2026
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
Staid tar éis na gníomhaíochta
|
|
Líne ioncaim
|
2027
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
6 6 0 0
|
1,9
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
(I gcás ioncam sannta amháin, ar choinníoll gurb eol an líne bhuiséid cheana):
|
Líne chaiteachais
|
2026
|
2027
|
|
04 02 03.01
|
1,4
|
1,9
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
Líne chaiteachais
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
4.BEARTA FRITHCHALAOISE
5.BARÚLACHA EILE
(modh/foirmle a úsáidtear chun ioncam a ríomh)
I gcás 2026 agus 2027, tá an ranníocaíocht bunaithe ar chomhéifeacht CSTE maidir le rannpháirtíocht sna cláir, ach i gcás 2021-2025 ríomhtar rannpháirtíocht chúlghabhálach bunaithe ar mhéideanna iarbhír a cuireadh chun feidhme le linn na tréimhse sin, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. xx/2025 an xx 2025 ó Chomhchoiste LEE.
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘IONCAM’ - LE hAGHAIDH TOGRAÍ A bhFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU AR THAOBH AN IONCAIM DEN BHUISÉAD
1.AINM AN TOGRA:
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gClár an Aontais um Nascacht Shlán agus i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais
[an Iorua, Clár an Aontais um Nascacht Shlán]
2.LÍNTE BUISÉID:
Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim): 6 6 0 0
An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana lena mbaineann:
(i gcás ioncam sannta amháin):
Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim): 04 01 02, 04 03 01, 13 05 01, 14 08 01.
3.TIONCHAR AIRGEADAIS
◻
Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra
◻
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam
x
Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta
Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:
(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)
|
Líne ioncaim
|
An tionchar ar ioncam
|
Tréimhse 12 mhí dar tús 1/1/2026 (más infheidhme)
|
Bliain N
|
|
6 6 0 0
|
12,5
|
|
2026
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
Staid tar éis na gníomhaíochta
|
|
Líne ioncaim
|
2027
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
6 6 0 0
|
11,6
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
(I gcás ioncam sannta amháin, ar choinníoll gurb eol an líne bhuiséid cheana):
|
Líne chaiteachais
|
2026
|
2027
|
|
04 01 02
|
0,01
|
0,01
|
|
04 03 01
|
5,2
|
7,6
|
|
13 05 01
|
5,7
|
3,3
|
|
14 08 01
|
1,7
|
0,8
|
|
Líne chaiteachais
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
4.BEARTA FRITHCHALAOISE
5.BARÚLACHA EILE
(modh/foirmle a úsáidtear chun ioncam a ríomh)
I gcás 2026 agus 2027, tá an ranníocaíocht bunaithe ar chomhéifeacht CSTE maidir le rannpháirtíocht sna cláir, ach i gcás 2023-2025 ríomhtar rannpháirtíocht chúlghabhálach bunaithe ar mhéideanna iarbhír a cuireadh chun feidhme le linn na tréimhse sin, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. xx/2025 an xx 2025 ó Chomhchoiste LEE.
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.11.2025
COM(2025) 696 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Ríocht na hIorua, den pháirt eile, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i gClár an Aontais um Nascacht Shlán agus i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais
AN tAONTAS EORPACH (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta)
De pháirt amháin,
agus
RÍOCHT NA hIORUA (dá ngairtear ‘an Iorua’ anseo feasta),
Den pháirt eile,
dá ngairtear i gcomhpháirt ‘na Páirtithe’ anseo feasta
AG AITHINT DÓIBH rannpháirtíocht na hIorua i gClár Spáis an Aontais,
AG AITHINT DÓIBH oibleagáidí na bPáirtithe faoin dlí idirnáisiúnta,
AG MEABHRÚ DÓIBH Rialachán (AE) 2021/696 maidir le Clár Spáis an Aontais (dá ngairtear ‘an Rialachán maidir leis an Spás’ anseo feasta) agus Rialachán (AE) 2023/588 maidir le Clár an Aontais um Nascacht Shlán (dá ngairtear ‘an Rialachán maidir le Nascacht Shlán’ anseo feasta),
AG AITHINT DÓIBH go bhfuil an Iorua ag rannchuidiú ó thaobh airgeadais de leis na gníomhaíochtaí a eascraíonn as Clár an Aontais um Nascacht Shlán agus as comhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. xx/2025 ó Chomhchoiste LEE an xx 2025 lena leasaítear Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (dá ngairtear ‘Comhaontú LEE’ anseo feasta),
AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá Comhaontú LEE mar bhunús dlí agus institiúideach chun an comhar idir an tAontas agus an Iorua i réimse na nascachta sláine a neartú agus a leathnú,
AG MEABHRÚ DÓIBH an Comhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le nósanna imeachta slándála um fhaisnéis rúnaicmithe a mhalartú (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise’ anseo feasta) a síníodh an 22 Samhain 2004 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2004,
AG MEABHRÚ DÓIBH na Socruithe Slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartaítear idir Ríocht na hIorua agus an tAontas a chosaint (dá ngairtear ‘na Socruithe Slándála’ anseo feasta), a comhaontaíodh an 22 Deireadh Fómhair 2004,
AG AITHINT DÓIBH go leagtar amach le Cinneadh 2021/698/CBES ón gComhairle na freagrachtaí atá le feidhmiú ag an gComhairle agus ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) chun bagairt ar shlándáil an Aontais nó Ballstáit amháin nó níos mó a sheachaint nó chun díobháil thromchúiseach do leasanna fíor-riachtanacha an Aontais nó Ballstáit amháin nó níos mó a mhaolú nó aon uair a d’fhéadfadh oibriú an chórais nó soláthar na seirbhísí rialtais difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/698 mar a shonraítear in Airteagal 35 den Rialachán maidir leis an Spás agus in Airteagal 31 den Rialachán maidir le Nascacht Shlán,
AG AITHINT DÓIBH leas na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i seirbhísí an Aontais um Nascacht Shlán,
AR MIAN LEO comhaontú déthaobhach a bhunú maidir le rannpháirtíocht na hIorua i gClár an Aontais um Nascacht Shlán agus i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Cuspóir an Chomhaontaithe
1. Leagtar síos sa Chomhaontú seo na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na hIorua i gClár an Aontais um Nascacht Shlán agus i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus maidir le rochtain na hIorua ar sheirbhísí rialtais an Aontais um Nascacht Shlán agus ar sheirbhísí GOVSATCOM.
2. Beidh an Iorua ina Rannpháirtí de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán agus ina Rannpháirtí GOVSATCOM a mhéid a údaraíonn sí úsáideoirí acmhainneachtaí rialtais chlár an Aontais um Nascacht Shlán nó úsáideoirí GOVSATCOM, nó a mhéid a sholáthraíonn sí acmhainneachtaí cumarsáide satailíte, suíomhanna na gcodanna ar talamh nó cuid de shaoráidí na gcodanna ar talamh.
3. Beidh na cearta a dheonaítear faoin gComhaontú seo gan dochar do Chlár an Aontais um Nascacht Shlán agus do chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais. Ní thabharfaidh an Comhaontú aon chumhacht chinnteoireachta don Iorua i ndáil le Clár an Aontais um Nascacht Shlán agus comhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais.
4. Ní dhéanann an Comhaontú seo difear do chreat dlíthiúil ná do struchtúr institiúideach Chlár an Aontais um Nascacht Shlán ná chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais a bunaíodh le dlí an Aontais, do ghníomhartha ábhartha an Aontais a ionchorpraítear i gComhaontú LEE ná do na bearta a rinneadh chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme. Ní dhéanann an Comhaontú seo difear ach oiread do dhlíthe, rialacháin ná beartais an Aontais is infheidhme lena gcuirtear chun feidhme gealltanais maidir le neamhleathadh agus rialú onnmhairiúcháin le haghaidh earraí dé-úsáide.
5. Is é an tAontas a bheidh ina úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe uile ar cuid iad den bhonneagar rialtais a forbraíodh faoi Chlár an Aontais um Nascacht Shlán, dá bhforáiltear in Airteagail 5.2 agus 19.2 den Rialachán maidir le Nascacht Shlán, agus faoi chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais.
6. Ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear do chearta ná d’oibleagáidí ceachtar Páirtí faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta eile.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Ciallaíonn ‘Mol GOVSATCOM’ mol GOVSATCOM mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Rialachán (AE) 2021/696.
2. Ciallaíonn ‘an Ghníomhaireacht’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696.
3. Ciallaíonn ‘faisnéis rúnaicmithe AE’ nó ‘FRAE’ faisnéis rúnaicmithe AE nó FRAE mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán (AE) 2021/696.
