AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.10.2025
COM(2025) 582 final
2025/0310(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haicmiú an riosca féichiúnaí in idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le haicmiú an riosca féichiúnaí in idirbhearta ag a bhfuil luach conartha onnmhairiúcháin níos lú ná USD 5 mhilliún (idirbhearta de minimis) lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta faoin gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí’ nó ‘CEA’) sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúill (‘an Socrú’).
Moltar sa togra seo leasú a dhéanamh ar na rialacha a leagtar amach in CEA maidir le praghsáil na tacaíochta oifigiúla a chinneadh d’idirbheart atá faoi réir CEA, go háirithe nósanna imeachta um aicmiú an riosca féichiúnaí. Sonraítear in CEA nach mór do na Rannpháirtithe in CEA a iarraidh go dtabharfar an liosta aicmithe riosca d’fhéichiúnaithe, sula n‑úsáidfear aon aicmiú riosca malartach nó nua d’fhéichiúnaithe. I bhfianaise an ualaigh riaracháin shuntasaigh a chruthaítear leis an gceanglas sin, mhol Rúnaíocht ECFE an 30 Iúil 2025 CEA a leasú trí idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta a eisiamh ó phróiseas aicmithe an riosca féichiúnaí. Moltar sa togra seo glacadh leis an leasú sin atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil
Is comhaontú oinigh é an Socrú idir an tAontas, na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua-Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin agus an Tuirc (na ‘Rannpháirtithe’), arb é is aidhm dó creat a chur ar fáil le haghaidh úsáid rianúil na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Ciallaíonn sé sin go praiticiúil, cothroime iomaíochta a leagan síos (sa tslí go mbunófar an iomaíocht ar phraghas agus ar cháilíocht na n‑earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear seachas ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus an tráth céanna iarrachtaí a dhéanamh chun deireadh a chur le fóirdheontais agus leis an saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Tháinig an Socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, agus is go ceann tréimhse éiginnte é. Tá an Socrú leabaithe in ECFE ó thaobh riaracháin de, agus faigheann sé tacaíocht ó Rúnaíocht ECFE, ach ní gníomh de chuid ECFE é.
Baineann cuid de na rialacha a leagtar amach sa Socrú leis an earnáil go sonrach agus tá siad mionsonraithe sna hiarscríbhinní earnála a ghabhann leis an Socrú ar a dtugtar Comhaontuithe Earnála. Tá CEA in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú agus is é is aidhm dó creat a chur ar fáil le haghaidh úsáid intuartha, chomhsheasmhach, thrédhearcach na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil i ndáil le díol nó léasú aerárthaí agus earraí agus seirbhísí gaolmhara a shonraítear in Airteagal 4(a) de CEA. Le CEA féachtar le cothroime iomaíochta a chothú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin den sórt sin. Tháinig CEA i bhfeidhm an 1 Feabhra 2011.
Rinneadh an Socrú agus CEA araon a thrasuí agus, dá bhrí sin, de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh an dlí de san Aontas. Trí bhíthin Gníomhartha Tarmligthe de bhun Airteagal 2 den Rialachán sin, déantar athbhreithnithe ar théarmaí agus ar choinníollacha an tSocraithe a ionchorprú i ndlí an Aontais.
2.2.Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le hAerárthaí agus sa chinnteoireacht
Tá 11 Rannpháirtí in CEA (‘Rannpháirtithe CEA’), agus is iad seo a leanas na rannpháirtithe: an tAontas Eorpach, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua-Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, agus na Stáit Aontaithe.
Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe Rannpháirtithe CEA, agus sna nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh cinnteoireachta de chuid Rannpháirtithe CEA freisin. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le gach leasú a dhéantar ar an Socrú.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Rannpháirtithe CEA
Is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe na nósanna imeachta um aicmiú riosca a leasú mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn II, Roinn 1 de CEA. I bhFoscríbhinn II leagtar amach na nósanna imeachta atá le húsáid agus praghsáil tacaíochta oifigiúla á cinneadh le haghaidh idirbheart atá faoi réir CEA. Leagtar amach na nósanna imeachta um aicmiú riosca i Roinn 1.
Tá liosta aicmithe riosca d’fhéichiúnaithe comhaontaithe ag Rannpháirtithe CEA. Freagraíonn na haicmithe riosca den sórt sin do rátáil creidmheasa neamhurraithe shinsearach na bhféichiúnaithe a bhfuil scála rátála coiteann amhail scála ó na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa in úsáid acu.
I bhFoscríbhinn II, Roinn 1.II de CEA, sonraítear go seolfaidh aon Rannpháirtí in CEA iarraidh chuig Rúnaíocht ECFE chun liosta na n‑aicmithe riosca a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn aicmiú riosca malartach nó nua, sula n‑úsáidfear aicmiú riosca malartach nó nua. Tá sé cruthaithe go ginearálta go bhfuil ualach riaracháin ag baint leis sin.
Faoi na rialacha atá ann faoi láthair, ceadaítear do Rannpháirtithe CEA in idirbhearta de minimis an nuashonrú ar an liosta aicmithe riosca a sheachaint tríd an aicmiú riosca ‘8’ a shannadh don fhéichiúnaí. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil an rogha sin ródhian.
