AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.9.2025
COM(2025) 625 final
2025/0316(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus i ndáil le teachtaireachtaí ACCC/C/2015/128 a bhaineann le rochtain ar an gceartas i ndáil le cinntí maidir leis an Státchabhair, ACCC/C/2013/96 a bhaineann le Tionscadail Leasa Choitinn, ACCC/C/2014/121 a bhaineann leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus ACCC/C/2010/54 a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú Cruinniú na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus nó an Coinbhinsiún). Baineann an togra le glacadh beartaithe dréachtchinneadh VIII/8e maidir leis an Aontas a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Choinbhinsiún Aarhus.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Aarhus
Is comhaontú comhshaoil iltaobhach é Coinbhinsiún Aarhus a tugadh i gcrích faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA).
D’fhormheas an Comhphobal Eorpach Coinbhinsiún Aarhus an 17 Feabhra 2005, agus rinne sé Dearbhú freisin tar éis é a shíniú, go háirithe maidir lena oibleagáidí i dtaca le rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Tá na Ballstáit uile ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún astu féin. Is é atá i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (Rialachán Aarhus) arna leasú le Rialachán (CE) 2021/1767 ná croí-chur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir le gníomhartha institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais.
2.2.Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus
Tagann na Páirtithe sa Choinbhinsiún le chéile gach 4 bliana agus baineann ceann amháin de na buanmhíreanna ar an gclár oibre leis na Páirtithe an Coinbhinsiún a chomhlíonadh. Is é an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (ACCC nó an Coiste um Chomhlíonadh) arna bhunú faoi Airteagal 15 den Choinbhinsiún a dhéanann measúnú ar chomhlíonadh. Níl torthaí an Choiste faoi réir achomhairc.
Cuirtear torthaí an Choiste um Chomhlíonadh faoi bhráid Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus lena bhformhuiniú i gcomhréir le Riail 37 de Chinneadh I/7 maidir leis an Athbhreithniú ar Chomhlíonadh. Má fhormhuintar torthaí an Choiste, baineann siad amach an stádas mar léirithe oifigiúil ar Choinbhinsiún Aarhus, agus dá bhrí sin bíonn siad ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha agus ar na Comhlachtaí Coinbhinsiúin.
Is trí chomhthoil a chinneann Cruinniú na bPáirtithe i gcoitinne. I gcás ina bhfuil na hiarrachtaí uile chun teacht ar chomhthoil ídithe, déantar cinntí maidir le hábhair shubstainteacha le tromlach trí cheathrú de vótaí na bPáirtithe atá i láthair agus a vótálann. Tá 27 vóta ag an Aontas as 48 vóta san iomlán má bhíonn na Páirtithe uile i láthair.
Roimh Chruinniú na bPáirtithe, pléitear seasamh an Aontais maidir le hábhair a bhfuil gá le cinneadh ón gComhairle ina leith faoi Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ag Meitheal na Comhairle um Shaincheisteanna Idirnáisiúnta i leith an Chomhshaoil (WPIEI) agus glactar an seasamh, ar a dhéanaí, ag an gcruinniú deireanach den Chomhairle roimh Chruinniú na bPáirtithe inar féidir déanamh amhlaidh. In 2025, is í sin an Chomhairle Comhshaoil an 21 Deireadh Fómhair 2025.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Cruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus
An 17-19 Samhain 2025, le linn an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus, tá sé le cinneadh VIII/8e a ghlacadh maidir leis an Aontas Eorpach an Choinbhinsiún a chomhlíonadh.
