An Bhruiséil,14.10.2025

COM(2025) 636 final

2025/0321(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh chun raon feidhme an Chonartha a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú i gcomhréir le héabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais.


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle leis an togra atá le tíolacadh thar ceann an Aontais agus atá le formheas le vóta an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh chun raon feidhme an Chonartha sin a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú i gcomhréir le éabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais.

Is é seo a leanas an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol lena mbaineann an togra seo: Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa maidir le héin fhiáine a chaomhnú 1 , Treoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine 2 , Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce 3 , Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath 4 , Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce 5 agus Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce 6 .

Tá sé beartaithe an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a chur i láthair i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh lena ghlacadh ag an gcomhlacht sin an 18 Nollaig 2025 ag an gcruinniú a bheidh aici i Vín na hOstaire. Roimh an gcruinniú sin, an 17 Nollaig 2025, tiocfaidh Buanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh le chéile, i Vín freisin, chun na míreanna a ghlacfaidh an Chomhairle Aireachta a phlé agus a fhormhuiniú

2.Comhthéacs an togra

2.1.Conradh an Chomhphobail Fuinnimh

Is é is aidhm do Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh 7 (‘CCF’ nó ‘Conradh’) creat cobhsaí rialála agus margaidh chomh maith le spás aonair rialála le haghaidh trádáil i bhfuinneamh an líonra a chruthú trí na codanna comhaontaithe d’acquis communautaire an Aontais maidir le fuinneamh a chur chun feidhme sna Páirtithe neamh-AE. Tháinig Conradh an Chomhphobail Fuinnimh i bhfeidhm an 1 Iúil 2006. Is páirtí é an tAontas Eorpach i CCF 8 . Tagraítear do na naoi bPáirtí neamh-AE mar ‘Pháirtithe Conarthacha’ i CCF.

Ceann d’aidhmeanna Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh is ea ‘feabhas a chur ar staid an chomhshaoil i ndáil le Fuinneamh Eangach-Cheangailte agus éifeachtúlacht fuinnimh ghaolmhar, úsáid fuinnimh in-athnuaite a chothú, agus na coinníollacha don trádáil fuinnimh sa spás rialála aonair a leagan amach’ (Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, Airteagal 2 (1. (d)).

Le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh (Airteagal 12), ceanglaítear ar gach Páirtí Conarthach an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme i gcomhréir leis an amchlár le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh. Liostaítear in Airteagal 16 den Chonradh an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol chun críche an Chonartha.

Foráiltear le hAirteagal 25 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh go bhféadfaidh an Comhphobal Fuinnimh bearta a dhéanamh chun leasuithe ar an acquis communautaire a leagtar amach i dTeideal II a chur chun feidhme, i gcomhréir le forbairt dhlí an Aontais Eorpaigh. Foráiltear le hAirteagal 79 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh go ndéanfaidh an Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil nó an Bord Rialála Bearta faoi Theideal II ar thogra ón gCoimisiún Eorpach. De bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, déanfar na bearta sin le tromlach na vótaí a chaitear, agus vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach. Foráiltear le hAirteagal 100 den Chonradh inter alia go ndéanfar cinntí maidir le leasuithe ar fhorálacha Theidil I go VII d’aon toil Chomhaltaí Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

2.2.An Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil

Áirithíonn an Chomhairle Aireachta go ndéanfar na cuspóirí a leagtar amach i gCCF a bhaint amach. Ar an gComhairle Aireachta tá ionadaí amháin ó gach Páirtí Conarthach agus beirt ionadaithe ón Aontas. De bhun Airteagal 47 de CCF soláthraíonn sí treoirlínte ginearálta beartais, déanann sí bearta (Cinntí nó Moltaí) agus glacann sí gníomhartha nós imeachta. Bíonn vóta amháin ag gach Páirtí agus gníomhaíonn an Chomhairle Aireachta de réir rialacha vótála éagsúla ag brath ar an ábhar. Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na deich bPáirtí agus tá vóta amháin aige, i gcás inarb infheidhme, de réir an ábhair lena mbaineann. De bhun Airteagal 78 de CCF, ní fhéadfaidh an Chomhairle Aireachta gníomhú ach amháin má dhéantar ionadaíocht thar ceann dhá thrian de na Páirtithe. Ní áirítear staonadh i vóta mar vótaí a chaitear.

Is fochomhlacht de chuid na Comhairle Aireachta é an Buanghrúpa Ardleibhéil. De bhun Airteagal 53(a) de CCF, ullmhaíonn sé obair na Comhairle Aireachta, lena n‑áirítear a clár oibre agus a gníomhartha atá le glacadh ag an gComhairle Aireachta. Sa Bhuanghrúpa Ardléibhéil tá ionadaí amháin ó gach Páirtí Conarthach agus beirt ionadaithe ón Aontas. Tá vóta amháin ag an Aontas Eorpach. De bhun Airteagal 78 de CCF, ní fhéadfaidh an Buanghrúpa Ardleibhéil gníomhú ach amháin má dhéantar ionadaíocht thar ceann dhá thrian de na Páirtithe. Ní áirítear staonadh i vóta mar vótaí a chaitear.

2.3.An gníomh atá beartaithe ón gComhairle Aireachta

Is é is cuspóir don chinneadh atá beartaithe faoi Airteagal 192(1) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, leasuithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh a mholadh, thar ceann an Aontais, do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh chun raon feidhme an Chonartha a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú chuig éabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais chomh maith le vótáil ar an togra seo thar ceann an Aontais.

Baineann an togra seo le haghaidh Cinnidh leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an ngníomh seo a leanas atá beartaithe ag an gComhairle Aireachta arb é is aidhm dó raon feidhme Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú chuig éabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais: ‘Cinneadh ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh maidir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a leasú trí Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú a chur lena chreat dlíthiúil; Treoir ón gComhairle 92/43/CEE maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce in éineacht lena Treoracha ar Leith: Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath, Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce agus Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce.’

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Trí reachtaíocht chomhshaoil nua a ionchorprú i gConradh an Chomhphobail Fuinnimh, leathnóidh an tAontas Eorpach cuid dá bheartais chomhshaoil chuig Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh. Rachaidh sé sin chun tairbhe do gheilleagar, do chomhshaol agus do shochaithe na bPáirtithe Conarthacha. Ina theannta sin, éascófar ullmhacht na bPáirtithe Conarthacha le haghaidh a gcaibidlíochta aontachais maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le Caibidil 27 den acquis communautaire, an Comhshaol agus an t‑athrú aeráide, ach a gcuirtear san áireamh iad.

Le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú, foráiltear maidir le bearta chun daonra na speiceas éan uile a bhíonn ann go nádúrtha sa dúiche fhiáin a chothabháil. Féadfar a áireamh ar na bearta sin gnáthóga a chothabháil agus/nó a athbhunú chun na daonraí éan sin a chothú.

Le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine, soláthraítear cur chuige struchtúrtha chun tionchair chomhshaoil a mheasúnú agus a mhaolú, lena n‑áirithítear go bhforbraítear tionscadail fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir le spriocanna bithéagsúlachta.

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath, Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce agus Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce — sainordaítear leis na Treoracha seo measúnuithe cuimsitheacha a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar éiceachórais uisce, rud a chuidíonn le haon éifeacht dhiúltach ar ghnáthóga uisceacha agus ar an mbithéagsúlacht a shainaithint agus a mhaolú.

Tríd an Treoir maidir le Gnáthóga, an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir Réime maidir le hUisce a ionchorprú i dTreoracha ar Leith Pháirtithe Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, is féidir a áirithiú go ndéantar tionscadail fuinnimh in-athnuaite, lena n‑áirítear hidreachumhacht, a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach a chosnaíonn acmhainní uisce agus bithéagsúlacht araon. Tá dlúthnasc idir na Treoracha breise sin freisin agus na Treoracha maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, atá mar chuid den acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol de chuid Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh cheana féin, lena n‑áirithítear cur chuige cuimsitheach i leith measúnuithe comhshaoil. Beidh cuimsiú na dTreoracha breise sin ina chuidiú freisin i gcur chun feidhme Threoir (AE) 2023/2413 (an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite III (an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite III athbhreithnithe)), go háirithe i bhfianaise fhorbairt criosanna luasghéaraithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha i gcomhréir le hAirteagail 25, 79 agus 100 (i) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh laistigh de na sprioc-amanna a shonraítear in Iarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh. Bheadh dlúthbhaint ag na leasuithe atá beartaithe leis an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a luaitear faoi Airteagal 16 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

4.An bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’ 9 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Na gníomhartha a n‑iarrtar ar an gComhairle Aireachta agus ar Bhord Rialála an Chomhphobail Fuinnimh iad a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Beidh na gníomhartha atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 76 CCF, a bhfuil cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí dá mbun orthu siúd chuig a ndírítear é.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach CCF a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

4.2.3.Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhshaol.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 192(1) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0321 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh chun raon feidhme an Chonartha a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú i gcomhréir le héabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais.

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Síníodh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh san Aithin i mí Dheireadh Fómhair 2005 agus tháinig sé i bhfeidhm i mí Iúil 2006. Faoi láthair, tá an Comhphobal Fuinnimh comhdhéanta den Aontas (a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann) agus de 9 dtír chomharsanacha 10 .

