An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 650 final

2025/0650(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach, mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, go dtí an 4 Márta 2027


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 1 agus rinne sí Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 (an Treoir um Chosaint Shealadach) 2 a ghníomhachtú le haghaidh catagóirí áirithe daoine 3 a easáitíodh an 24 Feabhra 2022 nó dá éis sin, mar thoradh ar an ionradh míleata a rinne fórsaí armtha na Rúise ar an Úcráin a thosaigh ar an dáta sin. De bhun Airteagal 4(1) den Treoir um Chosaint Shealadach, bliain amháin is ea ré tosaigh na cosanta sealadaí, agus féadfar é a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí sé mhí suas le bliain amháin ar a mhéad. Cuireadh síneadh bliana leis an gcosaint shealadach go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024.

De bhun Airteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach, i gcás ina mbeidh na cúiseanna le cosaint shealadach fós ann, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh síneadh suas le bliain amháin a chur leis an gcosaint shealadach, le tromlach cáilithe agus ar thogra ón gCoimisiún, a dhéanfaidh scrúdú freisin ar aon iarraidh ó Bhallstát go gcuirfeadh sé togra faoi bhráid na Comhairle. Cuireadh tréimhsí breise bliana, leis an gcosaint shealadach, go dtí an 4 Márta 2025 4 ar dtús agus dá éis sin go dtí an 4 Márta 2026.

Is é is cuspóir don togra seo síneadh bliana eile a chur leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle. Beidh sé d’éifeacht aige sin go leanfar de chosaint shealadach a thabhairt i leith na gcatagóirí daoine a shainaithnítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle, le haghaidh na tréimhse ón 5 Márta 2026 go dtí an 4 Márta 2027.

Amhail mí an Mhárta 2025, tá breis agus 4,3 milliún duine a easáitíodh ón Úcráin 5 , ar leanaí iad aon trian díobh, ag fáil cosaint shealadach san Aontas Eorpach faoi láthair 6 . An an líon tairbhithe cosanta sealadaí i mBallstáit an Aontais, lean sé de bheith cobhsaí agus thart ar 4.3 milliún acu ann, agus méadú beag leanúnach air (ó 4,15 milliún i mí Mheán Fómhair 2023 go dtí 4,21 milliún i mí Aibreáin 2024 go 4,26 milliún i mí an Mhárta 2025). Is iad an Ghearmáin, an Pholainn agus an tSeicia na Ballstáit ina bhfuil an líon is mó tairbhithe cosanta sealadaí fós (rud beag níos lú ná 1,2 milliún sa Ghearmáin, beagnach 1 milliún sa Pholainn, agus thart ar 365 000 sa tSeicia). Ó rinneadh an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú, tá iarrachtaí suntasacha déanta ag na Ballstáit tacú le daoine a easáitíodh ón Úcráin ionas go mbeidh sé níos éasca dóibh páirt a ghlacadh i sochaithe óstacha, córais oideachais agus oiliúna san áireamh, agus sa mhargadh saothair. Ina theannta sin, lean siad dá niarrachtaí an acmhainneacht ghlactha agus an phleanáil theagmhasach a mhéadú. Tá gné láidir dlúthpháirtíochta fós ag baint le freagairt an Aontais ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, ar an gcéad dul síos dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus a muintir, mar a léirítear in iarrachtaí na mBallstát agus a saoránach fáilte a chur roimh dhaoine easáitithe, agus ar an dara dul síos dlúthpháirtíocht idir na mBallstát.

Tá sé le tuiscint as an Treoir um Chosaint Shealadach nach féidir le duine tairbhiú de na cearta a bhaineann leis an stádas ach in aon Bhallstát amháin ag aon am amháin; dá bhrí sin, níor cheart do thairbhithe cosanta sealadaí a bhogann go Ballstát eile chun cosaint shealadach a fháil tairbhiú de chúnamh sóisialta in dhá Bhallstát ag an am céanna. An tráth céanna, chun a áirithiú nach dtairbhítear de na cearta a bhaineann le cosaint shealadach ach in aon Bhallstát amháin ag aon am amháin, agus chun ilchlárúcháin le haghaidh cosaint shealadach a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit iarrataí ar chead cónaithe arna ndéanamh ar bhonn Airteagal 8(1) de Threoir 2001/55 a dhiúltú nuair is léir go bhfuil cead cónaithe faighte cheana féin ag an duine lena mbaineann ar an mbonn sin i mBallstát eile agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag tairbhiú de na cearta a bhaineann leis an gcosaint shealadach sa Bhallstát sin (féach, maidir leis sin, pointe 30 de bhreithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra), cás C-753/23 [Krasiliva], an 27 Feabhra 2025).

