AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.9.2025
COM(2025) 564 final
2025/0305(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhlacht Rialaithe an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a mhéid a bhaineann le tograí áirithe arna gcur isteach lena nglacadh le linn an 11ú seisiún
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
|
Is togra é seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis an leasú ar an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA) – ‘an Conradh’- ag an 11ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe den Chonradh a bheidh ar siúl ón 24 Samhain go dtí an 29 Samhain 2025.
Tháinig an Conradh i bhfeidhm in 2004. Is é is aidhm dó slándáil bia a ráthú trí chaomhnú, malartú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha plandaí an domhain do bhia agus don talmhaíocht, chomh maith le comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as a n‑úsáid. Is é an Comhlacht Rialaithe an t‑orgán is airde sa Chonradh. Tá sé comhdhéanta de na Páirtithe Conarthacha uile sa Chonradh. Tá an tAontas agus gach Ballstát de ina bPáirtithe Conarthacha sa Chonradh. Tá sé de cheart ag Comhlacht Rialaithe an Chonartha leasuithe ar an gConradh agus ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis a ghlacadh. Tiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm tar éis do dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha iad a dhaingniú, glacadh leo nó iad a fhormheas.
Faoin gConradh, bunaíodh Córas Iltaobhach maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí le haghaidh 64 cinn de na barra bia agus foráiste is tábhachtaí atá riachtanach don tslándáil bia agus don idirspleáchas (a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh). Rialaítear malartú acmhainní géiniteacha plandaí le Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar , lena sainítear cearta agus oibleagáidí sholáthraí agus fhaighteoir an ábhair. Bunaíodh Ciste um Chomhroinnt Tairbhí mar shásra chun na hacmhainní airgeadais a fhabhraíonn ón gCóras Iltaobhach a fháil agus a úsáid chun tionscadail i dtíortha i mbéal forbartha a mhaoiniú.
Tá caibidlíocht fós ar siúl i gcreat an Chonartha ó bhí 2013 ann maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCóras Iltaobhach, d’fhonn sreabhadh ioncaim úsáideoir-bhunaithe chuig an gCiste um Chomhroinnt Tairbhí a mhéadú. Tá an chaibidlíocht curtha chun cinn ag an ‘Meitheal Oscailte Ad Hoc chun Feidhmiú an Chórais Iltaobhaigh a Fheabhsú’ arna bhunú ag an gComhlacht Rialaithe in 2013. Cuireadh síneadh lena shainordú in 2015 agus in 2017, agus athbhunaíodh é in 2022. Reáchtáladh a 14ú cruinniú, arb é a chruinniú deireanach é, idir an 7-11 Iúil 2025. Mar thoradh ar a chuid oibre, rinneadh pacáiste beart a mheas lena ghlacadh ag an 11ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe i mí na Samhna 2025. Áirítear leis an bpacáiste an méid seo a leanas:
1.Síneadh a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, d’fhonn níos mó acmhainní géiniteacha plandaí a chur ar fáil laistigh den Chóras Iltaobhach.
2.An t‑athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, agus é mar chuspóir leis a théarmaí a dhéanamh níos éifeachtaí, agus cothromaíocht leasanna soláthraithe agus faighteoirí acmhainní géiniteacha plandaí á n‑urramú an tráth céanna.
3.Rún atá le gabháil leis an leasú ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na hionchais maidir le comhroinnt tairbhí airgeadaíochta ó úsáid ‘faisnéis faoi sheichimh dhigiteacha’. Ní chumhdaítear coincheap na Faisnéise faoi Sheichimh Dhigiteacha (i.e. seichimh ghéanóm plandaí a bhféadfadh saintréithe nó tréithe éagsúla a bheith i gceist leo, agus atá ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile mar uirlisí taighde agus pórúcháin) faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Chaighdeánaigh maidir le hAistriú Ábhar toisc go bhfuil pléití ar siúl maidir le céard go díreach a chumhdaítear leis. Tá deacracht ann, mar shampla, a thionscnamh nó a rannchuidiú le táirge nua a rianú agus, dá bhrí sin, an leas atá le baint óna úsáid a ríomh.
D’fhéadfadh sé go gcuirfear an chaibidlíocht sin i gcrích ag an 11ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe a bheidh ar siúl i mí na Samhna 2025. Leagtar amach sa Chinneadh seo seasamh an Aontais i ndáil le síneadh a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar.
Is é seasamh an Aontais síneadh a chur le hIarscríbhinn I a mhéid is féidir agus gur cheart gnéithe eile den phacáiste a bheith coinníollach ar an síneadh sin. Bheadh éifeachtaí dlíthiúla ag leathnú Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus ag an athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, a luaithe a thiocfadh siad i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá gá le húdarú ón gComhairle chun teacht ar chomhaontú maidir le toradh na caibidlíochta sin má tá an toradh i gcomhréir le seasamh an Aontais.
Leis an gCinneadh seo, ba cheart Cinneadh 12102/22 ón gComhairle roimhe seo, cinneadh a ghlac an Chomhairle roimh an 9ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe in 2022, a aisghairm freisin, ós rud é nach gcumhdaítear leis ach síneadh a chur le hIarscríbhinn I ach nach gcumhdaítear leis na gnéithe eile atá le plé ag an 11ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe atá ar na bacáin.
|
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an gConradh, cuirtear creat domhanda atá ceangailteach ó thaobh dlí ar fáil maidir le caomhnú inbhuanaithe acmhainní géiniteacha plandaí do bhia agus don talmhaíocht agus córas iltaobhach faoina bhfuil rochtain ag gach páirtí sa Chonradh ní hamháin ar na hacmhainní sin, ach lena bhféadfaidh siad na tairbhí a eascraíonn as a n‑úsáid a chomhroinnt freisin. Is é is aidhm don togra feidhmiú an Chonartha a fheabhsú agus, dá bhrí sin, tá sé comhsheasmhach agus tacúil le beartais an Aontais i réimsí na talmhaíochta agus an chomhshaoil.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is é is aidhm don togra seo tacú le comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as acmhainní géiniteacha plandaí a úsáid do bhia agus don talmhaíocht faoi chuimsiú an Chonartha. Ós rud é go n‑úsáidtear na sochair a fhabhraítear chun tionscadail i dtíortha i mbéal forbartha a chistiú, tá an togra seo comhsheasmhach agus tacaíonn sé le beartas comhpháirtíochta agus forbartha idirnáisiúnta an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), déantar foráil maidir leis an gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, a bheith ag glacadh cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú.
Áirítear ar an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
Is comhlacht é an Comhlacht Rialaithe a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Conradh a ghlacadh ag Comhdháil FAO an 3 Samhain 2001 agus a tháinig i bhfeidhm an 29 Meitheamh 2004.
Tá an tAontas agus a Ballstáit de ina bPáirtithe Conarthacha sa Chonradh.
Is é atá sa ghníomh atá beartaithe agus a iarrtar ar gComhlacht Rialaithe a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 12.4, Airteagal 23 agus Airteagal 24.2 den Chonradh.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chonartha ná ní leasaítear é.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí á saothrú leis san am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan ceann amháin a bheith teagmhasach leis an gceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí áirithe a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
Saothraítear cuspóirí leis an ngníomh atá beartaithe agus tá comhpháirteanna ann a thagann faoi réimsí na talmhaíochta agus chosaint an chomhshaoil. Tá na cuspóirí agus na comhchodanna i ndlúthnasc doscartha le chéile gan ceann amháin a bheith teagmhasach le hais an ceann eile.
Dá bhrí sin, is iad Airteagal 43(2) agus Airteagal 192(1) de CFAE bunúis dlí shubstainteacha an chinneadh atáthar a bheartú.
Ba cheart Airteagal 43(2) agus Airteagal 192(1) de CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de CFAE, a bheith ina mbunúis dlí don chinneadh atáthar a bheartú.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Neamhbhainteach
•Comhréireacht
Neamhbhainteach
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE, is í an ionstraim a roghnaíodh an t‑aon ionstraim amháin is féidir a úsáid chun cuspóir an togra seo a bhaint amach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Féach thíos.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá an togra bunaithe ar an téacs caibidlíochta a mheasfar lena ghlacadh ag an 11ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe i mí na Samhna 2025. Ba í an ‘Mheitheal Oscailte Ad Hoc chun Feidhmiú an Chórais Iltaobhaigh a Fheabhsú’ arna bhunú ag Comhlacht Rialaithe an Chonartha a d’ullmhaigh an téacs. Bhí próiseas atriallach mar chuid d’obair an Ghrúpa sin, inar cuireadh téacs ar fáil i gcruinnithe den Ghrúpa, inar cuireadh ar fáil go poiblí é agus ina ndearnadh athruithe air ar bhonn barúlacha. Bhí deis ag saineolaithe agus páirtithe leasmhara ó gach tír is Páirtithe Conarthacha sa Chonradh páirt a ghlacadh sa phróiseas sin.
