AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.10.2025
COM(2025) 627 final
2025/0317(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é, a mhéid a bhaineann le tograí mhí na Samhna 2025 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.ÁBHAR AN TOGRA
Is togra é seo le haghaidh cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é, (WP.29) maidir le modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana a ghlacadh.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.Comhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Comhaontú Comhthreomhar
Tá dhá chomhaontú i bhfeidhm chun ceanglais chomhchuibhithe a fhorbairt chun deireadh a chur leis na bacainní teicniúla ar thrádáil mótarfheithiclí idir páirtithe conarthacha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA), agus chun a áirithiú go gcuirtear ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil ar fáil le mótarfheithiclí. Seo iad a leanas:
–comhaontú CEE-NA maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha i dtaca le feithiclí rothacha, trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’); agus
–an Comhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i dtaca le feithiclí rothacha, trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’).
Tháinig na Comhaontuithe i bhfeidhm maidir leis an Aontas Eorpach an 24 Márta 1998 agus an 15 Feabhra 2000 faoi seach. Is é (WP.29) a dhéanann maoirseacht ar an obair a bhaineann leis na Comhaontuithe sin.
2.2. An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é
Cuireann WP.29 creat uathúil ar fáil chun rialacháin maidir le feithiclí a chomhchuibhiú ar bhonn domhanda. Is meitheal bhuan é WP.29 i gcreat institiúideach na Náisiún Aontaithe, agus tá sainordú sonrach agus rialacha sonracha nós imeachta sonracha aige. Feidhmíonn sé mar fhóram domhanda inar féidir plé oscailte a dhéanamh ar rialacháin maidir le mótarfheithiclí agus ar chur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair. Aon bhallstát de na Náisiún Aontaithe agus aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch, arna bunú ag ballstáit de na Náisiúin Aontaithe, féadfaidh an ballstát nó an eagraíocht sin a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí WP.29 agus a bheith ina pháirtí nó páirtí conarthach sna Comhaontuithe maidir le feithiclí a ndéanann WP.29 maoirseacht orthu. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sna Comhaontuithe sin.
Tagann WP.29 CEE-NA le chéile trí huaire sa bhliain, is é sin i mí an Mhárta, i mí an Mheithimh agus i mí na Samhna. Chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh WP.29 na nithe seo a leanas a ghlacadh ag gach cruinniú:
rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe;
rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe;
rialacháin theicniúla dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe);
modhnuithe ar rialacháin agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; agus
modhnuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin faoin gComhaontú Comhthreomhar.
Roimh gach cruinniú de chuid WP.29, déanann fochomhlachtaí tiomnaithe de chuid WP.29 na modhnuithe sin a phlé ar an leibhéal teicniúil.
Ina dhiaidh sin, is féidir le WP.29 tograí a ghlacadh ar na bealaí seo a leanas:
trí thromlach cáilithe na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; nó
trí vóta comhthola na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoin gComhaontú Comhthreomhar.
Roimh gach cruinniú a bhíonn ag WP.29, leagtar síos le Cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na nithe seo a leanas:
rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe; agus
leasuithe, forlíontaí agus ceartúcháin ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe.
2.3. An gníomh atá beartaithe ag WP.29
Ón 11 Samhain go dtí an 14 Samhain, le linn an 197ú seisiún de chuid WP.29, féadfaidh sé an méid seo a leanas a ghlacadh:
tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 0, 10, 16, 35, 46, 48, 49, 62, 65, 73, 79, 83, 90, 100, 105, 107, 121, 127, 129, 131, 134, 145, 148, 149, 154, 156, 171, 173, 174, 175 agus 176 ó na Náisiúin Aontaithe; agus
togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí tromshaothair leictrithe.
3. AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS
Ós rud é gur réimse é seo ina bhfuil an tAontas Eorpach tar éis reachtaíocht a rith go forleathan, tagann sé faoi inniúlacht eisiach an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE.