(2)Le hAirteagal 12 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, ceanglaítear ar gach Páirtí Conarthach an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme i gcomhréir leis an amchlár le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh sin.

(3)In Airteagal 16 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh liostaítear an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol, a chumhdaítear leis an gConradh sin.

(4) Foráiltear le hAirteagail 24 agus 25 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh maidir le bearta a bhaineann le hoiriúnú agus éabhlóid an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol.

(5)Le hAirteagal 79 den Chonradh foráiltear go ndéanfaidh an Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil nó an Bord Rialála Bearta faoi Theideal II ar thogra ón gCoimisiún Eorpach. De bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh, déanfar na bearta sin le tromlach na vótaí a chaitear, agus vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach.

(6)Foráiltear le hAirteagal 100 den Chonradh inter alia go ndéanfar cinntí maidir le leasuithe ar fhorálacha Theidil I go VII d’aon toil Chomhaltaí Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

(7)Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú 11 , Treoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine 12 , Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce 13 , in éineacht le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath 14 , Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce 15 agus Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce 16 . Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha go fóill forálacha na dTreoracha sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe dlí comhshaoil an Aontais a leathnú faoi raon feidhme Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh trí na Treoracha sin a chur leis.

(8)Chun aistriú fuinnimh cóir a áirithiú lena ráthaítear comhthairbhí don bhithéagsúlacht agus lena seachnaítear meathlú ar stádas caomhantais speiceas éan fiáin, is gá Airteagal 16 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a leasú tríd an tagairt d’Airteagal 4(2) de Threoir 79/409/CEE ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta agus trí Threoir 2009/147/CE a chur le liosta an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol chun críocha Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

(9)Foráiltear le Treoir 92/43/CEE maidir le cur chuige struchtúrtha chun measúnú agus maolú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil na dtionscadal fuinnimh a thagann faoi raon feidhme Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh ar an mbithéagsúlacht agus, in éineacht le Treoir 2009/147/CE, is í an phríomhuirlis dhlíthiúil i ndlí an Aontais le haghaidh chur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a eascraíonn faoi Choinbhinsiún Bheirn maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa.

(10)I bhfianaise an ghá atá ann foráil a dhéanamh maidir le measúnuithe cuimsitheacha ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail fuinnimh ar éiceachórais uisce laistigh de raon feidhme Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, is gá do na Páirtithe Conarthacha a áirithiú go ndéanfar gach gníomhaíocht a bhaineann le Fuinneamh Eangach-Cheangailte a dhearadh agus a oibriú chun a áirithiú go gcomhlíonfar Treoir 2000/60/CE, agus go háirithe Airteagal 4, ina leagtar amach príomhchuspóirí na Treorach sin, lena mbunaítear go bhfuil na Ballstáit leis na bearta is gá a chur chun feidhme chun meathlú ar stádas dobharlach a chosc agus bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh dea-stádas uisce a bhaint amach, gan dochar do theorainneacha ama áirithe agus do dhíolúintí eile.
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, thar ceann an Aontais, a mholadh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a leasú mar a leagtar amach sa Chinneadh seo (féadfar plé a dhéanamh gan Cinneadh Airteagal 218(9)) agus ba cheart don Choimisiún, thar ceann an Aontais, vótáil i bhfabhar an togra ag cruinniú na Comhairle Aireachta atá beartaithe don 18 Nollaig 2025.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún an togra a áirítear in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoi bhráid Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh chun an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh a leasú dá réir chun raon feidhme an Chonartha a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú agus éabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais á cur san áireamh.

Airteagal 2

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinniú Chomhairle Aireachta an Fhuinnimh an 18 Nollaig 2025 tacú le glacadh an togra le haghaidh leasuithe ar Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh mar a áirítear in Iarscríbhinní I, II agus III.

Airteagal 3

Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh mionathruithe ar an gcinneadh sin a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj ).
(2)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj ).
(3)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj ).
(4)    Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj ).
(5)    Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena naisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/oj ).
(6)    Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2009/90/oj ).
(7)    IO L 198, an 20.7.2006, lch. 18.
(8)    IO L 198, an 20.7.2006, lch. 15.
(9)    An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeoirsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an tSeirbia agus an Úcráin.
(10)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj ).
(11)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj ).
(12)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj ).
(13)    Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj ).
(14)    Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena naisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/oj).
(15)    Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2009/90/oj ).

An Bhruiséil,14.10.2025

COM(2025) 636 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh chun raon feidhme an Chonartha a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú i gcomhréir le héabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais


IARSCRÍBHINN I

CINNEADH Uimh. 20xx/XX//MC-EnC

Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

an xx xx 202x

maidir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a leasú agus maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú

CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

Ag féachaint do Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus go háirithe Airteagail 25, 79 agus 100, pointe (i), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leagtar amach in Airteagal 2 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Conradh’) feabhas a chur ar an staid chomhshaoil i ndáil Fuinneamh Eangach-Cheangailte agus éifeachtúlacht fuinnimh ghaolmhar sna Páirtithe Conarthacha mar cheann dá phríomhchuspóirí.

(2)Le hAirteagal 12 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, ceanglaítear ar gach Páirtí Conarthach an ‘acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme i gcomhréir leis an amchlár le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh.

(3)In Airteagal 16 den Chonradh, liostaítear an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chumhdaítear leis an gConradh.

(4)Foráiltear le hAirteagal 25 den Chonradh go bhféadfaidh an Comhphobal Fuinnimh bearta a dhéanamh chun leasuithe ar an acquis communautaire a leagtar amach i dTeideal II a chur chun feidhme, i gcomhréir le héabhlóid dhlí an Aontais Eorpaigh.

(5)Le hAirteagal 79 den Chonradh foráiltear go ndéanfaidh an Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil nó an Bord Rialála Bearta faoi Theideal II ar thogra ón gCoimisiún Eorpach. De bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh, déanfar na bearta sin le tromlach na vótaí a chaitear, agus vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach.

(6)Sonraítear in Airteagal 100, pointe (i), den Chonradh go bhféadfaidh an Chomhairle Aireachta, d’aon toil a Comhaltaí, forálacha Theidil I go VII den Chonradh a leasú.

(7)Liostaítear Airteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE maidir le héin fhiáine a chaomhnú cheana féin faoi Airteagal 16, pointe (iv), den Chonradh.

(8)Is gá aistriú fuinnimh cóir a áirithiú lena ráthaítear comhthairbhí don bhithéagsúlacht, agus lena seachnaítear meathlú ar stádas caomhantais cineálacha gnáthóige nádúrtha agus gnáthóga speiceas i láithreáin a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo nó i limistéir faoi chosaint náisiúnta ina bhfuil cineálacha gnáthóige nádúrtha agus speicis arb éard atá iontu speicis ar leas an Chomhphobail.

(9)Ní mór pleananna agus tionscadail Fuinnimh Eangach-Cheangailte, i gcomhthéacs an Chonartha, a dhearadh chun aon tionchar diúltach ar an mbithéagsúlacht a mhaolú nó, i gcás inar gá, a theorannú a mhéid is féidir.

(10)Luaitear in Airteagal 2 de Threoir 2009/147/CE nach mór bearta a dhéanamh chun daonra gach speicis éan a bhíonn ann go nádúrtha sa dúiche fhiáin i gcríoch Eorpach Bhallstáit an Aontais a chothabháil.

(11)Le hAirteagal 4(4), an dara habairt de Threoir 2009/147/CE, leagtar síos oibleagáid chun iarracht a dhéanamh truailliú nó meathlú gnáthóg lasmuigh de limistéir chosanta a sheachaint. Tá speicis éan dáilte go forleathan agus soghluaiste, agus is gá a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí chun tionchar Fuinnimh Eangach-Cheangailte thar limistéir faoi chosaint a theorannú.

(12)Le hAirteagail 5 agus 9 de Threoir 2009/147/CE, leagtar síos creat chun gach speiceas éan a bhíonn ann go nádúrtha sa dúiche fhiáin i gcríoch Eorpach Bhallstáit an Aontais a chosaint. Is gá na toirmisc a liostaítear in Airteagal 5 den Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí Fuinnimh Eangach-Cheangailte i ngeall ar na tionchair is féidir a bheith acu ar speicis éan fiáin a bhíonn ann go nádúrtha. D’fhéadfadh sé gur gá maolú ar na toirmisc sin in imthosca teoranta ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir is gá.

(13)Na limistéir a chosnaítear faoi Threoir 2009/147/CE, tá siad faoi réir cheanglais Airteagal 6(2), (3) agus (4) de Threoir 92/43/CEE maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine de bhua Airteagal 7 den Treoir sin. Le hAirteagal 6(2), (3) agus (4), leagtar síos creat le haghaidh caomhnú agus cosaint láithreánbhunaithe trí cheanglais choisctheacha agus nós imeachta chun rannchuidiú le gnáthóga nádúrtha agus gnáthóga speiceas fána agus flóra fiáine ar leas an Chomhphobail a chothabháil nó a athbhunú, ar stádas caomhantais fabhrach.

