AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.10.2025
COM(2025) 639 final
2025/0322(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena gcuirtear chun feidhme an clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 3 Meán Fómhair 2025, ghlac an Coimisiún Eorpach tograí le haghaidh cinntí ón gComhairle maidir le dhá ionstraim dlí a shíniú agus a thabhairt i gcrích: 1)
An Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, agus an Cómhargadh Theas, Poblacht na hAirgintíne, Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Poblacht Pharagua agus Poblacht Oirthearach Uragua (dá ngairtear ‘Comhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR’ anseo feasta); agus 2) an Comhaontú Eatramhach maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus an Cómhargadh Theas, Poblacht na hAirgintíne, Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Poblacht Pharagua agus Poblacht Oirthearach Uragua (dá ngairtear ‘Comhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR’ anseo feasta). Aisghairfear Comhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR agus cuirfear Comhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR ina ionad a luaithe a dhaingneofar an Comhaontú Comhpháirtíochta go hiomlán agus a thiocfaidh sé i bhfeidhm.
Leis an dá chomhaontú, deonaítear cóir fhabhrach do tháirgí de thionscnamh thíortha Mercosur nó do tháirgí atá le seoladh chucu agus an tráth céanna tugtar cosaint do tháirgeoirí tráchtearraí íogaire san Aontas in earnáil na talmhaíochta trí fhabhair a theorannú do tharaif‑chuótaí. Leis na clásail maidir le bearta coimirce déthaobhacha atá sa dá chomhaontú, ceadaítear fabhair tharaife a aistarraingt go sealadach chun gníomhú in aghaidh tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag na laghduithe ar tharaifí, lena n‑áirítear i gcás táirgí a bhfuil a rochtain ar an margadh srianta ag na teorainneacha atá sna taraif‑chuótaí. D’fhéadfadh díobháil d’fheirmeoirí an Aontais i mBallstát amháin nó níos mó a bheith mar thoradh ar mhoill maidir le bearta coimirce a bhfuil údar leo a chur i bhfeidhm, díobháil a d’fhéadfadh a bheith deacair a leigheas.
Is é is cuspóir don togra atá i gceangal leis seo na forálacha coimirce a áirítear i gComhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR, i ndáil le táirgí talmhaíochta, a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos leis nósanna imeachta chun cur chun feidhme tráthúil éifeachtach na mbeart coimirce déthaobhach le haghaidh táirgí talmhaíochta a áirithiú. Áirítear ann forálacha sonracha a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta íogaire áirithe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an gcaibidil maidir le bearta coimirce déthaobhacha sna Comhaontuithe, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht an léirscaoileadh taraifí a chur ar fionraí nó taraif an náisiúin barrfhabhair a athbhunú i gcás ina dtiocfaidh, de thoradh léirscaoileadh trádála, an oiread sin méadaithe ar allmhairí, agus nuair a tharlóidh sin faoi chúinsí de shórt, go ndéanfar mórdhíobháil (nó baol mórdhíobhála) do na táirgeoirí intíre a tháirgeann an táirge comhchosúil nó an táirge díriomaíoch. Chun go bhfeidhmeoidh na bearta sin, ba cheart na forálacha sin a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh, agus ní mór gnéithe nós imeachta a gcur i bhfeidhm mar aon le cearta na bpáirtithe leasmhara a shonrú.
Le Rialachán (AE) 2019/287, cuirtear chun feidhme an clásal coimirce agus sásraí eile lena gceadaítear aistarraingt shealadach na bhfabhar taraife i gcomhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe (Singeapór, Vítneam, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Chéinia agus an tSile). Mar sin féin, tugann na híogaireachtaí ar leith a bhaineann le trádáil in earraí talmhaíochta le comhpháirtithe Mercosur údar le gníomh dlí sonrach a ghlacadh. I ndáil leis an méid sin, tá gealltanas polaitiúil tugtha ag an gCoimisiún, tráth a glacadh na tograí chun na Comhaontuithe a shíniú agus a thabhairt i gcrích, gníomh a mholadh go práinneach chun an méid seo a leanas a áirithiú: 1) déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar an margadh agus tuairiscíonn sé don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa dhá uair sa bhliain; 2) tionscnaíonn an Coimisiún imscrúduithe coimirce agus tugann sé i gcrích iad in amlínte níos giorra ná mar atá faoi Rialachán (AE) 2019/287; 3) tionscnaíonn an Coimisiún imscrúdú coimirce bunaithe ar mhéadú réamhchinntithe ar allmhairí agus/nó ar laghdú ar phraghsanna, in éagmais léirithe dá mhalairt.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Is é atá sa togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim dlí chun na clásail choimirce i gComhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR a chur chun feidhme.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
De réir Airteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Liostaítear an t‑aontas custaim agus an comhbheartas tráchtála i measc na réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3, CFAE. Cuimsíonn an beartas sin comhaontuithe trádála a chaibidliú agus bearta beartais trádála a ghlacadh, lena n‑áirítear laghduithe ar tharaifí de bhun, inter alia, Airteagal 207 CFAE.
•Comhréireacht
Tá an togra ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus tá gá leis i bhfianaise nósanna imeachta a leagan síos chun cur chun feidhme éifeachtach na gclásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR agus i gComhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR. D’fhéadfadh díobháil d’fheirmeoirí an Aontais i mBallstát amháin nó níos mó a bheith mar thoradh ar mhoill maidir le bearta coimirce a bhfuil údar leo a chur i bhfeidhm, díobháil a d’fhéadfadh a bheith deacair a leigheas.