Tá an tArdán um Chlárú le haghaidh Cosaint Shealadach ar obair ó bhí an 31 Bealtaine 2022 ann chun deis a thabhairt do na Ballstáit faisnéis a mhalartú chun a áirithiú gur féidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta tairbhiú go héifeachtach dá gcearta sa Bhallstát óstach, agus, an tráth céanna, aon mhí‑úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann a theorannú. Chun dea-fheidhmiú an ardáin a áirithiú, tá sé tábhachtach fós sonraí, lena n‑áirítear figiúirí a bhaineann le clárúcháin neamhghníomhacha, a uaslódáil ann go tráthrialta agus obair leantach thapa a dhéanamh, nuair is gá sin, i gcás clárúcháin dhúbailte. Leanfaidh sé de bheith i mbun a chuid oibríochtaí fad agus a bheidh an chosaint shealadach i bhfeidhm. I ndáil leis sin, níl aon athrú ar fheidhmiúlacht an Ardáin ag teastáil le haghaidh an tsínidh leis an gcosaint shealadach.

Cé go n‑ullmhaíonn Eurostat na staitisticí Eorpacha oifigiúla maidir le cosaint shealadach, lena n‑áirithítear léiriú staide tráthúil chun críoch oibríochtúil, riar comhleanúnach agus formhaoirseacht ar eisiúint ceadanna cónaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí cruinne tráthúla, lena n‑áirítear figiúirí maidir le clárúcháin neamhghníomhacha, a uaslódáil go tráthrialta ar an Ardán um Chlárú le haghaidh Cosaint Shealadach.

Ós rud é gur gá leanúint de chosaint a chur ar fáil, agus go bhfuil an deis ag na tairbhithe cosanta sealadaí cosaint shealadach a fháil ina rogha Ballstát, tá tionchar imeartha ar an gcóras glactha i gcuid de na Ballstáit, go háirithe iad siúd a bhfuil líon mór daoine faoi chosaint shealadach á n‑óstáil acu, mar aon leis an tionchar atá imeartha orthu mar gheall ar iad a bheith ag déileáil ag an am céanna le líon mór iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó le ganntanais tithíochta. I ndáil leis sin, as seo amach, tá sé tábhachtach leanúint de bheith ag obair i dtreo cothromaíocht níos fearr ó thaobh iarrachtaí de idir na Ballstáit.

Is tosaíocht fós é féintuilleamaí na ndaoine easáitithe agus a n‑aistriú chuig cóiríocht fhadtéarmach a áirithiú.

Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach fós réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe a áirithiú le haghaidh an ama atá le teacht. Cé gur cheart leanúint de dhaoine easáitithe a chosaint, i bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le staid na hÚcráine, tá sé tábhachtach, ag an am céanna, an bealach a réiteach le haghaidh aistriú rianúil amach as cosaint shealadach, lena dtabharfar léiriú níos fearr ar an staid, lena bhfreastalófar ar riachtanais na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas, agus lena gcuirfear san áireamh riachtanais acmhainneachta agus atógála na hÚcráine. Leis an gcur chuige straitéiseach céimnitheach sin, d’fhéadfaí na daoine easáitithe, na Ballstáit agus an Úcráin a ullmhú i dteannta a chéile don uair a bheidh staid na hÚcráine fabhrach don fhilleadh faoi dhálaí sábháilte marthanacha nuair nach mbeidh aon chúis ann le leanúint den chosaint shealadach. I dteannta rochtain ar thacar ceart comhchuibhithe a thabhairt do thairbhithe cosanta sealadaí, mar gheall ar ghníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach, leantar de mhaolú a dhéanamh ar an riosca nach mbeidh córais tearmainn na mBallstát in ann an sreabhadh isteach a phróiseáil gan éifeachtaí díobhálacha a bheith ann dá n‑oibríocht éifeachtúil. Idir mí Feabhra 2022 agus mí Feabhra 2025, thaisc náisiúnaigh na hÚcráine thart ar 72 600 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas (i gcomparáid le 52 000 idir mí Feabhra 2022 agus mí an Mheithimh 2024). I mí Eanáir agus i mí Feabhra 2025, tháinig méadú 86 % ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag náisiúnaigh na hÚcráine i gcomparáid leis an tréimhse Eanáir-Feabhra in 2024, agus rangaíodh an Fhrainc agus an Pholainn ar an gcéad áit agus ar an dara háit, faoi seach, mar phríomhthíortha glactha na n‑iarratas sin. Mar sin féin, léiríonn an líon teoranta ar an iomlán go fóill go bhfuil cuspóir na cosanta sealadaí bainte amach, lena n‑áirítear a sheachaint go gclisfí ar chórais tearmainn na mBallstát.