4. Ciallaíonn ‘faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe’ faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (26), de Rialachán (AE) 2021/696.
5. Ciallaíonn ‘comharthaí’ an t‑aonad a úsáidtear chun seirbhísí GOVSATCOM a íoc nó a chúiteamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1055 ón gCoimisiún.
6. Ciallaíonn ‘rialú’ an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas dlítheanach go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó.
7. Ciallaíonn ‘struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin’ comhlacht eintitis dhlítheanaigh a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, atá freagrach don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, nó d’aon duine eile ag a bhfuil an chumhacht inchomparáide cinntí a dhéanamh, agus ag a bhfuil an chumhacht straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis dhlítheanaigh sin a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta.
8. Ciallaíonn ‘tríú tír’ aon tír seachas an Iorua ná aon Bhallstát den Aontas ná aon Stát CSTE LEE eile atá rannpháirteach, de réir mar is ábhartha, i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais nó i gClár an Aontais um Nascacht Shlán.
9. Ciallaíonn ‘comhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais’ nó ‘GOVSATCOM’ comhpháirt GOVSATCOM a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696.
10. Ciallaíonn ‘Rannpháirtí GOVSATCOM’ rannpháirtí de réir bhrí Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/696.
11. Ciallaíonn ‘Clár an Aontais um Nascacht Shlán’ an clár a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/588.
12. Ciallaíonn ‘Rannpháirtí de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán’ rannpháirtí de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2023/588.
Airteagal 3
Raon feidhme an Chomhair
Rialaítear leis an gComhaontú seo rannpháirtíocht na hIorua i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán agus rialaítear freisin rochtain na hIorua ar sheirbhísí rialtais an Aontais um Nascacht Shlán agus ar sheirbhísí GOVSATCOM.
Comhlánaíonn sé Cinneadh Uimh. xx/2025 ó Chomhchoiste LEE an xx.
Airteagal 4
Rannpháirtíocht i gClár an Aontais um Nascacht Shlán agus GOVSATCOM
Beidh an Iorua ina Rannpháirtí de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán agus ina Rannpháirtí GOVSATCOM de réir bhrí Airteagal 11 den Rialachán maidir le Nascacht Shlán agus Airteagal 68 den Rialachán maidir leis an Spás, a mhéid a údaraíonn sí úsáideoirí sheirbhísí rialtais an Aontais um Nascacht Shlán nó úsáideoirí sheirbhísí GOVSATCOM nó a mhéid a sholáthraíonn sí acmhainneachtaí, suíomhanna nó saoráidí.
Tosaíocht na seirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo idir na húsáideoirí a údaraíonn an Iorua, is í an Iorua a dhéanfaidh an tosaíocht sin a chinneadh agus a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Údarás inniúil um nascacht shlán
Ainmneoidh an Iorua údarás inniúil um nascacht shlán.
Áiritheoidh an t‑údarás inniúil um nascacht shlán an méid seo a leanas:
(a) beidh úsáid na seirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Rialachán maidir le Nascacht Shlán agus in Airteagal 34(2) den Rialachán maidir leis an Spás;
(b) cinnfear agus bainisteofar na cearta rochtana ar na seirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo;
(c) déanfar an trealamh úsáideoirí is gá chun na seirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, agus na naisc cumarsáide leictreonaí agus an fhaisnéis a ghabhann leo, a úsáid agus a bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Rialachán maidir le Nascacht Shlán agus in Airteagal 34(2) den Rialachán maidir leis an Spás;
(d) bunófar pointe teagmhála lárnach chun cúnamh a thabhairt de réir mar is gá i leith tuairisciú rioscaí agus bagairtí slándála, go háirithe trasnaíocht leictreamaighnéadach a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a bhrath a dhéanfadh difear a dhéanamh do na seirbhísí faoi chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus faoi Chlár an Aontais um Nascacht Shlán.
Airteagal 6
Seirbhísí rialtais
1.Soláthrófar seirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo do na rannpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de réir na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1053 ón gCoimisiún agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1055 ón gCoimisiún.
2.Rochtain ar sheirbhísí GOVSATCOM agus ar sheirbhísí rialtais an Aontais um Nascacht Shlán, beidh an rochtain sin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha lena rialaítear a n‑úsáid i gcomhréir leis an Airteagal seo.
