An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 574 final

2025/0574(CNS)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.FORAIS AGUS CUSPÓIRÍ AN TOGRA

Tá éilimh mhéadaitheacha roimh an Aontas Eorpach i bpríomhréimsí amhail an t‑iomaíochas, an chosaint, an tslándáil, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach agus athléimneacht i gcoinne suaití seachtracha. Ina theannta sin, ní mór don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile aisíocaíocht NextGenerationEU a chumasú gan ciorruithe míchuí ar chláir an Aontais ná méadú iomarcach ar ranníocaíochtaí OIN. Cé gur áirithíodh leis an gcóras acmhainní dílse atá ann faoi láthair maoiniú cobhsaí intuartha bhuiséad an Aontais, tá sé ag brath den chuid is mó ar ranníocaíochtaí OIN, agus tá méadú ag teacht ar an mbrath sin, rud a shroichfidh teorainneacha a chumais de réir mar a mhéadaíonn na riachtanais mhaoiniúcháin. Is é is aidhm do bhuiséad an Aontais breisluach Eorpach a chruthú do chách, agus éilítear leis sin go ndéanfaí tosaíochtaí coiteanna a mhaoiniú go comhpháirteach. Trí acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, laghdófar an t‑ualach ar na Ballstáit agus áiritheofar cistiú inbhuanaithe chomhbheartais an Aontais agus aisíocaíocht NextGenerationEU. Thairis sin, tá sé léirithe le blianta beaga anuas nach mór do bhuiséad an Aontais a bheith in ann freagairt ar bhealach níos solúbtha do ghéarchéimeanna agus do dhomhan atá ag síorathrú.

I gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún 1 , chuir an Coimisiún tograí ar aghaidh in 2021 agus 2023 chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, ar tograí iad nár glacadh go fóill. Cuireann an togra seo leis na tograí agus leis an bplé a rinneadh roimhe seo. Tá sé i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais i gcomhthéacs an chéad CAI eile agus bheadh giniúint mór ioncaim i gceist leis. Tá na hacmhainní dílse bunaithe ar reachtaíocht earnála atá ann cheana nó ar an gCinneadh féin maidir le hacmhainní dílse agus is féidir iad a chur chun feidhme le hualach riaracháin réasúnta.

Tá an acmhainn dhílis bunaithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) fós ina dlúthchuid de na tograí ón gCoimisiún, ós rud é go bhfuil sí nasctha go dlúth le spriocanna aeráide an Aontais agus go bhfuil acmhainneacht ioncaim nach beag ag baint léi. Agus 30 % den ioncam á chur le buiséad an Aontais, leanfaí d’fhormhór an ioncaim ó cheantáil lamháltas astaíochtaí a chur ar aghaidh chuig na buiséid náisiúnta. Thairis sin, chinn an Coimisiún athdhíriú ina iomláine ar ioncam ón gcóras trádála astaíochtaí (CTA1) atá i bhfeidhm cheana féin agus air sin amháin agus gan an acmhainn dhílis a bhunú ar an gcóras trádála astaíochtaí nua i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh (CTA2).

Is féidir an acmhainn dhílis bunaithe ar an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) a mheas mar ‘ghné sheachtrach’ de CTA agus, dá bhrí sin, is gné lárnach den phacáiste i gcónaí í. Áirithítear le SCCT go bhfuil allmhairí chuig an Aontas faoi réir an phraghais carbóin atá coibhéiseach le táirgeadh na n‑earraí céanna sin san Aontas.

Molann an Coimisiún trí acmhainn dhílse nua bhreise:

Acmhainn nua atá bunaithe ar an méid trealaimh leictrigh agus leictreonaigh nach mbailítear (‘dramhthrealamh leictreonach’) as a dtiocfadh torthaí dearfacha comhshaoil agus a thacódh le huathriail straitéiseach an Aontais in amhábhair chriticiúla san am céanna. Ach acmhainn dhílis nua a chur chun feidhme bunaithe ar an dramhthrealamh leictreonach neamhbhailithe a thuairiscíonn na Ballstáit, spreagfaí laghdú dramhaíola agus dul chun cinn i scéimeanna bailiúcháin. Bheadh an acmhainn dhílis maidir le dramhthrealamh leictreonach bunaithe ar sonraí atá ann cheana arna dtuairisciú ag na Ballstáit do Eurostat agus dhéanfaí í a ríomh trí ráta EUR 2 in aghaidh an kg a chur i bhfeidhm maidir le dramhthrealamh leictreonach neamhbhailithe. Chun fíorluach an ghlaoráta a choinneáil ar bun, dhéanfaí é a choigeartú go bliantúil ina dhiaidh sin de réir an bhoilscithe.

Bheadh Acmhainn Dhílis maidir le Dleacht Mháil Tobac (ADDMT) ina tacú le cuspóirí bheartas sláinte an Aontais agus thabharfaí aghaidh léi ar shaincheist na siopadóireachta trasteorann le haghaidh táirgí áirithe, a bhfuil tionchar ag difreálaigh i mbeartais chánach idir na Ballstáit uirthi faoi láthair, agus ghinfí ioncam nach beag do bhuiséad an Aontais. Déanann an togra comhlánú ar an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir ón gComhairle maidir le dleacht mháil tobac, arb é is aidhm dó dleachtanna máil íosta an Aontais a oiriúnú agus raon feidhme na Treorach a leathnú chuig táirgí nua. Mar sin féin, níl ADDMT atá beartaithe ag brath go dlíthiúil ar ghlacadh athmhúnlú na Treorach ón gComhairle. Chuirfí glaoráta 15 % i bhfeidhm le haghaidh na mBallstát uile maidir leis na méideanna tobac mhonaraithe agus na méideanna táirgí a bhaineann le tobac a scaoiltear lena dtomhailt arna iolrú faoin íosráta is infheidhme maidir le gach Ballstát.

Is é is aidhm don Acmhainn Chorparáideach don Eoraip (ACE) a áirithiú, maidir leis an earnáil chorparáideach, atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair is mó ar domhan ina bhfuil níos mó ná 450 milliún tomhaltóir, go rannchuidíonn sí le maoiniú bhuiséad an Aontais. Leis an acmhainn dhílis dhíreofaí ar chuideachtaí an Aontais agus ar chuideachtaí tríú tíortha a bhfuil buanbhunaíocht acu san Aontas agus ar mó ná EUR 100 milliún a nglanláimhdeachas bliantúil. Bhunófaí ACE mar ranníocaíocht chnapshuime bhliantúil a dhéanfaí a dhifreáil de réir glanláimhdeachas cuideachtaí.