•Measúnú tionchair
Neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Níl tionchar ag an togra ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Neamhbhainteach
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
In Airteagal 1, mínítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcaibidlíocht le linn an 11ú seisiún (nó seisiúin ina dhiaidh sin) de Chomhlacht Rialaithe an Chonartha a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus le Comhaontú Caighdeánach athbhreithnithe maidir le hAistriú Ábhar a ghlacadh.
In Airteagal 2, mínítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais imeacht ó ábhar an Chinnidh seo ón gComhairle.
Le hAirteagal 3, aisghairtear an Cinneadh roimhe seo ón gComhairle maidir leis an ábhar céanna.
In Airteagal 4, leagtar síos dáta éaga an Chinnidh seo ón gComhairle.
In Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, tugtar tuilleadh sonraí maidir leis an seasamh a luaitear faoi Airteagal 1.
In Iarscríbhinn III, tugtar tuilleadh sonraí maidir leis na coinníollacha a luaitear faoi Airteagal 2.
2025/0305 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhlacht Rialaithe an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a mhéid a bhaineann le tograí áirithe arna gcur isteach lena nglacadh le linn an 11ú seisiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tugadh an Conradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (‘an Conradh’) i gcrích thar ceann an Aontais trí bhíthin Chinneadh 2004/869/CE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 29 Meitheamh 2004.
(2)De bhun Airteagal 23 agus Airteagal 24.2 den Chonradh, tá sé de cheart ag an gComhlacht Rialaithe arna bhunú leis an gConradh (‘an Comhlacht Rialaithe’) leasuithe ar an gConradh agus ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis a ghlacadh.
(3)Le linn an 11ú seisiún a bheidh aige ón 24 go dtí an 29 Samhain 2025, déanfaidh an Comhlacht Rialaithe cinneadh i ndáil le togra le haghaidh leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh a scrúdú agus d’fhéadfadh sé go nglacfadh sé é, arb é is aidhm dó acmhainní géiniteacha plandaí eile do bhia agus don talmhaíocht a chumhdach, seachas iad siúd atá san Iarscríbhinn sin faoi láthair. Tá na hacmhainní géiniteacha plandaí a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh cumhdaithe ag an gcóras iltaobhach maidir le rochtain agus comhroinnt sochar (‘an Córas Iltaobhach’), córas a bunaíodh faoin gConradh sin.
(4)Déanfaidh an Comhlacht Rialaithe scrúdú ar an togra le haghaidh leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh laistigh de phacáiste beart lena n‑áireofar freisin togra le haghaidh athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar , an conradh caighdeánach lena rialaítear malartú ábhair faoin gCóras Iltaobhach.
(5)Ba í an Mheitheal Oscailte Ad Hoc chun Feidhmiú an Chórais Iltaobhaigh a Fheabhsú arna bhunú ag Comhlacht Rialaithe an Chonartha chun na críche sin a d’ullmhaigh an pacáiste beart sin. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, toisc go meastar go rannchuideoidh siad sin le príomhchuspóirí an Chonartha a bhaint amach.
(6)Beidh an cinneadh ón gComhlacht Rialaithe maidir leis na leasuithe ar an Iarscríbhinn chun acmhainní géiniteacha plandaí breise le haghaidh bia agus talmhaíochta a chumhdach agus an t‑athbhreithniú ar gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar ceangailteach ar an Aontas a luaithe a ghlacfar leis, agus a luaithe a bheidh sé daingnithe, glactha nó ceadaithe ag dá thrian de na Páirtithe Conarthacha. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhlacht Rialaithe ag an 11ú seisiún dá chuid a bhunú, nó ag aon seisiún ina dhiaidh sin a bheidh ar siúl le linn thréimhse bhailíochta an Chinnidh seo, mura dtiocfar ar chomhaontú ag an 11ú seisiún dá chuid.
(7)Ní bheadh aon athrú ar dhlí an Aontais de dhíth leis na leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar.
(8)Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta le linn an 11ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe, nó in aon seisiún ina dhiaidh sin mura dtiocfar ar chomhaontú ag an aonú seisiún déag seo, ba cheart a údarú don Aontas teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar an gCinneadh seo a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh atá le glacadh ag an gComhlacht Rialaithe maidir leis na leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, agus maidir leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, ar choinníoll nach n‑athróidh na hathruithe sin substaint an Chinnidh seo.
(9)Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse theoranta ama, agus ina dhiaidh sin, i gcás nár glacadh an leasú ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gConradh agus an t‑athbhreithniú ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Chinnidh seo agus a mholadh cibé acu a chuirfear síneadh lena chur i bhfeidhm nó nach gcuirfear nó a dhéanfar é a leasú nó a aisghairm ar bhealach eile nó nach ndéanfar.
(10)Cinneadh 12102/22 ón gComhairle roimhe seo lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhlacht Rialaithe an Chonartha, ba cheart é a aisghairm, ós rud é nach léirítear ann na forbairtí sa Mheitheal Oscailte Ad Hoc chun Feidhmiú an Chórais Iltaobhaigh a Fheabhsú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 11ú seisiún de Chomhlacht Rialaithe an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (‘an Conradh’) a thionólfar ón 24 go dtí an 29 Samhain 2025, nó in aon seisiún ina dhiaidh sin mura dtagtar ar chomhaontú ag an 11ú seisiún, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh sin a bhaineann le leathnú an chumhdaigh faoin gCóras Iltaobhach Rochtana agus Comhroinnte Tairbhí agus le Comhaontú Caighdeánach athbhreithnithe maidir le hAistriú Ábhar a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtleasú ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus ar an dréacht‑Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar athbhreithnithe a leagtar amach faoi seach in Iarscríbhinní I agus II.
2.Beidh córas na n‑íocaíochtaí éigeantacha arna bhunú leis an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar athbhreithnithe faoi réir coinníollacha a bhaineann le teacht i bhfeidhm an leasaithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.
Airteagal 2
I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 le faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a chuirfear isteach roimh an 11ú seisiún den Chomhlacht Rialaithe nó lena linn, nó in aon seisiún ina dhiaidh sin mura dtiocfar ar chomhaontú ag an 11ú seisiún, nó i gcás inar gá don Aontas dul i mbun tuilleadh caibidlíochta ag an seisiún sin, féadfaidh seasamh an Aontais a bheith faoi réir mionathruithe teicniúla a bheidh le comhaontú ar an láthair, agus na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn III á n‑urramú.
Airteagal 3
Aisghairtear Cinneadh 12102/22 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhlacht Rialaithe an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh sin.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Airteagal 5
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2029.
Airteagal 6
Is chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
[...]
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.9.2025
COM(2025) 564 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
gCINNEADH ón gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhlacht Rialaithe an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a mhéid a bhaineann le tograí áirithe arna gcur isteach lena nglacadh le linn an 11ú seisiún
Iarscríbhinn II
DRÉACHT‑CHOMHAONTÚ CAIGHDEÁNACH ATHBHREITHNITHE MAIDIR LE hAISTRIÚ ÁBHAR
1.COMHAONTÚ CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE hAISTRIÚ ÁBHAR
BROLLACH
DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS
Tugadh an Conradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (dá ngairtear ‘an Conradh’ anseo feasta) i gcrích ag an 31ú seisiún de Chomhdháil Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) an 3 Samhain 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 29 Meitheamh 2004;
Is iad cuspóirí an Chonartha caomhnú agus úsáid inbhuanaithe Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht agus comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as a n‑úsáid, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, le haghaidh talmhaíocht inbhuanaithe agus slándáil bia;
Tá Córas Iltaobhach bunaithe ag na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh, agus a gcearta ceannasacha ar a nAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht á bhfeidhmiú acu, chun rochtain ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a éascú agus chun na tairbhí a eascraíonn as úsáid na n‑acmhainní sin a chomhroinnt ar bhealach cóir cothromasach, ar bhonn comhlántach a threisíonn a chéile;
Tugtar aird ar Airteagail 4, 11, 12.4 agus 12.5 den Chonradh;
Aithnítear éagsúlacht chórais dlí na bPáirtithe Conarthacha maidir lena rialacha nós imeachta náisiúnta lena rialaítear rochtain ar chúirteanna agus ar eadráin, agus na hoibleagáidí a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus réigiúnacha is infheidhme maidir leis na rialacha nós imeachta sin;
Foráiltear le hAirteagal 12.4 den Chonradh go soláthrófar rochtain éascaithe faoin gCóras Iltaobhach de bhun Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, agus ghlac Comhlacht Rialaithe an Chonartha, i Rún 1/2006 uaidh an 16 Meitheamh 2006, an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, agus chinn sé é a leasú i Rún [XX]/2025 an [XX] Samhain 2025.