•An rogha ionstraime
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Díorthaítear an togra seo le haghaidh Rialacháin go díreach ó théacsanna Chomhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR agus Chomhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh. Tá sé bunaithe go páirteach ar Rialachán (AE) 2019/287.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Tá an rialachán atá beartaithe comhsheasmhach leis na Conarthaí agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh toisc nach gcuirfeadh an rialachán atá beartaithe teorainn le feidhmiú aon chirt bhunúsaigh, amhail saoirse na gairme gairmiúla, ós rud é go bhféadfaí coimircí a chur i bhfeidhm dá mbeadh baol mórdhíobhála ann do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirge comhchosúil nó táirge díriomaíoch.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon chostas breise (caiteachas) i mbuiséad an Aontais mar gheall ar an rialachán atá beartaithe.
Níl aon tionchar buiséadach breise ag an rialachán atá beartaithe ar thaobh an ioncaim i gcomparáid le tionchar buiséadach na caibidle maidir le bearta coimirce déthaobhacha sa Chomhaontú féin.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Déantar foráil in Airteagal 1 maidir leis an raon feidhme agus ceadaítear don Choimisiún an iarscríbhinn a leasú le haghaidh táirgí íogaire.
Déantar foráil in Airteagal 2 maidir le sainmhíniú na bpríomhthéarmaí a úsáidtear sa rialachán, lena n‑áirítear ‘Comhaontú’ ‘clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha’, ‘páirtithe leasmhara’ agus coincheapa ábhartha eile.
Déantar foráil in Airteagal 3 maidir leis na prionsabail faoina bhféadfar bearta coimirce a fhorchur, lena n‑áirítear coinníollacha a bhaineann leis an méadú ar allmhairí is cúis le mórdhíobháil nó is cúis le baol mórdhíobhála do thionscal an Aontais.
Foráiltear le hAirteagal 4 go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar mhargaí na dtáirgí íogaire, i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara sa tionscal, chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí allmhairiúcháin agus ar a dtionchar.
Déantar foráil in Airteagal 5 maidir le himscrúduithe a thionscnamh mar fhreagairt ar iarrataí ó na Ballstáit nó ó ionadaithe thionscal an Aontais nuair atá fianaise ann go bhfuil mórdhíobháil nó baol mórdhíobhála ann.
Déantar foráil in Airteagal 6 maidir le himscrúduithe a thionscnamh go gasta a bhaineann go sonrach le táirgí íogaire.
Déantar foráil in Airteagal 7 maidir leis an gcaoi a ndéantar imscrúduithe nuair a thionscnaítear iad, lena n‑áirítear bailiú sonraí, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an mórdhíobháil a d’fhéadfadh a bheith ann do thionscal an Aontais.
Déantar foráil in Airteagal 8 maidir le bearta réamhfhaireachais chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí allmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cásanna ina n‑éilítear bearta coimirce, agus teorainn ama a bheith leis an bhfaireachas sin.
Déantar foráil in Airteagal 9 maidir le bearta coimirce sealadacha a fhorchur in imthosca géibheannacha ina bhféadfadh moill a bheith ina cúis le dochar doleasaithe, lena sonraítear coinníollacha agus fad na mbeart sin. Tá Paragua díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na mbeart coimirce sealadach faoi na coinníollacha a dtugtar tuairisc orthu sa Chomhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 10 maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le bearta coimirce a fhorchur, lena n‑áirítear foilsiú tuarascála ar thorthaí.
Déantar foráil in Airteagal 11 maidir le bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur i gcás ina ndeimhneoidh imscrúduithe na critéir maidir le mórdhíobháil, maille le breithnithe maidir le faisnéis rúnda a chosaint. Tá Paragua díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na mbeart coimirce cinntitheach faoi na coinníollacha a dtugtar tuairisc orthu sa Chomhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 12 maidir le fad agus síneadh féideartha na mbeart coimirce, rud a áirithíonn nach gcuirtear i bhfeidhm iad ach amháin de réir mar is gá chun tionscal an Aontais a chosaint, ar feadh uastréimhse iomlán shonraithe.
Déantar foráil in Airteagal 13 maidir le bearta rúndachta chun faisnéis íogair a fhaightear le linn phróisis an rialacháin a chosaint, agus sonraítear inti na coinníollacha maidir le rúndacht a iarraidh.
Foráiltear in Airteagal 14 go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar na mbeart coimirce agus gníomhaíochtaí gaolmhara eile.
Déantar foráil in Airteagal 15 maidir le bearta coimirce a ghlacadh go sonrach do na réigiúin is forimeallaí den Aontas nuair a tharlaíonn meath tromchúiseach eacnamaíoch de bharr cúinsí allmhairiúcháin.
Déantar foráil in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir le cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na gníomhartha tarmligthe is gá a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar an iarscríbhinn a bhaineann le táirgí íogaire.
Déantar foráil in Airteagal 18 maidir leis an nós imeachta coiste lena dtugtar cúnamh don Choimisiún.
Déantar foráil in Airteagal 19 maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina sonraítear go mbeidh sé infheidhme i ngach Ballstát ón dáta sonraithe.
Déantar foráil in Airteagal 20 maidir le hinfheidhmeacht an Rialacháin maidir le Comhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR agus le Comhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR araon, ina leagtar amach an t‑aistriú idir na comhaontuithe sin agus a n‑éifeachtaí dlíthiúla.