3.Féadfar na heintitis seo a leanas a údarú mar úsáideoirí sheirbhísí GOVSATCOM agus úsáideoirí sheirbhísí rialtais an Aontais um Nascacht Shlán:
(a)údarás poiblí de chuid na hIorua nó comhlacht a bhfuil sé de chúram air údarás poiblí a fheidhmiú san Iorua; agus
(b)duine nádúrtha nó dlítheanach ag gníomhú thar ceann agus faoi rialú eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).
4.Úsáideoirí sheirbhísí GOVSATCOM agus sheirbhísí rialtais an Aontais um Nascacht Shlán dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Iorua iad a údarú go cuí chun na seirbhísí sin a úsáid agus comhlíonfaidh siad na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Rialachán maidir le Nascacht Shlán agus Airteagal 34(2) den Rialachán maidir leis an Spás.
Airteagal 7
Soláthraithe acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte
Féadfaidh an tAontas acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte a fháil faoi chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais a sholáthróidh na heintitis seo a leanas:
(a) An Iorua, mar Rannpháirtí GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 68 den Rialachán maidir leis an Spás; agus
(b) Daoine dlítheanacha de bhunadh na hIorua atá cuíchreidiúnaithe chun acmhainneachtaí nó seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar i gcomhréir leis an nós imeachta creidiúnaithe slándála dá dtagraítear in Airteagal 37 den Rialachán maidir leis an Spás, ar nós imeachta creidiúnaithe slándála é a bheidh i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta le haghaidh chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den Rialachán maidir leis an Spás.
An córas lena soláthraítear na hacmhainneachtaí agus na seirbhísí sin, measfar gur córas é a sholáthraíonn seirbhísí rialtais má chomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2.2a de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1054 ón gCoimisiún, trína dtuigfear gurb éard atá i gceist le Ballstát ná Ballstát nó an Iorua.
Airteagal 8
Acmhainneachtaí atá ábhartha do na seirbhísí
Saineoidh an Coimisiún Eorpach an líon iomlán comharthaí a bheidh le dáileadh le haghaidh na dtréimhsí cláir atá le teacht de réir an bhuiséid atá ar fáil agus de réir choinníollacha na gconarthaí agus na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le soláthraithe acmhainní.
Gheobhaidh an Iorua céatadán (i gComharthaí) de sciar iomlán na mBallstát a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1055 ón gCoimisiún agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1053 ón gCoimisiún.
Airteagal 9
Cumhdach Artach feabhsaithe
Féadfar eilimintí breise a chuimsiú i mbonneagar rialtais an Aontais um Nascacht Shlán chun cumhdach aga folaigh ísil a fheabhsú thar an réigiún Artach.
Aon ranníocaíocht airgeadais bhreise is gá chun na heilimintí sin a dhearadh, a fhorbairt, a chur in úsáid agus a shaothrú, bunófar í le cinneadh ón gcomhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 18 lena leasaítear an tAirteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 18.4 agus cuirfear chun feidhme í i gcomhréir le hAirteagal 12.
Airteagal 10
Coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta le haghaidh eintitis na hIorua
Beidh feidhm maidir leis an gComhaontú seo ag Airteagal 24 den Rialachán maidir leis an Spás agus ag Airteagal 22 den Rialachán maidir le Nascacht Shlán i ndáil le coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta faoi na cláir.
Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach cinneadh maidir le tarscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 24(3) den Rialachán maidir leis an Spás gan maolú ar an bhfomhír dheireanach d’Airteagal 24(3) a úsáid, comhlíonfaidh eintiteas incháilithe na coinníollacha rannpháirteacha seo a leanas:
(a) beidh an t‑eintiteas dlítheanach incháilithe bunaithe san Iorua agus beidh a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin bunaithe san Iorua, nó i mBallstát den Aontas nó in aon Stát CSTE LEE eile atá rannpháirteach, de réir mar is ábhartha, i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais nó i gClár an Aontais um Nascacht Shlán;
(b) tabharfaidh an t‑eintiteas dlítheanach incháilithe gealltanas na gníomhaíochtaí ábhartha uile a dhéanamh san Iorua nó i mBallstát den Aontas nó in aon Stát CSTE LEE eile atá rannpháirteach, de réir mar is ábhartha, i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais nó i gClár an Aontais um Nascacht Shlán; agus
(c) ní bheidh an t‑eintiteas dlítheanach incháilithe faoi réir a rialaithe ag tríú tír ná ag eintiteas de thríú tír.