AIRTEAGAL 1 - PÁIRTITHE SA CHOMHAONTÚ
1.1 Is é an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar (dá ngairtear ‘an Comhaontú seo’ anseo feasta) an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar dá dtagraítear in Airteagal 12.4 den Chonradh.
1.2 Déantar an Comhaontú seo:
IDIR: (ainm agus seoladh an tsoláthraí nó na hinstitiúide is soláthraí, ainm an oifigigh údaraithe, faisnéis teagmhála don oifigeach údaraithe*) (dá ngairtear ‘an Soláthraí’ anseo feasta),
AGUS: (ainm agus seoladh an tsoláthraí nó na hinstitiúide is faighteoir, ainm an oifigigh údaraithe, faisnéis teagmhála don oifigeach údaraithe*) (dá ngairtear ‘an Faighteoir’ anseo feasta).
1.3 Comhaontaíonn na Páirtithe sa Chomhaontú seo mar a leanas:
AIRTEAGAL 2 – SAINMHÍNITHE
Sa Chomhaontú seo beidh an bhrí seo a leanas leis na tagairtí a leagtar amach thíos:
‘Cleamhnaí’: bíonn comhlacht corparáideach amháin cleamhnaithe le comhlacht corparáideach eile más fochuideachta don chomhlacht eile ceann acu, nó más fochuideachtaí den chomhlacht corparáideach céanna iad araon, nó má tá gach ceann acu á rialú ag an duine dlítheanach céanna.
‘Ar fáil gan srian’: meastar go bhfuil Táirge ar fáil gan srian do dhaoine eile le haghaidh tuilleadh taighde agus pórúcháin nuair atá sé ar fáil le haghaidh taighde agus pórúcháin gan aon oibleagáidí dlíthiúla ná conarthacha, ná srianta teicneolaíochta, a choiscfí a úsáid ar an mbealach a shonraítear sa Chonradh.
Ciallaíonn ‘tráchtálaigh’ Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a chur ar fáil ar chomaoin airgid ar an margadh oscailte, agus tá bhrí chomhchosúil ag ‘tráchtálú’. Ní áireofar le tráchtálú aon chineál aistrithe Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á Fhorbairt, ná ní áireofar díol tráchtearraí léi.
Ciallaíonn ‘ábhar géiniteach’ aon ábhar de bhunadh plandúil, lena n‑áirítear ábhar iomadaithe atáirgthe agus fásúil, ina bhfuil aonaid fheidhmiúla oidhreachtúlachta.
Ciallaíonn ‘Comhlacht Rialaithe’ Comhlacht Rialaithe an Chonartha.
Ciallaíonn ‘Córas Iltaobhach’ an Córas Iltaobhach arna bhunú faoi Airteagal 10.2 den Chonradh.
Ciallaíonn ‘Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht’ aon ábhar géiniteach de bhunadh plandúil a bhfuil luach iarbhír nó féideartha aige do bhia agus don talmhaíocht.
Ciallaíonn “Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á bhForbairt” ábhar a dhíorthaítear ón Ábhar, agus atá éagsúil leis dá bhrí sin, nach bhfuil réidh fós le haghaidh tráchtálaithe agus a bhfuil sé beartaithe ag an bhforbróir tuilleadh forbartha a dhéanamh air nó é a aistriú chuig duine nó eintiteas eile le haghaidh tuilleadh forbartha. Measfar deireadh a bheith tagtha leis an tréimhse forbartha le haghaidh na nAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á bhForbairt nuair a dhéantar na hacmhainní sin a thráchtálú mar Tháirge.
Ciallaíonn ‘Táirge’ Acmhainn Ghéiniteach Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht ina n‑ionchorpraítear an tÁbhar nó aon cheann dá pháirteanna géiniteacha nó dá chodanna géiniteacha atá réidh le haghaidh tráchtálaithe, seachas tráchtearraí agus táirgí eile a úsáidtear le haghaidh bia, beatha nó próiseáilte.
Ciallaíonn ‘Díolacháin’ an t‑ollioncam a fhaigheann an Faighteoir agus a chuid cleamhnaithe ó thráchtálú agus i bhfoirm táillí ceadúnais le haghaidh Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht.
Ciallaíonn ‘Tréith a bhfuil luach tráchtála aici’ aon tréith oidhreachta agus intomhaiste a thugann luach mór tráchtála do bhia agus don talmhaíocht do Tháirge, lena n‑áirítear tréithe agranamaíocha, tréithe a thugann frithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheacha nó aibitheacha, tréithe a fheabhsaíonn luach cothaitheach nó próiseála tráchtearraí buainte, agus aon tréith eile a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar Tháirge chun tráchtálú an táirge a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 3 - ÁBHAR AN CHOMHAONTAITHE
Leis seo, déantar na hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo (dá ngairtear ‘an tÁbhar’ anseo feasta) agus an fhaisnéis ghaolmhar atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 5b agus in Iarscríbhinn 1 a aistriú ón Soláthraí chuig an bhFaighteoir faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 4 - FORÁLACHA GINEARÁLTA
4.1 Déantar an Comhaontú seo faoi chuimsiú an Chórais Iltaobhaigh agus déanfar é a chur chun feidhme agus a léirmhíniú i gcomhréir le cuspóirí agus forálacha an Chonartha.
4.2 Aithníonn na páirtithe go bhfuil siad faoi réir na mbeart agus na nósanna imeachta dlíthiúla is infheidhme, a ghlac na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh, i gcomhréir leis an gConradh, go háirithe na cinn a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 12.2 agus Airteagal 12.5 den Chonradh.
4.3 Comhaontaíonn na páirtithe sa Chomhaontú seo gurb í Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, ag gníomhú di thar ceann Chomhlacht Rialaithe an Chonartha agus a Chórais Iltaobhaigh, an tairbhí tríú páirtí faoin gComhaontú seo.
4.4 Tá sé de cheart ag an tairbhí tríú páirtí an fhaisnéis iomchuí a iarraidh mar a cheanglaítear in Airteagal 5e, Airteagal 6.5c agus Airteagal 8.3, Iarscríbhinn 2, Airteagal 3.6 agus Iarscríbhinn 4, Mír 7 a ghabhann leis an gComhaontú seo.
4.5 Ní chuireann na cearta a dheonaítear d’Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe thuas cosc ar na páirtithe sa Chomhaontú seo a gcearta a fheidhmiú faoin gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 5 - CEARTA AN tSOLÁTHRAÍ AGUS NA hOIBLEAGÁIDÍ ATÁ AIR
Geallann an Soláthraí go n‑aistrítear an tÁbhar i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas den Chonradh:
(a) Tabharfar rochtain go gasta, gan gá le haontachais ar leithligh a rianú agus saor in aisce, nó, nuair a ghearrfar táille, ní rachaidh sí thar an gcostas íosta a bheidh i gceist;
(b) Déanfar na sonraí pas uile atá ar fáil agus, faoi réir an dlí is infheidhme, aon fhaisnéis thuairisciúil neamhrúnda eile atá ar fáil, a chur ar fáil leis na hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a sholáthrófar;
c) Is faoi rogha a fhorbróra a bheidh rochtain ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á bhForbairt, lena n‑áirítear ábhar atá á fhorbairt ag feirmeoirí, le linn a fhorbartha;
d) An rochtain ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá faoi chosaint le cearta maoine intleachtúla agus le cearta maoine eile, beidh sí ar comhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, agus leis na dlíthe náisiúnta ábhartha;
e) Cuirfidh an Soláthraí in iúl don Chomhlacht Rialaithe, trína Rúnaí, uair amháin ar a laghad gach 2 bhliain féilire, nó laistigh d’eatramh a chinnfidh an Comhlacht Rialaithe ó am go ham, faoi na Comhaontuithe maidir le hAistriú Ábhar a rinneadh,
ar na bealaí seo a leanas:
Rogha A: Cóip den Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar comhlánaithe a tharchur,
nó
Rogha B: I gcás nach dtarchuirfear cóip den Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar,
i. a áirithiú go bhfuil an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar comhlánaithe ar fáil don tairbhí tríú páirtí de réir mar is gá agus nuair is gá;
ii. a lua cá bhfuil an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar atá i gceist stóráilte, agus conas is féidir é a fháil; agus
iii. an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
a) An tsiombail nó an uimhir aitheantais a shann an Soláthraí don Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar;
b) Ainm agus seoladh an tSoláthraí;
c) An dáta a chomhaontaigh an Soláthraí leis an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar nó ar ghlac sé leis, agus i gcás craptha, an dáta a seoladh an loingsiú;
d) Ainm agus seoladh an Fhaighteora, agus, i gcás comhaontú crapchlúdaigh, ainm an duine ar cuireadh an loingsiú chuige;
e) Sainaithit gach aontachas in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, agus an barr lena mbaineann sé.