Is é is cuspóir do chinneadh VIII/8e a chinneadh an gcomhlíonann an tAontas Coinbhinsiún Aarhus tar éis aghaidh a thabhairt ar na torthaí i dteachtaireacht ACCC/C/2015/128 agus ar mholtaí i gcinneadh VII/8f ó Chruinniú na bPáirtithe maidir le teachtaireachtaí ACCC/C/2013/96, ACCC/C/2014/121 agus ACCC/C/2010/54; na coinníollacha is gá a leagan amach chun comhlíonadh a áirithiú; a iarraidh ar an bPáirtí lena mbaineann bearta práinneacha a dhéanamh chun comhlíonadh a áirithiú; agus tuairisciú tráthrialta a iarraidh ar an Aontas maidir leis na bearta a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann sé an Coinbhinsiún.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh
3.1.Teachtaireacht ACCC/C/2015/128
An 17 Márta 2021, d’eisigh an Coiste torthaí ar tháinig na heagraíochtaí neamhrialtasacha Oekobuero agus GLOBAL 2000 orthu maidir le teachtaireacht ACCC/C/2015/128, , i ndáil leis an deis a bheith ag an bpobal agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le bearta Státchabhrach arna ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach faoi Airteagal 108(2) CFAE.
Rinne an Coiste um Chomhlíonadh an moladh seo a leanas ina thorthaí freisin.
(131) Ba cheart don Pháirtí lena mbaineann na bearta reachtacha, rialála agus eile a bhfuil gá leo a dhéanamh chun a áirithiú go leasófar Rialachán Aarhus, nó go nglacfar reachtaíocht nua de chuid an Aontais Eorpaigh, chun rochtain ar nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha a sholáthar go soiléir don phobal chun agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí maidir le bearta Státchabhrach arna ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach faoi Airteagal 108(2) CFAE lena sáraítear dlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gcomhshaol, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus (4) den Choinbhinsiún.
Ag gnáthsheisiún Chruinniú na bPáirtithe i mí Dheireadh Fómhair 2021, cinneadh go heisceachtúil, trí chomhthoil, cinneadh maidir le torthaí agus moltaí an Choiste um Chomhlíonadh in ACCC/C/2015/128 a chur ar athló go dtí an chéad ghnáthsheisiún eile de Chruinniú na bPáirtithe. Ag Cruinniú na bPáirtithe in 2021, d’athdhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé tiomanta a oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh.
Tar éis glao ar fhianaise agus babhtaí iomadúla comhairliúchán ó bhí 2022 ann, leasaigh an Coimisiún an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le Státchabhair agus an Cód Dea-Chleachtas an 12 Bealtaine 2025 trí shásra athbhreithniúcháin inmheánaigh a thabhairt isteach atá cosúil leis an gceann is infheidhme faoi Rialachán Aarhus ach a cuireadh in oiriúint do shaintréithe sonracha na Státchabhrach.
Ina dhréacht-tuarascáil ar iarraidh ACCC/M/2021/4 ó Chruinniú na bPáirtithe maidir le comhlíontacht an Aontais Eorpaigh, is é conclúid ACCC gur chomhlíon an tAontas na moltaí a leagtar amach in ACCC/C/2015/128.
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe atá ar na bacáin, ba cheart don Aontas cinneadh VIII/8e a fhormhuiniú a mhéid a bhaineann le teachtaireacht ACCC/C/2015/128 agus ba cheart dó a chur in iúl gur díol sásamh dó é dréacht-tuarascáil an Choiste um Chomhlíonadh don Aontas.
3.2.Cinneadh VII/8f
Ag an seachtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe in 2021, ghlac an Cruinniú cinneadh VII/8f, i measc nithe eile, lenar athdhearbhaíodh a chinneadh V/9g. Áiríodh sa chinneadh moltaí maidir le torthaí ACCC i ndáil le teachtaireachtaí ACCC/C/2010/54, ACCC/C/2013/96 agus ACCC/C/2014/121.
3.2.1.Teachtaireacht ACCC/C/2010/54
Ag an cúigiú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe in 2014, d’fhormhuinigh an Cruinniú torthaí ACCC, agus é den tuairim nár chomhlíon an tAontas an Coinbhinsiún a mhéid a bhaineann le teachtaireacht ACCC/C/2010/54 i ndáil le Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Fhuinneamh In-athnuaite . Mhol Cruinniú na bPáirtithe go nglacfadh an tAontas ‘creat rialála cuí agus/nó treoracha soiléire maidir le hAirteagal 7 den Choinbhinsiún a chur chun feidhme i ndáil le Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh In-athnuaite a ghlacadh.’