Moltar coigeartuithe spriocdhírithe ar acmhainní dílse atá ann cheana chun bonn ioncaim bhuiséad an Aontais a chaomhnú. Socraíodh an glaoráta le haghaidh na hacmhainne dílse bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, a tugadh isteach ag tús an CAI reatha, ag méid seasta EUR 0,8/kg. Mar sin féin, i ngeall ar bhoilsciú tá laghdú mór tagtha ar fhíorluach an ioncaim ón acmhainn dhílis sin. Chun é sin a cheartú, moltar an glaoráta a mhéadú go leibhéal nua EUR 1/kg in 2028 agus, ón tráth sin ar aghaidh, é a choigeartú go bliantúil de réir an bhoilscithe. Thairis sin, mar thoradh ar an leibhéal reatha 25 % de na dleachtanna custaim a choinníonn na Ballstáit chun a gcostais bhailithe a chumhdach, ní chuirtear sciar ard d’acmhainní dílse ar fáil do bhuiséad an Aontais. Dá bhrí sin, moltar sciar na gcostas bailithe a laghdú go 10 %. Ar deireadh, soiléirítear sa togra maidir le méideanna a bhaineann le ríomhthráchtáil mar a bhunaítear faoi Chód Custaim an Aontais, go dtagann siad faoi chatagóir na n‑acmhainní dílse traidisiúnta.

Chun córas trédhearcach acmhainní dílse a áirithiú, ní dhéanfar aon choigeartú ar acmhainní dílse. Dá bhrí sin, scoirfear de chaidhpeáil an bhoinn CBL, chomh maith leis na laghduithe cnapshuime a chuirtear i bhfeidhm ar an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte agus ar an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN.

I bhfianaise na n‑athruithe féideartha ar an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach (‘CCE 2010’), soiléirítear sa togra an cur chuige i leith na n‑athruithe sin agus láimhseáil na n‑athruithe sin i gcás inarb ábhartha don chóras acmhainní dílse.

Tá sé léirithe le blianta beaga anuas go bhfuil méadú tagtha ar mhinicíocht, ar dhéine agus ar dhoimhneacht na ngéarchéimeanna tromchúiseacha, an dianchruatain nó na bagartha ina leith. Chuir dolúbthacht an bhonneagair buiséid atá ann faoi láthair srian ar an Aontas ina fhreagairt ar theagmhais den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart sásra urghnách nua a bhunú chun freagairt do na teagmhais sin i gcaitheamh thréimhse CAI 2028-2034 atá ar na bacáin. Is í an Chomhairle a dhéanfaidh cinneadh maidir le gníomhachtú an tsásra freagartha urghnách spriocdhírithe sin ar ghéarchéimeanna agus sainiúlachtaí agus riachtanais géarchéime ar leith á gcur san áireamh. Gníomhóidh an Chomhairle trí bhíthin Rialachán ón gComhairle, a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 311(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tar éis di toiliú ó Pharlaimint na hEorpa a fháil. Má ghníomhachtaítear sásra freagartha urghnách ar ghéarchéimeanna den sórt sin, leanfar na rialacha a leagtar síos sa chlár nó san ionstraim is ábhartha i leith a chur chun feidhme.

Leis an Rialachán ón gComhairle, údarófar don Choimisiún méid na n‑iasachtaí le haghaidh na mBallstát a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil. Bunófar leis an Rialachán ón gComhairle na prionsabail maidir leis an aisíocaíocht freisin. Beidh méadú tiomnaithe ar uasteorainn na n‑acmhainní dílse mar thaca leis an uirlis freagartha urghnách ar ghéarchéimeanna sin.

2.CREAT DLÍTHIÚIL

2.1. Cinneadh maidir le hacmhainní dílse

De bhun Airteagal 311(3) CFAE, tar éis don Chomhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, féadfaidh sí ‘catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú’. Foráiltear go sainráite leis an bhforáil sin maidir le hacmhainní dílse nua a chruthú.

I gcomhréir leis an nós imeachta speisialta reachtach a leagtar amach in Airteagal 311(3) CFAE, glacann an Chomhairle an Cinneadh d’aon toil tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla.

Leis an togra seo ón gCoimisiún, baintear leas iomlán as an bhféidearthacht sin trí thús a chur le roinnt acmhainní dílse nua a chruthú.

2.2. Bearta cur chun feidhme le haghaidh an chórais acmhainní dílse agus na Rialachán maidir le cur ar fáil

Foráiltear le hAirteagal 311(4) CFAE go ‘ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta cur chun feidhme chóras acmhainní dílse an Aontais a leagan síos a mhéid a fhoráiltear sa Chinneadh [maidir le hacmhainní dílse]’. Leis an bhforáil sin, tugtar isteach an fhéidearthacht bearta sonracha cur chun feidhme a bhaineann leis an gcóras acmhainní dílse a leagan amach i bhfoirm Rialacháin laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hacmhainní dílse. Ní chuimsítear leis gnéithe den chóras acmhainní dílse a bhaineann leis na hacmhainní dílse a chur ar fáil agus le riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh (féach thíos).

Sa Rialachán lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais, ba cheart forálacha de chineál ginearálta atá infheidhme maidir le gach cineál acmhainní dílse a chur san áireamh. Cumhdaítear leo den chuid is mó ábhair a bhaineann le rialú agus maoirseacht ioncaim agus cumhachtaí gaolmhara chigirí an Choimisiúin. Áireofar sa Rialachán lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais roinnt gnéithe cur chun feidhme de ACE freisin.

Anuas ar na bearta cur chun feidhme, sonraítear na ceanglais oibríochtúla chun na hacmhainní dílse a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais agus do chuntais an Choimisiúin i rialacháin ón gComhairle de bhun Airteagal 322(2) CFAE.

Tá gá le forálacha nua maidir le cur ar fáil na n‑acmhainní dílse nua uile.

Cuirfidh an Coimisiún isteach na tograí is gá tráth is faide anonn.

2025/0574 (CNS)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 311, an tríú mír de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 2 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le córas acmhainní dílse an Aontais, ba cheart a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ann chun beartais an Aontais a fhorbairt go hordúil, faoi réir diansmacht buiséadach. Lena chois sin ba cheart forbairt an chórais acmhainní dílse a bheith ina rannchuidiú le forbairt bheartais an Aontais, a mhéid is féidir.

(2)Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 16 Nollaig 2020 3 , d’aithin Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an tábhacht atá le comhthéacs Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus d’aithin siad nár cheart ‘laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) a bheith mar thoradh ar chaiteachas bhuiséad an Aontais i ndáil le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a aisíoc’. Thairis sin luaitear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach gur ‘inmhianaithe freisin na méaduithe ar an acmhainn dhílis (‘OIN’)-bhunaithe a mhaolú do na Ballstáit’.

(3)I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, chuir an Coimisiún tograí ar aghaidh in 2021 agus 2023 chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Cuireann an Cinneadh seo leis an bplé a rinneadh roimhe seo agus léirítear ann tosaíochtaí polaitiúla an Aontais i gcomhthéacs CAI. Dá bhrí sin, tugtar isteach leis an gCinneadh seo cúig acmhainn dhílse nua.