Airteagal 11
Cinntí cur chun feidhme
Na cinntí cur chun feidhme ábhartha ón gCoimisiún is infheidhme maidir le comhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus Clár an Aontais um Nascacht Shlán, beidh feidhm ag na cinntí sin maidir le gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoin gComhaontú seo.
Airteagal 12
Ranníocaíocht bhreise
Faoin gComhaontú seo, féadfaidh an Iorua ranníocaíocht airgeadais bhreise a thairiscint chun eilimintí breise a chumhdach, ar choinníoll nach gcruthóidh na heilimintí breise sin aon ualach airgeadais ná teicniúil ná aon mhoill ar chur chun feidhme cuí na comhpháirte lena mbaineann. Bunófar an ranníocaíocht airgeadais bhreise sin le cinneadh ón gcomhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 18 lena leasaítear an t‑airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 18.4 agus úsáidfear í chun an eilimint bhreise ghaolmhar a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán maidir leis an Spás agus le hAirteagal 15 den Rialachán maidir le Nascacht Shlán.
Airteagal 13
Speictream raidió
1. Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar ar shaincheisteanna speictrim a bhaineann le nascacht shlán don Eoraip san Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide.
2. Sa chomhthéacs sin, cosnóidh na Páirtithe na leithdháiltí minicíochta is gá le haghaidh na gcóras um nascacht shlán don Eoraip chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí na gcóras sin ar fáil, rud a rachaidh chun tairbhe do na húsáideoirí.
3. Thairis sin, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé speictream raidió a úsáidtear le nascacht shlán a chosaint ar shuaitheadh agus ar thrasnaíocht. Chuige sin, sainaithneoidh siad foinsí trasnaíochta agus lorgóidh siad réitigh a bheidh inghlactha go frithpháirteach chun trasnaíocht den sórt sin a chomhrac.
4. Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo chun maolú ar fhorálacha infheidhme an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide, lena n‑áirítear Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide.
Airteagal 14
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
Deonóidh an Iorua na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF, agus don Chúirt Iniúchóirí chun a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
Airteagal 15
Slándáil
1. Déanfaidh na Páirtithe na córais um nascacht shlán a chosaint ar bhagairtí amhail mí-úsáid, trasnaíocht, suaitheadh agus gníomhartha naimhdeacha. Dá bhrí sin, déanfaidh na Páirtithe gach beart is indéanta chun leanúnachas, sábháilteacht agus slándáil sheirbhísí an Aontais um Nascacht Shlán agus GOVSATCOM agus an bhonneagair agus na sócmhainní criticiúla gaolmhara ina gcríocha a áirithiú.
2. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach bearta a fhorbairt chun sócmhainní, faisnéis agus teicneolaíochtaí íogaire Chlár an Aontais um Nascacht Shlán agus chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais a chosaint ar aon bhagairt, a rialú agus a bhainistiú.
3. Déanfaidh an Iorua bearta a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú go tráthúil, laistigh dá dlínse, lena soláthrófar leibhéal slándála agus sábháilteachta atá coibhéiseach leis na bearta is infheidhme san Aontas Eorpach.
Airteagal 16
Rannpháirtíocht i gcoistí
Iarrfar ar ionadaithe ón Iorua páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí sna coistí agus sna meithleacha arna mbunú chun na gníomhaíochtaí faoi chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus faoi Chlár an Aontais um Nascacht Shlán a bhainistiú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha agus gan ceart vótála a bheith acu.
Glacfaidh an Iorua páirt, gan ceart vótála, i mBord um Chreidiúnú Slándála na Gníomhaireachta, maidir le codanna ábhartha de chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán. Déanfar rannpháirtíocht a shrianadh i gcomhréir leis an mbeartas ‘ ar bhonn riachtanais eolais’ arna leagan síos le haghaidh chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus le haghaidh Chlár an Aontais um Nascacht Shlán agus comhlíonfaidh sí rialacha nós imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.
Airteagal 17
Bearta coimirce
1. Féadfaidh gach Páirtí, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 18, bearta coimirce iomchuí a dhéanamh, lena n‑áirítear foráil amháin nó roinnt forálacha den Chomhaontú seo a chur ar fionraí má chinneann sé nach gcomhlíonann an Páirtí eile a oibleagáidí faoin gComhaontú seo. Tar éis bearta coimirce a ghlacadh, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin fhrithpháirteacha laistigh den Chomhchoiste gan mhoill chun cur i bhfeidhm fhorálacha uile an Chomhaontaithe seo a athbhunú a luaithe is féidir.
