AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.10.2025
COM(2025) 646 final
2025/0325(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10155/21 INIT; ST 10155/21 ADD 1) an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg
{SWD(2025) 338 final}
2025/0325 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10155/21 INIT; ST 10155/21 ADD 1) an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I ndiaidh do Lucsamburg an plean téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta a chur isteach an 30 Aibreán 2021, mhol an Coimisiún a mheasúnú dearfach don Chomhairle. An 13 Iúil 2021, d’fhormheas an Chomhairle an measúnú dearfach trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme (‘Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021’). Leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Eanáir 2023, an 23 Meán Fómhair 2024 agus an 14 Aibreán 2025.
(2)An 15 Meán Fómhair 2025 rinne Lucsamburg iarraidh réasúnaithe ar an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2021/241, ós rud é nach féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach ina iomláine a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla. Ar an mbonn sin, tá plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe curtha isteach ag Lucsamburg.
Leasuithe bunaithe ar Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241
(3)Na leasuithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chuir Lucsamburg isteach i ngeall ar imthosca oibiachtúla, baineann siad le 16 bheart.
(4)Mhínigh Lucsamburg nach féidir trí bheart a bhaint amach ina n‑iomláine a thuilleadh mar gheall ar dhúshláin theicniúla gan choinne a chuir moill shuntasach ar a gcur chun feidhme. Baineann sé sin le LU-C[3A]-R[R1]: Athchóiriú 1: Cruthú éiceachórais teicneolaíochta nua a chothú i Lucsamburg, LU-C[3A]-I[I1]: Infheistíocht 1: Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid agus LU-C[3B]-I[I3]: Infheistíocht 3: eADEM. Ar an mbonn sin, d’iarr Lucsamburg cloch mhíle 3A-1 de LU-C[3A]-R[R1]: Athchóiriú 1: Cruthú éiceachórais teicneolaíochta nua a chothú i Lucsamburg agus cloch mhíle 3A-5 de LU-C[3A]-I[I1]: Infheistíocht 1: Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid a scriosadh. Thairis sin, d’iarr Lucsamburg an tuairisc ar LU-C[3A]-I[I1]: Infheistíocht 1: Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid agus cloch mhíle 3A-4 de LU-C[3A]-I[I1]: Infheistíocht 1: Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid; an tuairisc ar LU-C[3B]-I[I3]: Infheistíocht 3: eADEM agus cloch mhíle 3B-12 de LU-C[3B]-I[I3]: Infheistíocht 3: eADEM a leasú. Thairis sin, d’iarr Lucsamburg an cloch mhíle idirmheánach 3B-11 de LU-C[3B]-I[I3]: Infheistíocht 3: eADEM a scriosadh. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 ón gComhairle a leasú dá réir sin.
(5)Mhínigh Lucsamburg nach féidir an beart sin a bhaint amach ina iomláine, de bharr easpa éilimh. Baineann sé sin le LU-C[4A]-I[I3]: Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó. Ar an mbonn sin, d’iarr Lucsamburg sprioc 4A-7 de LU-C[4A]-I[I3]: Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó a leasú. Thairis sin, d’iarr Lucsamburg an tuairisc ar LU-C[4A]-I[I3]: Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó agus sprioc 4A-6 de LU-C[4A]-I[I3]: Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó a leasú. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 ón gComhairle a leasú dá réir sin.
(6)Tá mínithe ag Lucsamburg go bhfuil beart amháin leasaithe chun rogha mhalartach níos fearr a chur chun feidhme chun a uaillmhian bhunaidh a bhaint amach. Baineann sé sin le LU-C[1B]-R[R2]: Athchóiriú 2: Athchóiriú ar rialáil inniúlachtaí gairmithe cúraim sláinte. Ar an mbonn sin, d’iarr Lucsamburg cloch mhíle 1B-4 de LU-C[1B]-R[R2]: Athchóiriú 2: Athchóiriú ar rialáil inniúlachtaí gairmithe cúraim sláinte a leasú agus tús áite a thabhairt di. Thairis sin, d’iarr Lucsamburg an tuairisc ar LU-C[1B]-R[R2]: Athchóiriú 2: Athchóiriú ar rialáil inniúlachtaí gairmithe cúraim sláinte agus cloch mhíle 1B-5 de LU-C[1B]-R[R2]: Athchóiriú 2: Athchóiriú ar rialáil inniúlachtaí gairmithe cúraim sláinte a leasú. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 ón gComhairle a leasú dá réir sin.
(7)Tá mínithe ag Lucsamburg go bhfuil deich mbeart leasaithe chun roghanna malartacha níos fearr a chur chun feidhme lenar féidir an t‑ualach riaracháin a laghdú agus an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a shimpliú, agus cuspóirí na mbeart sin á mbaint amach an tráth céanna. Baineann sé sin leis an tuairisc ar LU-C[1B]-I[I2]: Infheistíocht 2: Réiteach teilileighis chun cianobair leantach leighis a dhéanamh ar othair agus cloch mhíle 1B-8 de LU-C[1B]-I[I2]: Infheistíocht 2: Réiteach teilileighis chun cianobair leantach leighis a dhéanamh ar othair; an tuairisc ar LU-C[1C]-I[R1]: Athchóiriú: an Comhshocrú Tithíochta 2.0; an tuairisc ar LU-C[2A]-I[I1]: Infheistíocht: Scéim tacaíochta maidir le pointí athluchtaithe agus sprioc 2A-4 de LU-C[2A]-I[I1]: Infheistíocht: Scéim tacaíochta maidir le pointí athluchtaithe; an tuairisc ar LU-C[2B]-I[R1]: Athchóiriú agus Infheistíocht: ‘Naturpakt’ agus sprioc 2B-5 de LU-C[2B]-R[R1]: Athchóiriú agus Infheistíocht: ‘Naturpakt’; an tuairisc ar LU-C[3B]-I[I1]: Infheistíocht 1: Bainistiú doiciméad leictreonach agus Bainistiú cáis agus sprioc 3B-4 de LU-C[3B]-I[I1]: Infheistíocht 1: Bainistiú doiciméad leictreonach agus Bainistiú cáis; an tuairisc ar LU-C[3B]-I[I4]: Infheistíocht 4: Ardán náisiúnta le haghaidh bainistiú suirbhéanna poiblí agus sprioc 3B-14 de LU-C[3B]-I[I4]: Infheistíocht 4: Ardán náisiúnta le haghaidh bainistiú suirbhéanna poiblí ; an tuairisc ar LU-C[3C]-I[R2]: Athchóiriú 2: An comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta agus cloch mhíle 3C-7 de LU-C[3C]-R[R2]: Athchóiriú 2: An comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ; an tuairisc ar LU-C[4A]-I[R1]: Athchóiriú: Táirgeadh bithgháis inbhuanaithe a chur chun cinn agus cloch mhíle 4A-1 de LU-C[4A]-R[R1]: Athchóiriú: Táirgeadh bithgháis inbhuanaithe a chur chun cinn; an tuairisc ar LU-C[4A]-I[I1]: Infheistíocht 1: Éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite i dtithíocht a chur chun cinn agus sprioc 4A-3 de LU-C[4A]-I[I1]: Infheistíocht 1: Éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite i dtithíocht a chur chun cinn ; agus an tuairisc ar LU-C[4A]-I[I2]: Infheistíocht 2: Astaíochtaí nialasacha agus soghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn agus sprioc 4A-5 de LU-C[4A]-I[I2]: Infheistíocht 2: Astaíochtaí nialasacha agus soghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn. Ar an mbonn sin, tá iarrtha ag Lucsamburg go ndéanfaí na bearta sin a leasú. Thairis sin, d’iarr Lucsamburg an sprioc idirmheánach 1C-2 de LU-C[1C]-I[R1]: Athchóiriú: an Comhshocrú Tithíochta 2.0, cloch mhíle 2A-3 de LU-C[2A]-I[I1]: Infheistíocht: Scéim tacaíochta maidir le pointí athluchtaithe, spriocanna idirmheánacha 2B-3 agus 2B4 de LU-C[2B]-I[R1]: Athchóiriú agus Infheistíocht: ‘Naturpakt’; agus spriocanna idirmheánacha 3B-2 agus 3B-3 de LU-C[3B]-I[I1]: Infheistíocht 1: Bainistiú doiciméad leictreonach agus Bainistiú cáis a scriosadh. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 ón gComhairle a leasú dá réir sin.
(8)Tar éis bearta a bhaint nó a leibhéal cur chun feidhme a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241, tá iarrtha ag Lucsamburg úsáid a bhaint as na hacmhainní a saoradh trí na bearta a bhaint agus tríd an laghdú ar leibhéal a gcur chun feidhme chun leibhéal cur chun feidhme dhá bheart a mhéadú. Baineann sé sin le LU-C[2A]-I[I1]: Infheistíocht: Scéim tacaíochta maidir le pointí athluchtaithe, LU-C[2B]-I[R1]: Athchóiriú agus Infheistíocht: ‘Naturpakt’ agus LU-[4A]-I[I4]: Infheistíocht 4: Beart méadaithe: Infheistíocht [2A-I1]: Scéim tacaíochta maidir le pointí athluchtaithe. Ar an mbonn sin, tá iarrtha ag Lucsamburg beart nua amháin a chur leis agus leibhéal cur chun feidhme dhá bheart a mhéadú.
Dáileadh cloch míle agus spriocanna
(9)Ba cheart dáileadh na gcloch míle agus na spriocanna i dtráthchodanna a leasú chun na leasuithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus an amlíne tháscach a chuir Lucsamburg i láthair a chur san áireamh.
Measúnú ón gCoimisiún
(10)Rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomparáid leis na critéir mheasúnaithe a leagtar síos in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241.
(11)Measann an Coimisiún nach ndéanann na leasuithe a chuir Lucsamburg chun cinn difear don mheasúnú dearfach ar an bplean a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle i ndáil le Lucsamburg maidir le hábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean i gcomparáid leis na critéir mheasúnaithe a leagtar síos in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241 pointí (a), (b), (c), (d), (da), (db), (g), (h), (i) (j) agus (k).
Rannchuidiú leis an aistriú glas lena n‑áirítear an bhithéagsúlacht
(12)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (e) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.5 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a rannchuidíonn go mór (rátáil A) ó thaobh an aistrithe ghlais de, lena n‑áirítear an bhithéagsúlacht, nó ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as sin. An méid airgid a ghabhann leis na bearta a thacaíonn le cuspóirí aeráide, 82 % de leithdháileadh iomlán an phlean leasaithe atá ann, agus 89 % de costais mheasta iomlána na mbeart sa chaibidil REPowerEU atá ann, costais arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/241, tá an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 2021-2030.
(13)Níl tionchar ag na bearta a baineadh agus a leasaíodh ar rannchuidiú foriomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta leis an aistriú glas. Cé go bhfuil laghdú beag tagtha ar uaillmhian bheart LU-C[4A]-I[3]: ‘Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó’, tá méadú tagtha ar uaillmhian bhearta LU-C[2A]-I[I1]: ‘Infheistíocht: Scéim tacaíochta maidir le pointí athluchtaithe’ agus LU-C[2B]-I[R1]: ‘Athchóiriú agus Infheistíocht: ‘Naturpakt’. Thairis sin, cuireadh beart LU-C[4A]-I[I4]: Infheistíocht 4: Beart méadaithe: Infheistíocht [2A-I1]: Scéim tacaíochta maidir le pointí athluchtaithe leis an bplean.
Rannchuidiú leis an aistriú digiteach
(14)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.6 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, tá bearta sa phlean leasaithe a rannchuidíonn go mór (rátáil A) leis an aistriú digiteach nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as. Is éard atá sna bearta a thacaíonn le cuspóirí digiteacha méid arb ionann é agus 26 % de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin.
(15)Leanann na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe de bheith ag rannchuidiú go mór leis an aistriú digiteach trí roinnt infheistíochtaí lena ndéantar an riarachán poiblí agus an cúram sláinte a dhigitiú.