(4)Léiríodh le forbairtí a rinneadh le déanaí go bhfuil méadú tagtha ar earraí a dhíoltar i gciandíolacháin. Chun na costais mhéadaitheacha a chumhdach a bhaineann le scaoileadh na nearraí sin i saorchúrsaíocht a áirithiú trí sheiceáil a dhéanamh ar na sonraí a sholáthraítear, anailís riosca a dhéanamh, rialuithe doiciméadacha agus fisiceacha a dhéanamh nuair is gá, d’fhéadfadh méideanna nua acmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar mhéideanna nó tosca eile, a bheith inmhuirearaithe i dtrádáil le tríú tíortha, amhail táille láimhseála an Aontais, i gcomhréir leis na seirbhísí a sholáthraítear chun na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Is iomchuí a shonrú nach gcuirfear táille láimhseála an Aontais, mar acmhainní dílse traidisiúnta, ar fáil don Aontas ach ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh.

(5)Le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, socraítear ag 25 % an sciar d’acmhainní dílse traidisiúnta a choinníonn na Ballstáit chun a gcostais bhailithe i leith dleachtanna custaim a chumhdach. Mar thoradh air sin, ní chuirtear sciar ard acmhainní dílse ar fáil do bhuiséad an Aontais. Ba cheart na costais bhailithe a choinníonn na Ballstáit ó na hacmhainní dílse traidisiúnta a athbhunú ó 25 % go dtí leibhéal 10 % chun an tacaíocht airgeadais do threalamh custaim, foireann, digitiú agus faisnéis a ailíniú níos fearr leis na costais agus na riachtanais iarbhír.

(6)Ba cheart ranníocaíocht airgeadais atá nasctha leis an earnáil chorparáideach a thabhairt isteach mar acmhainn dhílis. Ba cheart feidhm a bheith ag an Acmhainn Chorparáideach don Eoraip (‘ACE’) maidir le cuideachtaí a bhfuil cónaí orthu san Aontas chun críoch cánach agus ar mó ná EUR 100 000 000 a nglanláimhdeachas bliantúil. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag ACE maidir le buanbhunaíochtaí atá lonnaithe i mBallstát eintiteas a bhfuil cónaí orthu, chun críoch cánach, i dtríú tír. Ba cheart feidhm a bheith ag ACE maidir le glanláimhdeachas buanbhunaíochta, gan beann ar ghlanláimhdeachas an eintitis a chónaíonn chun críoch cánach i dtríú tír, ar ghlanláimhdeachas é nach ngineann an bhuanbhunaíocht.

(7)Ba cheart ACE a bhunú mar ranníocaíocht chnapshuime bhliantúil bunaithe ar ghlanláimhdeachas cuideachtaí sa raon feidhme, agus bheadh ranníocaíochtaí níos mó i gceist de thoradh glanláimhdeachas níos airde de réir ‘córas réimeanna’. Trí ghlanláimhdeachas a úsáid mar an bonn, ba cheart go náiritheofaí go bhfuil an acmhainn dhílis sin bunaithe ar shonraí corparáideacha caighdeánacha. Trí thairseach ghlanláimhdeachais EUR 100 000 000 a chur i bhfeidhm, ba cheart go náiritheofaí, i bprionsabal, go mbeidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide eisiata ó raon feidhme ACE. Is iomchuí eintitis áirithe a eisiamh ó raon feidhme ACE freisin, ar eintitis iad nach mbíonn i mbun trádála nó gnó chun críoch brabúis de ghnáth bunaithe ar a gcuspóir agus a stádas ar leith. Dá bhrí sin, níor cheart eintitis rialtais (cé is moite d’fhiontair faoi úinéireacht stáit), eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a theacht faoi raon feidhme ACE. Ba cheart ACE a chur i bhfeidhm ar leibhéal na neintiteas nó ar leibhéal gach buanbhunaíochta atá lonnaithe i mBallstát eintiteas a bhfuil cónaí orthu, chun críoch cánach, i dtríú tír.

(8)Chun ACE a chur chun feidhme, is gá na cuideachtaí a bheidh faoi dhliteanas i leith an Aontais a shainaithint mar aon le raon feidhme a noibleagáidí. Ina theannta sin, is iomchuí a chur de chúram ar na Ballstáit ACE a bhailiú thar ceann an Aontais agus é sin a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais rialacha an Aontais.

(9)Le Treoir 2011/64/AE ón gComhairle, tugtar isteach íosrátaí comhchuibhithe le haghaidh tobac monaraithe a scaoiltear lena thomhailt. Le Treoir [XXX] ón gComhairle lena ndéantar Treoir 2011/64/CE ón gComhairle a athmhúnlú, déantar struchtúr na níosrátaí a athbhreithniú agus leathnaítear raon feidhme na Treorach chuig táirgí a bhaineann le tobac. An tráth céanna, is dúshlán i gcónaí é an caitheamh tobac don bheartas sláinte ar fud an Aontais. Chun tacú le beartais sláinte ábhartha agus i bhfianaise na siopadóireachta trasteorann a shaobhann iomaíocht sna táirgí sin, arna spreagadh ag difreálacha cánachais, is iomchuí glaoráta 15 % a bhunú mar acmhainn dhílis maidir leis an ioncam a eascraíonn as na híosrátaí comhchuibhithe sin a chur i bhfeidhm ar na táirgí a scaoiltear lena dtomhailt.

(10)Le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, socraítear an glaoráta le haghaidh na hacmhainne dílse bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte ag EUR 0,8 in aghaidh an kg ó 2021. Ó shin i leith, tá laghdú tagtha ar fhíorluach an ioncaim ón acmhainn dhílis sin mar gheall ar bhoilsciú réasúnta ard, agus d’fhéadfadh sé, mar thoradh air sin, go dtiocfadh laghdú ar na dreasachtaí do na Ballstáit freisin dlús a chur lena niarrachtaí sprioc athchúrsála an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, is cosúil gurb iomchuí an glaoráta a mhéadú go EUR 1 in aghaidh an kg in 2028.

(11)Chun torthaí dearfacha comhshaoil a bhaint amach agus chun uathriail straitéiseach an Aontais in amhábhair chriticiúla a neartú, ba cheart buiséad an Aontais a bheith ina rannchuidiú le méadú a bhaint amach ar bhailiú dramhthrealaimh leictreonaigh. Le hacmhainn dhílis atá comhréireach le cainníocht an dramhthrealaimh leictreonaigh neamhbhailithe i ngach Ballstát, maille le glaoráta EUR 2 in aghaidh an kg de dhramhaíl neamhbhailithe, spreagfaí laghdú dramhaíola agus spreagfaí bailiú ar leithligh. An tráth céanna, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit na bearta is oiriúnaí a dhéanamh chun na spriocanna sin a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

(12)Ba cheart na glaorátaí a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach agus an acmhainn dhílis maidir le dramhthrealamh leictreonach éabhlóid an leibhéil ghinearálta praghsanna ar earraí agus ar sheirbhísí a léiriú agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a choigeartú de réir an bhoilscithe bhliantúil.