Le córas WP.29, neartaítear comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán maidir le feithiclí. Tá ról ríthábhachtach ag Comhaontú Athbhreithnithe 1958 ó thaobh an cuspóir sin a bhaint amach. Is féidir le monaróirí an Aontais tacar coiteann de rialacháin chineálcheadúcháin a úsáid agus a fhios acu go n‑aithneoidh páirtithe conarthacha go gcomhlíonann táirgí na monaróirí sin a reachtaíocht náisiúnta.
Mar thoradh air sin, bhíothas in ann breis agus 50 treoir ón Aontas Eorpach a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 i ndáil le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, agus rialacháin chomhfhreagracha a forbraíodh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 a chur ina n‑ionad.
Déantar de réir cur chuige dá leithéid i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Leagtar síos leis forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 a ionchorprú i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, ina gceanglais maidir le cineálcheadú nó ina roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.
A luaithe a ghlacann WP.29 togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe nó le haghaidh modhnuithe ar rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana, tugann Rúnaí Feidhmiúcháin CEE-NA fógra faoin ngníomh comhfhreagrach do na páirtithe conarthacha. Mura ndéanfaidh mionlach blocála de pháirtithe conarthacha agóid laistigh de 6 mhí, tiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ansin, is féidir le gach páirtí conarthach an gníomh a thrasuí ina rialacha náisiúnta infheidhme. San Aontas Eorpach, is trí fhoilsiú an ghnímh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thugtar an próiseas trasuímh chun críche.
Ní mór seasamh an Aontais a leagan síos i ndáil leis na gníomhartha seo a leanas:
tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 0, 10, 16, 35, 46, 48, 49, 62, 65, 73, 79, 83, 90, 100, 105, 107, 121, 127, 129, 131, 134, 145, 148, 149, 154, 156, 171, 173, 174, 175 agus 176 ó na Náisiúin Aontaithe chun forálacha a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an méid seo a leanas:
–cineálcheadú idirnáisiúnta feithiclí iomlána - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le nuashonrú a dhéanamh ar an liosta ceanglas cineálcheadaithe is infheidhme maidir le comhpháirteanna agus córais a áirítear sa chineálcheadú feithiclí iomlána;
–comhoiriúnacht leictreamaighnéadach - tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe na ceanglais atá ann cheana a shoiléiriú agus a chuíchóiriú, lena n‑áirítear iad a ailíniú leis na forálacha is déanaí maidir le caighdeáin thionsclaíocha;
–criosanna sábhála - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na tagairtí don aitheantóir uathúil a scriosadh;
–rialuithe coise – leis na leasuithe atá beartaithe féachtar leis na tagairtí don nós imeachta tomhais agus calabrúcháin ghléas trí thoise phointe an chromáin (gléas 3-T phointe an chromáin) a thabhairt cothrom le dáta;
–gairis amhairc neamhdhírigh - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na ceanglais a thabhairt isteach maidir le scátháin faireachais agus gléasanna ceamara faireacháin agus taifeadta a shuiteáil agus beartaítear na ceanglais atá ann cheana a shoiléiriú;
–suiteáil gaireas soilsiúcháin agus deiseanna comharthaíochta solais – tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe an ceanglas i dtaobh leithead 2m le haghaidh lampaí páirceála a scriosadh, suiteáil lampaí taobhmharcóra in éineacht le hais-fhrithchaiteoirí a cheadú ar an suíomh cliathánach is faide chun tosaigh ar leathleantóirí, suiteáil lampa ainlithe cúlsuite roghnach a cheadú, agus soiléiriú a thabhairt ar ré an léirithe optúil den chomhartha aisfhreagartha;
–astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (Gás Peitriliam Leachtaithe agus Gás Nádúrtha Comhbhrúite) - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le forálacha nua a thabhairt isteach chun freastal ar chineálcheadú inneall agus feithiclí débhreosla de Chineál 1A hidrigine, féachtar le hionstraimí tomhais nua agus forálacha nua a áireamh chun freastal ar fhaireachán a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh ar bord le linn tástáil le Córas Iniompartha chun Astaíochtaí a Thomhas, agus féachtar le raon feidhme an rialacháin a mhodhnú;