Measúnú dearfach
(16)Tar éis an mheasúnaithe dhearfaigh ón gCoimisiún maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe, measúnú inar cinneadh go gcomhlíonann an plean go sásúil na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241, i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán sin agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis, ba cheart na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta is gá chun an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a chur chun feidhme, ba cheart iad a leagan amach, iad sin agus na clocha míle, na spriocanna agus na táscairí ábhartha, maille leis an méid a chuirfidh an tAontas ar fáil chun an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a chur chun feidhme.
Ranníocaíocht airgeadais
(17)Is é EUR 241 100 776 costais iomlána mheasta phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe Lucsamburg. Ós rud é go bhfuil méid chostas iomlán measta an phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe cothrom leis an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe atá ar fáil do Lucsamburg, an ranníocaíocht airgeadais iomlán arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4a de Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus le hAirteagal 20(4) agus Airteagal 21a(6) de Rialachán (AE) 2021/241 arna leithdháileadh ar phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe Lucsamburg, ba cheart an ranníocaíocht sin a bheith comhionann le EUR 241 100 776. Dá bhrí sin, níl aon athrú ar an ranníocaíocht airgeadais a cuireadh ar fáil do Lucsamburg.
(18)Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 ón gComhairle a leasú dá réir sin. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a ionadú go hiomlán,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta
Formheastar an measúnú ar Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta leasaithe Lucsamburg a rinneadh ar bhonn na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241.
Airteagal 2
Leasuithe
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg, leasaítear é mar seo a leanas:
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg.
Airteagal 3
Seolaí
Dírítear an Cinneadh seo chuig Ard-Diúcacht Lucsamburg.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.10.2025
COM(2025) 646 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10155/21 INIT;
ST 10155/21 ADD 1) an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg
{SWD(2025) 338 final}
IARSCRÍBHINN
ROINN 1: ATHCHÓIRITHE AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ FAOIN BPLEAN TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA
1.Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí
A. COMHCHUID 1A: Scileanna, Uas‑sciliú agus Athsciliú
Is freagairt í an chomhpháirt ‘Sciliú, Athsciliú agus Uas‑sciliú’ de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg ag an am céanna ar an méadú ar an leibhéal dífhostaíochta de dheasca na géarchéime, ar dhúshlán seanbhunaithe na nganntanas scileanna ar mhargadh an tsaothair, agus ar úsáid níos forleithne a bhaint as teilea-obair, lena mbaineann athruithe eagraíochtúla agus éileamh níos láidre ar scileanna digiteacha den chuid is mó. Cuireann clár oiliúna, an clár FutureSkills, scileanna ar fáil do chuardaitheoirí poist, a bhfuil sprioc thiomnaithe aige do chuardaitheoirí poist atá 45 bliana d’aois nó níos sine. Le hathchóiriú comhlántach, soláthrófar plean gníomhaíochta oiliúna lena leagfar síos conairí le haghaidh gairmoiliúna (‘Droicheadanna Scileanna’) atá ceaptha chun scileanna a sholáthar a shainaithnítear mar na scileanna is mó a mbeidh gá leo don todhchaí.
Rannchuidíonn an chomhpháirt le haghaidh a thabhairt ar Mholadh Tírshonrach 1 ó 2019 chun infhostaitheacht oibrithe scothaosta a fheabhsú, Moladh Tírshonrach 3 de 2019 chun forbairt scileanna a spreagadh, agus Moladh Tírshonrach 2 de 2020 chun tionchar na géarchéime ar an bhfostaíocht a mhaolú, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine atá i staid dheacair sa mhargadh saothair.
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
A.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú: Skillsdësch
Faoi thionscnamh níos leithne arb é is aidhm dó straitéis scileanna a fhorbairt, agus oiliúint leanúnach agus gairmoiliúint a chur chun cinn, rinneadh nós imeachta comhoibríoch lena mbaineann díospóireachtaí comhchéime ar scileanna arna stiúradh ag na páirtithe leasmhara uile (‘Skillsdësch’) chun anailís a dhéanamh ar an éileamh ar scileanna, agus chun na próifílí poist is mó a bhfuil gealladh fúthu a shainaithint. Saineofar sa phlean gníomhaíochta a thiocfaidh as sin conairí oiliúna tiomnaithe ar a dtugtar ‘droichid scileanna’ lena gcuideofar le hoibrithe agus le cuardaitheoirí poist a n‑infhostaitheacht a fheabhsú le linn an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Seolfar an ghairmoiliúint arna ceapadh ar an gcaoi sin sa dara ráithe de 2022.
Infheistíocht 1: Scileanna sa Todhchaí
Sa chomhthéacs céanna, cuireann an clár FutureSkills scileanna boga, digiteacha agus bainistíochta a bhfuil tóir orthu ar fáil do chuardaitheoirí poist roghnaithe spreagtha chun a n‑athimeascadh gearrthéarmach i margadh an tsaothair agus sa tsoghluaisteacht a éascú. Leagtar síos sa chlár sprioc thiomnaithe do chuardaitheoirí poist atá 45 bliana d’aois agus níos sine chun cuidiú leis an luathscor forleathan a laghdú agus chun scileanna a fheabhsú. Cuirfear an t‑ábhar a ghinfidh an clár ar fáil do dhaonra níos mó cuardaitheoirí poist thar thréimhse níos faide.
A.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
1A-1
|
Athchóiriú 1 — Skillsdësch
|
Garsprioc
|
Seoladh “Skillsdësch”
|
Seoladh oifigiúil phróiseas “Skillsdësch” le linn chruinniú an Choiste Comhordúcháin Thríthaobhaigh
|
|
|
|
R3
|
2020
|
An próiseas comhchéime comhoibríoch (“Skillsdësch”) á sheoladh ag an gCoiste Comhordúcháin Tríthaobhach chun anailís a dhéanamh ar an éileamh ar scileanna, agus chun na próifílí poist is mó a bhfuil gealladh fúthu a shainaithint
|
|
1A-2
|
Athchóiriú 1 — Skillsdësch
|
Garsprioc
|
Seoladh na gairmoiliúna (‘droichid scileanna’)
|
Seoladh oifigiúil na hoiliúna trí chlárúcháin a oscailt do rannpháirtithe leasmhara
|
|
|
|
R2
|
2022
|
Seoltar gairmoiliúint arna dearadh faoi phróiseas Skillsdësch go hoifigiúil trína n‑oscailt lena gclárú ag rannpháirtithe leasmhara
|
|
1A-3
|
Infheistíocht 1 — Scileanna sa Todhchaí
|
Garsprioc
|
Comhaontú ag comhpháirtithe maidir leis an ‘gcéim oibríochtúil’
|
Síniú an chomhaontaithe
|
|
|
|
R1
|
2021
|
Síniú an chomhaontaithe ag comhpháirtithe an chláir (An Aireacht Saothair, Fostaíochta agus Geilleagair Shóisialta agus Dlúthpháirtíochta, an Comhlachas Tráchtála, an Teach Oiliúna, agus Comhlachas na bhFostaithe) maidir le ‘céim oibríochtúil’ an chláir ‘Scileanna sa Todhchaí’
|
|
1A-4
|
Infheistíocht 1 — Scileanna sa Todhchaí
|
Cuspóir sonrach
|
Rannpháirtithe FutureSkills os cionn 45 bliana d’aois
|
|
An líon daoine
|
0
|
150
|
R4
|
2021
|
Ghlac 150 cuardaitheoir poist níos mó ná 45 bliana d’aois (30 % den 500 rannpháirtí san iomlán) páirt san oiliúint ‘Scileanna sa Todhchaí’
|
|
1A-5
|
Infheistíocht 1 — Scileanna sa Todhchaí
|
Cuspóir sonrach
|
Rannpháirtithe FutureSkills
|
|
An líon daoine
|
150
|
440
|
R4
|
2021
|
Ghlac 440 cuardaitheoir poist páirt san oiliúint “Scileanna sa Todhchaí”
|
B. COMHPHÁIRT 1B: Athléimneacht an chórais sláinte a threisiú
Áirítear sa chomhpháirt sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg dhá athchóiriú agus dhá infheistíocht arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar roinnt de na fadhbanna struchtúracha a bhaineann leis an earnáil sláinte i Lucsamburg: an easpa gairmithe sláinte agus an gá atá le héifeachtúlacht an chórais sláinte a mhéadú, go háirithe trína dhigitiú. Leis an gcéad athchóiriú, tugtar aghaidh ar rialachas an chórais sláinte agus leagtar amach an próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus modh an chláir oibre chun aghaidh a thabhairt ar roinnt dúshlán réamh‑shainaitheanta. Is é is cuspóir don dara hathchóiriú inniúlachtaí na ngairmithe éagsúla a athshainiú agus a leathnú. Rannchuideoidh na hinfheistíochtaí leis an digitiú san earnáil sláinte (i) clár digiteach de ghairmithe sláinte a chur chun feidhme chun an cumhdach cúraim sláinte a bhainistiú agus a thuar ar bhealach níos fearr, agus na gairmithe cúraim sláinte is gá, agus (ii) réitigh a fhorbairt don teilileigheas.
Is freagairt í an chomhpháirt sin ar Mholadh Tírshonrach 2020 chun athléimneacht an chórais sláinte a fheabhsú, arb é atá ann a áirithiú go ndéanfar oibrithe sláinte atá ar fáil a shlógadh go hiomchuí, trí rialachas an chórais agus ríomhsheirbhísí sláinte a fheabhsú.
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
B.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú 1: Gesondheetsdësch
Sheol Lucsamburg próiseas comhairliúcháin (‘Gesondheetsdësch’) i measc na n‑aireachtaí, na mbainisteoirí árachais sláinte, na ndochtúirí agus na n‑ionadaithe gairmiúla sláinte chun rialachas na hearnála sláinte a nuachóiriú agus chun freagairt do roinnt dúshlán réamh‑shainaitheanta i sé réimse oibre théamacha. Na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a cuireadh i láthair i bplean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg — inniúlachtaí gairmithe sláinte a athchóiriú, clár digiteach de ghairmithe sláinte a chruthú agus réitigh theilileighis a fhorbairt, tá siad bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin seo. Cumhdaíonn sruthanna oibre eile an phróisis sin freisin réimsí an‑tábhachtach a bhaineann le hathléimneacht an chórais sláinte (go háirithe feabhas a chur ar chúram príomhúil, cúram comhtháite, cur chun cinn na sláinte, maoiniú inbhuanaithe cúraim sláinte), ach ní eascraíonn gealltanais sa phlean astu, cé is moite de chlár oibre a fhoilsiú chun torthaí phróiseas Gesondheetsdësch a chur chun feidhme.
Athchóiriú 2: Athchóiriú ar rialáil inniúlachtaí gairmithe cúraim sláinte
Is é is cuspóir don athchóiriú seo freagairt do na dúshláin maidir le ganntanas lucht saothair cúraim sláinte. Is éard atá i gceist leis athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagrachtaí na ngairmeacha cúraim sláinte agus bearta nua a thabhairt isteach laistigh de struchtúir ospidéil.
Infheistíocht 1: Clár digiteach aonair de ghairmithe cúraim sláinte
Is é is cuspóir don infheistíocht seo clár digiteach aonair a bhunú le haghaidh gairmeacha sláinte, lena mbailítear sonraí riaracháin agus gairmiúla, chun sonraí faoi ghairmithe sláinte i Lucsamburg a bhainistiú (líon na ndochtúirí, a sainearraí, a réimsí saineolais, a ndáileadh aoise, a ndáileadh críochach...), na gairmeacha agus na scileanna a bhfuil gá leo a thuar (réamh‑mheastacháin dhéimeagrafacha ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha de réir limistéir speisialtachta agus gheografacha) agus baill foirne a shlógadh le linn géarchéimeanna. Leis an uirlis sin, beifear in ann ceadúnais ghairmiúla a bhainistiú freisin agus freagróidh sí don oibleagáid dhlíthiúil sonraí gairmiúla a choinneáil cothrom le dáta. Críochnófar an tionscadal faoin 31 Márta 2023.