(13)Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘CTA’), a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is cuid lárnach de bheartas aeráide an Aontais é. I bhfianaise an dlúthnaisc idir trádáil astaíochtaí agus cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an aeráid, is iomchuí sciar den ioncam arna chur ar ceant de bhun airteagail 3d agus 10 a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais. Ba cheart 30 % den ioncam ceantála sin a aistriú chuig buiséad an Aontais.

(14)Cuimsítear leis na hacmhainní dílse bunaithe ar CTA AE sciar den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant in earnálacha áirithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Faoi Threoir 2003/87/CE agus Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan cuid de chainníocht iomlán na lamháltas a shonraítear faoi Threoir 2003/87/CE a chur ar ceant nó cuid de chainníocht iomlán na lamháltas a aistriú agus a chur ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú a bunaíodh leis an Treoir sin. Ba cheart na lamháltais sin a úsáid freisin chun an méid acmhainní dílse a ríomh bunaithe ar an trádáil astaíochtaí. Is iomchuí lamháltais le haghaidh dhearlaic thosaigh an Chiste don Nuachóiriú a eisiamh mar aon leis na lamháltais le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht.

(15)Le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , bunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a chomhlánú agus chun éifeachtacht bheartas aeráide an Aontais a áirithiú. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus beartas aeráide an Aontais, ba cheart sciar den ioncam ó na díolacháin deimhnithe a aistriú chuig buiséad an Aontais mar acmhainn dhílis.

(16)Cuireann coigeartuithe ar acmhainní dílse le castacht agus doiléireacht an chórais acmhainní dílse. Chun aghaidh a thabhairt air sin, agus chun trédhearcacht an chórais acmhainní dílse a áirithiú, scoirtear de chaidhpeáil an bhoinn CBL agus de na laghduithe cnapshuime a chuirtear i bhfeidhm ar an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte agus ar an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN.

(17)Ba cheart corrlach leordhóthanach a chaomhnú faoi uasteorainneacha na nacmhainní dílse chun gur féidir leis an Aontas a oibleagáidí airgeadais agus a dhliteanais theagmhasacha uile a chumhdach a thagann chun bheith dlite in aon bhliain ar leith. Maidir le méid iomlán na nacmhainní dílse a leithdháiltear ar an Aontas chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach, níor cheart dó a bheith níos mó ná 1.75 % de shuim OINanna na mBallstát uile. Maidir le méid iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a iontráiltear i mbuiséad an Aontais, níor cheart dó a bheith níos mó ná 1.81 % de shuim OIN na mBallstát uile.

(18)Ba cheart OIN a shainmhíniú mar OIN bliantúil ag praghsanna an mhargaidh a chuireann an Coimisiún ar fáil i gcur i bhfeidhm Chóras Cuntas Eorpach 2010 (‘CCE 2010’) de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 (‘CCE 2010’). Tar éis do na Náisiúin Aontaithe ‘Córas na gCuntas Náisiúnta 2025’ a ghlacadh, meastar go ndéanfar athbhreithniú ar CCE 2010 sna blianta amach romhainn i bhfoirm Córas Cuntas Eorpach nua (‘CCE athbhreithnithe’). Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha i ndáil leis an tionchar a bheadh ag an athbhreithniú sin ar shainmhíniú OIN. Nuair a bheidh CCE athbhreithnithe infheidhme, ba cheart OIN a shainmhíniú mar OIN bliantúil ag praghsanna an mhargaidh dá bhforáiltear i gcur i bhfeidhm CCE athbhreithnithe. I gcás ina mbeidh athrú mór ar leibhéal OIN i gceist le CCE athbhreithnithe, ba cheart uasteorainneacha na nacmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a oiriúnú. Mar sin féin, ba cheart a áirithiú trí bhíthin coimirce nach ndéanfar coigeartú síos ar na huasteorainneacha in euro mar thoradh ar an oiriúnú.

(19)Ba cheart rialacha a chur ar fáil chun aistriú rianúil chuig cur i bhfeidhm CCE athbhreithnithe a chumasú. Chun athruithe cúlghabhálacha sa chóras cuntasaíochta is infheidhme a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag CCE 2010 i gcónaí maidir le OIN na mBallstát a chinneadh agus maidir le huasteorainneacha na nacmhainní dílse i leith na mblianta inar bunaíodh OIN den chéad uair faoi CCE 2010.

(20)Tá sé léirithe le blianta beaga anuas go bhfuil méadú tagtha ar mhinicíocht, ar dhéine agus ar dhoimhneacht na ngéarchéimeanna agus an chruatain a dhéanann difear don Aontas nó dá Bhallstáit. I ngeall air sin leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh acmhainneacht airgeadais leordhóthanach ag an Aontas chun freagairt do na géarchéimeanna agus don chruatan sin. Ó bhí 2020 ann, tá roinnt ionstraimí ad hoc agus sealadacha i mbuiséad an Aontais: NextGenerationEU, an tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) agus an Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE). Ní mór don Aontas leanúint de na hacmhainní a chur ar fáil dó féin chun a chuspóirí a bhaint amach. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hacmhainní airgeadais urghnácha ar scála eisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí buiséadacha na dteagmhas sin, a bhaineann le teagmhas eisceachtúil amháin nó níos mó.

(21)In éagmais acmhainn bhuiséadach leordhóthanach chun iasachtaí a sholáthar a bhfuil na hacmhainní dílse mar thaca leo, bíonn teorainn le cumas an ollstruchtúir buiséid freagairt go héifeachtúil agus go tráthúil do ghéarchéimeanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, uirlis nua theoranta urghnách spriocdhírithe a bhunú chun freagairt do ghéarchéimeanna tromchúiseacha, do dhianchruatan nó don bhagairt ina leith agus dóibh sin amháin. Leis an uirlis géarchéime urghnách sin, ba cheart na hacmhainní buiséadacha a leithdháileadh chun iasachtaí a dheonú i dtréimhse CAI 2028-2034 atá ar na bacáin agus sa tréimhse sin amháin. Níor cheart an sásra géarchéime a ghníomhachtú i gcás ina dtugann cláir de chuid an Aontais aghaidh go leordhóthanach ar iarmhairtí an cháis cheana féin.

(22)Ba cheart don Chomhairle cinneadh ad hoc a dhéanamh maidir le dul i muinín na huirlise freagartha géarchéime urghnáiche agus spriocdhírithe agus na sainiúlachtaí agus na riachtanais a thagann chun cinn á gcur san áireamh mar aon le ról na Comhairle Eorpaí á aithint san am céanna maidir leis an spreagadh is gá a thabhairt d’fhorbairt an Aontais agus maidir leis na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta a shainiú lena náirítear in aimsir géarchéimeanna, cruatain nó bagairtí ina leith. Ba cheart don Chomhairle gníomhú trí bhíthin Rialachán ón gComhairle, a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 311(4) CFAE, tar éis di toiliú ó Pharlaimint na hEorpa a fháil. Ba cheart méid na niasachtaí a údarú leis an Rialachán ón gComhairle. Ba cheart na módúlachtaí agus na rialacha lena mbunaítear leithdháileadh mhéideanna na niasachtaí arna gcinneadh sa Rialachán ón gComhairle a shocrú sa bhunghníomh a bheidh le glacadh nó le hoiriúnú i bhfianaise na riachtanas a thagann chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an gcás.

(23)Na cistí a fhaightear ar iasacht a úsáidtear chun iasachtaí a thabhairt do Bhallstáit, ba cheart iad a aisíoc trí na suimeanna a fhaightear ó na Ballstáit is tairbhithe. Chun go mbeidh an tAontas in ann an dliteanas a bhaineann leis na cistí atá beartaithe a fháil le haghaidh iasachtaí a sheasamh, is gá uasteorainneacha na nacmhainní dílse a mhéadú go hurghnách agus go sealadach. Ba cheart an uasteorainn le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus an uasteorainn le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mhéadú 0.25 pointe céatadáin. Is é an taon chuspóir ba cheart a bheith leis an méadú dliteanais uile an Aontais a chumhdach, ar dliteanais iad a eascraíonn as iasachtaíocht le haghaidh iasachtaí chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na dteagmhas sin.

(24)An cumhachtú a thugtar don Choimisiún cistí a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais chun bearta urghnácha i bhfoirm iasachtaí lena dtugtar aghaidh ar iarmhairtí na ngéarchéimeanna sin a mhaoiniú agus chun na críche sin amháin, baineann sí go dlúth leis an méadú a tháinig ar uasteorainn na nacmhainní dílse dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus, i ndeireadh na dála, le feidhmiú chóras acmhainní dílse an Aontais. Dá réir sin, ba cheart an cumhachtú a áireamh sa Chinneadh seo. Mar gheall ar chineál urghnách na hoibríochta seo agus méid eisceachtúil na gcistí atá le fáil ar iasacht, tá gá le cinnteacht maidir le méid foriomlán dhliteanas an Aontais. I bhfianaise an mhéid atá beartaithe, is iomchuí an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a úsáid le haghaidh na hiasachtaíochta, arb í an modh caighdeánach í faoi Airteagal 224 den Rialachán Airgeadais 7 .

(25)Mar sin féin, tá gá leis an méadú ar uasteorainneacha na nacmhainní dílse toisc nár leor na huasteorainneacha caighdeánacha murach sin chun a áirithiú go mbeadh fáil ar acmhainní leordhóthanacha a theastaíonn ón Aontas chun na dliteanais theagmhasacha a chumhdach a eascraíonn as an gcumhachtú urghnách sealadach chun cistí a fháil ar iasacht le haghaidh iasachtaí.

(26)Is iomchuí an riail a choinneáil ar bun nár cheart don Aontas cistí a fhaightear ar iasacht ar na margaí caipitil a úsáid chun caiteachas oibríochtúil a mhaoiniú mar ioncam sannta seachtrach, rud a ghineann leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do bhuiséad an Aontais. Ba cheart cumhachtú an Choimisiúin chun cistí a fhaightear ar iasacht a úsáid le haghaidh caiteachais a theorannú don chineál urghnách agus sealadach a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 trí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha maidir le leithdháileadh acmhainní dílse don Aontas chun maoiniú bhuiséad bliantúil an Aontais a áirithiú.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘glanláimhdeachas’ an glanláimhdeachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, mír 5, de Threoir 2013/34/AE 8 nó faoin dlí náisiúnta;

(2)ciallaíonn ‘cuideachta’ aon duine dlítheanach nó socrú dlíthiúil (‘eintiteas’) a bhfuil cónaí air chun críoch cánach i mBallstát agus aon bhuanbhunaíocht atá lonnaithe i mBallstát d’eintitis a bhfuil cónaí orthu, chun críoch cánach, i dtríú tír a bhfuil oibleagáid ann glanláimhdeachas a thuairisciú ina leith. Mar sin féin, ní áireofar ar chuideachtaí eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta ná eagraíochtaí neamhbhrabúsacha;

(3)ciallaíonn ‘tobac monaraithe’ táirgí mar a shainmhínítear in Airteagal 2 agus de réir Threoir 2011/64/AE ón gComhairle 9 ;

(4)ciallaíonn ‘táirgí a bhaineann le tobac’ táirgí mar a shainmhínítear in Airteagal 2 agus de réir [Threoir [XXX] ón gComhairle] 10 ;

(5)ciallaíonn ‘an tíosráta’ is infheidhme maidir le gach Ballstát, chun críoch Airteagal 3, mír 1, pointe (d), an tíosluach ainmniúil is infheidhme i ngach Ballstát le haghaidh na dleachta máil foriomláine mar a shainmhínítear in Airteagail 10 agus 14 de Threoir 2011/64/AE ón gComhairle;

(6)tá le ‘scaoiltear lena dtomhailt’ an bhrí mar a shainmhínítear in Airteagal 6, mír 3, de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle 11 ;

(7)ciallaíonn ‘plaisteach’ plaisteach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, mír 1, pointe (52) de Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 ;

(8)ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht’ dramhaíl ó phacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, mír 1, pointe (25), de Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(9)ciallaíonn ‘athchúrsáil’ athchúrsáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, mír 1, de Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(10)ciallaíonn ‘trealamh leictreach agus leictreonach’ trealamh leictreach agus leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3, mír 1, de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 ;

(11)ciallaíonn ‘bailiú’, chun críoch phointe (f) d’Airteagal 3, mír 1, bailiú dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 2, de Threoir 2012/19/AE;

(12)ciallaíonn ‘cur ar an margadh’, chun críoch phointe (f) d’Airteagal 3, mír 1, cur ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 3, mír 1, de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 3
Catagóirí acmhainní dílse agus modhanna sonracha chun iad a ríomh

1.Is acmhainní dílse, a iontrálfar i mbuiséad an Aontais, an tioncam astu seo a leanas:

(a)acmhainní dílse traidisiúnta a chuimsíonn tobhaigh, préimheanna, suimeanna breise nó cúiteacha, suimeanna nó eilimintí breise, dleachtanna Comhtharaife Custaim agus dleachtanna eile atá bunaithe nó atá le bunú ag institiúidí an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha, dleachtanna custaim ar tháirgí faoin gConradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach atá dulta in éag, mar aon le ranníocaíochtaí agus dleachtanna eile dá bhforáiltear faoi chreat chomheagrú na margaí siúcra;

(b)ranníocaíochtaí bliantúla ó chuideachtaí i leith a nglanláimhdeachas bliantúil. Déantar an ranníocaíocht bhliantúil ó gach cuideachta a chinneadh de réir an scála seo a leanas:

I.glanláimhdeachas ó EUR 100 000 000,01 go EUR 249 999 999,99, ranníocaíocht EUR [100 000];

II.glanláimhdeachas ó EUR 250 000 000 go EUR 499 999 999,99, ranníocaíocht EUR [250 000];

III.glanláimhdeachas ó EUR 500 000 000 go EUR 749 999 999,99, ranníocaíocht EUR [500 000];

IV.glanláimhdeachas EUR 750 000 000 agus os a chionn, ranníocaíocht EUR [750 000];

(c)glaoráta aonfhoirmeach 0,30 % a chur i bhfeidhm i gcás gach Ballstáit ar mhéid iomlán ioncam CBL a bhailítear i leith na soláthairtí inchánach uile roinnte ar mheánráta CBL ualaithe arna ríomh don bhliain féilire ábhartha mar a fhoráiltear i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle 14 ;

(d)glaoráta aonfhoirmeach 15 % a chur i bhfeidhm le haghaidh na mBallstát uile maidir le méideanna tobac mhonaraithe agus méideanna táirgí a bhaineann le tobac a scaoiltear lena dtomhailt arna iolrú faoin íosráta is infheidhme maidir le gach Ballstát i mbliain féilire;

(e)glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear i ngach Ballstát nach ndéantar athchúrsáil uirthi. EUR 1 in aghaidh an chileagraim a bheidh sa ghlaoráta aonfhoirmeach;

Déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi a ríomh mar an difríocht idir meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear i mBallstát in aon bhliain ar leith agus meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ndéantar athchúrsáil uirthi sa bhliain sin. Chun an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear a ríomh, úsáidfidh na Ballstáit an dá chur chuige dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 53, mír 2, de Rialachán (AE) 2025/40, agus déanfar iad a choigeartú chun inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na dtorthaí a áirithiú.

(f)glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar mheáchan an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh i ngach Ballstát nach mbailítear go bliantúil. EUR 2 in aghaidh an chileagraim a bheidh sa ghlaoráta aonfhoirmeach;

Déanfar meáchan an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh nach mbailítear i mBallstát i mbliain ar leith (N) a ríomh mar mheánmheáchan bliantúil an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a cuireadh ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin (N‑1, N‑2, N‑3) arna laghdú de réir mheáchan an dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bailíodh i mbliain N.

I gcás ina bhfuil an difríocht diúltach, measfar gur nialas a bheidh meáchan an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh nach mbailítear i mBallstát.

(g)ráta aonfhoirmeach 30 % a chur i bhfeidhm maidir leo seo a leanas:

(1)an tioncam a ghintear nuair a chuireann na Ballstáit na lamháltais ar ceant de bhun Airteagal 3d agus Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 ;

(2)an méid a ríomhtar trí mhéid bliantúil na lamháltas a iolrú, lamháltais a gcuireann an Ballstát ábhartha aon cheann de na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leo:

(a)féidearthacht an chealaithe theoranta dá dtagraítear in Airteagal 6, mír 1 de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 ;

(b)an úsáid lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10d, mír 4, de Threoir 2003/87/CE lena gcuirtear ar ceant iad le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d, mír 3, den Treoir sin;

leis an meánphraghas ualaithe lamháltas a cuireadh ar ceant ar an ardán ceantála coiteann ag na Ballstáit de bhun Airteagail 3d agus 10 de Threoir 2003/87/CE sa bhliain ina gcuirfí na lamháltais sin ar ceant.

(h)glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm atá cothrom le 75 % den ioncam ó dhíolacháin dheimhnithe an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bhunaítear le Rialachán (AE) 2023/956 17 ;

(i)glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm, atá le cinneadh de bhun an nós imeachta bhuiséadaigh i bhfianaise iomlán na nioncam eile go léir, ar shuim OIN na mBallstát uile.

2.Chun críoch phointí (e) agus (f) de mhír 1, déanfar an glaoráta faoi seach a thomhas de réir phraghsanna 2028 agus déanfar iad a choigeartú do phraghsanna reatha trí chur i bhfeidhm díbhoilsceoir reatha OTI don Aontas a shloinntear in euro, mar a sholáthraíonn an Coimisiún, agus a chuirtear ar fáil nuair a dhréachtaítear an dréachtbhuiséad.

3.Chun críocha mhír 1, pointe (i), beidh feidhm ag an nglaoráta aonfhoirmeach maidir le OIN gach Ballstát.

Ciallaíonn OIN dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 1, OIN bliantúil ag praghsanna an mhargaidh, de réir mar a sholáthraíonn an Coimisiún iad i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 18 , arna leasú le Rialachán (AE) 2023/734 19 , go dtí go mbeidh feidhm ag CCE athbhreithnithe. I gcás inar bunaíodh OIN i leith bliain áirithe den chéad uair i gcomhréir le CCE 2010, chun críocha na míre seo, leanfaidh CCE 2010 d’fheidhm a bheith aige.

4.Mura nglacfar buiséad an Aontais ag tús na bliana airgeadais, beidh feidhm fós ag na seanghlaorátaí aonfhoirmeacha bunaithe ar OIN go dtí go dtiocfaidh na rátaí nua i bhfeidhm.

Airteagal 4
Uasteorainneacha na nacmhainní dílse

1.Maidir le méid iomlán na nacmhainní dílse a leithdháiltear don Aontas chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach, ní sháróidh sé 1,75 % de shuim OIN na mBallstát uile.

2.Maidir le méid iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a iontráiltear i mbuiséad an Aontais, ní sháróidh sé 1,81 % de shuim OIN na mBallstát uile.

3.Coinneofar cóimheas ordúil idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí chun a áirithiú go bhfuil siad ag teacht le chéile agus chun gur féidir an uasteorainn a leagtar amach i mír 1 a urramú sna blianta ina dhiaidh sin.

4.I gcás ina mbeidh athruithe móra ar leibhéal OIN mar thoradh ar leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, go háirithe na leasuithe sin lena dtugtar isteach CCE athbhreithnithe, déanfaidh an Coimisiún na huasteorainneacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a athríomh ar bhonn na foirmle seo a leanas:

i gcás inar fíor an méid seo a leanas:

tagraíonn ‘x %’ d’uasteorainn na n‑acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí,

tagraíonn ‘y %’ d’uasteorainn na n‑acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas,

is é ‘t’ an bhliain iomlán is déanaí dá bhfuil na sonraí arna sainiú i Rialachán (AE) 2019/516 ar fáil,

is é ‘CCE’ an córas Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach.

Beidh feidhm ag na coigeartuithe ón mbliain a bhfuil OIN le bunú ina leith den chéad uair i gcomhréir le CCE athbhreithnithe. I gcás inar bunaíodh OIN i leith bliain áirithe den chéad uair i gcomhréir le CCE 2010, chun críocha na míre seo, leanfaidh CCE 2010 d’fheidhm a bheith aige.

I gcás ina mbeadh coigeartú síos in euro mar thoradh ar athríomh den sórt sin ar na huasteorainneacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, ní chuirfear torthaí an athríomha sin san áireamh chun críocha na míre seo.

Airteagal 5
Úsáid cistí a fhaightear ar iasacht ar na margaí caipitil

Ní úsáidfidh an tAontas cistí a fhaightear ar iasacht ar an margaí caipitil chun caiteachas oibríochtúil a mhaoiniú.

Airteagal 6
Iasachtaíocht urghnách chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí géarchéimeanna tromchúiseacha nó an dianchruatain nó ar bhagairt thromchúiseach ina leith le linn na tréimhse 2028-2034

1.I gcás géarchéim thromchúiseach, dianchruatan nó bagairt thromchúiseach ina leith lena ndéantar difear don Aontas nó dá Bhallstáit, féadfaidh an Chomhairle, trí bhíthin Rialacháin arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 311(4) CFAE, iasachtaíocht urghnách a ghníomhachtú chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na staide sin, agus chun na críche sin amháin.

2.Laistigh de theorainn fhoriomlán na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 7, féadfar, leis an Rialachán ón gComhairle, iasachtaíocht le haghaidh iasachtaí do na Ballstáit, ar choinníoll go dtiocfaidh na comhaontuithe iasachta faoi seach i bhfeidhm idir an 1 Eanáir 2028 agus an 31 Nollaig 2034.

3.Ní dhéanfar an nós imeachta a bhunaítear sa chéad mhír a ghníomhachtú i gcás ina dtugann cláir de chuid an Aontais aghaidh go leordhóthanach cheana féin ar iarmhairtí an cháis.

Airteagal 7
Uasmhéid iasachtaíochta urghnáiche chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí géarchéimeanna tromchúiseacha nó dianchruatain nó ar bhagairt thromchúiseach ina leith le linn na tréimhse 2028-2034

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún cistí a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na hoibríochtaí iasachtaíochta i gcomhréir le hAirteagal 224 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus in euro.

2.Suim na bpríomhshuimeanna gan íoc a fhéadfaidh a údarú don Choimisiún iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil le haghaidh an mhaoinithe sin, beidh sí teoranta don mhéid atá comhoiriúnach leis an uasteorainn a leagtar amach in Airteagal 8, i bhfianaise na héabhlóide ilbhliantúla atá tuartha do dhliteanais theagmhasacha a eascraíonn as iasachtaí a gheobhaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais.

Airteagal 8
Méadú urghnách sealadach ar uasteorainneacha na nacmhainní dílse

Na huasmhéideanna a leagtar amach in Airteagal 4, míreanna 1 agus 2, déanfar gach ceann díobh a mhéadú 0,25 % pointe céatadáin go sealadach chun dliteanais uile an Aontais a eascraíonn as an iasachtaíocht le haghaidh iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 a chumhdach, agus chuige sin amháin, go dtí go scoirfidh na dliteanais uile sin de bheith ann.

Ní úsáidfear an méadú ar uasteorainneacha na n‑acmhainní dílse chun aon dliteanas eile de chuid an Aontais a chumhdach.

Airteagal 9
Prionsabal na huilíochta

Úsáidfear an t‑ioncam dá dtagraítear in Airteagal 3 chun an caiteachas ar fad a iontráiltear i mbuiséad bliantúil an Aontais a mhaoiniú, gan idirdhealú.

Airteagal 10
Barrachas a thabhairt anonn

Déanfar aon bharrachas in ioncam an Aontais de bhreis ar an gcaiteachas iomlán iarbhír le linn bliain airgeadais a thabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais ina diaidh sin.

Airteagal 11
Acmhainní dílse a bhailiú agus a chur ar fáil don Choimisiún

1.Beidh an acmhainn dílse dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 1, pointe (b), dlite ag gach cuideachta.

2.Baileoidh na Ballstáit na hacmhainní dílse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 d’Airteagal 3 i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, leis na rialacha arna nglacadh faoi Airteagal 12 agus leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta is gá chun an bailiú a áirithiú, lena náirítear aisghabháil, bearta forfheidhmiúcháin, smachtbhannaí agus pionóis riaracháin i gcásanna neamhchomhlíonta. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha sin a ghlacadh nó a oiriúnú chun ceanglais rialacha an Aontais a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na forálacha náisiúnta ábhartha a bheidh curtha in iúl dó ag na Ballstáit, cuirfidh sé ar aghaidh chuig na Ballstáit na coigeartuithe a mheasfaidh sé a bheidh riachtanach d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad rialacha an Aontais agus tuairisceoidh sé, nuair is iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.Coinneoidh na Ballstáit, mar chostais bhailithe, 10 % de na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 1, pointe (a).

4.Cuirfidh na Ballstáit na hacmhainní dílse dá bhforáiltear in Airteagal 3, mír 1, den Chinneadh seo ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir le rialacháin arna nglacadh faoi Airteagal 322(2) CFAE. Bunófar leis na rialacháin sin freisin rialacha maidir le dliteanas na mBallstát i leith an Aontais i ndáil le bailiú agus aisghabháil na nacmhainní dílse dá dtagraítear i bpointi (a) agus (b) de mhír 1 d’Airteagal 3 ó fhéichiúnaithe custaim agus ó chuideachtaí custaim.

Airteagal 12
Bearta cur chun feidhme

Féadfaidh an Chomhairle bearta cur chun feidhme a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa cheathrú mír d’Airteagal 311 CFAE a mhéid a bhaineann leis na gnéithe seo a leanas de chóras acmhainní dílse an Aontais:

(a)an nós imeachta um ríomh an chomhardaithe bhuiséadaigh bhliantúil mar a leagtar amach in Airteagal 10;

(b)na forálacha agus na socruithe is gá chun rialú agus maoirseacht a dhéanamh ar bhailiú na nacmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 1, agus aon cheanglas tuairiscithe ábhartha;

(c)maidir leis an acmhainn dhílis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 d’Airteagal 3,

I.rialacha maidir le hoibleagáidí cuideachtaí i ndáil leis an ranníocaíocht;

II.aon riail is gá le haghaidh fheidhmiú praiticiúil bhailiú na ranníocaíochta ó na cuideachtaí ag na Ballstáit, lena náirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin, foirmeacha, ús ar riaráistí, bearta rialaithe agus aon bheart ábhartha maidir le haisghabháil, agus smachtbhannaí agus pionóis riaracháin i gcás neamhchomhlíonadh ag na cuideachtaí;

III.na rialacha maidir leis na tairseacha agus méideanna na ranníocaíochta a chomhshó in airgeadraí náisiúnta i gcás Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(d)maidir leis an acmhainn dhílis dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 d’Airteagal 3, forálacha maidir le coigeartuithe chun inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na dtorthaí a bhaineann le meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear a áirithiú.