2025/0322 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena gcuirtear chun feidhme an clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Comhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála Eatramhach’ anseo feasta) agus Comhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR (dá ngairtear ‘an Comhaontú Comhpháirtíochta’ anseo feasta), deonaítear cóir fhabhrach do tháirgí de thionscnamh thíortha Mercosur nó atá ceaptha lena seoladh chucu agus áirítear leo clásail maidir le bearta coimirce déthaobhacha le haghaidh fabhair tharaife a aistarraingt go sealadach. D’fhéadfadh sé go dteastódh forálacha ad hoc toisc sainiúlacht roinnt táirgí talmhaíochta atá faoi réir na gComhaontuithe sin agus mar gheall ar staid leochaileach na réigiún is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
(2)Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ag an gComhaontú Trádála Eatramhach táirgeoirí tráchtearraí íogaire an Aontais in earnáil na talmhaíochta a chosaint trí fhabhair a theorannú do tharaif‑chuótaí.
(3)Coimeádann an tAontas a cheart bearta coimirce domhanda a ghlacadh i gcomhréir le Comhaontú EDT agus leis an gComhaontú Trádála Eatramhach agus an Comhaontú Comhpháirtíochta.
(4)Tá rún daingean ag an Aontas úsáid mhear éifeachtach a bhaint as na clásail maidir le bearta coimirce déthaobhacha chun gníomhú in aghaidh na dtionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag na laghduithe ar taraifí de bhun an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh, lena n‑áirítear i gcás táirgí a bhfuil a rochtain ar an margadh srianta ag na teorainneacha atá sna taraif‑chuótaí.
(5)Is gá nósanna imeachta a leagan síos chun cur chun feidhme éifeachtach na gclásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha do tháirgí talmhaíochta a áirithiú.
(6)D’fhéadfadh díobháil d’fheirmeoirí an Aontais i mBallstát amháin nó níos mó a bheith mar thoradh ar mhoill maidir le bearta coimirce a bhfuil údar leo a chur i bhfeidhm, díobháil a d’fhéadfadh a bheith deacair a leigheas.
(7)Is iomchuí, dá bhrí sin, nósanna imeachta sonracha a leagan síos atá comhsheasmhach leis an gComhaontú chun cur chun feidhme tráthúil na gclásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus sa Chomhaontú Trádála Eatramhach a ráthú a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta íogaire áirithe.
(8)Ní fhéachfar ar bhearta coimirce a fhorchur ach amháin i gcás ina ndéanfar an táirge i gceist a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi chúinsí de shórt a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirge comhchosúil nó táirge díriomaíoch. Ba cheart bearta coimirce a bheith i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear sa Chomhaontú.
(9)An obair leantach ar an gComhaontú Trádála Eatramhach agus ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus an t‑athbhreithniú orthu, riaradh na n‑imscrúduithe agus, i gcás inarb iomchuí, forchur na mbeart coimirce, ba cheart iad a dhéanamh ar an mbealach is trédhearcaí is féidir.
(10)Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon treocht allmhairiúcháin a d’fhéadfadh bearta coimirce a éileamh.
(11)Iontaofacht an staidrimh i ndáil leis na hallmhairí uile ó na tíortha lena mbaineann chuig an Aontas, tá sí ríthábhachtach agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha ar a bhforchuirtear bearta coimirce comhlíonta.
(12)Le faireachán géar ar aon tháirge íogaire, ba cheart cinntí prapúla a éascú maidir leis an bhféidearthacht imscrúduithe a thionscnamh agus maidir le bearta coimirce a fhorchur ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar allmhairí aon táirge íogair ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh agus an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. Ba cheart an faireachán a leathnú chun earnálacha nó táirgí eile a chumhdach má dhíríonn lucht an tionscail ábhartha san Aontas iarraidh cuí‑réasúnaithe chuig an gCoimisiún.
(13)Is gá freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh i dtaobh an iomchuí bearta cosanta, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa, agus dá réir sin deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.
(14)In imthosca criticiúla, tá an Coimisiún le bearta coimirce sealadacha a fhorchur go pras.
(15)Níor cheart bearta coimirce a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá, chun mórdhíobháil a sheachaint agus chun oiriúnú a éascú. Ba cheart tréimhse uasta na mbeart coimirce a chinneadh agus forálacha sonracha maidir le síneadh agus athbhreithniú ar na bearta sin a leagan síos.
(16)Chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an liosta d’earraí a sainaithníodh mar earraí íogaire. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(17)Maidir le cur i bhfeidhm na gclásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha agus le cur i mbun na gcritéar trédhearcach eile chun na fabhair tharaife dá bhforáiltear sa Chomhaontú a chur ar fionraí go sealadach, is gá coinníollacha comhionanna a bheith ann chun bearta coimirce sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, chun bearta réamhfhaireachais a fhorchur, chun imscrúdú a fhoirceannadh gan bhearta, agus chun fabhair tharaife a chur ar fionraí go sealadach.
(18)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
(19)Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun bearta réamhfhaireachais agus bearta coimirce sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur agus maidir leis na bearta sin a athbhreithniú.
(20)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh i gcás inar gá sin ar mhórfhoras práinne, más rud é, i gcásanna cuí‑réasúnaithe, go ndéanfaí damáiste ba dheacair a leigheas de thoradh moill ar fhorchur na mbeart coimirce sealadacha, nó chun iarmhairt dhiúltach ar mhargadh an Aontais de thoradh méadú ar allmhairí a chosc.
(21)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cóir faisnéise rúnda a sa chaoi nach nochtfar rúin ghnó.
(22)Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na mbeart coimirce,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le cur chun feidhme, i gcás táirgí talmhaíochta, na gclásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus sa Chomhaontú Trádála Eatramhach.