Infheistíocht 2: Réiteach teilileighis chun cianobair leantach leighis a dhéanamh ar othair
Tá an infheistíocht sin dírithe ar chianfhaireachán leighis (teilileigheas) a fhorbairt. Is éard atá ann córas teileachomhairliúchán le haghaidh cianfhaireachán idir gairmithe leighis agus othair.
B.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
1B-1
|
Athchóiriú 1 —
Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Gesondheetsdësch
|
Garsprioc
|
Céim thosaigh agus ullmhúcháin phróiseas Gesondheetsdësch d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na sé thosaíocht théamacha.
|
Tús an phróisis comhairliúcháin
|
|
|
|
R3
|
2020
|
An chéad chruinniú tosaigh agus seoladh chéim ullmhúcháin phróiseas Gesondheetsdësch d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na sé thosaíocht théamacha (1. Comhlántacht níos fearr idir earnálacha na n‑othar cónaitheach agus na n‑othar seachtrach; 2. Feabhas a chur ar an gcaidreamh idir othair agus soláthraithe cúraim; 3. Déimeagrafaíocht foirne leighis agus altranais: luamháin chun ganntanas a chosc; 4. Cosc san earnáil sláinte; 5. Teicneolaíochtaí nua a úsáid i gcúram sláinte; 6. An córas sláinte a mhaoiniú: inbhuanaitheacht airgeadais an chórais.
|
|
1B-2
|
Athchóiriú 1 —
Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Gesondheetsdësch
|
Garsprioc
|
An clár oibre
|
Foilsiú an chláir oibre
|
|
|
|
R4
|
2021
|
Foilsiú an chláir oibre chun cur chun feidhme an chláir ‘Gesondheetsdësch’ a threorú, arb é is aidhm dó creat struchtúrach a bhunú chun freastal ar phléití beartais maidir leis an gcóras sláinte. Déanfaidh na sé mheitheal Gesondheetsdësch an clár oibre sin a fhorbairt:
MEITHEAL1: Comhlántacht níos fearr idir earnálacha na n‑othar cónaitheach agus na n‑othar seachtrach
WG2: Feabhas a chur ar an gcaidreamh idir othair agus soláthraithe cúraim
WG3: Déimeagrafaíocht foirne leighis agus altranais: luamháin chun ganntanas a chosc
WG4: Cosc san earnáil sláinte: i dtreo aistriú paraidíme
WG5: Teicneolaíochtaí nua a úsáid i gcúram sláinte
WG6: An córas sláinte a mhaoiniú: inbhuanaitheacht airgeadais an chórais
|
|
1B-4
|
Athchóiriú 2 —
Athléimneacht an Chórais Sláinte a Neartú — Sainchúraimí gairmithe sláinte a athchóiriú
|
Garsprioc
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar ghairmeacha cúraim sláinte agus bearta nua a thabhairt isteach laistigh de struchtúir ospidéil
|
Teacht i bhfeidhm gníomhartha dlíthiúla
|
|
|
|
R3
|
2025
|
Teacht i bhfeidhm gníomhartha dlíthiúla leasaitheacha maidir le 1) gairmeacha sláinte a chleachtadh agus a uasghrádú agus 2) maidir le hospidéil agus pleanáil ospidéil; maidir le gairm an dochtúra, an chleachtóra fiaclóireachta agus an tréidlia a chleachtadh; agus an Cód Slándála Sóisialta.
|
|
1B-5
|
Athchóiriú 2 —
Athléimneacht an Chórais Sláinte a Neartú — Sainchúraimí gairmithe sláinte a athchóiriú
|
Garsprioc
|
Freagrachtaí altraí cúraim ghinearálta
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh dhlíthiúil
|
|
|
|
R3
|
2026
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh dhlíthiúil lena sainítear freagrachtaí altraí cúraim ghinearálta
|
|
1B-6
|
Infheistíocht 1—
Athléimneacht an Chórais Sláinte a Neartú — Clár Aonair Digiteach na nGairmeacha Sláinte
|
Cuspóir sonrach
|
An clár digiteach nua a chur ar fáil
|
|
An líon daoine
|
0
|
5 000
|
R4
|
2022
|
Tá an clár digiteach aonair de ghairmeacha sláinte, lena mbailítear faisnéis ábhartha riaracháin agus ghairmiúil lenar féidir gairmithe sláinte a bhainistiú ar bhealach níos fearr, oibríochtúil agus tá 5000 gairmí cláraithe ann
|
|
1B-7
|
Infheistíocht 2—
Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Réiteach teilileighis chun cianobair leantach leighis a dhéanamh ar othair
|
Garsprioc
|
‘Maela’
|
Tá an réiteach cianmhonatóireachta ‘Maela’ lena gceadaítear cianfhaireachán leighis idir gairmithe sláinte (lena n‑áirítear dochtúirí agus altraí) agus othair oibríochtúil
|
|
|
|
R1
|
2021
|
An réiteach cianfhaireacháin ‘Maela’ lena gceadaítear cianfhaireachán leighis idir gairmithe sláinte (lena n‑áirítear dochtúirí agus altraí) agus othair, beidh sé oibríochtúil le 3000 prótacal cianfhaireacháin a dhéanfar idir 23/03/2020 agus 07/02/2021.
|
|
1B-8
|
Infheistíocht 2 —
Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Réiteach teilileighis chun cianobair leantach leighis a dhéanamh ar othair
|
Garsprioc
|
Réiteach comhtháite
|
Tá an réiteach a forbraíodh go hinmheánach ar líne agus inrochtana
|
|
|
|
R2
|
2023
|
Tá an réiteach faireacháin nua arna fhorbairt go hinmheánach lenar féidir comhaid leighis othar iarrthóirí tearmainn agus daoine faoi chosaint idirnáisiúnta a chruthú agus a bhainistiú ar líne agus inrochtana.
|
C. COMPONENT 1C — Méadú ar sholáthar tithíochta poiblí inacmhainne agus inbhuanaithe
Is é is cuspóir don chomhpháirt sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg tithíocht a fhorbairt agus soláthar tithíochta inacmhainne inbhuanaithe i Lucsamburg a mhéadú.
Mar chuid den chomhpháirt sin, leis an athchóiriú ar ‘Chomhshocrú Tithíochta 2.0’, cuirtear creat tagartha nua i bhfeidhm le haghaidh tacaíocht rialtais do bhardais chun tionscadail tithíochta nua a chruthú, trí fhoirgnimh nua a thógáil nó tríd an stoc foirgneamh atá ann cheana a athchóiriú.
Trí bheart an Chomhshocraithe Tithíochta 2.0, rannchuidíonn an chomhpháirt sin le haghaidh a thabhairt ar an Moladh Tírshonrach atá dírithe ar Lucsamburg chun ‘beartas eacnamaíoch a chothú a bhaineann le hinfheistíocht maidir (...) leis an soláthar tithíochta a mhéadú, lena n‑áirítear trí dhreasachtaí a mhéadú agus deireadh a chur le bacainní ar thógáil’ (Moladh Tírshonrach 3 2019).
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
C.1. Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú: An Comhshocrú Tithíochta 2.0
I Lucsamburg, cuireann leibhéal ard comhchruinnithe maoine príobháidí agus líon beag dreasachtaí chun talamh a scaoileadh le haghaidh forbartha teorainn le cumas na n‑údarás poiblí dul i ngleic le tearcsholáthar seasta tithíochta, rud a leanann de bheith ag ardú praghsanna i bhfianaise fhás láidir an daonra. Idir an dá linn, leanann féichiúnas teaghlaigh de bheith ag méadú agus is ionann é agus 170 % de OIN in 2018 (ar fiachas morgáiste an chuid is mó de agus a dháiltear go míchothrom, rud a fhágann go bhfuil na teaghlaigh níos boichte níos leochailí).
Sa chomhthéacs sin, leis an athchóiriú sin, cuirfear ‘Comhshocrú Tithíochta 2.0’ i bhfeidhm, mar chreat tagartha chun bardais a spreagadh chun talamh a shlógadh le haghaidh tógála, agus chun teaghaisí a shlógadh le haghaidh athchóirithe, chun tithíocht shóisialta a mhéadú i bhfianaise na heaspa tithíochta inacmhainne, agus chun tógáil scoileanna agus naíolann a spreagadh chun déileáil leis an daonra atá ag dul i méid. Cuireann an scéim seo leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón ‘gComhshocrú Tithíochta 1.0’, atá i bhfeidhm ó 2008 i leith.
Faoin gComhshocrú Tithíochta 2.0, féadfaidh gach bardas ‘coinbhinsiún tosaigh’ a shíniú leis an Stát, rud a chuirfidh ar chumas an bhardais cúnamh a fháil ó ‘chomhairleoir tithíochta’. Má dhéanann sé amhlaidh, bunóidh agus glacfaidh an bardas a straitéis bhardasach féin maidir le forbairt tithíochta (‘Clár logála logánta ‘Clár d’action’ nó PAL). Síneoidh bardais ‘coinbhinsiún cur chun feidhme’ leis an Stát ansin, lena mbaineann oibleagáid ar an mbardas na tionscadail forbartha a shonraítear in PAL a chur chun feidhme, le tacaíocht airgeadais ón Stát ar bhonn na n‑aonad tithíochta inacmhainne a cuireadh ar an margadh cíosa an bhliain roimhe sin.
Leis an gComhshocrú Tithíochta 2.0, cuirfear san áireamh na tosaíochtaí forbartha a leagtar amach sna pleananna earnála agus sa Mháistirchlár náisiúnta nua um Pleanáil Spásúil (PDAT), agus a mhéid a cheadaítear le líon na mbardas sínithe, rannchuideofar le forbairt chomhleanúnach úsáide talún ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn an soláthar tithíochta a mhéadú go hinbhuanaithe. Is é is aidhm don athchóiriú 1200 aonad tithíochta ar a laghad a chur ar an margadh faoi 2025.
Cé gur shínigh formhór na mbardas comhaontú faoin gComhshocrú Tithíochta 1.0, níor tháinig méadú suntasach ar sholáthar tithíochta sóisialta mar thoradh air sin. I gcomparáid lena réamhtheachtaí, forálfar leis an gComhshocrú Tithíochta 2.0 go ndéanfar an t‑imchlúdach airgeadais atá ar fáil le haghaidh aistrithe Stáit chuig bardais a ríomh ar bhonn líon na n‑aonad tithíochta inacmhainne ina gcríoch a chuirtear ar an margadh cíosa le linn na bliana roimhe sin (trí thógáil nó trí éadáil agus trí athchóiriú), agus ní ar bhonn fhás an daonra a thuilleadh. Ina theannta sin, íocfar na ranníocaíochtaí airgeadais a dheonaítear do bhardais ar bhonn chur chun feidhme na dtionscadal arna bhformheas faoi Chomhshocrú Tithíochta 2.0 agus arb é is aidhm dóibh a chuspóirí a bhaint amach. Is príomhchuspóir den athchóiriú é comhar níos dlúithe idir an Stát agus bardais, arb é is aidhm dó acmhainneacht na hearnála poiblí a neartú chun an stoc cónaithe poiblí a mhéadú go fóinteach agus cleachtas na tithíochta cíosa inacmhainne agus inbhuanaithe a mhéadú. Sa chiall sin, foráiltear leis an dréacht‑Chomhaontú Tithíochta 2.0 go mbeidh idir 10 % agus 30 % de gach tionscadal forbartha tiomnaithe do thithíocht inacmhainne a chuirtear ar an margadh cíosa. Leis an athchóiriú, tugtar an deis aghaidh a thabhairt go fóinteach ar threocht an bhoilscithe praghsanna tithe, rud a mheastar freisin a bheith ar cheann de na príomhbhacainní ar infheistíocht agus ar fhás.