Sa chiall sin, an 30 Iúil 2025 chuir Rúnaíocht ECFE togra chuig Rannpháirtithe CEA lena fhormheas trí nós imeachta i scríbhinn faoin 3 Samhain 2025 chun téacs CEA a leasú agus níos mó solúbthachta a sholáthar a mhéid a bhaineann le próiseas rátála an fhéichiúnaí in idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta, arb iad atá in 89 % de na hidirbhearta de minimis uile a rinneadh idir 2011 agus 2023. Moltar sa togra seo, i gcás idirbheart den sórt sin, nach mbeadh ar Rannpháirtithe CEA a iarraidh go dtabharfaí liosta na n‑aicmithe riosca cothrom le dáta, ach go mbeadh saoirse acu an t‑aicmiú a mheasann siad a bheith iomchuí a chur i bhfeidhm gan gá le haicme riosca ‘8’ atá ródhian a shannadh don fhéichiúnaí.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Éilíonn an próiseas aicmithe riosca méid suntasach ama ó Rúnaíocht ECFE. Tá ualach riaracháin ag baint leis freisin do Rannpháirtithe CEA. Thairis sin, is fiú a thabhairt faoi deara gur glacadh gan dúshlán le os cionn 99,9 % de thograí de minimis a cuireadh isteach ó bhí 2011 ann.
I bhfianaise an mhéid sin, tacaíonn an tAontas leis an togra chun CEA a leasú tríd an bpróiseas aicmithe riosca le haghaidh idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta a shimpliú.
Dá bhrí sin, moltar go dtacóidh an tAontas, sa nós imeachta i scríbhinn ó Rannpháirtithe CEA, leis an togra chun idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta a eisiamh ó phróiseas aicmithe an riosca féichiúnaí, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
D’fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar reachtaíocht an Aontais, mar atá Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle. Is amhlaidh atá de bharr Airteagal 2 den Rialachán sin, ina sonraítear go ‘[n]déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag na Rannpháirtithe sa Socrú’. Cuimsíonn sé sin leasuithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Socrú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe, gníomh a thagann faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2025/0310 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haicmiú an riosca féichiúnaí in idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’), lena n‑áirítear na cinn sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí, CEA’) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí agus, dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh an dlí de san Aontas Eorpach de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)Is é is aidhm don chinneadh atá beartaithe maidir le leasú ar CEA idirbhearta ag a bhfuil luach conartha onnmhairiúcháin níos lú ná USD 5 mhilliún (idirbhearta de minimis) lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta a eisiamh ó phróiseas aicmithe an riosca féichiúnaí de bhun Fhoscríbhinn II, Roinn 1 de CEA. Leis sin, ba cheart go laghdófaí an t‑ualach riaracháin ar Rannpháirtithe CEA agus go simpleofaí rátáil an riosca féichiúnaí.
(3)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ó Rannpháirtithe CEA, is iomchuí an seasamh sin a leagan síos de bhrí go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe in CEA ceangailteach ar an Aontas, agus gur féidir leis tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le cinneadh ó Rannpháirtithe CEA maidir leis an leasú ar CEA arb é is aidhm dó idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta a eisiamh ó phróiseas aicmithe an riosca féichiúnaí i gcomhréir leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.10.2025
COM(2025) 582 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haicmiú an riosca féichiúnaí in idirbhearta de minimis lena mbaineann aerárthaí talmhaíochta
IARSCRÍBHINN
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘CEA’) tacú leis na hathruithe ar fhonótaí 2 agus 3 d’Fhoscríbhinn II (Préimhrátaí Íosta) de CEA mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Déantar tagairtí thíos d’fhonótaí CEA. Tá na nithe a chuirtear leis i gcló trom agus folíne fúthu:
FOSCRÍBHINN II
PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA
2
Maidir le hidirbhearta ag a bhfuil luach conartha onnmhairiúcháin níos lú ná USD 5 mhilliún, má bhaineann an t‑onnmhairiú le haerárthaí talmhaíochta agus más feirmeoir nó cuideachta spraeála é an féichiúnaí deiridh, féadfaidh Rannpháirtí an t‑aicmiú riosca a mheasann sé a bheith iomchuí a chur i bhfeidhm agus tabharfaidh sé fógra faoin idirbheart i gcomhréir le hAirteagal 24 a) den Chomhaontú Earnála seo. Maidir le gach idirbheart eile ag a bhfuil luach onnmhairiúcháin níos lú ná USD 5 mhilliún (go háirithe na hidirbhearta inar aerlíne nó cuideachta léasaithe aerárthaí é an féichiúnaí deiridh, gan beann ar cé acu an mbaineann an t‑onnmhairiú le haerárthaí talmhaíochta nó nach mbaineann), déanfaidh Rannpháirtí nach mian leis an nós imeachta um aicmiú riosca a leagtar amach in Airteagail 6 go 8 den Fhoscríbhinn seo a leanúint an t‑aicmiú riosca ‘8’ a chur i bhfeidhm don cheannaitheoir/iasachtaí is ábhar don idirbheart agus tabharfaidh sé fógra faoin idirbheart i gcomhréir le hAirteagal 24 a) den Chomhaontú Earnála seo.
3
Maidir le hidirbhearta ag a bhfuil luach conartha onnmhairiúcháin níos lú ná USD 5 mhilliún, seachas idirbhearta a bhfuil fógra le tabhairt fúthu i gcomhréir le hAirteagal 24 a) de bhun fhonóta 2 den Fhoscríbhinn seo, beidh feidhm ag tréimhse 5 lá oibre.