(14)Féadfaidh baint a bheith ag pleananna agus tionscadail de réir bhrí Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE sin freisin le Fuinneamh Eangach-Cheangailte, agus d’fhéadfadh tionchair shuntasacha a bheith acu ar shláine láithreáin a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo agus ar limistéir faoi chosaint náisiúnta ina bhfuil cineálacha gnáthóige nádúrtha agus speicis arb éard atá iontu speicis ar leas an Chomhphobail. Beidh sé riachtanach bearta cúiteacha a dhéanamh i gcás nach mór na pleananna nó na tionscadail Fuinnimh Eangach-Cheangailte sin a chur i gcrích ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí.

(15)Is iad Treoir 2009/147/CE, mar aon le Treoir 92/43/CEE, na príomhuirlisí dlí i ndlí an Aontais maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a eascraíonn faoi Choinbhinsiún Bheirn maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (‘an Coinbhinsiún’). Tá Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide le bunú i ngach ceann de na Páirtithe Conarthacha agus de na Stáit Bhreathnóireachta i gCoinbhinsiún Bheirn, mar uirlis chun spriocanna foriomlána an Choinbhinsiúin a bhaint amach. Tá gach Páirtí Conarthach sa Chonradh ina Pháirtí sa Choinbhinsiún freisin, cé is moite den Chosaiv 1 . I ngach Páirtí Conarthach i gCoinbhinsiún Bheirn, ainmnítear Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide, agus Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide is Iarrthóirí. Tá an Líonra Smaragaide fós á fhorbairt, ós rud é go bhfuil bearnaí fós ann sular féidir a mheas go bhfuil sé iomlán agus leordhóthanach chun tacú le cuspóirí an Choinbhinsiúin a bhaint amach.

(16)Tá limistéir atá faoi chosaint dlí tríd an dlí náisiúnta dírithe ar chaomhnú fadtéarmach cineálacha gnáthóige agus speiceas a bhfuil seirbhísí éiceachórais agus luachanna cultúrtha gaolmhara acu a bhaint amach. Tá na limistéir sin i ngach Páirtí Conarthach sa Chonradh.

(17)Is bogaigh iad láithreáin Ramsar a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo agus atá ainmnithe faoi Choinbhinsiún Ramsar maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo, go háirithe mar Ghnáthóg d’Éin Uisce (‘Coinbhinsiún Ramsar’), Comhaontú idir-rialtasach arb é is aidhm dó stop a chur le cailliúint bogach ar fud an domhain. Tá gach Páirtí Conarthach sa Chonradh ina Pháirtí i gCoinbhinsiún Ramsar freisin, agus tá láithreáin Ramsar ainmnithe acu, cé is moite den Chosaiv.

(18)Baineann an Conradh le pleananna agus tionscadail atá ábhartha do chur chun feidhme Threoir 2009/147/CE, trí thagairt a dhéanamh d’Airteagail 6 agus 7 de Threoir 92/43/CEE. Dá bhrí sin, trí Threoir 2009/147/CE a áireamh san acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol, áiritheofar go gcuirfear caomhnú speiceas éan agus a ngnáthóg san áireamh agus pleananna agus tionscadail a bhaineann le Fuinneamh Eangach-Cheangailte á gceapadh agus á gcur chun feidhme.

(19)Níor ionchorpraíodh Airteagal 2, Airteagal 4(4), an dara habairt, Airteagal 5 agus Airteagal 9 agus Iarscríbhinn I de Threoir 2009/147/CE san acquis communautaire maidir le comhshaol an Chomhphobail Fuinnimh go fóill.

(20)Ceanglaítear le hAirteagal 94 den Chonradh ar institiúidí aon téarma nó coincheap eile a úsáidtear sa Chonradh agus a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais a léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(21)Cuirtear i láthair i ndoiciméid treorach 2 tuiscint an Choimisiúin ar fhorálacha Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, lena náirítear a chur i bhfeidhm maidir le Treoir 2009/147/CE, agus d’fhéadfadh treoir a bheith iontu maidir lena gcur i bhfeidhm, i bhfianaise dhlí-eolaíocht ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus an taithí a eascraíonn as an gcur chun feidhme i mBallstáit an Aontais á cur san áireamh.

(22)Ba cheart an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 16 den Chonradh agus an tamchlár le haghaidh cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II den Chonradh a ailíniú le dlí an Aontais maidir le caomhnú an dúlra a mhéid a bhaineann sé le Fuinneamh Eangach-Cheangailte.

(23)Ag na cruinnithe a bhí ag an Tascfhórsa Comhshaoil an xxx agus an xxx, rinne sé anailís mhionsonraithe ar an togra agus mhol sé go nglacfaí é le roinnt oiriúnuithe a léirítear sa Chinneadh seo. Chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach na hoiriúnuithe.

(24)Ag na cruinnithe a bhí ag an mBuanghrúpa Ardleibhéil an xxx agus xxx, d’fhorbair sé an Cinneadh seo agus mhol sé é a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Conradh an Chomhphobail Fuinnimh mar a leanas:

(1) in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

‘(iv) Airteagal 2, Airteagal 4(2) agus (4), an dara habairt, Airteagal 5, Airteagal 9 agus Iarscríbhinn I de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú,’;

(2) in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

‘4. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach Airteagal 2, Airteagal 4(2) agus (4), an dara habairt, Airteagal 5, Airteagal 9 agus Iarscríbhinn I de Threoir 2009/147/CE an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú a chur chun feidhme faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile.’

Airteagal 2

1. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 2 de Threoir 2009/147/CE mar a leanas:

‘Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá i réimse an Fhuinnimh Eangach-Cheangailte chun daonra gach speicis éan a bhíonn ann go nádúrtha sa dúiche fhiáin a chothabháil i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha a bhfuil feidhm ag an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh maidir leo ar leibhéal a chomhfhreagraíonn go háirithe do riachtanais éiceolaíocha, eolaíocha agus chultúrtha, agus riachtanais eacnamaíocha agus áineasa á gcur san áireamh, nó chun daonra na speiceas sin a oiriúnú don leibhéal sin.’

2. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 4(4), an dara habairt, de Threoir 2009/147/CE mar a leanas:

‘Lasmuigh de limistéir chosanta, féachfaidh Páirtithe Conarthacha freisin le truailliú nó meathlú ghnáthóga na speiceas éan a sheachaint, a mhéid a bhaineann sé le Fuinneamh Eangach-Cheangailte.’

3. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE mar a leanas:

‘Gan dochar d’Airteagal 9, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá chun córas ginearálta cosanta a bhunú do gach speiceas éan a bhíonn ann go nádúrtha sa dúiche fhiáin i gcríoch Eorpach na bPáirtithe Conarthacha a bhfuil feidhm ag an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh maidir leo, lena dtoirmisctear go háirithe:

(a) marú nó gabháil de chineál ar bith d’aon ghnó;

(b) a neadacha agus a n‑uibheacha a scriosadh, nó damáiste a dhéanamh dóibh, d’aon ghnó nó a neadacha a bhaint d’aon ghnó;

(c) uibheacha a thógáil as dúiche fhiáin agus na huibheacha sin a choinneáil fiú má tá siad folamh;

(d) cur isteach ar na héin sin d’aon ghnó, go háirithe le linn thréimhse an phórúcháin agus na tógála, a mhéid a mbeadh tábhacht ag baint leis an gcur isteach sin i bhfianaise chuspóirí na Treorach seo;

(e) coinneáil éan de chuid na speiceas sin a bhfuil toirmeasc ar a bhfiach agus ar a ngabháil.’

4. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 9 de Threoir 2009/147/CE mar a leanas:

‘1. Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha maolú ar fhorálacha Airteagal 58, i gcás nach bhfuil aon réiteach sásúil eile ann, ar na cúiseanna seo a leanas:

(a) — ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an phobail,

— ar mhaithe le sábháilteacht aeir,

— chun damáiste tromchúiseach do bharra, beostoc, foraoisí, iascaigh agus uisce a chosc,

— chun flóra agus fána a chosaint;

(b) chun críoch taighde agus teagaisc, athdhaonraithe nó athbhunaithe agus le haghaidh an phórúcháin is gá chun na gcríoch sin;

(c) chun cead a thabhairt, ar choinníollacha dianmhaoirsithe agus ar bhonn roghnach, líon beag d’éin áirithe a ghabháil, a choinneáil nó úsáid stuama eile a bhaint astu.

2. Ní mór a shonrú leis na maoluithe dá dtagraítear i mír 1:

 

(a) na speicis atá faoi réir na maoluithe;

(b) na bealaí, na socruithe nó na modhanna atá údaraithe chun iad a ghabháil nó a mharú;

(c) na coinníollacha riosca agus na cúinsí ama agus áite ina bhféadfar na maoluithe sin a dheonú;

(d) an t‑údarás a bhfuil sé de chumhacht aige a dhearbhú go bhfuil na coinníollacha is gá comhlíonta agus a chinneadh cé na bealaí, socruithe nó modhanna is ceadmhach a úsáid, na srianta a bhaineann leis an úsáid sin agus an té atá ceadaithe iad a úsáid;

 

(e) na rialuithe a dhéanfar.

3. Gach bliain, seolfaidh na Páirtithe Conarthacha tuarascáil chuig Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’) maidir le cur chun feidhme mhíreanna 1 agus 2. Áiritheoidh an Rúnaíocht go gcuirfear na tuarascálacha ar fáil don phobal.