De réir an tsuirbhé ar rúin ó Ard Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) i mí na Samhna 2024 7 , tá laghdú tagtha ar an sciar de dhaoine easáitithe a bhfuil sé beartaithe acu nó atá ag súil le filleadh ar an Úcráin amach anseo i gcomparáid leis na 6 mhí roimhe sin (ó 59 % go 57 %), agus tá méadú tagtha ar an sciar de dhaoine nach bhfuil cinnte faoi fhilleadh (ó 24 % go 27 %) agus ar an sciar de dhaoine nach bhfuil ag súil le filleadh (ó 11 % go 12 %). Tuairiscíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) 8 go bhfuil sé beartaithe ag tromlach mór na ndaoine a ndearna sé suirbhé orthu (70 %) filleadh ar an Úcráin nuair a bheidh sé sábháilte sin a dhéanamh, má bhíonn sé sábháilte.

Thairis sin, de réir shuirbhé 9 Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), bhí thart ar fhreagróir amháin as gach triúr in 2024 meáite ar fhilleadh (20 %) nó ag claonadh i dtreo filleadh (14 %), laghdú mór ar fhreagróir amháin as gach beirt in 2023.

Deimhníonn na suirbhéanna sin go measann formhór na ndaoine easáitithe ón Úcráin nach féidir leo filleadh ar an Úcráin faoi dhálaí sábháilte marthanacha fós.

San Úcráin, tá cogadh foghach na Rúise ag leanúint ar aghaidh fós gan mhaolú. Leanann an Rúis de bheith ag díriú go córasach agus d’aon ghnó ar an mbonneagar sibhialtach agus ar limistéir a bhfuil daoine iontu. De réir Mhisean Faireacháin na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine san Úcráin, tháinig méadú 70 % ar líon na dtaismeach sibhialtach i mí an Mhárta 2025 i gcomparáid leis an mí chéanna in 2024. Is mór an géarú sin agus léiríonn sé go bhfuil drochthionchar leanúnach ag an gcogadh ar shibhialtaigh.

Tá ionsaithe aeir agus ladrann dothuartha ó fhórsaí na Rúise fós ina mbagairt thromchúiseach ar fud na tíre, na réigiúin atá i bhfad ó na línte tosaigh san áireamh. Léiríonn na hionsaithe sin a leithne atá an raon feidhme geografach agus a neamhshrianta atá an t‑ionsaí atá ar bun faoi láthair. Déanann na hionsaithe aeir difear don bhonneagar fuinnimh chomh maith sa chaoi go bhfágtar na milliúin daoine gan leictreachas, gan uisce agus/nó gan téamh. San earnáil fuinnimh, tháinig méadú 93 % ar an méid sócmhainní a ndearnadh damáiste dóibh nó a scriosadh in 2024, lena n‑áirítear bonneagar giniúna, tarchurtha agus dáilte cumhachta.

I mí Aibreáin 2025, mheas IOM go bhfuil 3 757 000 duine easáitithe ina dtír féin (IDPanna) 10 san Úcráin. Dhá thrian (66 %) de na daoine easáitithe ina dtír féin, bhí siad easáitithe le breis agus 2 bhliain, agus bhí 79 % díobh easáitithe le breis agus bliain. Maidir leis na daoine a bhí easáitithe ina dtír féin le breis agus dhá bhliain, bhí an sciar is mó díobh ina gcónaí in Iarthar na tíre. De réir na faisnéise a soláthraíodh sa cheathrú tuarascáil ar Mhearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais (RDNA4) 11 , chláraigh an Aireacht Beartais Shóisialta 4 642 735 dhuine go hoifigiúil mar dhaoine easáitithe ina dtír féin. Tuairiscíodh gur tháinig méadú breise ar an mbochtaineacht agus ar an neamhshlándáil bia in 2024. Tá iarmhairtí an chogaidh míchothrom fós, agus is iad na mná (iarmhairtí maidir le fostaíocht agus géar-riachtanais teaghlaigh san áireamh), daoine faoi mhíchumas, leanaí agus daoine óga, daoine easáitithe ina dtír féin, agus daoine scothaosta is mó a bhíonn thíos leis. Tá os cionn 12 000 duine maraithe, os cionn 28 000 duine gortaithe, agus tá a dtithe caillte ag na milliúin daoine.

Measann Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) go bhfuil, i mí Eanáir 2025, cabhair dhaonnúil práinneach ag teastáil ó bhreis agus 12,7 milliún duine sa tír in 2025 12 .

D’fhéadfadh an míshocracht, mar aon leis an gcruachás daonnúil san Úcráin, a bheith ina cúis freisin le tuilleadh daoine a bheith ag teacht isteach san Aontas ar scála mór, rud a d’fhágfadh gur ghá cosaint a thabhairt do níos mó daoine easáitithe.