Cuireadh in iúl i dtuarascálacha ACCC ina dhiaidh sin nár chomhlíon an tAontas ceanglais mhír 3 de chinneadh V/9g go fóill. Tar éis iarraidh a fháil ó Chruinniú na bPáirtithe maidir le comhlíontacht an Aontais Eorpaigh (ACCC/M/2017/3), thuairiscigh an tAontas ar na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí i gcinneadh V/9g a mhéid a bhaineann le Teachtaireacht ACCC/C/2010/54 i mí Dheireadh Fómhair 2018, 2019 agus 2020. Go háirithe, chuir an Coimisiún an Coiste ar an eolas faoi theacht i bhfeidhm Airteagal 10 den Rialachán Rialachais a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail in ullmhú Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) a dhéanann na Ballstáit, pleananna a tháinig, inter alia, in ionad Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh In-athnuaite, agus faoina chuid oibre chun cuidiú leis na Ballstáit a n‑oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh i gcomhthéacs an Airteagail 10 sin, atá le léamh i gcomhar le haithris 28 den Rialachán Rialachais.
I dtuarascáil ón gCoiste um Chomhlíonadh ar chinneadh VII/8f, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an tuarascáil chríochnaitheach ar dhul chun cinn a chuir an tAontas faoina bhráid an 1 Deireadh Fómhair 2024, aithníonn an Coiste gurb é atá sa Treoraíocht do na Ballstáit maidir le PNFAnna 2021-2030 a thabhairt cothrom le dáta ná treoracha chun críocha mhír 2(a) de chinneadh VII/8f. Dá bhrí sin, tháinig an Coiste um Chomhlíonadh ar an gconclúid gur éirigh leis an Aontas na torthaí a chomhlíonadh maidir lena áirithiú go bhfuil na socruithe le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí in ullmhú PNFAnna na mBallstát trédhearcach agus cothrom, an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le rannpháirtíocht phoiblí luath a cheadú ‘nuair a bhíonn na roghanna uile oscailte’, agus an oibleagáid a chomhlíonadh maidir lena áirithiú go dtabharfar aird chuí ar thoradh na rannpháirtíochta poiblí. De réir na tuarascála céanna, áfach, tháinig an Coiste um Chomhlíonadh ar an gconclúid nár chomhlíon an tAontas na ceanglais go hiomlán maidir leis an bhfaisnéis is gá a sholáthar don phobal chun páirt éifeachtach a ghlacadh sna nósanna imeachta, go háirithe ullmhú an dréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe é féin. Maidir le ceanglais mhír 2(b) de chinneadh VII/8f a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an mbealach a ndéanann an Coimisiún meastóireacht ar PNFAnna dá réir sin, d’aithin an Coiste um Chomhlíonadh an dul chun cinn mór a rinneadh. Measann an Coiste, áfach, gur cheart don Choimisiún an ceanglas go dtarlódh rannpháirtíocht phoiblí ‘nuair a bhíonn na roghanna uile oscailte’ a ionchorprú go sainráite ina gcritéir mheasúnaithe. Leis an athbhreithniú atá ar na bacáin ar an Rialachán Rialachais, tugtar an deis tuilleadh oibre a dhéanamh ar na gnéithe eile de thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh.
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe atá ar na bacáin, ba cheart don Aontas dréachtchinneadh VIII/8e a fhormhuiniú lena ndéantar obair leantach maidir le ACCC/C/2010/54, faoi réir fhorálacha an Chinnidh seo ón gComhairle. Ba cheart don Aontas a áirithiú go n‑aithníonn Cruinniú na bPáirtithe ina chinneadh ‘dul chun cinn mór maidir le comhlíonadh na dtorthaí in Airteagail 6(4) agus 7 den Choinbhinsiún a áirithiú’.