Ar iarraidh chuí‑réasúnaithe a fháil ó thionscal an Aontais lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a leasú a mhéid a bhaineann le liosta na dtáirgí íogaire.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
1.Ciallaíonn ‘Comhaontú’ an Comhaontú Trádála Eatramhach agus, tar éis a theacht i bhfeidhm, an Comhaontú Comhpháirtíochta;
2.ciallaíonn ‘clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha’ foráil a bhaineann le fabhair tharaife a chur ar fionraí go sealadach, mar a leagtar amach sa chaibidil maidir le bearta coimirce déthaobhacha sa Chomhaontú;
3.ciallaíonn ‘páirtithe leasmhara’ na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge difear dóibh, lena n‑áirítear:
(i)onnmhaireoirí nó táirgeoirí eachtracha nó allmhaireoirí táirge atá faoi réir imscrúdú, nó comhlachas trádála nó gnó a bhfuil tromlach a chomhaltaí ina dtáirgeoirí, ina n‑onnmhaireoirí nó ina n‑allmhaireoirí táirge den sórt sin;
(ii)rialtas an Pháirtí is onnmhaireoir; agus
(iii)táirgeoirí a tháirgeann an táirge comhchosúil nó an táirge díriomaíoch sa Pháirtí is allmhaireoir, nó comhlachas trádála agus gnó a dtáirgeann tromlach a gcomhaltaí an táirge comhchosúil nó an táirge díriomaíoch i gcríoch an Pháirtí is allmhaireoir;
4.ciallaíonn ‘tionscal an Aontas’ táirgeoirí an táirge chomhchosúil nó an táirge dhíriomaíoch le chéile, a oibríonn i gcríoch Páirtí, sin nó na táirgeoirí sin arb é atá ina n‑aschur comhchoiteann den táirge comhchosúil nó den táirge díriomaíoch níos mó ná 50 % de ghnáth, agus in imthosca eisceachtúla, méid nach lú ná 25 % de tháirgeacht iomlán na dtáirgí sin;
5.ciallaíonn ‘mórdhíobháil’ lagú suntasach foriomlán ar sheasamh thionscal an Aontais;
6.ciallaíonn ‘baol mórdhíobhála’ mórdhíobháil ar soiléir go bhfuil sí ar tí tarlú, bunaithe ar fhíorais agus ní ar líomhaintí, ar thuairimíocht ná ar fhéidearthacht fhánach amháin;
7.ciallaíonn ‘táirgí’ táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht atá faoi réir gealltanais laghdaithe taraifí mar a léirítear i bhFoscríbhinn 2-A-1, Sceideal um Dhíothú Taraifí an Aontais Eorpaigh den Chomhaontú;
8.ciallaíonn ‘táirgí íogaire’ táirgí dá dtagraítear san Iarscríbhinn;
9.ciallaíonn ‘táirge comhchosúil nó díriomaíoch’:
(i)táirge atá comhionann, is é sin, comhchosúil i ngach gné, leis an táirge atá faoi bhreithniú;
(ii)táirge eile a bhfuil a shaintréithe an‑chosúil le saintréithe an táirge faoi bhreithniú, cé nach bhfuil siad comhchosúil i ngach gné; nó
(iii)táirge atá in iomaíocht dhíreach laistigh de mhargadh inmheánach an Pháirtí is allmhaireoir, i bhfianaise a inionadaitheachta, a bhuntréithe fisiceacha agus a shonraíochtaí teicniúla, a úsáidí deiridh agus a bhealaí dáileacháin;
níl an liosta tosca seo uileghabhálach, agus ní gá go dtabharfaí treoraíocht chinntitheach le ceann amháin nó níos mó de na tosca sin;
10.ciallaíonn ‘idirthréimhse’:
(i)12 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe; nó
(ii)i gcás earraí dá ndéanann Sceideal um Dhíothú Taraifí an Aontais foráil maidir le díothú taraifí laistigh de 10 mbliana nó níos mó, 18 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe;
11.ciallaíonn ‘an tír lena mbaineann’ MERCOSUR mar eintiteas aonair nó Stát MERCOSUR amháin nó níos mó atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú.
Airteagal 3
Prionsabail
1.Féadfar beart coimirce a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás ina ndéanfar táirge de thionscnamh tíre lena mbaineann a allmhairiú isteach san Aontas:
(a)i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht nó tomhaltas an Aontais; agus
(b)faoi chúinsí den sórt sin, a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó gur baol dóibh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do thionscadal an Aontais; agus
(c)gur ann don mhéadú ar allmhairí de thoradh éifeacht na n‑oibleagáidí a bhaineann leis an gComhaontú, lena n‑áirítear laghdú nó díothú na ndleachtanna custaim ar an táirge sin.
2.Féadfaidh beart coimirce bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
(a)tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn 2-A, Sceideal um Dhíchur Taraifí an Chomhaontaithe leis an tír lena mbaineann;
(b)an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:
(c)taraif an náisiúin barrfhabhair a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge lena mbaineann agus atá i bhfeidhm tráth a ndéantar an beart coimirce; nó
(d)bonnráta na dleachta custaim mar a shonraítear in Iarscríbhinn 2-A, Sceideal um Dhíchur Taraifí an Chomhaontaithe leis an tír lena mbaineann.
Airteagal 4
Faireachán
1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar mhargadh táirgí íogaire an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le treochtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus forbairtí i dtáirgeacht agus praghsanna. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais ar bhonn rialta, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.
2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú tapa ar staid an mhargaidh bunaithe ar an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1, trí mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar allmhairí i gcás na dtáirgí íogaire ábhartha a nascadh le héabhlóid na táirgeachta agus/nó an tomhaltais, an phraghais agus an sciar den mhargadh ar mhargadh an Aontais, chomh maith le honnmhairí ón Aontas.
3.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 6 mhí ina mbeidh measúnú ar thionchar allmhairí táirgí íogaire a thairbhíonn de rochtain fhabhrach ar an margadh faoin gcomhaontú. Cumhdófar margadh an Aontais sna tuarascálacha sin agus, más ábhartha, cumhdófar iontu freisin an staid i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.
Airteagal 5
Imscrúdú a thionscnamh
1.Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú thar ceann thionscal an Aontais, nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann maidir le mórdhíobháil nó baol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5).
2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna hiarratais ar imscrúdú a thionscnaimh:
(a)ainm an táirge allmhairithe lena mbaineann agus an tuairisc air, a cheannteideal taraife agus an chóir taraife atá i bhfeidhm maidir leis, chomh maith le hainm an táirge chomhchosúil nó dhíriomaíoch agus an tuairisc air;
(b)ainmneacha agus seoltaí na dtáirgeoirí nó an chomhlachais a chuir an iarraidh isteach, más infheidhme;
(c)má tá sé ar fáil go réasúnta, liosta de tháirgeoirí aitheanta uile an táirge chomhchosúil nó dhíriomaíoch;
(d)méid táirgeachta na dtáirgeoirí a chuir isteach an t‑iarratas nó na dtáirgeoirí a ndéantar ionadaíocht dóibh ann agus meastachán ar tháirgeacht táirgeoirí eile arb eol go dtáirgeann siad an táirge comhchosúil nó díriomaíoch;
(e)ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí an táirge lena mbaineann, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, i gcaitheamh na 36 mhí ar a laghad roimh an dáta a tíolacadh an iarraidh ar imscrúdú a thionscnamh, a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith;
(f)leibhéal na bpraghsanna allmhairiúcháin le linn na tréimhse céanna chomh maith le praghas an táirge chomhchosúil nó an táirge dhíriomaíoch; agus
(g)an sciar den mhargadh intíre a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus na hathruithe maidir le tionscal an Aontais i ndáil le leibhéal na ndíolachán sa mhargadh intíre, táirgeacht, fardail, praghsanna do mhargadh an Aontais, táirgiúlacht, úsáid acmhainneachta, brabúis agus caillteanais, agus fostaíocht, ar feadh na 36 mhí dheireanacha ar a laghad roimh thíolacadh na hiarrata, a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith.
3.Maidir le raon feidhme an táirge atá faoi réir imscrúdú, d’fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne tharaife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt amháin nó roinnt fodheighiltí de líne tharaife amháin nó de roinnt línte taraife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh, nó d’fhéadfadh sé aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais a leanúint.
4.Féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin i gcás ina dtiocfaidh borradh faoi allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann maidir le mórdhíobháil nó baol mórdhíola do thionscal an Aontais, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5).
5.Cuirfidh an Coimisiún cóip d’iarraidh ar imscrúdú a thionscnamh faoi bhráid na mBallstát sula ndéanfaidh sé an t‑imscrúdú a thionscnamh.
6.Más rud é gur léir don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann mar údar le himscrúdú a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún an t‑imscrúdú a thionscnamh agus déanfaidh sé fógra i ndáil le himscrúdú a thionscnamh (‘an fógra tionscnaimh’) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an t‑imscrúdú a thionscnamh laistigh de 1 mhí amháin ón tráth a bhfaighidh an Coimisiún an iarraidh de bhun mhír 1.
7.I gcomhréir leis an gComhaontú, beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra tionscnaimh:
(a)ainm an iarratasóra;
(b)tuairisc iomlán ar an táirge allmhairithe faoi imscrúdú agus a aicmiú faoin gCóras Comhchuibhithe;
(c)an sprioc-am don iarraidh ar éisteachtaí;
(d)na sprioc-amanna chun clárú mar pháirtí leasmhar agus chun faisnéis, ráitis agus doiciméid eile a chur isteach;
(e)an seoladh ag ar féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas agus ar dhoiciméid eile a bhaineann leis an imscrúdú;
(f)ainm, seoladh agus seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin nó facs na hinstitiúide ar féidir léi tuilleadh faisnéise a sholáthar;
(g)achoimre ar na fíorais ar a raibh tionscnamh an imscrúdaithe bunaithe, lena n‑áirítear sonraí maidir le hallmhairí a líomhnaítear gur tháinig méadú orthu i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas leis an táirgeacht iomlán agus anailís ar staid an tionscail intíre bunaithe ar na heilimintí uile a chuirtear in iúl san iarratas.
Airteagal 6
Imscrúdú a thionscnamh le haghaidh táirgí íogaire
1.Gan dochar d’Airteagal 5, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a bhaineann le táirgí íogaire a thionscnamh gan mhoill, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, mar shampla fianaise a fuarthas trí bhíthin an fhaireacháin agus an mheasúnaithe ar staid an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2), maidir le mórdhíobháil nó baol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, lena n‑áirítear i gcás ina bhféadfadh sé a bheith comhchruinnithe go geografach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.
2.Scrúdóidh an Coimisiún, mar ábhar tosaíochta, an ann d’fhianaise prima facie den sórt sin i gcásanna ina bhfuil borradh faoi allmhairí nó laghdú ar phraghsanna intíre i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gcás ina bhfuil borradh faoi allmhairí nó laghdú ar phraghas táirge agus gur i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát den chuid is mó atá táirgeoirí an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil nó an táirge díriomaíoch bunaithe.
3.Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le méadú is mó ná 10 % bliain ar bhliain, mar riail, ar allmhairí táirge áirithe ó thír lena mbaineann faoi théarmaí fabhracha mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil nó ar bhaol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin na n‑allmhairí sin ó thír lena mbaineann 10 % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó ar tháirge díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.