C.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
1C-1
|
Athchóiriú — Comhshocrú Tithíochta 2.0
|
Garsprioc
|
Teacht i bhfeidhm Dhlí an Chomhshocraithe Tithíochta 2.0
|
Teacht i bhfeidhm
|
—
|
—
|
—
|
R3
|
2021
|
Teacht i bhfeidhm Dhlí an Chomhshocraithe Tithíochta 2.0, arb é is aidhm dó soláthar tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe a mhéadú ar leibhéal an bhardais. Is é is aidhm don Chomhshocrú Tithíochta comhaontuithe cur chun feidhme a tharraingt suas leis na bardais lena gcumasófar “Clár Gníomhaíochta Tithíochta Áitiúil” a chur chun feidhme.
|
|
1C-3
|
Athchóiriú — Comhshocrú Tithíochta 2.0
|
Cuspóir sonrach
|
Céatadán na mbardas a shínigh comhaontú cur chun feidhme
|
—
|
Céatadán
|
0
|
50
|
R4
|
2022
|
Síniú an chomhaontaithe cur chun feidhme le 50 % ar a laghad de na bardais i Lucsamburg. Sonraítear sa chomhaontú sin, i measc nithe eile, na módúlachtaí chun an tacaíocht airgeadais a bhfuil an bardas ina theideal a íoc.
|
D. COMHCHUID 2A: Iompar a dhícharbónú
Isé is aidhm don chomhpháirt sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg rannchuidiú le dícharbónú na hearnála iompair de bhóthar (arb ionann í agus 50 % d’astaíochtaí Lucsamburg in 2018, níos mó ná dhá oiread mheán an Aontais de 21 %
, i bpáirt mar gheall ar iompar idirthurais), go háirithe trí leictriú méadaithe na soghluaisteachta a chothú.
Is éard atá ann athchóiriú chun ceannach feithiclí astaíochtaí nialasacha nó ísle ó údaráis agus eintitis soláthair a chur chun cinn, agus infheistíocht chun líonra pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a imscaradh a thuilleadh ar fud na tíre.
Rannchuidíonn an chomhpháirt sin le haghaidh a thabhairt ar an Moladh Tírshonrach a dhírítear ar Lucsamburg (Moladh Tírshonrach 3 2019 agus Moladh Tírshonrach 3 2020) chun ‘infheistíocht a dhíriú ar an aistriú glas (...), go háirithe ar iompar inbhuanaithe’.
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
D.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú: Leictriú fhlít na n‑údarás conarthach agus na n‑eintiteas conarthach, agus leictriú an iompair phoiblí
Foráiltear leis an Treoir maidir le Feithiclí Glana nach mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthar feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha spriocanna íosta náisiúnta soláthair d’fheithiclí glana, thar thréimhsí tagartha 5 bliana (38.5 % ar a laghad d’fheithiclí saothair éadroim, 45 % de bhusanna glana agus 10 % d’fheithiclí tromshaothair le linn 2021-2025).
Is éard atá i gceist leis an athchóiriú sin dul thar an oibleagáid sin trína cheangal, ní hamháin nach mór na spriocanna íosta a bhaint amach mar mheán náisiúnta le haghaidh na bhfeithiclí uile a sholáthraítear, ach nach mór do gach údarás conarthach agus eintiteas conarthach iad a bhaint amach freisin.
Ina theannta sin, tá cuspóirí inmheánacha níos airde leagtha síos ag Stát Lucsamburg, mar údarás conarthach, dó féin, agus tá sé beartaithe aige flít na mbusanna a oibríonn an t‑oibreoir iompair phoiblí RGTR a leictriú go hiomlán faoi 2030.
Infheistíocht: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
Is é is aidhm don infheistíocht sin feabhas a chur ar líonra na bpointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ar fud Lucsamburg. Is éard atá i gceist leis an infheistíocht sin scéim tacaíochta a ghlacadh chun tacú le pointí luchtaithe atá inrochtana don phobal agus pointí luchtaithe nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.
D.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
2A-1
|
Athchóiriú: Leictriú fhlít na n‑údarás conarthach agus na n‑eintiteas conarthach, agus leictriú an iompair phoiblí
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic maidir le feithiclí glana a sholáthar
|
Teacht i bhfeidhm
|
—
|
—
|
—
|
R3
|
2021
|
Teacht i bhfeidhm Rialachán an Ard‑Diúic lena sainítear íoschéatadáin na bhfeithiclí glana (feithiclí éadroma, busanna, feithiclí tromshaothair) i measc feithiclí arna soláthar ag conarthaí poiblí atá le baint amach ag gach údarás conarthach agus ag gach eintiteas conarthach le linn na tréimhse 2021-2025
|
|
2A-2
|
Infheistíocht: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
|
Garsprioc
|
Dlí maidir leis an scéim tacaíochta le haghaidh pointí muirearaithe
|
Teacht i bhfeidhm
|
—
|
—
|
—
|
R1
|
2022
|
Teacht i bhfeidhm an dlí lena gcuirtear scéim tacaíochta i bhfeidhm le haghaidh bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha. Cuirfear an scéim tacaíochta ar fáil do chuideachtaí, agus tacóidh sí le pointí muirearaithe a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu nó nach bhfuil.
|
|
2A-4
|
Infheistíocht: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bpointí luchtaithe suiteáilte
|
—
|
Méadracht soláthair
|
0
|
2 986
|
R4
|
2025
|
Líon na bpointí luchtaithe (arna sloinneadh i dtéarmaí méadrachta soláthair) a dtacaíonn an scéim tacaíochta leo, atá suiteáilte.
Ríomhfar an ‘mhéadrach soláthair’ de réir na modheolaíochta a shainítear in Iompar & Comhshaol (2020) tuarascáil (2020) ‘Recharge EU: cé mhéad pointe luchtaithe a bheidh de dhíth ar an Eoraip agus ar a Ballstáit sna 2020idí’, ach an t‑ualach céanna a chur i bhfeidhm maidir le stáisiúin luchtaithe neamhphoiblí agus a chuirtear i bhfeidhm i gcás stáisiúin luchtaithe leathphoiblí.
|
E. COMHPHÁIRT 2B: An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint
Is é is aidhm don chomhpháirt sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg an bhithéagsúlacht agus cosaint agus caomhnú éiceachórais a chothú i Lucsamburg, mar bhealach chun athléimneacht a neartú, go háirithe agus aird á tabhairt ar na naisc idir sláinte an duine agus sláinte na n‑éiceachóras. Áirítear ar na cuspóirí gnáthóga a athchóiriú, leanúnachas éiceolaíochta a mhéadú, agus athléimneacht agus athchóiriú éiceachóras, chomh maith le múscailt feasachta agus comhroinnt eolais leanúnach.
Is éard atá sa chomhpháirt beart amháin, lena gcuimsítear roinnt gnéithe den athchóiriú agus roinnt gnéithe d’infheistíochtaí, chun tacú le hiarrachtaí bardas i ngníomhaíochtaí comhshaoil nádúrtha agus caomhnaithe bithéagsúlachta. Moltar sa bheart plean gníomhaíochta lena n‑ullmhaítear bardais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le meath na bithéagsúlachta agus díghrádú an éiceachórais.
Cé nach dtagraítear sna Moltaí Tírshonracha atá dírithe ar Lucsamburg don chomhshaol nádúrtha agus don bhithéagsúlacht mar dhúshlán sonrach don tír, rannchuidíonn an chomhpháirt sin go ginearálta le Moladh Tírshonrach 3 2020 maidir le ‘infheistíocht a dhíriú ar an aistriú glas (...)’.
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
E.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú agus infheistíocht: ‘Naturpakt’
Is é is aidhm don bheart bardais a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cosanta comhshaoil nádúrtha agus bithéagsúlachta. Is éard atá i gceist leis an mbeart tacú le bardais a shíníonn conradh ‘Naturpakt’ leis an Stát agus deimhniú a bhaint amach dá bhfeidhmíocht.
E.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
2B-1
|
Athchóiriú agus infheistíocht: ‘Naturpakt’
|
Garsprioc
|
Bailchríoch a chur ar chatalóg na mbeart
|
Foilseacháin
|
—
|
—
|
—
|
R3
|
2021
|
Foilsiú chatalóg na mbeart a glacadh a bhaineann le beartais chomhshaoil nádúrtha agus bithéagsúlachta i gcomhthéacs ‘Naturpakt’, is é sin i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.
|
|
2B-2
|
Athchóiriú agus infheistíocht: ‘Naturpakt’
|
Garsprioc
|
Dlí ‘Naturpakt’
|
Teacht i bhfeidhm
|
—
|
—
|
—
|
R4
|
2021
|
Teacht i bhfeidhm an Dlí lena mbunaítear ‘Naturpakt’ lena gceadaítear do bhardais ‘conradh Naturpakt’ a shíniú leis an Stát, trína ngeallann siad gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil nádúrtha agus bithéagsúlachta a chur chun feidhme ar a gcríoch don tréimhse go dtí 2030, agus deimhniú agus fóirdheontais airgeadais ghaolmhara a fháil a luaithe a bheidh leibhéal leordhóthanach feidhmíochta acu i bhfianaise catalóg beart a bhaineann leis an gcomhshaol nádúrtha agus le beartais bhithéagsúlachta.
|
|
2B-5
|
Athchóiriú agus infheistíocht: ‘Naturpakt’
|
Cuspóir sonrach
|
Deimhniú ‘Naturpakt’
|
—
|
Deimhniú
|
0
|
50
|
R1
|
2025
|
Tá 50 bardas san iomlán deimhnithe faoin ‘Naturpakt’, bunaithe ar mheasúnú iniúchóireachta dearfach go bhfuil leibhéal feidhmíochta 40 % den uasscór insroichte bainte amach ag gach bardas.
|
F. COMHPHÁIRT 3A: Geilleagar sonraíbhunaithe a chur chun cinn
Is dúshlán mór don tsochaí í slándáil sonraí pearsanta ós rud é go bhfuil gníomhairí eacnamaíocha agus sóisialta ag brath níos mó agus níos mó ar chumarsáid dhigiteach. Is é is aidhm don chuid sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg, ‘Geilleagar sonraíbhunaithe a chur chun cinn’, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Is é is cuspóir dó bonneagar cumarsáide sárshlán a fhorbairt bunaithe ar theicneolaíocht chandamach agus é mar aidhm leis slándáil na cumarsáide sonraí íogaire a fheabhsú. Tá sé d’aidhm ag an gcomhpháirt sin freisin éiceachóras teicneolaíochta nua a chruthú i Lucsamburg, lena mbeartaítear poist a chruthú agus saineolaithe eolaíocha a mhealladh sa réimse.
Sa chomhthéacs sin, beidh cuid talún ag an mBonneagar Cumarsáide Candamaí (QCI) arna imscaradh, lenar féidir dhá phointe a nascadh le fad uasta 100 km.
Tá an chomhpháirt ceaptha rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na Moltaí Tírshonracha a fuair Lucsamburg in 2019 agus 2020, ina moltar beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a stiúradh chun digitiú agus nuálaíocht a spreagadh. Rannchuidíonn an chomhpháirt leis an aistriú digiteach freisin.
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
F.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú 1: Cruthú éiceachórais teicneolaíochta nua a chothú i Lucsamburg
Tá forbairt agus cur in úsáid na teicneolaíochta cumarsáide candamaí fós ag céim thurgnamhach. Is é is aidhm don athchóiriú atá beartaithe forbairt éiceachórais nua i Lucsamburg a spreagadh i ndáil leis an teicneolaíocht nua sin, agus rannpháirtíocht na gcuideachtaí príobháideacha agus na dtaighdeoirí a spreagadh.
Infheistíocht 1: Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid
Is éard atá i gceist leis an infheistíocht sin an bonneagar taighde is gá a fhorbairt agus a chur in úsáid chun eolas agus taithí a fháil i réimse na cumarsáide atá bunaithe ar theicneolaíocht chandamach. Chun é sin a dhéanamh, cruthófar saotharlann LuxQCI i gcomhar leis an Institiúid Taighde SnT. Tá léiriú amháin le déanamh chun taithí a fháil ar an teicneolaíocht.