Cuirfidh an Rúnaí an fhaisnéis sin ar fáil don tairbhí tríú páirtí. Mura gcomhaontóidh na páirtithe sa Chomhaontú seo a mhalairt agus seachas de réir mar is gá i gcomhthéacs díospóidí a réiteach faoi Airteagal 8 den Chomhaontú seo, pléifear leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda ghnó agus ní úsáidfear í ach amháin chun tuairisciú comhiomlánaithe a fhorbairt.
AIRTEAGAL 6 - CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ AN FHAIGHTEORA
6.1 Geallann an Faighteoir nach n‑úsáidfear nó nach gcaomhnófar an tÁbhar ach amháin chun críocha taighde, pórúcháin agus oiliúna do bhia agus don talmhaíocht. Ní áireofar úsáidí ceimiceacha, cógaisíochta agus/nó úsáidí tionsclaíocha eile nach bia/beatha iad ar na críocha sin.
6.2 Ní éileoidh an Faighteoir aon mhaoin intleachtúil ná aon chearta eile a chuireann teorainn leis an rochtain éascaithe ar an Ábhar a sholáthraítear faoin gComhaontú seo, ná ar a chodanna géiniteacha nó a chomhpháirteanna géiniteacha, san fhoirm a fhaightear ón gCóras Iltaobhach.
6.3 I gcás ina gcaomhnaíonn an Faighteoir an tÁbhar arna sholáthar, cuirfidh an Faighteoir an tÁbhar, agus an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 5b, ar fáil don Chóras Iltaobhach trí úsáid a bhaint as an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar.
6.4 I gcás ina n‑aistríonn an Faighteoir an tÁbhar a sholáthraítear faoin gComhaontú seo chuig duine nó eintiteas eile (dá ngairtear ‘an faighteoir ina dhiaidh sin’ anseo feasta), déanfaidh an Faighteoir na nithe seo a leanas
a) an méid sin a dhéanamh faoi théarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe Chaighdeánaigh maidir le hAistriú Ábhar, trí Chomhaontú Caighdeánach nua maidir le hAistriú Ábhar; agus
b) fógra a thabhairt don Chomhlacht Rialaithe, de réir Airteagal 5e.
Maidir leis an méid thuas a chomhlíonadh, ní bheidh aon oibleagáidí breise ar an bhFaighteoir maidir le gníomhaíochtaí an fhaighteora ina dhiaidh sin.
6.5 I gcás ina n‑aistríonn an Faighteoir Acmhainn Ghéiniteach Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á bhForbairt chuig duine nó eintiteas eile, go dtí go mbeidh tréimhse 12 bhliain tar éis an Comhaontú seo a shíniú nó tar éis glacadh leis imithe in éag, déanfaidh an Faighteoir na nithe seo a leanas:
a) an méid sin a dhéanamh faoi théarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe Chaighdeánaigh maidir le hAistriú Ábhar, trí Chomhaontú Caighdeánach nua maidir le hAistriú Ábhar, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag Airteagal 5a den Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar;
b) an tÁbhar a fuarthas ón gCóras Iltaobhach a shainaithint in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar nua, agus a shonrú go síolraíonn na hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á n‑aistriú ón Ábhar;
c) fógra a thabhairt don Chomhlacht Rialaithe, de réir Airteagal 5e; agus
(d) ní bheidh aon oibleagáidí eile air maidir le gníomhaíochtaí aon fhaighteora ina dhiaidh sin.
Níl feidhm ag na hoibleagáidí san Airteagal 6.5 seo maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á bhForbairt, a bhfuil feidhm ag an dá choinníoll seo a leanas maidir leo:
i. tá ionchur géiniteach níos lú ná 12,5 % iontu de réir ghinealach an Ábhair agus
ii. níl tréith a bhfuil luach tráchtála aici acu, ar tréith í a tháinig as an Ábhar.
6.6 Beidh iontráil i gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar faoi mhír 6.5 gan dochar do cheart na bpáirtithe coinníollacha breise a chur i gceangal, rud a bhaineann le táirgí a fhorbairt a thuilleadh, lena n‑áirítear, de réir mar is iomchuí, cúiteamh airgid a íoc.
6.9 Cuirfidh an Faighteoir an fhaisnéis neamhrúnda uile a eascraíonn as taighde agus forbairt a dhéantar ar an Ábhar ar fáil don Chóras Iltaobhach tríd an gcóras faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Chonradh, agus moltar dó tairbhí neamhairgeadaíochta a shainaithnítear go sainráite in Airteagal 13.2 den Chonradh agus a eascraíonn as taighde agus forbairt den sórt sin a chomhroinnt tríd an gCóras Iltaobhach. Moltar don Fhaighteoir sampla d’aon Táirge ina n‑ionchorpraítear an tÁbhar a chur i mbailiúchán atá mar chuid den Chóras Iltaobhach, le haghaidh taighde, agus pórúcháin agus oiliúna.
6.10 A Faighteoir a rinne iarratas ar chearta maoine intleachtúla nó a fhaigheann cearta maoine intleachtúla ar aon Táirge a fhorbraítear ón Ábhar nó óna chodanna géiniteacha nó óna chomhpháirteanna géiniteacha, a fhaightear ón gCóras Iltaobhach, agus a shannann an cur i bhfeidhm sin nó na cearta maoine intleachtúla sin do thríú páirtí, aistreoidh sé oibleagáidí an Chomhaontaithe seo maidir le comhroinnt tairbhí chuig an tríú páirtí sin.
6.6 bis Roghnóidh an Faighteoir, tráth sínithe an Chomhaontaithe seo nó tráth a ghlactar leis, ceann amháin den dá rogha rochtana, dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo: an rogha síntiúis de bhun Airteagal 6.11 agus Iarscríbhinn 2, nó an rogha rochtana aonair de bhun Airteagal 6.7 agus Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4, ach amháin má tá síntiúis ag an bhFaighteoir cheana féin.
6.11 Chun an rogha síntiúis a roghnú, mura mbeidh suibscríbhinn ag an bhFaighteoir cheana féin, ní mór don Fhaighteoir an Fhoirm Clárúcháin atá le fáil in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gChomhaontú seo, arna líonadh isteach agus arna síniú go cuí, a chur chuig Comhlacht Rialaithe an Chonartha, trína Rúnaí (Suibscríbhinn). Beidh an tSuibscríbhinn comhlánaithe nuair a fhaightear uimhir an tSuibhscríobhaí ón Rúnaí.
6.11 bis Leagtar amach téarmaí agus coinníollacha na rogha suibscríbhinne in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú seo. Is dlúthchuid den Chomhaontú seo í Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú seo agus tuigfear aon tagairt don Chomhaontú seo, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs agus mutatis mutandis, Iarscríbhinn 2 a áireamh ann freisin.
6.11 ter Faoin rogha suibscríbhinne, ní bheidh aon oibleagáidí íocaíochta ag an bhFaighteoir maidir leis an Ábhar a fuarthas, agus aon Táirge ina n‑ionchorpraítear an tÁbhar, seachas na hoibleagáidí íocaíochta dá bhforáiltear faoin rogha suibscríbhinne, le linn thréimhse na Suibscríbhinne.
6.7 Faoin rogha rochtana aonair, má dhéanann an Faighteoir nó aon cheann dá chleamhnaithe Táirge a thráchtálú, agus i gcás nach bhfuil an Táirge sin ar fáil gan srian, beidh feidhm ag na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 4. Nuair a bheidh deireadh tagtha leis an srian, leanfaidh an Faighteoir nó aon cheann dá chleamhnaithe a dhéanann an Táirge a thráchtálúd’íocaíochtaí a dhéanamh de réir an ráta dá dtagraítear in Airteagal 6.8 thíos. Is dlúthchuid den Chomhaontú seo í Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú seo agus tuigfear aon tagairt don Chomhaontú seo, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs agus mutatis mutandis, Iarscríbhinn 4 a áireamh ann freisin.
6.8 Faoin rogha rochtana aonair, má dhéanann an Faighteoir nó aon cheann dá chleamhnaithe Táirge a thráchtálú, agus i gcás nach bhfuil an Táirge sin ar fáil gan srian, beidh feidhm ag na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 4. Is dlúthchuid den Chomhaontú seo í Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú seo agus tuigfear aon tagairt don Chomhaontú seo, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs agus mutatis mutandis, Iarscríbhinn 4 a áireamh ann freisin.
6.8 bis Déanfaidh Faighteoir a fhaigheann rochtain ar an Ábhar faoi Airteagal 6.7 nó Airteagal 6.8 a chleamhnaithe a nochtadh tráth a shínítear an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar. I gcás ina dtugtar ábhar d’aon cheann de na cleamhnaithe sin tar éis an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar a shíniú, beidh feidhm ag Airteagal 6.5 den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 7 - AN DLÍ IS INFHEIDHME
Is é a bheidh sa dlí is infheidhme Prionsabail Ghinearálta an Dlí, lena n‑áirítear Prionsabail UNIDROIT maidir le Conarthaí Tráchtála Idirnáisiúnta 2016 agus mar a thugtar cothrom le dáta iad ina dhiaidh sin, cuspóirí agus forálacha ábhartha an Chonartha, agus, nuair is gá chun léiriú a dhéanamh, cinntí an Chomhlachta Rialaithe.
AIRTEAGAL 8 – RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
8.1 Féadfaidh an Soláthraí nó an Faighteoir nó an tairbhí tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann Chomhlacht Rialaithe an Chonartha agus a Chórais Iltaobhaigh réiteach díospóidí a thionscnamh.
8.2 Comhaontaíonn na páirtithe sa Chomhaontú seo go bhfuil sé de cheart ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Chomhlachta Rialaithe agus an Chórais Iltaobhaigh, mar thairbhí tríú páirtí, nósanna imeachta um réiteach díospóidí a thionscnamh maidir le cearta agus oibleagáidí an tSoláthraí agus an Fhaighteora faoin gComhaontú seo.
8.3 Tá sé de cheart ag an tairbhí tríú páirtí a iarraidh go gcuirfidh an Soláthraí agus an Faighteoir an fhaisnéis iomchuí, lena n‑áirítear samplaí de réir mar is gá, ar fáil maidir lena n‑oibleagáidí i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo. Aon fhaisnéis nó samplaí a iarrtar, déanfaidh an Soláthraí agus an Faighteoir iad a chur ar fáil, de réir mar a bheidh.
8.4 Déanfar aon díospóid a eascraíonn as an gComhaontú seo a réiteach ar an mbealach seo a leanas:
a) Réiteach díospóide cairdiúil: Déanfaidh na páirtithe iarracht, de mheon macánta, an díospóid a réiteach trí chaibidlíocht.
b) Idirghabháil: Mura réitítear an díospóid trí chaibidlíocht, féadfaidh na páirtithe idirghabháil a roghnú trí idirghabhálaí tríú páirtí neodrach, a chomhaontófar go frithpháirteach.
c) Eadráin: Mura réitítear an díospóid trí chaibidlíocht nó idirghabháil, féadfaidh aon pháirtí an díospóid a chur faoi bhráid eadrána faoi Rialacha Eadrána comhlachta idirnáisiúnta mar a chomhaontóidh na páirtithe sa díospóid. In éagmais comhaontú den sórt sin, déanfar an díospóid a shocrú faoi Rialacha Eadrána an Chomhlachais Idirnáisiúnta Tráchtála, ag eadránaí amháin nó níos mó a cheapfar de réir na Rialacha sin. Féadfaidh ceachtar páirtí sa díospóid, má roghnaíonn sé amhlaidh, a eadránaí a cheapadh as cibé liosta saineolaithe a bhunóidh an Comhlacht Rialaithe chun na críche sin; féadfaidh an dá pháirtí, nó na headránaithe a cheapfaidh siad, a chomhaontú eadránaí aonair, nó eadránaí ceannais, de réir mar a bheidh, a cheapadh as an liosta saineolaithe sin. Beidh toradh na headrána sin ceangailteach.
d) Féadfaidh páirtithe éagóraithe leas a bhaint as deiseanna a chuirfear ar fáil faoi fhorálacha Airteagal 12.5 den Chonradh.
8.5 I gcás sárú cruthaithe ar Airteagal 6.1 nó Airteagal 6.2, féadfaidh an Faighteoir a bheith faoi dhliteanas i leith damáistí. Maidir le hAirteagal 6.1, ba cheart damáistí a bheith i gcomhréir leis an ioncam a fhaigheann an Faighteoir mar thoradh ar an sárú cruthaithe. Maidir le hAirteagal 6.2, ba cheart damáistí a bheith i gcomhréir leis an ioncam a fhaigheann an Faighteoir mar thoradh ar an maoin intleachtúil nó ar chearta eile a chuireann teorainn leis an rochtain éascaithe ar an Ábhar, nó ar a chodanna géiniteacha nó ar a chomhpháirteanna géiniteacha, san fhoirm a fuarthas ón gCóras Iltaobhach, agus d’fhéadfadh sannadh na maoine intleachtúla nó cearta eile lena mbaineann a bheith mar thoradh orthu freisin, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha agus leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha.
AIRTEAGAL 9 - ACMHAINNÍ BREISE
Baránta
9.1 Ní thugann an Soláthraí aon bharánta sa Chomhaontú seo maidir le sábháilteacht nó teideal an Ábhair, ná maidir le cruinneas aon phas nó sonraí eile a sholáthraítear leis an Ábhar. Ní dhéanann sé aon bharánta ach oiread maidir le cáilíocht, inmharthanacht nó íonacht (géiniteach nó meicniúil) an Ábhair atá á chur ar fáil. Níl coinníoll fíteashláintíochta an Ábhair faoi bharánta ach amháin mar a thuairiscítear in aon deimhniú fíteashláintíochta atá i gceangal leis. Glacann an Faighteoir freagracht iomlán as cloí le rialacháin na tíre is faighteoir maidir le coraintín, speicis choimhthíocha ionracha agus bithshábháilteacht, agus a rialacha maidir le hábhar géiniteach a allmhairiú nó a scaoileadh.
Tarraingt siar as an gComhaontú seo
9.2 Féadfaidh an Faighteoir tarraingt siar ón gComhaontú seo i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 4.
Leasuithe ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar
9.3 Má leasaíonn an Comhlacht Rialaithe téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe Chaighdeánaigh maidir le hAistriú Ábhar, déanfaidh an Faighteoir, ón dáta a chinnfidh an Comhlacht Rialaithe, an Comhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar leasaithe a úsáid le haghaidh aistrithe an Ábhair chuig tríú páirtithe ina dhiaidh sin. Fanfaidh cearta agus oibleagáidí eile an Fhaighteora gan athrú, mura n‑aontaíonn an Faighteoir go sainráite i scríbhinn leis an gComhaontú Caighdeánach leasaithe maidir le hAistriú Ábhar.
Idirthréimhse
9.4 I gcás nach dtiocfaidh an Leasú ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, mar atá i Rún [XX]/2025, i bhfeidhm faoin 31 Iúil 2031 agus mura gcuirfidh an Comhlacht Rialaithe síneadh leis an tréimhse nó mura gcinnfidh sé a mhalairt, ag an Seisiún a bheidh aige in 2031:
Scoirfidh Airteagal 6.11 agus na hIarscríbhinní lena mbaineann d’fheidhm a bheith acu maidir le Faighteoirí nua agus ní cheadófar aon Suibscríbhinn nua faoin gComhaontú seo. Maidir le Faighteoir a tháinig chun bheith ina Shuibscríobhaí roimh an 31 Iúil 2031, féadfaidh sé, laistigh de [XX] lá:
1) Fógra a thabhairt do Chomhlacht Rialaithe an Chonartha, trína Rúnaí, go gcoinneoidh sé a Shuibscríbhinn; nó
2) Tarraingt siar óna Shuibscríbhinn le héifeacht láithreach. Má roghnaíonn an Suibscríobhaí an rogha sin, tiocfaidh deireadh leis na Téarmaí Suibscríbhinne láithreach, agus beidh feidhm ag téarmaí agus coinníollacha an tsásra íocaíochta faoi Airteagal 6.7, Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú seo ina n‑ionad. Tar éis tarraingt siar den sórt sin, déanfar aon suim arna íoc ag an Suibscríobhaí faoin Suibscríbhinn a chur chun sochair, arna iarraidh sin don Suibscríobhaí, i leith aon íocaíocht a d’fhéadfadh a bheith dlite faoin sásta íocaíochta faoi Airteagal 6.7, Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 10 – SÍNIÚ/GLACADH
Féadfaidh an Soláthraí agus an Faighteoir an modh glactha a roghnú, mura n‑éilíonn ceachtar de na páirtithe go síneofar an Comhaontú seo.