Léiríonn a éiginnte agus a míshocair atá cúrsaí san Úcráin faoi láthair nach féidir deireadh a chur leis an gcosaint shealadach do thairbhithe cosanta sealadaí atá i mBallstáit an Aontais faoi láthair agus dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith fós i ngátar. Ní mór leanúint de bheith ag cosaint na ndaoine sin laistigh den Aontas. Mar an gcéanna, dá dtiocfadh deireadh leis an gcosaint shealadach go luath agus dá n‑iarrfadh na daoine sin go léir cosaint idirnáisiúnta an tráth céanna, bheadh an riosca fós ann i leith oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn.

I bhfianaise na bhforbairtí thuasluaite, measann an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna le cosaint shealadach fós ann i láthair na huaire agus gur cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gcosaint shealadach mar fhreagairt riachtanach iomchuí ar an staid reatha. Ba cheart an síneadh ama a ghlacadh a luaithe is féidir agus go ceann bliana eile, i.e. le haghaidh na tréimhse ón 5 Márta 2026 go dtí an 4 Márta 2027, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach. Is é is aidhm don mhéid sin a áirithiú go gcuirfear an oiread cobhsaíochta agus ionchais agus is féidir ar fáil do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin agus atá á n‑óstáil i mBallstáit an Aontais faoi na cúinsí atá ann faoi láthair.

Tá an méid sin i gcomhréir leis an ngealltanas a thug an tAontas tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir fad agus is gá agus tacaíocht a thabhairt i leith síocháin chuimsitheach chóir mharthanach, ar bhonn phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta. Dá dtiocfadh athrú ar na himthosca ionas go bhféadfadh sos comhraic inbhuanaithe a bheith ann roimh an 4 Márta 2027, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach togra a chur faoi bhráid na Comhairle de bhun Airteagal 6 den Treoir um Chosaint Shealadach. Leis an bhforáil sin féadfaidh an Chomhairle deireadh a chur leis an gcosaint shealadach le Cinneadh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, agus ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh freisin ar aon iarraidh ó Bhallstát go gcuirfeadh sé togra faoi bhráid na Comhairle. Níor mhór Cinneadh den sórt sin ón gComhairle a bhunú ar an bhfíoras cruthaithe gur féidir, i bhfianaise na staide sa tír thionscnaimh, filleadh sábháilte marthanach na ndaoine ar deonaíodh cosaint shealadach dóibh a cheadú, agus urraim chuí á tabhairt do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus d’oibleagáidí na mBallstát maidir le non‑refoulement.

Thairis sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit na bearta riaracháin agus dlíthiúla is gá dhéanamh (amhail ceadanna cónaithe a athnuachan) chun gur féidir leo ullmhú don síneadh leis an gcosaint shealadach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo go hiomlán i gcomhréir le acquis tearmainn an Aontais Eorpaigh ós rud é gur dlúthchuid den Chomhchóras Eorpach Tearmainn í an Treoir um Chosaint Shealadach agus go ndearnadh foráil maidir leis chun aghaidh a thabhairt ar chás urghnách d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe, mar atá faoi láthair de bharr ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin. Tá sé iomlán comhsheasmhach freisin le cuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bheadh ar oscailt dóibh siúd, nach mbeidh an dara rogha acu de dheasca na gcúinsí, a lorgóidh cosaint go dlisteanach san Aontas Eorpach.

Tá eilimintí an togra i gcomhréir freisin leis na gníomhartha dlí atá sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann arna nglacadh i mí na Bealtaine 2024. D’aontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle an Treoir um Chosaint Shealadach a choinneáil mar chuid den bhosca uirlisí atá ar fáil don Aontas le haghaidh cásanna ina bhfuil líon ollmhór daoine ag teacht isteach. Is léir gur uirlis fhíor-riachtanach í an Treoir um Chosaint Shealadach chun cosaint láithreach a chur ar fáil san Aontas. Ag an gcéim seo, tá sí fós ar an ionstraim is mó is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an easáitiú arb é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin is cúis leis.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo iomlán comhsheasmhach leis an ngá atá ann ligean do na Ballstáit iarratais ionchasacha ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil ar bhealach ordúil nach bhfágfadh go gclisfí ar a gcórais tearmainn agus leanúint d’fhoráil a dhéanamh do na bearta is gá i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin lena seachnófar cliseadh ar chórais tearmainn na mBallstát. Tá sé comhsheasmhach freisin le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Tá an togra seo i gcomhréir freisin le bearta sriantacha an Aontais agus gníomhaíochtaí eile a glacadh freisin mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin. Is cuid é an togra seo de thacar cuimsitheach gníomhaíochtaí de chuid an Aontais lena bhfreagraítear ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 4(2) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe an bunús dlí don togra, ós rud é gur ann go fóill do na cúiseanna le cosaint shealadach. Foráiltear leis an bhforáil sin, i gcás ina mbeidh cúiseanna le cosaint shealadach fós ann, go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún, síneadh suas le bliain amháin a chur leis an gcosaint shealadach sin.

   Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Le Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, tugtar cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i leith na n‑ábhar sin. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach ina n‑aonar, agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.