F.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
3A-2
|
Athchóiriú 1 — Borradh a chur faoi éiceachóras nua a chruthú i Lucsamburg
|
Cuspóir sonrach
|
Dáileadh Candamach Eochracha
|
|
Líon
|
0
|
2
|
R2
|
2022
|
Nascadh rathúil 2 shuíomh faoi chuimsiú Shaotharlann LuxQCI trí líonra trastíre a bhunú.
|
|
3A-3
|
Infheistíocht 1 — Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid
|
Garsprioc
|
Saotharlann LuxQCI
|
Teacht i bhfeidhm LuxQCI
Saotharlann
|
|
|
|
R3
|
2021
|
Beidh Saotharlann LuxQCI, atá beartaithe chun an saineolas is gá a fháil chun bonneagar cumarsáide candamaí a fhorbairt agus a oibriú, oibríochtúil.
|
|
3A-4
|
Infheistíocht 1 — Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid
|
Garsprioc
|
Tuarascáil ex-post ar dháileadh trasteorann na n‑eochracha candamacha
léiriú ar nasc trastíre
|
An tuarascáil ex-post a chur isteach
|
|
|
|
R1
|
2023
|
Tuarascáil ex-post arna cur isteach ag an gconraitheoir maidir leis an léiriú trasteorann i ndáil le nasc trastíre dáilte eochracha candamacha.
|
G. COMHPHÁIRT 3B: Nuachóiriú an riaracháin phoiblí
Léirigh paindéim COVID‑19 agus na bearta imshrianta go bhfuil géarghá le réitigh dhigiteacha idir-inoibritheacha leordhóthanacha a fhorbairt a thuilleadh do sheirbhísí poiblí agus do riaracháin phoiblí. Tá an chomhpháirt sin dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, trí éifeachtacht agus éifeachtúlacht na riarachán poiblí agus a seirbhísí a mhéadú trína ndigitiú, agus na dúshláin, na riachtanais agus na hionchais atá ag saoránaigh agus ag oifigigh rialtais faoi láthair á gcur san áireamh.
Tá sé beartaithe leis an gcomhpháirt de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg freagairt do na Moltaí Tírshonracha a díríodh ar Lucsamburg in 2019 agus 2020, inar moladh nuálaíocht agus digitiú a chothú, go háirithe san earnáil ghnó, chomh maith le beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a threorú chun digitiú agus nuálaíocht a spreagadh. Rannchuidíonn an chomhpháirt leis an aistriú digiteach freisin.
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
G.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Infheistíocht 1: Bainistiú doiciméad leictreonach agus Bainistiú Cásanna
Is é is aidhm don bheart bainistiú doiciméad sa riarachán poiblí a dhigitiú. Is éard atá i gceist leis an infheistíocht sin ardán lárnach a bhunú chun bainistiú leictreonach doiciméad a sholáthar agus chun sreabhadh oibre comhroinnte idir eintitis rialtais a chumasú.
Infheistíocht 2: MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 1/3 — Ceapacháin fhíorúla
Is é príomhchuspóir na hinfheistíochta sin é a chur ar a gcumas do riaracháin phoiblí coinní fíorúla a thairiscint agus rochtain ar fheidhmiúlachtaí éagsúla a bhunú trí cheapacháin físchomhdhála.
Infheistíocht 2: MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 2/3 — Nósanna imeachta éagsúla ó Shaoránach go Rialtas (C2G) agus Gnó le Rialtas (B2G)
Is é is aidhm d’Infheistíocht 2 12 sheirbhís nua ar líne a thabhairt isteach — atá ailínithe le tosaíochtaí an Rialacháin maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach — chun an tairiscint dhigiteach a leathnú chuig saoránaigh agus gnólachtaí agus próisis riaracháin éagsúla a shimpliú. Mar shampla, tabharfar isteach cur chuige Gnó le Rialtas maidir le hasbhaint cánach fostaithe ionas go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar an bhfaisnéis sin trí MyGuichet. Seirbhís eile a chuirfear i bhfeidhm is ea cur chuige Saoránach i Rialtas a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm ceadanna fiaigh a éascú trí MyGuichet.
Infheistíocht 2: MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 3/3 — Aip mhóibíleach MyGuichet.lu
Is é is aidhm don infheistíocht seo na feidhmiúlachtaí a thairgtear in MyGuichet.lu a aistriú chuig feidhmchlár móibíleach. Beidh an feidhmchlár móibíleach seo ar fáil don phobal i gcoitinne agus is é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtacht na nósanna imeachta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Leis an bhfeidhmchlár, tabharfar rochtain ar fheidhmeanna deisce amhail nósanna imeachta leis an riarachán poiblí, ó ghléas soghluaiste pearsanta. Feidhm eile a chuirfear ar fáil leis an aip seo is ea an fhéidearthacht doiciméid a scanadh. Dá bhrí sin, beidh an fón cliste in ann scanóir a ionadú.
Infheistíocht 3: eADEM
Is é is aidhm don bheart seirbhísí na gníomhaireachta poiblí fostaíochta (ADEM) a dhigitiú. Is éard atá i gceist leis an infheistíocht sin acmhainní TF ADEM a uasghrádú chun go mbeidh rochtain ag an bpobal ar nósanna imeachta riaracháin digiteacha trí thairseach phoiblí ar líne.
Infheistíocht 4: Ardán náisiúnta chun suirbhéanna poiblí a bhainistiú
Is é is aidhm don bheart tacú le hardán náisiúnta a fhorbairt chun suirbhéanna poiblí a bhainistiú. Is éard atá i gceist leis an infheistíocht sin ardán náisiúnta a chruthú lenar féidir le riaracháin phoiblí suirbhéanna poiblí a bhainistiú agus a chruthú.
G.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
3B-1
|
Infheistíocht 1 — Bainistiú Leictreonach Doiciméad agus Bainistiú Cásanna
|
Garsprioc
|
Teacht i bhfeidhm ardáin lárnaigh le haghaidh bainistiú doiciméad leictreonach agus bainistiú cásanna.
|
Teacht i bhfeidhm ardáin iomláin
|
|
|
|
R4
|
2021
|
Ardán lárnach lenar féidir doiciméid a bhainistiú go leictreonach agus doiciméid a mhalartú idir riaracháin phoiblí, beidh sé oibríochtúil, rud a chuirfidh feabhas ar bhainistiú doiciméad ag riaracháin phoiblí.
|
|
3B-4
|
Infheistíocht 1 — Bainistiú Leictreonach Doiciméad agus Bainistiú Cásanna
|
Cuspóir sonrach
|
GED agus Bainistiú Cásanna le sreabhadh oibre comhroinnte idir eintitis rialtais
|
|
Líon
|
0
|
5
|
R2
|
2024
|
Cuirfear réiteach aonair maidir le bainistiú doiciméad leictreonach agus bainistiú cásanna ar fáil do chúig eintiteas rialtais. Beidh trí mhodúl san ardán a bhaineann le huathoibriú nósanna imeachta caighdeánacha. Bunófar nasc idir dhá eintiteas rialtais chun sreabhadh oibre comhroinnte a chumasú.
|
|
3B-5
|
Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 1/3: Coinne fhíorúil
|
Garsprioc
|
Céim 1 den
Malartú trí fhíschomhdháil
|
Cur chun feidhme an bhonneagair is gá chun coinní fíorúla a chur ar fáil
|
|
|
|
R2
|
2022
|
Tionscadal bonneagair a chur chun feidhme lena gcuirtear ar chumas beirte malartú trí fhíschomhdháil lena mbrabhsálaithe gréasáin. Baineann sé sin le ceapacháin fhíorúla idir saoránaigh nó gnólachtaí agus an riarachán poiblí.
|
|
3B-6
|
Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 1/3: Coinne fhíorúil
|
Garsprioc
|
Céim 2 den Mhalartú trí fhíschomhdháil
|
Na ceapacháin fhíorúla a thabhairt isteach laistigh de MyGuichet.lu
|
|
|
|
R4
|
2022
|
Feidhmiúlacht na gceapachán físchomhdhála a bheith ar fáil do MyGuichet.lu (an próiseas ceapacháin a choigeartú, scáileán liosta na gceapachán a oiriúnú, an seomra feithimh a fhorbairt, na spásanna pearsanta a oiriúnú chun féachaint ar na coinní a rinneadh).
|
|
3B-7
|
Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 2/3: Cineálacha éagsúla cur chuige C2G agus B2G
|
Cuspóir sonrach
|
12 sheirbhís nua
|
|
Líon
|
0
|
12
|
R4
|
2022
|
12 sheirbhís nua a chur chun feidhme agus a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, a bhfuil rochtain orthu trí MyGuichet.lu.
|
|
3B-8
|
Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 3/3: Aip Soghluaiste MyGuichet.lu
|
Garsprioc
|
Leagan móibíleach de MyGuichet (lucht féachana srianta) a chur in úsáid
|
Leagan móibíleach de MyGuichet ar fáil do lucht féachana srianta
|
|
|
|
R2
|
2021
|
Leagan móibíleach de MyGuichet oibríochtúil a chur in úsáid agus ar fáil le haghaidh raon feidhme teoranta úsáideoirí.
|
|
3B-9
|
Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 3/3: Aip Soghluaiste MyGuichet.lu
|
Garsprioc
|
Leagan móibíleach MyGuichet.lu a chur in úsáid don phobal i gcoitinne
|
Leagan móibíleach MyGuichet ar fáil don phobal i gcoitinne
|
|
|
|
R3
|
2021
|
Leagan soghluaiste de MyGuichet.lu a chur in úsáid atá ar fáil don phobal i gcoitinne.
|
|
3B-10
|
Infheistíocht 3 — ‘eADEM’
|
Garsprioc
|
Straitéis ADEM 2025 a chruthú don chéim anailíseach
|
Glacadh Straitéis ADEM 2025
|
|
|
|
R4
|
2021
|
Straitéis ADEM 2025 agus clár oibre meántéarmach glactha. Is é an cuspóir a bheidh ann foireann ADEM (Agence pour le développement de l’emploi) a shlógadh chun dul i ngleic leis na dúshláin maidir leis an gclaochlú oibríochtúil agus digiteach a eascraíonn as ‘eADEM’.
|
|
3B-12
|
Infheistíocht 3 — ‘eADEM’
|
Garsprioc
|
Nósanna imeachta riaracháin digiteacha atá nasctha le eADEM
|
Tá rochtain ag an bpobal ar nósanna imeachta riaracháin digiteacha a bhaineann le eADEM
|
|
|
|
R2
|
2026
|
tá rochtain ag an bpobal ar eADEM. Tá rochtain ag an bpobal ar nósanna imeachta riaracháin digiteacha atá nasctha le eADEM tríd an ardán MyGuichet.
|
|
3B-13
|
Infheistíocht 4 — Ardán náisiúnta chun imscrúduithe poiblí a bhainistiú
|
Garsprioc
|
Ardán náisiúnta a chruthú chun suirbhéanna poiblí agus doiciméid ghaolmhara a bhainistiú agus a fhoilsiú
|
Ardán náisiúnta a chruthú
|
|
|
|
R1
|
2021
|
Beidh ardán náisiúnta ar fáil do gach riarachán poiblí a eagraíonn suirbhéanna poiblí a bhfuil na príomhfheidhmiúlachtaí acu, lena n‑áirítear suirbhéanna poiblí agus doiciméid ghaolmhara a bhainistiú agus a fhoilsiú agus an deis a bheith ag an bpobal i gcoitinne aighneacht ar líne a chur isteach.
|
|
3B-14
|
Infheistíocht 4 — Ardán náisiúnta chun suirbhéanna poiblí a bhainistiú
|
Cuspóir sonrach
|
Próiseas lánpháirtíochta an ardáin náisiúnta
|
|
Líon
|
0
|
90
|
R4
|
2023
|
Tá rochtain ag 90 bardas ar an ardán náisiúnta agus beidh siad in ann suirbhéanna poiblí a chruthú agus a bhainistiú.
|
H. COMHPHÁIRT 3C: Geilleagar trédhearcach cothrom a chur chun cinn
Sa chuid sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg, tá beart a bhaineann le nuachóiriú an chánachais chorparáidigh, is é sin dlí lena dtoirmisctear asbhaintí chun críoch cánach corparáide ar leasanna agus ríchíosanna a íoctar le gnóthais ghaolmhara atá bunaithe i ndlínsí a áirítear ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach.