Rogha 1 - Síniú*
Deimhním, (Ainm Iomlán an Oifigigh Údaraithe), go bhfuil an t‑údarás agam an Comhaontú seo a fhorghníomhú thar ceann an Fhaighteora agus admhaím freagracht agus oibleagáid m’institiúide cloí le forálacha an Chomhaontaithe seo, le litir agus i bprionsabal araon, chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a chur chun cinn.
□ Tuigim agus aontaím go sainráite go mbeidh na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus Airteagal 8 den Chomhaontú seo ag an tairbhí tríú páirtí.
□ Dearbhaím leis seo nach dtéann Díolacháin an Fhaighteora thar USD [xx] i gcomhréir le hAirteagal 3.4 d’Iarscríbhinn 2. Geallann an Faighteoir íocaíochtaí bliantúla a dhéanamh agus tuarascálacha bliantúla a chur isteach tráth a rachaidh a Dhíolacháin thar USD [xx]. Tuigtear agus admhaítear go sainráite ceart an tairbhí tríú páirtí an fhaisnéis iomchuí a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 4.4 den Chomhaontú seo.
□ Deimhním go bhfuil mé i mo Shuibscríobhaí leis an gCóras Iltaobhach cheana féin.
Nó
□ Leis seo, roghnaím an rogha suibscríbhinne de bhun Airteagal 6.11 agus Iarscríbhinn 2 den Chomhaontú seo, agus deimhním go bhfuil an Fhoirm Iarratais atá le fáil in Iarscríbhinn 3 den Chomhaontú seo curtha agam chuig an gComhlacht Rialaithe, trína Rúnaí.
Nó
□ Roghnaím leis seo na roghanna rochtana aonair de bhun Airteagal 6.7, Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú seo.
Síniú
Dáta
Ainm an Fhaighteora
Rogha 2 — Comhaontuithe Caighdeánacha maidir le hAistriú Ábhar Crapchlúdaigh*
Soláthraítear an tÁbhar ar choinníoll go nglactar le téarmaí an Chomhaontaithe seo.
Nuair a sholáthróidh an Soláthraí an tÁbhar agus nuair a ghlacfaidh an Faighteoir leis an Ábhar agus úsáidfidh sé é, ciallóidh sé sin go nglacfar le téarmaí an Chomhaontaithe seo.
Tuigeann agus aontaíonn an Faighteoir go sainráite go mbeidh na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus Airteagal 8 den Chomhaontú seo ag an tairbhí tríú páirtí.
Mura rachaidh Díolacháin an Fhaighteora os cionn USD [xx], cuirfidh sé an ráiteas seo a leanas i scríbhinn, arna shíniú go cuí, chuig an gComhlacht Rialaithe, trína Rúnaí, nó ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 3.4 d’Iarscríbhinn 2: ‘Dearbhaím leis seo nach dtéann Díolacháin an Fhaighteora thar USD [xx] i gcomhréir le hIarscríbhinn 2, Airteagal 3.4. Geallann an Faighteoir íocaíochtaí bliantúla a dhéanamh agus tuarascálacha bliantúla a chur isteach tráth a rachaidh a Dhíolacháin thar USD [xx]. Tuigtear agus admhaítear go sainráite ceart an tairbhí tríú páirtí an fhaisnéis iomchuí a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 4.4 den Chomhaontú seo.’
Más Suibscríobhaí é an Faighteoir, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Chomhlachta Rialaithe, trína Rúnaí: ‘Deimhním leis seo gur Suibscríobhaí mé, ag a bhfuil an uimhir Suibscríbhinne .....................’
Nó
Má roghnaíonn an Faighteoir an rogha suibscríbhinne, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Chomhlachta Rialaithe, trína Rúnaí: ‘Leis seo, roghnaím an rogha suibscríbhinne de bhun Airteagal 6.11 agus Iarscríbhinn 2 den Chomhaontú seo, agus deimhním go bhfuil an Fhoirm Iarratais atá le fáil in Iarscríbhinn 3 den Chomhaontú seo curtha agam chuig an gComhlacht Rialaithe, trína Rúnaí.’
Nó
Má roghnaíonn an Faighteoir an rogha rochtana aonair, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Chomhlachta Rialaithe, trína Rúnaí: ‘Roghnaím leis seo na roghanna rochtana aonair de bhun Airteagal 6.7, Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú seo.’
Rogha 3 — Comhaontuithe Caighdeánacha Clichlúdaigh maidir le hAistriú Ábhar *
□ Aontaím leis na coinníollacha thuas.
□ Tuigim agus aontaím go sainráite go mbeidh na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus Airteagal 8 den Chomhaontú seo ag an tairbhí tríú páirtí.
□ Dearbhaím leis seo nach dtéann Díolacháin an Fhaighteora thar USD [xx] i gcomhréir le hAirteagal 3.4 d’Iarscríbhinn 2. Geallann an Faighteoir íocaíochtaí bliantúla a dhéanamh agus tuarascálacha bliantúla a chur isteach tráth a rachaidh a Dhíolacháin thar USD [xx]. Tuigtear agus admhaítear go sainráite ceart an tairbhí tríú páirtí an fhaisnéis iomchuí a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 4.4 den Chomhaontú seo.
□ Deimhním leis seo gur Suibscríobhaí mé, ag a bhfuil an uimhir Suibscríbhinne ............
Nó
□ Leis seo, roghnaím an rogha suibscríbhinne de bhun Airteagal 6.11 agus Iarscríbhinn 2 den Chomhaontú seo, agus deimhním go bhfuil an Fhoirm Iarratais atá le fáil in Iarscríbhinn 3 den Chomhaontú seo curtha agam chuig an gComhlacht Rialaithe, trína Rúnaí.
Nó
□ Roghnaím leis seo na roghanna rochtana aonair de bhun Airteagal 6.7, Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú seo.
2.Iarscríbhinn 1
LIOSTA NA nÁBHAR A SHOLÁTHRATEAR
Liostaítear san Iarscríbhinn seo an tÁbhar a sholáthraítear faoin gComhaontú seo, lena n‑áirítear an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 5b. Áirítear an fhaisnéis seo a leanas, nó léirítear an fhoinse ónar féidir í a fháil, maidir le gach Ábhar a liostaítear: na sonraí pas uile atá ar fáil agus, faoi réir an dlí is infheidhme, aon fhaisnéis thuairisciúil eile lena mbaineann, atá ar fáil, í neamhrúnda.
Tábla A
Ábhair:
Barr: Uimhir shealbhaithe nó aitheantóir eile
Faisnéis ghaolmhar, má tá sí ar fáil, nó foinse ónar féidir í a fháil (URL)
Tábla B
Ábhair ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á bhForbairt iad:
Barr:
Uimhir shealbhaithe nó aitheantóir eile
Faisnéis ghaolmhar, má tá sí ar fáil, nó foinse ónar féidir í a fháil (URL)
I gcomhréir le hAirteagal 6.5b, soláthraítear an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na hábhair a fuarthas faoi Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar nó a tugadh isteach sa Chóras Iltaobhach trí chomhaontú de bhun Airteagal 15 den Chonradh, óna ndíorthaítear na hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht atá á bhForbairt a liostaítear i dTábla B:
Barr:
Uimhir shealbhaithe nó aitheantóir eile
Faisnéis ghaolmhar, má tá sí ar fáil, nó foinse ónar féidir í a fháil (URL)
3.Iarscríbhinn 2
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA NA ROGHA SUIBSCRÍBHINNE (AIRTEAGAL 6.11)
AIRTEAGAL 1 - SUIBSCRÍOBH
1.1 Comhaontaíonn an Faighteoir, a dhéanann suibscríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 6.11 den Chomhaontú seo (dá ngairtear an ‘Suibscríobhaí’ anseo feasta), a bheith faoi cheangal ag na téarmaí agus coinníollacha breise seo a leanas (na ‘Téarmaí Suibscríbhinne’).
1.2 Beidh éifeacht ag an Suibscríbhinn nuair a gheobhaidh an Suibscríobhaí uimhir Suibscríbhinne ó Rúnaí an Chomhlachta Rialaithe, tar éis an Fhoirm Chlárúcháin atá le fáil Iarscríbhinn 3 a chur isteach, í sínithe go cuí. Ní cheanglófar ar an Suibscríobhaí Iarscríbhinn 3 a ghabhann le haon Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar ina dhiaidh sin a shíniú, le linn na tréimhse Suibscríbhinne.
1.3 Scaoilfear an Suibscríobhaí ó aon oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh faoi aon Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar a síníodh roimh [dáta], agus i ndáil le hábhair a bhfuarthas rochtain orthu faoi na Comhaontuithe Caighdeánacha sin maidir le hAistriú Ábhar, ní bheidh feidhm ach ag na hoibleagáidí íocaíochta sna Téarmaí Suibscríbhinne seo.