3.2.2.Teachtaireacht ACCC/C/2013/96
An 28 Deireadh Fómhair 2013, chuir an tArdán Eorpach in aghaidh Feirmeacha Gaoithe teachtaireacht ACCC/C/2013/96 faoi bhráid an Choiste um Chomhlíonadh inar líomhnaíodh nár chomhlíon an tAontas a oibleagáidí faoi Airteagail 3(2), 4 agus 7 den Choinbhinsiún i ndáil le liosta de 248 dTionscadal Leasa Choitinn a ghlac an Coimisiún Eorpach an 14 Deireadh Fómhair 2013.
Ina thorthaí an 9 Samhain 2020, mhol an Coiste um Chomhlíonadh go ndéanfadh an tAontas ‘na bearta reachtacha, rialála nó eile agus na socruithe praiticiúla is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú i nósanna imeachta rannpháirtíochta poiblí faoi raon feidhme Airteagal 7 den Choinbhinsiún a dhéantar faoi Rialachán GTE-F, nó aon reachtaíocht a ghabhann ionad na reachtaíochta sin: (a) Déantar na príomhdhoiciméid chomhairliúcháin, lena n‑áirítear an fógra don phobal, a sholáthar don phobal i dteangacha oifigiúla uile an Pháirtí lena mbaineann; (b) Cuirtear torthaí na rannpháirtíochta poiblí san áireamh sa chinnteoireacht ar bhealach trédhearcach agus inrianaithe.’
Ag an seachtú cruinniú a bhí ag Cruinniú na bPáirtithe in 2021, ghlac an Cruinniú cinneadh VII/8f, lenar formhuiníodh torthaí an Choiste a mhéid a bhaineann le teachtaireachtaí ACCC/C/2013/96 maidir leis an Aontas a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún agus lena n‑iarrtar ar an Aontas plean gníomhaíochta agus tuarascálacha a chur isteach ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin maidir le cur chun feidhme na moltaí.
Ó shin i leith, rinne an Coimisiún roinnt bearta chun deiseanna rannpháirtíochta breise a chur ar fáil, amhail:
(1)comhairliúchán poiblí maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar Thionscadail Leasa Choitinn agus Leasa Fhrithpháirtigh;
(2)cruinnithe hibrideacha, oscailte don phobal le linn an phróisis roghnúcháin;
(3)torthaí an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na tionscadail is iarrthóirí a chur i láthair na ngrúpaí réigiúnacha;
(4)na cruinnithe ina gcuirtear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na tionscadail is iarrthóirí faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha, agus na taifeadtaí ar na cruinnithe sin, a chur ar fáil don phobal.
Ina thuarascáil chríochnaitheach ar dhul chun cinn an 1 Deireadh Fómhair 2024, thuairiscigh an tAontas ar chur chun feidhme mholtaí Chruinniú na bPáirtithe maidir le Teachtaireacht ACCC/C/2013/96. Sa dhréacht-tuarascáil ón gCoiste um Chomhlíonadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas áfach, tháinig sé ar an gconclúid nár chomhlíon an tAontas ceanglais chinneadh VII/8f ina n‑iomláine go fóill.