 

4. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, agus go háirithe an fhaisnéis a chuirtear in iúl dó de bhun mhír 3, áiritheoidh sé i gcónaí go mbeidh iarmhairtí na maoluithe dá dtagraítear i mír 1 comhoiriúnach don Treoir seo. Déanfaidh sí na bearta iomchuí chun na críche sin.’

Airteagal 3

1. Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 2, Airteagal 4(4), an dara habairt, Airteagal 5 agus Airteagal 9 de Threoir 2009/147/CE a chomhlíonadh, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile. Cuirfidh siad Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’) ar an eolas láithreach faoi sin.

2. Nuair a ghlacfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairtí iontu don Treoir seo agus do Threoir 2009/147/CE, nó beidh tagairtí den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Páirtithe Conarthacha síos na bealaí chun tagairtí den sórt sin a dhéanamh.

3. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an gCinneadh seo agus le Treoir 2009/47/CE a tharchur chuig an Rúnaíocht.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Aireachta é.

Airteagal 5

Is chuig Páirtithe Conarthacha Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh in [xxx], an [DÁTA]

Thar ceann na Comhairle Aireachta

(Uachtarán)

(1)    Tá an t‑ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.
(2)

   ‘Managing Natura 2000 sites — The provisions of Article 6 of the Habitats Directive 92/43/EEC’ [Láithreáin Natura 2000 a bhainistiú — Forálacha Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE maidir le Gnáthóga] (C/2018/7621); agus ‘Fógra ón gCoimisiún Measúnú ar phleananna agus ar thionscadail i ndáil le láithreáin Natura 2000 — Treoraíocht mhodheolaíoch maidir le forálacha Airteagal 6(3) agus (4) de Threoir 92/43/CEE maidir le Gnáthóga’ (C/2021/6913).


An Bhruiséil,14.10.2025

COM(2025) 636 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh chun raon feidhme an Chonartha a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú i gcomhréir le héabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais.




IARSCRÍBHINN II

CINNEADH Uimh. 20xx/XX//MC-EnC

Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

an xx xx 202x

maidir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a leasú agus maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine

CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

Ag féachaint do Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus go háirithe Airteagail 25, 79 agus 100, pointe (i), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leagtar amach in Airteagal 2 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Conradh’) feabhas a chur ar an staid chomhshaoil i ndáil Fuinneamh Eangach-Cheangailte agus éifeachtúlacht fuinnimh ghaolmhar sna Páirtithe Conarthacha mar cheann dá phríomhchuspóirí.

(2)Le hAirteagal 12 de Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, ceanglaítear ar gach Páirtí Conarthach an ‘acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme i gcomhréir leis an amchlár le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh.

(3)In Airteagal 16 den Chonradh, liostaítear an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chumhdaítear leis an gConradh.

(4)Foráiltear le hAirteagal 25 den Chonradh go bhféadfaidh an Comhphobal Fuinnimh bearta a dhéanamh chun leasuithe ar an acquis communautaire a leagtar amach i dTeideal II a chur chun feidhme, i gcomhréir le héabhlóid dhlí an Aontais Eorpaigh.

(5)Le hAirteagal 79 den Chonradh foráiltear go ndéanfaidh an Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil nó an Bord Rialála Bearta faoi Theideal II ar thogra ón gCoimisiún Eorpach. De bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh, déanfar na bearta sin le tromlach na vótaí a chaitear, agus vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach.

(6)Sonraítear in Airteagal 100, pointe (i), den Chonradh go bhféadfaidh an Chomhairle Aireachta, d’aon toil a Comhaltaí, forálacha Theidil I go VII den Chonradh a leasú.

(7)Is gá aistriú fuinnimh cóir a áirithiú lena ráthaítear comhthairbhí don bhithéagsúlacht, agus lena seachnaítear meathlú ar stádas caomhantais cineálacha gnáthóige nádúrtha agus gnáthóga speiceas i láithreáin a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo nó i limistéir faoi chosaint náisiúnta ina bhfuil cineálacha gnáthóige nádúrtha agus speicis arb éard atá iontu speicis ar leas an Chomhphobail.

(8)Ní mór pleananna agus tionscadail Fuinnimh Eangach-Cheangailte, i gcomhthéacs an Chonartha, a dhearadh chun aon tionchar diúltach ar an mbithéagsúlacht a mhaolú nó, i gcás inar gá, a theorannú a mhéid is féidir.

(9)Sainítear in Airteagal 1 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine na príomhthéarmaí atá ábhartha maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme na Treorach sin.

(10)Luaitear in Airteagal 2 de Threoir 92/43/CEE gurb é is aidhm don Treoir rannchuidiú leis an mbithéagsúlacht a áirithiú trí chaomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine.

(11)Le hAirteagal 6(2), (3), agus (4) de Threoir 92/43/CEE, leagtar síos creat le haghaidh caomhnú agus cosaint láithreánbhunaithe trí cheanglais choisctheacha agus nós imeachta chun rannchuidiú le gnáthóga nádúrtha agus gnáthóga speiceas fána agus flóra fiáine ar leas an Chomhphobail a chothabháil nó a athbhunú, ar stádas caomhantais fabhrach.

(12)Féadfaidh baint a bheith ag pleananna agus tionscadail de réir bhrí Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE sin freisin le Fuinneamh Eangach-Cheangailte, agus d’fhéadfadh tionchair shuntasacha a bheith acu ar shláine láithreáin a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo agus ar limistéir faoi chosaint náisiúnta ina bhfuil cineálacha gnáthóige nádúrtha agus speicis arb éard atá iontu speicis ar leas an Chomhphobail. Beidh sé riachtanach bearta cúiteacha a dhéanamh i gcás nach mór na pleananna nó na tionscadail Fuinnimh Eangach-Cheangailte sin a chur i gcrích ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí.

(13)Tá feidhm ag Airteagal 6(2), (3) agus (4) de Threoir 92/43/CEE freisin maidir le limistéir faoi chosaint speisialta arna mbunú le haghaidh na speiceas éan a luaitear in Airteagal 4(2) agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE maidir le héin fhiáine a chaomhnú trí Airteagal 7 de Threoir 92/43/CEE. Is gá, dá bhrí sin, go mbeadh láithreáin a chosnaíonn na speicis éan sin i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha faoi réir cheanglais Airteagal 6(2), (3) agus (4) san acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol freisin.

(14)Le hAirteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 16 de Threoir 92/43/CEE, leagtar síos creat chun speicis arb éard atá iontu speicis ar leas an Chomhphobail a chosaint go docht ar fud a raoin nádúrtha iomláin, laistigh de limistéir faoi chosaint agus lasmuigh díobh araon. Is gá na toirmisc a liostaítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí Fuinnimh Eangach-Cheangailte mar gheall ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar speicis atá ar leas an Chomhphobail. D’fhéadfadh sé gur gá maolú ar na toirmisc sin in imthosca teoranta ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir is gá.

(15)Is iad Treoir 92/43/CEE, mar aon le Treoir 2009/147/CE, na príomhuirlisí dlí i ndlí an Aontais maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a eascraíonn faoi Choinbhinsiún Bheirn maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (‘Coinbhinsiún Bheirn’). Tá Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide le bunú i ngach ceann de na Páirtithe Conarthacha agus de na Stáit Bhreathnóireachta i gCoinbhinsiún Bheirn, mar uirlis chun spriocanna foriomlána an Choinbhinsiúin a bhaint amach. Tá gach Páirtí Conarthach sa Chonradh ina Pháirtí i gCoinbhinsiún Ramsar freisin, cé is moite den Chosaiv 1 . I ngach Páirtí Conarthach i gCoinbhinsiún Bheirn, ainmnítear Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide, agus Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide is Iarrthóirí. Tá an Líonra Smaragaide fós á fhorbairt, ós rud é go bhfuil bearnaí fós ann sular féidir a mheas go bhfuil sé iomlán agus leordhóthanach chun tacú le cuspóirí an Choinbhinsiúin a bhaint amach.

(16)Tá limistéir atá faoi chosaint dlí tríd an dlí náisiúnta dírithe ar chaomhnú fadtéarmach cineálacha gnáthóige agus speiceas a bhfuil seirbhísí éiceachórais agus luachanna cultúrtha gaolmhara acu a bhaint amach. Tá na limistéir sin i ngach Páirtí Conarthach sa Chonradh.

(17)Is bogaigh iad láithreáin Ramsar a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo agus atá ainmnithe faoi Choinbhinsiún Ramsar maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo, go háirithe mar Ghnáthóg d’Éin Uisce (‘Coinbhinsiún Ramsar’), Comhaontú idir-rialtasach arb é is aidhm dó stop a chur le cailliúint bogach ar fud an domhain. Tá gach Páirtí Conarthach sa Chonradh ina Pháirtí i gCoinbhinsiún Ramsar freisin, agus tá láithreáin Ramsar ainmnithe acu, cé is moite den Chosaiv.

(18)Baineann an Conradh le pleananna agus tionscadail atá ábhartha do chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus dá náireofaí í san acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol, d’áiritheofaí go gcuirfí caomhnú an dúlra san áireamh agus pleananna agus tionscadail Líonra Fuinnimh-Cheangailte á gceapadh agus á gcur chun feidhme.

(19)Níor ionchorpraíodh Airteagal 1, Airteagal 2, Airteagal 6(2), (3) agus (4), Airteagal 12, Airteagal 13, Airteagal 16 agus Iarscríbhinní I, II agus IV de Threoir 92/43/CEE go fóill san acquis communautaire maidir le comhshaol an Chomhphobail Fuinnimh.