4.Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le laghdú is mó ná 10 % bliain ar bhliain, mar riail, ar an meánphraghas allmhairiúcháin ar tháirge ar leith ó thír lena mbaineann a allmhairítear isteach san Aontas faoi théarmaí fabhracha mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil nó ar bhaol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin an táirge sin ó thír lena mbaineann 10 % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó ar tháirge díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.
Airteagal 7
Imscrúdú a stiúradh
1.Tar éis an fógra tionscnaimh a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus (7), déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh.
2.Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun éifeacht a thabhairt d’iarrataí den sórt sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis arna iarraidh sin, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 13, cuirfear leis an gcomhad neamhrúnda dá bhforáiltear i mír 9 den Airteagal seo í.
3.Más féidir, cuirfear an t‑imscrúdú i gcrích laistigh de 6 mhí ón dáta a fhoilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar 3 mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile i dtaobh aon síneadh den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis. I gcás ina mbaineann imscrúdú le táirgí íogaire, tabharfaidh an Coimisiún i gcrích é a luaithe is féidir agus é mar aidhm aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh laistigh de 4 mhí ón dáta a fhoilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
4.Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) a chinneadh, agus, más iomchuí, fíoróidh sé an fhaisnéis sin.
5.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tosca ábhartha uile atá de chineáil oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin den mhargadh intíre a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus athruithe maidir le tionscal an Aontais i dtaca leis an leibhéal díolacháin, táirgeachta, táirgiúlachta, úsáid acmhainneachta, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d’fhéadfadh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh an bhfuil mórdhíobháil nó baol mórdhíobhála ann, amhail stoic, praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, an leibhéal sciartha sa mhargadh agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil nó ba chúis le mórdhíobháil, nó ba bhaol a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.
6.Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a chur isteach de bhun phointe (d) d’Airteagal 5(7), agus féadfaidh ionadaithe na tíre lena mbaineann, ar iarratas i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a fhaigheann an Coimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n‑ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le cur i láthair a gcáis agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 13, agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin bhfaisnéis den sórt sin freisin. I gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leis na tuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh iad.
7.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh uile a úsáidfear don imscrúdú ar fáil agus go mbeidh siad ionadaíoch, sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.
8.A luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint phasfhocail ann don chomhad neamhrúnda (an ‘t‑ardán ar líne’), agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is tríd sin a scaipfear an fhaisnéis uile atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún, de réir bhrí Airteagal 13. Tabharfar rochtain ar an ardán ar líne sin do pháirtithe leasmhara, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.
9.Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra tionscnaimh a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léireofar gur dócha go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh. Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann leis sin.
10.Déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an imscrúdú a éascú d’earnálacha tionscail éagsúla agus ilroinnte, ar earnálacha iad atá comhdhéanta den chuid is mó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus déanfaidh sé amhlaidh le Deasc Chabhrach tiomanta do FBManna, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt, trí fhaisnéis agus mínithe ginearálta a thabhairt maidir le nósanna imeachta a sholáthar agus maidir le conas gearán a thíolacadh, trí cheistneoirí caighdeánacha a chur amach i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus trí fhreagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ghinearálta nach mbaineann le cás sonrach. Déanfaidh an Deasc Chabhrach do FBManna foirmeacha caighdeánacha le haghaidh staidrimh a chur ar fáil, ar fhoirmeacha iad atá le tíolacadh ar mhaithe le seasamh gnó agus le ceistneoirí.
11.I gcás nach soláthrófar faisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocróidh an Coimisiún, nó i gcás ina gcuirfear bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
12.Beidh oifig an Oifigigh Éisteachta, a leagtar a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí amach i sainordú arna ghlacadh ag an gCoimisiún, i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus déanfaidh an t‑oifigeach feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara a choimirciú.
13.Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don tír lena mbaineann maidir le himscrúdú a thionscnamh.
Airteagal 8
Bearta réamhfhaireachais
1.Féadfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais a ghlacadh i dtaca le hallmhairí táirge ó thír lena mbaineann más rud é go bhféadfadh ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 3, 5 agus 6 a bheith mar thoradh ar an treocht a bhaineann le hallmhairí an táirge sin. Déanfar na bearta réamhfhaireachais sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
2.Beidh bearta réamhfhaireachais bailí ar feadh tréimhse theoranta. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse 6 mhí tar éis na chéad 6 mhí ó tugadh na bearta sin isteach.
Airteagal 9
Bearta coimirce sealadacha a fhorchur
1.In imthosca géibheannacha inar dócha moill a bheith ina cúis le damáiste ba dheacair a leigheas, rud a fhágann gur gá gníomhú láithreach, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha, de bhun réamhchinneadh ón gCoimisiún, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5) go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil táirge de thionscnamh na tíre lena mbaineann á allmhairiú:
(a)i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais; agus
(b)faoi chúinsí den sórt sin, a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó gur baol dóibh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do thionscadal an Aontais; agus
(c)gurb é laghdú nó díothú na ndleachtanna custaim ar an táirge sin is cúis leis an méadú ar allmhairí.
2.Déanfar na bearta réamhfhaireachais sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
3.I gcás táirgí íogaire, glacfar bearta coimirce sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(4) gan mhoill agus in aon chás laistigh de 21 lá ar a mhéad ó thionscnamh an imscrúdaithe chun damáiste do thionscal an Aontais a sheachaint, ar damáiste é a bheadh deacair a leigheas, lena n‑áirítear i gcás ina bhféadfadh an damáiste sin a bheith comhchruinnithe go geografach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.
4.Ar mhórfhoras práinne a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina n‑iarrfaidh Ballstát idirghabháil láithreach ar an gCoimisiún agus ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(4). Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 5 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.
5.Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse is faide ná 200 lá féilire.
6.I gcás ina n‑aisghairfear na bearta coimirce sealadacha toisc gur léir ón imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, déanfar aon dleacht chustaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta coimirce sealadacha sin a aisíoc go pras.
7.Beidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh chun saorchúrsaíochta i gcás nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.
8.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag beart coimirce sealadach maidir le MERCOSUR mar eintiteas aonair, beidh Paragua díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an bhirt, ach amháin má léiríonn toradh imscrúdaithe go bhfuil allmhairí táirgí ó Pharagua faoi théarmaí fabhracha ina gcúis freisin le mórdhíobháil nó le baol mórdhíobhála.
Airteagal 10
Imscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta
1.I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, foilseoidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na nósanna imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(3), cinneadh lena bhfoirceanntar an t‑imscrúdú agus na himeachtaí.
2.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist imthosca fíorais agus dlí, ag féachaint go hiomchuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 13.
Airteagal 11
Bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur
1.I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(3), bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh.
2.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábhartha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh, ag féachaint go hiomchuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 13.
3.Ní dhéanfaidh an Coimisiún beart coimirce déthaobhach a chur i bhfeidhm, a shíneadh ná a choinneáil i bhfeidhm tar éis dhul in éag na hidirthréimhse.
4.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag beart maidir le MERCOSUR mar eintiteas aonair, beidh Paragua díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an bhirt, ach amháin má léiríonn toradh imscrúdaithe go bhfuil allmhairí táirgí ó Pharagua faoi théarmaí fabhracha ina gcúis freisin le mórdhíobháil nó le baol mórdhíobhála.
Airteagal 12
Ré na mbeart coimirce agus athbhreithniú orthu
1.Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun coigeartú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 2 bhliain, ach amháin má chuirtear síneadh léi de réir mhír 2 den Airteagal seo.
2.Féadfar síneadh suas le 2 bhliain a chur le tréimhse thosaigh birt coimirce dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go leanfaidh an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal de chuid an Aontais a chosc nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil oiriúnú á dhéanamh i dtionscal an Aontais. I gcás táirgí íogaire, cuirfear síneadh suas le 2 bhliain le beart cosanta, ar choinníoll go leanfaidh sé de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas.
3.Ní chuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm arís faoi Iarscríbhinn 2-A maidir le hallmhairiú táirge a cuireadh faoi réir beart den sórt sin, ach amháin má tá tréimhse ama caite atá cothrom le leath fhad iomlán an bhirt coimirce roimhe sin.
4.Féadfar aon Bhallstát, aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú thar ceann thionscal an Aontais, nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ach a ghníomhaíonn thar ceann thionscal an Aontais, síneadh a iarraidh dá dtagraítear i mír 2. I gcás den sórt sin, sula ndéanfaí cinneadh maidir leis an síneadh, déanfaidh an Choimisiúin athbhreithniú d’fhonn a fháil amach an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, ag féachaint do na tosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5). Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú den sórt sin a thionscnamh ar a thionscnamh féin má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos i mír 2 den Airteagal seo comhlíonta. Fanfaidh an beart coimirce sin i bhfeidhm go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe sin.
5.Déanfar an fógra maidir le tionscnamh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus (7). Déanfar an t‑athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 7.
6.Is i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 11 a dhéanfar aon chinneadh maidir le síneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
7.Ní mhairfidh fad iomlán birt coimirce níos mó ná 4 bliana, lena n‑áirítear tréimhse chur i bhfeidhm aon bhirt coimirce shealadaigh, an tréimhse thosaigh chur i bhfeidhm agus síneadh na tréimhse sin.
Airteagal 13
Rúndacht
1.Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.
2.Ní dhéanfar aon faisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthrófar ar bhonn rúnda agus a gheofar de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sainráite ó sholáthróir na faisnéise sin.
3.I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna gur cheart an fhaisnéis a bheith rúnda. Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara atá ag soláthar faisnéis rúnda, achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar tuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise rúnda a cuireadh isteach. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe leasmhara sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar an bhfaisnéis. I gcúinsí den sórt sin, cuirfear an páirtí leasmhar ráiteas ar fáil faoi na cúiseanna nach bhfuil achoimriú indéanta. Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil bonn cirt le hiarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthróir na faisnéise é a phoibliú ná nochtadh na faisnéise a cheadú, bíodh substaint ghinearálta na faisnéise nó achoimre di i gceist, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.
4.Má dhéantar faisnéis maidir le táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, fostaíocht, pá, méid agus luach díolachán intíre nó meánphraghas a chur i láthair ar bhonn rúnda, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear isteach achoimrí fóinteacha neamhrúnda lena nochtar sonraí comhiomlána ar a laghad nó, i gcásanna ina gcuirfeadh nochtadh sonraí comhiomlána rúndacht shonraí na cuideachta i mbaol, innéacsanna le haghaidh gach tréimhse 12 mhí atá faoi imscrúdú, chun ceart iomchuí cosanta na bpáirtithe leasmhara a áirithiú. I ndáil leis sin, ba cheart iarrataí ar rúndacht a bhreithniú i gcásanna ina dtugann struchtúir mhargaidh nó tionscail intíre ar leith údar leis sin. Ní chuireann an fhoráil seo cosc ar achoimrí neamhrúnda níos mionsonraithe a chur i láthair.