I bhfianaise an mhéid thuas, ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe atá ar na bacáin, ba cheart don Aontas a athdhearbhú gurb é atá sna deiseanna rannpháirtíochta breise a thugtar isteach i bpróiseas GTE-F socruithe praiticiúla lena n‑áiritheofar go dtabharfar aird chuí ar thorthaí na rannpháirtíochta poiblí i gcomhréir le cinneadh VII/8f, ar bhealach trédhearcach agus inrianaithe, sa chinnteoireacht faoi Rialachán GTE-F athbhreithnithe. Thairis sin, ba cheart don Aontas a athdhearbhú go gcuirtear na príomhdhoiciméid chomhairliúcháin, lena n‑áirítear an fógra don phobal, ar fáil don phobal i dteangacha oifigiúla uile na bpáirtithe lena mbaineann, ós rud é go gceanglaítear le Rialachán GTE-F go ndéanfar gach doiciméad comhairliúcháin phoiblí, gach lámhleabhar nósanna imeachta, agus gach doiciméad iarratais agus teicniúil a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na dtionscnóirí a aistriú go teangacha uile na mBallstát lena mbaineann. Mar sin féin, ba cheart don Aontas dréachtchinneadh VIII/8e a fhormhuiniú lena ndéantar obair leantach ar ACCC/C/2013/96 sna gnéithe eile, faoi réir an dréachtchinnidh ón gComhairle, ar choinníoll go n‑aithníonn Cruinniú na bPáirtithe na feabhsuithe a rinne an tAontas chun ceanglais mhír 8 (a) agus (b) de Chinneadh VII/8f a chomhlíonadh agus chun Airteagal 3(2), Airteagal 4 agus Airteagal 7 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh. Go sonrach:
–eagrú cruinnithe oscailte lena gcumasaítear rannpháirtíocht phoiblí na bpáirtithe leasmhara i bpróiseas roghnúcháin na dtionscadal leasa choitinn, i gcomhréir le mír 8(a);
–lárú suíomhanna gréasáin tionscadal faoin ardán trédhearcachta agus a nasc chuig na suíomhanna gréasáin tionscadal inar féidir an leagan aistrithe de na doiciméid a fháil, i gcomhréir le Mír 8(b).
3.2.3.Teachtaireacht ACCC/C/2014/121
An 12 Nollaig 2014, chuir an eagraíocht neamhrialtasach, an Institiúid Idirnáisiúnta um Dhlí agus an Comhshaol teachtaireacht ACCC/C/2014/121 isteach inar líomhnaíodh nár chomhlíon an tAontas forálacha an Choinbhinsiúin maidir le rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht. Go háirithe, líomhain siad nár chomhlíon an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha na ceanglais maidir le rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht a shonraítear in Airteagal 6(1)(a) agus (10) den Choinbhinsiún i gcásanna ina ndéantar athbhreithniú ar chead arna eisiúint faoin Treoir nó ina dtugtar cothrom le dáta é.
I dtorthaí an Choiste um Chomhlíonadh an 14 Meán Fómhair 2020, mhol an Coiste go ndéanfadh an tAontas ‘creat atá ceangailteach ó thaobh dlí de a chur i bhfeidhm chun a áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh údarás poiblí i mBallstát den Pháirtí lena mbaineann coinníollacha a athmheas nó a thabhairt cothrom le dáta de bhun dlíthe náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme airteagal 21(3), (4) agus (5)(b) agus (c) den Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, nó forálacha comhfhreagracha aon reachtaíochta a thagann in ionad na Treorach sin, go gcuirfear forálacha Airteagal 6(2)(9) i bhfeidhm, mutatis mutandis agus i gcás inarb iomchuí, agus cuspóirí an Choinbhinsiúin á gcur san áireamh’.
Ag an seachtú seisiún a bhí ag Cruinniú na bPáirtithe in 2021, ghlac an Cruinniú cinneadh VII/8f, lenar formhuiníodh torthaí an Choiste a mhéid a bhaineann le teachtaireachtaí ACCC/C/2014/121 maidir leis an Aontas a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún agus lena n‑iarrtar ar an Aontas plean gníomhaíochta agus tuarascálacha a chur isteach ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin maidir le cur chun feidhme na moltaí.
Thug an tAontas tuairisc ar chur chun feidhme mholtaí Chruinniú na bPáirtithe a bhaineann le teachtaireacht ACCC/C/2014/121 ina thuarascáil chríochnaitheach ar dhul chun cinn an 1 Deireadh Fómhair 2024. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le cinneadh VII/8f de Chruinniú na bPáirtithe a bhaineann le comhlíontacht an Aontais Eorpaigh, tháinig an Coiste um Chomhlíonadh ar an gconclúid go bhfuil na ceanglais maidir le teachtaireacht ACCC/C/2014/121 comhlíonta ag an Aontas anois tríd an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a leasú.