(20)Ceanglaítear le hAirteagal 94 den Chonradh ar institiúidí aon téarma nó coincheap eile a úsáidtear sa Chonradh agus a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais a léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(21)Cuirtear i láthair i ndoiciméid treorach tuiscint an Choimisiúin ar fhorálacha Threoir 92/43/CEE, agus d’fhéadfadh treoir a bheith iontu maidir lena gcur i bhfeidhm, i bhfianaise dhlí-eolaíocht ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus an taithí a eascraíonn as an gcur chun feidhme i mBallstáit an Aontais á cur san áireamh 2 .

(22)Ba cheart an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 16 agus an tamchlár le haghaidh cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II den Chonradh a ailíniú le dlí an Aontais maidir le caomhnú an dúlra a mhéid a bhaineann sé le Fuinneamh Eangach-Cheangailte.

(23)Ag na cruinnithe a bhí ag an Tascfhórsa Comhshaoil an xxx agus an xxx, rinne sé anailís mhionsonraithe ar an togra agus mhol sé go nglacfaí é le roinnt oiriúnuithe a léirítear sa Chinneadh seo. Chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach na hoiriúnuithe.

(24)Ag na cruinnithe a bhí ag an mBuanghrúpa Ardleibhéil an xxx agus xxx, d’fhorbair sé an Cinneadh seo agus mhol sé é a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Conradh an Chomhphobail Fuinnimh mar a leanas:

(1) in Airteagal 16, cuirtear an pointe [XX] seo a leanas isteach:

‘(XX) Airteagal 1, Airteagal 2, Airteagal 6(2), (3) agus (4), Airteagal 12, Airteagal 13, Airteagal 16 agus Iarscríbhinní I, II agus IV de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine’;

(2) in Iarscríbhinn II, cuirtear an pointe [XX] seo a leanas isteach:

‘[XX]. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach Airteagal 1, Airteagal 2, Airteagal 6(2), (3) agus (4), Airteagal 12, Airteagal 13, agus Airteagal 16 agus Iarscríbhinní I, II agus IV de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chur chun feidhme faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile.

Airteagal 2

1. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 1 de Threoir 92/43/CEE mar Airteagal atá scríofa sa Treoir sin.

2. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 2 de Threoir 92/43/CE mar a leanas:

‘1. Is é an aidhm a bheidh leis an Treoir seo rannchuidiú le bithéagsúlacht a áirithiú trí ghnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú i gcríoch Eorpach na bPáirtithe Conarthacha a bhfuil feidhm ag an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh maidir leo.

2. Na bearta a dhéanfar de bhun na Treorach seo, ceapfar iad chun gnáthóga nádúrtha agus speicis fána agus flóra fiáine ar leas an Chomhphobail a chothabháil agus a athchóiriú, ar stádas caomhantais fabhrach.

3. Na bearta a dhéanfar de bhun na Treorach seo, cuirfidh siad riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha san áireamh chomh maith le gnéithe réigiúnacha agus áitiúla.’

3. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 6(2), (3) agus (4) de Threoir 92/43/CEE mar a leanas:

‘2. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha bearta iomchuí chun go seachnófar, i Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide, i Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta an Líonra Smaragaide is Iarrthóirí, i Láithreáin Ramsar, i limistéir faoi chosaint náisiúnta ina bhfuil cineálacha gnáthóige nádúrtha agus speicis a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE faoi seach, agus i limistéir faoi chosaint náisiúnta ina bhfuil speicis éan dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, meath gnáthóg nádúrtha agus gnáthóg speiceas chomh maith le cur isteach ar na speicis ar ainmníodh na limistéir ina leith, a mhéid a mbeadh tábhacht ag baint leis i bhfianaise chuspóirí na Treorach seo.

3. Aon phlean Fuinnimh Eangach-Cheangailte nó tionscadal ar cosúil go ndéanfadh sé difear mór do na láithreáin dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn aonair nó i dteannta pleananna nó tionscadail eile, beidh sé faoi réir measúnú iomchuí ar a iarmhairtí le haghaidh an láithreáin i bhfianaise chuspóirí caomhantais an láithreáin. I bhfianaise chonclúidí mheasúnú na n‑iarmhairtí le haghaidh an láithreáin agus faoi réir fhorálacha mhír 4, tiocfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla ar chomhaontú maidir leis an bplean nó tionscadal Fuinnimh Eangach-Cheangailte tar éis dóibh a fháil amach nach n‑imreoidh sé drochthionchar ar shláine an láithreáin lena mbaineann agus, más iomchuí, tar éis dóibh tuairim a fháil ón bpobal ina leith.

4. Más rud é, d’ainneoin measúnú diúltach ar na himpleachtaí don láithreán, agus in éagmais aon réitigh eile, nach mór plean nó tionscadal Fuinnimh Eangach-Cheangailte a chur i gcrích ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí, lena n‑áirítear cúiseanna de chineál sóisialta nó eacnamaíoch, déanfaidh an Páirtí Conarthach gach beart cúiteach is gá chun a áirithiú go gcosnófar comhleanúnachas foriomlán a líonra suíomhanna dá dtagraítear faoi mhír 2. Cuirfidh sé Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’) ar an eolas faoi na bearta cúiteacha a glacadh.

I gcás ina mbeidh cineál gnáthóige nádúrtha tosaíochta agus/nó speiceas tosaíochta sa láithreán lena mbaineann, is é an t‑aon chineál ceiste is féidir a tharraingt anuas ceisteanna a bhaineann le sláinte an duine nó leis an tsábháilteacht phoiblí, le hiarmhairtí sochracha atá sárthábhachtach don chomhshaol, nó, ar bhonn tuairim ón gCoimisiún, le mórchúiseanna eile a bhaineann le leas sáraitheach poiblí.

4. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 12 de Threoir 92/43/CE mar a leanas:

‘1. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá chun córas a bhunú a thabharfaidh dianchosaint do na speicis ainmhithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV (a) ina raon nádúrtha, lena gcuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a) gach gníomhaíocht a bhaineann le heiseamail na speiceas sin san fhiántas a ghabháil nó a mharú agus sin a dhéanamh d’aon ghnó;

(b) aon chur isteach ar na speicis seo a dhéantar d’aon ghnó, go háirithe le linn na tréimhse pórúcháin, tógála, geimhriúcháin agus imirce;

(c) aon scriosadh nó glacadh uibheacha ón bhfiadhúlra a dhéantar d’aon ghnó;

(d) meath nó scriosadh láithreáin pórúcháin nó áiteanna sosa.’

2. Maidir leis na speicis sin, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha toirmeasc ar eiseamail a ghlactar ón bhfiadhúlra a choinneáil, a iompar agus a dhíol nó a mhalartú, a chur ar díol nó a chur a mhalartú, seachas iad sin a ghlactar go dlíthiúil sula gcuirfear an Treoir seo chun feidhme.

3. Beidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus i mír 2 maidir le gach céim de shaolré na n‑ainmhithe a bhfuil feidhm ag an Airteagal seo maidir leo.

4. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar ghabháil theagmhasach agus marú teagmhasach na speiceas ainmhithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (a). I bhfianaise na faisnéise a tiomsaíodh, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha taighde breise nó bearta breise caomhantais is gá chun a áirithiú nach mbeidh tionchar mór diúltach ag gabháil theagmhasach agus ag marú teagmhasach ar an speiceas lena mbaineann.’

5. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 13 de Threoir 92/43/CE mar a leanas:

‘1. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá chun córas a bhunú a thabharfaidh dianchosaint do na speicis plandaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (b), lena gcuirfear toirmeasc orthu seo a leanas:

(a) piocadh, cruinniú, gearradh, stoitheadh nó scriosadh plandaí den sórt sin a dhéantar d’aon ghnó ina raon nádúrtha san fhiántas;

(b) eiseamail speiceas den sórt sin a bhaintear san fhiántas a choinneáil, a iompar agus a dhíol nó a mhalartú, a chur ar díol nó a chur a mhalartú, seachas iad sin a bhaintear go dlíthiúil sula gcuirfear an Treoir seo chun feidhme.

2. Beidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) maidir le gach céim de thimthriall bitheolaíoch na bplandaí a bhfuil feidhm ag an Airteagal seo maidir leo.’

6. Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear Airteagal 16 de Threoir 92/43/CE mar a leanas:

‘1. Ar choinníoll nach bhfuil aon chur chuige malartach ann agus nach ndéanann an maolú aon dochar do chothabháil dhaonraí na speiceas lena mbaineann ar stádas caomhantais fabhrach ina raon nádúrtha, féadfaidh na Ballstáit maolú ó fhorálacha Airteagail 12, 13, 14 agus Airteagal 13 (a) agus (b):

(a) ar mhaithe le fána agus flóra fiáine a chosaint agus gnáthóga nádúrtha a chaomhnú;

(b) chun damáiste tromchúiseach a sheachaint, go háirithe ar bharraí, ar bheostoc, ar fhoraoisí, ar iascaigh agus ar uisce agus ar chineálacha eile réadmhaoine;

(c) ar mhaithe leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht phoiblí, nó le cúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí, lena n‑áirítear mórchúiseanna ar de chineál sóisialta nó eacnamaíoch iad agus iarmhairtí sochracha atá sárthábhachtach don chomhshaol;

(d) chun críche taighde agus oideachais, athdhaonrú agus athbhunú na speiceas sin agus le haghaidh na n‑oibríochtaí pórúcháin is gá chun na gcríoch sin, lena n‑áirítear iomadú plandaí saorga;

(e) glacadh nó coinneáil eiseamail áirithe de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a cheadú, faoi choinníollacha a ndéantar dianmhaoirseacht orthu, ar bhonn roghnach agus ar mhéid teoranta, i líonta teoranta arna shainiú ag údaráis náisiúnta inniúla.

2. Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha tuarascáil ar aghaidh chuig an Rúnaíocht gach dhá bhliain i gcomhréir leis an bhformáid arna bunú ag an gCoiste um chaomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (an Coiste um Ghnáthóga) maidir leis na maoluithe a chuirtear i bhfeidhm faoi mhír 1. Tabharfaidh an Rúnaíocht a tuairim maidir leis na maoluithe sin faoi cheann achar ama nach faide ná 12 mhí tar éis di an tuarascáil a fháil agus tabharfaidh sí cuntas don Tascfhórsa Comhshaoil. Áiritheoidh an Rúnaíocht go gcuirfear na tuarascálacha ar fáil don phobal.

3. Déanfar an méid seo a leanas a shainiú sna tuarascálacha:

(a) Na speicis atá faoi réir maoluithe agus an fáth leis an maolú, lena n‑áirítear an cineál riosca faoi chaibidil, mar aon le tagairt do roghanna malartacha dar diúltaíodh agus na sonraí eolaíocha a úsáideadh, más iomchuí;

(b) na bealaí, na feistí agus na modhanna a údaraíodh le haghaidh speicis ainmhithe a ghabháil agus a mharú agus na fáthanna lena n‑úsáid;

(c) na cúinsí ina léirítear cén uair agus cén áit a dheonaítear na maoluithe sin;

(d) an t‑údarás dá dtugtar de chumhacht a fhógairt agus a sheiceáil go bhfuil na coinníollacha is gá ann agus a chinneann cé na bealaí, na feistí agus na modhanna a fhéadfar a úsáid, cad iad na teorannacha ar laistigh díobh a úsáidtear iad agus cad iad na gníomhaireachtaí a úsáideann iad, agus na daoine atá leis an gcúram sin a chur i gcrích;

(e) na bearta maoirseachta a úsáidtear agus na torthaí a fhaightear.’

Airteagal 3

1. Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, Airteagal 2, Airteagal 6(2), (3) agus (4), Airteagal 12, Airteagal 13, Airteagal 16 agus Iarscríbhinní I, II, agus IV de Threoir 92/43/CEE a chomhlíonadh, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile. Cuirfidh siad Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’) ar an eolas láithreach faoi sin.

2. Nuair a ghlacfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairtí iontu don Treoir seo nó do Threoir 92/43/CEE, nó beidh tagairtí den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Páirtithe Conarthacha síos na bealaí chun tagairtí den sórt sin a dhéanamh.

3. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an gCinneadh seo agus le Treoir 92/43/CEE a chur in iúl don Rúnaíocht.

Airteagal 4

I gcás pleananna nó tionscadail Fuinnimh Eangach-Cheangailte as a n‑eascraíonn tuairim faoi Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE, trí thagairt don Chinneadh seo, déanfaidh an Páirtí Conarthach a bhfuil sé beartaithe an plean nó an tionscadal a chur i gcrích ina chríoch an méid seo a leanas, inter alia, a sheoladh chuig an Rúnaíocht a luaithe is féidir:

(a) tuairisc ar an bplean nó ar an tionscadal;

(b) aon fhaisnéis ábhartha maidir lena thionchair ar an gcineál gnáthóige tosaíochta/na cineálacha gnáthóige tosaíochta agus/nó na speicis tosaíochta dá ndéantar difear, lena n‑áirítear torthaí agus conclúidí an mheasúnaithe iomchuí.

Airteagal 5 

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Aireachta é.

Airteagal 6

Is chuig Páirtithe Conarthacha Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh in [xxx], an [DÁTA]

Thar ceann na Comhairle Aireachta

(Uachtarán)

(1)    Tá an t‑ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.
(2)    Managing Natura 2000 sites — The provisions of Article 6 of the Habitats Directive 92/43/EEC’ [Láithreáin Natura 2000 a bhainistiú — Forálacha Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE maidir le Gnáthóga] (C/2018/7621);   Commission notice Guidance document on the strict protection of animal species of Community interest under the Habitats Directive [Fógra ón gCoimisiún Treoirdhoiciméad maidir le dianchosaint speiceas ainmhithe ar leas an Chomhphobail iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga]  (C/2021/7201 final); Commission Guidance on the provisions of Article 6 of the Habitats Directive ’ [Treoir ón gCoimisiún maidir le forálacha Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga]; agus ‘Fógra ón gCoimisiún Measúnú ar phleananna agus ar thionscadail i ndáil le láithreáin Natura 2000 — Treoraíocht mhodheolaíoch maidir le forálacha Airteagal 6(3) agus (4) de Threoir 92/43/CEE maidir le Gnáthóga’ (C/2021/6913).

An Bhruiséil,14.10.2025

COM(2025) 636 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh chun raon feidhme an Chonartha a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú i gcomhréir le héabhlóid dhlí comhshaoil an Aontais


IARSCRÍBHINN III

CINNEADH Uimh. 20xx/XX//MC-EnC

Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

an xx xx 202x

maidir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a leasú agus cur chun feidhme Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath, Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce agus Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce

CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

Ag féachaint do Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus go háirithe Airteagail 25, 79 agus 100, pointe (i), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leagtar amach in Airteagal 2 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Conradh’) feabhas a chur ar an staid chomhshaoil i ndáil Fuinneamh Eangach-Cheangailte agus éifeachtúlacht fuinnimh ghaolmhar sna Páirtithe Conarthacha mar cheann dá phríomhchuspóirí.

(2)Le hAirteagal 12 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, ceanglaítear ar gach Páirtí Conarthach an ‘acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme i gcomhréir leis an amchlár le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh.

(3)In Airteagal 16 den Chonradh, liostaítear an acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol a chumhdaítear leis an gConradh.

(4)Foráiltear le hAirteagal 25 den Chonradh go bhféadfaidh an Comhphobal Fuinnimh bearta a dhéanamh chun leasuithe ar an acquis communautaire a leagtar amach i dTeideal II a chur chun feidhme, i gcomhréir le héabhlóid dhlí an Aontais Eorpaigh.

(5)Le hAirteagal 79 den Chonradh foráiltear go ndéanfaidh an Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil nó an Bord Rialála Bearta faoi Theideal II ar thogra ón gCoimisiún Eorpach. De bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh, déanfar na bearta sin le tromlach na vótaí a chaitear, agus vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach.

(6)Foráiltear le hAirteagal 100 den Chonradh inter alia go ndéanfar cinntí maidir le leasuithe ar fhorálacha Theidil I go VII d’aon toil Chomhaltaí Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

(7)Is gá dlús a chur le tionscadail fuinnimh inathnuaite intíre sa Chomhphobal Fuinnimh mar gheall ar bhaint amach spriocanna 2030 na bPáirtithe Conarthacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus maidir le giniúint fuinnimh inathnuaite, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1999 1 .

(8)D’fhéadfadh tionchar mór diúltach a bheith ag líon mór tionscadal agus gníomhaíochtaí a bhaineann le Fuinneamh Eangach-Cheangailte atá ann cheana, inathnuaite agus neamh-inathnuaite, ar stádas na néiceachóras uisceach. Ina theannta sin, i gcomhthéacs ghlacadh intuartha an fhuinnimh inathnuaite, lena náirítear hidreachumhacht, hidrigin agus mianadóireacht amhábhar criticiúil chun críoch a bhaineann le fuinneamh, tá riosca méadaithe ann go ndéanfar damáiste do na héiceachórais sin sna Páirtithe Conarthacha.

(9)Cé go bhfuil méid éagsúil tionscadal agus gníomhaíochtaí Fuinneamh Eangach-Cheangailte ag brath ar infhaighteacht uisce sa chainníocht agus sa cháilíocht cheart. Tá tionchar ag ganntanas uisce cheana féin ar tháirgeadh agus ar iontaofacht fuinnimh; d’fhéadfadh srianta breise amhras a chaitheamh ar inmharthanacht fhisiceach, eacnamaíoch agus chomhshaoil tionscadal agus oibríochtaí amach anseo.

(10)I gcomhthéacs Chomhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe, chuir an tAontas i láthair an fhís atá aige sochaí dhomhanda atá athléimneach ó thaobh uisce de a bhaint amach faoi 2050, agus uisce ar fáil do chách. An 4 Meitheamh 2025, ghlac an tAontas Straitéis Athléimneachta Eorpach maidir le hUisce 2 chun an chonair a dhearadh i dreo an sprioc sin a bhaint amach.

(11)Is gá aistriú fuinnimh cóir a áirithiú atá bunaithe ar acmhainní uisce a chosaint agus a fheabhsú, agus ar mheath ar stádas na néiceachóras uisceach a sheachaint.

