AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.10.2025
COM(2025) 635 final
2023/0290(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/48/CE
2023/0290 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/48/CE
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2023)462 – 2023/0290(COD)):
|
An 28 Iúil 2023
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
An 13 Nollaig 2023
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
An 13 Márta 2024
|
|
An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
An 13 Deireadh Fómhair 2025
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Tá dhá chuspóir leis an togra ón gCoimisiún: (i) feabhas a chur ar chosaint leanaí ar cheimiceáin dhíobhálacha agus iad ag súgradh le bréagáin; agus (ii) an líon bréagán neamhchomhlíontach atá fós le fáil ar mhargadh an Aontais, go háirithe trí dhíolacháin ar líne, a laghdú.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Leis an seasamh ón gComhairle mar a glacadh ar an gcéad léamh é léirítear go hiomlán an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 10 Aibreán 2025. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin agus leagtar amach a phríomhphointí thíos.
–Prionsabal an réamhchúraim: Chomhaontaigh na comhreachtóirí tagairt do phrionsabal an réamhchúraim a thabhairt isteach in Airteagal 1 den rialachán, mar phrionsabal inspioráideach, atá inghlactha ag an gCoimisiún.
–Meabhairshláinte leanaí: Chomhaontaigh na comhreachtóirí coincheap na sábháilteachta bréagán a mhéadú chun meabhairshláinte agus folláine leanaí a chuimsiú i gcás bréagáin atá nasctha go digiteach. Le hAirteagal 21 a bhaineann leis an measúnú sábháilteachta ar bhréagáin, ceanglófar, i dtaca le bréagáin a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Trealamh Raidió 2014/53/AE, an Rialacháin maidir leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht (AE) 2024/2847 nó Rialachán (AE) 2024/1689 maidir leis an Intleacht Shaorga, go gcuirfear san áireamh leochaileachtaí leanaí agus measúnú á dhéanamh faoin Rialachán maidir le Sábháilteacht Bréagán ar na guaiseacha a bhaineann leis na bréagáin sin. Tá sé sin i gcomhréir le cuspóir an togra ón gCoimisiún agus tá sé inghlactha ag an gCoimisiún.
–Chomhaontaigh na comhreachtóirí an Pas Táirge Digiteach, agus féadfar é a úsáid freisin in ionad an dearbhaithe comhréireachta faoi reachtaíocht eile is infheidhme maidir leis an mbréagán. Mar thoradh air sin, déanfar simpliú i gcás bréagáin a thagann faoi raon feidhme dhlí eile an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta. Bunófar na ceanglais theicniúla le haghaidh an phas táirge dhigitigh lena bhforlíontar an rialachán (Airteagal 17) trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an bpas táirge digiteach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1781 maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe.
–Díolacháin bréagán ar líne: Chomhaontaigh na comhreachtóirí forálacha a thabhairt isteach sa rialachán, ar forálacha iad a bhaineann le soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe agus le díolacháin bréagán ar líne. Tá sé beartaithe leis na forálacha sin nasc a áirithiú le Rialachán 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus cóineasú leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, trí cheanglais maidir le faisnéis a shonrú atá le cuimsiú i dtairiscintí trí mhargaí. Dá bhrí sin, urramaítear leis na forálacha sin an struchtúr forfheidhmiúcháin idir dlí tomhaltóirí (atá bunaithe go príomha ar phrionsabal na tíre cinn scríbe) agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (atá bunaithe ar phrionsabal na tíre bunaíochta/tionscnaimh).
–Ceimiceáin i mbréagáin: Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú faoi na forálacha seo a leanas:
–Sa toirmeasc cineálach ar shubstaintí díobhálacha i mbréagáin cuimseofar substaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó tocsaineacha don atáirgeadh (CMRanna), suaiteoirí inchríneacha, íogróirí riospráide agus substaintí atá tocsaineach d’orgán ar leith, mar a mhol an Coimisiún. Ina theannta sin, comhaontaíodh substaintí a aicmítear mar íogróirí craicinn de chatagóir 1A a chuimsiú sa toirmeasc cineálach, mar a leagtar amach sa sainordú ón gComhairle. Is catagóir theoranta substaintí é sin, a bhfuil an acmhainneacht íogrúcháin is airde ag baint leo, agus ina n‑eisiatar substaintí a léiríonn minicíocht idir íseal agus measartha i ndaoine, nó gur dócha go mbeidh ráta íogrúcháin idir íseal agus measartha i ndaoine. Dá bhrí sin, tá an méid sin inghlactha ag an gCoimisiún. Braitheann an toirmeasc cineálach ar aicmiú comhchuibhithe substaintí ceimiceacha mar a leagtar amach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (Rialachán CLP), mar a mhol an Coimisiún.
–Cuimsíodh toirmeasc ar shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (SPFAnna) a úsáid d’aon ghnó i mbréagáin, mar a cuimsíodh i seasamh Pharlaimint na hEorpa, go dtí go dtiocfaidh an srian uilíoch ar SPFAnna faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) chun bheith infheidhme.
–Toirmeasc ar 10 mbisfeanól ar mhol an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) bearta rialála ina leith, agus nach bhfuil toirmeasc orthu ar shlí eile faoi fhorálacha eile den rialachán. Tá sé sin inghlactha ag an gCoimisiún toisc gur féidir leis na substaintí sin a bheith díobhálach do leanaí.
–Cuirfear toirmeasc ar gach cumhrán ailléirgineach i mbréagáin atá beartaithe do leanaí faoi bhun 36 mhí agus i mbréagáin atá le cur sa bhéal. Tá an fhoráil sin inghlactha toisc go ndírítear léi ar leanaí óga; is féidir íogrú a bheith mar thoradh ar nochtadh do chumhráin ailléirgineacha agus is féidir ráigeanna ailléirgí eascairt as.
–Maidir le nítreasaimíní, chomhaontaigh na comhreachtóirí teorainnluachanna éagsúla a choimeád i gcás cineálacha éagsúla bréagán, atá bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ann faoi láthair agus ar na modhanna tástála atá ar fáil. I gcás miotail throma (luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam vi), coinníodh na teorainneacha ascnaimh a mhol an Coimisiún ar bun. Sa dá chás, chun comhaontú a éascú, d’iarr na comhreachtóirí ar an gCoimisiún ráiteas a eisiúint ina léirítear go n‑iarrfadh sé ar ECHA measúnú eolaíoch nua a sholáthar ar nítreasaimíní i mbréagáin laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an rialacháin agus, ar mhiotail throma i mbréagáin, laistigh de 24 mhí.
–Idirthréimhse: Chomhaontaigh na comhreachtóirí idirthréimhse 54 mhí a chuimsiú.
4.Conclúid
Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí, agus dá bhrí sin is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.
5. Dearbhuithe ón gCoimisiún
D’ullmhaigh an Coimisiún aon dearbhú aontaobhach amháin atá le fáil san fhoscríbhinn.
Foscríbhinn
Dearbhuithe ón gCoimisiún
Dearbhú ón gCoimisiún:
‘Déanann an Coimisiún meastóireacht thráthrialta chórasach ar cheimiceáin ghuaiseacha a bheith i mbréagáin, agus an fhianaise eolaíoch atá ar fáil á cur san áireamh, d’fhonn na teorainnluachanna nó na coinníollacha maidir le substaintí ceimiceacha sonracha nó meascáin cheimiceacha shonracha a bheith i mbréagáin a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán 2025/... maidir le sábháilteacht bréagán. Chun na críche sin, iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le sábháilteacht nítreasaimíní agus substaintí nítreasáithithe i mbréagáin, i bhfianaise an nochta fhoriomláin, laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Chun na críche céanna, iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le sábháilteacht luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam vi i mbréagáin, i bhfianaise an nochta fhoriomláin, laistigh de 24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin.’