An staid san Úcráin mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise, tá tionchar aici fós ar an Aontas ina iomláine. Mar gheall air sin, thug an tAontas Eorpach freagairt aontaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Léiríonn an méid sin go bhfuil gá fós le réitigh ón Aontas agus le tacaíocht ón Aontas, chomh maith le comhordú láidir ar leibhéal an Aontais, ós rud é go bhfuil gá leanúnach le freagairt éifeachtach ar an staid ó na Ballstáit uile le chéile agus nach mór a áirithiú go gcuirfear na caighdeáin chéanna agus sraith chomhchuibhithe ceart i bhfeidhm ar fud an Aontais le haghaidh an 4,3 milliún duine atá á n‑óstáil san Aontas faoi láthair. I dteannta an insreafa mhóir atá ann fós, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh tuilleadh daoine isteach ar scála mór mar gheall ar an míshocracht san Úcráin faoi láthair. Is léir nach leor bearta a ghlacfadh Ballstáit aonair chun aghaidh a thabhairt go sásúil ar an ngá atá le cur chuige coiteann ar fud an Aontais i leith dúshlán ar léir gur dúshlán coiteann é don Aontas ar fad.

Ní féidir leis na Ballstáit cur chuige coiteann den sórt sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo ón gComhairle atá beartaithe, is fearr is féidir é a bhaint amach agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais, mar atá curtha in iúl ag na Ballstáit féin freisin. Dá bhrí sin ní mór don Aontas gníomhú, agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, foráiltear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle atá beartaithe maidir le síneadh ar an gcosaint shealadach le haghaidh tréimhse teoranta ama, i.e. bliain amháin maidir leis an ngrúpa sonrach daoine a bhfuil feidhm aige maidir leis cheana féin.

Tá an beart atá beartaithe teoranta don mhéid is gá i bhfianaise scála agus thromchúis na staide san Úcráin, staid a fhágann go bhfuil thart ar 4,3 milliún duine easáitithe atá i mBallstáit an Aontais faoi láthair nach féidir leo filleadh ar an Úcráin faoi dhálaí sábháilte marthanacha. Ina theannta sin, is freagairt chomhréireach é an síneadh sin i bhfianaise na staide reatha, ós rud é gur a bhuí leis an gcosaint shealadach a cosnaíodh córais tearmainn na mBallstát ar chliseadh mar gheall ar líon mór iarratas ó dhaoine a bheith ag teacht isteach i mBallstáit an Aontais.

An rogha ionstraime

Le hAirteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach, ní mór Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a ghlacadh chun síneadh suas le bliain amháin a chur leis an gcosaint shealadach, i gcás ina bhfuil cúiseanna le cosaint shealadach fós ann.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ceapadh beartais fianaise-bhunaithe

Leanann Líonra AE an Treoirphlean um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an imirce, a bhfuil fócas ar leith aige ar an Úcráin, agus an tArdán Dlúthpháirtíochta don Úcráin 13 de bheith i mbun a gcuid oibríochtaí agus é mar aidhm acu feasacht staide choiteann a chur ar fáil maidir leis na himpleachtaí imirce a bhaineann le hionradh mórscála na Rúise ar an Úcráin agus maidir le hullmhacht an Aontais agus na mBallstát, agus freagairt chomhordaithe a chur ar fáil ar an ngéarchéim trí mhalartuithe tráthrialta, faoi seach. Sa chomhthéacs sin, pléadh sa dá fhóram an chaoi le méadú a dhéanamh ar an ullmhacht fhoriomlán ar leibhéal an Aontais, lena náirítear pleanáil theagmhasach. Tá faisnéis agus sonraí maidir leis an staid atá ann faoi láthair agus maidir le gluaiseachtaí daoine á mbailiú an tam ar fad. I gcruinnithe an Ardáin um Chlárúchán le haghaidh Cosaint Shealadach, tá na páirtithe ag leanúint de bheith ag plé ar bhonn adhoc conas is féidir a áirithiú ar bhealach níos fearr malartú cuí faisnéise idir na Ballstáit maidir le tairbhithe cosanta sealadaí agus tairbhithe den chosaint leordhóthanach atá ar fáil faoin dlí náisiúnta, agus, an tráth céanna, clárúcháin dhúbailte a bhrath laistigh den Bhallstát céanna agus ar fud Bhallstáit an Aontais. Ós rud é go bhfuil líon mór leanaí agus daoine óga easáitithe, cuirtear san áireamh níos mó agus níos mó sna hiarrachtaí sin sonraí maidir le comhtháthú i gcórais oideachais agus oiliúna.

Ina theannta sin, déanann an Coimisiún Eorpach agus eagraíochtaí amhail an Banc Domhanda agus na Náisiúin Aontaithe, chomh maith le Rialtas na hÚcráine, measúnú tráthrialta ar an staid san Úcráin. Foilsíonn an Banc Domhanda tuarascálacha ar Mearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais na hÚcráine 14 .