I bhfianaise an mhéid thuas, ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe atá ar na bacáin, ba cheart don Aontas dréachtchinneadh VIII/8e a fhormhuiniú lena ndéantar obair leantach maidir le ACCC/C/2014/121 agus ba cheart dó a chur in iúl gur díol sásamh dó é dréacht-tuarascáil an Choiste um Chomhlíonadh , faoi réir fhorálacha an Chinnidh seo ón gComhairle.
3.3.Conclúidí an Choiste um Chomhlíonadh
Ina dhréacht-tuarascálacha maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas chun iarraidh ACCC/M/2021/4 ó Chruinniú na bPáirtithe a bhaineann le comhlíontacht an Aontais Eorpaigh agus cinneadh VII/8f a chur chun feidhme, déanann an Coiste um Chomhlíonadh an méid seo a leanas:
(1)measann sé gur chomhlíon an tAontas Eorpach na ceanglais maidir le teachtaireacht ACCC/C/2014/121 tríd an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a leasú;
(2)measann sé gur chomhlíon an tAontas Eorpach na ceanglais maidir le teachtaireacht ACCC/C/2015/128 trí shásra um iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a thabhairt isteach atá cosúil leis an sásra faoi Rialachán Aarhus ach a cuireadh in oiriúint do shaintréithe sonracha an chreata Státchabhrach;
(3)cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó an dul chun cinn nach beag atá déanta go dtí seo ach go measann sé nár chomhlíon an tAontas Eorpach ceanglais áirithe go fóill maidir leis na teachtaireachtaí bunaidh a bhaineann le ACCC/C/2010/54 agus molann sé do Chruinniú na bPáirtithe go n‑athdhearbhódh sé cinneadh VII/8f;
(4)cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó an dul chun cinn nach beag atá déanta go dtí seo ach go measann sé nár chomhlíon an tAontas Eorpach ceanglais áirithe go fóill maidir leis na teachtaireachtaí bunaidh a bhaineann le ACCC/C/2013/96 agus molann sé do Chruinniú na bPáirtithe go n‑athdhearbhódh sé cinneadh VII/8f.
I bhfianaise an mhéid thuas, agus cleachtas comhsheasmhach á leanúint maidir leis na teachtaireachtaí sin, molann an Coimisiún go ndéanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
–dréachtchinneadh VIII/8e a fhormhuiniú;
–a chur in iúl gur díol sásaimh dó dréacht-tuarascálacha an Choiste um Chomhlíonadh sa mhéid agus gur measadh gur chomhlíon an tAontas Eorpach na ceanglais maidir le teachtaireachtaí ACCC/C/2015/128 agus ACCC/C/2014/121;
–a chur in iúl gur díol sásaimh dó gur aithníodh an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas a mhéid a bhaineann le teachtaireachtaí ACCC/C/2010/54 agus le ACCC/C/2013/96 agus a ghealadh go n‑oibreoidh sé i dtreo aghaidh a thabhairt ar na hábhair atá fós gan réiteach sna cásanna sin;
–ráiteas a thabhairt ina gcuirtear i dtábhacht an dul chun cinn atá déanta agus ina gcuirtear i dtábhacht na castachtaí a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na hábhair atá fós gan réiteach a bhaineann le teachtaireacht ACCC/C/2013/96.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Cruinniú na bPáirtithe a bunaíodh le comhaontú, is é sin CEE-NA.