5.Ní bheidh údar le hiarrataí ar rúndacht i ndáil le faisnéis maidir le bunchaighdeáin theicniúla agus cháilíochta nó úsáidí an táirge lena mbaineann. Ní bheidh údar le hiarrataí ar rúndacht i ndáil le faisnéis maidir le céannacht na n‑iarratasóirí agus na gcuideachtaí monaraíochta eile atá ar eolas nach cuid den achainí iad, ach amháin in imthosca eisceachtúla, a dtabharfaidh an Coimisiún údar cuí leo. I ndáil leis sin, ní leor líomhaintí amháin chun údar a thabhairt le hiarrataí ar rúndacht. Mura féidir céannacht na n‑iarratasóirí a nochtadh, nochtfaidh an Coimisiún an líon iomlán táirgeoirí a áirítear sa tionscal intíre agus an cion den táirgeacht a bhaineann leis na hiarratasóirí i ndáil le táirgeacht iomlán an tionscail intíre.
6.In aon chás, measfar faisnéis a bheith faoi rún más dócha go ndéanfaidh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin.
7.Ní fhágfaidh mír 1 go mír 6 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do na chúiseanna a ndearnadh cinntí de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, cuirfidh údaráis an Aontais san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.
Airteagal 14
Tuairisciú
1.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh na n‑oibleagáidí sa Rialachán seo.
2.Áireofar sa tuarascáil, inter alia, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm aon bhirt shealadaigh nó chinntithigh, maidir le bearta réamhfhaireachais, maidir le haon bheart faireachais agus coimirce réigiúnach, agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta.
3.Déanfar achoimre sa tuarascáil ar na staitisticí agus ar na hathruithe ar an trádáil le gach tír a bhfuil an beart coimirce i bhfeidhm ina leith.
4.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de 2 mhí ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.
5.Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, cuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal í.
Airteagal 15
Na réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpach
1.Má dhéantar táirge de thionscnamh na tíre lena mbaineann a allmhairiú faoi théarmaí fabhracha isteach i gcríoch ceann amháin nó níos mó de na réigiúin is forimeallaí den Aontas i gcainníochtaí méadaithe agus faoi chúinsí a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le meath tromchúiseach, nó le baol meatha thromchúisigh, ar staid eacnamaíoch an réigiúin (na réigiún) is forimeallaí den Aontas, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, bearta coimirce a ghlacadh a bheidh teoranta do chríoch an réigiúin (na réigiún) lena mbaineann, mura dtiocfar ar réiteach atá sásúil don dá thaobh.
2.Gan dochar do mhír 1, rialacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo is infheidhme maidir le bearta coimirce, tá feidhm acu freisin maidir le haon bheart coimirce a ghlactar faoin Airteagal seo.
3.Chun críocha mhír 1, ciallaíonn ‘meath tromchúiseach’ deacrachtaí móra in earnáil den gheilleagar ina dtáirgtear táirge comhchosúil nó táirge díriomaíoch. Beidh an cinneadh maidir le meath tromchúiseach bunaithe ar thosca oibiachtúla, lena n‑áirítear na gnéithe seo a leanas:
(a)an dearbh‑mhéadú nó an méadú coibhneasta ar mhéid na n‑allmhairí i gcomparáid leis an táirgeacht intíre agus le hallmhairí ó thíortha eile; agus
(b)éifeacht na n‑allmhairí sin ar staid an tionscail ábhartha nó na hearnála eacnamaíche lena mbaineann, lena n‑áirítear an éifeacht ar an leibhéal díolacháin, ar tháirgeacht, ar an staid airgeadais agus ar fhostaíocht.
Airteagal 16
Gníomhartha tarmligthe
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Iarscríbhinn I a leasú a mhéid a bhaineann le liosta na dtáirgí íogaire.
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 18 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos faide anonn a shonraítear sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh 2 mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
1.Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 de.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Airteagal 20
Feidhm an Rialacháin seo maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR agus Comhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR
1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gComhaontú Trádála Eatramhach ó dháta a theacht i bhfeidhm go dtí dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. A luaithe a thiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta i bhfeidhm, agus scoirfidh an Comhaontú Trádála Eatramhach d’éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta.
2.Rialaítear an gaol idir an Comhaontú Trádála Eatramhach agus an Comhaontú Comhpháirtíochta le hAirteagal 3.2 míreanna (3) go (8) den Chomhaontú Comhpháirtíochta.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘IONCAM’ - LE hAGHAIDH TOGRAÍ A bhFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU AR THAOBH AN IONCAIM DEN BHUISÉAD
1.AINM AN TOGRA:
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme an clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE‑MERCOSUR agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE‑MERCOSUR a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta
2.LÍNTE BUISÉID:
Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):
An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana lena mbaineann:
(i gcás ioncaim shannta amháin):
Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):
3.TIONCHAR AIRGEADAIS
⌧
Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra
◻
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam
◻
Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta
Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:
(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)
|
Líne ioncaim
|
An tionchar ar ioncam
|
Tréimhse XX mí dar tús ll/mm/bbbb (más infheidhme)
|
Bliain N
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
Staid tar éis na gníomhaíochta
|
|
Líne ioncaim
|
[N+1]
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
(I gcás ioncaim shannta amháin, ar choinníoll gur fios an líne bhuiséid cheana féin):
|
Líne chaiteachais
|
Bliain N
|
Bliain N+1
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
Líne chaiteachais
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
4.BEARTA FRITHCHALAOISE
5.BARÚLACHA EILE
Ní bheidh aon chostas breise (caiteachas) i mbuiséad an Aontais mar gheall ar an rialachán atá beartaithe.
Níl aon tionchar buiséadach breise ag an rialachán atá beartaithe ar thaobh an ioncaim i gcomparáid le tionchar buiséadach na caibidle maidir le bearta coimirce déthaobhacha sa Chomhaontú féin.