(12)Ní mór ullmhú agus formheas tionscadal a bhaineann le Fuinneamh Eangach-Cheangailte, chomh maith le gníomhaíochtaí leanúnacha, i gcomhthéacs an Chonartha, a bheith mar chuid de na hiarrachtaí foriomlána chun acmhainní uisce a chosaint agus a fheabhsú, agus ní mór na tionscadail sin a dhearadh chun aon tionchar diúltach ar stádas dobharlach a chosc nó, i gcás inar gá, a theorannú a mhéid is féidir.

(13)Is é is cuspóir do Threoir 2000/60/CE 3 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle creat a bhunú chun uiscí dromchla intíre, uiscí trasdultacha, uiscí cósta agus screamhuisce a chosaint, lena náirítear trí (i) tuilleadh meatha a chosc agus stádas na néiceachóras uisceach a chosaint agus a fheabhsú, agus (ii) úsáid inbhuanaithe an uisce a chur chun cinn bunaithe ar chosaint fhadtéarmach na nacmhainní uisce atá ar fáil.

(14)Is gá do na Páirtithe Conarthacha a áirithiú go ndéanfar gach gníomhaíocht a bhaineann le Fuinneamh Eangach-Cheangailte a dhearadh agus a oibriú chun a áirithiú go gcomhlíonfar Treoir 2000/60/CE, agus go háirithe Airteagal 4 den Treoir sin, ina leagtar amach na príomhchuspóirí, lena mbunaítear go bhfuil na Ballstáit leis na bearta is gá a chur chun feidhme chun meathlú ar stádas dobharlach a chosc agus bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh dea-stádas uisce a bhaint amach, gan dochar do shraith teorainneacha ama agus do dhíolúintí eile. Ag an gcéim reatha d’fhorbairt dhlí an Aontais, i gcás dobharlaigh screamhuisce, tugtar dea-stádas cainníochtúil agus ceimiceach le tuiscint, ach i gcás dobharlaigh dhromchla, teastaíonn dea-stádas éiceolaíoch nó acmhainneacht agus dea-stádas ceimiceach.

(15)Chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail atá ann cheana agus ag tionscadail nua a bhaineann le fuinneamh ar stádas na ndobharlach, is gá a bheith ar an eolas faoi stádas reatha na ndobharlach sin, ar bhonn faireachán rialta. Ós rud é gur próiseas leanúnach é an próiseas chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar dhobharlaigh agus ós rud é go bhfuil tionchar ag tionscadail a bhaineann le fuinneamh ar go leor dobharlach cheana féin agus nach féidir na dobharlaigh uile a mbeidh tionchar ag tionscadail nua a bhaineann le fuinneamh orthu a shainaithint a priori, ba cheart do na Páirtithe Conarthacha faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar gach dobharlach ar a gcríoch.

(16)Is éard atá i gceist le measúnú a dhéanamh ar stádas an uisce córas buan struchtúrtha chun faireachán a dhéanamh ar dhobharlaigh a chur i bhfeidhm, agus na suíomhanna faireacháin agus na heilimintí cáilíochta a bhfuil faireachán le déanamh orthu a roghnú ar bhonn réamh-mheasúnú ar gach brú agus tionchar. Cleachtadh cuimsitheach is ea an measúnú ar stádas na ndobharlach a bhféadfadh tionscadail a bhaineann le fuinneamh difear a dhéanamh dóibh, rud a bheadh neamhiomlán dá mbeadh sé teoranta do na brúnna agus na tionchair a eascraíonn as na tionscadail sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Páirtithe Conarthacha measúnú a dhéanamh ar bhrúnna agus ar thionchair na ngníomhaíochtaí uile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stádas dobharlach.

(17)Chun a áirithiú nach gcuirfidh tionscadail atá ann cheana agus tionscadail nua a bhaineann le fuinneamh araon meath ar stádas na ndobharlach nó nach ndéanfaidh siad difear dá nacmhainneacht dea-stádas uisce a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE nó, i gcás nach féidir iad a sheachaint agus i gcás ina bhfuil údar iomchuí leis, a dtionchar diúltach a íoslaghdú, ba cheart do Pháirtithe Conarthacha na bearta uile is gá a shainaithint chun dea-stádas a bhaint amach agus an teaglaim is costéifeachtaí de bhearta a roghnú chun cuspóirí na Treorach sin a bhaint amach, lena náirítear bearta a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí nach mbaineann le Fuinneamh Eangach-Cheangailte, ach a dhéanann difear do stádas na ndobharlach ar a nimríonn tionscadail atá ann cheana a bhaineann le Fuinneamh Eangach-Cheangailte tionchar.

(18)Ós rud é go mbraitheann dea-stádas na ndobharlach ar mheascán beart i ndáil leis na gníomhaíochtaí uile a bhfuil tionchar acu ar na dobharlaigh sin, agus ós rud é go nidirghníomhaíonn na bearta sin go léir le chéile faoi chuimsiú an chuspóra dea-stádas a bhaint amach, ba cheart do na Páirtithe Conarthacha bearta a shainaithint i ndáil leis na gníomhaíochtaí uile, lena náirítear gníomhaíochtaí nach mbaineann le fuinneamh, ionas gur féidir cinntí a dhéanamh ar bhonn an mheascáin is costéifeachtaí de bhearta chun dea-stádas a bhaint amach, rud a dhéanfaidh difear do na gníomhaíochtaí éagsúla laistigh den abhantrach céanna.

(19)Dá bhrí sin, ba cheart do na Páirtithe Conarthacha anailísí a dhéanamh ar shaintréithe abhantraí agus ar thionchair ghníomhaíocht an duine chomh maith le hanailís eacnamaíoch ar úsáid uisce, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/60/CE. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar an bhforbairt ar stádas an uisce ar bhonn córasach agus inchomparáide ar fud an Chomhphobail Fuinnimh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2000/60/CE. Tá gá leis an bhfaisnéis sin chun bonn fónta a chur ar fáil do Pháirtithe Conarthacha chun cláir beart a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2000/60/CE, arb é is aidhm dóibh na cuspóirí a bhunaítear faoin Treoir sin a bhaint amach. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach Threoir 2000/60/CE a áirithiú, ba cheart do Pháirtithe Conarthacha pleananna bainistíochta abhantraí a bhunú agus na pleananna sin a thuairisciú don Rúnaíocht gach 6 bliana, i gcomhréir le hAirteagail 13, 14 agus 15 de Threoir 2000/60/CE. Ba cheart a leagan amach sna pleananna sin, ar bhonn stádas bunaithe gach dobharlaigh aonair, na bearta a chuirfear chun feidhme le linn an phlean bainistíochta abhantraí sé bliana chun dul i dtreo dea-stádas agus meathlú a sheachaint.

(20)I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí Líonraí Eangach-Cheangailte ar stádas ceimiceach dobharlach, is gá na forálacha lena rialaítear dea-stádas ceimiceach screamhuisce agus uisce dromchla a chur i bhfeidhm, forálacha a leagtar amach faoi seach i dTreoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 agus i dTreoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 . Le Treoir 2006/118/CE bunaítear critéir chun measúnú a dhéanamh ar dhea-stádas ceimiceach screamhuisce, agus critéir chun treochtaí móra marthanacha aníos a shainaithint agus a aisiompú agus chun túsphointí le haghaidh cúluithe treochtaí a shainiú. Le Treoir 2008/105/CE, leagtar síos caighdeáin cáilíochta comhshaoil le haghaidh substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile, caighdeáin nach mór a chomhlíonadh chun dea-stádas ceimiceach uisce dromchla a bhaint amach.

(21)Comhlánaíonn Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún 6 na Treoracha thuasluaite, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce.

(22)Baineann an Conradh le tionscadail atá ábhartha maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/60/CE, a náiritheofaí go gcuirfí cosaint, feabhsú agus seachaint meatha ar stádas na néiceachóras uisceach san áireamh agus tionscadail Líonra a bhaineann le Fuinneamh á gceapadh agus á gcur chun feidhme, dá náireofaí é san ‘acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol’.

(23)Níor ionchorpraíodh Treoir 2000/60/CE, Treoir 2006/118/CE, Treoir 2008/105/CE agus Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún in ‘acquis communautaire maidir leis an gcomhshaol’ an Chomhphobail Fuinnimh go fóill.

(24)Is féidir leis an gcreat le haghaidh comhar réigiúnach arna bhunú ag an gComhphobal Fuinnimh agus leis an gcúnamh a chuireann a institiúidí agus a chomhlachtaí ar fáil a bheith ríthábhachtach chun cur chun feidhme rathúil Threoir 2000/60/CE a ullmhú.

(25)Ceanglaítear le hAirteagal 94 den Chonradh ar institiúidí aon téarma nó coincheap eile a úsáidtear sa Chonradh agus a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais a léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(26)Ag na cruinnithe a bhí ag an Tascfhórsa Comhshaoil an xxx agus an xxx, rinne sé anailís mhionsonraithe ar an togra agus mhol sé go nglacfaí é le roinnt oiriúnuithe a léirítear sa Chinneadh seo. Chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach na hoiriúnuithe.

(27)Ag na cruinnithe a bhí ag an mBuanghrúpa Ardleibhéil an xxx agus xxx, d’fhorbair sé an Cinneadh seo agus mhol sé é a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Conradh an Chomhphobail Fuinnimh mar a leanas:

(1) In Airteagal 16, cuirtear pointí (32) agus (33) seo a leanas isteach:

‘(XX) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.