Mar chomhlánú ar an mbeart sin, léirítear leis an gcomhpháirt go ndéanfaidh Lucsamburg measúnú tionchair ar an dlí thuasluaite, ‘d’fhonn bonn eolais a chur faoin bplé maidir leis an mbeart a leathnú chuig tríú dlínsí seachas iad siúd a áirítear ar liosta an Aontais maidir le dlínsí cánach neamh‑chomhoibríocha’.
Léirítear sa chomhpháirt freisin go leanfaidh Lucsamburg de dhearcadh cuiditheach a ghlacadh sa phlé leanúnach agus sa phlé atá ar na bacáin maidir le nuachóiriú chóras fioscach an Aontais agus an chórais fhioscaigh idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cuideachtaí, go háirithe mar chuid de Chreat Cuimsitheach ECFE i gcomhthéacs na dtionscnamh a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí dar teideal Business Taxation for the 21 Stentury [Cánachas Gnódon 21ú hAois].
Tá bearta sa chomhpháirt sin freisin maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, a mheastar a rannchuideoidh leis anMoladh a bhaineann go sonrach le Cuntry chun maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach an chreata frithsciúrtha airgid a áirithiú a mhéid a bhaineann le gairmithe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe agus cuideachta, agus seirbhísí infheistíochta.
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil DNSH (2021/C58/01).
H.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú 1: Nuachóiriú an chánachais chorparáidigh
Is éard atá san athchóiriú sin beart reachtach lena dtoirmisctear asbhaintí leasanna agus ríchíosanna chun críoch cánach ioncaim corparáidí a íoctar le gnóthais ghaolmhara atá bunaithe i ndlínsí a áirítear ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach. Leis an athchóiriú sin, cuirtear chun feidhme comhaontú ar thángthas air ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag 2019.
Athchóiriú 2: An comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta
Is é is cuspóir don athchóiriú seo an creat a threisiú chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (TF) a chomhrac, ar creat é is infheidhme maidir le gairmithe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe agus cuideachta, agus seirbhísí infheistíochta.
Is éard atá i gceist leis na bearta gaolmhara na forálacha náisiúnta maidir leis an gcomhrac in aghaidh ML agus TF a threisiú, measúnuithe riosca ML/TF a fhoilsiú, athbhreithniú a dhéanamh ar chreat reachtach agus uirlisí digiteacha Chlár Gnó Lucsamburg agus an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse iontaoibhe agus cuideachta a threisiú.
H.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
3C-1
|
Athchóiriú 1 — Cánachas corparáideach a nuachóiriú
|
Garsprioc
|
Gníomh an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear gníomh leasaithe an 4 Nollaig 1967 maidir le cáin ioncaim (dréachtghníomh Uimh. 7547 roimhe seo)
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh
|
—
|
—
|
—
|
R1
|
2021
|
Teacht i bhfeidhm Ghníomh an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear gníomh leasaithe an 4 Nollaig 1967 maidir le cáin ioncaim (dréachtghníomh Uimh. 7547 roimhe seo) lena dtugtar isteach, chun críocha cánach ioncaim corparáidí, neamh‑inasbhainteacht úis agus ríchíosanna a íoctar le gnóthais ghaolmhara atá bunaithe i ndlínsí cánach neamh‑chomhoibríocha.
|
|
3C-2
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Gníomh an 25 Márta 2020 maidir le AML
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh
|
|
|
|
R1
|
2020
|
Teacht i bhfeidhm Ghníomh an 25 Márta 2020 lena leasaítear gníomh leasaithe an 12 Samhain 2004 maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.
|
|
3C-3
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Foraithne ón Ard‑Diúchas an 14 Lúnasa 2020 maidir le AML
|
Teacht i bhfeidhm foraithne ard‑diúchta
|
|
|
|
R3
|
2020
|
Teacht i bhfeidhm fhoraithne Ard‑Diúchach an 14 Lúnasa 2020 lena leasaítear foraithne na hArd‑Dhúise an 1 Feabhra 2010 lena sonraítear forálacha áirithe d’Acht leasaithe an 12 Samhain 2004 maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.
|
|
3C-4
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Measúnú riosca ingearach i réimse mhaoiniú na sceimhlitheoireachta
|
Measúnú riosca a fhoilsiú
|
|
|
|
R2
|
2021
|
Tar éis don Choiste um Chosc ML/TF an Measúnú Riosca Ingearach ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta a ghlacadh, measúnú riosca ar na bagairtí atá os comhair Lucsamburg a bheith ina chainéal chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú
|
|
3C-5
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Measúnú riosca earnála ar dhaoine dlítheanacha
|
Measúnú riosca a fhoilsiú
|
|
|
|
R4
|
2021
|
Measúnú Riosca Earnála ar Dhaoine Dlíthiúla a fhoilsiú.
|
|
3C-6
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Nuashonrú 2020 ar an Measúnú Riosca Náisiúnta
|
Measúnú riosca a fhoilsiú
|
|
|
|
R4
|
2020
|
Foilsiú nuashonrú 2020 ar an Measúnú Riosca Náisiúnta ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta.
|
|
3C-7
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Clár Gnó Lucsamburg
|
Teacht i bhfeidhm gnímh reachtaigh
|
|
|
|
R4
|
2025
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh lena leathnaítear cumhachtaí smachtbhannaí, rialaithe agus feidhmiúcháin Chlár Gnó Lucsamburg.
Tá suíomh gréasáin uasghrádaithe Chlár Gnó Lucsamburg ar líne agus inrochtana.
|
|
3C-8
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Bailchríoch a chur ar an staidéar ar atreisiú an chórais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus cuideachta
|
Staidéar a thabhairt chun críche
|
|
|
|
R4
|
2021
|
Bailchríoch a chur ar an staidéar ar atreisiú an chórais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse iontaobhais agus cuideachta.
|
|
3C-9
|
Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh lena dtreisítear an córas is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse iontaobhais agus cuideachta
|
Teacht i bhfeidhm gnímh reachtaigh
|
|
|
|
R3
|
2023
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh lena dtreisítear an córas is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse iontaobhais agus cuideachta.
|
J. COMPONENT 4A — caibidil REPowerEU
Tá caibidil REPowerEU bunaithe ar cheithre bheart agus rannchuidíonn sí le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe ghlais, go háirithe an gá atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a fheabhsú, dlús a chur le forbairt acmhainneachta giniúna breise ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite, spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú, agus infhaighteacht agus inrochtaineacht iompair astaíochtaí nialasacha a fheabhsú.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí chaibidil REPowerEU:
-cur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú agus dlús a chur leis trí tháirgeadh inbhuanaithe bithgháis a chur chun cinn agus trí chur in úsáid acmhainneachta giniúna cumhachta fótavoltaí a mhéadú;
-borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite i dtithíocht a chur chun cinn;
-soláthar iompair inbhuanaithe agus astaíochtaí nialasacha a neartú trí thacú le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil.
Rannchuidíonn caibidil REPowerEU le haghaidh a thabhairt ar na Moltaí Tírshonracha maidir leis an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú (Moladh Tírshonrach 4.1 in 2022 agus 4.1 in 2023) trí dhlús a chur le húsáid fuinnimh in‑athnuaite, go háirithe gléasraí cumhachta fótavoltacha agus bithmheatán inbhuanaithe, chomh maith le bearta breise a chur chun feidhme a thacaíonn le héifeachtúlacht fuinnimh i dtithíocht (Moladh 4.4 a Bhaineann go Sonrach le Tír Faoi Leith in 2022 agus 4.3 in 2023). Ina theannta sin, tríd an bhflít gluaisteán a leictriú, rannchuidíonn an chaibidil le haghaidh a thabhairt ar an moladh chun leictriú iompair a chur chun cinn (Moladh Tírshonrach 4.6 in 2022 agus 4.5 in 2023).
Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhpháirt seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar an mbeart agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir le Treoir Theicniúil C(2023)6465 final maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.
J.1. Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Athchóiriú: Táirgeadh inbhuanaithe bithgháis a chur chun cinn
Is é is aidhm don athchóiriú sin táirgeadh agus glacadh bithgháis inbhuanaithe a mhéadú. Is éard atá san athchóiriú athbhreithniú ar scéim tacaíochta bithgháis inbhuanaithe Lucsamburg atá ann cheana.
Infheistíocht 1: Éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn i dtithíocht
Is é cuspóir na hinfheistíochta sin éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite san earnáil tithíochta a mhéadú. Is éard atá sa bheart tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’idirghabhálacha in aonaid tithíochta chun éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú.
Infheistíocht 2: Soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus soghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn
Is é is aidhm don infheistíocht sin leictriú fhlít gluaisteán Lucsamburg a spreagadh agus soghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn. Is éard atá i gceist leis an infheistíocht tacaíocht airgeadais a sholáthar chun feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil.
Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó
Is é is aidhm don infheistíocht sin úsáid giniúna cumhachta fótavoltaí i Lucsamburg a chothú. Is éard atá ann fóirdheontais a bhronntar ar ghnólachtaí chun aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí de thoilleadh is mó ná 30 kWc a shuiteáil ina n‑áitreabh.
Leis an mbeart sin, ní cheadaítear tacaíocht a thabhairt do láithreáin atá cláraithe mar shuiteálacha CTA ach amháin i gcás nach ndéanann na hidirghabhálacha difear d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin na suiteála CTA sin agus, dá bhrí sin, gur gníomhaíochtaí iad nach bhfuil laistigh de theorainneacha suiteála CTA.
Infheistíocht 4: Beart méadaithe: Infheistíocht [2A-4]: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
Is é cuspóir na hinfheistíochta seo infheistíocht a mhéadú [2A-4]: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe faoi chomhchuid 2A.
Is éard atá sa chuid mhéadaithe den bheart seo scéim tacaíochta chun tacú le pointí luchtaithe atá inrochtana don phobal agus pointí luchtaithe nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.
J.2. Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
4A-1
|
Athchóiriú 1 — Táirgeadh inbhuanaithe bithgháis a chur chun cinn
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic lena n‑athchóirítear an scéim tacaíochta inbhuanaithe bithgháis
|
Teacht i bhfeidhm an Rialacháin Ard‑Diúcach lena n‑athchóirítear an scéim tacaíochta inbhuanaithe bithgháis
|
|
|
|
R4
|
2024
|
Teacht i bhfeidhm Rialachán an Ard‑Diúic lena n‑athchóirítear na scéimeanna tacaíochta bithgháis inbhuanaithe chun dreasachtaí a mhéadú maidir le húsáid aoiligh i gcóimheas maise 90 % ar a laghad agus chun catagóirí nua taraifí a chruthú le haghaidh suiteálacha beaga.