2. Beidh raon feidhme agus fad na mbeart dá dtagraítear i mír 1 teoranta don mhéid is gá chun an scéal a leigheas agus chun cothromaíocht chóir idir cearta agus oibleagáidí a áirithiú faoin gComhaontú seo. Leanfaidh na Páirtithe dá n‑iarrachtaí an díospóid a réiteach i gcomhréir le hAirteagal 19.
Airteagal 18
An Comhchoiste
1. Bunaíonn na Páirtithe leis seo comhchoiste ar a mbeidh ionadaithe oifigiúla ó gach Páirtí a bhfuil a riachtanas eolais suite.
2. Déanfaidh an comhchoiste maoirseacht ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo agus is é an fóram ina ndéanfaidh na Páirtithe tuairimí agus faisnéis a mhalartú maidir le haon saincheist a ardóidh ceachtar Páirtí maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe.
3. Glacfaidh an comhchoiste a rialacha nós imeachta. Féadfaidh an comhchoiste a chinneadh fochoistí a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó a chúraimí a chomhlíonadh. Bunóidh an comhchoiste téarmaí tagartha na bhfochoistí sin.
4. Féadfar Airteagal 9 agus Airteagal 12 a leasú le cinneadh a ghlacfaidh an comhchoiste. Tiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm 30 lá tar éis dháta an ghlactha.
5. Tiocfaidh an comhchoiste le chéile dhá uair sa bhliain, nó níos minice nuair is gá, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí.
6. Is é an comhchoiste an fóram ina dtabharfar aghaidh ar iarrataí ar chúnamh teicniúil ón Iorua.
Airteagal 19
Réiteach Díospóidí
Aon réiteach díospóidí idir na Páirtithe a thiocfaidh chun cinn faoi théarmaí, léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, nó aon réiteach díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann le téarmaí, léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, is trí chomhairliúchán idir na Páirtithe a réiteofar é, agus tríd an modh sin amháin, agus ní dhéanfar é a tharchur chuig aon bhinse náisiúnta nó idirnáisiúnta ná chuig aon tríú páirtí lena réiteach.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm, leasú agus foirceannadh
1.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile faoi chur i gcrích a nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin.
2.Féadfar an Comhaontú seo a leasú trí chomhaontú i scríbhinn ó na Páirtithe. Tiocfaidh aon leasú ar an gComhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile faoi chur i gcrích a nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin.
3.Beidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2027. Cuirfear síneadh leis go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhleanúnacha [10] mbliana, seachas i gcás ina gcuireann ceachtar den dá Pháirtí in iúl don Pháirtí eile i scríbhinn nach bhfuil sé ar intinn aige síneadh a chur leis an gComhaontú seo tráth nach déanaí ná [3] mhí roimh dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse [10] mbliana ina dhiaidh sin.
4.Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh [3] mhí tar éis an dáta a gheofar an fógra.
5.Tar éis dheireadh théarma an Chomhaontaithe seo de bhun mhír 3, nó tar éis a fhoirceanta de bhun mhír 4, cuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm é maidir leis na tionscadail, na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí uile a mhaoinítear faoi chomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus faoi Chlár an Aontais um Nascacht Shlán nó faoin gComhaontú seo, go dtí deireadh na socruithe conarthacha a bhaineann leis na tionscadail, na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin.
6.I gcás ina ndéanfar an Rialachán maidir leis an Spás, an Rialachán maidir le Nascacht Shlán nó na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear sa Chomhaontú seo a leasú, a aisghairm nó a athbhreithniú ar bhealach eile, déanfar tagairtí don Rialachán maidir leis an Spás, don Rialachán maidir le Nascacht Shlán nó do na cinntí cur chun feidhme sa Chomhaontú seo a fhorléiriú mar thagairtí don ghníomh nó do na gníomhartha leasaithe, aisghairthe nó athbhreithnithe ar bhealach eile.
DÁ FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin ag a nÚdaráis ábhartha, a lámh leis an bPrótacal seo.
Arna dhéanamh i/in/sa/san.... an... lá de mhí .... In dhá scríbhinn bhunaidh sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Ioruais, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna uile.
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Ríocht na hIorua