1.3 BIS A mhéid atá aon Chomhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar sínithe ag an Suibscríobhaí de bhun Airteagal 6.7 nó Airteagal 6.8 den Chomhaontú seo tar éis an [dáta], fanfaidh oibleagáidí íocaíochta an tSuibscríobhaí faoi na Comhaontuithe Caighdeánacha sin maidir le hAistriú Ábhar i bhfeidhm, agus féadfaidh an Suibscríobhaí díolacháin táirgí gaolmhara ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht iad a bhaint de bhonn a íocaíochta suibscríbhinne.
1.4. Féadfaidh an Comhlacht Rialaithe na Téarmaí Suibscríbhinne a leasú ag am ar bith. Ní bheidh feidhm ag na Téarmaí Suibscríbhinne leasaithe sin maidir le haon Suibscríbhinn atá ann cheana, mura dtugann an Suibscríobhaí fógra don Chomhlacht Rialaithe faoina chomhaontú a bheith faoi réir na dtéarmaí leasaithe. Má chomhaontaíonn an Suibscríobhaí leis na Téarmaí Suibscríbhinne leasaithe, ní dhéanfaidh comhaontú den sórt sin difear don dáta a ghabh éifeacht leis an Suibscríbhinn.
AIRTEAGAL 2 - CLÁR
Aontaíonn an Suibscríobhaí go gcuirfear a ainm iomlán, a shonraí teagmhála agus an dáta a tháinig an tSuibscríbhinn i bhfeidhm, ar chlár poiblí (an ‘Clár’), agus geallann sé aon athruithe ar an bhfaisnéis sin a chur in iúl láithreach do Chomhlacht Rialaithe an Chonartha, trína Rúnaí.
AIRTEAGAL 3 - COMHROINNT SOCHAR AIRGEADAÍOCHTA
3.1 Chun na sochair airgeadaíochta ó úsáid Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a chomhroinnt faoin gConradh, déanfaidh an Suibscríobhaí íocaíochtaí bliantúla ar bhonn díolacháin táirgí ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht iad.
3.2 Is é [yy] % an ráta íocaíochta is infheidhme maidir le Díolacháin táirgí ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht iad.
3.3 Arna iarraidh sin don Suibscríobhaí, nach ndéanann táirgí a thráchtálú ach amháin i gcás táirgí ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht iad atá ar fáil gan srian, tríd an bhFoirm Chlárúcháin atá in Iarscríbhinn 3, is é [xx] % an ráta íocaíochta a bheidh ann.
3.4 D’ainneoin an mhéid thuas, ní éileofar aon íocaíocht do Shuibscríobhaí i mbliain airgeadais nach mó a Dhíolacháin ná USD [xx].
3.5 Déanfar íocaíocht laistigh de seasca (60) lá tar éis dhúnadh na gcuntas gach bliain airgeadais, don bhliain roimhe sin. An tráth a tháinig an Suibscríbhinn i bhfeidhm le linn na bliana, déanfaidh an Suibscríobhaí íocaíocht chomhréireach don chéad bhliain dá Shuibscríbhinn.
3.6 Cuirfidh an Suibscríobhaí ráiteas cuntais faoi bhráid Rúnaí an Chomhlachta Rialaithe, laistigh de seasca (60) lá tar éis dhúnadh na gcuntas gach bliain airgeadais, lena n‑áirítear an méid seo a leanas go háirithe:
a) faisnéis faoi na Díolacháin a ndearnadh íocaíocht ina leith;
b) i gcás Airteagal 3.3 d’Iarscríbhinn 2, faisnéis faoi phunann táirgí an tSuibscríobhaí;
c) foinse infhíoraithe na faisnéise a soláthraíodh;
nó dearbhú sínithe ina léirítear go bhfuil sé díolmhaithe ó íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 3.4 thuas.
Pléifear le faisnéis den sórt sin mar fhaisnéis rúnda gnó, mar a shonróidh an Suibscríobhaí laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa Chomhaontú seo, agus cuirfear ar fáil í do thairbhí tríú páirtí, i gcomhthéacs réiteach díospóidí, mar a fhoráiltear in Airteagal 8 den Chomhaontú seo, agus don Chomhlacht Rialaithe chun críoch tuairiscithe comhiomlánaithe ar ioncam chuig an gciste arna bhunú ag an gComhlacht Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 19.3f den Chonradh.
3.7 Na híocaíochtaí uile atá dlite don Chomhlacht Rialaithe, beidh siad iníoctha i ndollair na Stát Aontaithe (USD) ar an ráta malairte a bhí ann ar dháta dúnta na gcuntas don chuntas seo a leanas arna bhunú ag an gComhlacht Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 19.3f den Chonradh:
FAO Trust Fund (USD)
GINC/INT/031/MUL,
IT‑PGRFA (Comhroinnt sochair),
Citibank
399 Park Avenue, Nua-Eabhrac, NY, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 10022,
SWIFT/BIC: CITIUS33, Cód ABA/Cód an Bhainc: 021000089, Uimh. Cuntais 36352577
AIRTEAGAL 4 - TARRAINGT SIAR ÓN SUIBSCRÍBHINN
4.1 Beidh an tSuibscríbhinn i bhfeidhm go dtí go dtarraingeoidh an Suibscríobhaí siar uaidh, faoi réir thorthaí aon réitigh díospóide faoi Airteagal 8 den Chomhaontú seo.
4.2 Féadfaidh an Suibscríobhaí tarraingt siar óna Shuibscríbhinn ach fógra 6 mhí a thabhairt i scríbhinn chuig an gComhlacht Rialaithe trína Rúnaí, tráth nach lú ná 10 mbliana ón dáta a tháinig an tSuibscríbhinn i bhfeidhm.
4.3 Ar aistarraingt óna Shuibscríbhinn, ní úsáidfidh an Suibscríobhaí an tÁbhar a thuilleadh. Féadfaidh an Suibscríobhaí an tÁbhar a chaomhnú agus é a chur ar fáil don Chóras Iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 6.3. Féadfaidh an Suibscríobhaí tairiscint a dhéanamh freisin aon Ábhar eile atá ina sheilbh a thabhairt ar ais don Soláthraí. Mura bhfuil sin indéanta nó má dhiúltaíonn an Soláthraí an tairiscint, déanfaidh an Suibscríobhaí tairiscint an tÁbhar a aistriú chuig institiúid idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú sínithe aici leis an gComhlacht Rialaithe faoi Airteagal 15 den Chonradh nó chuig aon bhanc géinte eile a oibríonn faoi théarmaí agus coinníollacha an Chórais Iltaobhaigh. Má dhiúltaítear an tairiscint nó mura féidir aistriú den sórt sin a dhéanamh, mar rogha dheireanach, féadfar an tÁbhar a scriosadh, agus ní mór fianaise maidir lena scriosadh a sholáthar don tairbhí tríú páirtí.
4.4 Na forálacha airgeadaíochta maidir le comhroinnt tairbhí in Airteagal 3 de na Téarmaí Suibscríbhinne seo, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go ceann dhá bhliain ó dheireadh na Suibscríbhinne. D’ainneoin a bhfuil thuas, ní leanfaidh ach Airteagail 4, 6.1, 6.2, 6.3, 6.4, 6.9, 6.10 agus 8 den Chomhaontú seo d’fheidhm a bheith acu tar éis dheireadh na Suibscríbhinne.
4.Iarscríbhinn 3
FOIRM CHLÁRÚCHÁIN
Comhaontaíonn an Faighteoir leis seo a bheith faoi cheangal ag na Téarmaí Suibscríbhinne. Tuigtear agus aontaítear go sainráite go gcuirfear ainm iomlán, sonraí teagmhála an Fhaighteora agus an dáta a tháinig an tSuibscríbhinn i bhfeidhm, ar chlár poiblí (an ‘Clár’) agus gealltar go gcuirfidh an Soláthraí nó a oifigeach údaraithe aon athruithe ar an bhfaisnéis sin in iúl láithreach do Chomhlacht Rialaithe an Chonartha, trína Rúnaí.
□ (Más rud é gur roghnaíodh na rátaí íocaíochta airgeadaíochta um chomhroinnt sochar faoi Iarscríbhinn 2, Airteagal 3.3, agus sa chás sin amháin): Roghnaím leis seo na rátaí íocaíochta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 2, Airteagal 3.3. Tuigim agus aontaím go sainráite nach mór an fhaisnéis bhreise a shonraítear in Iarscríbhinn 2, Airteagal 3.6 a chur san áireamh i mo ráiteas bliantúil cuntais.