(XX) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath.

(XX) Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(XX) Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce.’;

(2) In Iarscríbhinn II, cuirtear pointí [XX], [XX], [XX] agus [XX] seo a leanas isteach:

‘[XX]. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce a chur chun feidhme faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile.

[XX]. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath a chur chun feidhme faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile.

[XX]. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE agus 86/280/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile.

[XX]. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán ar stádas an uisce a chur chun feidhme faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile.’

Airteagal 2

1. Chun críocha Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, tuigfear na tagairtí seo a leanas ar fud na dTreoracha a liostaítear in Airteagal 1(1) mar a leanas:

(a)‘Ballstát’ agus ‘Ballstáit’ mar ‘Pháirtí Conarthach’ agus ‘Páirtithe Conarthacha’, faoi seach;

(b)‘Comhphobal’, ‘an tAontas Eorpach’ agus ‘an tAontas’ mar ‘Comhphobal Fuinnimh’;

(c)‘Reachtaíocht an Chomhphobail’ mar ‘reachtaíocht náisiúnta, lena náirítear reachtaíocht lena dtrasuitear an acquis communautaire a chumhdaítear le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh’;

(d)‘An Coimisiún’ mar ‘Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh’.

2. Chun críocha Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, tuigfear tagairtí ar fud na dTreoracha a liostaítear in Airteagal 1(1) do phíosaí eile de reachtaíocht an Aontais agus d’fhorálacha na reachtaíochta sin mar thagairtí do reachtaíocht náisiúnta ar an ábhar céanna leis an ábhar a chumhdaítear leis na píosaí sin de reachtaíocht an Aontais, lena n‑áirítear reachtaíocht lena dtrasuitear an acquis communautaire ábhartha a chumhdaítear le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh.

3. Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 i dteannta na n‑oiriúnuithe dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 3

Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear na forálacha seo a leanas de Threoir 2000/60/CE agus na hoiriúnuithe seo a leanas iontu:

(1) Leasaítear Airteagal 3(7) agus(8) mar a leanas:

‘7. Sainaithneoidh na Páirtithe Conarthacha an t‑údarás inniúil faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo].

8. Soláthróidh na Páirtithe Conarthacha liosta dá n‑údaráis inniúla agus d’údaráis inniúla na gcomhlachtaí idirnáisiúnta uile ina bhfuil siad rannpháirteach do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’) faoin [5 bliana agus 6 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta glactha an Chinnidh seo]. I gcás gach údaráis inniúil, soláthrófar an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I.’

(2) Léifear an sprioc-am ‘faoi 2010’ a shocraí™ear in Airteagal 9(1) mar ‘[dhá bhliain déag tar éis dháta glactha an Chinnidh seo]’.

(3) Léifear na sprioc-amanna a chomhairfear ‘[x] bliain/[x] bhliain/[x] bliana/[x] mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo’ nó ‘[x] bliain/[x] bhliain/[x] bliana/[x] mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo’ mar ‘[x + 2] bliain/[x + 2] bhliain/[x + 2] bliana/[x + 2] mbliana tar éis dháta glactha Chinneadh 202x/xx/MC-EnC’ nó ‘[x + 2] bliain/[x + 2] bhliain/[x + 2] bliana/[x + 2] mbliana ó dháta glactha Chinneadh 202x/xx/MC-EnC’, faoi seach.

(4) Chun críocha éiciréigiúin ábhartha a shainaithint, déanfar na héiciréigiúin a liostaítear i bpointí 1.2.3. agus 1.2.4. d’Iarscríbhinn II agus a chuirtear i láthair ar léarscáil B in Iarscríbhinn XI a chomhlánú leis an ‘Muir Dhubh’.

(5) Léifear pointí 1.4.1.(vii), (viii) agus (ix) d’Iarscríbhinn V mar a leanas:

‘(vii) Ullmhóidh an Rúnaíocht dréacht‑chlár láithreán chun an líonra idirchalabraithe a fhoirmiú faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo]. Bunófar clár críochnaitheach na láithreán faoin [6 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo] agus foilseoidh an Rúnaíocht é.

(viii) Cuirfidh an Rúnaíocht agus na Páirtithe Conarthacha an cleachtadh idirchalabraithe i gcrích laistigh de 18 mí ón dáta a fhoilseofar an clár críochnaitheach.

(x) Foilseoidh an Rúnaíocht torthaí an chleachtaidh idirchalabraithe agus na luachanna arna mbunú le haghaidh aicmithe chóras faireacháin na bPáirtithe Conarthacha laistigh de 6 mhí ón gcleachtadh idirchalabraithe a chur i gcrích.’

(6) Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8(3) ná ag Airteagail 16 go 22, 24, 25 ná 26.

Airteagal 4

Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear na forálacha seo a leanas de Threoir 2006/118/CE agus na hoiriúnuithe seo a leanas iontu:

(1) Is iad an dá bhliain tar éis bhunú na gclár chun faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce a cuireadh chun feidhme faoi Airteagal 8 de Threoir 2000/60/CE a bheidh sna blianta tagartha a shonraítear in Airteagal 2(6).

(2) Léifear an sprioc-am ‘faoin 22 Nollaig 2008’ a shocraítear in Airteagal 3(5) mar ‘[10 mbliana déag tar éis dháta glactha an Chinnidh seo]’.

(3) Léifear pointe 2(a)(ii) de Chuid A d’Iarscríbhinn IV mar a leanas:

‘sainaithint treochtaí aníos den sórt sin a chumasú in am trátha chun gur féidir bearta a chur chun feidhme chun athruithe díobhálacha ar cháilíocht screamhuisce a chosc ar athruithe móra ó thaobh an chomhshaoil de, nó iad a mhaolú a mhéid is féidir ar a laghad. Déanfar an tsainaithint sin den chéad uair faoin [aon bhliain déag tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], agus gach 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin;’

(4) Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(7) ná ag Airteagail 7 go 14.

Airteagal 5

Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, léifear na forálacha seo a leanas de Threoir 2008/105/CE agus na hoiriúnuithe seo a leanas iontu:

(1) Léifear Airteagal 5 mar a leanas:

‘1. Ar bhonn na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 8 de Threoir 2000/60/CE, agus sonraí eile atá ar fáil, bunóidh na Páirtithe Conarthacha fardal, lena n‑áirítear léarscáileanna, más infhaighte, d’astaíochtaí, sceitheadh agus caillteanais na substaintí tosaíochta agus na dtruailleán uile a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo le haghaidh gach ceantar abhantraí nó cuid de cheantar abhantraí atá laistigh dá gcríoch, lena n‑áirítear a dtiúchain i ndríodair agus i mbithra, de réir mar is iomchuí.

2. Is bliain amháin idir 2034 agus 2036 a bheidh sa tréimhse thagartha chun meastachán a dhéanamh ar luachanna truailleán atá le hiontráil sna fardail dá dtagraítear i mír 1.

3. Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha na fardail arna mbunú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n‑áirítear na tréimhsí tagartha faoi seach, in iúl don Rúnaíocht i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2000/60/CE.

4. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha a bhfardail a thabhairt cothrom le dáta mar chuid de na hathbhreithnithe ar na hanailísí a shonraítear in Airteagal 5(2) de Threoir 2000/60/CE.

Is í an bhliain sula gcríochnófar an anailís sin an tréimhse thagartha chun luachanna a bhunú sna fardail arna dtabhairt cothrom le dáta.

Foilseoidh na Páirtithe Conarthacha na fardail arna dtabhairt cothrom le dáta ina bpleananna bainistíochta abhantraí arna dtabhairt cothrom le dáta mar a leagtar síos in Airteagal 13(7) de Threoir 2000/60/CE.’

(2) Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(1a), Airteagal 3(7), (8a) ná ag Airteagail 7 go 15.

Airteagal 6

Chun críocha Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, ní bheidh bheidh feidhm ag Airteagail 7, 8 ná 9 de Threoir 2009/90/CE.

Airteagal 7

1. Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoracha 2000/60/CE, 2008/105/CE, 2006/118/CE agus 2009/90/CE a chomhlíonadh, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [5 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo], gan dochar do ghealltanais a eascraíonn as próiseas aontachais an Aontais ná as oibleagáidí idirnáisiúnta eile. Cuirfidh siad an Rúnaíocht ar an eolas fúthu láithreach.

2. Nuair a ghlacfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Chinneadh seo agus don Treoir ábhartha a thrasuitear le gach beart, nó beidh tagairtí den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Páirtithe Conarthacha síos na bealaí chun tagairtí den sórt sin a dhéanamh.

3. Déanfaidh Páirtithe Conarthacha téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an gCinneadh seo agus leis na Treoracha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 8

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh an Chomhairle Aireachta é.

Airteagal 9

Is chuig Páirtithe Conarthacha Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh in [xxx], an [DÁTA]

Thar ceann na Comhairle Aireachta

(Uachtarán)

(1)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1–77, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj ).
(2)    COM(2025) 280 final Straitéis Athléimneachta Eorpach maidir le hUisce.
(3)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj ).
(4)    Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/2014-07-11 ).
(5)    Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena naisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/2013-09-13 ).
(6)    Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lgh. 36–38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/90/oj ).