Ó thosaigh an cogadh, tá obair déanta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce chun tuiscint níos fearr a chur ar fáil ar chás na ndaoine easáitithe agus chun easáitiú laistigh den Úcráin agus sreabha soghluaisteachta a rianú, chomh maith le faireachán a dhéanamh trí shuirbhéanna ar a bhfuil ar intinn acu siúd atá ag teitheadh ón gcogadh agus acu siúd a thrasnaíonn an teorainn ar ais go dtí an Úcráin, agus trí mheasúnú ar dhálaí fillidh. Tá faisnéis á foilsiú go tráthrialta ag UNHCR maidir lena bhfuil ar intinn ag daoine a easáitíodh ón Úcráin agus a bpeirspictíochtaí (tá daoine a easáitíodh ina dtír féin san áireamh san fhaisnéis sin freisin). Léiríonn suirbhéanna agus cáipéisí ó na heagraíochtaí idirnáisiúnta thuasluaite go bhfuil an staid reatha fós míshocair agus éiginnte, rud a fhágann nach féidir filleadh faoi dhálaí sábháilte marthanacha. I mí Aibreáin 2025, mheas UNHCR go ndearnadh 6,9 milliún duine ar a dteitheadh ón Úcráin a thaifeadadh ar fud an domhain 15 .

Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, agus bailiú agus úsáid saineolais

Chun faisnéis atá bunaithe ar fhianaise a bhailiú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go tráthrialta leis an Líonra um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce agus leis an Ardán Dlúthpháirtíochta, le húdaráis na mBallstát, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus le Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le húdaráis na hÚcráine agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus malartuithe á gcoinneáil ar bun acu le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta an tráth céanna.

I gcomhar le huachtaránachtaí rothlacha Chomhairle an Aontais Eorpaigh, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le todhchaí na cosanta sealadaí tar éis mhí an Mhárta 2025 ar leibhéal na n‑airí agus i sraith cruinnithe i mí Aibreáin 2025 sa Mheitheal um Lánpháirtiú, Imirce agus Díbirt (IMEX), sa Choiste Straitéiseach um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (SCIFA) agus sa Meitheal um Thearmann atá ag an gComhairle, cruinnithe inar chuir na Ballstáit béim ar an ngá atá le síneadh bliana breise a chur le cosaint shealadach a luaithe is féidir chun go gcoinneofar freagairt choiteann Eorpach ar bun. Ag an gcruinniú is déanaí a bhí ag SCIFA i mí Aibreáin 2024, d’aithin na Ballstáit nach féidir raon feidhme chur i bhfeidhm na cosanta sealadaí a athrú de dheasca na luaineachta atá ann faoi láthair. Mar sin féin, má bhíonn an staid fabhrach amach anseo, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú le haistriú amach as cosaint shealadach a dhéanfar de réir a chéile agus a bheidh comhordaithe, déanfar tuilleadh plé maidir le raon feidhme na cosanta sealadaí.

Rinneadh idirphlé comhthreomhar agus comhlántach san Ardán Dlúthpháirtíochta agus chuir na Ballstáit in iúl daon toil gur gá síneadh bliana breise a chur leis an gcosaint shealadach chun freagairt choiteann Eorpach a choinneáil ar bun, chun soiléireacht a thabhairt do thairbhithe agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit tabhairt faoi na céimeanna riaracháin agus dlíthiúla is gá ar an leibhéal náisiúnta (amhail ceadanna cónaithe a athnuachan). Go comhthreomhar, bhí teagmháil tráthrialta ag an Coimisiún le húdaráis na hÚcráine chun faisnéis a bhailiú maidir leis an staid mar atá ar an láthair. An tráth céanna, rinneadh malartuithe agus machnamh sna fóraim thuasluaite maidir leis an ngá atá ann, i gcomhthráth le síneadh breise, na dálaí a chur ar fáil faoinar féidir aistriú rianúil amach as cosaint shealadach a áirithiú lena náiritheofaí solúbthacht chun gur féidir an luaineacht a fhreagairt níos fearr agus chun staid na ndaoine easáitithe san Aontas agus san Úcráin a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir um Chosaint Shealadach, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go sonrach le UNHCR, a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar an staid agus a chuir ionchur ábhartha ar fáil, agus a bhfuil suirbhéanna á ndéanamh aige ar a bhfuil ar intinn ag daoine easáitithe. I mí an Mhárta 2025, dfhoilsigh 109 neagraíocht eile de chuid na sochaí sibhialta ráiteas comhpháirteach 16 maidir le staid na ndaoine easáitithe ón Úcráin, inar iarradh, i measc nithe eile, ar an gCoimisiún a mholadh go gcuirfí síneadh breise leis an gcosaint shealadach.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le stádas dídeanaithe, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ó thosaigh an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, freastalaíodh ar na riachtanais chistiúcháin a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach um Chosaint Shealadach laistigh de bhuiséad na nionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana faoin tréimhse 2014-2020 agus 2021-2027, go háirithe faoin mBeartas Gnóthaí Baile ábhartha agus faoin mBeartas Comhtháthaithe ábhartha 17 .

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 bunaítear an síneadh bliana amháin (ón 5 Márta 2026 go dtí an 4 Márta 2027) a chuirfear le cosaint shealadach do dhaoine easáitithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle.

Le hAirteagal 2, bunaítear dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

2025/0650 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach, mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, go dtí an 4 Márta 2027

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á niompar 18 , agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 19 lena mbunaítear gurb ann dinsreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil déifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE, bhí feidhm ag an gcosaint shealadach den chéad uair ar feadh tréimhse tosaigh bliana, go dtí an 4 Márta 2023, agus ansin cuireadh síneadh bliana breise léi go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024.

(3)An 19 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 20 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2025. An 11 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 21 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2026.

(4)I gcomhthéacs ghníomhachtú Threoir 2001/55/CE, chomhaontaigh na Ballstáit daon toil i ráiteas 22 gan Airteagal 11 den Treoir sin {Treoir 2001/55/CE} a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus a aistreoidh go Ballstát eile gan údarú, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach.

(5)Ós rud é nach bhféadfaidh duine tairbhiú de na cearta a bhaineann le cosaint shealadach ach in aon Bhallstát amháin ag aon am amháin, chun a áirithiú gur mar sin a bheidh, agus chun ilchlárúcháin le haghaidh cosaint shealadach a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit iarrataí ar chead cónaithe arna ndéanamh ar bhonn Airteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE a dhiúltú nuair is léir go bhfuil cead cónaithe faighte cheana féin ag an duine lena mbaineann ar an mbonn sin i mBallstát eile agus, dá bhrí sin, go bhfuil na cearta a bhaineann leis an gcosaint shealadach, lena náirítear cúnamh sóisialta, á dteachtadh aige sa Bhallstát sin. Bheadh an méid sin comhleanúnach le breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-753/23 agus go háirithe mír 30 de.

(6)Chun léiriú staide tráthúil chun críoch oibríochtúil, riar comhleanúnach agus formhaoirseacht ar eisiúint ceadanna cónaithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit sonraí cruinne tráthúla, lena náirítear figiúirí maidir le clárúcháin neamhghníomhacha, a uaslódáil go tráthrialta ar an Ardán um Chlárú le haghaidh Cosaint Shealadach.

(7)Tá beagnach 4,3 milliún duine easáitithe ón Úcráin ag fáil cosaint shealadach san Aontas faoi láthair. Tá líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cobhsaí fós: thart ar 4,3 milliún duine agus é ag dul i méid beagán an tam ar fad, agus is beag duine a thuairiscigh go ndeachaigh sé abhaile chun na hÚcráine ar bhonn buan. Ní fhágann an staid san Úcráin gur féidir le formhór na ndaoine easáitithe filleadh ar an Úcráin faoi dhálaí sábháilte marthanacha. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce gurb amhlaidh, i mí Aibreáin 2025, a bhí 3 757 000 duine easáitithe ina dtír féin laistigh den Úcráin. Dhá thrian (66 %) de na daoine easáitithe ina dtír féin, bhí siad easáitithe le breis agus 2 bhliain, agus bhí 79 % díobh easáitithe le breis agus bliain. Maidir le daoine easáitithe ina dtír féin le breis agus dhá bhliain, bhí an sciar is mó díobh ina gcónaí in Iarthar na tíre (78 %). Mheas ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) go bhfuil cabhair dhaonnúil phráinneach ag teastáil ó breis agus 12,7 milliún duine san Úcráin in 2025.

(8)Thairis sin, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh tuilleadh daoine isteach ar scála mór mar gheall ar an gcruachás daonnúil, ar an míshocracht i gcoitinne agus ar éiginnteacht na staide san Úcráin de thoradh chogadh foghach na Rúise, lena náirítear aerionsaithe níos géire atá á ndéanamh go mion minic ar fud na tíre ar na sibhialtaigh. Tá baol ann fós go dtiocfaidh géarú ar an scéal. An tráth céanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá ndéanfadh na tairbhithe go léir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag an am céanna, bheadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol.

(9)Ós rud é nach dócha go dtiocfaidh laghdú ar an líon ard daoine easáitithe san Aontas a thairbhíonn de chosaint shealadach fad a leanfaidh an cogadh in aghaidh na hÚcráine ar aghaidh, is gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin a fhaigheann cosaint shealadach san Aontas faoi láthair nó a mbeidh cosaint den sórt sin de dhíth orthu ón 5 Márta 2026 ar aghaidh, toisc go bhforáiltear léi maidir le cosaint láithreach agus rochtain láithreach ar thacar comhchuibhithe ceart agus, ag an am céanna, go laghdaítear léi foirmiúlachtaí a mhéid is féidir i gcás insreabhadh ollmhór san Aontas. Le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach, ba cheart go gcuideofaí freisin lena áirithiú nach gclisfear ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar mhéadú mór ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dfhéadfadh daoine a fhaigheann cosaint shealadach go dtí an 4 Márta 2026 a chur isteach, dá dtiocfadh deireadh le cosaint shealadach faoin am sin, nó a dfhéadfadh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a thiocfadh isteach san Aontas tar éis an dáta sin agus roimh an 4 Márta 2027 a chur isteach.

(10)Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil na cúiseanna leis an gcosaint shealadach ann fós, ba cheart síneadh a chur leis an gcosaint shealadach i gcás na gcatagóirí daoine easáitithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2027.

(11)Urramaíonn an Cinneadh seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(12)Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil sí tiomanta tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir fad agus is gá agus go dtacaíonn sí le síocháin chuimsitheach chóir mharthanach, ar bhonn phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus, má bhíonn sos cogaidh inbhuanaithe, tá an Chomhairle réidh le gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2001/55/CE.

(13)Tá Éire faoi cheangal ag Treoir 2001/55/CE agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur chun feidhme an Chinnidh seo.

(14)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An chosaint shealadach a thugtar do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus ar cuireadh síneadh léi le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 agus (AE) 2024/1836, cuirtear síneadh bliana amháin eile léi go dtí an 4 Márta 2027.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.
(2)     TREOIR 2001/55/CE ón gCOMHAIRLE an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á n‑iompar .
(3)    Le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle, foráiltear go mbeidh feidhm ag an gcosaint shealadach maidir le (a) náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhí ina gcónaí san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022; (b) daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin, a thairbhigh de chosaint idirnáisiúnta nó de chosaint náisiúnta choibhéiseach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022; agus, (c) baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b). Cuirfidh na Ballstáit an Cinneadh seo i bhfeidhm nó cuirfidh siad cosaint leordhóthanach i bhfeidhm faoina ndlí náisiúnta, i ndáil le daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin, ar féidir leo a chruthú go raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí arna eisiúint i gcomhréir le dlí na hÚcráine, agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha.
(4)     Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (europa.eu) .
(5)    Breis agus 4,4 milliún, lena náirítear Ballstáit an Aontais, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis.
(6)    Mura sonraítear a mhalairt, tháinig na figiúirí uile maidir le cosaint shealadach agus idirnáisiúnta ó Eurostat ( Bunachar Sonraí -Eurostat ). 
(7)     Lives on hold: intentions and perspectives of refugees, refugee returnees and IDPs from Ukraine, Samhain 2024 .
(8)     Ukraine Regional Response: Needs, Intentions, and Border Crossings | Displacement Tracking Matrix
(9)     Surveys of Arriving Migrants from Ukraine: Movements and Returns Report (Nollaig 2024) .
(10)     Ukraine – Conditions of Return Assessment Factsheet - Round 9 (Nollaig 2024) .
(11)     Ukraine - Fourth Rapid Damage and Needs Assessment (RDNA4) : Feabhra 2022 – Nollaig 2024 .
(12)     Ukraine Humanitarian Needs and Response Plan 2025 (Aibreán 2025) [EN/UK] - Ukraine | ReliefWeb .
(13)    Is é an Coimisiún a bhunaigh an tArdán dfhonn an fhreagairt oibríochtúil i measc na mBallstát a chomhordú de réir Airteagal 3(2) de Chinneadh 2022/382 ón gComhairle. I measc nithe eile, bailíonn sé faisnéis agus déanann sé scrúdú ar na riachtanais a sainaithníodh sna Ballstáit agus déanann sé comhordú ar an obair leantach oibríochtúil mar fhreagairt ar na riachtanais sin.
(14)     World Bank Group, Ukraine Fourth Rapid Damage and Needs Assessment (RDNA4) (Feabhra 2022 – Nollag 2024) .
(15)     Ukraine Refugee Situation .
(16)     Ráiteas comhpháirteach arna shíneadh ag 109 n‑eagraíocht dhaonnúla agus sochaí sibhialta le haghaidh réitigh fhadtéarmacha d’Úcránaigh easáitithe .
(17)    Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip, an pacáiste ar a dtugtar CARE (CARE, CARE plus agus FastCARE).
(18)        IO L 212, 7.8.2001, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/55/oj .
(19)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann dinsreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil déifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach, (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/382/oj ).
(20)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2023/2409, 24.10.2023, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj ).
(21)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2024/1836, 3.7.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1836/oj ).
(22)     Ráiteas ó na Ballstáit .