Síniú
Dáta
Ainm iomlán an Fhaighteora:
Seoladh:
Teileafón:
Seoladh Ríomhphoist:
Oifigeach údaraithe an Fhaighteora:
Seoladh:
Teileafón:
Seoladh Ríomhphoist:
NB: Ní mór don Fhaighteoir an Comhaontú seo a shíniú nó glacadh leis freisin, mar a fhoráiltear in Airteagal 10, nach bhfuil Clárú bailí gan é. Cuirfidh an Faighteoir in iúl gur glacadh leis trí Fhoirm Chlárúcháin shínithe a chur ar ais chuig an gComhlacht Rialaithe, trína Rúnaí, ag an seoladh thíos. Ní mór cóip den Chomhaontú seo a bheith ag gabháil le Foirm Chlárúcháin sínithe.
An Rúnaí,
An Conradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht
Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe
I-00153 An Róimh, an Iodáil
Ríomhphost: ITPGRFA-Secretary@FAO.org.
5.Iarscríbhinn 4
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA NA ROGHA SUIBSCRÍBHINNE (AIRTEAGAIL 6.7 AGUS 6.8)
1. Tráth a dhéanfar an Táirge a thráchtálú, íocfaidh an Faighteoir [bb %] de Dhíolacháin bliantúla an Táirge in aghaidh na bliana, i gcás nach mbeidh an táirge ar fáil gan srian do dhaoine eile le haghaidh taighde agus pórúcháin, don tréimhse a bhfuil an srian bailí ina leith. Nuair a bheidh deireadh tagtha leis an srian, leanfaidh an Faighteoir nó aon cheann dá chleamhnaithe a dhéanann an Táirge a thráchtálú d’íocaíochtaí a dhéanamh de réir an ráta dá dtagraítear i Mír 2 thíos.
2. Tráth a dhéanfar an Táirge a thráchtálú, íocfaidh an Faighteoir [aa] % de Dhíolacháin bliantúla an Táirge ar feadh tréimhse 25 bhliain, i gcás ina mbeidh an táirge ar fáil gan srian do dhaoine eile le haghaidh taighde agus pórúcháin, don tréimhse a bhfuil an srian bailí ina leith.
3. I gcás Táirge áirithe, ceanglófar ar an bhFaighteoir íocaíochtaí a dhéanamh ar feadh tréimhse nach faide ná 25 bliana san iomlán.
4. Tabharfaidh an Faighteoir fógra don Chomhlacht Rialaithe trína Rúnaí go ndearna sé an Táirge a thráchtálú , laistigh de 6 mhí ón dáta ar cuireadh tús leis an tráchtálú.
4bis. Féadfaidh an Faighteoir íocaíocht aonuaire a dhéanamh a bheidh coibhéiseach le [zz %] den chaiteachas iomlán ar thaighde agus forbairt a bhaineann le forbairt an Táirge ar chur i gcrích na céime taighde tosaigh. Déanfar an íocaíocht sin a asbhaint ó aon íocaíocht a bheidh dlite faoi Airteagail 1 nó 2 thuas. Ciallaíonn cur i gcrích an taighde tosaigh go bhfuil anailísí saotharlainne, staidéir allamuigh, nó aon ghníomhaíocht taighde eile is gá chun fóntas an Ábhair nó a chomhpháirteanna a fhaightear ón gCóras Iltaobhach a chinneadh déanta agus tugtha chun críche.
5. Ní bheidh aon íocaíocht dlite ón bhFaighteoir sna cásanna seo a leanas:
(a) i gcás inar ceannaíodh an Táirge nó a fuarthas ar shlí eile é ó dhuine nó ó eintiteas eile a rinne íocaíocht ar an Táirge cheana féin;
(b) i gcás ina dhíoltar nó a thrádáiltear an Táirge mar earra; nó
(c) i gcás ina bhfuil rannchuidiú géiniteach níos lú ná 6,25 % de réir ghinealach an Ábhair, agus nach bhfuil tréith a bhfuil luach tráchtála aici aige, ar tréith í a tháinig as an Ábhar.
6. I gcás ina bhfuil Acmhainn Ghéiniteach Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht i dTáirge a bhfuarthas rochtain uirthi ón gCóras Iltaobhach faoi dhá chomhaontú maidir le haistriú ábhar nó níos mó bunaithe ar an gComhaontú Caighdeánach maidir le hAistriú Ábhar, ní cheanglófar ach íocaíocht amháin faoi mhíreanna 1 agus 2 thuas.
7. Cuirfidh an Faighteoir tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Chomhlachta Rialaithe, laistigh de seasca (60) lá tar éis dhúnadh na gcuntas gach bliain airgeadais, ina leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) Díolacháin an Táirge nó na dTáirgí a dhéanann an Faighteoir, agus aon cheann dá chleamhnaithe, ar feadh na tréimhse dhá mhí dhéag (12) roimh dhúnadh bliantúil na gcuntas;
(b) méid na híocaíochta atá dlite;
(c) faisnéis lenar féidir an ráta íocaíochta nó na rátaí íocaíochta is infheidhme a shainaithint; agus
(d) foinse infhíoraithe na faisnéise a soláthraíodh.
Pléifear le faisnéis den sórt sin mar fhaisnéis rúnda gnó, mar a shonróidh an Faighteoir laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa Chomhaontú seo, agus cuirfear ar fáil í do thairbhí tríú páirtí, i gcomhthéacs réiteach díospóidí, mar a fhoráiltear in Airteagal 8 den Chomhaontú seo, agus don Chomhlacht Rialaithe chun críoch tuairiscithe comhiomlánaithe ar ioncam chuig an gciste arna bhunú ag an gComhlacht Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 19.3f den Chonradh.
8. Beidh an íocaíocht dlite agus iníoctha nuair a chuirfear isteach gach tuarascáil bhliantúil. Na híocaíochtaí uile atá dlite don Chomhlacht Rialaithe, beidh siad iníoctha i ndollair na Stát Aontaithe (USD) ar an ráta malairte a bhí ann ar dháta dúnta na gcuntas don chuntas seo a leanas arna bhunú ag an gComhlacht Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 19.3f den Chonradh:
FAO Trust Fund (USD)
GINC/INT/031/MUL,
IT‑PGRFA (Comhroinnt sochair),
Citibank
399 Park Avenue, Nua-Eabhrac, NY, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 10022,
SWIFT/BIC: CITIUS33, Cód ABA/Cód an Bhainc: 021000089, Uimh. Cuntais 36352577
9. Féadfaidh Faighteoir tarraingt siar as an gComhaontú seo ach fógra 6 mhí a thabhairt i scríbhinn don Chomhlacht Rialaithe, trína Rúnaí, tráth nach déanaí ná 10 mbliana ón dáta a shínigh an Soláthraí nó an Faighteoir an Comhaontú seo, cibé acu is déanaí, nó ón dáta a ghlac an Faighteoir leis an gComhaontú seo.
10. I gcás ina ndéanfaidh an Faighteoir Táirge a thráchtálú, a bhfuil íocaíocht dlite ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6.7, Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú seo, leanfaidh le híocaíocht den sórt sin tar éis na tarraingthe siar fad is a bheidh an Táirge sin á thráchtálú agus i gcomhréir le téarmaí Airteagal 6.7, Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú seo.
11. Ar tarraingt siar óna Shuibscríbhinn, ní úsáidfidh an Suibscríobhaí an tÁbhar a thuilleadh. Féadfaidh an Faighteoir an tÁbhar a chaomhnú agus é a chur ar fáil don Chóras Iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 6.3. Féadfaidh an Faighteoir tairiscint a dhéanamh freisin aon Ábhar eile atá ina sheilbh a thabhairt ar ais don Soláthraí. Mura bhfuil sin indéanta nó má dhiúltaíonn an Soláthraí an tairiscint, déanfaidh an Faighteoir tairiscint an tÁbhar a aistriú chuig institiúid idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú sínithe aici leis an gComhlacht Rialaithe faoi Airteagal 15 den Chonradh nó chuig aon bhanc géinte eile a oibríonn faoi théarmaí agus coinníollacha an Chórais Iltaobhaigh. Má dhiúltaítear an tairiscint nó mura féidir aistriú den sórt sin a dhéanamh, mar rogha dheireanach, féadfar an tÁbhar a scriosadh, agus ní mór fianaise maidir lena scriosadh a sholáthar don tairbhí tríú páirtí.
12. D’ainneoin a bhfuil thuas, ní leanfaidh ach Airteagail 4, 6.1, 6.2, 6.3, 6.4, 6.9, 6.10 agus 8 den Chomhaontú seo d’fheidhm a bheith acu nuair a bheidh feidhm leis an tarraingt siar.