An gníomh a iarrtar ar Chruinniú na bPáirtithe a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 15 de Choinbhinsiún Aarhus agus le forálacha Chinneadh I/7 maidir leis an athbhreithniú ar chomhlíonadh, agus Riail 37 de go háirithe.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta atá leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an mbeartas comhshaoil.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le Airteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2025/0316 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus i ndáil le teachtaireachtaí ACCC/C/2015/128 a bhaineann le rochtain ar an gceartas i ndáil le cinntí maidir leis an Státchabhair, ACCC/C/2013/96 a bhaineann le Tionscadail Leasa Choitinn, ACCC/C/2014/121 a bhaineann leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus ACCC/C/2010/54 a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 17 Feabhra 2005, rinneadh Coinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) a fhormheas, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle.
(2)De bhun Airteagal 15 de Choinbhinsiún Aarhus, bunaíodh an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (an Coiste um Chomhlíonadh). Tá an Coiste um Chomhlíonadh inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Páirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus a n‑oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún sin a chomhlíonadh.
(3)Tá Cruinniú na bPáirtithe, le linn an ochtú seisiún dá chuid an 17-19 Samhain 2025, le cinneadh VIII/8e a ghlacadh maidir leis an Aontas a chuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na torthaí i dtaobh theachtaireacht ACCC/C/2015/128 i ndáil le rochtain ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil a mhéid a bhaineann le cinntí críochnaitheacha maidir le státchabhair agus moltaí i gcinneadh VII/8f a bhaineann le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, Tionscadail Leasa Choitinn agus an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha. Dá nglacfadh Cruinniú na bPáirtithe na torthaí, gheobhaidís an stádas mar léirithe oifigiúil ar Choinbhinsiún Aarhus agus bheadh siad ina gceangal ar na Páirtithe sa Choinbhinsiún agus ar chomhlachtaí Choinbhinsiún Aarhus.
(4)Dá bhrí sin, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá beartaithe ag Cruinniú na bPáirtithe.
(5)Is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe a leagan síos.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe maidir leis an Aontas a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Choinbhinsiún Aarhus i ndáil le rochtain ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil a mhéid a bhaineann le cinntí críochnaitheacha maidir le Státchabhair, mar a thugtar aghaidh air i dteachtaireacht ACCC/C/2015/128, is é a bheidh ann dréachtchinneadh VIII/8e a fhormhuiniú chomh maith lena chur in iúl gur díol sásaimh dó an tuarascáil a chuir an Coiste um Chomhlíonadh isteach maidir le hiarraidh ACCC/M/2021/4 de Chruinniú na bPáirtithe a mhéid a bhaineann le comhlíontacht an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe maidir leis an Aontas a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Choinbhinsiún Aarhus i ndáil le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna), Tionscadail Leasa Choitinn agus an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, mar a thugtar aghaidh orthu i dteachtaireachtaí ACCC/C/2010/54, ACCC/C/2013/96 agus ACCC/C/2014/121 agus i gcinneadh VII/8f, is é a bheidh ann dréachtchinneadh VIII/8e a fhormhuiniú, má léirítear na pointí seo a leanas sa chinneadh sin:
–i ndáil le PNFAnna, aithnítear sa chinneadh agus sonraítear gur díol sásaimh é go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta ag an Aontas chun a áirithiú go gcomhlíonfar torthaí agus moltaí an Choiste um Chomhlíonadh maidir le teachtaireacht ACCC/C/2010/54 i ndáil le hAirteagail 6 (4) agus 7 den Choinbhinsiún, agus gur chomhlíon an tAontas cuid de na torthaí sin a mhéid a bhaineann le treoracha a ghlacadh chun críocha mhír 2(a) de chinneadh VII/8f;
–maidir le tionscadail leasa choitinn, aithnítear sa chinneadh na feabhsuithe a rinne an tAontas, trí bhíthin socruithe praiticiúla, chun ceanglais mhíreanna 8 (a) agus (b) de chinneadh VII/8f a chomhlíonadh agus chun Airteagail 3(2), 4 agus 7 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh.
Airteagal 3
Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, mionathruithe teicniúla ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a chomhaontú ar an láthair gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán