An Bhruiséil,23.9.2025

COM(2025) 567 final

2023/0373(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh na Comhairle i ndáil le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú


2023/0373 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh na Comhairle i ndáil le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú

1.Cúlra

An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2023) 645 final – 2023/0373 COD):

An 16 Deireadh Fómhair 2023

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

An 14 Feabhra 2024

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 23 Aibreán 2024

An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:

Ní bhaineann le hábhar

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

An 22 Meán Fómhair 2025

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Is é is cuspóir don togra a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí a láimhseálann millíní plaisteacha na bearta réamhchúraim is gá chun caillteanais sa chomhshaol a chosc, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le truailliú micreaphlaisteach a laghdú. Chuige sin, leagtar amach sa togra seo na ceanglais maidir le dea-chleachtais láimhseála, deimhniú sainordaitheach agus féindearbhú, agus déantar foráil ann maidir le modheolaíocht chomhchuibhithe chun caillteanais a mheas.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Leis an seasamh ón gComhairle mar a glacadh é ar an gcéad léamh, léirítear go hiomlán an comhaontú polaitiúil sealadach ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 9 Aibreán 2025. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin agus leagtar amach a phríomhphointí thíos.

·Sprioc mhianaidhme maidir le caillteanas nialasach millíní plaisteacha: Chomhaontaigh na comhreachtóirí tagairt a thabhairt isteach don sprioc maidir le caillteanas nialasach millíní plaisteacha in Airteagal 1(1) agus in Aithris 13 araon, toisc gur léiríodh go soiléir an cineál mianaidhme sa teanga.

·Deimhniú cuideachtaí beaga a láimhseálann millíní os cionn tairseach áirithe: Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú bunaithe ar dheimhniú aonuaire amháin, 60 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, gan aon oibleagáid maidir le hathnuachan. Ina theannta sin, chomhaontaigh siad tairseach na millíní a láimhseálann cuideachtaí in aghaidh na bliana a mhéadú ó 1 000 tona a moladh ar dtús go 1 500 tona. I dteannta a chéile, áiritheofar leis an dá fhoráil sin fós go mbeidh córas níos éadroime ann le haghaidh cuideachtaí beaga agus laghdófar an líon cuideachtaí atá faoi réir deimhniú tríú páirtí.

·Oibleagáidí maidir le millíní plaisteacha a iompar ar muir: Chomhaontaigh na comhreachtóirí forálacha a thabhairt isteach lena bhforchuirtear oibleagáidí ar ghníomhaithe a bhfuil baint acu le hiompar millíní ar muir i gcoimeádáin lasta. Tá na forálacha sin bunaithe den chuid is mó ar na moltaí a d’fhormheas an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta in 2024 maidir leis an ábhar céanna agus is é is aidhm dóibh na moltaí sin a dhéanamh ceangailteach ó thaobh dlí laistigh den Aontas.

·Cúnamh ó na Ballstáit do pháirtithe leasmhara: Chomhaontaigh na comhreachtóirí béim níos mó a chur ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) trí thagairt a chur isteach do ‘dheimhniú cuideachtaí beaga’ faoin bpointe maidir le tacaíocht airgeadais ó na Ballstáit.

·Faisnéis a sholáthar i bhfoirm phicteagraim: Chomhaontaigh na comhreachtóirí oibleagáid a thabhairt isteach le haghaidh monaróirí, allmhaireoirí, úsáideoirí iartheachtacha, agus dáileoirí a chuireann millíní plaisteacha ar an margadh faisnéis a sholáthar i bhfoirm phicteagraim agus ráitis. Soiléirítear sa téacs a comhaontaíodh go bhféadfaidh iad siúd ar a ndírítear an oibleagáid í a chomhlíonadh agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn XVII, iontráil 78, de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (Rialachán REACH) á soláthar acu.

·An deis do na Ballstáit ceadanna agus Córais Bainistithe Comhshaoil a úsáid, seachas féindearbhú nó deimhniú: Chomhaontaigh na comhreachtóirí, i gcomhréir leis an sainordú ón gComhairle, forálacha a chur isteach lena gceadaítear do na Ballstáit ceadanna agus Córais Bainistithe Comhshaoil fíoraithe a úsáid in ionad féindearbhú, deimhniú nó scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil, mar shampla luachmhar den simpliú lenar féidir an leibhéal céanna comhlíontachta a bhaint amach an tráth céanna.

·Teagmhais agus timpistí: Chomhaontaigh na comhreachtóirí forálacha breise a chur isteach in Airteagal 9(1) chun (i) seirbhísí éigeandála a chur ar an eolas láithreach i gcás inarb ábhartha; (ii) na bearta uile is féidir a dhéanamh láithreach chun an damáiste a theorannú; agus (iii) faisnéis a sholáthar, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an teagmhais, maidir leis na cainníochtaí measta a cailleadh, na cúiseanna leis an gcaillteanas agus na bearta a rinneadh.

·Oibleagáidí le haghaidh iompróirí: Chomhaontaigh na comhreachtóirí na hoibleagáidí a moladh ar dtús le haghaidh iompróirí de chuid an Aontais amháin a leathnú chuig iompróirí neamh-AE, is iad sin oiliúint foirne agus coimeád taifead maidir le cainníochtaí measta caillteanas agus cainníochtaí iomlána millíní plaisteacha a láimhseáiltear. Dá réir sin, chomhaontaigh siad oibleagáid bhreise a thabhairt isteach le haghaidh na niompróirí neamh-AE ionadaí údaraithe a cheapadh chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin a áirithiú agus an oibleagáid le haghaidh na niompróirí uile taifid a choimeád ar ghníomhaíochtaí a dhéantar a scriosadh.

·Dátaí cur i bhfeidhm: Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le tréimhse 24 mhí chun go mbeidh an chuid is mó d’fhorálacha an Rialacháin infheidhme tar éis a theacht i bhfeidhm, agus tréimhse fhadaithe 36 mhí le haghaidh na bhforálacha a bhaineann le muiriompar millíní plaisteacha.

4.Conclúid

Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.