Áiritheofar le Rialachán an Ard‑Diúic go gcomhlíonfaidh an bithghás lena mbaineann na critéir inbhuanaitheachta, na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na rialacha maidir le barra bia agus beatha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn.
|
|
4A-2
|
Infheistíocht 1 — Éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn i dtithíocht
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic lena leagtar síos treoirlínte don scéim cabhrach lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite i dtithíocht chun cinn
|
Teacht i bhfeidhm Rialachán an Ard‑Diúic lena n‑athchóirítear an scéim chun éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite sa tithíocht a chur chun cinn
|
|
|
|
R2
|
2022
|
Teacht i bhfeidhm Rialachán an Ard‑Diúic lena leagtar síos na treoirlínte maidir leis an scéim cabhrach chun inbhuanaitheacht, úsáid réasúnach fuinnimh agus fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn san earnáil tithíochta.
|
|
4A-3
|
Infheistíocht 1 — Éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn i dtithíocht
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bhformheasanna deontais le haghaidh tionscadail fuinnimh tithíochta
|
|
Líon
|
0
|
6 290
|
R3
|
2026
|
Formheasanna deontais le haghaidh 6290 tionscadal fuinnimh tithíochta a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:
• tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh;
• suiteálacha fótavoltacha;
• suiteálacha teirmeacha gréine;
• coirí adhmadadhainte;
• teaschaidéil.
|
|
4A-4
|
Infheistíocht 2 — Soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ghníomhach a chur chun cinn
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic lena leagtar síos treoirlínte don scéim cabhrach lena dtacaítear le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil
|
Teacht i bhfeidhm Rialachán an Ard‑Diúic lena n‑athchóirítear an scéim lena dtacaítear le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil
|
|
|
|
R3
|
2022
|
Teacht i bhfeidhm Rialachán an Ard‑Diúic lena leagtar síos na treoirlínte maidir leis an scéim cabhrach chun feithiclí bóthair ag a bhfuil astaíochtaí nialasacha agus ísle CO2 a chur chun cinn.
|
|
4A-5
|
Infheistíocht 2 — Soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ghníomhach a chur chun cinn
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a fhaightear trí cheannach, léas nó cíos
|
|
Líon
|
0
|
27 419
|
R1
|
2025
|
Fuarthas 27419 feithicil astaíochtaí nialasacha.
|
|
4A-6
|
Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó
|
Cuspóir sonrach
|
Toilleadh fótavoltach suiteáilte na n‑aonad giniúna cumhachta in áitribh ghnó
|
|
MWC
|
0
|
25
|
R4
|
2024
|
25 MWc d’acmhainneacht fhótavoltach na n‑aonad giniúna cumhachta atá suiteáilte in áitribh ghnó.
|
|
4A-7
|
Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó
|
Cuspóir sonrach
|
Toilleadh fótavoltach suiteáilte na n‑aonad giniúna cumhachta in áitribh ghnó
|
|
MWC
|
25
|
74.69
|
R3
|
2026
|
74.69 MWc d’acmhainneacht fhótavoltach na n‑aonad giniúna cumhachta atá suiteáilte in áitribh ghnó.
|
|
4A-8
|
Infheistíocht 4: Beart méadaithe: Infheistíocht [2A-4]: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bpointí luchtaithe suiteáilte
|
—
|
Méadracht soláthair
|
2 986
|
3 200
|
R2
|
2026
|
Líon na bpointí luchtaithe (arna sloinneadh i dtéarmaí méadrachta soláthair) a dtacaíonn an scéim tacaíochta leo, atá suiteáilte.
Ríomhfar an ‘mhéadrach soláthair’ de réir na modheolaíochta a shainítear in Iompar & Comhshaol (2020) tuarascáil (2020) ‘Recharge EU: cé mhéad pointe luchtaithe a bheidh de dhíth ar an Eoraip agus ar a Ballstáit sna 2020idí’, ach an t‑ualach céanna a chur i bhfeidhm maidir le stáisiúin luchtaithe neamhphoiblí agus a chuirtear i bhfeidhm i gcás stáisiúin luchtaithe leathphoiblí.
|
I. INIÚCHADH AGUS RIALÚ
I.1.
Tuairisc ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí do thacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
Córas stórais chun na sonraí ábhartha uile a bhaineann le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta a thaifeadadh agus a stóráil — garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach, sonraí maidir le faighteoir deiridh, conraitheoirí, fochonraitheoirí agus úinéirí tairbhiúla — beidh sé oibríochtúil sula gcuirfear isteach an chéad iarraidh ar íocaíocht. Sula ndéanfar an chéad iarraidh ar íocaíocht, cuirfidh Lucsamburg tuarascáil iniúchóireachta thiomnaithe isteach freisin lena ndeimhneofar éifeachtacht fheidhmiúlachtaí íosta chóras an stóir lárnaigh.
Ina theannta sin, sula gcuirfear isteach an chéad iarraidh ar íocaíocht, cuirfidh Lucsamburg bailchríoch ar chur chun feidhme nósanna imeachta breise chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint mar a thuairiscítear i gCuid III, Caibidil 4 maidir le Cur Chun Feidhme, fochaibidil x agus Caibidil 6 maidir le hIniúchóireacht agus Rialuithe fochaibidil xi den Phlean. Ba cheart don dearbhú bainistíochta agus don achoimre ar iniúchtaí a ghabhann leis an iarraidh ar íocaíocht a stádas cur chun feidhme a dheimhniú agus aon laigí gaolmhara a aimsíodh agus aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh nó atá beartaithe a shainaithint.
I.2.
Garspriocanna, spriocanna, táscairí agus amchlár le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme maidir le tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
Táscairí cáilíochtúla
(i gcás garspriocanna)
|
Táscairí cainníochtúla
(i gcás spriocanna)
|
Amlíne tháscach maidir le cur i gcrích
|
Tuairisc ar gach garsprioc agus sprioc
|
|
|
|
|
|
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne
|
Cuspóir
|
Ráithe
|
Bhliain
|
|
|
AC-1
|
Faireachán agus cur chun feidhme an phlean
|
Garsprioc
|
Córas Stórais um Iniúchadh agus Rialú: faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF
|
Tuarascáil iniúchóireachta lena ndeimhnítear feidhmiúlachtaí an chórais stóir
|
|
|
|
Roimh an gcéad iarraidh ar íocaíocht
|
Roimh an gcéad iarraidh ar íocaíocht
|
Beidh córas stóir i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF agus beidh sé oibríochtúil.
Áireofar sa chóras, ar a laghad, na feidhmiúlachtaí seo a leanas:
(a) sonraí a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar bhaint amach garspriocanna agus spriocanna;
(b) rochtain ar na sonraí a cheanglaítear le hAirteagal 22(2) pointí (d)(i) go (iii) de Rialachán RRF a bhailiú, a stóráil agus a áirithiú.
|
|
AC-2
|
Faireachán agus cur chun feidhme an phlean
|
Garsprioc
|
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
|
Nósanna imeachta a chur chun feidhme
|
|
|
|
Roimh an gcéad iarraidh ar íocaíocht
|
Roimh an gcéad iarraidh ar íocaíocht
|
Bailchríoch a chur ar chur chun feidhme nósanna imeachta breise chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint mar a chuirtear i láthair i gCuid III, Caibidil 4 maidir le Cur Chun Feidhme, fochaibidil x agus Caibidil 6 maidir le hIniúchóireacht agus Rialuithe fochaibidil xi den Phlean, atá le comhlánú sula gcuirfidh údaráis Lucsamburg an chéad iarraidh ar íocaíocht isteach.
|
2.Costas iomlán measta an phlean téarnaimh agus athléimneachta
Is é EUR 241100776 costas measta iomlán phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg lena n‑áirítear caibidil REPowerEU. Is é EUR 176746699 costas measta iomlán chaibidil REPowerEU. Go háirithe, is é EUR 0 costas measta iomlán na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 21c(3), pointe (a) de Rialachán (AE) 2023/435, agus is é EUR 176746699 costas na mbeart eile i gcaibidil REPowerEU.
ROINN 2: TACAÍOCHT AIRGEADAIS
Ranníocaíocht
1.1.An Chéad Suiteáil (tacaíocht neamh‑inaisíoctha):
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart Gaolmhar
(Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
|
|
|
|
|
|
AC-1
|
AC: Faireachán agus cur chun feidhme an phlean
|
Garsprioc
|
Córas Stórais um Iniúchadh agus Rialú: faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF
|
|
3C-2
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Gníomh an 25 Márta 2020 maidir le AML
|
|
1A-1
|
1A: Athchóiriú 1 — Skillsdësch
|
Garsprioc
|
Seoladh “Skillsdësch”
|
|
1B-1
|
1B: Athchóiriú 1 — Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Gesondheetsdësch
|
Garsprioc
|
Céim thosaigh agus ullmhúcháin phróiseas ‘Gesondheetsdësch’ arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na sé thosaíocht théamacha.
|
|
3C-3
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Foraithne ón Ard‑Diúchas an 14 Lúnasa 2020 maidir le AML
|
|
3C-6
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Nuashonrú 2020 ar an Measúnú Riosca Náisiúnta
|
|
1A-3
|
1A: Infheistíocht 1 — Scileanna sa Todhchaí
|
Garsprioc
|
Comhaontú ag comhpháirtithe maidir leis an ‘gcéim oibríochtúil’
|
|
1B-7
|
1B: Infheistíocht 2-Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Réiteach teilileighis chun cianobair leantach leighis a dhéanamh ar othair
|
Garsprioc
|
‘Maela’
|
|
3B-13
|
3B: Infheistíocht 4 — Ardán náisiúnta chun imscrúduithe poiblí a bhainistiú
|
Garsprioc
|
Ardán náisiúnta a chruthú chun suirbhéanna poiblí agus doiciméid ghaolmhara a bhainistiú agus a fhoilsiú
|
|
3C-1
|
3C: Athchóiriú 1 — Cánachas corparáideach a nuachóiriú
|
Garsprioc
|
Gníomh an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear gníomh leasaithe an 4 Nollaig 1967 maidir le cáin ioncaim (dréachtghníomh Uimh. 7547 roimhe seo)
|
|
3B-8
|
3B: Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 3/3: Aip Soghluaiste MyGuichet.lu
|
Garsprioc
|
Leagan móibíleach de MyGuichet (lucht féachana srianta) a chur in úsáid
|
|
3C-4
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Measúnú riosca ingearach i réimse mhaoiniú na sceimhlitheoireachta
|
|
1C-1
|
1C: Athchóiriú — Comhshocrú Tithíochta 2.0
|
Garsprioc
|
Teacht i bhfeidhm Dhlí an Chomhshocraithe Tithíochta 2.0
|
|
2A-1
|
2A: Athchóiriú: Leictriú fhlít na n‑údarás conarthach agus na n‑eintiteas conarthach, agus leictriú an iompair phoiblí
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic maidir le feithiclí glana a sholáthar
|
|
2B-1
|
2B: Athchóiriú agus infheistíocht: ‘Naturpakt’
|
Garsprioc
|
Bailchríoch a chur ar chatalóg na mbeart
|
|
3A-3
|
3A: Infheistíocht 1- Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid
|
Garsprioc
|
Saotharlann LuxQCI
|
|
3B-9
|
3B: Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 3/3: Aip Soghluaiste MyGuichet.lu
|
Garsprioc
|
Leagan móibíleach MyGuichet.lu a chur in úsáid don phobal i gcoitinne
|
|
1A-4
|
1A: Infheistíocht 1 — Scileanna sa Todhchaí
|
Cuspóir sonrach
|
Rannpháirtithe FutureSkills os cionn 45 bliana d’aois
|
|
1A-5
|
1A: Infheistíocht 1 — Scileanna sa Todhchaí
|
Cuspóir sonrach
|
Rannpháirtithe FutureSkills
|
|
1B-2
|
1B: Athchóiriú 1 — Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Gesondheetsdësch
|
Garsprioc
|
An clár oibre
|
|
2B-2
|
2B: Athchóiriú agus infheistíocht: ‘Naturpakt’
|
Garsprioc
|
Dlí ‘Naturpakt’
|
|
3B-1
|
3B: Infheistíocht 1 — Bainistiú Leictreonach Doiciméad agus Bainistiú Cásanna
|
Garsprioc
|
Teacht i bhfeidhm ardáin lárnaigh le haghaidh bainistiú doiciméad leictreonach agus bainistiú cásanna.