Airteagal 13
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha

1.Faoi réir mhíreanna 2, 3 agus 4, aisghairtear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle.

Maidir le haon tagairt do Chinneadh 70/243/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle 20 , do Chinneadh 85/257/CEE, Euratom ón gComhairle 21 , do Chinneadh 88/376/CEE, Euratom ón gComhairle 22 , do Chinneadh 94/728/CE, Euratom ón gComhairle 23 do Chinneadh 2000/597/CE, Euratom ón gComhairle 24 , do Chinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle 25 , do Chinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle 26 nó do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle 27 , déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo; léifear tagairtí don Chinneadh aisghairthe i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.Leanfaidh Airteagail 2, 4 agus 5 de Chinneadh 94/728/CE, Euratom, Airteagail 2, 4 agus 5 de Chinneadh 2000/597/CE, Euratom, Airteagail 2, 4 agus 5 de Chinneadh 2007/436/CE, Euratom agus Airteagail 2, 4, agus 5 de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom agus Airteagal 2 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle d’fheidhm a bheith acu maidir le ríomh agus coigeartú ioncam a fhabhraíonn ón nglaoráta a chur i bhfeidhm ar bhonn CBL a chinnfear ar bhealach aonfhoirmeach agus a theorannófar ag idir 50 % agus 55 % de OTN nó OIN gach Ballstáit, ag brath ar an mbliain ábhartha.

3.Leanfaidh Airteagail 5, 6 agus Airteagal 9(4) go (9) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle d’fheidhm a bheith acu chun críoch na modhanna urghnácha sealadacha breise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19.

4.Is é CCE 2010 a bheidh sa Chóras Eorpach Cuntas Náisiúnta agus Réigiúnach dá dtagraítear i mír 3 d’Airteagal 2 de Chinneadh 2020/2053 ón gComhairle.

5.Leanfaidh na Ballstáit de 10 % de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a choinneáil, mar chostais bhailithe, méideanna ar cheart a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit roimh an 28 Feabhra 2001 i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais.

6.Leanfaidh na Ballstáit de 25 % de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a choinneáil, mar chostais bhailithe, méideanna ar cheart a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit idir an 1 Márta 2001 agus an 28 Feabhra 2014 i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais.

7.Leanfaidh na Ballstáit de 20 % de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a choinneáil, mar chostais bhailithe, méideanna ar cheart a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit idir an 1 Márta 2014 agus an 28 Feabhra 2021 i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais.

8.Leanfaidh na Ballstáit de 25 % de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a choinneáil, mar chostais bhailithe, méideanna ar cheart a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit idir an 1 Márta 2021 agus an 29 Feabhra 2028 i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais.

9.Sa tréimhse idir an [1 Samhain 2026] agus an 31 Nollaig 2027, de mhaolú ar Airteagal 9, mír 3 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 10, pointe b, de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, ní chuirfear ar fáil méideanna acmhainní dílse traidisiúnta a bhaineann le scaoileadh earraí a dhíoltar i gciandíolacháin a láimhseáil i saorchúrsaíocht agus ní bheidh feidhm ag na rialacha a bhaineann le rialuithe, maoirseacht agus tuairisciú maidir leis na méideanna sin.

10.Chun críocha an Chinnidh seo, sloinnfear gach méid airgid i bhfoirm euro.

Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm

Tabharfaidh Ardrúnaí na Comhairle fógra do na Ballstáit maidir leis an gCinneadh seo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill d’Ardrúnaí na Comhairle faoi chur i gcrích na nósanna imeachta maidir leis an gCinneadh seo a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis an ceann deiridh de na fógraí dá dtagraítear sa dara mír a fháil.

Beidh feidhm aige ón [1 Eanáir 2028 ar aghaidh].

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3, mír 1, pointe (b), ón 1 Eanáir den chéad bhliain féilire i ndiaidh na bliana inar tháinig an Cinneadh seo i bhfeidhm.

Airteagal 15
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433I, 22.12.2020, lgh. 28).
(2)    IO C , , lch. .
(3)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28).
(4)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(5)

   Rialachán (AE) 2023/956/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52).

(6)    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).
(7)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024).
(8)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus maidir le tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(9)    Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).
(10)    Treoir [XX] ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe agus ar tháirgí a bhaineann le tobac (athmhúnlú).
(11)    Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (athmhúnlú) (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).
(12)    Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE, (IO L, 2025/40, 22.1.2025).
(13)    Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (athmhúnlú) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
(14)    Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 an 29 Bealtaine 1989 maidir le comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 155, 7.6.1989, lch. 9).
(15)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(16)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(17)    Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52).
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).
(19)    Rialachán (AE) 2023/734 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach, agus lena n-aisghairtear 11 ghníomh dlí i réimse na gcuntas náisiúnta (IO L 97, 5.4.2023, lch 1).
(20)    Cinneadh 70/243/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 21 Aibreán 1970 maidir le hacmhainní dílse na gComhphobal a chur in ionad ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit (IO L 94, 28.4.1970, lch. 19).
(21)    Cinneadh 85/257/CEE, Euratom ón gComhairle an 7 Bealtaine 1985 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal (IO L 128, 14.5.1985, lch. 15).
(22)    Cinneadh 88/376/CEE, Euratom ón gComhairle an 24 Meitheamh 1988 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal (IO L 185, 15.7.1988, lch. 24).
(23)    Cinneadh 94/728/CE, Euratom ón gComhairle an 31 Deireadh Fómhair 1994 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 293, 12.11.1994, lch. 9).
(24)    Cinneadh 2000/597/CE, Euratom ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2000 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 253, 7.10.2000, lch. 42).
(25)    Cinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 163, 23.6.2007, lch. 17).
(26)    Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).
(27)    Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 574 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053








IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle

An Cinneadh seo

Airteagal 1

Airteagal 1

-

Airteagal 2

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 3(1)(a)

-

Airteagal 3(1)(b)

Airteagal 2(1)(b)

Airteagal 3(1)(c)

-

Airteagal 3(1)(d)

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 3(1)(e)

-

Airteagal 3(1)(f)

-

Airteagal 3(1)(g)

-

Airteagal 3(1)(h)

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 3(1)(i)

-

Airteagal 3(2)

-

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(2), fomhír 1

Airteagal 2(7) go (9)

Airteagal 2(2), fomhír 2

Airteagal 3(1)(e)

Airteagal 2(2), fomhír 3

-

Airteagal 2(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(4)

_

Airteagal 2(5)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

_

Airteagal 6

_

Airteagal 7

_

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 13(3)

Airteagal 6

Airteagal 13(3)

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

_

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 9(4) go (9)

Airteagal 13(3)

Airteagal 10 (a) agus (b)

Airteagal 12 (a) agus (b)

-

Airteagal 12 (c) agus (d)

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15