–cosaint ar úsáid neamhúdaraithe i gcás feithiclí de chatagóirí L1-L7 atá feistithe le hanlaí - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe cur i bhfeidhm na heochrach fíorúla maidir le feithiclí de chatagóir L a thabhairt isteach;
–lampaí rabhaidh speisialta – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na forálacha atá ann cheana a cheartú agus a shoiléiriú, go háirithe maidir le dathanna féideartha a shuiteáil;
–feistí cosanta cliathánacha – leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le leantóirí insínte a chur i gcomhréir leis na ceanglais uile maidir le cosaint chliathánach le haghaidh leantóirí gan beann ar fhad, chun deireadh a chur leis an riosca sábháilteachta d’úsáideoirí soghonta bóthair nuair atá an leantóir sa suíomh sínte go hiomlán;
–trealamh stiúrtha – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe a áirithiú, i gcás ina léiríonn feithiclí feidhmiúlacht a chomhlíonann an sainmhíniú ar Fheidhm Stiúrtha Uathrialaitheach, go gceanglaítear orthu na ceanglais chomhfhreagracha i Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe a chomhlíonadh;
–astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1 – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe nuashonrú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le hullmhú dinimiméadair roimh thástáil de Chineál 6, cineálcheadú feithiclí a cheadú i gcás feithiclí nach raibh laistigh den raon feidhme roimhe sin ach amháin mar shíneadh bunaithe ar a mais tagartha, agus toilleadh an innill a thabhairt isteach laistigh den doiciméad faisnéise;
–páirteanna athsholáthair coscánaithe – leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le neamhréireacht a réiteach idir an fhaisnéis a éilítear ar an bhfoirm chumarsáide a ghabhann le Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe i gcomparáid le rialacháin eile ó na Náisiúin Aontaithe agus féachtar leis na tagairtí don aitheantóir uathúil a scriosadh;
–feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe an t‑aistriúchán Fraincise a ailíniú leis an mbunleagan Béarla;
–feithiclí chun earraí contúirteacha a iompar – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe neamhréireachtaí laistigh de na ceanglais a cheartú;
–feithiclí M2 agus M3 - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le feabhas a chur ar inrochtaineacht feithiclí aicme I de chatagóirí M2 agus M3;
–rialuithe, leideoirí agus táscairí a shainaithint – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na ceanglais a ailíniú leis an leagan nuashonraithe de ISO 2575;
–sábháilteacht coisithe – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ceartú a dhéanamh ar an neamhréireacht idir tráth táimhe an fhéimir agus tráth táimhe na tibia atá san imbhuailteoir solúbtha ar cruth na coise íochtair;
–srianta feabhsaithe sábháilteachta linbh – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe síneadh a chur leis an sainmhíniú ar mhodúl;
–ardchóras coscánaithe éigeandála le haghaidh feithiclí M2, M3, N2 agus N3 – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe forálacha a thabhairt isteach maidir le tástáil fhíorúil a úsáid mar mhalairt ar thástálacha fisiceacha;
–feithiclí hidrigine agus breosla-chille – leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le ceanglais a thabhairt isteach maidir le feistí faoisimh brú a ghníomhachtaítear go teirmeach agus maidir lena línte soláthair agus chun freastal ar an nuashonrú ar chaighdeán ISO mar mhalairt air sin;
–córais ancaireachta Isofix, ancaireachtaí ar teaghrán uachtaracha ISOFIX agus ionaid suí i-Size – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe earráidí cló a cheartú;
–deiseanna comharthaíochta solais – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ceanglais a thabhairt isteach maidir le starráin a aisiompú;
–gairis soilsithe bóthair – leis an leasú atá beartaithe féachtar leis an uimhriú laistigh d’aon mhír amháin a cheartú agus féachtar leis na forálacha maidir le comhréireacht táirgeachta in Iarscríbhinn 8 a shoiléiriú;
–nós imeachta tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí éadroma (WLTP) – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe freastal ar roinnt ceartúchán agus soiléirithe, an téacs a chuíchóiriú agus an doiciméad faisnéise a leasú chun go mbeidh comhsheasmhacht ann idir doiciméad faisnéise an mhonaróra agus an deimhniú ar chineálcheadú;
–córas nuashonraithe bogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ceanglais a thabhairt isteach maidir le uimhir aitheantais bogearraí RX a úsáid;
–córais um chúnamh rialúcháin don tiománaí (CCRT) – leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le tagairtí iomarcacha d’ainlithe córastionscanta a bhaint agus iarscríbhinn nua a thabhairt isteach ina mbeidh treoraíocht maidir le húsáid bhunachar sonraí idirlín slán na Náisiún Aontaithe chun faisnéis a mhalartú maidir le teagmhais a bhaineann le hoibríocht CCRT idir Údaráis Chineálcheadaithe;
–suiteáil córas srianta paisinéirí – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe soiléireacht áirithe a thabhairt isteach agus neamhréireachtaí a cheartú;
–meabhrúcháin criosanna sábhála – is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe earráidí eagarthóireachta a cheartú;
–rialú luasghéaraithe le haghaidh earráid troitheáin - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na forálacha maidir le túsú an chórais a thabhairt isteach; agus
–córais chúnta réimse radhairc - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le ceanglais fheabhsaithe a thabhairt isteach i gcás athshocrú córais; agus
–tograí le haghaidh an mhéid seo a leanas:
–RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí tromshaothair leictrithe – is é is aidhm don togra seo modhanna comhchuibhithe domhanda a sholáthar chun feidhmíocht marthanachta ceallraí infheithicle de chuid feithiclí leictreacha tromshaothair a chinneadh;
–athbhreithniú ar an rún comhdhlúite maidir le déanamh feithiclí (R.E.3) - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe freastal ar shainmhínithe breise le haghaidh córais tiomána uathoibrithe agus catagóirí nua feithiclí a thabhairt isteach i gcomhréir leis an rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá ar na bacáin maidir le córais tiomána uathoibrithe;
–leasú ar an rún comhdhlúite maidir le déanamh feithiclí (R.E.3) – leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le ceanglais a thabhairt isteach a bhaineann le húsáid uimhir aitheantais bhogearraí RX;
–ceartúchán ar rún frithpháirteach Uimh. 1 (M.R.1) – is é is aidhm do an leasú atá beartaithe earráid eagarthóireachta maidir le haonad mhóimint na táimhe a cheartú; agus
–leasú ar rún speisialta Uimh. 1 (S.R.1) – is é is aidhm don leasú atá beartaithe freastal ar shainmhínithe breise le haghaidh córais tiomána uathoibrithe agus beartaítear catagóirí nua feithiclí a thabhairt isteach.
Tá sé beartaithe ag WP.29 vótáil ar na tograí sin ag an gcruinniú a bheidh aige ón 11 go dtí an 14 Samhain 2025.
Ina theannta sin, ní mór seasamh an Aontais a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:
–togra le haghaidh treoirdhoiciméad maidir le húsáid an bhunachair sonraí chun doiciméadacht chineálcheadaithe a mhalartú chun críche Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe; agus
–iarraidh ar údarú chun leasú ar RTD Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt.
Ba cheart don Aontas tacú leis na gníomhartha thuasluaite ós rud é go bhfuil siad i gcomhréir lena bheartas maidir leis an margadh inmheánach i dtaca leis an earnáil mótarfheithiclí maidir le sábháilteacht, uathoibriú agus astaíochtaí, agus i gcomhréir freisin lena bheartais maidir leis an ngeopholaitíocht, leis an iompar, leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh.