|
|
3B-10
|
3B: Infheistíocht 3 — ‘eADEM’
|
Garsprioc
|
Straitéis ADEM 2025 a chruthú don chéim anailíseach
|
|
3C-5
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Measúnú riosca earnála ar dhaoine dlítheanacha
|
|
3C-8
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Bailchríoch a chur ar an staidéar ar atreisiú an chórais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus cuideachta
|
|
AC-2
|
AC: Faireachán agus cur chun feidhme an phlean
|
Garsprioc
|
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
|
|
|
|
Méid na Tráthchoda
|
EUR 24858611
|
1.2.An Dara Suiteáil (tacaíocht neamh‑inaisíoctha):
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart Gaolmhar
(Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
|
|
|
|
|
|
2A-2
|
2A: Infheistíocht: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
|
Garsprioc
|
Dlí maidir leis an scéim tacaíochta le haghaidh pointí muirearaithe
|
|
1A-2
|
1A: Athchóiriú 1 — Skillsdësch
|
Garsprioc
|
Seoladh na gairmoiliúna (“droichid scileanna”)
|
|
3A-2
|
3A: Athchóiriú 1 — Borradh a chur faoi éiceachóras nua a chruthú i Lucsamburg
|
Cuspóir sonrach
|
Dáileadh Candamach Eochracha
|
|
3B-5
|
3B: Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 1/3: Coinne fhíorúil
|
Garsprioc
|
Céim 1 den Mhalartú trí fhíschomhdháil
|
|
1B-6
|
1B: Infheistíocht 1 — Athléimneacht an Chórais Sláinte a Neartú — Clár Aonair Digiteach na nGairmeacha Sláinte
|
Cuspóir sonrach
|
An clár digiteach nua a chur ar fáil
|
|
1C-3
|
1C: Athchóiriú — Comhshocrú Tithíochta 2.0
|
Cuspóir sonrach
|
Céatadán na mbardas a shínigh comhaontú cur chun feidhme
|
|
3B-6
|
3B: Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 1/3: Coinne fhíorúil
|
Garsprioc
|
Céim 2 den Mhalartú trí fhíschomhdháil
|
|
3B-7
|
3B: Infheistíocht 2 — MyGuichet a fhorbairt — Tionscadal 2/3: Cineálacha éagsúla cur chuige C2G agus B2G
|
Cuspóir sonrach
|
12 sheirbhís nua
|
|
4A-2
|
4A: Athchóiriú — Éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn i dtithíocht
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic lena leagtar síos treoirlínte don scéim cabhrach lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite i dtithíocht chun cinn
|
|
4A-4
|
4A: Soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus soghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic lena leagtar síos treoirlínte don scéim cabhrach lena dtacaítear le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil
|
|
|
|
Méid na Tráthchoda
|
EUR 59891672
|
1.3.An Tríú Suiteáil (tacaíocht neamh‑inaisíoctha):
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart Gaolmhar
(Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
|
|
|
|
|
|
1B-4
|
1B: Athchóiriú 2 — Athléimneacht an Chórais Sláinte a Neartú — Sainchúraimí gairmithe sláinte a athchóiriú
|
Garsprioc
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar ghairmeacha cúraim sláinte agus bearta nua a thabhairt isteach laistigh de struchtúir ospidéil
|
|
1B-8
|
1B: Infheistíocht 2-Athléimneacht an chórais sláinte a neartú — Réiteach teilileighis le haghaidh cianobair leantach leighis
|
Garsprioc
|
Réiteach comhtháite
|
|
2B-5
|
2B: Athchóiriú agus infheistíocht: ‘Naturpakt’
|
Cuspóir sonrach
|
Deimhniú ‘Naturpakt’ ar 50 bardas
|
|
3A-4
|
3A: Infheistíocht 1 — Bonneagar tástála agus réitigh nascachta sárshlána a fhorbairt agus a chur in úsáid
|
Garsprioc
|
Tuarascáil ex-post ar dháileadh trasteorann na n‑eochracha candamacha
léiriú ar nasc trastíre
|
|
3B-4
|
3B: Infheistíocht 1 — Bainistiú Leictreonach Doiciméad agus Bainistiú Cásanna
|
Cuspóir sonrach
|
GED agus Bainistiú Cásanna le malartú doiciméad idir eintitis rialtais
|
|
3B-14
|
3B: Infheistíocht 4 — Ardán náisiúnta chun suirbhéanna poiblí a bhainistiú
|
Cuspóir sonrach
|
Próiseas lánpháirtíochta an ardáin náisiúnta
|
|
3C-9
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Teacht i bhfeidhm an ghnímh lena dtreisítear an córas is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse iontaobhais agus cuideachta
|
|
4A-5
|
4A: Infheistíocht 2 — Soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ghníomhach a chur chun cinn
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a fhaightear trí cheannach, léas nó cíos
|
|
4A-1
|
4A: Athchóiriú 1 — Táirgeadh inbhuanaithe bithgháis a chur chun cinn
|
Garsprioc
|
Rialachán an Ard‑Diúic lena n‑athchóirítear an scéim tacaíochta inbhuanaithe bithgháis
|
|
4A-6
|
4A: Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó
|
Cuspóir sonrach
|
Toilleadh fótavoltach suiteáilte na n‑aonad giniúna cumhachta in áitribh ghnó
|
|
|
|
Méid na Tráthchoda
|
EUR 95560498
|
1.4.An ceathrú tráthchuid (tacaíocht neamh‑inaisíoctha):
|
Uimhir sheicheamhach
|
Beart Gaolmhar
(Athchóiriú nó Infheistíocht)
|
Cloch mhíle/Sprioc
|
Ainm
|
|
|
|
|
|
|
2A-4
|
2A: Infheistíocht: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bpointí luchtaithe suiteáilte
|
|
1B-5
|
1B: Athchóiriú 2 — Athléimneacht an Chórais Sláinte a Neartú — Sainchúraimí gairmithe sláinte a athchóiriú
|
Garsprioc
|
Freagrachtaí altraí cúraim ghinearálta
|
|
3C-7
|
3C: Athchóiriú 2 — Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac
|
Garsprioc
|
Claochlú Chlár Gnó Lucsamburg
|
|
4A-3
|
4A: Infheistíocht 1 — Éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn i dtithíocht
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bhformheasanna deontais le haghaidh tionscadail fuinnimh tithíochta
|
|
4A-7
|
4A: Infheistíocht 3: Aonaid giniúna cumhachta fótavoltaí a thógáil in áitribh ghnó
|
Cuspóir sonrach
|
Toilleadh fótavoltach suiteáilte na n‑aonad giniúna cumhachta in áitribh ghnó
|
|
4A-8
|
Infheistíocht 4: Beart méadaithe: Infheistíocht [2A-4]: Scéim tacaíochta le haghaidh pointí luchtaithe
|
Cuspóir sonrach
|
Líon na bpointí luchtaithe suiteáilte
|
|
3B-12
|
3B: Infheistíocht 3 — ‘eADEM’
|
Garsprioc
|
Dhá nós imeachta riaracháin dhigiteacha a bhaineann le eADEM
|
|
|
|
Méid na Tráthchoda
|
EUR 60789995
|
ROINN 3: SOCRUITHE BREISE
1.Socruithe maidir le faireachán agus cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta
Déanfar faireachán agus cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg i gcomhréir leis na socruithe seo a leanas.
Is ar an Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Buiséadacha laistigh den Aireacht Airgeadais a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as an bplean a chur chun feidhme agus feidhmeoidh sí mar roinn bainistíochta agus mar phointe teagmhála aonair don Choimisiún. Beidh an tseirbhís sin freagrach freisin as na hiarrataí ar íocaíocht agus as na dearbhuithe bainistíochta a tharraingt suas agus déanfaidh sí cur chun feidhme an phlean a chomhordú agus faireachán a dhéanamh air. Baileoidh sé freisin na sonraí maidir leis na táscairí arna dtíolacadh ag na faighteoirí deiridh, agus déanfaidh sé na fíoruithe bainistíochta.
Beidh an roinn bainistíochta freagrach as comhiomlánú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis na táscairí a ndéanfaidh sí seiceáil comhsheasmhachta agus, ar bhonn níos ginearálta, rialú cáilíochta ina leith. Beidh an roinn bainistíochta freagrach freisin as na sonraí faireacháin sin a chur in iúl agus a úsáid, sna coistí comhordaithe agus sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme araon.
Déanfaidh an roinn bainistíochta seiceálacha (lena n‑áirítear seiceálacha ar an láthair) ar ghnéithe riaracháin, airgeadais, teicniúla agus fisiceacha na n‑oibríochtaí, ag gach céim de bhainistiú birt a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Déanfar na seiceálacha sin nuair a dhéanfar scrúdú ar bhileoga maoiniúcháin, le linn chur chun feidhme na mbeart agus faireachán a dhéanamh orthu, nuair a chuirtear isteach iarratais ar aisíocaíocht deontas le faighteoirí deiridh agus nuair a dhéantar íocaíochtaí le faighteoirí deiridh.
Ina theannta sin, cuirfear bearta sonracha chun feidhme chun comhlíonadh na rialacha a bhaineann le soláthar poiblí a sheiceáil, chun éilliú a chosc, agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Is í an Chigireacht Ghinearálta Airgeadais (IGF) an t‑údarás iniúchóireachta don phlean téarnaimh agus athléimneachta.
Leanfaidh an t‑údarás iniúchóireachta cur chuige iniúchóireachta bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: iniúchadh bliantúil ar an gcóras (lena gcumhdaítear an córas atá i bhfeidhm chun garspriocanna agus spriocanna a thuairisciú agus lena gcumhdaítear freisin an córas rialaithe inmheánaigh chun calaois, coinbhleacht leasa, éilliú agus maoiniú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú) agus iniúchtaí bliantúla ar oibríochtaí (bunaithe ar shampla leordhóthanach).
Baileofar na sonraí a bhaineann le faighteoirí deiridh a luaithe a thagann siad isteach san oibríocht, rud a dhéantar trí shonraí a iontráil go díreach ag an roinn bainistíochta nó trí shonraí a allmhairiú trí chomhad Excel allmhairiúcháin. Déanfar na sonraí a bhaileofar ar an mbealach sin a iontráil go díreach sa chóras faisnéise nó a iompórtáil trí chomhaid.
2.Socruithe chun rochtain iomlán a sholáthar don Choimisiún ar na bunsonraí
Tá an Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Buiséadacha laistigh den Aireacht Airgeadais, mar an comhlacht lárnach comhordúcháin do phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg agus dá chur chun feidhme, freagrach as comhordú agus faireachán foriomlán an phlean. Go háirithe, feidhmíonn sé mar chomhlacht comhordaithe chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le garspriocanna agus spriocanna, chun faireachán a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, chun gníomhaíochtaí rialaithe a chur chun feidhme agus mar phointe teagmhála aonair don Choimisiún. Beidh an tseirbhís sin freagrach freisin as na hiarrataí ar íocaíocht agus as na dearbhuithe bainistíochta a tharraingt suas. Comhordóidh sé tuairisciú garspriocanna agus spriocanna, táscairí ábhartha, ach freisin faisnéis airgeadais cháilíochtúil agus sonraí eile, amhail na sonraí maidir leis na táscairí arna dtíolacadh ag na faighteoirí deiridh trí chóras tiomnaithe TF, agus déanfaidh sé na fíoruithe bainistíochta. Is í an Chigireacht Ghinearálta Airgeadais (IGF) an t‑údarás iniúchóireachta don phlean téarnaimh agus athléimneachta.
I gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/241, nuair a bheidh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha comhaontaithe i Roinn 2.1 den Iarscríbhinn seo curtha i gcrích, cuirfidh Lucsamburg iarraidh chuí‑réasúnaithe ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin. Áiritheoidh Lucsamburg, arna iarraidh sin, go mbeidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar na bunsonraí ábhartha a thacaíonn leis an údar cuí atá leis an iarraidh ar íocaíocht, chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2021/241 agus chun críocha iniúchóireachta agus rialaithe araon.