Imríonn na gníomhartha sin uile tionchar an-dearfach ar iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus ar an trádáil idirnáisiúnta. Rachadh vóta i bhfabhar na ngníomhartha sin chun sochair don dul chun cinn teicneolaíoch, sholáthródh sé barainneachtaí scála, sheachnódh sé ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus d’áiritheodh sé go gcuirfí caighdeáin chomhionanna maidir le mótarfheithiclí i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.
Níl saineolas seachtrach ábhartha i gcás an togra seo. Rinne an Coiste Teicniúil um Mótarfheithiclí athbhreithniú ar an togra seo, áfach.
4.BUNÚS DLÍ
4.1. Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1. Prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE sonraítear go nglacann an Chomhairle cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo mar gheall ar na rialacha dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear freisin sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2. Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é WP.29 ina bpléann páirtithe conarthacha CEE-NA cur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair.
Na gníomhartha a iarrtar ar WP.29 a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
Na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a leagtar amach sa ghníomh atá beartaithe, beidh siad ina gceangal ar an Aontas faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 12 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958. In éineacht leis an RTD ó na Náisiúin Aontaithe agus leis na rúin ó na Náisiúin Aontaithe, beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí.
Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2. Bunús dlí substainteach
4.2.1.
Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
Féadfaidh dhá aidhm nó dhá chomhpháirt a bheith i gceist le gníomh atá beartaithe, ar féidir ceann amháin díobh a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach. Sa chás seo, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí substainteach atá leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2. Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhfhogasú dlíthe atá i bpríomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3. Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 114 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2025/0317 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é, a mhéid a bhaineann le tograí mhí na Samhna 2025 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.
(2)Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.
(3)I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadúcháin an Aontais, ina gceanglais maidir le cineálcheadú nó ina roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.
(4)De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda CEE-NA um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda (RTDanna) ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 CEE-NA tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.
(5)Ón 11 Samhain go dtí an 14 Samhain 2025, le linn an 197ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 0, 10, 16, 35, 46, 48, 49, 62, 65, 73, 79, 83, 90, 100, 105, 107, 121, 127, 129, 131, 134, 145, 148, 149, 154, 156, 171, 173, 174, 175 agus 176 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí tromshaothair leictrithe; dhá thogra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir le déanamh feithiclí (R.E.3); togra le haghaidh ceartúchán ar rún frithpháirteach Uimh. 1 (M.R.1); agus togra le haghaidh leasú ar rún speisialta Uimh. 1 (S.R.1).
(6)Chun an taithí allamuigh agus na forbairtí teicniúla a léiriú le linn an phróisis cineálcheadaithe, na ceanglais maidir le gnéithe áirithe a chumhdaítear le rialacháin Uimhreacha 0, 10, 16, 35, 46, 48, 49, 62, 65, 73, 79, 83, 90, 100, 105, 107, 121, 127, 129, 131, 134, 145, 148, 149, 154, 156, 171, 173, 174, 175 agus 176 ó na Náisiúin Aontaithe, ní mór iad a leasú nó a fhorlíonadh.
(7)Chun an dul chun cinn teicneolaíoch agus an dícharbónú a éascú, is gá RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí tromshaothair leictrithe.
(8)Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an RTD ó na Náisiúin Aontaithe agus leis na rúin ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí. Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a mhéid a bhaineann le glacadh na dtograí sin, is iomchuí é a leagan síos,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Vótáil i bhfabhar na ndoiciméad oibre ó na Náisiúin Aontaithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, is é sin an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí le linn an 197ú seisiún den fhóram sin, a thionólfar idir an 11 Samhain agus an 14 Samhain 2025.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais in WP.29 mionathruithe ar an dréachtchinneadh a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán